Choisissez les fonctionnalités expérimentales que vous souhaitez essayer

Ce document est extrait du site web EUR-Lex

Document 32024R1349

Rialachán (AE) 2024/1349 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an nós imeachta teorann um fhilleadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1148

PE/17/2024/REV/1

IO L, 2024/1349, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1349/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Statut juridique du document En vigueur

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1349/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1349

22.5.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1349 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Bealtaine 2024

lena mbunaítear an nós imeachta teorann um fhilleadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1148

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2) agus 79(2)(c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Agus limistéar saoirse, slándála agus ceartais á chomhdhéanamh aige, ba cheart don Aontas a áirithiú nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann le haghaidh daoine, ba cheart dó comhbheartas a chumadh maidir le tearmann agus imirce, teorainneacha seachtracha a rialú agus fillteacha, agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe idir na Ballstáit a chosc, a bheadh bunaithe ar an dlúthpháirtíocht agus ar chomhroinnt chóir na freagrachta idir na Ballstáit agus a bheadh cothrom freisin do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha.

(2)

Is é is cuspóir don Rialachán seo socruithe nós imeachta na mBallstát a chuíchóiriú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú trí nós imeachta coiteann a bhunú le haghaidh nós imeachta teorann um fhilleadh. Ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta sin maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát ar diúltaíodh dá n-iarratas i gcomhthéacs an nós imeachta teorann um thearmann dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (‘an nós imeachta teorann um thearmann’).

(3)

I gcás na mBallstát sin nach bhfuil faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2024/1348, ba cheart tagairtí sa Rialachán seo d’fhorálacha i Rialachán (AE) 2024/1348 a thuiscint mar thagairtí d’fhorálacha coibhéiseacha a d’fhéadfadh a bheith tugtha isteach acu ina ndlí náisiúnta.

(4)

Maidir leis an gcaoi a gcaitear le daoine a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tá na Ballstáit faoi cheangal oibleagáidí na n-ionstraimí dlí idirnáisiúnta ar páirtithe iontu iad.

(5)

Ba cheart leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh ag na Ballstáit agus forálacha an Rialacháin seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mhionaoisigh, á gcur chun feidhme acu.

(6)

Is iomaí iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéantar ag teorainn sheachtrach nó i limistéar idirthurais de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ó dhaoine a gabhtar i dtaca le trasnú neamhrialta, thar an teorainn sheachtrach, is é sin le rá, ag tráth an trasnaithe neamhrialta thar an teorainn sheachtrach nó gar di tar éis antrasnaithe, nó ó dhaoine a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála a bheith ar siúl. Ionas go ndéanfar na náisiúnaigh tríú tír agus na daoine gan stát lena mbaineann a dhíriú ar na nósanna imeachta ábhartha, is gá scagadh céannachta, slándála agus sláinte a dhéanamh ag an teorainn sheachtrach. Tar éis an scagtha, ba cheart náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a threorú chuig an nós imeachta um thearmann nó an nós imeachta um fhilleadh is iomchuí, nó cead isteach a dhiúltú dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart céim réamhiontrála a bhunú arb é a bheidh inti scagadh agus nósanna imeachta teorann um thearmann, de réir mar is infheidhme, agus um fhilleadh. Ba cheart naisc éifeachtúla gan uaim a bheith idir gach céim de na nósanna imeachta ábhartha le haghaidh gach duine a thagann isteach ar bhealach neamhrialta.

(7)

Ní údaraítear dul isteach ar chríoch an Bhallstáit i gcás nach mbeidh aon cheart fanachta ag iarratasóir, i gcás nár iarr sé nó sí cead fanachta chun críoch an nós imeachta achomhairc dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1348, nó i gcás inar chinn cúirt nó binse nár cheart ceadú dó nó di fanacht go dtí go bhfaighfí toradh an nós imeachta achomhairc sin. Sna cásanna sin, chun leanúnachas a áirithiú idir an nós imeachta um thearmann agus an nós imeachta um fhilleadh, ba cheart an nós imeachta um fhilleadh a chur i gcrích freisin i gcomhthéacs nós imeachta teorann a mhairfidh tréimhse nach faide ná 12 sheachtain. Ba cheart tús a chur leis an tréimhse sin ón tráth nach mbíonn ceart fanachta a thuilleadh nó nach bhfuil cead fanachta a thuilleadh ag an iarratasóir, an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát.

(8)

Chun a ráthú go gcaithfear go cothrom le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát ar fad ar diúltaíodh dá n-iarratas i gcomhthéacs an nós imeachta teorann, i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag Ballstát gan forálacha Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chur i bhfeidhm de bhun an mhaolaithe ábhartha a leagtar amach inti maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát agus i gcás nár eisigh an Ballstát sin cinneadh um fhilleadh don náisiúnach tríú tír lena mbaineann, ba cheart cóireáil agus leibhéal cosanta an iarratasóra, an náisiúnaigh tríú tír nó an duine gan stát lena mbaineann a bheith i gcomhréir le forálacha Threoir 2008/115/CE maidir le forálacha níos fabhraí i ndáil le náisiúnaigh tríú tír a eisítear ó raon feidhme na Treorach sin agus a bheith comhionann leis an gcóireáil agus leis an leibhéal cosanta is infheidhme i gcás daoine atá faoi réir cinneadh um fhilleadh.

(9)

Agus an nós imeachta teorann um fhilleadh á chur i bhfeidhm, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe de Threoir 2008/115/CE de bhrí go rialáiltear leo sin eilimintí den nós imeachta teorann um fhilleadh nach leagtar amach sa Rialachán seo, go háirithe na heilimintí a bhaineann le sainmhínithe, le forálacha níos fabhraí, non-refoulement, le lár leas an linbh, le saol an teaghlaigh agus leis an staid sláinte, leis an riosca éalaithe, leis an oibleagáid maidir le comhar, leis an tréimhse le haghaidh imeacht deonach, leis an gcinneadh um fhilleadh, leis an aistriú, le haistriú a chur ar atráth, le mionaoisigh gan tionlacan a fhilleadh agus a aistriú, le toirmisc ar dhul isteach, le coimircí fad atá filleadh ar feitheamh, leis an gcoinneáil, le coinníollacha coinneála, le mionaoisigh agus teaghlaigh a choinneáil, agus le cásanna éigeandála. Chun an riosca maidir le dul isteach neamhúdaraithe agus gluaiseacht náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach atá faoi réir an nós imeachta teorann um fhilleadh, ba cheart tréimhse le haghaidh imeacht deonach a dheonú. Níor cheart an tréimhse le haghaidh imeacht deonach a dheonú ach amháin arna hiarraidh sin agus níor cheart an tréimhse sin a bheith níos faide ná 15 lá ná níor cheart di ceart a thabhairt dul isteach ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann. Ba cheart do na daoine lena mbaineann aon doiciméad bailí taistil atá ina seilbh a thabhairt do na húdaráis inniúla fad is gá chun éalú a chosc. Tá na forálacha maidir le filleadh a leagtar amach sa Rialachán seo gan dochar don fhéidearthacht lánroghnach atá ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh tráth ar bith cead cónaithe uathrialach nó údarú eile a dheonú lena dtairgtear ceart fanachta ar chúiseanna atruacha, daonnúla nó eile do náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch.

(10)

I gcás nach bhfilleann an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát, atá ag fanacht go neamhdhleathach, nó nach n-aistrítear é, laistigh d’uastréimhse an nós imeachta teorann um fhilleadh, ba cheart leanúint den nós imeachta um fhilleadh mar a fhoráiltear i dTreoir 2008/115/CE.

(11)

I gcás nach mbeidh ceart fanachta a thuilleadh ag iarratasóir, náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a coinníodh le linn an nós imeachta teorann um thearmann dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1348, agus nár ceadaíodh don duine sin fanacht, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann leanúint dá choinneáil chun dul isteach ar an gcríoch a chosc agus nós imeachta um fhilleadh a chur i gcrích, i gcomhréir leis na ráthaíochtaí agus na coinníollacha maidir le coinneáil a leagtar síos i dTreoir 2008/115/CE. Iarratasóir, náisiúnach tríú tír nó duine gan stát nár coinníodh le linn nós imeachta teorann um thearmann den sórt sin, nach bhfuil ceart fanachta aige a thuilleadh agus nár ceadaíodh dó fanacht, ba cheart é a bheith indéanta freisin é a choinneáil má tá riosca éalaithe ann, má sheachnaíonn sé an filleadh nó má chuireann sé bac air, nó más bagairt ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tslándáil náisiúnta é. Is ar feadh tréimhse chomh gearr agus is féidir ba cheart an choinneáil a dhéanamh, agus níor cheart í a bheith níos faide ná an uastréimhse le haghaidh an nós imeachta teorann um fhilleadh. I gcás nach bhfilleann an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach, nó nár aistríodh é, laistigh den tréimhse sin, agus inar scoir an nós imeachta teorann um fhilleadh d’fheidhm a bheith aige, ba cheart feidhm a bheith ag Treoir 2008/115/CE. Ba cheart a chuimsiú san uastréimhse choinneála a leagtar amach sa Treoir sin tréimhse na coinneála a cuireadh i bhfeidhm le linn an nós imeachta teorann um fhilleadh.

(12)

Leis an nós imeachta teorann um fhilleadh, ba cheart a éascú, le linn staid cás géarchéime mar a shainítear í i Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), filleadh náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát atá ag fanacht go neamhrialta agus ar diúltaíodh dá n-iarratas i gcomhthéacs géarchéim sa nós imeachta teorann um thearmann, agus nach bhfuil an ceart fanachta acu agus nach bhfuil cead acu fanacht, trí na huirlisí riachtanacha agus tréimhse ama leordhóthanach a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla chun nósanna imeachta um fhilleadh a chur i gcrích le dícheall cuí. Chun a bheith in ann freagairt ar chásanna géarchéime ar bhealach éifeachtach, ba cheart é a bheith indéanta freisin an nós imeachta teorann um fhilleadh a chur i bhfeidhm i gcás géarchéime, maidir le hiarratasóirí, náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá faoi réir an nós imeachta teorann um fhilleadh ar diúltaíodh dá n-iarratas sula nglactar Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1359 lena ndearbhaítear go bhfuil géarchéim sa Bhallstát, agus nach bhfuil aon cheart fanachta acu agus nach bhfuil cead acu fanacht tar éis don Chinneadh sin a bheith glactha.

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 72 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ní dhéanann an Rialachán seo difear d’fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir le riail agus reacht a choimeád agus an tslándáil inmheánach a chosaint.

(14)

D’fhonn cur chun feidhme comhleanúnach fhorálacha an nós imeachta teorann um fhilleadh a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú faoin tráth a chuirfear i bhfeidhm é, ba cheart pleananna cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta lena sainaithnítear bearnaí agus céimeanna oibríochtúla do gach Ballstát a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

(15)

Ba cheart measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo go tráthrialta.

(16)

Leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IBTV) arna bunú, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, le Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), féachtar lena áirithiú go mbeidh bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip atá láidir agus éifeachtach ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear trí inimirce neamhdhleathach a chosc agus a bhrath agus trí shreabha imirce a bhainistiú ar bhealach éifeachtach. Dá ndéanfaí maoiniú na tacaíochta faoin Ionstraim sin le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a cheadú i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) rannchuideofaí le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1148 a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/1148 a leasú.

(17)

Ba cheart a bheith in ann acmhainní IBTV agus cistí ábhartha eile de chuid an Aontais (na ‘Cistí’) a shlógadh chun tacaíocht a chur ar fáil d’iarrachtaí na mBallstát Rialachán (AE) 2024/1351 a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear úsáid na gCistí agus gan dochar do thosaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann úsáid a bhaint as na leithdháiltí faoina gcláir faoi seach, lena n-áirítear na méideanna a chuirtear ar fáil tar éis an athbhreithnithe meántéarma. Ba cheart a bheith in ann tacaíocht bhreise faoi na Saoráidí Téamacha ábhartha a chur ar fáil, go háirithe do na Ballstáit sin a bhféadfadh sé go gcaithfidís a n-acmhainneacht ag na teorainneacha seachtracha a mhéadú.

(18)

Ba cheart Rialachán (AE) 2021/1148 a leasú chun ranníocaíocht iomlán ó bhuiséad an Aontais le caiteachas incháilithe iomlán na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a ráthú, chomh maith le ceanglais shonracha tuairiscithe a thabhairt isteach i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana maidir le cur chun feidhme na gCistí. Ba cheart an Rialachán sin a leasú freisin chun go mbeidh na Ballstáit in ann ranníocaíochtaí airgeadais a sholáthar don IBTV i bhfoirm ioncam sannta seachtrach.

(19)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo eadhon nós imeachta teorann um fhilleadh a bhunú chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna agus le gur féidir tacaíocht faoi Rialachán (AE) 2021/1148 a mhaoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2024/1351, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr is féidir, de bharr scála agus éifeachtaí an Rialacháin seo, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(20)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le is an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(21)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (9); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(22)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen (10) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (11).

(23)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (12) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (13).

(24)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (14) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (15),

(25)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go háirithe, féachann an Rialachán seo le lánurraim a áirithiú do dhínit an duine agus le cur i bhfeidhm Airteagail 1, 4, 8, 18, 19, 21, 23, 24 agus 47 den Chairt a chur chun cinn,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo nós imeachta teorann um fhilleadh. Tá feidhm ag an nós imeachta sin maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát, ar diúltaíodh dá n-iarratas, i gcomhthéacs an nós imeachta teorann um thearmann dá bhforáiltear in Airteagail 43 go 54 de Rialachán (AE) 2024/1348 (‘an nós imeachta teorann um thearmann’). Foráiltear leis freisin do rialacha sonracha sealadacha maidir leis an nós imeachta teorann um fhilleadh i gcásanna géarchéime mar a shainítear iad in Airteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2024/1359.

Leasaítear leis an Rialachán seo freisin Rialachán (AE) 2021/1148, chun tacaíocht faoin Rialachán sin a mhaoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2024/1351.

2.   Comhlíonfaidh bearta sealadacha arna nglacadh de bhun Chaibidil III den Rialachán seo ceanglais an riachtanais agus na comhréireachta, beidh siad iomchuí chun a gcuspóirí sonraithe a bhaint amach agus chun cosaint chearta na n-iarratasóirí a áirithiú, agus beidh siad comhsheasmhach le hoibleagáidí na mBallstát faoin gCairt agus faoin dlí idirnáisiúnta.

3.   Ní chuirfear na bearta i gCaibidil III den Rialachán seo i bhfeidhm ach amháin a mhéid a bhfuil fíorghá leo de réir riachtanais an cháis, ar bhealach sealadach, teoranta agus in imthosca atá eisceachtúil. Tar éis iarraidh a fháil, ní fhéadfaidh na Ballstáit na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III a chur i bhfeidhm ach amháin a mhéid dá bhforáiltear sa Chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2024/1359.

Airteagal 2

Tagairtí do Rialachán (AE) 2024/1348

I gcás na mBallstát sin nach bhfuil faoi cheangal Rialachán (AE) 2024/1348, ba cheart tagairtí sa Rialachán seo d’fhorálacha i Rialachán (AE) 2024/1348 a thuiscint mar thagairtí d’fhorálacha coibhéiseacha a d’fhéadfadh a bheith tugtha isteach acu ina ndlí náisiúnta.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘iarratas ar chosaint idirnáisiúnta’ nó ‘iarratas’ iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó iarratas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2024/1348;

(b)

ciallaíonn ‘iarratasóir’‘iarratasóir’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (13), de Rialachán (AE) 2024/1348.

CAIBIDIL II

NÓS IMEACHTA TEORANN UM FHILLEADH

Airteagal 4

Nós imeachta teorann um fhilleadh

1.   Náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát ar diúltaíodh dá n-iarratas i gcomhthéacs an nós imeachta teorann um thearmann, ní údarófar iad dul isteach ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

2.   Ceanglóidh na Ballstáit ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 a bheith ina gcónaí ar feadh tréimhse nach faide ná 12 sheachtain i suíomhanna ag an teorainn sheachtrach nó gar di, nó ag na criosanna idirthurais nó gar dóibh. I gcás nach bhféadfaidh Ballstát na daoine sin a chur i gcóiríocht ar na suíomhanna sin, féadfaidh sé suíomhanna eile laistigh dá chríoch a úsáid. Tosóidh an tréimhse 12 seachtain sin ón dáta nach mbíonn ceart fanacht a thuilleadh ag an iarratasóir, an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát agus nach mbíonn cead aige fanacht a thuilleadh. An ceanglas maidir le cónaí a dhéanamh i suíomh áirithe i gcomhréir leis an mír seo, ní mheasfar gur údarú é chun dul isteach ar chríoch Bhallstáit ná fanacht uirthi. Comhlíonfaidh na dálaí ar na suíomhanna sin na caighdeáin atá coibhéiseach le caighdeáin na ndálaí glactha ábharacha agus an chúraim sláinte i gcomhréir le hAirteagail 19 agus 20 de Threoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) mar atá feidhm acu maidir le daoine a mheastar a bheith ina n-iarratasóirí fós.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 3, Airteagal 4(1), Airteagal 5, Airteagal 6(1) go (5), Airteagal 7(2) agus (3), Airteagail 8 go 11, Airteagal 12, Airteagal 14(1), Airteagal 15(2) go (4) agus Airteagail 16 go 18 de Threoir 2008/115/CE chun críocha an Airteagail seo.

4.   I gcás nach féidir cinneadh um fhilleadh a fhorfheidhmiú laistigh den uastréimhse dá dtagraítear i mír 2, leanfaidh na Ballstáit de nósanna imeachta um fhilleadh i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE.

5.   Gan dochar don deis atá acu filleadh go deonach tráth ar bith, deonófar tréimhse le haghaidh imeacht deonach do dhaoine dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má tá riosca éalaithe ann, nó má diúltaíodh dá n-iarratas i gcomhthéacs an nós imeachta teorann um thearmann toisc go bhfuil sé go follasach gan bhunús, nó má tá an duine lena mbaineann ina riosca do bheartas poiblí, do shlándáil phoiblí nó do shlándáil náisiúnta na mBallstát. Ní dheonófar an tréimhse le haghaidh imeacht deonach ach amháin arna hiarraidh sin agus ní bheidh an tréimhse níos faide ná 15 lá ná ní thabharfaidh sí ceart dul isteach ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann. Chun críocha na míre seo, tabharfaidh na daoine sin aon doiciméad bailí taistil atá ina seilbh do na húdaráis inniúla fad is gá chun éalú a chosc.

6.   Ballstáit a eisíonn diúltú ar chead isteach i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), tar éis iarratas a dhiúltú i gcomhthéacs an nós imeachta um thearmann, agus a chinn gan Treoir 2008/115/CE a chur i bhfeidhm sna cásanna sin de bhun Airteagal 2(2), pointe (a), den Treoir sin, áiritheoidh siad go mbeidh cóireáil agus leibhéal cosanta na náisiúnach tríú tír agus na ndaoine gan stát atá faoi réir diúltú ar chead isteach, go mbeidh siad i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Threoir 2008/115/CE, agus coibhéiseach leis an gcóireáil agus an leibhéal cosanta a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 5(4) den Rialachán seo.

Airteagal 5

Coinneáil

1.   Ní fhéadfar coinneáil a fhorchur ach amháin mar rogha dheireanach más gá sin ar bhonn measúnú aonair ar gach cás agus mura féidir bearta eile nach bhfuil chomh comhéigneach céanna a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach.

2.   Daoine dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a coinníodh le linn an nós imeachta um thearmann agus nach bhfuil ceart fanachta acu a thuilleadh ná nach bhfuil cead acu fanacht, féadfar leanúint dá gcoinneáil chun cosc a chur ar dhul isteach ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann agus chun ullmhúchán a dhéanamh dá bhfilleadh nó chun an próiseas aistrithe a chur i gcrích.

3.   Daoine dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo nár coinníodh iad le linn an nós imeachta teorann um thearmann, nach bhfuil ceart fanachta acu a thuilleadh ná nach bhfuil cead acu fanacht, féadfar iad a choinneáil i gcás ina mbeidh riosca éalaithe ann de réir bhrí Threoir 2008/115/CE, má sheachnaíonn siad nó má chuireann siad isteach ar an ullmhúchán don fhilleadh nó próiseas an aistrithe, nó inar bagairt iad ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tslándáil náisiúnta.

4.   Coimeádfar an choinneáil ar bun ar feadh tréimhse a bheidh chomh gearr agus is féidir, agus nach faide ná mar a bheidh ionchas réasúnta ann go ndéanfar aistriú a chur i gcrích agus fad a bheidh socruithe maidir leis an aistriú sin idir lámha agus á bhforghníomhú le dícheall cuí. Ní rachaidh tréimhse na coinneála thar an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán seo agus, i gcás ina n-eisítear coinneáil eile díreach tar éis tréimhse choinneála dá bhforáiltear faoin Airteagal seo, áireofar an tréimhse choinneála sin nuair a bheidh na huastréimhsí coinneála a leagtar amach in Airteagal 15(5) agus (6) de Threoir 2008/115/CE á ríomh.

5.   Faoin 12 Nollaig 2024, déanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann arna bunú le Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den Rialachán sin, treoirlínte a fhorbairt maidir le cleachtais éagsúla de rogha ar choinneáil, a d’fhéadfaí a úsáid i gcomhthéacs nós imeachta teorann.

CAIBIDIL III

MAOLUITHE IS INFHEIDHME I GCÁS GÉARCHÉIME

Airteagal 6

Bearta is infheidhme maidir leis an nós imeachta teorann um fhilleadh i gcás géarchéime

1.   I gcás géarchéime mar a shainítear í in Airteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2024/1359 agus i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach, ar diúltaíodh dá n-iarratas i gcomhthéacs an nós imeachta teorann um thearmann de bhun Airteagal 11(3), (4) agus (6) de Rialachán (AE) 2024/1359, nach bhfuil aon cheart fanachta acu agus nach bhfuil cead acu fanacht, féadfaidh na Ballstáit maolú mar a leanas:

(a)

de mhaolú ar Airteagal 4(2) den Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit síneadh breise nach faide ná 6 seachtaine a chur leis an uastréimhse dár féidir na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát sin a choinneáil ar na suíomhanna dá dtagraítear san Airteagal sin;

(b)

de mhaolú ar Airteagal 5(4) den Rialachán seo, ní rachaidh tréimhse na coinneála thar an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, agus áireofar í nuair a bheidh na huastréimhsí coinneála a leagtar amach in Airteagal 15(5) agus (6) de Threoir 2008/115/CE á ríomh.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo freisin maidir le hiarratasóirí, náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá faoi réir an nós imeachta teorann um thearmann ar diúltaíodh dá n-iarratas sular glacadh an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2024/1359 agus nach bhfuil ceart fanachta acu ná nach bhfuil cead acu fanacht tar éis ghlacadh an Chinnidh Cur Chun Feidhme sin.

3.   Eagraíochtaí a bhfuil cead acu faoin dlí náisiúnta comhairle agus comhairleoireacht a chur ar fáil, beidh rochtain éifeachtach acu ar iarratasóirí atá á gcoinneáil i saoráidí coinneála nó atá i láthair ag pointí trasnaithe teorann. Féadfaidh na Ballstáit teorainneacha a fhorchur ar na gníomhaíochtaí sin i gcás, de bhua an dlí náisiúnta, ina bhfuil na teorainneacha sin riachtanach do shlándáil, ord poiblí nó bainistiú riaracháin na saoráide coinneála, ar choinníoll nach gcuirfear bacainn mhór nó bac iomlán ar an rochtain sin leis na teorainneacha sin.

Airteagal 7

Rialacha nós imeachta

I gcás ina measann Ballstát go bhfuil staid cás géarchéime ann mar a shainítear in Airteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2024/1359, féadfaidh sé iarraidh a chur isteach chun na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm. I gcás ina gcuireann Ballstát an iarraidh sin isteach, beidh feidhm ag Airteagail 2 go 6 agus Airteagal 17(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2024/1359, de réir mar is ábhartha. I gcás ina mbíonn tús curtha cheana féin le nós imeachta d’fhonn maolú a fháil de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1359, féadfaidh na Ballstáit iarraidh a chur isteach chun na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an nós imeachta sin.

Airteagal 8

Forálacha agus ráthaíochtaí sonracha

Ballstát a bhfuil an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 6 á chur i bhfeidhm aige cuirfidh sé na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát lena mbaineann ar an eolas, i dteanga a thuigeann na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát, nó i dteanga a shíltear le réasún go dtuigfidh siad, faoi na bearta arna gcur i bhfeidhm agus faoi ré na mbeart.

CAIBIDIL IV

LEASUITHE AR RIALACHÁN (AE) 2021/1148

Airteagal 9

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1148

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1148 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(11)

ciallaíonn “gníomhaíocht dlúthpháirtíochta” gníomhaíocht, a leagtar a raon feidhme amach i bpointe (b) d’Airteagal 56(2) de Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), a chistítear trí ranníocaíochtaí airgeadais arna soláthar ag na Ballstáit, dá dtagraítear in Airteagal 64(1) den Rialachán sin.

(*1)  Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147, (AE) 2021/1060, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj).’;"

(2)

in Airteagal 10, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   Féadfar tacaíocht faoin Rialachán seo a mhaoiniú, chun críoch gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit agus ó dheontóirí poiblí nó príobháideacha eile mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.’

;

(3)

in Airteagal 12, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘7a.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta.’

;

(4)

in Airteagal 29(2), an chéad fhomhír, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(aa)

cur chun feidhme gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, lena n-áirítear miondealú ar na ranníocaíochtaí airgeadais de réir gníomhaíochta agus tuairisc ar na príomhthorthaí arna mbaint amach mar thoradh ar an gcistiú;’;

(5)

in Iarscríbhinn II, pointe 1, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(h)

tacú le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, i gcomhréir le raon feidhme na tacaíochta a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III.’;

(6)

leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:

(a)

i dTábla 1, pointe I, cuirtear an cód seo a leanas leis:

‘030 Gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta’;

(b)

leasaítear Tábla 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad chóid 005 agus 006:

‘005 Scéim Idirthurais Speisialta dá dtagraítear in Airteagal 17

006 Gníomhaíochtaí a chumhdaítear le hAirteagal 85(2) de Rialachán (AE) 2018/1240’;

(ii)

cuirtear na cóid seo a leanas leis:

‘007 Gníomhaíochtaí a chumhdaítear le hAirteagal 85(3) de Rialachán (AE) 2018/1240

008 Cúnamh éigeandála

009 Gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta’.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 10

Agóid arna déanamh ag údaráis phoiblí

Ní dhéanann an Rialachán seo difear don deis a bheith ag údaráis phoiblí agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí riaracháin nó breithiúnacha dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta.

Airteagal 11

Teorainneacha ama a ríomh

Aon tréimhse ama a fhorordaítear sa Rialachán seo, déanfar í a ríomh mar a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil tréimhse a shloinntear i laethanta, seachtainí nó míonna le ríomh ón tráth a tharlaíonn teagmhas nó a dhéantar gníomhaíocht, ní áireofar an lá ar a dtarlaíonn an teagmhas sin nó a ndéantar an ghníomhaíocht sin mar lá den tréimhse a bheidh i gceist;

(b)

i gcás tréimhse a shloinntear i seachtainí nó míonna, críochnóidh sí nuair a rachaidh an lá in éag arb ionann é agus lá na seachtaine sa tseachtain deiridh nó sa mhí dheiridh nó arb é an dáta céanna é sa mhí, faoi seach, agus an lá ar ar tharla an teagmhas nó ar a ndearnadh an ghníomhaíocht óna ríomhfar an tréimhse sin; i gcás, i dtréimhse a shloinntear i míonna, nach mbeidh lá sin na seachtaine ar ar cheart don tréimhse dul in éag sa mhí dheiridh den tréimhse, críochnóidh an tréimhse ag meán oíche ar an lá deiridh den mhí dheiridh sin;

(c)

áireofar an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire oifigiúla sna Ballstáit lena mbaineann sna teorainneacha ama; i gcás ina gcríochnaíonn teorainn ama ar an Satharn, ar an Domhnach nó ar lá saoire oifigiúil, áireofar an chéad lá oibre eile mar lá deiridh na teorann ama.

Airteagal 12

Bearta idirthréimhseacha

Faoin 12 Meán Fómhair 2024, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, plean coiteann cur chun feidhme a thíolacadh don Chomhairle chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit ullamh go leor chun Caibidil II den Rialachán seo a chur chun feidhme faoin 1 Iúil 2026, lena ndéanfar measúnú ar aon bhearnaí a sainaithníodh agus ar na céimeanna oibríochtúla is gá, agus, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin.

Ar bhonn an phlean choitinn cur chun feidhme sin, faoin 12 Nollaig 2024, déanfaidh gach Ballstát, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, plean náisiúnta cur chun feidhme a bhunú ina leagfar amach na gníomhaíochtaí agus amlíne lena gcur chun feidhme. Cuirfidh gach Ballstát cur chun feidhme a phlean i gcrích faoin 1 Iúil 2026.

Chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as an tacaíocht ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus féadfaidh Cistí an Aontais tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit, i gcomhréir leis na gníomhartha dlí lena rialaítear na comhlachtaí, na hoifigí, na gníomhaireachtaí agus na Cistí sin.

Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na bpleananna náisiúnta cur chun feidhme.

Airteagal 13

Faireachán agus meastóireacht

Faoin 13 Meitheamh 2028 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo sna Ballstáit agus, más iomchuí, molfaidh sé leasuithe.

Arna iarraidh sin don Choimisiún, seolfaidh na Ballstáit an fhaisnéis chuige atá riachtanach chun a thuarascáil a tharraingt suas tráth nach déanaí ná 12 Meán Fómhair 2027.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 12 Meitheamh 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 75, 10.3.2017, lch. 97 agus IO C 155, 30.4.2021, lch. 64.

(2)   IO C 207, 30.6.2017, lch. 67 agus IO C 175, 7.5.2021, lch. 32.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024.

(4)  Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj).

(5)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(6)  Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéimeanna agus ar chásanna force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1147 (IO L, 2024/1359, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1359/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 48).

(8)  Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147, (AE) 2021/1060, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj).

(9)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(10)   IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(11)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(12)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(13)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(14)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(15)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(16)  Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leagtar síos caighdeáin chun glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO L, 2024/1346, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1346/oj.).

(17)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO L 468, 30.12.2021, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1349/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Haut