EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1019

Cinneadh (CBES) 2022/1019 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

ST/9860/2022/INIT

IO L 170, 28.6.2022, p. 78–82 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1019/oj

28.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 170/78


CINNEADH (CBES) 2022/1019 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Meitheamh 2022

lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Iúil 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/413/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 26(3) de Chinneadh 2010/413/CBES, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(3)

Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine agus gach eintitis atá ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES a choimeád ar bun, sa mhéid nach luaitear a n-ainmneacha in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus ba cheart 17 n-iontráil a áirítear in Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/413/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 27 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. PANNIER-RUNACHER


(1)  Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES mar a leanas:

(1)

faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“8.

Ebrahim MAHMUDZADEH

 

Ceann ar an Management Board of Iran Telecommunications; iar-Stiúrthóir Bainistíochta ar Iran Electronic Industries (féach Cuid B, Uimh. 20). Ard-Stiúrthóir ar an Armed Forces Social Security Organization go mí Mheán Fómhair 2020. Leas-Aire Cosanta na hIaráine go mí na Nollag 2020.

23.6.2008

27.

Kamran DANESHJOO (ar a dtugtar freisin DANESHJOU)

 

Iar-Aire Eolaíochta, Taighde agus Teicneolaíochta. Mar bhainisteoir tionscadail ar an 111ú cuid den AMAD Plan, tá tacaíocht tugtha aige do ghníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine.

1.12.2011”

(2)

faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “B. Eintitis”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“20.

Iran Electronics Industries

(lena n-áirítear gach brainse) agus fochuideachta:

P. O. Box 18575-365, Tehran, Iran

Fochuideachta faoi lánúinéireacht ag MODAFL (agus, dá bhrí sin, deirfiúr-eagraíocht le AIO, AvIO agus DIO). Is é an ról atá aige comhpháirteanna leictreonacha a mhonarú do chórais arm na hIaráine.

23.6.2008

 

(b) Iran Communications Industries (ICI)

(ar a dtugtar freisin Sanaye Mokhaberat Iran; Iran Communication Industries; Iran Communications Industries Group; Iran Communications Industries Co.)

PO Box 19295-4731, Pasdaran Avenue, Tehran, Iran; Seoladh eile: PO Box 19575-131, 34 Apadana Avenue, Tehran, Iran; Seoladh eile: Shahid Langary Street, Nobonyad Square Ave, Pasdaran, Tehran

Táirgeann Iran Communications Industries, fochuideachta de chuid Iran Electronics Industries (liostaithe ag an Aontas), earraí éagsúla lena n-áirítear córais chumarsáide, eitleonaic, gléasanna optaice agus leictrea-optaice, micrileictreonaic, teicneolaíocht faisnéise, tástáil agus tomhas, slándáil teileachumarsáide, cogaíocht leictreonach, monarú agus athchóiriú feadán radair, agus lainseálaithe diúracáin. Fuair ICI ábhar íogair trí Hoda Trading, a fhochuideachta atá bunaithe i Hong Cong.

26.7.2010

52.

Raad Iran (ar a dtugtar freisin Raad Automation Company; Middle East Raad Automation; RAAD Automation Co.; Raad Iran Automation Co.; RAADIRAN; Middle East RAAD Automation Co.; Automasion RAAD Khavar Mianeh; Automation Raad Khavar Mianeh Nabbet Co)

Unit 1, No 35, Bouali Sina Sharghi, Chehel Sotoun Street, Fatemi Square, Tehran

Cuideachta atá páirteach i soláthar inbhéartóirí do chlár saibhrithe toirmiscthe na hIaráine. Bunaíodh Raad Iran chun córais rialaithe a tháirgeadh agus a dhearadh agus déanann sé díol agus suiteáil ar inbhéartóirí agus ar Rialaitheoirí Loighce inchláraithe.

23.5.2011”

(3)

faoin gceannteideal “II. Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“1.

An Briogáidire-Ghinearál Javad DARVISH-VAND ó IRGC

 

IarLeas-Aire Cosanta agus Ardchigire MODAFL.

23.6.2008

2.

An Seachaimiréal Ali FADAVI

 

Leas-Cheannasaí-Ghinearál Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC). Iar-Cheannasaí IRGC Navy.

26.7.2010

3.

Parviz FATAH

Rugadh in 1961

Iar-chomhalta de IRGC. IarAire Turasóireachta. Ó mhí Iúil 2019 i leith, ina cheann den ‘Mostazafan Foundation’, iar-chomhalta de The Board of Trustees of the Imam Khomeini Foundation.

26.7.2010

4.

An Briogáidire-Ghinearál Seyyed Mahdi FARAHI ó IRGC

 

Leas-Aire Cosanta agus Tacaíochta Fórsaí Armtha ó 2021 i leith. Roimhe seo, Leas-Aire Cosanta agus Gnóthaí Tionsclaíocha na hAireachta Cosanta, ceann ar an Defence Industries and Aerospace Organizations den Aireacht Cosanta, mar aon le ceannasaí an Armed Forces Personnel Training Camp. Iarcheann ar Aerospace Industries Organisation (AIO) na hIaráine agus iarstiúrthóir bainistíochta ar an Defence Industries Organisation (DIO) atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe. Comhalta de IRGC.

23.6.2008

6.

Mohammad Ali JAFARI

 

IarCheannasaí IRGC. Ina Cheann faoi láthair ar Hazrat Baqiatollah al-Azam Cultural and Social Headquarters.

23.6.2008

7.

An Briogáidire-Ghinearál Mostafa Mohammad NAJJAR ó IRGC

 

Iar-Aire Gnóthaí Baile agus Iar-Aire MODAFL, a bhfuil freagracht air as gach clár míleata, lena n-áirítear cláir diúracán balaistíoch. Ó mhí Mheán Fómhair 2013 i leith, Comhairleoir Sinsearach do Cheann ar an General Staff of the Armed Forces on Knowledge and Technology Industry. Comhalta de IRGC.

23.6.2008

10.

Rostam QASEMI (ar a dtugtar freisin Rostam Qassemi; Rostam GHASEMI)

Rugadh in 1961

Ón 25 Lúnasa 2021 i leith, Minister for Road and Urban Development. IarCheannasaí Khatam al-Anbiya.

26.7.2010

12.

An Briogáidire-Ghinearál Ali SHAMSHIRI ó IRGC

 

Comhalta de IRGC. Comhairleoir do stiúrthóir an Defence Science and Education Research Institute. Bhí róil shinsearacha aige in MODAFL.

23.6.2008

13.

An Briogáidire-Ghinearál Ahmad VAHIDI ó IRGC

 

Ón 25 Lúnasa 2021 i leith, an tAire Gnóthaí Baile. IarUachtarán Supreme National Defence University agus iarAire MODAFL.

23.6.2008

17.

Ali Ashraf NOURI

 

Ceann ar an Basij Islamic Revolution Art Educational and Research Complex. IarLeas-Cheannasaí ó IRGC, Ceann IRGC Political Bureau.

23.1.2012

18.

Hojatoleslam Ali SAIDI (ar a dtugtar freisin Hojjat- al-Eslam Ali Saidi nó Saeedi)

 

Ó mhí an Mhárta 2017, ceann ar an ideological and political bureau of the Supreme Leader ina ról mar Ardcheannasaí. Roimhe seo, ionadaí an Supreme Leader chuig IRGC.

23.1.2012”

(4)

faoin gceannteideal “II. Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “B. Eintitis”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“9.

Mehr Bank (ar a dtugtar freisin Mehr Finance and Credit Institute; Mehr Interest-Free Bank)

No. 182, Shahid Tohidi St, 4th Golsetan, Pasdaran Ave, Tehran 1666943, Iran

Rialaíonn Bonyad Taavon Sepah agus IRGC Mehr Bank. Cuireann Mehr Bank seirbhísí airgeadais ar fáil do IRGC. De réir agallamh foinse-oscailte leis an gceann a bhí ar Bonyad Taavon Sepah ag an am, Parviz Fatah, chruthaigh Bonyad Taavon Sepah Mehr Bank chun freastal ar an Basij (craobh pharaimíleata IRGC).

23.5.2011

12.

Etemad Amin Invest Co Mobin

(ar a dtugtar freisin: Etemad Amin Investment Company Mobin; Etemad-e Mobin; Etemad Amin Invest Company Mobin; Etemad Mobin Co.; Etemad Mobin Trust Co.; Etemade Mobin Company; Mobin Trust Consortium; Etemad-e Mobin Consortium)

Pasadaran Av. Tehran, Iran

Cuideachta atá faoi úinéireacht nó faoi rialú IRGC a rannchuidíonn le leasanna straitéiseacha an réimis a mhaoiniú.

26.7.2010”


Top