This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1995
Council Decision (EU) 2022/1995 of 17 October 2022 appointing three representatives of Member States as members and alternate members of the Management Board of the European Food Safety Authority
Cinneadh (AE) 2022/1995 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena gceaptar triúr ionadaithe ó na Ballstáit ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia
Cinneadh (AE) 2022/1995 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena gceaptar triúr ionadaithe ó na Ballstáit ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia
ST/12888/2022/INIT
IO L 273, 21.10.2022, pp. 22–23
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
21.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 273/22 |
CINNEADH (AE) 2022/1995 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2022
lena gceaptar triúr ionadaithe ó na Ballstáit ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (1), agus go háirithe Airteagal 25(1) de,
Ag féachaint do na hainmniúcháin a chuir an Bhulgáir, an tSeicia agus Éire faoi bhráid na Comhairle,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá sé ríthábhachtach neamhspleáchas, ardcháilíocht eolaíoch, trédhearcacht agus éifeachtúlacht an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“EFSA”) a áirithiú. Ina theannta sin, tá sé fíor-riachtanach comhar EFSA leis na Ballstáit a áirithiú. |
|
(2) |
Tá sé de cheangal le hAirteagal 25(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 go n-ainmneoidh gach Ballstát comhalta agus comhalta malartach mar a ionadaithe ar Bhord Bainistíochta EFSA. Ceapann an Chomhairle na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha arna n-ainmniú mar sin go ceann tréimhse 4 bliana, ar tréimhse í a fhéadfar a athnuachan, agus beidh ceart vótála acu. |
|
(3) |
Cheap an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh uaidh an 7 Aibreán 2022 (2), ionadaithe ó na Ballstáit ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta EFSA don tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2026. |
|
(4) |
An 1 Bealtaine 2022, fuair Georgi GEORGIEV, an comhalta don Bhulgáir, bás. |
|
(5) |
Le litir dár dáta an 23 Lúnasa 2022, thíolaic Patricia REILLY, an comhalta malartach d’Éirinn, go raibh sí ag éirí as oifig. |
|
(6) |
Le litir dár dáta an 15 Meán Fómhair 2022, thíolaic Jitka GÖTZOVÁ, an comhalta malartach don tSeicia, go raibh sí ag éirí as oifig. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart triúr ionadaithe nua a cheapadh ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige a réamhtheachtaithe faoi seach. |
|
(8) |
Tá taithí agus saineolas forleathan ag na hionadaithe arna n-ainmniú ag an mBulgáir, an tSeicia agus Éire i réimse dhlí agus bheartas an bhiashlabhra, lena n-áirítear measúnú riosca, agus i réimsí ábhar bainistíochta, riaracháin, airgeadais agus dlí chomh maith. Dá bhrí sin, lena gceapacháin, baintear amach i mBord Bainistíochta EFSA na caighdeáin is airde inniúlachta agus an raon is leithne taithí ábhartha atá ar fáil, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar leis seo an duine seo a leanas mar chomhalta de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia go dtí an 30 Meitheamh 2026:
|
— |
Koycho KOEV (an Bhulgáir). |
Airteagal 2
Ceaptar leis seo na daoine seo a leanas mar chomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia go dtí an 30 Meitheamh 2026:
|
— |
Martin ŠTĚPÁNEK (an tSeicia), |
|
— |
Geraldine Duffy (Éire). |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. NEKULA
(1) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 7 Aibreán 2022 lena gceaptar ionadaithe ó na Ballstáit ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (IO C 159, 12.4.2022, lch. 6).