Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1506

    Cinneadh (CBES) 2022/1506 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 maidir le gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh chun tacú le forbairt na n-uirlisí teicneolaíochta faisnéise chun scaipeadh faisnéise faoi bhearta sriantacha an Aontais a fheabhsú

    ST/11231/2022/INIT

    IO L 235, 12.9.2022, p. 30–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1506/oj

    12.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 235/30


    CINNEADH (CBES) 2022/1506 ÓN gCOMHAIRLE

    an 9 Meán Fómhair 2022

    maidir le gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh chun tacú le forbairt na n-uirlisí teicneolaíochta faisnéise chun scaipeadh faisnéise faoi bhearta sriantacha an Aontais a fheabhsú

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is uirlis riachtanach beartais eachtraigh do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais iad na bearta sriantacha a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar bhonn Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    (2)

    Scaipeadh forleathan faisnéise maidir le bearta sriantacha atá i bhfeidhm san Aontas agus rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin, mar aon le malartú faisnéise idir na Ballstáit, na geallsealbhóirí agus an Coimisiún, is coinníoll riachtanach é sin d’éifeachtúlacht na mbeart sriantach sin.

    (3)

    Le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, léiríodh a phráinní atá sé gníomhaíocht a sheoladh chun cur ar chumas na mBallstát agus na n-oibreoirí na bearta sriantacha a glacadh ón 24 Feabhra 2022 i leith a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr. Mar thoradh ar an éileamh méadaithe ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeart sriantach, ceanglais nua atá leagtha síos ag raon feidhme agus cineál na mbeart sriantach nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, agus an gá atá le cumarsáid shlán agus dlúthchomhar idir na Ballstáit, na geallsealbhóirí agus an Coimisiún chun na bearta sriantacha sin a chur chun feidhme, tá gá le huirlisí teicneolaíochta faisnéise nua nó feabhsaithe agus níos sláine.

    (4)

    Ba cheart do ghníomhaíocht oibríochtúil faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála tacú le forbairt na bhfeidhmchlár agus na mbunachar sonraí is gá mar ábhar práinne,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuspóir agus raon feidhme

    1.   Tacóidh an tAontas le forbairt na bhfeidhmchlár agus na mbunachar sonraí is gá chun faisnéis a chur ar fáil maidir le bearta sriantacha atá i bhfeidhm san Aontas agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin, go háirithe, ag na hoibreoirí atá rannpháirteach ina gcur chun feidhme, mar aon le huirlisí teicneolaíochta faisnéise a fhorbairt ionas gur féidir faisnéis a mhalartú go slán idir na Ballstáit, na geallsealbhóirí agus an Coimisiún.

    2.   Tacóidh na huirlisí teicneolaíochta faisnéise uasghrádaithe sin, go háirithe, le cur chun feidhme oibleagáidí tuairiscithe na mBallstát gan cinn bhreise a chruthú. Beidh socruithe tuairiscithe a mbeidh iarmhairtí suntasacha acu ar riaracháin náisiúnta faoi réir comhairliúchán laistigh den Chomhairle, de réir mar is iomchuí.

    Airteagal 2

    Socruithe airgeadais

    1.   EUR 450 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme.

    2.   Bainisteoidh an Coimisiún an caiteachas go léir, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

    Airteagal 3

    Faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de

    Agus uirlisí teicneolaíochta faisnéise uasghrádaithe le haghaidh smachtbhannaí á bhforbairt, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint go cuí trí choimircí teicniúla iomchuí.

    Airteagal 4

    Teacht i bhfeidhm agus ré

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2024.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. SÍKELA


    Top