This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22017A0915(01)
Framework Agreement between the European Union and its Member States, of the one part, and Australia, of the other part
AISTRIÚCHÁN Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Astráil, den pháirt eile
AISTRIÚCHÁN Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Astráil, den pháirt eile
ST/9776/2016/INIT
IO L 237, 15.9.2017, p. 7–35
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO L 255, 3.10.2022, p. 3–26
(GA)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2017/1546/oj
3.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 255/3 |
AISTRIÚCHÁN
CREAT-CHOMHAONTÚ
idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Astráil, den pháirt eile
Tá an tAontas Eorpach (dá ngairtear “an tAontas” anseo feasta),
agus
RÍOCHT NA BEILGE,
POBLACHT NA BULGÁIRE,
POBLACHT NA SEICE,
RÍOCHT NA DANMHAIRGE,
POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,
POBLACHT NA hEASTÓINE,
ÉIRE,
AN PHOBLACHT HEILLÉANACH,
RÍOCHT NA SPÁINNE,
POBLACHT NA FRAINCE,
POBLACHT NA CRÓITE,
POBLACHT NA hIODÁILE,
POBLACHT NA CIPIRE,
POBLACHT NA LAITVIA,
POBLACHT NA LIOTUÁINE,
ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG,
AN UNGÁIR,
POBLACHT MHÁLTA,
RÍOCHT NA hÍSILTÍRE,
POBLACHT NA hOSTAIRE,
POBLACHT NA POLAINNE,
POBLACHT NA PORTAINGÉILE,
AN RÓMÁIN,
POBLACHT NA SLÓIVÉINE,
POBLACHT NA SLÓVAICE,
POBLACHT NA FIONLAINNE,
RÍOCHT NA SUALAINNE,
RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,
Ballstáit an Aontais Eorpaigh, dá ngairtear “na Ballstáit” anseo feasta,
de pháirt, agus
AN ASTRÁIL,
den pháirt eile,
dá ngairtear “na Páirtithe” anseo feasta,
AG FÉACHAINT dá luachanna comhroinnte agus dá ndlúthcheangail stairiúla, polaitiúla, eacnamaíocha agus chultúrtha;
ÓS DÍOL SÁSAIMH DI an dul chun cinn atá déanta maidir lena gcaidreamh fadtéarmach agus comhthairbheach a fhorbairt trí ghlacadh an Dearbhaithe Chomhpháirtigh maidir leis an gCaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Astráil an 26 Meitheamh 1997 agus trí chur chun feidhme Chlár Oibre 2003 don Chomhar;
Á AITHINT DÓIBH an rannpháirtíocht agus an comhar athbheoite idir an Astráil agus an tAontas ó forbraíodh Creat Comhpháirtíochta na hAstráile-an Aontais Eorpaigh a glacadh an 29 Deireadh Fómhair 2008;
Á ATHDHEARBHÚ DÓIBH a dtiomantas do chuspóirí agus do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe (“Cairt NA”) agus do ról na Náisiún Aontaithe (“NA”) a neartú;
Á ATHDHEARBHÚ DÓIBH a dtiomantas do phrionsabail an daonlathais agus do chearta an duine mar a leagtar síos i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus in ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile maidir le cearta an duine mar aon le prionsabail an smachta reachta agus an dea-rialachais;
Á CHUR I dTÁBHACHT DÓIBH cineál cuimsitheach a gcaidreamh agus a thábhachtaí atá sé creat comhleanúnach a chur ar fáil chun forbairt an chaidrimh sin a chur chun cinn;
Á CHUR I bhFIOS an toil atá iontu comhpháirtíocht neartaithe a dhéanamh den chaidreamh atá eatarthu;
Á DHEARBHÚ DÓIBH gurb é is mian dóibh an t-idirphlé polaitiúil agus an comhar a neartú agus a fhorbairt;
AGUS É DE RÚN DAINGEAN ACU an comhar i réimsí leasa fhrithpháirtigh a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a éagsúlú, ar an leibhéal déthaobhach, réigiúnach agus domhanda, agus chun a gcomhleasa;
Á CHUR I bhFIOS a dtiomantas timpeallacht a chruthú a chabhródh le trádáil dhéthaobhach agus le hinfheistíocht dhéthaobhach níos fearr;
Á DEARBHÚ DÓIBH a dtoil an comhar a neartú i réimse an cheartais, na saoirse agus na slándála;
Á AITHINT DÓIBH na leasanna frithpháirteacha a bhaineann le comhar feabhsaithe i réimsí an oideachais, an chultúir, an taighde agus na nuálaíochta;
Á CHUR I bhFIOS a dtoil an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn ina gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil;
AG TÓGÁIL AR na comhaontuithe a tugadh i gcrích idir an tAontas agus an Astráil, go háirithe maidir leis an eolaíocht, aersheirbhísí, fíon, slándáil faisnéise rúnaicmithe, nósanna imeachta um measúnú comhréireachta le haghaidh táirgí tionsclaíocha agus le malartú sonraí aerphaisinéirí;
AG TABHAIRT DÁ nAIRE, i gcás inar chinn na Páirtithe, faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, comhaontuithe sonracha a dhéanamh sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhí le tabhairt i gcrích ag an Aontas de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nach mbeadh forálacha na gcomhaontuithe todhchaí sin ina gceangal ar an Ríocht Aontaithe agus/ná ar Éirinn mura dtugann an tAontas, go comhuaineach leis an Ríocht Aontaithe agus/nó Éire a mhéid a bhaineann lena gcaidreamh déthaobhach faoi seach, fógra don Astráil go bhfuil an Ríocht Aontaithe agus/nó Éire tar éis teacht chun bheith faoi cheangal ag na comhaontuithe sin mar chuid den Aontas, i gcomhréir le Prótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Mar an gcéanna, aon bhearta inmheánacha de chuid an Aontais a bheadh le glacadh ina dhiaidh sin de bhun Theideal V thuasluaite chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme, ní bheidís ina gceangal ar an Ríocht Aontaithe agus/ná ar Éirinn mura mbeidh curtha in iúl acu gur mian leo bheith rannpháirteach nó glacadh leis na bearta sin i gcomhréir le Prótacal Uimh. 21. Ag tabhairt dá n-aire freisin go dtiocfadh comhaontuithe den sórt sin amach anseo nó bearta inmheánacha an Aontais ina dhiaidh sin faoi Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis na Conarthaí sin,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
TEIDEAL I
CUSPÓIR AGUS BONN AN CHOMHAONTAITHE
Airteagal 1
Cuspóir an Chomhaontaithe
1. Is é cuspóir an Chomhaontaithe seo:
(a) |
comhpháirtíocht neartaithe a bhunú idir na Páirtithe; |
(b) |
creat a sholáthar chun comhar a éascú agus a chur chun cinn thar raon leathan réimsí leasa fhrithpháirtigh; agus |
(c) |
feabhas a chur ar an gcomhar chun réitigh a fhorbairt ar dhúshláin réigiúnacha agus dhomhanda. |
2. Sa chomhthéacs sin, dearbhaíonn na Páirtithe go bhfuil siad tiomanta don idirphlé polaitiúil ardleibhéil a threisiú, agus athdhearbhaíonn siad na comhluachanna agus na comhphrionsabail atá mar bhonn agus mar thaca dá gcaidreamh déthaobhach agus atá mar bhonn don chomhar.
Airteagal 2
An bonn comhair
1. Comhaontaíonn na Páirtithe a gcaidreamh straitéiseach a neartú agus an comhar a threisiú ar an leibhéal déthaobhach, réigiúnach agus domhanda, ar bhonn comhluachanna agus comhleasanna.
2. Deimhníonn na Páirtithe a dtiomantas do phrionsabail an daonlathais, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha agus don smacht reachta. Tá urraim do phrionsabail an daonlathais agus do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha mar a leagtar síos i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine , mar a chuirtear in iúl sa Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus sa Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, agus ionstraimí idirnáisiúnta eile maidir le cearta an duine atá daingnithe ag na Páirtithe nó ar aontaigh siad dóibh, agus do phrionsabal an smachta reachta, mar bhonn agus mar thaca ag beartais intíre agus idirnáisiúnta na bPáirtithe agus is gné bhunriachtanach den Chomhaontú seo í.
3. Dearbhaíonn na páirtithe go dtacaíonn siad go láidir le Cairt na Náisiún Aontaithe agus leis na comhluachanna a chuirtear in iúl inti.
4. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a dtiomantas gach gné den fhorbairt inbhuanaithe agus den fhás inbhuanaithe a chur chun cinn, rannchuidiú le baint amach na spriocanna forbartha a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta agus comhoibriú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda chomhshaoil, lena n-áirítear an t-athrú aeráide.
5. Cuireann na Páirtithe i dtábhacht a dtiomantas comhroinnte do chineál cuimsitheach a gcaidrimh dhéthaobhaigh agus do chomhleanúnachas foriomlán a choinneáil i ndáil leis sin, ar bhonn an Chomhaontaithe seo.
6. Beidh cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo bunaithe ar phrionsabail an idirphlé, na hurraime frithpháirtí, na comhpháirtíochta comhionainne, na comhthola agus na hurraime don dlí idirnáisiúnta.
TEIDEAL II
IDIRPHLÉ POLAITIÚIL AGUS COMHAR MAIDIR LE hÁBHAIR BEARTAIS EACHTRAIGH AGUS SLÁNDÁLA
Airteagal 3
Idirphlé polaitiúil
1. Comhaontaíonn na Páirtithe go gcuirfidh siad feabhas ar an idirphlé rialta polaitiúil.
2. Beidh sé d’aidhm ag an idirphlé polaitiúil an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
forbairt an chaidrimh dhéthaobhaigh a chur chun cinn; agus |
(b) |
cur chuige coiteann na bPáirtithe a neartú agus raon feidhme an chomhair maidir le dúshláin agus saincheisteanna réigiúnacha agus domhanda a shainaithint. |
3. Is sna foirmeacha seo a leanas, go háirithe, a dhéanfar idirphlé idir na Páirtithe:
(a) |
comhairliúcháin, cruinnithe agus cuairteanna ar leibhéal na gceannairí, a thionólfar aon uair a mheasfaidh na Páirtithe gur gá sin; |
(b) |
comhairliúcháin, cruinnithe agus cuairteanna ar leibhéal aireachta, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na n-airí gnóthaí eachtracha, agus cruinnithe aireachta maidir le saincheisteanna trádála agus saincheisteanna eile de réir mar a chinnfidh na Páirtithe, a thionólfar cibé ócáidí agus i cibé láithreacha a chinnfidh na Páirtithe; |
(c) |
cruinnithe rialta ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach, a thionólfar de réir mar is iomchuí maidir le saincheisteanna déthaobhacha, beartas eachtrach, slándáil idirnáisiúnta, frithsceimhlitheoireacht, trádáil, comhar um fhorbairt, athrú aeráide agus saincheisteanna eile de réir mar a chinnfidh na Páirtithe; |
(d) |
idirphlé earnála maidir le saincheisteanna leasa choitinn; agus |
(e) |
malartú toscaireachtaí agus teagmhálacha eile idir Parlaimint na hAstráile agus Parlaimint na hEorpa. |
Airteagal 4
Tiomantas do phrionsabail an daonlathais, do chearta an duine agus don smacht reachta
Comhaontaíonn na Páirtithe an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
croíphrionsabail maidir le luachanna daonlathacha, cearta an duine agus an smacht reachta a chur chun cinn, lena n-áirítear i bhfóraim iltaobhacha; |
(b) |
comhoibriú agus comhordú, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear le tríú tíortha, maidir le prionsabail an daonlathais, cearta an duine agus an smacht reachta a chur chun cinn go praiticiúil; |
(c) |
rannpháirtíocht a chothú in iarrachtaí a chéile chun an daonlathas a chur chun cinn, lena n-áirítear trí shocruithe a bhunú chun rannpháirtíocht i misin bhreathnóireachta toghchán a éascú. |
Airteagal 5
Bainistiú géarchéime
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe go bhfuil siad tiomanta don chomhar agus an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta á gcur chun cinn.
2. Chuige sin, féachfaidh siad ar bhealaí chun gníomhaíochtaí bainistithe géarchéime a chomhordú, lena n-áirítear comhar a d’fhéadfadh a bheith ann in oibríochtaí bainistithe géarchéime.
3. Oibreoidh na Páirtithe chun an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Astráil lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht na hAstráile in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme.
Airteagal 6
Gníomhú i gcoinne iomadú na n-arm ollscriosta
1. Is é breith na bPáirtithe gurb é atá in iomadú na n-arm ollscriosta (“AOS”), agus na bealaí lena seachadadh, ar ghníomhaithe Stáit agus gníomhaithe neamhstáit araon, ceann de na bagairtí is tromchúisí ar an gcobhsaíocht agus ar an tslándáil idirnáisiúnta.
2. Comhaontaíonn na Páirtithe go n-oibreoidh siad i gcomhar le chéile agus go rannchuideoidh siad le hiomadú na n-arm ollscriosta agus a modhanna seachadta a chomhrac trí na hoibleagáidí atá orthu cheana féin faoi chonarthaí agus comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le dí-armáil agus neamhleathadh agus faoi chomhaontuithe ábhartha eile a dhaingnigh na Páirtithe nó a d’aontaigh na Páirtithe dóibh a chur chun feidhme ina n-iomláine. Comhaontaíonn na Páirtithe gur gné bhunriachtanach den Chomhaontú seo í an fhoráil seo.
3. Comhaontaíonn na Páirtithe thairis sin go n-oibreoidh siad i gcomhar le chéile agus go rannchuideoidh siad le hiomadú na n-arm ollscriosta agus a modhanna seachadta a chosc trí an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
gach beart is gá a dhéanamh, chun gach ionstraim idirnáisiúnta ábhartha eile a shíniú, a dhaingniú, nó aontú di, de réir mar is iomchuí, agus chun ionstraimí den sórt sin a chur chun feidhme; |
(b) |
trí chóras náisiúnta éifeachtach rialaithe onnmhairí a chothabháil, lena rialófaí onnmhairiú agus aistriú earraí atá bainteach le AOS lena n-áirítear rialú ar úsáid deiridh AOS i leith teicneolaíochtaí dé-úsáide agus ina bhfuil smachtbhannaí éifeachtacha i leith sáruithe ar rialuithe onnmhairiúcháin; |
(c) |
cur chun feidhme na rún ábhartha uile ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn; |
(d) |
comhoibriú i bhfóraim iltaobhacha agus i gcórais iltaobhacha rialaithe onnmhairí chun neamhleathadh AOS a chur chun cinn; |
(e) |
oibriú i gcomhair le chéile agus comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí for-rochtana a bhaineann le sábháilteacht cheimiceach, bhitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach, le slándáil agus le neamhleathadh agus le smachtbhannaí; agus |
(f) |
faisnéis ábhartha a mhalartú maidir leis na bearta arna ndéanamh faoin Airteagal seo, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach. |
4. Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé polaitiúil rialta a chothabháil a ghabhfaidh leis na gnéithe sin agus a chomhdhlúthófar iad.
Airteagal 7
Mionairm agus airm éadroma agus gnáth-airm eile
1. Aithníonn na Comhpháirtithe an bhagairt thromchúiseach don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta a bhaineann le monarú, aistriú agus scaipeadh aindleathach mionairm agus armáin éadroma (SALW), agus a n-armlón, agus an iomarca díobh a charnadh, droch-bhainistiú a dhéanamh orthu, stoc-chairn díobh a dhaingniú go míchuí agus iad a leathadh gan rialú.
2. Comhaontaíonn na Páirtithe a n-oibleagáidí a urramú agus a chur chun feidhme go hiomlán chun déileáil leis an trádáil aindleathach i SALW, agus a n-armlón, faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta atá ann cheana a dhaingnigh an Astráil agus an tAontas agus/nó a Bhallstáit nó a d’aontaigh siad dóibh, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí agus le rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
3. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le córais bhaile rialaithe chun gnáth-airm a aistriú i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le rialuithe den chineál sin a chur i bhfeidhm ar bhealach freagrach, mar rannchuidiú don tsíocháin, don tslándáil agus don chobhsaíocht idirnáisiúnta agus réigiúnach agus chun fulaingt an chine dhaonna a laghdú, agus chun seachrán gnáth-arm a chosc.
4. Gabhann na Comhpháirtithe ar láimh i ndáil leis sin féachaint leis an gConradh Trádála Arm a chur chun feidhme go hiomlán agus comhoibriú lena chéile faoi chreat an Chonartha, lena n-áirítear maidir le huiliú agus cur chun feidhme iomlán an Chonartha a chur chun cinn sna Ballstáit NA uile.
5. Gabhann na Páirtithe orthu féin comhoibriú lena chéile agus comhordú, comhlántacht agus sineirgíocht a áirithiú ina n-iarrachtaí chun déileáil leis an trádáil aindleathach in SALW agus a n-armlón, ar an leibhéal domhanda, réigiúnach, foréigiúnach agus náisiúnta, chun cur chun feidhme éifeachtach trádbhaic arm, arna gcinneadh ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, a áirithiú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe.
Airteagal 8
Coireanna tromchúiseacha ar ábhar imní idirnáisiúnta iad agus an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe nár cheart na coireanna is tromchúisí ar údar imní iad don phobal idirnáisiúnta ina iomláine a bheith gan phionós agus gur cheart a áirithiú go ndéanfar iad a ionchúiseamh go héifeachtach trí bhearta a dhéanamh ar an leibhéal baile nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear tríd an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.
2. Comhaontaíonn na Páirtithe oibriú le chéile chun aidhmeanna agus cuspóirí Reacht na Róimhe a chur chun cinn agus chuige sin comhaontaíonn siad an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
leanúint de chéimeanna a ghlacadh chun Reacht na Róimhe a chur chun feidhme agus féachaint ar ionstraimí gaolmhara (amhail an Comhaontú maidir le Pribhléidí agus Díolúintí ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta) a dhaingniú agus a chur chun feidhme; |
(b) |
leanúint d’aontachas uilíoch le Reacht na Róimhe a chur chun cinn, lena n-áirítear trí thaithí a roinnt le Stáit eile maidir leis na bearta is gá a ghlacadh chun Reacht na Róimhe a dhaingniú agus a chur chun feidhme; agus |
(c) |
sláine Reacht na Róimhe a chosaint trí chroíphrionsabail an Reachta a chosaint, lena n-áirítear trí staonadh ó dhul i mbun comhaontuithe neamhghéarachais (ar a dtugtar “comhaontuithe Airteagal 98” freisin) le tríú Stáit agus tíortha eile a spreagadh staonadh freisin. |
Airteagal 9
Comhar chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac agus urraim iomlán á tabhairt don smacht reachta agus do chearta an duine agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear Cairt na Náisiún Aontaithe, coinbhinsiúin idirnáisiúnta frithsceimhlitheoireachta, Rúin ábhartha Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, an dlí um dhídeanaithe agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta.
2. Sa chomhthéacs sin agus ag cur san áireamh Straitéis Dhomhanda Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe, atá i Rún 60/288 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 8 Meán Fómhair 2006 agus sna hathbhreithnithe ar a cur chun feidhme, comhaontaíonn na Páirtithe comhoibriú chun gníomhartha sceimhlitheoireachta a chosc agus a chur faoi chois, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
faisnéis faoi ghrúpaí sceimhlitheoireachta agus a líonraí tacaíochta a mhalartú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus náisiúnta; |
(b) |
tuairimí a mhalartú maidir le bealaí agus modhanna a úsáidtear chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, lena n-áirítear i réimsí teicniúla agus maidir le hoiliúint, agus taithí a roinnt maidir leis an sceimhlitheoireacht a chosc; |
(c) |
réimsí a shainaithint le haghaidh comhair amach anseo, lena n-áirítear maidir le hearcú agus radacú a chosc agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, agus trí chomhpháirtíochtaí le tríú tíortha; |
(d) |
i gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí, tacú le tionscnaimh réigiúnacha le haghaidh comhar i bhforfheidhmiú an dlí chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, bunaithe ar urraim iomlán do chearta an duine agus don smacht reachta; |
(e) |
oibriú le chéile chun an comhdhearcadh idirnáisiúnta a neartú maidir leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus a creat normatach, agus oibriú i dtreo comhaontú maidir leis an gCoinbhinsiún Cuimsitheach um Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta; |
(f) |
comhar a chur chun cinn i measc Bhallstáit de chuid na Náisiún Aontaithe chun Straitéis Dhomhanda Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme go héifeachtach trí gach meán iomchuí; agus |
(g) |
dea-chleachtais a mhalartú maidir le cearta an duine a chosaint sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta. |
3. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a thiomanta atá siad oibriú le chéile, i gcás inarb iomchuí, chun cúnamh frithsceimhlitheoireachta forbartha acmhainní a chur ar fáil do stáit eile a bhfuil acmhainní agus saineolas ag teastáil uathu chun gníomhaíocht sceimhlitheoireachta a chosc agus chun freagairt di.
4. Comhaontaíonn na Páirtithe comhoibriú go dlúth faoi chuimsiú an Fhóraim Frithsceimhlitheoireachta Dhomhanda agus a chuid meithleacha.
5. Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé rialta a choinneáil ar bun ar leibhéal na n-oifigeach maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht.
Airteagal 10
Comhar in eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta
Gabhann na Páirtithe orthu féin comhoibriú trí thuairimí a mhalartú agus, i gcás inarb iomchuí, trí sheasaimh a chomhordú in eagraíochtaí agus i bhfóraim idirnáisiúnta agus réigiúnacha, lena n-áirítear na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí speisialaithe, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (“EDT”), Grúpa an Fhichead (“G20”), an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (“ECFE”), Grúpa an Bhainc Dhomhanda agus bainc forbartha réigiúnacha, an cruinniú Áise-Eoraip (“ASEM”), an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (“ESCE”), Fóram Réigiúnach Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, Fóram Oileáin an Aigéin Chiúin agus Ardrúnaíocht Phobal an Aigéin Chiúin.
Airteagal 11
An tslándáil idirnáisiúnta agus an cibearspás
Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an comhar agus an malartú tuairimí i réimse na slándála idirnáisiúnta agus an chibearspáis, lena n-áirítear maidir le noirm iompraíochta agus cur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta sa chibearspás, forbairt beart forbartha muiníne agus fothú acmhainneachta.
TEIDEAL III
COMHAR MAIDIR LE FORBAIRT DHOMHANDA AGUS CABHAIR DHAONNÚIL
Airteagal 12
An fhorbairt
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a thiomanta atá siad rannchuidiú leis an bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe agus le laghdú na bochtaineachta, leis an gcomhar maidir le forbairt idirnáisiúnta a neartú agus le héifeachtacht cabhrach agus forbartha a chur chun cinn, agus béim ar leith á leagan ar an gcur chun feidhme ar leibhéal na tíre.
2. Aithníonn na Páirtithe an luach a bhaineann le bheith ag obair le chéile lena áirithiú go mbeidh éifeacht, cumhacht agus tionchar níos mó ag na gníomhaíochtaí forbartha.
3. Chuige sin, comhaontaíonn na Páirtithe an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
idirphlé rialta beartais a dhéanamh maidir le comhar um fhorbairt; |
(b) |
tuairimí a mhalartú agus, i gcás inarb iomchuí, seasaimh a chomhordú maidir le saincheisteanna forbartha i bhfóraim réigiúnacha agus idirnáisiúnta chun fás cuimsitheach inbhuanaithe a chur chun cinn don fhorbairt dhaonna; |
(c) |
faisnéis a mhalartú maidir lena gcláir forbartha faoi seach agus, i gcás inarb iomchuí, a rannpháirtíocht intíre a chomhordú chun a rannchuidiú leis an bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe agus le laghdú na bochtaineachta a mhéadú trí shineirgí a chur chun cinn idir a gcláir faoi seach, trí fheabhas a chur ar roinnt an tsaothair agus trí fheabhas a chur ar an éifeachtacht ar an láthair; agus |
(d) |
gabháil orthu féin comhoibriú thar ceann a chéile i ndáil le cabhair tharmligthe, i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar shocruithe arna gcinneadh go frithpháirteach ag na Páirtithe. |
Airteagal 13
Cabhair dhaonnúil
Athdhearbhaíonn na Páirtithe a dtiomantas coiteann don chabhair dhaonnúil agus féachfaidh siad le freagairtí comhordaithe a chur ar fáil de réir mar is iomchuí.
TEIDEAL IV
COMHAR MAIDIR LE hÁBHAIR EACNAMAÍOCHA AGUS TRÁDÁLA
Airteagal 14
Idirphlé maidir leis an mbeartas eacnamaíoch
Comhaontaíonn na Páirtithe an t-idirphlé idir a n-údaráis a choinneáil ar bun agus malartú faisnéise agus comhroinnt taithí maidir le beartais mhaicreacnamaíocha agus treochtaí maicreacnamaíocha a chur chun cinn, lena n-áirítear faisnéis a mhalartú maidir le comhordú beartas eacnamaíoch i gcomhthéacs an chomhair agus an chomhtháthaithe eacnamaíoch réigiúnaigh.
Airteagal 15
Idirphlé agus comhar trádála agus infheistíochta
1. Gabhann na Páirtithe orthu féin comhoibriú chun na coinníollacha le haghaidh breis trádála agus infheistíochta eatarthu a áirithiú agus chun an trádáil agus an infheistíocht sin a chur chun cinn.
2. Tá na Páirtithe tiomanta d’idirphlé ardleibhéil agus don chomhar i réimsí a bhaineann leis an trádáil agus an infheistíocht chun sreafaí déthaobhacha trádála agus infheistíochta a éascú, constaicí trádála agus infheistíochta nach mbaineann le taraifí a chosc agus a bhaint, trédhearcacht a fheabhsú agus an córas iltaobhach trádála a chur chun cinn.
3. Áireofar an méid seo a leanas san idirphlé maidir le saincheisteanna trádála agus infheistíochta:
(a) |
idirphlé bliantúil maidir leis an mbeartas trádála, ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach agus arna chomhlánú ag cruinnithe aireachta maidir le trádáil, nuair a chinnfidh na Páirtithe é; |
(b) |
idirphlé maidir le trádáil agus margaíocht talmhaíochta, saincheisteanna sláintíochta agus fíteashláintíochta; agus |
(c) |
malartuithe earnála eile nuair a chinnfidh na Páirtithe iad; |
4. Coinneoidh na Páirtithe a chéile ar an eolas agus malartóidh siad tuairimí maidir le forbairt na trádála agus na hinfheistíochta déthaobhaí agus idirnáisiúnta agus maidir le gnéithe de bheartais eile a bhaineann leis an trádáil agus an infheistíocht, lena n-áirítear saincheisteanna rialála a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an trádáil agus ar an infheistíocht dhéthaobhach.
5. Malartóidh na Páirtithe faisnéis faoina gcur chuige beartais i leith comhaontuithe saorthrádála agus faoina gcláir oibre maidir le comhaontuithe saorthrádála faoi seach. Ní cheanglaítear ná ní choisctear leis an gComhaontú seo caibidlíocht agus tabhairt i gcrích comhaontaithe saorthrádála idir na Páirtithe amach anseo chun na forálacha eacnamaíocha sa Chomhaontú seo a chomhlánú agus a leathnú.
6. Á aithint dóibh an luach a bhaineann le léirscaoileadh trádála mar spreagadh fáis eacnamaíoch dhomhanda agus a thábhachtaí atá sé é sin a shaothrú trí chóras iltaobhach trádála atá bunaithe ar rialacha, dearbhaíonn na Páirtithe go bhfuil siad tiomanta oibriú le chéile laistigh den Eagraíocht Dhomhanda Trádála chun tuilleadh léirscaoileadh trádála a bhaint amach.
Airteagal 16
Infheistíocht
Cuirfidh na Páirtithe timpeallacht tharraingteach chobhsaí chun cinn le haghaidh na hinfheistíochta sa dá threo trí bhíthin idirphlé, timpeallacht arb aidhm di an méid seo a leanas:
(a) |
feabhas a chur ar a dtuiscint fhrithpháirteach agus ar a gcomhar maidir le saincheisteanna infheistíochta; |
(b) |
féachaint ar shásraí chun sreafaí infheistíochta a éascú; agus |
(c) |
rialacha cobhsaí, trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus oscailte a chothú le haghaidh infheisteoirí, gan dochar do ghealltanais na bPáirtithe faoi chomhaontuithe um thrádáil fhabhrach agus faoi oibleagáidí idirnáisiúnta. |
Airteagal 17
Soláthar poiblí
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe go bhfuil siad tiomanta do chreataí oscailte trédhearcacha soláthair phoiblí lena ndéantar, i gcomhréir lena n-oibleagáidí idirnáisiúnta, luach ar airgead, margaí iomaíocha agus cleachtais neamh-idirdhealaitheacha ceannaigh a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, lena ndéantar trádáil idir na Páirtithe a fheabhsú.
2. Comhaontaíonn na Páirtithe a gcomhairliúchán, a gcomhar agus a malartú taithí agus dea-chleachtas a neartú a thuilleadh i réimse an tsoláthair phoiblí maidir le saincheisteanna leasa fhrithpháirtigh, lena n-áirítear maidir lena gcreataí rialála faoi seach.
3. Comhaontaíonn na Páirtithe féachaint ar bhealaí chun rochtain ar mhargaí soláthair a chéile a chur chun cinn agus chun tuairimí a mhalartú maidir le bearta agus cleachtais a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do thrádáil soláthair eatarthu.
Airteagal 18
Bacainní teicniúla ar an trádáil
1. Tá na Páirtithe den tuairim gur príomhghné é tuilleadh comhoiriúnachta idir caighdeáin, rialacháin theicniúla agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta chun trádáil a éascú.
2. Aithníonn na Páirtithe a leas frithpháirteach ó thaobh bacainní teicniúla ar an trádáil a laghdú agus, chuige sin, comhaontaíonn siad comhoibriú faoi chuimsiú Chomhaontú EDT maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil agus trí bhíthin an Chomhaontaithe maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnuithe, deimhnithe agus marcálacha comhréireachta idir an Comhphobal Eorpach agus an Astráil.
Airteagal 19
Saincheisteanna sláintíochta, fíteashláintíochta agus leasa ainmhithe
1. Comhaontaíonn na Páirtithe comhar maidir le saincheisteanna sláintíochta agus fíteashláintíochta a neartú chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí ar chríoch na bPáirtithe a chosaint, agus cearta agus oibleagáidí na bPáirtithe faoi Chomhaontú EDT maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta a Chur i bhFeidhm (“Comhaontú SPS”) á dtabhairt dá n-aire.
2. Faoi chuimsiú Chomhaontú SPS agus chaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha Codex Alimentarius, an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí agus na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe, comhroinnfidh na Páirtithe faisnéis chun an tuiscint fhrithpháirteach ar a mbearta SPS faoi seach a fheabhsú agus trádáil idir na Páirtithe a éascú trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
teacht le chéile go rialta, agus úsáid á baint as fóraim iomchuí arna gcinneadh ag na Páirtithe, chun tuairimí a mhalartú maidir le reachtaíocht a bhaineann le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta agus le leas ainmhithe, maidir le córais cur chun feidhme, chigireachta agus deimhniúcháin agus maidir le nósanna imeachta faireachais, agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a eascraíonn as bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta a chur i bhfeidhm; |
(b) |
féachaint le ceanglais allmhairiúcháin a chur i bhfeidhm ar chríoch iomlán an Pháirtí onnmhairúcháin, lena n-áirítear cur i bhfeidhm phrionsabail an réigiúnaithe; |
(c) |
i gcomhréir le Comhaontú SPS:
|
(d) |
Faisnéis a mhalartú faoi shaincheisteanna SPS agus leasa ainmhithe a bhfuil tionchar acu nó a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an trádáil idir na Páirtithe, amhail bearta éigeandála, galair agus lotnaidí atá ag teacht chun cinn, agus fianaise eolaíoch nua arna cur ar fáil. |
3. Comhaontaíonn na Páirtithe comhoibriú agus faisnéis a chomhroinnt maidir le saincheisteanna leasa ainmhithe.
4. Comhoibreoidh na Páirtithe freisin maidir le saincheisteanna SPS agus leasa ainmhithe trí bhíthin creataí iltaobhacha ábhartha, lena n-áirítear EDT, an Coimisiún Codex Alimentarius, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí agus an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe.
Airteagal 20
Custaim
Comhoibreoidh na Páirtithe, faoi réir a reachtaíochta faoi seach, i réimse an chustaim ar bhonn déthaobhach agus iltaobhach. Chuige sin, comhaontaíonn siad go háirithe taithí a chomhroinnt agus féachaint ar bhealaí chun nósanna imeachta custaim a shimpliú, trédhearcacht a áirithiú agus comhar a fheabhsú i réimsí amhail éascú trádála, slándáil agus sábháilteacht na trádála idirnáisiúnta agus calaois chustaim a chomhrac.
Airteagal 21
Maoin intleachtúil
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a thábhachtaí atá a gcearta agus a n-oibleagáidí maidir le cearta maoine intleachtúla, lena n-áirítear cóipcheart agus cearta gaolmhara, trádmharcanna, tásca geografacha, dearaí tionsclaíocha, cearta agus paitinní maidir le cineálacha plandaí, agus forfheidhmiú na gcearta sin, i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde lena gcloíonn gach Páirtí faoi seach.
2. Comhaontaíonn na Páirtithe faisnéis a mhalartú agus taithí a chomhroinnt maidir le saincheisteanna maoine intleachtúla a bhaineann le riaradh, cosaint agus forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla trí bhíthin foirmeacha iomchuí comhair.
Airteagal 22
Beartas iomaíochta
Cuirfidh na Páirtithe iomaíocht chun cinn i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha trína ndlíthe agus a rialacháin iomaíochta faoi seach a fhorfheidhmiú. Comhaontaíonn na Páirtithe faisnéis a chomhroinnt maidir leis an mbeartas iomaíochta agus le saincheisteanna gaolmhara agus an comhar idir a n-údaráis iomaíochta a fheabhsú.
Airteagal 23
Seirbhísí
Cuirfidh na Páirtithe idirphlé substainteach ar bun darb aidhm trádáil dhéthaobhach seirbhísí a chur chun cinn agus faisnéis a mhalartú faoina dtimpeallachtaí rialála faoi seach.
Airteagal 24
Seirbhísí airgeadais
Maidir le seirbhísí airgeadais, comhaontaíonn na Páirtithe malartú faisnéise agus taithí a choinneáil ar bun maidir lena dtimpeallachtaí maoirseachta agus rialála faoi seach, agus an comhar a neartú d’fhonn feabhas a chur ar chórais chuntasaíochta, iniúchóireachta, mhaoirseachta agus rialála le haghaidh na baincéireachta, an árachais agus codanna eile den earnáil airgeadais.
Airteagal 25
Cánachas
1. D’fhonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha a neartú agus a fhorbairt agus an gá atá le creat iomchuí rialála á chur san áireamh ag an am céanna, aithníonn na Páirtithe prionsabail an dea-rialachais i réimse na cánach, lena n-áirítear trédhearcacht, malartú faisnéise agus cleachtais chánach dhíobhálacha a sheachaint, agus tugann siad gealltanas go gcuirfidh siad na prionsabail sin chun feidhme.
2. I gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach, oibreoidh na Páirtithe le chéile, lena n-áirítear trí bhíthin fóraim idirnáisiúnta iomchuí, chun an comhar idirnáisiúnta i réimse na cánach a fheabhsú agus chun bailiú ioncaim dhlisteanaigh cánach a éascú, agus prionsabail an dea-rialachais a luaitear i mír 1 á n-urramú.
Airteagal 26
Trédhearcacht
Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá trédhearcacht agus próis chuí maidir le riar a gcuid dlíthe agus rialachán a bhaineann leis an trádáil de réir mar a leagtar amach in Airteagal X den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (“GATT 1994”) agus in Airteagal III den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (“GATS”), agus chuige sin comhaontaíonn siad an comhar a fheabhsú agus faisnéis a mhalartú chun cáilíocht agus feidhmíocht rialála agus prionsabail na dea-iompraíochta riaracháin a chur chun cinn.
Airteagal 27
Amhábhair
1. Aithníonn na Páirtithe gurb é cur chuige trédhearcach margadhbhunaithe an bealach is fearr chun timpeallacht a chruthú atá fabhrach don infheistíocht i dtáirgeadh agus i dtrádáil amhábhar, agus chun leithdháileadh agus úsáid éifeachtúil amhábhar a chothú.
2. Comhaontaíonn na Páirtithe, agus a mbeartais agus a gcuspóirí eacnamaíocha faoi seach á gcur san áireamh acu agus d’fhonn trádáil a chothú, an comhar a neartú maidir le saincheisteanna a bhaineann le hamhábhair d’fhonn creat domhanda riailbhunaithe a neartú le haghaidh trádáil amhábhar agus trédhearcacht a chur chun cinn i margaí domhanda amhábhar.
3. Féadfar na nithe seo a leanas, inter alia, a áireamh ar na hábhair sin:
(a) |
ceisteanna soláthair agus éilimh, saincheisteanna trádála agus infheistíochta déthaobhaí chomh maith le saincheisteanna leasa a eascraíonn as an trádáil idirnáisiúnta; |
(b) |
creataí rialála na bPáirtithe faoi seach; agus |
(c) |
dea-chleachtais i ndáil le forbairt inbhuanaithe na dtionscal mianadóireachta, lena n-áirítear beartas mianraí, pleanáil úsáide talún agus nósanna imeachta ceadaithe. |
4. Comhoibreoidh na Páirtithe trí bhíthin idirphlé déthaobhach nó laistigh de shuíomhanna iltaobhacha nó institiúidí idirnáisiúnta ábhartha.
Airteagal 28
Trádáil agus forbairt inbhuanaithe
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a thiomanta atá siad forbairt na trádála agus na hinfheistíochta idirnáisiúnta a chur chun cinn ar bhealach a rannchuideoidh le cuspóir na forbartha inbhuanaithe agus déanfaidh siad a ndícheall lena áirithiú go mbainfear an cuspóir sin amach sna réimsí ábhartha dá gcaidreamh eacnamaíoch.
2. Aithníonn na Páirtithe ceart gach Páirtí a leibhéil féin a bhunú maidir le cosaint intíre an chomhshaoil agus ceart oibrithe, agus a dhlíthe agus a bheartais ábhartha a ghlacadh nó a mhodhnú, i gcomhréir lena dtiomantas do chaighdeáin agus do chomhaontuithe a aithnítear go hidirnáisiúnta.
3. Aithníonn na Páirtithe freisin nár cheart dóibh trádáil ná infheistíocht a spreagadh trí na leibhéil cosanta a chuirtear ar fáil i ndlíthe intíre comhshaoil agus saothair a ísliú nó trí ísliú na leibhéal sin a thairiscint.
4. Malartóidh na Páirtithe faisnéis agus comhroinnfidh siad taithí maidir lena ngníomhaíochtaí chun comhleanúnachas agus tacaíocht fhrithpháirteach idir cuspóirí trádála, cuspóirí sóisialta agus cuspóirí comhshaoil a chur chun cinn, lena n-áirítear na gnéithe a leagtar amach i dTeideal VIII, agus neartóidh siad an t-idirphlé agus an comhar maidir le saincheisteanna forbartha inbhuanaithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcomhthéacs an chaidrimh trádála.
Airteagal 29
Comhar gnó
1. Spreagfaidh na Páirtithe naisc níos láidre idir gnólachtaí agus cuirfidh siad feabhas ar naisc idir gnólachtaí agus rialtais trí bhíthin cuairteanna agus gníomhaíochtaí sa dá threo ina mbeidh gnólachtaí páirteach, lena n-áirítear i gcomhthéacs ASEM.
2. Beidh sé d’aidhm ag an gcomhar sin, go háirithe, iomaíochas fiontar beag agus meánmhéide (“FBManna”) a fheabhsú. Féadfar na nithe seo a leanas, inter alia, a áireamh sa chomhar sin:
(a) |
aistrithe teicneolaíochta a spreagadh; |
(b) |
dea-chleachtais maidir le rochtain ar mhaoiniú a mhalartú; |
(c) |
freagracht agus cuntasacht shóisialta chorparáideach a chur chun cinn; agus |
(d) |
an comhar atá ann cheana maidir le caighdeáin agus measúnú comhréireachta a fhorbairt. |
3. Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé agus comhar a éascú agus a fhorbairt idir a ngníomhaireachtaí inniúla um chur chun cinn na trádála agus na hinfheistíochta.
Airteagal 30
An tsochaí shibhialta
Spreagfaidh na Páirtithe idirphlé idir eagraíochtaí rialtasacha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, amhail ceardchumainn, fostóirí, comhlachais ghnó agus comhlachais tráchtála agus tionsclaíochta, d’fhonn trádáil agus infheistíocht a chur chun cinn i réimsí leasa fhrithpháirtigh.
Airteagal 31
Turasóireacht
Á aithint dóibh luach na turasóireachta i ndáil le tuiscint agus léirthuiscint fhrithpháirteach a dhoimhniú idir muintir an Aontais agus muintir na hAstráile agus na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann le turasóireacht mhéadaithe, comhaontaíonn na Páirtithe comhoibriú d’fhonn an turasóireacht a mhéadú sa dá threo idir an tAontas agus an Astráil.
TEIDEAL V
COMHAR MAIDIR LE CEARTAS, SAOIRSE AGUS SLÁNDÁIL
Airteagal 32
Comhar dlíthiúil
1. Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an dlí idirnáisiúnta príobháideach agus an comhar dlíthiúil agus breithiúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála chun tacú le timpeallacht lena n-éascaítear trádáil agus infheistíocht idirnáisiúnta agus soghluaisteacht daoine. Comhaontaíonn na Páirtithe a gcomhar a neartú, lena n-áirítear trí chomhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidil, a dhaingniú agus a chur chun feidhme, amhail na comhaontuithe sin arna nglacadh faoi chuimsiú Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach.
2. Comhaontaíonn na Páirtithe réiteach eadrána ar dhíospóidí idirnáisiúnta tráchtála, idir dhíospóidí sibhialta agus díospóidí príobháideacha, a éascú agus a spreagadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis na hionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme.
3. Maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, feabhsóidh na Páirtithe an comhar maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, bunaithe ar ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha. D’áireofaí leis sin, i gcás inarb iomchuí, aontachas le hionstraimí ábhartha na Náisiún Aontachas agus cur chun feidhme na n-ionstraimí sin. D’áireofaí leis freisin, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht d’ionstraimí ábhartha Chomhairle na hEorpa, chomh maith le comhar idir údaráis ábhartha na hAstráile agus Eurojust.
Airteagal 33
Comhar i bhforfheidhmiú an dlí
Comhaontaíonn na Páirtithe comhoibriú idir údaráis, gníomhaireachtaí agus seirbhísí forfheidhmithe dlí agus rannchuidiú le cur ó mhaith agus díchóimeáil na mbagairtí coireachta trasnáisiúnta is coiteann do na Páirtithe. Féadfaidh an comhar sin a bheith de na cineálacha a leanas: cúnamh frithpháirteach in imscrúduithe, comhroinnt teicníochtaí imscrúdúcháin, oideachas agus oiliúint chomhpháirteach do phearsanra forfheidhmithe dlí agus aon chineál eile gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus cúnaimh de réir mar a chinnfidh na Páirtithe go frithpháirteach.
Airteagal 34
An sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe trasnáisiúnta agus an t-éilliú a chomhrac
1. Comhaontaíonn na Páirtithe comhoibriú chun an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chur faoi chois, mar a leagtar amach in Airteagal 9.
2. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a thiomanta atá siad comhoibriú chun an choireacht eagraithe, eacnamaíoch agus airgeadais, an t-éilliú, an góchumadh agus idirbhearta neamhdhleathacha a chosc agus a chomhrac, trí na hoibleagáidí idirnáisiúnta frithpháirteacha atá acu cheana sa réimse sin a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear maidir le comhar éifeachtach chun sócmhainní nó cistí arna n-eascairt as gníomhartha éillitheacha a aisghabháil.
3. I gcomhthéacs cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Astráil maidir le sonraí na dTaifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a bheith á bpróiseáil agus á n-aistriú chuig Seirbhís Custaim agus Cosanta Teorann na hAstráile ag aeriompróirí.
4. Cuirfidh na Páirtithe cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus na bPrótacal Forlíontach a ghabann leis chun cinn, lena n-áirítear sásraí athbhreithnithe láidre agus éifeachtúla.
5. Cuirfidh na Páirtithe cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe chun cinn freisin, lena n-áirítear oibriú sásra láidir athbhreithnithe, agus prionsabail na trédhearcachta agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta á gcur san áireamh.
Airteagal 35
Drugaí mídhleathacha a chomhrac
1. Faoi chuimsiú a gcumhachtaí agus a n-inniúlachtaí faoi seach, oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun cur chuige cothrom comhtháite a áirithiú maidir leis an díobháil a dhéanann drugaí mídhleathacha do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus do phobail a íoslaghdú. Díreofar beartais agus gníomhaíochtaí drugaí ar struchtúir a threisiú chun drugaí mídhleathacha a chomhrac, soláthar drugaí mídhleathacha a laghdú, an gháinneáil ar dhrugaí mídhleathacha agus an t-éileamh orthu a laghdú, aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sláinte agus sóisialta na mí-úsáide drugaí, téarnamh ón andúil a chothú, chomh maith le comhar leanúnach a dhéanamh chun atreorú na réamhtheachtaithe ceimiceacha a úsáidtear i monarú mídhleathach drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha a chomhrac ar bhealach éifeachtach.
2. Comhoibreoidh na Páirtithe d’fhonn na líonraí coiriúla trasnáisiúnta a bhfuil baint acu le gáinneáil ar dhrugaí a dhíchóimeáil, inter alia, trí eolas agus faisnéis a mhalartú, trí oiliúint nó trí dhea-chleachtais a roinnt, lena n-áirítear teicnící imscrúdaithe speisialta. Déanfar iarracht faoi leith dul i bhfód na gcoirpeach sa gheilleagar dleathach a chosc.
3. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na substaintí sícighníomhacha nua, lena n-áirítear trí eolas agus faisnéis a mhalartú, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 36
An chibearchoireacht a chomhrac
1. Neartóidh na Páirtithe an comhar chun coireanna ardteicneolaíochta, an chibearchoireacht agus coireanna leictreonacha, agus dáileadh ábhair mhídhleathaigh, lena n-áirítear ábhar sceimhlitheoireachta, ar an idirlíon a chosc agus a chomhrac, trí fhaisnéis agus taithí phraiticiúil a mhalartú i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta agus lena n-oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, laistigh de theorainneacha a bhfreagrachta.
2. Malartóidh na Páirtithe faisnéis i réimse an oideachais agus na hoiliúna d’imscrúdaitheoirí cibearchoireachta, réimse an imscrúdaithe ar chibearchoireacht agus réimse na heolaíochta fóiréinsí dhigití.
3. Cuirfidh na Páirtithe Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir le Cibearchoireacht chun cinn ar gach leibhéal iomchuí mar an caighdeán domhanda in aghaidh na cibearchoireachta.
Airteagal 37
An sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe gur gá oibriú i gcomhar le chéile chun cosc a chur ar úsáid a gcóras airgeadais chun fáltais ó gach gníomhaíocht choiriúil a sciúradh, lena n-áirítear gáinneáil ar dhrugaí agus éilliú, agus chun maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac freisin. Cuimsítear leis an gcomhar sin sócmhainní nó cistí a fuarthas ó ghníomhaíochtaí coiriúla a aisghabháil.
2. Malartóidh na Páirtithe faisnéis ábhartha faoi chuimsiú a gcuid reachtaíochta faoi seach agus cuirfidh siad chun feidhme bearta iomchuí chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, i gcomhréir le caighdeáin arna nglacadh ag comhlachtaí ábhartha idirnáisiúnta a bhíonn gníomhach sa réimse sin, amhail an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF).
Airteagal 38
Imirce agus Tearmann
1. Comhaontaíonn na Páirtithe dlús a chur leis an idirphlé agus leis an gcomhar maidir le saincheisteanna imirce, tearmainn, rannpháirtíochta agus éagsúlachta.
2. Féadfar a áireamh ar an gcomhar sin faisnéis a mhalartú maidir le cuir chuige i leith na hinimirce neamhrialta, na smuigleála daoine, na gáinneála ar dhaoine, an tearmainn, rannpháirtíocht shóisialta agus eacnamaíoch na n-imirceach, bainistiú teorainneacha, víosaí, na bithmhéadrachta agus na slándála doiciméad.
3. Comhaontaíonn na Páirtithe comhoibriú chun an inimirce neamhrialta a chosc agus a rialú. Chun na críche sin:
(a) |
Athligfidh an Astráil isteach aon náisiúnach dá cuid a bhí i láthair go neamhrialta ar chríoch Bhallstáit, arna iarraidh sin don Bhallstát sin, gan foirmiúlachtaí neamhriachtanacha a fhorchur lena gcruthófaí moill mhíchuí; |
(b) |
athligfidh gach Ballstát isteach aon náisiúnach dá chuid a bhí i láthair go neamhrialta ar chríoch na hAstráile, arna iarraidh sin don Astráil gan foirmiúlachtaí neamhriachtanacha a fhorchur lena gcruthófaí moill mhíchuí; agus |
(c) |
soláthróidh na Ballstáit agus an Astráil na doiciméid aitheantais iomchuí dá náisiúnaigh chun na gcríoch sin. |
4. Féachfaidh na Páirtithe, arna iarraidh sin do cheachtar acu, an bhféadfaí comhaontú a thabhairt i gcrích idir an Astráil agus an tAontas Eorpach maidir le hathligean isteach. Áireofar leis sin socruithe iomchuí maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a athligean isteach.
Airteagal 39
Cosaint chonsalach
1. Comhaontaíonn an Astráil go bhféadfaidh údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha aon Bhallstáit ag a bhfuil ionadaíocht cosaint chonsalach (1) a fheidhmiú san Astráil thar ceann Ballstáit eile nach bhfuil buanionadaíocht inrochtana acu san Astráil.
2. Comhaontaíonn an tAontas agus na Ballstáit go bhféadfaidh údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha na hAstráile cosaint chonsalach a fheidhmiú thar ceann tríú tír agus go bhféadfaidh tríú tíortha cosaint chonsalach a fheidhmiú thar ceann na hAstráile san Aontas in áiteanna nach bhfuil buanionadaíocht inrochtana ag an Astráil ná ag an tríú tír lena mbaineann.
3. Tá sé beartaithe le míreanna 1 agus 2 aon cheanglais maidir le fógra a thabhairt nó toiliú a bhféadfadh feidhm a bheith acu thairis sin a chur ar ceal.
4. Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé maidir le gnóthaí consalachta a éascú idir a n-údaráis inniúla faoi seach.
Airteagal 40
Sonraí pearsanta a chosaint
1. Comhaontaíonn na Páirtithe comhoibriú d’fhonn a áirithiú go mbeidh na leibhéil chosanta do shonraí pearsanta comhsheasmhach le caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear Treoirlínte OECD maidir le Cosaint Príobháideachais agus Sreabha Trasteorann Sonraí Pearsanta.
2. Féadfar a áireamh leis an gcomhar maidir le cosaint sonraí pearsanta, inter alia, malartú faisnéise agus saineolais. Féadfar comhar a áireamh ann freisin idir contrapháirtithe rialála i gcomhlachtaí amhail Meitheal OECD um Shlándáil agus Príobháideachas Faisnéise agus an Líonra Domhanda Forfheidhmithe Príobháideachais.
TEIDEAL VI
COMHAR I RÉIMSÍ AN TAIGHDE, NA NUÁLAÍOCHTA AGUS NA SOCHAÍ FAISNÉISE
Airteagal 41
An eolaíocht, an taighde agus an nuálaíocht
1. Comhaontaíonn na Páirtithe feabhas a chur ar an gcomhar i réimsí na heolaíochta, an taighde agus na nuálaíochta chun tacú leis an gComhaontú a bhaineann le comhar eolaíochta agus teicniúil idir an Comhphobal Eorpach agus an Astráil, nó chun an Comhaontú sin a chomhlánú.
2. Féachfar leis na nithe seo a leanas, inter alia, a dhéanamh sa chomhar feabhsaithe sin:
(a) |
aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin shochaíocha chomhroinnte atá os comhair na hAstráile agus an Aontais, ar dúshláin iad a chomhaontaigh an Comhchoiste um Chomhar Eolaíochta agus Teicneolaíochta arna bhunú faoi Airteagal 5 den Chomhaontú a bhaineann le comhar eolaíoch agus teicniúil idir an Comhphobal Eorpach agus an Astráil; |
(b) |
lear mór gníomhaithe nuálaíochta as an earnáil phoiblí agus as an earnáil phríobháideach a áireamh, lena n-áirítear FBManna, chun saothrú torthaí comhoibríocha taighde a éascú agus chun torthaí tráchtála agus/nó torthaí sochaíocha níos leithne a rachadh chun tairbhe don dá thaobh a bhaint amach; |
(c) |
an raon feidhme a ligean a thuilleadh do thaighdeoirí de chuid na hAstráile agus an Aontais leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le cláir thaighde agus nuálaíochta gach Páirtí, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(d) |
féachaint an bhféadfadh an Astráil agus an tAontas oibriú le chéile chun tús a chur le comhar taighde agus nuálaíochta réigiúnach agus idirnáisiúnta níos leithne agus chun bheith rannpháirteach ann. |
3. Spreagfaidh na Páirtithe, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin faoi seach, rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, na hearnála poiblí agus na sochaí sibhialta gníomhaíochtaí a dhéanamh laistigh dá gcríoch féin lena bhfeabhsófar an comhar.
4. Díreoidh an comhar feabhsaithe ar gach réimse den taighde sibhialta agus den nuálaíocht shibhialta, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta don mhéid seo a leanas:
(a) |
aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha i réimsí leasa choitinn agus príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin a fheabhsú, lena n-áirítear an spáseolaíocht; |
(b) |
bonneagar taighde, lena n-áirítear ríomhbhonneagair, agus malartú faisnéise faoi chúrsaí amhail rochtain, bainistiú, cistiú agus beartú tosaíochta na mbonneagar taighde; agus |
(c) |
soghluaisteacht taighdeoirí a neartú idir an Astráil agus an tAontas. |
Airteagal 42
An tsochaí faisnéise
1. Ag aithint dóibh gur príomhghnéithe den saol nua-aimseartha iad teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus go bhfuil siad ríthábhachtach don fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta, comhaontaíonn na Páirtithe tuairimí a mhalartú maidir lena mbeartais faoi seach sa réimse sin.
2. Féadfaidh comhar sa réimse sin díriú ar na nithe seo a leanas, inter alia:
(a) |
tuairimí a mhalartú maidir leis na gnéithe éagsúla den tsochaí faisnéise, go háirithe beartais agus rialáil na cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear an tseirbhís uilíoch, ceadúnú agus údaruithe ginearálta, príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint, ríomhsheirbhísí rialtais agus an rialtas oscailte, slándáil an idirlín agus neamhspleáchas agus éifeachtúlacht na n-údarás rialála; |
(b) |
idirnascadh agus idir-inoibritheacht líonraí taighde, bonneagair agus seirbhísí ríomhaireachta agus sonraí eolaíocha, lena n-áirítear i gcomhthéacs réigiúnach; |
(c) |
caighdeánú, deimhniú agus scaipeadh teicneolaíochtaí nua faisnéise agus cumarsáide; |
(d) |
gnéithe slándála, iontaoibhe agus príobháideachais maidir le teicneolaíochtaí agus seirbhísí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear sábháilteacht ar líne a chur chun cinn, mí-úsáid theicneolaíocht na faisnéise agus gach cineál meáin leictreonaigh agus comhroinnte faisnéise a chomhrac; agus |
(e) |
tuairimí a mhalartú maidir le bearta chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na gcostas fánaíochta soghluaiste idirnáisiúnta, lena n-áirítear mar bhacainn “taobh thiar den teorainn” ar thrádáil. |
TEIDEAL VII
COMHAR I RÉIMSE AN OIDEACHAIS AGUS AN CHULTÚIR
Airteagal 43
Oideachas, Oiliúint agus an Óige
1. Admhaíonn na Páirtithe rannchuidiú ríthábhachtach an oideachais agus na hoiliúna le poist ardcháilíochta agus fás inbhuanaithe a chruthú i gcás geilleagair eolasbhunaithe, agus aithníonn siad go bhfuil leas coiteann acu sa chomhar san oideachas, san oiliúint agus i saincheisteanna a bhaineann leis an óige.
2. I gcomhréir lena leasanna frithpháirteacha agus le haidhmeanna a mbeartas maidir le hoideachas, gabhann na Páirtithe orthu féin leanúint leis an idirphlé idir an tAontas agus an Astráil maidir le beartais oideachais agus oiliúna agus tacú le gníomhaíochtaí comhoibritheacha iomchuí i réimse an oideachais, na hoiliúna agus na hóige. Baineann an comhar seo le gach earnáil oideachais agus féadfaidh sé a bheith i bhfoirm ceann de na nithe a leanas, inter alia:
(a) |
soghluaisteacht daoine aonair trí mhalartuithe a chur chun cinn agus a éascú i gcás mic léinn, baill foirne acadúla agus riaracháin de chuid institiúidí oideachais threasaigh, múinteoirí agus oibrithe óige; |
(b) |
comhthionscadail chomhair idir institiúidí oideachais agus oiliúna san Aontas agus san Astráil, d’fhonn forbairt curaclaim, comhchláir staidéir agus comhchéimeanna agus soghluaisteacht múinteoirí agus mac léinn a chur chun cinn; |
(c) |
comhar institiúideach, naisc agus comhpháirtíochtaí d’fhonn malartú taithí agus fios gnó a chur chun cinn, mar aon le naisc éifeachtacha idir an t-oideachas, an taighde agus an nuálaíocht; agus |
(d) |
tacú le hathchóiriú beartas trí idirphlé, staidéir, comhdhálacha, seimineáir, meithleacha, cleachtaí tagarmharcála agus malartú faisnéise agus dea-chleachtais, go háirithe i bhfianaise phróisis Bologna agus Chóbanhávan agus uirlisí trédhearcachta an Aontais. |
Airteagal 44
An comhar cultúrtha, closamhairc agus meán
1. Comhaontaíonn na Páirtithe comhar níos dlúithe a chur chun cinn in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta chun feabhas a chur, inter alia, ar an tuiscint fhrithpháirteach agus ar an eolas ar a gcuid cultúr faoi seach.
2. Féachfaidh na Páirtithe le bearta iomchuí a ghlacadh chun malartuithe cultúrtha a chur chun cinn agus tionscnaimh chomhpháirteacha a chur i gcrích i réimsí cultúrtha éagsúla, agus leas á bhaint as na hionstraimí agus na creataí comhair atá ar fáil.
3. Féachfaidh na Páirtithe le soghluaisteacht gairmithe cultúir agus soghluaisteacht saothair ealaíne a chur chun cinn idir an Astráil agus an tAontas agus a Bhallstáit.
4. Spreagfaidh na Páirtithe comhphlé idirchultúrtha idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus idir daoine aonair as na Páirtithe chomh maith.
5. Comhaontaíonn na Páirtithe comhar a dhéanamh, go háirithe trí idirphlé beartais, i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Cultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO), chun cuspóirí comhchoiteanna a shaothrú agus éagsúlacht chultúrtha a chothú, lena n-áirítear trí Choinbhinsiún UNESCO ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn a chur chun feidhme.
6. Déanfaidh na Páirtithe malartuithe, comhar agus idirphlé idir institiúidí agus gairmithe i réimse an chlosamhairc agus na meán a spreagadh, a thacú agus a éascú.
7. Comhaontaíonn na Páirtithe tacaíocht a thabhairt don chomhar cultúrtha faoi chuimsiú ASEM, go háirithe trí ghníomhaíochtaí na Fondúireachta an Áise agus an Eoraip (“ASEF”).
TEIDEAL VIII
COMHAR I RÉIMSE NA FORBARTHA INBHUANAITHE, AN FHUINNIMH AGUS AN IOMPAIR
Airteagal 45
An comhshaol agus acmhainní nádúrtha
1. Comhaontaíonn na Páirtithe gur gá acmhainní nádúrtha agus an bhithéagsúlacht a chosaint, a chaomhnú agus a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, mar bhonn d’fhorbairt na nglúnta atá ann faoi láthair agus na nglúnta atá le teacht.
2. Neartóidh na Páirtithe a gcomhar maidir le cosaint an chomhshaoil agus maidir le príomhshruthú dálaí an chomhshaoil i ngach earnáil den chomhar, lena n-áirítear i gcomhthéacs idirnáisiúnta agus réigiúnach, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
idirphlé ardleibhéil a choinneáil ar bun maidir le saincheisteanna comhshaoil; |
(b) |
rannpháirtíocht i gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil agus cur chun feidhme na gcomhaontuithe sin agus, i gcás inarb iomchuí, comhdhearcadh a chruthú idir na Páirtithe maidir le saincheisteanna comhshaoil, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht i bhfóraim iltaobhacha; |
(c) |
rochtain ar acmhainní géiniteacha agus úsáid inbhuanaithe acmhainní géiniteacha a chur chun cinn agus a spreagadh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus leis na conarthaí idirnáisiúnta is infheidhme sa réimse sin atá daingnithe ag na Páirtithe nó ar aontaigh siad dóibh; agus |
(d) |
malartú faisnéise, saineolais theicniúil agus cleachtas comhshaoil a chothú i réimsí amhail:
|
Airteagal 46
An t-athrú aeráide
1. Aithníonn na Páirtithe bagairt chomhchoiteann dhomhanda an athraithe aeráide agus nach mór go ngníomhódh gach tír chun astaíochtaí a laghdú chun tiúchan na ngás ceaptha teasa san atmaisféar a chobhsú ar leibhéal a choiscfeadh trasnaíocht antrapaigineach chontúirteach sa chóras aeráide. Laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, agus gan dochar don phlé i bhfóraim eile, amhail Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), cuirfidh na Páirtithe leis an gcomhar sa réimse sin. Ní bheidh teorainn lenar féidir a áireamh sa chomhar sin ach díreofar ar an méid seo a leanas é:
(a) |
an t-athrú aeráide a chomhrac, agus an sprioc fhoriomlán a bheith aige sin tiúchan na ngás ceaptha teasa atmaisféarach a chobhsú, agus an fhaisnéis eolaíoch is déanaí á gcur san áireamh chomh maith leis an ngá go leanfaí ag an am céanna den fhás eacnamaíoch inbhuanaithe trí ghníomhaíochtaí maolúcháin agus oiriúnúcháin a dhéanamh a bheidh iomchuí ar an leibhéal náisiúnta; |
(b) |
saineolas agus faisnéis a mhalartú maidir le ceapadh, cur chun feidhme agus forbairt a mbeartas agus a gcur chuige maidir le maolú faoi seach, lena n-áirítear sásraí margadhbhunaithe i gcás inarb ábhartha; |
(c) |
saineolas agus faisnéis a mhalartú maidir le hionstraimí maoiniúcháin de chuid na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí don ghníomhú ar son na haeráide; |
(d) |
comhoibriú maidir le taighde teicneolaíochta íseal-astaíochta, forbairt, scaipeadh, úsáid agus aistriú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú, agus úsáid éifeachtúil acmhainní a mholadh, ach an fás eacnamaíoch a chothabháil ag an am céanna; |
(e) |
taithí, saineolas agus dea-chleachtais a mhalartú, i gcás inarb iomchuí, maidir le faireachán agus anailís a dhéanamh ar éifeachtaí gás ceaptha teasa agus cláir mhaolúcháin agus oiriúnúcháin chomh maith le straitéisí íseal-astaíochtaí a fhorbairt; |
(f) |
tacú, i gcás inarb iomchuí, le gníomhaíocht mhaolúcháin agus oiriúnúcháin arna déanamh ag tíortha i mbéal forbartha; |
(g) |
oibriú le chéile chun comhaontú idirnáisiúnta aeráide a bhaint amach a bheidh láidir agus ceangailteach ó thaobh dlí agus a bheidh infheidhme maidir le gach tír. |
2. Chuige sin, comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé agus comhar rialta a choinneáil ar bun ar an leibhéal polaitiúil, ar an leibhéal beartais agus ar an leibhéal teicniúil, go déthaobhach agus i bhfóraim plúrathaobhacha agus iltaobhacha.
Airteagal 47
An chosaint shibhialta
Aithníonn na Páirtithe an gá atá le tionchar tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine a íoslaghdú. Dearbhaíonn na Páirtithe go bhfuil rún daingean comhpháirteach acu bearta coisctheacha, maolúcháin, ullmhachta agus freagartha a chur chun cinn chun athléimneacht na sochaí agus an bhonneagair a mhéadú, agus chun comhoibriú de réir mar is iomchuí, ar an leibhéal déthaobhach agus ar an leibhéal iltaobhach polaitiúil chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na gcuspóirí sin.
Airteagal 48
Fuinneamh
Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá earnáil an fhuinnimh agus an ról atá ag margadh dea-fheidhmiúil fuinnimh i ndáil le forbairt inbhuanaithe, fás eacnamaíoch, rannchuidiú le spriocanna forbartha a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a bhaint amach agus comhoibriú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda chomhshaoil agus aeráide, agus féachfaidh siad, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, le comhar a fheabhsú sa réimse sin d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
beartais a cheapadh chun slándáil fuinnimh a mhéadú; |
(b) |
trádáil agus infheistíocht dhomhanda fuinnimh a chur chun cinn; |
(c) |
iomaíochas a fheabhsú; |
(d) |
feidhmiú na margaí domhanda fuinnimh a fheabhsú; |
(e) |
malartú faisnéise agus eispéiris bheartais trí fhóraim iltaobhacha fuinnimh atá ann cheana; |
(f) |
forbairt agus glacadh teicneolaíochtaí fuinnimh atá glan, éagsúil, costéifeachtach agus inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear teicneolaíochtaí fuinnimh atá in-athnuaite agus ar bheagán astaíochtaí; |
(g) |
úsáid réasúnach fuinnimh a bhaint amach le rannchuidiú ó thaobh soláthair agus éilimh araon trí éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn i dtáirgeadh, iompar, dáileadh agus úsáid deiridh fuinnimh; agus |
(h) |
dea-chleachtais sa taiscéalaíocht agus sa táirgeadh fuinnimh a roinnt. |
Airteagal 49
Iompar
1. Féachfaidh na Páirtithe le comhoibriú i ngach réimse ábhartha den bheartas iompair, lena n-áirítear beartas comhtháite iompair, d’fhonn gluaiseacht earraí agus paisinéirí a fheabhsú, d’fhonn sábháilteacht agus slándáil mhuirí agus eitlíochta agus cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn, agus d’fhonn éifeachtúlacht a gcóras iompair a mhéadú.
2. Is é is aidhm don chomhar idir na páirtithe sa réimse seo:
(a) |
malartuithe faisnéise faoina mbeartais agus a gcleachtais iompair faoi seach, lena n-áirítear comhairle thráthúil maidir leis na hathruithe atá beartaithe ar na córais rialála a dhéanann difear dá n-earnálacha iompair faoi seach; |
(b) |
an caidreamh eitlíochta idir an Astráil agus an tAontas a neartú, rochtain ar an margadh agus deiseanna infheistíochta a fheabhsú, agus comhar rialála a leathnú agus a dhoimhniú sa tsábháilteacht eitlíochta, sa tslándáil agus i rialáil eacnamaíoch thionscal an aeriompair, d’fhonn tacú le cóineasú rialála agus bacainní ar ghnó a dhéanamh a bhaint, chomh maith le comhar bainistithe aerthráchta; |
(c) |
idirphlé agus comhar i dtreo na spriocanna maidir le rochtain neamhshrianta ar mhargaí muirí idirnáisiúnta agus trádáil bunaithe ar iomaíocht chóir ar bhonn tráchtála; |
(d) |
idirphlé agus comhar maidir le saincheisteanna iompair i ndáil leis an gcomhshaol; |
(e) |
idirphlé agus comhar i dtreo aitheantas frithpháirteach ceadúnas tiomána; agus |
(f) |
comhar laistigh d’fhóraim idirnáisiúnta iompair. |
Airteagal 50
Talmhaíocht agus forbairt tuaithe
1. Comhaontaíonn na Páirtithe comhar a spreagadh sa talmhaíocht agus i bhforbairt na tuaithe.
2. Ar na réimsí ina bhféadfaí breathnú ar ghníomhaíochtaí comhair tá an beartas talmhaíochta agus forbartha tuaithe, tásca geografacha, éagsúlú agus athstruchtúrú earnálacha talmhaíochta agus talmhaíochta inbhuanaithe, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin.
Airteagal 51
Bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí
Comhaontaíonn na Páirtithe comhar a chothú, ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí agus maidir le beartais agus rialacháin ghaolmhara, lena n-áirítear bearta chun an lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil ghaolmhar a chomhrac, mar aon le dea-rialachas foraoise a chur chun cinn.
Airteagal 52
Gnóthaí Muirí agus Iascach
1. Neartóidh na Páirtithe an t-idirphlé agus an comhar maidir le saincheisteanna leasa choitinn i réimsí an iascaigh agus na ngnóthaí muirí. Beidh sé mar aidhm ag na Páirtithe caomhnú fadtéarmach agus bainistiú inbhuanaithe beo-acmhainní muirí a chur chun cinn, faisnéis a mhalartú trí eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (“ERBIeanna”) agus trí shocruithe dá leithéid, agus trí fhóraim iltaobhacha amhail Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (“EBT”), iarrachtaí a chur chun cinn chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (“iascaireacht NNN”) a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, bainistiú atá bunaithe ar éiceachórais a chur chun feidhme, agus comhar taighde maidir le hinbhuanaitheacht na mara agus an iascaigh a chur chun cinn.
2. Comhoibreoidh na Páirtithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
ceapadh agus cur chun feidhme beart éifeachtach, agus comhlíonadh na mbeart sin, a spreagadh chun caomhnú fadtéarmach agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní iascaigh faoi inniúlacht ERBIeanna nó socruithe a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu a áirithiú; |
(b) |
rialachas iltaobhach a áirithiú laistigh de RFMO ábhartha na stoc éisc mórimirceacha ar feadh a réimse; |
(c) |
cur chuige comhtháite maidir le gnóthaí muirí a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta; agus |
(d) |
déanfaidh siad a seacht ndícheall ballraíocht ERBIeanna a éascú, de réir mar is iomchuí, i gcás gur Comhalta é Páirtí amháin agus gur Páirtí comhoibríoch é an Páirtí eile. |
3. Beidh idirphlé rialta tréimhsiúil ag na Páirtithe i gcomhar le cruinnithe eile ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach chun idirphlé agus comhar a neartú, chomh maith le faisnéis agus taithí a mhalartú maidir leis an mbeartas iascaigh agus gnóthaí muirí.
Airteagal 53
Gnóthaí fostaíochta agus sóisialta
1. Comhaontaíonn na Páirtithe an comhar a fheabhsú i réimse na fostaíochta agus na ngnóthaí sóisialta, lena n-áirítear i gcomhthéacs an domhandaithe agus an athraithe dhéimeagrafaigh. Déanfar iarrachtaí comhar agus malartuithe faisnéise agus taithí maidir le cúrsaí fostaíochta agus saothair a chur chun cinn. Féadfar a áireamh ar na réimsí comhair malartuithe maidir le beartas fostaíochta, comhtháthú réigiúnach agus sóisialta, comhtháthú sóisialta, córais slándála sóisialta, caidreamh tionsclaíoch, forbairt scileanna ar feadh an tsaoil, fostaíocht don aos óg, sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre, neamh-idirdhealú agus comhionannas, lena n-áirítear comhionannas inscne, chomh maith le freagracht shóisialta chorparáideach agus obair chuibhiúil.
2. Athdhearbhaíonn na Páirtithe gur gá fostaíocht iomlán tháirgiúil agus obair chuibhiúil a chur chun cinn mar phríomhghné den fhorbairt inbhuanaithe agus de laghdú na bochtaineachta. Sa chomhthéacs sin, meabhraítear do na Páirtithe Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Ceartas Sóisialta do Dhomhandú Cothrom.
3. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a thiomanta atá siad caighdeáin saothair agus shóisialta a aithnítear go hidirnáisiúnta a urramú, a chur chun cinn agus a fhíorú, mar a leagtar amach i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair.
4. Féadfar a áireamh sna cineálacha comhair, inter alia, cláir shonracha, tionscadail shonracha agus tionscnaimh shonracha, mar a chomhaontófar go frithpháirteach iad, chomh maith le hidirphlé ar ábhair leasa choitinn ar an leibhéal déthaobhach nó ar an leibhéal iltaobhach.
Airteagal 54
Sláinte
Comhaontaíonn na Páirtithe comhar frithpháirteach, malartú faisnéise agus comhroinnt taithí beartais i réimsí na sláinte agus i mbainistiú éifeachtach fadhbanna sláinte trasteorann a spreagadh.
TEIDEAL IX
CREAT INSTITIÚIDEACH
Airteagal 55
Comhaontuithe nó socruithe eile
1. Féadfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a chomhlánú trí chomhaontuithe nó socruithe sonracha a thabhairt i gcrích in aon réimse comhair a thagann faoina raon feidhme. Beidh comhaontuithe sonracha den sórt sin ina gcuid dhílis den chaidreamh déthaobhach foriomlán arna rialú ag an gComhaontú seo.
2. Ní dhéanfaidh an Comhaontú seo difear ná dochar do léiriú, oibriú ná feidhmiú comhaontuithe eile idir na Páirtithe. Go háirithe, ní ghabhfaidh forálacha an Chomhaontaithe seo maidir le réiteach díospóide ionad na bhforálacha i gcomhaontuithe eile maidir le díospóidí a réiteach idir na Páirtithe, ná ní dhéanfaidh siad difear dóibh in aon slí.
3. Aithníonn na Páirtithe go bhféadfadh cás práinne speisialta, mar a shainítear in Airteagal 57(7) é a bheith ina fhoras le comhaontuithe eile idir na Páirtithe a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh. In imthosca den sórt sin, cuirfidh na Páirtithe siar na forálacha maidir le réiteach díospóide, fionraí agus foirceannadh na gcomhaontuithe eile sin chun aon díospóid den sórt sin a réiteach.
Airteagal 56
Comhchoiste
1. Bunaíonn na Páirtithe leis seo Comhchoiste ar a mbeidh ionadaithe na bPáirtithe.
2. Tionólfar comhairliúcháin sa Chomhchoiste chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a éascú agus chun cuspóirí ginearálta an Chomhaontaithe seo a chur chun cinn, agus chun comhleanúnachas foriomlán a choimeád sa chaidreamh idir an tAontas agus an Astráil.
3. Maidir leis an gComhchoiste:
(a) |
cur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe seo a chur chun cinn; |
(b) |
faireachán ar fhorbairt an chaidrimh dhéthaobhaigh chuimsithigh idir na Páirtithe, lena n-áirítear comhaontuithe; |
(c) |
faisnéis a iarraidh, de réir mar is cuí, ó choistí nó ó chomhlachtaí eile arna mbunú faoi chomhaontuithe eile idir na Páirtithe, agus breithniú a dhéanamh ar aon tuarascálacha a chuirfidh siad faoina mbráid; |
(d) |
tuairimí a mhalartú agus moltaí a dhéanamh maidir le haon saincheisteanna leasa choitinn, lena n-áirítear gníomhaíochtaí todhchaí agus na hacmhainní atá ar fáil chun iad a chur i gcrích; |
(e) |
tosaíochtaí a leagan síos agus, de réir mar is iomchuí, na chéad chéimeanna eile nó na chéad phleananna gníomhaíochta eile a chinneadh i ndáil le cuspóir an Chomhaontaithe seo; |
(f) |
modhanna iomchuí chun teacht roimh fhadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn i réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo a lorg; |
(g) |
féachfaidh sé le haon díospóid a réiteach a éireoidh i bhfeidhmiú nó i léiriú an Chomhaontaithe seo de réir Airteagal 57; |
(h) |
scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a thíolacfaidh Páirtí i gcomhréir le hAirteagal 57; agus |
(i) |
cinntí a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, chun éifeacht a thabhairt do ghnéithe sonracha den Chomhaontú seo. |
4. Feidhmeoidh an Comhchoiste trí chomhthoil. Glacfaidh sé a rialacha nós imeachta. Féadfaidh sé fochoistí agus meithleacha a chur ar bun chun déileáil le saincheisteanna sonracha.
5. Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain de ghnáth san Aontas agus san Astráil gach re seal. Tionólfar cruinnithe speisialta den Chomhchoiste arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí. Beidh an dá Pháirtí ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste. Tiocfaidh sé le chéile de ghnáth ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach ach féadfaidh sé teacht le chéile ar leibhéal aireachta chomh maith. Féadfaidh an Comhchoiste feidhmiú freisin trí fhís-theagmháil nó ar an teileafón agus trí mhalartú faisnéise le ríomhphost.
Airteagal 57
Módúlachtaí maidir le cur chun feidhme agus réiteach díospóidí
1. De mheon an mheasa fhrithpháirtigh agus an chomhair a chorpraítear sa Chomhaontú seo, déanfaidh na Páirtithe aon bhearta ginearálta nó sonracha is gá chun a n-oibleagáidí faoin gComhaontú a chomhlíonadh.
2. Comhaontaíonn na Páirtithe dul i gcomhairle chomh tapa agus is féidir, ar iarraidh ó cheachtar Páirtí, i dtaobh nithe easaontais a fhéadfaidh teacht chun cinn le linn chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo. Má tá éagsúlacht tuairimí i gcur i bhfeidhm nó i léiriú an Chomhaontaithe seo, féadfaidh ceachtar Páirtí an t-ábhar a chur faoi bhráid an Chomhchoiste. Cuirfidh na Páirtithe an fhaisnéis go léir is gá chun scrúdú críochnúil a dhéanamh ar an tsaincheist faoi bhráid an Chomhchoiste, d’fhonn difríochtaí a réiteach ar bhealach tráthúil cairdiúil.
3. I gcás práinne speisialta, cuirfidh ceachtar Páirtí an t-ábhar faoi bhráid an Chomhchoiste láithreach, agus tíolacfaidh siad an fhaisnéis go léir is gá chun an cás a scrúdú go críochnúil, d’fhonn réiteach tráthúil a bheidh inghlactha go frithpháirteach a lorg. I gcás nach mbeidh an Comhchoiste ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach in ann an cás a réiteach laistigh de thréimhse nach faide ná 15 lá ó thús na gcomhairliúchán, agus tráth nach déanaí ná 30 lá ó dháta tarchurtha an ábhair chuig an gComhchoiste, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid na n-airí lena bhreithniú go práinneach ar feadh tréimhse breise 15 lá.
4. Sa chás neamhdhóchúil gan choinne nach bhfuarthas aon réiteach a bheadh inghlactha go frithpháirteach tar éis 15 lá ó thús na gcomhairliúchán ar leibhéal na n-airí, agus tráth nach déanaí ná 45 lá ón dáta ar cuireadh an t-ábhar faoi bhráid an Chomhchoiste, féadfaidh ceachtar Páirtí a chinneadh na bearta iomchuí a dhéanamh maidir leis an gComhaontú seo, lena n-áirítear forálacha an Chomhaontaithe a chur ar fionraí nó deireadh a chur leis. Aithníonn na Páirtithe go bhféadfaidh cás práinne speisialta a bheith mar fhorais le bearta iomchuí a dhéanamh lasmuigh den Chomhaontú seo, i gcomhréir le cearta agus oibleagáidí na bPáirtithe faoi chomhaontuithe eile idir na Páirtithe nó faoin dlí idirnáisiúnta ginearálta. San Aontas, bheadh aontoilíocht i gceist leis an gcinneadh fionraí. San Astráil, dhéanfadh Rialtas na hAstráile an cinneadh maidir le cur ar fionraí i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin.
5. Tá na Páirtithe ar aon intinn nach mór bunús cuí a thabhairt le haon chinneadh bearta iomchuí a dhéanamh i gcomhréir le mír 4. Tabharfar fógra don Pháirtí eile i scríbhinn láithreach faoin gcinneadh sin. Comhaontaíonn na Páirtithe go gcaithfidh aon bheart den sórt sin a bheith comhréireach, agus go gcaithfidh siad a bheith i gcomhréir le hAirteagal 55(2), agus le prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta chomh maith.
6. Má dhéantar aon bheart i gcomhréir le mír 4, cúlghairfear é a luaithe a bhainfear an chúis lena dhéanamh. Déanfaidh an Páirtí a bhfuil mír 4 á agairt aige athbhreithniú leanúnach ar fhorbairt na staide a spreag an cinneadh, agus tarraingeoidh sé siar na bearta a rinneadh a luaithe is gá.
7. Comhaontaíonn na Páirtithe, chun críche léiriú ceart agus cur i bhfeidhm praiticiúil an Chomhaontaithe seo, go gciallaíonn an téarma ‘cás práinne speisialta’ sárú an-tromchúiseach agus substaintiúil ar na hoibleagáidí a thuairiscítear in Airteagal 2(2) agus 6(2) den Chomhaontú seo ag ceann de na Páirtithe as a n-eascraíonn staid a éilíonn freagairt láithreach ón gceann eile. Measann na Páirtithe nach mór sárú thar a bheith tromchúiseach agus substaintiúil ar Airteagal 2(2) nó ar Airteagal 6(2) de chineál eisceachtúil a bheith i gceist, a chuirfeadh an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta i mbaol.
8. I gcásanna ina bhféadfaí a mheas go bhfuil cás a tharlaíonn i dtríú tír coibhéiseach ó thaobh tromchúise agus cineáil le cás práinne speisialta, déanfaidh na Páirtithe iarracht comhairliúcháin phráinneacha a reáchtáil, ar iarraidh ó cheachtar Páirtí, chun tuairimí a mhalartú maidir leis an staid agus chun freagairtí a d’fhéadfaí a thabhairt a bhreithniú.
TEIDEAL X
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 58
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, ciallaíonn an téarma ‘na Páirtithe’ an tAontas nó a Bhallstáit, nó an tAontas agus a Bhallstáit, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach, ar thaobh amháin, agus an Astráil, ar an taobh eile.
Airteagal 59
Comhar airgeadais
1. Nuair a bheidh cláir chabhrach á gcur chun feidhme acu i gcomhthéacs a mbeartas maidir le comhar um fhorbairt, comhoibreoidh na Páirtithe le chéile chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú nó aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais na bPáirtithe a chosc agus a chomhrac.
2. Chun na críche sin, malartóidh údaráis inniúla an Aontais agus na hAstráile faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, i gcomhréir lena reachtaíocht faoi seach atá i bhfeidhm, agus, ar iarraidh ó cheann de na Páirtithe, seolfaidh siad comhairliúcháin.
3. Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus údaráis inniúla na hAstráile teacht ar chomhaontú maidir le tuilleadh comhair i réimse na frithchalaoise, lena n-áirítear socruithe oibríochtúla a thabhairt i gcrích.
Airteagal 60
Faisnéis a nochtadh
1. Tabharfaidh na Páirtithe cosaint iomchuí don fhaisnéis a roinntear faoin gComhaontú seo, i gcomhréir le leas an phobail maidir le rochtain ar fhaisnéis.
2. Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní a cheanglaíonn ar na Páirtithe faisnéis a chomhroinnt, ná rochtain a cheadú ar fhaisnéis chomhroinnte, a mbeadh an méid seo a leanas i gceist dá nochtfaí í:
(a) |
dochar a dhéanamh do na nithe seo a leanas:
|
(b) |
go mbeadh sé contrártha ar shlí eile do leas an phobail. |
3. I gcás ina roinntear faisnéis den chineál dá dtagraítear san Airteagal seo, ní dhéanfaidh an Páirtí glactha ach an fhaisnéis sin a scaoileadh nó a nochtadh le toiliú an Pháirtí eile, nó i gcás gur gá a oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh.
4. Níl sé i gceist le haon ní sa Chomhaontú seo maolú a dhéanamh ar chearta, ar oibleagáidí ná ar ghealltanais na bPáirtithe faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó faoi shocruithe a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe arna malartú idir na Páirtithe.
Airteagal 61
Teacht i bhfeidhm, cur i bhfeidhm sealadach, fad agus foirceannadh
1. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm tríocha lá tar éis an dáta a thabharfaidh an dá Pháirtí fógra dá chéile gur cuireadh i gcrích na nósanna imeachta dlí is gá chun na críche sin.
2. D’ainneoin mhír 1, féadfaidh an Astráil agus an tAontas forálacha den Chomhaontú seo, arna gcinneadh go frithpháirteach, a chur i bhfeidhm go sealadach go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Tosóidh an cur i bhfeidhm sealadach sin 30 lá tar éis an dáta a bheidh fógra tugtha ag an Astráil agus ag an Aontas araon dá chéile á rá go bhfuil a nósanna imeachta inmheánacha faoi seach is gá don chur i bhfeidhm sealadach sin tugtha chun críche acu.
3. Beidh an Comhaontú seo bailí gan teorainn ama. Féadfaidh ceachtar Páirtí fógra i scríbhinn a thabhairt don pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige an Comhaontú seo a shéanadh. Tiocfaidh an séanadh in éifeacht 6 mhí tar éis an fógra a thabhairt.
Airteagal 62
Fógraí
Déanfar na fógraí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 61 a thabhairt d’Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, nó do Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hAstráile, nó dá n-eagraíochtaí comharba.
Airteagal 63
Cur i bhfeidhm críochach
Beidh feidhm ag an gComhaontú seo, de pháirt, maidir leis na críocha ina gcuirtear an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin agus, den pháirt eile, maidir le críoch na hAstráile.
Airteagal 64
Téacsanna barántúla
Tarraingeofar an Comhaontú seo suas i ndúblach sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris, agus comhúdarás ag gach téacs díobh.
(1) Is féidir leis an Astráil a aontú go n-úsáidfí an téarma “cosaint chonsalach” san Airteagal seo, in ionad an téarma “feidhmeanna consalachta”, ar an tuiscint go gcumhdaíonn an chéad cheann na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/637 ón gComhairle an 20 Aibreán 2015 maidir leis na bearta um chomhordú agus comhar chun cosaint chonsalach a éascú le haghaidh shaoránaigh an Aontais nach ndéantar ionadaíocht orthu i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Cinneadh 95/553/CE agus go n-áirítear sna feidhmeanna sin pasanna éigeandála agus/nó doiciméid taistil a sholáthar.