Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D0122

    Cinneadh Uimh. 2/2021 ó Chomhchoiste Aeriompair an Aontais Eorpaigh/na hEilvéise a bunaíodh faoin gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar an 8 Nollaig 2021 a thagann in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar [2022/122]

    C/2021/8849

    IO L 19, 28.1.2022, p. 84–107 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/122/oj

    28.1.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 19/84


    CINNEADH Uimh. 2/2021 Ó CHOMHCHOISTE AERIOMPAIR AN AONTAIS EORPAIGH/NA hEILVÉISE A BUNAÍODH FAOIN gCOMHAONTÚ IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE MAIDIR LE hAERIOMPAR

    an 8 Nollaig 2021

    a thagann in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar [2022/122]

    TÁ COISTE AERIOMPAIR AN AONTAIS EORPAIGH/NA hEILVÉISE,

    Ag féachaint don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar (an "Comhaontú"), agus go háirithe Airteagal 23(4) de,

    TAR ÉIS CINNEADH MAR A LEANAS:

    Airteagal 1

    Tagann an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann leis an gComhaontú, ón 1 Feabhra 2022 ar aghaidh.

    Airteagal 2

    1.   Leasuithe ar aon ghníomh dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú, arna nglacadh ag an Aontas Eorpach i bhfianaise phaindéim COVID 19 tar éis ghlacadh an Chinnidh seo agus atá teoranta do leasú a dhéanamh ar theacht i bhfeidhm nó dáta cur i bhfeidhm an ghnímh nó dáta a chur i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, nó atá teoranta d'aisghairm iomlán nó pháirteach an ghnímh, cuirfear in iúl iad do Chónaidhm na hEilvéise i gcomhréir le hAirteagal 23(3) den Chomhaontú agus measfar iad a bheith san áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú ó dháta a bhfoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gan gá a bheith le cinneadh breise ón gComhchoiste a dhéanann athbhreithniú ar an Iarscríbhinn. Faisnéis ina mbeidh tagairt iomlán do na leasuithe ábhartha, tar éis a nglactha, mar aon le tagairt don chinneadh seo, foilseofar an fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus i dTiomsú Oifigiúil Dhlí Cónaidhme na hEilvéise. Tiocfaidh na leasuithe chun bheith infheidhme san Eilvéis ó dháta a gcur i bhfeidhm san Aontas Eorpach.

    2.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir le gníomhartha arna nglacadh go dtí an 31 Nollaig 2022.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Nollaig 2021.

    Thar ceann an Chomhchoiste

    Ceann Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh

    Filip CORNELIS

    Ceann Thoscaireacht na hEilvéise

    Christian HEGNER


    IARSCRÍBHINN

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo:

    De bhua Chonradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009, gabhfaidh an tAontas Eorpach in ionad an Chomhphobail Eorpaigh agus tiocfaidh sé i gcomharbas air;

    I gcás ina bhfuil tagairtí do Bhallstáit an Chomhphobail i ngníomhartha a shonraítear san Iarscríbhinn seo, agus gur cuireadh an tAontas Eorpach ina ionad, nó ina bhfuil ceangal ar nasc leis an Aontas Eorpach, beidh feidhm chomhionann ag na tagairtí maidir leis an Eilvéis nó leis an gceanglas maidir le nasc leis an Eilvéis chun críche an Chomhaontaithe.

    Na tagairtí do Rialacháin (CEE) Uimh. 2407/92 agus Uimh. 2408/92 ón gComhairle in Airteagail 4,15,18 agus 35 den Chomhaontú, tuigfear iad mar thagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

    Gan dochar d'Airteagal 15 den Chomhaontú seo, an téarma “"aeriompróir Comhphobail”" dá dtagraítear sna treoracha agus sna rialacháin Chomhphobail seo a leanas, áireofar ann aeriompróir atá ceadúnaithe agus a bhfuil a phríomháit ghnó aige agus, má tá oifig aige, a oifig chláraithe san Eilvéis aige i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008. Aon tagairt do Rialachán (CEE) Uimh. 2407/92 tuigfear í mar thagairt do Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008;

    Aon tagairt sna téacsanna seo a leanas d'Airteagail 81 agus 82 den Chonradh nó d'Airteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tuigfear go gciallaíonn sí Airteagail 8 agus 9 den Chomhaontú seo.

    1.   Léirscaoileadh na heitlíochta agus rialacha eile maidir leis an eitlíocht shibhialta

    Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú) IO L 293, 31.10.2008, lch. 3, arna leasú le:

    Rialachán (AE) 2018/1139, IO L 212, 22.8.2018, lch. 1,

    Rialachán (AE) 2020/696, IO L 165, 27.5.2020, lch. 1,

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2114 ón gCoimisiún, IO L 426, 17.12.2020, lch. 1; Tá Rialachán (AE) 2020/2114 infheidhme go huile agus go hiomlán san Eilvéis ón 18.12.2020,

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2115 ón gCoimisiún, IO L 426, 17.12.2020, lch. 4; Tá Rialachán (AE) 2020/2115 infheidhme go huile agus go hiomlán san Eilvéis ón 18.12.2020.

    Treoir 2000/79 ón gComhairle an 27 Samhain 2000 a bhaineann leis an gComhaontú Eorpach maidir le Comhaontú na hEorpa um Eagrú Ama Oibre na nOibrithe Taistil san Eitlíocht Shibhialta arna thabhairt i gcrích ag Cumann Aerlínte na hEorpa (AEA), Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF), Cónaidhm Chriúnna Eitilte na hEorpa (ECA), Comhlachas Aerlínte Réigiúin na hEorpa (ERA) agus Comhlachas na nAeriompróirí Idirnáisiúnta (IACA), (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 302, 1.12.2000, lch. 57.

    Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d'eagrú ama oibre, IO L 299, 18.11.2003, lch. 9.

    Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le tuairisceáin staidrimh i leith paisinéirí, lastas agus post a iompar d'aer, IO L 66, 11.3.2003, lch. 1.

    Rialachán (CE) Uimh. 1358/2003 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2003 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisceáin staidrimh i leith paisinéirí, lastas agus post a iompar d'aer agus lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II leis sin, IO L 194, 1.8.2003, lch. 9 arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 158/2007 ón gCoimisiún, IO L 49, 17.2.2007, lch. 9.

    Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis na ceanglais árachais a bhaineann le haeriompróirí agus le hoibreoirí aerárthaí, IO L 138, 30.4.2004, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán (AE) Uimh. 285/2010 ón gCoimisiún, IO L 87, 7.4.2010, lch. 19,

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1118 ón gCoimisiún, IO L 243, 29.7.2020, lch. 1.

    Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le rialacha comhchoiteanna chun sliotáin a leithdháileadh ag aerfoirt Chomhphobail, IO L 14, 22.1.1993, lch.1 (Airteagail 1-12), arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 793/2004, IO L 138, 30.4.2004, lch. 50,

    Rialachán (AE) 2020/459, IO L 99, 31.3.2020, lch. 1,

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1477 ón gCoimisiún, IO L 338, 15.10.2020, lch. 4,

    Rialachán (AE) 2021/250, IO L 58, 19.2.2021, lch. 1; tá míreanna 1 agus 4 d'Airteagal 10a de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93, arna leasú le mír (6) d'Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2021/250, infheidhme san Eilvéis ón 20.2.2021.

    Treoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le táillí aerfoirt (Téacs atá ábhartha maidir le LEE),) IO L 70, 14.3.2009, lch. 11.

    Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar mhargadh na láimhseála ar an talamh in aerfoirt Chomhphobail, IO L 272, 25.10.1996, lch. 36.

    (Airteagail 1-9, 11-23, agus 25).

    Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le Cód Iompair i dtaca le córais áirithinte ar ríomhairí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 ón gComhairle (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 35, 4.2.2009, lch.47.

    2.   Rialacha iomaíochta

    Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 1, 4.1.2003, lch. 1 (Airteagail 1-13, 15-45)

    (A mhéid atá an Rialachán seo ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Ní dhéanann cur isteach an Rialacháin seo difear do roinnt na gcúraimí de réir an Chomhaontaithe seo.)

    Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le himeachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagail 81 agus 82 den Chonradh CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 123, 27.4.2004, lch. 18, arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 1792/2006 ón gCoimisiún, IO L 362, 20.12.2006, lch. 1,

    Rialachán (CE) Uimh. 622/2008 ón gCoimisiún, IO L 171, 1.7.2008, lch. 3.

    Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán CE um Chumaisc) (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.

    (Airteagail 1-18, 19(1)-(2), agus 20-23)

    Maidir le hAirteagal 4(5) de Rialachán CE um Chumaisc, beidh feidhm ag an méid seo a leanas idir an Comhphobal Eorpach agus an Eilvéis:

    (1)

    Maidir le comhchruinniú mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 nach mbaineann gné Chomhphobail leis de réir bhrí Airteagal 1 den Rialachán sin agus a fhéadfar a athbhreithniú faoi dhlíthe náisiúnta iomaíochta trí Bhallstát den Aontas ar a laghad agus Cónaidhm na hEilvéise, féadfaidh na daoine nó na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán sin, sula dtabharfar aon fhógra do na húdaráis inniúla, an Coimisiún a chur ar an eolas trí bhíthin aighneacht réasúnaithe gur cheart don Choimisiún an comhchruinniú a scrúdú.

    (2)

    Déanfaidh an Coimisiún Eorpach na haighneachtaí uile de bhun Airteagal 4(5) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 agus na míre roimhe seo a tharchur chuig Cónaidhm na hEilvéise gan mhoill.

    (3)

    I gcás ina gcuirfidh Cónaidhm na hEilvéise in iúl nach n-aontaíonn sí leis an iarraidh an cás a tharchur, coinneoidh údarás iomaíochta inniúil na hEilvéise a inniúlacht, agus ní dhéanfar an cás a tharchur ó Chónaidhm na hEilvéise de bhun na míre seo.

    Maidir le teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagail 4(4) agus (5), Airteagail 9(2) agus (6) agus Airteagail 22(2) den Rialachán um Chumaisc:

    (1)

    Déanfaidh an Coimisiún Eorpach na doiciméid ábhartha uile de bhun Airteagail 4(4) agus (5), Airteagail 9(2) agus (6) agus Airteagal 22(2) a tharchur chuig údarás iomaíochta inniúil na hEilvéise gan mhoill.

    (2)

    Cuirfear tús le ríomh na dteorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagail 4(4) agus (5), Airteagail 9(2) agus (6) agus Airteagal 22(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, maidir le Cónaidhm na hEilvéise tar éis d'údarás iomaíochta inniúil na hEilvéise na doiciméid ábhartha a fháil.

    Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 133, 30.4.2004, lch. 1 (Airteagail 1-24), arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 1792/2006 ón gCoimisiún, IO L 362, 20.12.2006, lch. 1,

    Rialachán (CE) Uimh. 1033/2008 ón gCoimisiún, IO L 279, 22.10.2008, lch. 3,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1269/2013 ón gCoimisiún, IO L 336, 14.12.2013, lch. 1.

    Treoir 2006/111/CE ón gCoimisiún an 16 Samhain 2006 maidir le trédhearcacht an chaidrimh airgeadais idir na Ballstáit agus gnóthais phoiblí agus chomh maith leis sin, maidir le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais áirithe (Leagan códaithe) (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 318, 17.11.2006, lch. 17.

    Rialachán (CE) Uimh. 487/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le hAirteagal 81(3) den Chonradh a chur i bhfeidhm ar aicmí áirithe comhaontuithe agus cleachtais chomhbheartaithe in earnáil an aeriompair (leagan códaithe) (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 148, 11.6.2009, lch. 1.

    3.   An tsábháilteacht eitlíochta

    Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle, IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1087 ón gCoimisiún IO L 236, 5.7.2021, lch. 1.

    Beidh na cumhachtaí ag an nGníomhaireacht san Eilvéis freisin a dheonaítear di faoi fhorálacha an Rialacháin.

    Beidh na cumhachtaí ag an gCoimisiún Eorpach freisin san Eilvéis a dheonaítear dó maidir le cinntí de bhun Airteagal 2(6),(7), Airteagal 41(6), Airteagal 62(5), Airteagal 67(2),(3), Airteagal 70(4), Airteagal 71(2), Airteagal 76(4), Airteagal 84(1), Airteagal 85(9), Airteagal 104(3)(i), Airteagal 105(1) agus Airteagal 106(1),(6).

    D'ainneoin an oiriúnaithe chothrománaigh dá bhforáiltear sa dara fleasc den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar, na tagairtí do na "Ballstáit" a dhéantar i bhforálacha Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a luaitear in Airteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139, tuigfear nach mbeidh feidhm ag na tagairtí sin maidir leis an Eilvéis.

    Ní dhéanfar aon rud sa Rialachán seo a fhorléiriú chun údarás a aistriú chuig EASA chun gníomhú thar ceann na hEilvéise faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta chun críocha eile seachas chun cúnamh a thabhairt i gcomhlíonadh a hoibleagáidí de bhun na gcomhaontuithe sin.

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear téacs an Rialacháin in éineacht leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

    (a)

    Leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:

    (i)

    i mír 1(a), cuirfear na focail "nó an Eilvéis" isteach tar éis na bhfocal "an tAontas";

    (ii)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    "4.   Nuair a dhéanann an tAontas caibidlíocht le tríú tír d'fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích lena bhforáiltear go bhféadfaidh Ballstát nó an Ghníomhaireacht deimhnithe a eisiúint ar bhonn deimhnithe arna n-eisiúint ag údaráis aerloingseoireachta an tríú tír sin, déanfaidh sé iarracht tairiscint ar chomhaontú comhchosúil a fháil don Eilvéis leis an tríú tír lena mbaineann. Dá réir sin, déanfaidh an Eilvéis iarracht comhaontuithe a chomhfhreagraíonn do chomhaontuithe an Aontais a thabhairt i gcrích le tríú tíortha”.

    (b)

    In Airteagal 95, cuirfear an mhír seo a leanas leis:

    "3.   De mhaolú ar Airteagal 12(2)(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, náisiúnaigh de chuid na hEilvéise a bhfuil a gcearta iomlána mar shaoránaigh acu, féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta iad a fhostú faoi chonradh.”

    (c)

    In Airteagal 96, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “An Prótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh a leagtar amach mar Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn A, cuirfidh an Eilvéis an Prótacal sin i bhfeidhm maidir leis an nGníomhaireacht.”

    (d)

    In Airteagal 102, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    "5.   Glacfaidh an Eilvéis páirt iomlán sa Bhord Bainistíochta agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna aici agus atá ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh cé is moite den cheart vótála”.

    (e)

    In Airteagal 120, cuirfear an mhír seo a leanas leis:

    "13.   Glacfaidh an Eilvéis páirt sa ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 1(b), de réir na foirmle seo a leanas:

    S (0.2/100) + S [1 - (a+b) 0.2/100] c/C

    i gcás an mhéid seo a leanas:

    S

    =

    an chuid de bhuiséad na Gníomhaireachta nach gcumhdaítear leis na táillí agus na muirir a luaitear i mír 1(c) agus (d)

    a

    =

    líon na Stát Comhlachaithe

    b

    =

    líon Bhallstáit an Aontais Eorpaigh

    c

    =

    ranníocaíocht na hEilvéise le buiséad ICAO,

    C

    =

    ranníocaíocht iomlán Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus na Stát comhlachaithe le buiséad ICAO."

    (f)

    In Airteagal 122, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    "6.   Na forálacha a bhaineann le rialú airgeadais an Aontais san Eilvéis maidir le rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, leagtar amach iad in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.”

    (g)

    Déanfar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán a leathnú amach chun na haerárthaí seo a leanas a áireamh mar tháirgí a chumhdaítear le hAirteagal 3(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le haeracmhainneacht agus deimhniúchán comhshaoil d'aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniúchán d'eagraíochtaí deartha agus táirgthe (1):

     

    A/c - [HB-JES] – cineál Gulfstream G-V

     

    A/c - [HB-ZDF] – cineál MD900.

    (h)

    An tagairt in Airteagal 132(1) do Rialachán (AE) 2016/679, maidir leis an Eilvéis, tuigfear í mar thagairt don reachtaíocht ábhartha náisiúnta.

    (i)

    Níl feidhm ag Airteagal 140(6) maidir leis an Eilvéis.

    Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle IO L 311, 25.11.2011, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán (AE) Uimh. 290/2012 ón gCoimisiún, IO L 100, 5.4.2012, lch. 1,

    Rialachán (AE) Uimh. 70/2014 ón gCoimisiún, IO L 23, 28.1.2014, lch. 25,

    Rialachán (AE) Uimh. 245/2014 ón gCoimisiún, IO L 74, 14.3.2014, lch. 33,

    Rialachán (AE) 2015/445 ón gCoimisiún, IO L 74, 18.3.2015, lch. 1,

    Rialachán (AE) 2016/539 ón gCoimisiún, IO L 91, 7.4.2016, lch. 1,

    Rialachán (AE) 2018/1065 ón gCoimisiún, IO L 192, 30.7.2018, lch. 21,

    Rialachán (AE) 2018/1119 ón gCoimisiún, IO L 204, 13.8.2018, lch. 13,

    Rialachán (AE) 2018/1974 ón gCoimisiún, IO L 326, 20.12.2018, lch. 1,

    Rialachán (AE) 2019/27 ón gCoimisiún, IO L 8, 10.1.2019, lch. 1,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/430 ón gCoimisiún, IO L 75, 19.3.2019, lch. 66,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1747 ón gCoimisiún, IO L 268, 22.10.2019, lch. 23,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/359 ón gCoimisiún, IO L 67, 5.3.2020, lch. 82,

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/723 ón gCoimisiún, IO L 170, 2.6.2020, lch. 1,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2193 ón gCoimisiún, IO L 434, 23.12.2020, lch. 13,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1310 ón gCoimisiún, IO L 284, 9.8.2021, lch. 15.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/723 ón gCoimisiún an 4 Márta 2020 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le deimhniú píolótaí tríú tír a ghlacadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, IO L 170, 2.6.2020, lch. 1.

    Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le comhchuibhiú ceanglas teicniúil agusnósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta, IO L 373, 31.12.1991, lch. 4 (Airteagail 1-3, 4(2), (5-11, agus 13), arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 1899/2006, IO L 377, 27.12.2006, lch. 1,

    Rialachán (CE) Uimh. 1900/2006, IO L 377, 27.12.2006, lch. 176,

    Rialachán (CE) Uimh. 8/2008 ón gCoimisiún, IO L 10, 12.1.2008, lch. 1,

    Rialachán (CE) Uimh. 859/2008 ón gCoimisiún, IO L 254, 20.9.2008, lch. 1.

    I gcomhréir le hAirteagal 139 de Rialachán (AE) 2018/1139, aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ó dháta chur i bhfeidhm na rialacha mionsonraithe arna nglacadh de bhun Airteagal 32(1) pointe (a) de Rialachán (AE) 2018/1139 maidir le teorainneacha ama eitilte agus ama dualgais agus ceanglais scíthe maidir le tacsaí aeir, seirbhís éigeandála leighis agus oibríochtaí aeriompair tráchtála píolóta aonair a dhéanann eitleáin.

    Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais san eitlíocht shibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 295, 12.11.2010, lch 35, arna leasú le:

    Rialachán (AE) Uimh. 376/2014, IO L 122, 24.4.2014, lch. 18,

    Rialachán (AE) 2018/1139, IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

    Rialachán (CE) Uimh. 104/2004 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2004 lena leagtar síos rialacha maidir le heagraíocht agus comhdhéanamh Bhord Achomhairc Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, IO L 16, 23.1.2004, lch. 20.

    Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d'aeriompróirí a bhunú atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 344, 27.12.2005, lch. 15, arna leasú le:

    Rialachán (AE) 2018/1139, IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

    Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme don liosta Comhphobail d'aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal, dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 84, 23.3.2006, lch. 8.

    Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 84, 23.3.2006, lch. 14 arna leasú go deireanach le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/883 ón gCoimisiún, IO L 194, 2.6.2021, lch. 22.

    Rialachán (AE) Uimh. 1332/2011 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2011 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna úsáide aerspáis agus nósanna imeachta oibriúcháin chun imbhualadh aerbheirthe a sheachaint (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 336, 20.12.2011, lch. 20, arna leasú le:

    Rialachán (AE) 2016/583 ón gCoimisiún, IO L 101, 16.4.2016, lch. 7.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 646/2012 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2012 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le muirir agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de bhun Rialachán (CE) 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (téacs atá ábhartha maidir le LEE), (IO L 187, 17.7.2012, lch. 29.

    Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh deimhniúchán aeracmhainneachta agus comhshaoil d'aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniúchán d'eagraíochtaí deartha agus táirgthe IO L 224, 21.8.2012, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán (AE) Uimh.7/2013 ón gCoimisiún, IO L 4, 9.1.2013, lch. 36,

    Rialachán (AE) Uimh. 69/2014 ón gCoimisiún, IO L 23, 28.1.2014, lch. 12,

    Rialachán (AE) 2015/1039 ón gCoimisiún, IO L 167, 1.7.2015, lch. 1,

    Rialachán (AE) Uimh. 2016/5 ón gCoimisiún, IO L 3, 6.1.2016, lch. 3,

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/897 ón gCoimisiún, IO L 144, 3.6.2019, lch. 1,

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/570 ón gCoimisiún, IO L 132, 27.4.2020, lch. 1,

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/699 ón gCoimisiún (IO L 145, 28.4.2021, lch. 1,

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1088 ón gCoimisiún IO L 236, 5.7.2021, lch. 3.

    Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 296, 25.10.2012, lch. 1 arna leasú le:

    Rialachán (AE) Uimh. 800/2013 ón gCoimisiún, IO L 227, 24.8.2013, lch. 1,

    Rialachán (AE) Uimh. 71/2014 ón gCoimisiún, IO L 23, 28.1.2014, lch. 27,

    Rialachán (AE) Uimh. 83/2014 ón gCoimisiún, IO L 28, 31.1.2014, lch. 17,

    Rialachán (AE) Uimh. 379/2014 ón gCoimisiún, IO L 123, 24.4.2014, lch. 1,

    Rialachán (AE) 2015/140 ón gCoimisiún, IO L 24, 30.1.2015, lch. 5,

    Rialachán (AE) 2015/1329 ón gCoimisiún, IO L 206, 1.8.2015, lch. 21,

    Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún, IO L 106, 24.4.2015, lch. 18,

    Rialachán (AE) 2015/2338 ón gCoimisiún, IO L 330, 16.12.2015, lch. 1,

    Rialachán (AE) 2016/1199 ón gCoimisiún, IO L 198, 23.7.2016, lch. 13,

    Rialachán (AE) 2017/363 ón gCoimisiún, IO L 55, 2.3.2017, lch. 1,

    Rialachán (AE) 2018/394 ón gCoimisiún, IO L 71, 14.3.2018, lch. 1,

    Rialachán (AE) 2018/1042 ón gCoimisiún, IO L 188, 25.7.2018, lch. 3 cé is moite den Airteagal nua 4.2 de Rialachán (AE) 965/2012, mar a fhoráiltear in Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2018/1042, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/745 ón gCoimisiún, IO L 176, 5.6.2020, lch. 11,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1975 ón gCoimisiún, IO L 326, 20.12.2018, lch. 53,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1387 ón gCoimisiún, IO L 229, 5.9.2019, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1176 ón gCoimisiún, IO L 259, 10.8.2020, lch. 10,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1384 ón gCoimisiún, IO L 228, 4.9.2019, lch. 106,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2036 ón gCoimisiún, IO L 416, 11.12.2020, lch. 24; tá míreanna 4 go 6 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/2036, infheidhme san Eilvéis ón 31.12.2020,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1062 ón gCoimisiún, IO L 229, 29.6.2021, lch. 3.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 628/2013 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2013 maidir le modhanna oibre Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa i dtaca le cigireachtaí caighdeánúcháin a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 736/2006 (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 179, 29.6.2013, lch. 46.

    Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 lena leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 44, 14.2.2014, lch. 1 arna leasú le:

    Rialachán (AE) 2017/161 ón gCoimisiún 2017/161, IO L 27, 1.2.2017, lch. 99,

    Rialachán (AE) 2018/401 ón gCoimisiún, IO L 72, 15.3.2018, lch. 17,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/469 ón gCoimisiún, IO L 104, 3.4.2020, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1177 ón gCoimisiún, IO L 259, 10.8.2020, lch. 12,

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1234 ón gCoimisiún, IO L 282, 31.8.2020, lch. 1,

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2148 ón gCoimisiún IO L 428, 18.12.2020, lch. 10.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2153 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2019 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 319/2014, IO L 327, 17.12.2019, lch. 36.

    Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 1321/2007 agus (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 122, 24.4.2014, lch. 18, arna leasú le:

    Rialachán (AE) 2018/1139, IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

    Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2014 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir na n-oibreoirí tríú tír de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), (IO L 133, 6.5.2014, lch. 12, arna leasú le:

    Rialachán (AE) 2016/1158 ón gCoimisiún, IO L 192, 16.7.2016, lch. 21.

    Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 362, 17.12.2014, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán (AE) 2015/1088 ón gCoimisiún (IO L 176, 7.7.2015, lch. 4,

    Rialachán (AE) 2015/1536 ón gCoimisiún IO L 241, 17.9.2015, lch. 16,

    Rialachán (AE) 2017/334 ón gCoimisiún, IO L 50, 28.2.2017, lch. 13,

    Rialachán (AE) 2018/1142 ón gCoimisiún (IO L 207, 16.8.2018, lch. 2,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1383 ón gCoimisiún, IO L 228, 4.9.2019, lch. 1,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1384 ón gCoimisiún, IO L 228, 4.9.2019, lch. 106,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/270 ón gCoimisiún, IO L 56, 27.2.2020, lch. 20,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1159 ón gCoimisiún, IO L 257, 6.8.2020, lch. 14,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/685 ón gCoimisiún, (IO L 143, 27.4.2021, lch. 6,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/700 ón gCoimisiún, IO L 145, 28.4.2021, lch. 20; tá Airteagal 1 pointe (1) agus pointí (5), (6) agus (8) d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/700, infheidhme san Eilvéis ón 18.05.2021.

    Rialachán (AE) Uimh 2015/340 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2015 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le ceadúnais agus deimhnithe rialtóirí aerthráchta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 805/2011 ón gCoimisiún (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 63, 6.3.2015, lch. 1.

    Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 maidir le sonraíochtaí aeracmhainneachta breise le haghaidh cineál áirithe oibríochtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012, IO L 106, 24.4.2015, lch. 18 arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/133 ón gCoimisiún, IO L 25, 29.1.2019, lch. 14,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1159 ón gCoimisiún, IO L 257, 6.8.2020, lch. 14,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/97 ón gCoimisiún, IO L 31, 29.1.2021, lch. 208; tá Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2021/97 infheidhme san Eilvéis ón 26.02.2021, cé is moite de phointe (1) d'Iarscríbhinn I atá infheidhme san Eilvéis ón 16.02.2021.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1018 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2015 lena leagtar síos lena leagtar síos liosta lena n-aicmítear tarluithe san eitlíocht shibhialta atá le tuairisciú ar bhonn éigeantach de bhun Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 163, 30.6.2015, lch. 1.

    Cinneadh (AE) 2016/2357 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2016 maidir le heaspa comhlíontacht éifeachtach le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus a rialacha cur chun feidhme i dtaca le deimhnithe arna n-eisiúint ag an Acadamh Oiliúna Aerloingseoireachta Heilléanach (HATA), agus ceadúnais Chuid-66 arna n-eisiúint ar a bhonn (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2016) 8645), IO L 348, 21.12.2016, lch. 72.

    Rialachán (AE) 2018/395 ón gCoimisiún an 13 Márta 2018 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh oibriú balún agus le haghaidh ceadúnú na bhfoirne eitilte le haghaidh balún de bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 71, 14.3.2018, lch. 10, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/357 ón gCoimisiún, IO L 67, 5.3.2020, lch. 34.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1976 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh oibriú seoleitleán agus le haghaidh ceadúnú na bhfoirne eitilte le haghaidh seoleitleán de bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 326, 20.12.2018, lch. 64 arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/358 ón gCoimisiún, IO L 67, 5.3.2020, lch. 57.

    Rialachán (AE) 2019/494 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta ó thaobh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 85 I, 27.3.2019, lch. 11.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1128 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2019 maidir le cearta rochtana ar mholtaí agus freagairtí sábháilteachta a stóráiltear sa taisclann lárnach faisnéise ar tharluithe san eitlíocht shibhialta agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/780/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 177, 2.7.2019, lch. 112.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcomhscéim Eorpach um aicmiú riosca, (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 416, 11.12.2020, lch. 1.

    4.   Slándáil Eitlíochta

    Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (téacs atá ábhartha maidir le LEE), (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72.

    Rialachán (CE) Uimh. 272/2009 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2009 lena bhforlíontar na bunchaighdeáin chomhchoiteanna maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 91, 3.4.2009, lch. 7, arna leasú le:

    Rialachán (AE) Uimh. 297/2010 ón gCoimisiún, IO L 90, 10.4.2010, lch. 1,

    Rialachán (AE) Uimh. 720/2011 ón gCoimisiún, IO L 193, 23.7.2011, lch. 19,

    Rialachán (AE) Uimh. 1141/2011 ón gCoimisiún, IO L 293, 11.11.2011, lch. 22,

    Rialachán (AE) Uimh. 245/2013 ón gCoimisiún, IO L 77, 20.3.2013, lch. 5.

    Rialachán (AE) Uimh. 1254/2009 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2009 lena leagtar síos critéir i ndáil le ceadú do na Ballstáit maolú ar na bunchaighdeáin chomhchoiteanna maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta agus bearta malartacha slándála a ghlacadh, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 338, 19.12.2009, lch. 17, arna leasú le:

    Rialachán (AE) 2016/2096 ón gCoimisiún, IO L 326, 1.12.2016, lch. 7.

    Rialachán (CE) Uimh. 18/2010 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí le haghaidh cláir náisiúnta um rialú cáilíochta i réimse na slándála eitlíochta sibhialta, IO L 7, 12.1.2010, lch. 3.

    Rialachán (CE) Uimh. 72/2010 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2010 lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le cigireachtaí an Choimisiúin a dhéanamh i réimse slándála na heitlíochta sibhialta (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 23, 27.1.2010, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/472 ón gCoimisiún, IO L 85, 1.4.2016, lch. 28.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 299, 14.11.2015, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2426 ón gCoimisiún, IO L 334, 22.12.2015, lch. 5,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/815 ón gCoimisiún, IO L 122, 13.5.2017, lch. 1,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/55 ón gCoimisiún, IO L 10, 13.1.2018, lch. 5,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/103 ón gCoimisiún, IO L 21, 24.1.2019, lch. 13, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/910 ón gCoimisiún, IO L 208, 1.7.2020, lch. 43,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/413 ón gCoimisiún, IO L 73, 15.3.2019, lch. 98,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1583 ón gCoimisiún, IO L 246, 26.9.2019, lch. 15, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/910 ón gCoimisiún, IO L 208, 1.7.2020, lch. 43.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/111 ón gCoimisiún, IO L 21, 27.1.2020, lch. 1,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/910 ón gCoimisiún, IO L 208, 1.7.2020, lch. 43,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/255 ón gCoimisiún, IO L 58, 19.2.2021, lch. 23; tá pointí 15, 18 go 19 agus 32 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/255, infheidhme san Eilvéis ón 11.03.2021.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe i dtaca le cur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir leis an tslándáil eitlíochta ina bhfuil faisnéis, dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 (nár foilsíodh san IO) arna leasú le:

    Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2017) 3030 ón gCoimisiún,

    Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2018) 4857 ón gCoimisiún,

    Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2019)132 ón gCoimisiún, arna leasú le:

    Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 4241 ón gCoimisiún,

    Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 0996 ón gCoimisiún.

    5.   Bainistíocht aerthráchta

    Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun Aerspás Eorpach Aonair a chruthú (an creat-rialachán) (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 96, 31.3.2004, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009, IO L 300, 14.11.2009, lch. 34.

    Beidh na cumhachtaí ag an gCoimisiún Eorpach san Eilvéis a dheonaítear dó de bhun Airteagail 6, 8, 10, 11 agus 12.

    Leasófar Airteagal 10 mar a leanas:

    I mír 2, ba cheart na focail "ar leibhéal an Chomhphobail, a bhaineann leis an Eilvéis" a chur in ionad na bhfocal "ar leibhéal an Chomhphobail".

    D'ainneoin an choigeartaithe chothrománaigh dá dtagraítear sa dara fleasc den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar, na tagairtí do na "Ballstáit" a dhéantar in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 549/2004 nó i bhforálacha Chinneadh 1999/468/CE a luaitear san fhoráil sin, tuigfear nach mbeidh feidhm ag na tagairtí sin maidir leis an Eilvéis.

    Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí), (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 96, 31.3.2004, lch. 10, arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009, IO L 300, 14.11.2009, lch. 34.

    Beidh na cumhachtaí ag an gCoimisiún Eorpach maidir leis an Eilvéis a dheonaítear dó de bhun Airteagail 9a, 9b, 15, 15a, 16 agus 17.

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, leasófar forálacha an Rialacháin mar a leanas:

    (a)

    Leasófar Airteagal 3 mar a leanas:

    I mír 2, cuirfear na focail "agus an Eilvéis" isteach tar éis na bhfocal "an Comhphobal".

    (b)

    Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

    I míreanna 1 agus 6, cuirfear na focail "agus an Eilvéis" isteach tar éis na bhfocal "an Comhphobal".

    (c)

    Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    I mír 1, cuirfear na focail "agus an Eilvéis" isteach tar éis na bhfocal "an Comhphobal".

    (d)

    Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

    I mír 1, cuirfear na focail "agus an Eilvéis" isteach tar éis na bhfocal "an Comhphobal".

    (e)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(3):

    "3.   Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit agus cuirfidh sé an soláthraí seirbhíse ar an eolas faoi, a mhéid atá an cinneadh bainteach go dlíthiúil leis an soláthraí sin."

    Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le hAerspás), (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 96, 31.3.2004, lch. 20, arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009, IO L 300, 14.11.2009, lch. 34.

    Beidh na cumhachtaí ag an gCoimisiún Eorpach maidir leis an Eilvéis a dheonaítear dó de bhun Airteagail 3a, 6 agus 10.

    Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an Líonra Eorpaigh um Bainistiú Aerthráchta (an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht) (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 96, 31.3.2004, lch. 26, arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009, IO L 300, 14.11.2009, lch. 34.

    Beidh na cumhachtaí ag an gCoimisiún Eorpach san Eilvéis a dheonaítear dó de bhun Airteagail 4, 7 agus 10 (3).

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, leasófar forálacha an Rialacháin mar a leanas:

    (a)

    Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

    I mír 2, cuirfear na focail "nó an Eilvéis" isteach tar éis na bhfocal "an Comhphobal".

    (b)

    Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

    I mír 4, cuirfear na focail "nó an Eilvéis" isteach tar éis na bhfocal "an Comhphobal".

    (c)

    Leasófar Iarscríbhinn III mar a leanas:

    I roinn 3, an dara fleasc agus an fleasc deireanach, cuirfear na focail "nó an Eilvéis" isteach tar éis na bhfocal "an Comhphobal".

    I gcomhréir le hAirteagal 139 de Rialachán (AE) 2018/1139, aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 le héifeacht ón 11 Meán Fómhair 2018. Beidh feidhm i gcónaí, áfach, ag Airteagail 4, 5, 6, 6a agus 7 den Rialachán sin agus ag Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis go dtí dáta cur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 47 de Rialachán 2018/1139 agus a mhéid a chumhdaíonn na gníomhartha sin ábhar fhorálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 552/2004, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 12 Meán Fómhair 2023.

    Rialachán (CE) Uimh. 2150/2005 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2005 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le húsáid sholúbtha aerspáis (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 342, 24.12.2005, lch. 20.

    Rialachán (CE) Uimh. 1033/2006 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2006 lena leagtar síos na ceanglais ar nósanna imeachta le haghaidh pleananna eitilte sa chéim réamheitilte le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 186, 7.7.2006, lch. 46, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún, IO L 281, 13.10.2012, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/886 ón gCoimisiún, IO L 205, 29.6.2020, lch. 14,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/469 ón gCoimisiún, IO L 104, 3.4.2020, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1177 ón gCoimisiún, IO L 259, 10.8.2020, lch. 12,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 428/2013 ón gCoimisiún, IO L 127, 9.5.2013, lch. 23,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2120 ón gCoimisiún IO L 329, 3.12.2016, lch. 70,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/139 ón gCoimisiún IO L 25, 30.1.2018, lch. 4.

    Rialachán (CE) Uimh. 1032/2006 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2006 lena leagtar síos ceanglais maidir le córais uathoibríocha le haghaidh malartú sonraí eitilte chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 186, 7.7.2006, lch. 27, arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 30/2009 ón gCoimisiún, IO L 13, 17.1.2009, lch. 20.

    Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt (IO L 64, 2.3.2007, lch. 1 arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 1361/2008 ón gComhairle, IO L 352, 31.12.2008, lch. 12,

    Rialachán (CE) Uimh. 721/2014 ón gComhairle, IO L 192, 1.7.2014, lch. 1.

    Rialachán (CE) Uimh. 633/2007 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2007 lena leagtar síos na ceanglais maidir le prótacal aistrithe teachtaireachta eitilte a úsáidtear chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta (téacs atá ábhartha maidir le LEE), (IO L 146, 8.6.2007, lch. 7), arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 283/2011 ón gCoimisiún (IO L 77, 23.3.2011, lch. 23.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra eile a bhaineann le bainistiú agus maoirseacht an aerthráchta, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 62, 8.3.2017, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/469 ón gCoimisiún, IO L 104, 3.4.2020, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1177 ón gCoimisiún, IO L 259, 10.8.2020, lch. 12,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1338 ón gCoimisiún, IO L 289, 12.8.2021, lch. 12.

    Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2009 lena leagtar síos ceanglais ar sheirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 13, 17.1.2009, lch. 3, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/310 ón gCoimisiún, IO L 56, 27.2.2015, lch. 30,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1170 ón gCoimisiún, IO L 183, 9.7.2019, lch. 6,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/208 ón gCoimisiún, IO L 43, 17.2.2020, lch. 72.

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear téacs an Rialacháin in éineacht leis an oiriúnú seo a leanas:

    Cuirtear "UIR na hEilvéise" isteach i gcuid A d'Iarscríbhinn I.

    Rialachán (CE) Uimh. 262/2009 ón gCoimisiún an 30 Márta 2009 lena leagtar síos na ceanglais maidir le leithdháileadh comhordaithe agus úsáid cód ceistiúcháin Mhodh S le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 84, 31.3.2009, lch. 20, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2345 ón gCoimisiún, IO L 348, 21.12.2016, lch.11.

    Rialachán (CE) Uimh. 73/2010 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2010 lena leagtar síos na ceanglais ar cháilíocht na sonraí aerloingseoireachta agus na faisnéise aerloingseoireachta le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 23, 27.1.2010, lch. 6, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1029/2014 ón gCoimisiún, IO L 284, 30.9.2014, lch. 9.

    Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 73/2010 le héifeacht ón 27.1.2022 ar aghaidh.

    Rialachán (CE) Uimh. 255/2010 ón gCoimisiún an 25 Márta 2010 leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le bainistíocht na sreibhe aerthráchta, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 80, 26.3.2010, lch. 10, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún, IO L 281, 13.10.2012, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/886 ón gCoimisiún, IO L 205, 29.6.2020, lch. 14,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/469 ón gCoimisiún, IO L 104, 3.4.2020, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1177 ón gCoimisiún, IO L 259, 10.8.2020, lch. 12,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1006 ón gCoimisiún, IO L 165, 23.6.2016, lch. 8,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2159 ón gCoimisiún, IO L 304, 21.11.2017, lch. 45.

    Cinneadh Uimh. C(2010)5134 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2010 maidir le Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta an aerspáis Eorpaigh Aonair a ainmniú (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil).

    Rialachán (AE) Uimh. 176/2011 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2011 maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar sula mbunaítear agus sula modhnaítear bloc feidhmiúil aerspáis, IO L 51, 25.2.2011, lch. 2.

    Cinneadh Uimh. C(2011) 4130 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2011 maidir leis an mBainisteoir Líonra a ainmniú le haghaidh feidhmeanna gréasáin bainistíochta aerthráchta (ATM) an aerspáis Eorpaigh, (téacs atá ábhartha maidir le LEE) (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 lena leagtar síos na ceanglais ar aitheantas aerárthaigh le haghaidh faireachas le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 305, 23.11.2011, lch. 23, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/587 ón gCoimisiún, IO L 138, 30.4.2020, lch. 1.

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear téacs Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 1206/2011 in éineacht leis an oiriúnú seo a leanas:

    Cuirtear "UIR na hEilvéise" isteach in Iarscríbhinn I.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 1207/2011 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 lena leagtar síos na ceanglais le haghaidh feidhmíocht agus idir-inoibritheacht an fhaireachais le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 305, 23.11.2011, lch. 35, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1028/2014 ón gCoimisiún, IO L 284, 30.9.2014, lch. 7,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/386 ón gCoimisiún, IO L 59, 7.3.2017, lch. 34,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/587 ón gCoimisiún, IO L 138, 30.4.2020, lch. 1.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1265/2007, (CE) Uimh. 1794/2006, (CE) Uimh. 730/2006, (CE) Uimh. 1033/2006 agus (AE) Uimh. 255/2010, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 281, 13.10.2012, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, IO L 63, 6.3.2015, lch. 1,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1185 ón gCoimisiún, IO L 196, 21.7.2016, lch. 3,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/469 ón gCoimisiún, IO L 104, 3.4.2020, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1177 ón gCoimisiún, IO L 259, 10.8.2020, lch. 12,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/886 ón gCoimisiún, IO L 205, 29.6.2020, lch. 14.

    Rialachán (AE) Uimh. 1079/2012 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2012 lena leagtar síos na ceanglais maidir le spásáil cainéal gutha le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 320, 17.11.2012, lch. 14, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 657/2013 ón gCoimisiún, IO L 190, 11.7.2013, lch. 37,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2345 ón gCoimisiún, IO L 348, 21.12.2016, lch. 11,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2160 ón gCoimisiún, IO L 304, 21.11.2017, lch. 47.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 maidir le comhthionscadail a shainiú, rialachas a bhunú agus dreasachtaí chun tacú le cur chun feidhme an Mháistirphlean Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta a shainaithint, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 123, 4.5.2013, lch. 1, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/116 ón gCoimisiún, IO L 36, 2.2.2021, lch. 10.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/116 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2021 maidir le bunú Chomhthionscadal a hAon lena dtacaítear le cur chun feidhme an Mháistirphlean Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2014 ón gCoimisiún, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 36, 2.2.2021, lch. 10.

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán in éineacht leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

    (a)

    Cuirtear an pointe seo a leanas leis tar éis phointe 1.2.1.r): “s) Zürich Kloten”

    (b)

    Cuirtear an pointe seo a leanas leis tar éis phointe 2.2.1.r): “s) Zürich Kloten”

    (c)

    Cuirtear an pointe seo a leanas leis tar éis phointe 2.2.2.r): “s) Zürich Kloten”

    (d)

    Cuirtear na pointí seo a leanas leis tar éis phointe 2.2.3.bb): “cc) an Ghinéiv; dd) Zürich Kloten”.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1048 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2018 lena leagtar síos ceanglais úsáide aerspáis agus nósanna imeachta oibriúcháin a bhaineann le loingseoireacht feidhmíochtbhunaithe, IO L 189, 26.7.2018, lch. 3.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 28, 31.1.2019, lch. 1.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 56, 25.2.2019, lch. 1.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/709 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2019 maidir leis an mBainisteoir Líonra a cheapadh le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (ATM) an aerspáis Eorpaigh aonair, (ar tugadh fógra ina leith faoi dhoiciméad C(2019) 3228), IO L 120, 8.5.2019, lch. 27.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 195, 3.6.2021, lch. 3.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2167 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhformheastar an Plean Straitéise Líonra le haghaidh feidhmeanna bainistíochta aerthráchta an Aerspáis Eorpaigh Aonair don tréimhse 2012-2029, IO L 328, 18.12.2019, lch. 89.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2168 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 maidir le ceapachán an chathaoirligh agus na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Líonra agus chomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh feidhmeanna bainistíochta líonra aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha 2020-2024, IO L 328, 18.12.2019, lch. 90.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2012 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 maidir le díolúintí faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais ar sheirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 312, 3.12.2019, lch. 95.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach de dheasca phaindéim COVID-19, IO L 366, 4.11.2020, lch. 7.

    6.   Comhshaol agus torann

    Treoir 2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Márta 2002 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt Chomhphobail, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), (Airteagail 1-12, agus 14-18), IO L 85, 28.3.2002, lch. 40.

    (Na leasuithe ar Iarscríbhinn I, a eascraíonn as Iarscríbhinn II, Caibidil 8 (Beartas iompair), Cuid G (Aeriompar), pointe 2 den Ghníomh i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus na coigeartuithe ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, beidh feidhm ag na leasuithe sin).

    Treoir 89/629/CEE ón gComhairle an 4 Nollaig 1989 maidir le hastaíochtaí torainn ó scairdeitleáin fhoshonacha shibhialta a theorannú, IO L 363, 13.12.1989, lch. 27.

    (Airteagail 1-8).

    Treoir 2006/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le rialáil oibríocht eitleán a chumhdaítear i gCuid II, Caibidil 3, Imleabhar 1 d'Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, an dara heagrán (1988) (leagan códaithe) (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 374, 27.12.2006, lch. 1.

    7.   An tomhaltóir a chosaint

    Treoir 90/314/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe, IO L 158, 23.6.1990, lch. 59 (Airteagail 1-10).

    Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóra, IO L 95, 21.4.1993, lch. 29 (Airteagail 1-11), arna leasú le:

    Treoir 2011/83/AE, IO L 304, 22.11.2011, lch. 64.

    Rialachán (CEE) Uimh. 2027/97 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1997 maidir le dliteanas aeriompróra i ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste d'aer i gcás tionóiscí, IO L 285, 17.10.1997, lch.1 (Airteagail 1-8), arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 889/2002, IO L 140, 30.5.2002, lch. 2.

    Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 46, 17.2.2004, lch. 1.

    (Airteagail 1-18).

    Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis an gceart atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d'aer, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 204, 26.07.2006, lch. 1.

    8.   Ilghnéitheach

    Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.

    Airteagal 14(1)(b) agus Airteagal 14(2).

    9.   Iarscríbhinní:

    A

    :

    An Prótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh

    B

    :

    Forálacha maidir le rialú airgeadais an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann le rannpháirtithe na hEilvéise i ngníomhaíochtaí EASA


    (1)  IO L 224, 21.8.2012, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN A

    AN PRÓTACAL AR PHRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ AN AONTAIS EORPAIGH

    TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

    (2)   

    DE BHRÍ, de réir d'Airteagal 343 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d'Airteagal 191 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (CEFA), go mbeidh ag an Aontas Eorpach agus ag CEFA, i gcríocha na mBallstát, na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a gcúraimí a chur i gcrích,

    TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

    CAIBIDIL I

    MAOIN, CISTÍ, SÓCMHAINNÍ AGUS OIBRÍOCHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

    Airteagal 1

    Beidh áitribh agus foirgnimh an Aontais dosháraithe. Beidh siad díolmhaithe ó chuardach, fhoréileamh, choigistiú nó dhíshealbhú. Ní bheidh maoin agus sócmhainní an Aontais ina n-ábhar d'aon bheart comhéigin, riarthach ná dlíthiúil, gan údarás na Cúirte Breithiúnais.

    Airteagal 2

    Beidh cartlann an Aontais dosháraithe.

    Airteagal 3

    Beidh an tAontas, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile saortha ó gach cáin dhíreach.

    Déanfaidh Rialtais na mBallstát, i ngach cás inar féidir é, na bearta iomchuí chun méid na gcánacha indíreacha nó na gcánacha díolacháin a bheidh ar áireamh i bpraghas maoine sochorraithe nó dochorraithe a mhaitheamh nó a aisíoc nuair a dhéanann an tAontas, le haghaidh a úsáide oifigiúla, ceannacháin thábhachtacha a bhfuil cánacha den sórt sin ar áireamh ina bpraghas. Ní chuirfear na forálacha sin chun feidhme, áfach, ionas go mbeidh de thoradh orthu iomaíocht laistigh den Aontas a shaobhadh.

    Ní dheonófar saoirseacht ar bith i leith muirir, cánacha agus dleachtanna nach bhfuil iontu ach táillí as seirbhísí fóntais phoiblí.

    Airteagal 4

    Beidh an tAontas saortha ó gach dleacht chustaim, ó gach toirmeasc agus ó gach srian ar allmhairí agus onnmhairí maidir le hearraí le haghaidh a úsáide oifigiúla; ní dhéanfar earraí a allmhaireofar amhlaidh a dhiúscairt, ar íocaíocht nó gan íocaíocht, i gcríoch na tíre ar allmhairíodh isteach inti iad, ach amháin faoi choinníollacha arna bhformheas ag Rialtas na tíre sin.

    Beidh an tAontas saortha freisin ó aon dleachtanna custaim agus ó aon toirmisc agus srianta ar allmhairí agus onnmhairí maidir lena fhoilseacháin.

    CAIBIDIL II

    CUMARSÁIDÍ AGUS LAISSEZ-PASSER

    Airteagal 5

    Le haghaidh a gcumarsáidí oifigiúla agus do tharchur a ndoiciméad go léir, gheobhaidh institiúidí an Aontais i gcríoch gach Ballstáit an chóir a thugann an Stát sin do mhisin taidhleoireachta.

    Ní bheidh comhfhreagras oifigiúil ná cumarsáidí oifigiúla eile de chuid institiúidí an Aontais inchurtha faoi chinsireacht.

    Airteagal 6

    Féadfaidh Uachtaráin institiúidí an Aontais laissez-passer i bhfoirm a ordóidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, agus a dtabharfaidh údaráis na mBallstát aitheantas dóibh mar dhoiciméid taistil bhailí, a eisiúint chuig comhaltaí agus seirbhísigh na n-institiúidí sin. Eiseofar na laissez-passer sin chuig oifigigh agus seirbhísigh eile faoi choinníollacha arna leagan síos i Rialacháin Foirne oifigeach agus i gCoinníollacha Fostaíochta seirbhíseach eile an Aontais.

    Féadfaidh an Coimisiún comhaontuithe a dhéanamh chun na laissez-passer sin a aithint mar dhoiciméid taistil bhailí i gcríocha tríú tíortha.

    CAIBIDIL III

    COMHALTAÍ PHARLAIMINT NA hEORPA

    Airteagal 7

    Ní chuirfear aon srian riaracháin ná aon srian eile ar shaorghluaiseacht chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa nó uaidh.

    Tabharfar do chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, maidir le custam agus rialú malairte:

    (a)

    óna Rialtas féin, na saoráidí céanna a thugtar d'oifigigh shinsearacha agus iad ag taisteal ar an gcoigríoch ar mhisin oifigiúla shealadacha;

    (b)

    ó Rialtais Bhallstát eile, na saoráidí céanna a thugtar d'ionadaithe Rialtas eachtrach ar mhisin oifigiúla shealadacha.

    Airteagal 8

    Ní bheidh comhaltaí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh.

    Airteagal 9

    Le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, beidh ag a comhaltaí:

    (a)

    i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bparlaiminte féin;

    (b)

    i gcríoch aon Bhallstáit eile, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla.

    Bainfidh an díolúine mar an gcéanna le comhaltaí ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa agus uaidh.

    Ní féidir díolúine a éileamh nuair a gheofar comhalta i mbun cion a dhéanamh ná ní choiscfidh sí Parlaimint na hEorpa óna ceart a fheidhmiú chun díolúine dhuine dá comhaltaí a tharscaoileadh.

    CAIBIDIL IV

    IONADAITHE BALLSTÁT A GHLACANN PÁIRT IN OBAIR INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

    Airteagal 10

    Na hionadaithe do Bhallstáit a ghlacann páirt in obair institiúidí an Aontais, beidh acu féin agus ag a gcomhairleoirí agus a saineolaithe teicniúla, i gcomhlíonadh a ndualgas agus le linn a dtaistil go dtí áit an chruinnithe agus uaidh, na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnách.

    Bainfidh an tAirteagal seo freisin le comhaltaí de chomhlachtaí comhairleacha an Aontais.

    CAIBIDIL V

    OIFIGIGH AGUS SEIRBHÍSIGH EILE AN AONTAIS EORPAIGH

    Airteagal 11

    I gcríoch gach Ballstáit agus cibé náisiúntacht atá acu, na hoifigigh agus na seirbhísigh eile den Aontas:

    (a)

    beidh siad díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa, faoi réir fhorálacha na gConarthaí a bhaineann, ar thaobh amháin, leis na rialacha i dtaobh freagracht oifigeach agus seirbhíseach eile i leith an Aontais, agus ar an taobh eile, le dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breith a thabhairt ar ábhair atá faoi dhíospóid idir an tAontas agus a oifigigh agus a sheirbhísigh eile. Fanfaidh an díolúine sin acu tar éis scor dá n-oifig;

    (b)

    ní bheidh siad féin ná a gcéilí ná daoine cleithiúnacha dá dteaghlaigh inchurtha faoi shrianta inimirce ná faoi fhoirmiúlachtaí chun eachtrannaigh a chlárú;

    (c)

    tabharfar dóibh, maidir le rialacháin airgid reatha nó mhalairte, na saoráidí céanna is gnách a thabhairt d'oifigigh eagraíochtaí idirnáisiúnta;

    (d)

    beidh acu an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a allmhairiú saor ó dhleacht, ag dul i mbun a bpoist i gcéaduair dóibh sa tír áirithe, agus an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a athonnmhairiú saor ó dhleacht ar chríochnú a ndualgas sa tír sin, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le Rialtas na tíre ina bhfeidhmítear an ceart sin;

    (e)

    beidh acu an ceart chun gluaisteán le haghaidh a n-úsáide pearsanta féin a allmhairiú saor ó dhleacht, más gluaisteán é a fuarthas sa tír dheiridh ina raibh cónaí orthu nó sa tír ar náisiúnaigh di iad, ar théarmaí mhargadh baile na tíre sin, agus é a athonnmhairiú saor ó dhleacht, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le Rialtas na tíre áirithe.

    Airteagal 12

    Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais inchurtha faoi cháin, chun tairbhe don Aontas, ar thuarastail, phá agus éadálacha a d'íoc an tAontas leo, de réir na gcoinníollacha agus an nós imeachta a leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí lena mbaineann.

    Beidh siad díolmhaithe ó chánacha náisiúnta ar thuarastail, pá agus éadálacha a íocfaidh an tAontas.

    Airteagal 13

    Maidir le cáin ioncaim, cáin rachmais, agus dleachtanna báis a chur chun feidhme agus maidir le coinbhinsiúin chun cánachas dúbailte a sheachaint, a tugadh i gcrích idir Ballstáit den Aontas, a chur chun feidhme, na hoifigigh agus na seirbhísigh eile don Aontas a dhéanann, d'aon toisc mar gheall ar chomhlíonadh a ndualgas i seirbhís an Aontais, áit chónaithe a bhunú i gcríoch Bhallstáit seachas a dtír shainchónaithe chun críocha cánach le linn dóibh dul isteach i seirbhís an Aontais, measfar i dtír a gcónaithe iarbhír agus sa tír shainchónaithe chun críocha cánach, gur chothaigh siad a sainchónaí sa tír sin is déanaí atá luaite, ar choinníoll gur comhalta den Aontas í. Bainfidh an fhoráil sin le céile freisin, sa mhéid nach bhfuil an céile sin ag gabháil go leithleach do phost sochair, agus le leanaí atá i gcleithiúnas agus faoi chúram na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal seo.

    Beidh maoin shochorraithe le daoine dá dtagraítear sa mhír roimhe seo agus atá i gcríoch na tíre ina bhfuil siad ag cur fúthu saortha ó dhleachtanna báis sa tír sin; measfar, chun an dleacht sin a mheasúnú, an mhaoin sin a bheith sa tír shainchónaithe chun críocha cánach, faoi réir ceart tríú tíortha agus ar an gcuntar go bhféadfadh sé go gcuirfí chun feidhme forálacha coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chánachas dúbailte.

    Ag cur forálacha an Airteagail seo chun feidhme, déanfar neamhshuim d'aon sainchónaí a fuarthas d'aon toisc mar gheall ar dhualgais a chomhlíonadh i seirbhís eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

    Airteagal 14

    Leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí lena mbaineann scéim na sochar slándála sóisialta d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais.

    Airteagal 15

    Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach na haicmí oifigeach agus seirbhíseach eile don Aontas a mbainfidh forálacha Airteagal 11, an dara mír d'Airteagal 12 agus Airteagal 13 leo, go hiomlán nó go páirteach.

    Cuirfear ainmneacha, gráid agus seoltaí na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile a áirítear sna haicmí sin in iúl ó am go chéile do Rialtais na mBallstát.

    CAIBIDIL VI

    PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ MISEAN Ó THRÍÚ TÍORTHA A CREIDIÚNAÍODH DON AONTAS EORPACH

    Airteagal 16

    Déanfaidh an Ballstát ar ina chríoch atá a suíomh ag an Aontas na díolúintí agus na pribhléidí taidhleoireachta is gnách a thabhairt do mhisin tríú tíortha atá creidiúnaithe don Aontas.

    CAIBIDIL VII

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 17

    Is chun leasa an Aontais agus chuige sin amháin a thabharfar pribhléidí, díolúintí agus saoráidí d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais.

    Beidh de cheangal ar gach institiúid de chuid an Aontais an díolúine a tugadh d'oifigeach nó do sheirbhíseach eile a tharscaoileadh aon uair a mheasfaidh an institiúid sin nach bhfuil tarscaoileadh na díolúine sin contrártha do leasanna an Aontais.

    Airteagal 18

    D'fhonn an Prótacal seo a chur chun feidhme, comhoibreoidh institiúidí an Aontais le húdaráis fhreagracha na mBallstát lena mbaineann.

    Airteagal 19

    Bainfidh Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 le Comhaltaí an Choimisiúin.

    Airteagal 20

    Bainfidh Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 le Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoir agus Rapóirtéirí Cúnta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gan dochar do na forálacha d'Airteagal 3 den Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta a bheith díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla.

    Airteagal 21

    Bainfidh an Prótacal seo freisin leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, le comhaltaí a orgán, lena fhoireann agus le hionadaithe na mBallstát a ghlacann páirt ina ghníomhaíochtaí, gan dochar d'fhorálacha an Phrótacail ar Reacht an Bhainc.

    Beidh an Banc Eorpach Infheistíochta saortha ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla ab fhéidir a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ar an gcuma chéanna, ní thiocfaidh aon mhuirear de dhíscaoileadh ná de leachtú an Bhainc. Ar deireadh thiar, ní bheidh na gníomhaíochtaí de chuid an Bhainc agus a orgán a dhéanfar de réir a Reachta inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais.

    Airteagal 22

    Beidh an Prótacal seo infheidhme freisin ar an mBanc Ceannais Eorpach, ar chomhaltaí a orgán agus ar a fhoireann, gan dochar d'fhorálacha an Phrótacail maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

    Beidh an Banc Ceannais Eorpach díolmhaithe ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla ab fhéidir a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ní bheidh na gníomhaíochtaí de chuid an Bhainc agus a orgán a dhéanfar i gcomhréir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais.


    Aguisín a ghabhann le hIARSCRÍBHINN A

    NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LEIS AN bPRÓTACAL AR PHRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ AN AONTAIS EORPAIGH A CHUR I bhFEIDHM SAN EILVÉIS

    1.   

    Leathnú chun go mbeidh sé infheidhme san Eilvéis

    Aon áit ina bhfuil tagairtí do na Ballstáit sa Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh (dá ngairfear "an Prótacal" anseo feasta), tuigfear go mbeidh feidhm chomhionann ag na tagairtí maidir leis an Eilvéis, mura gcinnfear a mhalairt sna forálacha seo a leanas.

    2.   

    Díolúine na Gníomhaireachta ó cháin indíreach (CBL san áireamh)

    Earraí agus seirbhísí a onnmhairítear ón Eilvéis níl siad le bheith faoi réir cháin bhreisluach na hEilvéise (CBL). I gcás earraí agus seirbhísí a chuirtear ar fáil don Ghníomhaireacht san Eilvéis le haghaidh a húsáide oifigiúla, i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 3 den Phrótacal, is trí aisíocaíocht a thugtar díolúine ó CBL. Tabharfar díolúine ó CBL más 100 franc Eilvéiseach ar a laghad (lena n-áirítear cáin) praghas ceannaigh iarbhír na n-earraí agus na seirbhísí a luaitear sa sonrasc nó sa doiciméad coibhéiseach.

    Beidh an aisíocaíocht CBL le deonú nuair a thíolacfar na foirmeacha Eilvéiseacha a chuirtear ar fáil chun na críche sin do Phríomh-Roinn CBL Riarachán Cánach Cónaidhme. Mar riail, ní mór iarratais ar aisíocaíocht a phróiseáil laistigh den trí mhí tar éis an dáta a taisceadh iad in éineacht leis na doiciméid tacaíochta is gá.

    3.   

    Nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann le foireann na Gníomhaireachta

    Maidir leis an dara mír d'Airteagal 12 den Phrótacal, díolmhóidh an Eilvéis, de réir phrionsabail a dlí náisiúnta, oifigigh agus seirbhísigh eile de chuid na Gníomhaireachta de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán (Euratom ECSC, CEE) Uimh. 549/69 (1) ó chánacha cónaidhmeacha, cantúin agus pobail ar thuarastail, ar phá agus ar luach saothair a íocann an tAontas Eorpach leo agus atá faoi réir cáin inmheánach chun a tairbhe féin.

    Ní mheasfar gur Ballstát í an Eilvéis de réir bhrí phointe 1 thuas maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 13 den Phrótacal.

    Oifigigh agus seirbhísigh eile na Gníomhaireachta agus daoine dá dteaghlaigh ar baill iad den chóras árachais shóisialta is infheidhme maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile de chuid an Aontais, níl oibleagáid orthu a bheith ina mbaill de chóras slándála sóisialta na hEilvéise.

    Beidh dlínse eisiach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le haon ghnéithe a bhaineann leis an gcaidreamh idir an Ghníomhaireacht nó an Coimisiún agus a foireann i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (CEE, Euratom, ECSC) Uimh. 259/68 (2) agus forálacha eile dhlí an Aontais Eorpaigh lena leagtar síos coinníollacha oibre.


    (1)  Rialachán (Euratom, CEGC, CEE) Uimh. 549/69 ón gComhairle an 25 Márta 1969 lena gcinntear na catagóirí oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid na gComhphobal Eorpach a bhfuil feidhm ag forálacha Airteagal 12, an dara mír d'Airteagal 13 agus Airteagal 14 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal maidir leo (IO L 74, 27.3.1969, lch. 1). Rialachán a leasaíodh go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1749/2002 ón gCoimisiún (IO L 264, 2.10.2002, lch. 13).

    (2)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile) (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1). Rialachán a leasaíodh go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 2104/2005 ón gCoimisiún (IO L 337, 22.12.2005, lch. 7).


    IARSCRÍBHINN B

    RIALÚ AIRGEADAIS A MHÉID A BHAINEANN LE RANNPHÁIRTITHE I nGNÍOMHAÍOCHTAÍ DEN CHOMHAONTÚ AERLOINGSEOIREACHTA EORPACH

    Airteagal 1

    Cumarsáid dhíreach

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún cumarsáid dhíreach le gach duine nó gach eintiteas a bhunaítear san Eilvéis agus a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, mar chonraitheoirí, mar rannpháirtithe i gcláir na Gníomhaireachta, faighteoirí íocaíochtaí ón nGníomhaireacht nó ó bhuiséad an Chomhphobail, nó fo-chonraitheoirí. An fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha uile is gá dóibh a thíolacadh ar bhonn na n-ionstraimí dá dtagraítear sa Chinneadh seo agus ar bhonn na gconarthaí nó na gcomhaontuithe a tugadh i gcrích mar aon le haon chinntí arna nglacadh dá mbun, féadfaidh na daoine sin an fhaisnéis agus na doiciméid sin a chur go díreach chuig an gCoimisiún agus chuig an nGníomhaireacht.

    Airteagal 2

    Seiceálacha

    1.   I gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (1) agus an Rialachán Airgeadais a ghlac Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta an 26 Márta 2003, agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais i ndáil leis na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle i dtaca leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (2) agus leis na hionstraimí eile dá dtagraítear sa Chinneadh seo, conarthaí nó comhaontuithe a thugtar i gcrích agus cinntí a ghlactar le tairbhithe atá bunaithe san Eilvéis d'fhéadfaí foráil a dhéanamh iontu go ndéanfaidh oifigigh na Gníomhaireachta agus oifigigh de chuid an Choimisiúin nó daoine eile a bhfuil sainordú acu ón nGníomhaireacht agus ón gCoimisiún iniúchtaí eolaíocha, airgeadais, teicneolaíochta nó iniúchtaí eile tráth ar bith ar áitreabh na dtairbhithe agus a bhfochonraitheoirí.

    2.   Beidh rochtain iomchuí ag oifigigh de chuid na Gníomhaireachta agus ag oifigigh an Choimisiúin agus ag daoine eile a bhfuil sainordú acu ón nGníomhaireacht agus ón gCoimisiún, ar láithreáin, oibreacha agus ar dhoiciméid agus ar an bhfaisnéis uile is gá chun iniúchtaí den sórt sin a dhéanamh, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach. Déanfar an ceart rochtana sin a shonrú go sainráite sna conarthaí nó sna comhaontuithe a thugtar i gcrích chun na hionstraimí dá dtagraítear sa Chinneadh seo a chur chun feidhme.

    3.   Beidh na cearta céanna ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus atá ag an gCoimisiún.

    4.   Is féidir na hiniúchtaí a dhéanamh go dtí cúig bliana tar éis don Chinneadh seo dul in éag nó faoi théarmaí na gconarthaí nó na gcomhaontuithe a tugadh i gcrích agus na gcinntí a glacadh.

    5.   Ní mór Oifig Iniúchóireachta Chónaidhm na hEilvéise a chur ar an eolas roimh ré faoi iniúchtaí a dhéantar ar chríoch na hEilvéise. Ní bheidh an fhaisnéis sin ina choinníoll dhlíthiúil chun iniúchtaí den sórt sin a dhéanamh.

    Airteagal 3

    Seiceálacha ar an láthair

    1.   Faoin gComhaontú seo, tugtar údarú don Choimisiún (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar chríoch na hEilvéise, faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (3).

    2.   Déanfaidh an Coimisiún seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a ullmhú agus a chur i gcrích i ndlúthchomhar le hOifig Iniúchóireachta Chónaidhm na hEilvéise nó le húdaráis inniúla eile na hEilvéise a cheapfaidh Oifig Iniúchóireachta Chónaidhm na hEilvéise, a dtabharfar fógra di in am trátha maidir le cuspóir, aidhm agus bonn dlíthiúil na seiceálacha agus na gcigireachtaí, ionas go mbeidh siad in ann an chabhair uile is gá a thabhairt. Chuige sin, féadfaidh oifigigh údaráis inniúla na hEilvéise páirt a ghlacadh sna seiceálacha agus sna seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair.

    3.   Más mian le húdaráis inniúla na hEilvéise lena mbaineann, is féidir na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh go comhpháirteach idir an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise.

    4.   I gcás ina gcuireann rannpháirtithe an chláir in aghaidh sheiceáil nó chigireacht ar an láthair, tabharfaidh údaráis na hEilvéise, ag feidhmiú dóibh i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, an cúnamh is gá do chigirí an Choimisiúin chun a ndualgas a chomhlíonadh agus seiceáil nó cigireacht ar an láthair á déanamh acu.

    5.   Tuairisceoidh an Coimisiún a luaithe agus is féidir d'Oifig Iniúchóireachta Chónaidhm na hEilvéise faoi aon fhíoras nó amhras i ndáil le neamhrialtacht atá tugtha faoi deara aige le linn na seiceála nó na cigireachta ar an láthair. In aon chás, ceanglaítear ar an gCoimisiún an t-údarás réamhluaite a chur ar an eolas maidir le toradh na seiceálacha agus na gcigireachtaí sin.

    Airteagal 4

    Faisnéis agus comhairliúchán

    1.   Chun críche fhorfheidhmiú mar is ceart na hIarscríbhinne seo, déanfaidh údaráis inniúla na hEilvéise agus údaráis an Chomhphobail faisnéis a mhalartú ar bhonn rialta agus, arna iarraidh sin ag aon cheann de na Páirtithe, reáchtálfaidh siad comhairliúcháin.

    2.   Cuirfidh údaráis inniúla na hEilvéise an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill faoi aon fhíoras nó amhras a bheidh ann agus a bhfuil siad eolach air a bhaineann le neamhrialtacht i ndáil le tabhairt i gcrích agus cur chun feidhme na gconarthaí nó na gcomhaontuithe a tugadh i gcrích i gcur i bhfeidhm na n-ionstraimí dá dtagraítear sa Chinneadh seo.

    Airteagal 5

    Rúndacht

    Faisnéis a chuirtear in iúl nó a fhaightear in aon fhoirm de bhun na hIarscríbhinne seo, beidh sí faoi chumhdach na rúndachta gairmiúla agus cosnófar í ar an gcaoi chéanna a gcosnaítear faisnéis dá samhail le reachtaíocht náisiúnta na hEilvéise agus leis na forálacha comhfhreagracha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Chomhphobail. Ní chuirfear faisnéis den sórt sin in iúl do dhaoine eile seachas iad siúd atá laistigh d'institiúidí an Chomhphobail, sna Ballstáit nó san Eilvéis a gceanglaíonn a bhfeidhmeanna orthu a bheith ar an eolas fúithi, agus ní fhéadfar í a úsáid chun críocha seachas chun cosaint éifeachtach leasanna airgeadais na bPáirtithe Conarthacha a áirithiú.

    Airteagal 6

    Bearta agus pionóis riaracháin

    Gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí coiriúil na hEilvéise, féadfaidh an Ghníomhaireacht nó an Coimisiún bearta riaracháin agus pionóis riaracháin a fhorchur i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (4).

    Airteagal 7

    Téarnamh agus forfheidhmiú

    Cinntí a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht nó an Coimisiún laistigh de raon feidhme an Chinnidh seo agus lena bhforchuirtear oibleagáid airgid ar dhaoine seachas ar Stáit, beidh na cinntí sin infhorfheidhmithe san Eilvéis.

    Ní mór an t-ordú forfheidhmithe a eisiúint gan aon rialú breise seachas fíorú bharántúlacht an ghnímh, ón údarás arna ainmniú ag rialtas na hEilvéise, údarás nach mór dó é sin a chur in iúl don Ghníomhaireacht nó don Choimisiún. Ní mór an forfheidhmiú a dhéanamh i gcomhréir le rialacha nós imeachta na hEilvéise. Tá dlíthiúlacht an chinnidh maidir le forfheidhmiú faoi réir rialú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

    Breithiúnais a thugann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun clásal eadrána, tá siad infhorfheidhmithe de réir na dtéarmaí céanna.


    (1)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

    (2)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

    (3)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

    (4)  IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.


    Top