This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D1999
Bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí–úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
Cuirtear bunús dlí ar fáil le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine (EUGHRSR) maidir le daoine aonair, cuideachtaí agus comhlachtaí — lena n-áirítear iad siúd atá bainteach le rialtais náisiúnta agus iad siúd nach bhfuil — atá freagrach as, a bhfuil baint acu leo nó páirteach i sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain, is cuma cén áit a dtarlaíonn siad.
Raon feidhme
Clúdaíonn an EUGHRSR roinnt mí–úsáidí ar chearta an duine, lena n–áirítear:
Clúdaítear sa chóras smachtbhannaí freisin gníomhartha atá forleathan, córasach nó ar ábhar imní tromchúiseach iad i ndáil le spriocanna an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES), mar atá leagtha amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Áirítear leo sin:
Smachtbhannaí agus eisceachtaí
Áireofar le bearta sriantacha toirmeasc taistil do dhaoine aonair agus reo cistí do dhaoine aonair agus d’eintitis araon. Ina theannta sin, beidh cosc ar dhaoine aonair agus ar eintitis in AE cistí a chur ar fáil dóibh siúd atá liostaithe, go díreach nó go hindíreach.
Féadfaidh na Ballstáit eisceachtaí a thabhairt ó na bearta le haghaidh taistil mar gheall ar:
An liosta a leasú
Féadfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus na Ballstáit leasuithe ar an liosta a mholadh.
Cinneann Comhairle an Aontais Eorpaigh leasuithe agus fógraítear go poiblí iad.
Ailíniú tíortha áirithe nach tíortha den Aontas Eorpach iad le bearta sriantacha AE
Tá na tíortha is iarrthóirí Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Albáin agus an Úcráin, agus tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua (ar baill den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad freisin), ag teacht leis an gcinneadh seo. Cinnteoidh siad go gcloíonn a mbeartais náisiúnta leis an gcinneadh seo.
Tá siad i bhfeidhm ón 8 Nollaig 2020.
Bhí an EUGHRSR ina chuid de na gealltanais maidir le dul i ngleic le sáruithe agus mí–úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine a leagtar amach i bplean gníomhaíochta AE maidir le cearta an duine agus an daonlathas 2020–2024.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Cinneadh (CFSP) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410 I, 7.12.2020, lgh. 13–19).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CBES) 2020/1999 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí–úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410I, 7.12.2020, lgh. 1–12).
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh (CFSP) 2022/2376 ón gComhairle an 5 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh (CFSP) 2020/1999 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 314, 6.12.2022, lgh. 90–96).
Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus maidir leis an Daonlathas 2020–2024 (JOIN(2020) 5 críochnaithe, 25.3.2020).
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (sean-Airteagal 301 CFAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144).
Nuashonraithe 08.09.2023