Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D2551

    Cinneadh Uimh. 4. ón gCoiste um Thrádáil idir an Chóiré agus an tAontas Eorpach an 30 Samhain 2022 maidir leis an leasú ar Iarscríbhinní 10-A agus 10-B a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (2022/2551)

    PUB/2022/1639

    IO L 328, 22.12.2022, p. 157–168 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2551/oj

    22.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 328/157


    CINNEADH Uimh. 4. ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL IDIR AN CHÓIRÉ AGUS AN tAONTAS EORPACH

    an 30 Samhain 2022

    maidir leis an leasú ar Iarscríbhinní 10-A agus 10-B a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (2022/2551)

    TÁ AN COISTE UM THRÁDÁIL,

    Ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagail 10.24.1, 10.25.1, 10.25.3, 15.1.4(c) agus 15.5.2 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 15.1.4(c) den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”), féadfaidh an Coiste um Thrádáil leasuithe ar an gComhaontú a bhreithniú nó forálacha an Chomhaontaithe a leasú i gcásanna dá bhforáiltear go sonrach sa Chomhaontú.

    (2)

    Le hAirteagal 15.5.2 den Chomhaontú, foráiltear gur féidir leis na Páirtithe cinneadh ón gCoiste um Thrádáil a ghlacadh chun na hIarscríbhinní, na Foscríbhinní, na Prótacail agus na Nótaí a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, faoi réir a gcuid ceanglas agus nósanna imeachta dlí féin is infheidhme.

    (3)

    Le hAirteagal 10.24.1 den Chomhaontú, ceadaítear do na Páirtithe tásca geografacha atá le cosaint a chur le hIarscríbhinní 10-A agus 10-B i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 10.25.

    (4)

    De bhun Airteagal 10.25.1 den Chomhaontú, féadfaidh an Mheitheal um Thásca Geografacha (“an Mheitheal”) moltaí a dhéanamh agus cinntí a ghlacadh de chomhthoil.

    (5)

    De bhun Airteagal 10.25.3 den Chomhaontú, féadfaidh an Mheitheal cinneadh a dhéanamh Iarscríbhinní 10-A agus 10-B a mhodhnú chun tásca geografacha aonair de chuid an Aontais nó de chuid na Cóiré a chur leo nó chun tásca geografacha aonair a bhaint ar tásca iad nach bhfuil cosanta ag an bPáirtí tionscnaimh a thuilleadh nó nach gcomhlíonann na coinníollacha chun iad a mheas mar thásca geografacha sa Pháirtí eile. Féadfaidh sé a chinneadh freisin gur cheart tagairt do reachtaíocht sa Chomhaontú a mheas mar thagairt don reachtaíocht sin arna leasú agus arna hionadú agus atá i bhfeidhm ar dháta áirithe tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

    (6)

    De bhun Airteagal 5.2 de Chinneadh Uimh. 1/2019 ón Meitheal um Thásca Geografacha idir an tAontas agus an Chóiré an 17 Meán Fómhair 2019 a bhaineann le glacadh a rialacha nós imeachta (“rialacha nós imeachta”), féadfaidh an Mheitheal cinneadh a dhéanamh de chomhthoil go molfar tásca geografacha a chur isteach nó a bhaint le haghaidh cinntí críochnaitheacha sa Choiste um Thrádáil i gcomhréir le hAirteagal 10.21.4, Airteagal 10.24 agus Airteagal 10.25 den Chomhaontú.

    (7)

    De bhun Airteagal 5.3 de na rialacha nós imeachta ina ndéantar tagairt d’Airteagail 15.3.5 agus 15.5.2 den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste um Thrádáil dul i mbun an chúraim a leagtar ar an Meitheal um Thásca Geografacha agus cinneadh a dhéanamh Iarscríbhinní 10-A agus 10-B a mhodhnú agus féadfaidh na Páirtithe an cinneadh a ghlacadh faoi réir a gcuid ceanglas agus nósanna imeachta dlí féin is infheidhme.

    (8)

    Agus Airteagal 10.25.3(c) den Chomhaontú á chur i bhfeidhm, dhearbhaigh na Páirtithe na hábhair seo a leanas a bhaineann le tagairtí do reachtaíocht sa Chomhaontú:

    (a)

    An 17 Aibreán 2019, maidir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (2) dá dtagraítear i bhForoinn C “Tásca Geografacha” den Chomhaontú, aisghaireadh é le Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (3). Dá bhrí sin, ba cheart tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 sa Chomhaontú a mheas mar thagairt do Rialachán (AE) 2019/787.

    (b)

    An 21 Samhain 2012 aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le tásca geografacha agus ainmniúcháin tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair a chosaint (4) dá dtagraítear i bhForoinn C “Tásca Geografacha” le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (5). Dá bhrí sin, ba cheart tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 sa Chomhaontú a mheas mar thagairt do Rialachán (AE) 1151/2012.

    (c)

    An 26 Feabhra 2014 maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair fíonta cumhraithe, deochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus manglaim táirgí fíonta cumhraithe (6) dá dtagraítear i bhForoinn C “Tásca Geografacha”, aisghaireadh é le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíonta cumhraithe agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (7). Dá bhrí sin, ba cheart tagairt do Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 sa Chomhaontú a mheas mar thagairt do Rialachán (AE) Uimh. 251/2014.

    (d)

    An 29 Aibreán 2008 aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le comheagrú mhargadh an fhíona (8) dá dtagraítear i bhForoinn C “Tásca Geografacha” le Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle an 29 Aibreán 2008 maidir le comheagrú mhargadh an fhíona, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1493/1999, (CE) Uimh. 1782/2003, (CE) Uimh. 1290/2005, (CE) Uimh. 3/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2392/86 agus (CE) Uimh. 1493/1999. Rinneadh an Rialachán deiridh a aisghairm le Rialachán (CE) Uimh. 491/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i leith táirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán maidir le CEM Aonair) (9) agus rinneadh a fhorálacha a chomhtháthú i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i leith táirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán maidir le CEM Aonair) (10). Dá bhrí sin, ba cheart tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 sa Chomhaontú a mheas mar thagairt do Rialachán (CE) Uimh. 491/2009.

    (e)

    An 17 Nollaig 2013 aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle dá dtagraítear i bhForoinn C “Tásca Geografacha” le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (11). Dá bhrí sin, ba cheart tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 sa Chomhaontú a mheas mar thagairt do Rialachán (AE) 1308/2013.

    (f)

    Leasaíodh Acht um Rialú Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta na Cóiré (Acht Uimh. 9759, 9 Meitheamh, 2009) dá dtagraítear i bhForoinn C “Tásca Geografacha”. An 21 Nollaig 2021 cuireadh an tAcht um Rialú Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Acht Uimh. 18599, 21 Nollaig, 2021) i bhfeidhm (12). Dá bhrí sin, ba cheart tagairt don Acht um Rialú Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta (Acht Uimh. 9759, 9 Meitheamh, 2009) sa Chomhaontú a mheas mar thagairt don Acht um Rialú Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Acht Uimh. 18599, 21 Nollaig, 2021).

    (g)

    Leasaíodh Acht um Cháin ar Dheochanna Meisciúla na Cóiré (Acht Uimh. 8852, 29 Feabhra, 2008) dá dtagraítear i bhForoinn C “Tásca Geografacha”. An 1 Eanáir 2021 ionchorpraíodh forálacha sonracha maidir leis na nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le táirgeadh agus díolacháin deochanna meisciúla etc.,a shonraítear sa um Cháin ar Dheochanna Meisciúla, san Acht um Cheadúnas Deochanna Meisciúla (aistriúchán neamhoifigiúil/Acht Uimh. 17761, 29 Nollaig, 2020) agus cuireadh i bhfeidhm iad (13). Ó mhí Eanáir 2022, cuireadh an tAcht um Cháin ar Dheochanna Meisciúla (Acht Uimh. 18593, 21 Nollaig, 2021) (14) agus an tAcht um Cheadúnas Deochanna Meisciúla (Acht Uimh. 18723, 6 Eanáir, 2022) (15) araon i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart tagairt don Acht um Cháin ar Dheochanna Meisciúla (Acht Uimh. 8852, 29 Feabhra, 2008) sa Chomhaontú a mheas mar thagairt don Acht um Cháin ar Dheochanna Meisciúla (Acht Uimh. 18593, 21 Nollaig, 2021) agus don Acht um Cheadúnas Deochanna Meisciúla (Acht Uimh. 18723, 6 Eanáir, 2022).

    (9)

    Chomhaontaigh na Páirtithe 44 thásc gheografacha an Aontais agus 41 thásc gheografacha na Cóiré a chur isteach in Iarscríbhinní 10-A agus 10-B tríd an bpróiseas seo a leanas:

    (a)

    Le linn an seachtú cruinniú de chuid na Meithle, a reáchtáladh i Súl an 6 Samhain 2019, phléigh na Páirtithe na módúlachtaí chun Iarscríbhinní 10-A agus 10-B a ghabhann leis an gComhaontú a leasú de bhun Airteagail 10.24 agus 10.25.3 agus chomhaontaigh siad leanúint den phlé sna míonna ina dhiaidh sin, plé a raibh sé d’aidhm aige teacht ar chomhaontú maidir le tásca geografacha nua a chur isteach ag an gcéad Mheitheal eile.

    (b)

    Tar éis iarraidh a fháil ó na Páirtithe agus de bhun Airteagail 10.18.3 agus 10.18.4, agus de bhun Airteagail 10.24 agus 10.25 den Chomhaontú, tá an nós imeachta freasúra agus an scrúdú ar 41 thásc gheografacha na Cóiré curtha i gcrích ag an Aontas. Tá an nós imeachta freasúra agus an scrúdú ar 44 thásc gheografacha an Aontais curtha i gcrích ag an gCóiré.

    (10)

    Chomhaontaigh na Páirtithe trí thásc gheografacha an Aontais agus ceithre thásc gheografacha na Cóiré a bhaint ó Iarscríbhinní 10-A agus 10-B tríd an bpróiseas seo a leanas:

    (a)

    An 25 Deireadh Fómhair 2016 thug an tAontas fógra don Chóiré maidir le scor na cosanta i leith thásc geografach na Spáinne agus d’iarr sé an t-ainm “Pacharán” a bhaint ó Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú, i gcomhréir le hAirteagal 10.25.3(b), toisc gur scoir sé de bheith faoi chosaint san Aontas.

    (b)

    Tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar thásca geografacha atá faoi chosaint an Aontais sa Chomhaontú agus i bhfianaise Rialachán (AE) 2019/674 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha (16), d’iarr an tAontas i mí na Samhna 2020 an t-ainm “Polish Cherry” a bhaint d’Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú, i gcomhréir le hAirteagal 10.25.3(b), toisc gur scoir sé de bheith faoi chosaint san Aontas.

    (c)

    An 15 Márta 2021, thug an Chóiré fógra agus d’iarr sí na tásca geografacha “Muan White Lotus Tea (무안백련차)” agus “Cheongyang Powdered Hot Pepper (청양고춧가루)” a bhaint de liosta thásca geografacha na Cóiré i gCuid B d’Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú, i gcomhréir le hAirteagal 10.25.3(b), toisc gur scoir siad de bheith faoi chosaint sa Chóiré.

    (d)

    Tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, dheimhnigh na Páirtithe, le linn an chruinnithe theicniúil fhíorúil a reáchtáladh an 16 Márta 2021, gur cheart an tásc geografach “Scotch Whisky” a bhaint de na hainmneacha a liostaítear in Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú.

    (e)

    Le linn an naoú cruinniú de chuid na Meithle a reáchtáladh an 8 Nollaig 2021, thug an Chóiré fógra agus d’iarr sí na tásca geografacha “Seosan Garlic (서산마늘)” agus “Yeoju Sweet Potato (여주고구마)” a bhaint de liosta thásca geografacha na Cóiré i gCuid B d’Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú, i gcomhréir le hAirteagal 10.25.3(b), toisc gur scoir siad de bheith faoi chosaint sa Chóiré.

    (11)

    Chomhaontaigh na Páirtithe na tásca geografacha comhfhreagracha atá cothrom le dáta a chur in ionad ceithre thásc gheografacha de chuid an Aontais in Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú, tásca ar athraíodh a n-ainmneacha, tríd an bpróiseas seo a leanas:

    (a)

    An 13 Iúil 2017 chuir an tAontas in iúl don Chóiré gur tháinig athrú ar ainmneacha ceithre thásc gheografacha a chosnaítear sa Chomhaontú (17). Mhol an tAontas na hainmneacha comhfhreagracha agus na tras-scríbhinní comhfhreagracha i liosta thásca geografacha an Aontais a chosnaítear sa Chóiré faoi láthair a thabhairt cothrom le dáta.

    (b)

    San fhógra céanna, d’iarr an tAontas an tásc geografach “Originali lietuviška degtinė/vodka lituanienne originale”, atá beartaithe le cur le hIarscríbhinn 10-B, a athrú go “Originali lietuviška degtinė/Original Lithuanian vodka” (tras-scríbhinn 오리지널 리투아니아 보드카).

    (12)

    De bhun Airteagal 12.2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1 den Choiste um Thrádáil idir an tAontas agus an Chóiré an 23 Nollaig 2011 (18), is féidir leis an gCoiste um Thrádáil cinntí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn, má thagann an dá Pháirtí ar chomhaontú, sa tréimhse idir cruinnithe an Choiste um Thrádáil. Malartú nótaí idir Cathaoirligh an Choiste um Thrádáil a bheadh sa nós imeachta i scríbhinn.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Tagairtí do reachtaíocht an Aontais agus na Cóiré i gCaibidil 10, Roinn B, Foroinn C “Tásca Geografacha” fonótaí (51), (53) — (55) i leagan den Chomhaontú a foilsíodh san Aontas nó na fonótaí céanna a bhfuil uimhreacha (2), (4)-(6) orthu i leagan den Chomhaontú a foilsíodh sa Chóiré (19), déanfar iad a mheas mar thagairtí don reachtaíocht sin arna leasú nó arna hionadú i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Leasaítear Iarscríbhinní 10-A agus 10-B a ghabhann leis an gComhaontú mar a leanas:

    (1)

    na tásca geografacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur faoin liosta comhfhreagrach de thásca geografacha an Bhallstáit lena mbaineann i gCuid A d’Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú;

    (2)

    na tásca geografacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur faoin liosta comhfhreagrach de thásca geografacha na Cóiré i gCuid B d’Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú;

    (3)

    na tásca geografacha a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur faoin liosta comhfhreagrach de thásca geografacha an Bhallstáit lena mbaineann i Roinn 1 agus Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú;

    (4)

    na tásca geografacha a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur faoin liosta comhfhreagrach de thásca geografacha na Cóiré i gCuid B d’Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú;

    (5)

    na tásca geografacha “Pacharán” (An Spáinn), “Polska Wiśniówka/Polish Cherry” (An Pholainn) agus “Scotch Whisky” (An Ríocht Aontaithe) a bhaint de liosta na dtásc geografach i Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú;

    (6)

    na tásca geografacha “Seosan Garlic (서산마늘)”, “Muan White Lotus Tea (무안백련차)”, “Cheongyang Powdered Hot Pepper (청양고춧가루)” agus “Yeoju Sweet Potato (여주고구마)” a bhaint de liosta thásca geografacha na Cóiré i gCuid B d’Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú; agus

    (7)

    na tásca geografacha comhfhreagracha a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur in ionad na dtásc geografach ar athraíodh a n-ainmneacha i liosta thásca geografacha an Bhallstáit lena mbaineann i gCuid A d’Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis an dáta a mhalartóidh na Páirtithe fógraí i scríbhinn trí bhealaí taidhleoireachta lena ndeimhnítear go bhfuil a gcuid ceanglas agus nósanna imeachta dlí is infheidhme is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm curtha i gcrích acu.


    (1)  IO L 127, 14.5.2011, lch. 1.

    (2)  IO L 39, 13.2.2008, lch. 16.

    (3)  IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.

    (4)  IO L 93, 31.3.2006, lch. 12.

    (5)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

    (6)  IO L 149, 14.6.1991, lch. 1.

    (7)  IO L 84, 20.3.2014, lch. 14.

    (8)  IO L 179, 14.7.1999, lch. 1.

    (9)  IO L 154, 17.6.2009, lch. 1.

    (10)  IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

    (11)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (12)  대한민국정부 관보 제20151호(iris oifigiúil 20151), 2021.12.21, lch. 47.

    (13)  대한민국정부 관보 제19907호(iris oifigiúil 19907), 2020.12.29, lch. 110.

    (14)  대한민국정부 관보 제20151호(iris oifigiúil 20151), 2021.12.21, lch. 39.

    (15)  대한민국정부 관보 제20163호 별권1(iris oifigiúil 20163, imleabhar 1 ar leith), 2022.1.6, lch. 4

    (16)  IO L 114, 30.4.2019, lch. 7.

    (17)  Athraíodh “Huile essentielle de lavande de Haute-Provence” go “Huile essentielle de lavande de Haute-Provence/Essence de lavande de Haute-Provence”. (tras-scríbhinn: 윌 에썽씨엘 드 라벙드 드 오뜨 프로방스 / 에썽스 드 라벙드 드 오뜨 프로방스 (오뜨 프로방스 라벙드 에센스 오일) – athraíodh “Prosciutto di S. Daniele” go “Prosciutto di San Daniele” (fanann an tras-scríbhinn mar an gcéanna) — athraíodh “Jamon de Teruel” go “Jamón de Teruel/Paleta de Teruel” (tras-scríbhinn: 하몬 데 떼루엘 / 빨레따 데 떼루엘) — athraíodh “Jamón de Huelva” go “Jabugo” (tras-scríbhinn: 하부고).

    (18)  Cinneadh Uimh. 1 ón gCoiste um Thrádáil idir an tAontas agus an Chóiré an 23 Nollaig 2011 maidir le rialacha nós imeachta an Choiste um Thrádáil a ghlacadh (IO L 58, 1.3.2013, lch. 9).

    (19)  대한민국 관보 제17538호 (그2) (iris oifigiúil 17538, imleabhar 2 ar leith), 2011.6.28, lch. 800.


    IARSCRÍBHINN I

    Tagairtí do reachtaíocht an Aontais agus na Cóiré i gCaibidil 10, Roinn B, Foroinn C “Tásca Geografacha” fonótaí (51), (53) – (55) i leagan den Chomhaontú a foilsíodh san Aontas nó na fonótaí céanna a bhfuil uimhreacha (2), (4)-(6) orthu i leagan den Chomhaontú a foilsíodh sa Chóiré, déanfar iad a mheas mar thagairtí don reachtaíocht sin arna leasú nó arna hionadú sna bealaí seo a leanas:

    (1)

    I gcás tagairtí do reachtaíocht an Aontais:

    (a)

    Maidir le tagairtí do “Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ón gComhairle”, déanfar iad a chur in ionad tagairtí do “Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89”;

    (b)

    Cuirfear tagairtí do “Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí” in ionad tagairtí do “Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le tásca geografacha agus ainmniúcháin tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair”;

    (c)

    Cuirfear tagairtí do “Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíonta cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle” in ionad tagairtí do “Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair ar fhíonta cumhraithe, ar dheochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus ar mhanglaim táirgí fíonta cumhraithe”;

    (d)

    Cuirfear tagairtí do “Rialachán (CE) Uimh. 491/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i leith táirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán maidir le CEM Aonair)” in ionad tagairtí do “Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le comheagrú mhargadh an fhíona” a aisghaireadh le Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle an 29 Aibreán 2008 maidir le comheagrú mhargadh an fhíona, lena leasaítear “Rialacháin (CE) Uimh. 1493/1999, (CE) Uimh. 1782/2003, (CE) Uimh. 1290/2005, (CE) Uimh. 3/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2392/86 agus (CE) Uimh. 1493/1999”; agus

    (e)

    Cuirfear tagairtí do “Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle” in ionad tagairtí do “Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i leith táirgí talmhaíochta airithe (an Rialachán maidir le CEM Aonair)”.

    (2)

    I gcás tagairtí do reachtaíocht na Cóiré:

    (a)

    Cuirfear tagairtí don Acht um Rialú Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Acht Uimh. 18599, Nollaig 21, 2021) in ionad tagairtí don Acht um Rialú Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta (Acht Uimh. 9759, 9 Meitheamh, 2009); agus

    (b)

    Cuirfear tagairtí don Acht um Cháin ar Dheochanna Meisciúla (Acht Uimh. 18593, 21 Nollaig, 2021) agus don Acht um Cheadúnas Deochanna Meisciúla (Acht Uimh. 18723, 6 Eanáir, 2022) in ionad tagairtí don Acht um Cháin ar Dheochanna Meisciúla (Acht Uimh. 8852, 29 Feabhra, 2008).


    IARSCRÍBHINN II

    Cód Tíre

    An t-ainm atá le cosaint

    Táirge

    Tras-scríbhinn go haibítir na Cóiréise

    AT

    Steirisches Kürbiskernöl

    Ola síl puimcín

    슈타이리쉐스 퀴르비스케른욀

    CY

    Λουκούμι Γεροσκήπου / Loukoumi Geroskipou

    Milseogra

    루꾸미 게로스끼뿌

    DE

    Hopfen aus der Hallertau

    Leannlusanna

    할러타우 홉펜

    DE

    Lübecker Marzipan

    Milseogra

    뤼베커 마르지판

    DE

    Nürnberger Lebkuchen

    Milseogra

    뉘른베르거 렙쿠헨

    DE

    Schwarzwälder Schinken

    Liamhás

    슈바르츠벨더 쉰켄

    DK

    Danablu

    Cáis

    다나블루

    ES

    Aceite de Terra Alta/Oli de Terra Alta

    Ola olóige

    아쎄이떼 데 떼라 알따; 올리 데 떼라 알따

    ES

    Aceite Monterrubio

    Ola olóige

    아쎄이떼 몬떼루비오

    ES

    Estepa

    Ola olóige

    에스떼빠

    ES

    Les Garrigues

    Ola olóige

    레스 가리게스

    ES

    Sierra de Cazorla

    Ola olóige

    씨에라 데 까쏘를라

    ES

    Siurana

    Ola olóige

    씨우라나

    EL

    Καλαμάτα / Kalamata (1)

    Ola olóige

    칼라마타

    EL

    Σητεία Λασιθίου Κρήτης / Sitia Lasithiou Kritis

    Ola olóige

    시티아 라시티우 크리티스

    EL

    Λακωνία / Lakonia

    Ola olóige

    라코니아

    EL

    Γραβιέρα Κρήτης / Graviera Kritis

    Cáis

    그라비에라 크리티스

    EL

    Κασέρι / Kasseri

    Cáis

    카세리

    IT

    Aceto Balsamico di Modena

    Fínéagar

    아체토 발사미코 디 모데나

    IT

    Bresaola della Valtellina

    Liamhás

    브레사올라 델라 발텔리나

    IT

    Kiwi Latina

    Cíobhaí

    키위 라티나

    IT

    Mela Alto Adige / Südtiroler Apfel

    Úll

    멜라 알토 아디제; 수드티롤레르 아펠

    IT

    Toscano

    Ola olóige

    토스카노

    IT

    Pecorino Toscano

    Cáis

    페코리노 토스카노

    IT

    Salamini italiani alla cacciatora

    Salámaí

    살라미니 이탈리아니 알라 카차토라

    NL

    Edam Holland

    Cáis

    에담 홀란드

    NL

    Gouda Holland

    Cáis

    고다 홀란드


    (1)  Ní chuirfear cosc, le cosaint an táisc gheografaigh “Kalamata”, ar úsáid ainm cineáil planda maidir le hola olóige i gcríoch na Cóiré. Leis an bhfoirmliú sin, ní athraítear ná ní laghdaítear an chosaint a thugtar cheana don tásc geografach cosanta “Elia Kalamatas” leis an gComhaontú.


    IARSCRÍBHINN III

    An t-ainm atá le cosaint

    Táirge

    Tras-scríbhinn go haibítir na Cóiréise

    천안배 (Cheonan Bae (Pear))

    Piorra

    Cheonan Bae

    나주배 (Naju Bae (Pear))

    Piorra

    Naju Bae

    안성배 (Anseong Bae (Pear))

    Piorra

    Anseong Bae

    고려흑삼제품 (Korean Black Ginseng Product)

    Táirge Ginsinge Duibhe

    Goryeo Heuksamjepum

    예산사과 (Yesan Apple)

    Úll

    Yesan Sagwa

    안성쌀 (Anseong Ssal (Rice))

    Rís

    Anseong Ssal

    영월고춧가루 (Yeongwol Red Pepper Powder)

    Púdar Piobar Dearg

    Yeongwol Gochutgaru

    고려흑삼 (Korean Black Ginseng)

    Ginsing Dhubh

    Goryeo Heuksam

    보성웅치올벼쌀 (Boseong Ungchi Olbyeossal)

    Rís

    Boseong Ungchi Olbyeossal

    김포쌀 (Gimpo Ssal (Rice))

    Rís

    Gimpo Ssal

    진도검정쌀 (Jindo Black Rice)

    Rís

    Jindo Geomjeong Ssal

    군산쌀 (Gunsan Ssal (Rice))

    Rís

    Gunsan Ssal

    영월고추 (Yeongwol Red Pepper)

    Piobar Dearg

    Yeongwol Gochu

    영천포도 (Yeongcheon Grapes)

    Fíonchaor

    Yeongcheon Podo

    무주사과 (Muju Apple)

    Úll

    Muju Sagwa

    삼척마늘 (Samcheok Garlic)

    Gairleog

    Samcheok Maneul

    김천자두 (Gimcheon Jadu (Plum))

    Pluma

    Gimcheon Jadu

    영동포도 (Yeongdong Grapes)

    Fíonchao

    Yeongdong Podo

    문경오미자 (Mungyeong Omija)

    Omija

    Mungyeong Omija

    청도반시 (Cheongdo Seedless Flat Persimmon)

    Dátphluma

    Cheongdo Bansi

    평창산양삼 (PyeongChang Wild-cultivated Ginseng)

    Ginsing a saothraíodh go fiáin

    PyeongChang Sanyangsam

    보은대추 (Boeun Jujube)

    Jujobe

    Boeun Daechu

    충주밤 (Chungju Bam (Chestnut))

    Castán

    Chungju Bam

    가평잣 (Gapyeong Korean Pine nuts)

    Cnó péine

    Gapyeong Jat

    정선곤드레 (Jeongseon Gondre)

    Gondre (Feochadán Cóiréach)

    Jeongseon Gondre

    영동곶감 (Yeongdong Persimmon Dried)

    Dátphluma

    Yeongdong Gotgam

    부여표고 (Buyeo Pyogo (Oak mushroom))

    Muisiriún darach

    Buyeo Pyogo

    완도미역 (Wando Sea mustard)

    Mustard mara

    Wando Miyeok

    완도다시마 (Wando Sea tangle)

    Coirleach

    Wando Dasima

    기장미역 (Gijang sea mustard)

    Mustard mara

    Gijang Miyeok

    기장다시마 (Gijang sea tangle)

    Coirleach

    Gijang Dasima

    완도김 (Wando Laver)

    Sleabhac

    Wando Gim

    장흥김 (Jangheung Laver)

    Sleabhac

    Jangheung Gim

    여수굴 (Yeosu Gul (Yeosu Oyster))

    Oisre

    Yeosu Gul

    고흥미역 (Goheung Dried Sea mustard)

    Mustard mara

    Goheung Miyeok

    고흥다시마 (Goheung Dried Sea tangle)

    Coirleach

    Goheung Dasima

    신안김 (Sinan Gim (Laver))

    Sleabhac

    Sinan Gim

    해남김 (Haenam Gim (Laver))

    Sleabhac

    Haenam Gim

    고흥김 (Goheung Laver)

    Sleabhac

    Goheung Gim

    고흥굴 (Goheung Gul (Oyster))

    Oisre

    Goheung Gul


    IARSCRÍBHINN IV

    ROINN 1

    FÍONTA DE THIONSCNAMH AN AONTAIS EORPAIGH

    Cód Tíre

    Ainm Ainmniúcháin

    Tras-scríbhinn go haibítir na Cóiréise

    CY

    Κουμανδαρία (tras-scríbhinn go haibítir na Laidine: Commandaria )

    꼬만다리아

    DE

    Franken

    프랑켄

    ES

    Utiel-Requena

    우띠엘 레께나

    FR

    Pays d'Oc

    패이 독 / 뻬이 독

    FR

    Romanée-Conti

    로마네 콘티 / 로마네 꽁띠

    FR

    Pauillac

    포이약 / 뽀이약

    FR

    Saint-Estèphe

    세인트 에스테브 / 쎙 에스테프

    IT

    Prosecco

    프로세코

    RO

    Cotnari

    코트나리

    SI

    Vipavska dolina

    비파브스카 돌리나

    SK

    Vinohradnícka oblasť Tokaj

    비노흐라드니스카 오블라스트 토카이

    ROINN 2

    DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA DE THIONSCNAMH AN AONTAIS EORPAIGH

    Cód Tíre

    Ainm Ainmniúcháin

    Tras-scríbhinn go haibítir na Cóiréise

    CY

    Ζιβανία / Τζιβανία / Ζιβάνα / Zivania

    지바니아

    ES

    Brandy del Penedés

    브란디 델 뻬네데스

    EL

    Τσίπουρο / Tsipouro

    치푸로

    IE

    Irish Cream

    아이리쉬 크림

    LT

    Originali lietuviška degtinė/Vodca bunaidh na Liotuáine

    오리지널 리투아니아 보드카

    BE+NL+FR+DE

    Genièvre / Jenever / Genever

    예네이버/제니버


    IARSCRÍBHINN V

    An t-ainm atá le cosaint

    Tras-scríbhinn go haibítir na Cóiréise

    무주머루와인 (Muju Wild Grape Wine)

    Muju Meoru Wine


    IARSCRÍBHINN VI

    AN FHRAINC

    Huile essentielle de lavande de Haute-Provence/Essence de lavande de Haute-Provence (1)

    Bláthola labhandair

    윌 에썽씨엘 드 라벙드 드 오뜨 프로방스 / 에썽스 드 라벙드 드 오뜨 프로방스 (오뜨 프로방스 라벙드 에센스 오일)

    AN IODÁIL

    Prosciutto di San Daniele (2)

    Liamhás

    프로슈토 디 산 다니엘레(생햄)

    AN SPÁINN

    Jamón de Teruel/Paleta de Teruel (3)

    Liamhás

    하몬 데 떼루엘 / 빨레따 데 떼루엘

    Jabugo (4)

    Liamhás

    하부고


    (1)  Athraíodh “Huile essentielle de lavande de Haute-Provence” go “Huile essentielle de lavande de Haute-Provence/Essence de lavande de Haute-Provence”.

    (2)  Athraíodh “Prosciutto di S. Daniele” go “Prosciutto di San Daniele”.

    (3)  Athraíodh “Jamon de Teruel” go “Jamón de Teruel/Paleta de Teruel”.

    (4)  Athraíodh “Jamón de Huelva” go “Jabugo”


    Top