This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12005SP004
Protocol concerning the conditions and arrangements for admission of the Republic of Bulgaria and Romania to the European Union - PART ONE:PRINCIPLES - Article 4
Protocol concerning the conditions and arrangements for admission of the Republic of Bulgaria and Romania to the European Union - PART ONE:PRINCIPLES - Article 4
Protocol concerning the conditions and arrangements for admission of the Republic of Bulgaria and Romania to the European Union - PART ONE:PRINCIPLES - Article 4
IO L 157, 21.6.2005, p. 30–30
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/acc_2005/pro_1/art_4/sign
Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0030 - 0030
Airteagal 4 1. Forálacha acquis Schengen, dá dtagraítear i bPrótacal Uimh. 17 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an mBunreacht, agus na hionstraimí ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, atá liostaithe in Iarscríbhinn II, mar aon le haon ionstraimí breise den sórt sin arna nglacadh roimh dháta an aontachais, beidh siad ina gceangal ar an mBulgáir agus ar an Rómáin agus beidh feidhm acu iontu ó dháta an aontachais. 2. Na forálacha sin de acquis Schengen mar atá arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh agus na hionstraimí ag cur leis nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile nach dtagraítear dóibh i mír 1, agus iad ina gceangal ar an mBulgáir agus ar an Rómáin ó dháta an aontachais, ní bheidh feidhm acu i ngach ceann de na Stáit sin ach de bhun cinnidh Eorpaigh ón gComhairle chuige sin tar éis fíorú, i gcomhréir le nósanna imeachta infheidhme measúnachta Schengen, go bhfuil na coinníollacha riachtanacha chun gach cuid den acquis i dtrácht a chur i bhfeidhm comhallta sa Stát sin. Glacfaidh an Chomhairle a cinneadh, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di le haontoilíocht a comhaltaí a ionadaíonn Rialtais na mBallstát a bhfuil na forálacha dá dtagraítear sa mhír seo curtha in éifeacht cheana ina leith agus an ionadaí do Rialtas an Bhallstáit a bhfuil na forálacha sin le cur in éifeacht ina leith. Glacfaidh na comhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn Rialtais na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt i gcinneadh den sórt sin a mhéad a bhaineann sé le forálacha acquis Schengen agus na hionstraimí ag cur leis nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile ina bhfuil na Ballstáit sin rannpháirteach. --------------------------------------------------