Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
tacaíonn sí le gníomhaíochtaí comhpháirteacha náisiúnta frith-chalaoise.
Imscrúduithe inmheánacha
Maidir le hOLAF:
déanann sí imscrúduithe riaracháin laistigh d’institiúidí, de chomhlachtaí, d’oifigí agus de ghníomhaireachtaí AE, agus ag áitribh oibreoirí eacnamaíocha2;
bíonn rochtain láithreach agus gan réamhfhógra aici ar aon fhaisnéis agus sonraí ábhartha, a bhaineann leis an ábhar atá faoi imscrúdú;
féadfaidh sí faisnéis ó bhéal agus i scríbhinn a iarraidh ar oifigigh, ar bhaill foirne eile agus ar chinn oifigí agus gníomhaireachtaí;
cuireann sí iúl do na hinstitiúidí, do na comhlachtaí, do na hoifigí agus do na gníomhaireachtaí má bhaineann imscrúdú lena bhfostaithe agus téann sí i gcomhairle leo, i gcás inar gá, más amhlaidh gur cheart bearta riaracháin réamhchúraim a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
Le Rialachán Leasaitheach (AE, Euratom) 2020/2223 ceadaítear do OLAF, le linn a imscrúduithe, rochtain a fháil ar fheistí faoi úinéireacht phríobháideach a úsáidtear chun críocha oibre, má tá forais réasúnacha ag OLAF a bheith in amhras go bhféadfadh a n-ábhar a bheith ábhartha don imscrúdú. Bheadh rochtain bunaithe ar rialacha inmheánacha a bheadh le glacadh ag gach institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann maidir lena gcomhaltaí foirne agus a mbaill.
Imscrúduithe seachtracha
Maidir le hOLAF:
déanann sí seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair agus gníomhaíochtaí imscrúdaithe eile i dtíortha AE, i dtíortha neamh-AE, ar áitribh eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ar oibreoirí eacnamaíocha, de réir na rialacha atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, agus i gcomhréir le téarmaí na gcomhaontuithe comhair agus cúnaimh fhrithpháirtigh;
féadfaidh sé faisnéis faoi chalaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a tharchur chuig údaráis náisiúnta inniúla thíortha AE chun a chumasú dóibh gníomhú go cuí.
Faoi Rialachán leasaithe (AE, Euratom) 2020/2223, in imscrúduithe seachtracha, dhéanfaí rochtain ar fheistí faoi úinéireacht phríobháideach a úsáidtear chun críocha oibre faoi na coinníollacha céanna agus a mhéid a dhéanann siad d’údaráis náisiúnta sa tír ábhartha.
Nósanna imeachta imscrúduithe
Maidir le hArd-Stiúrthóir OLAF:
cinneann sé nó sí, má tá go leor amhrais ann, cé acu an n–osclófar imscrúdú seachtrach nó inmheánach nó nach n–osclófar, ar chonlán an ard-stiúrthóra é féin nó í féin nó tar éis iarratas a fháil ó insitiúid, comhlacht, oifig nó ó ghníomhaireacht AE, nó ó thír AE;
féadfaidh sé nó sí faisnéis ábhartha ar bith a chur chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht AE lena mbaineann nó chuig an tír AE lena mbaineann má chinneann an t–ard-stiúrthóir gan imscrúdú a oscailt;
ordaíonn sé nó sí seoladh na n-imscrúduithe ar bhonn treoracha i scríbhinn, i gcás inar iomchuí;
tuairiscíonn sé nó sí don Choiste Maoirseachta murar féidir imscrúdú a dhúnadh laistigh de 12 mhí agus gach 6 mhí ina dhiaidh sin;
féadfaidh sé nó sí faisnéis ar bith a fhaightear le linn imscrúdú inmheánach a thagann faoina ndlínse a chur ar aghaidh chuig údaráis náisiúnta bhreithiúnacha.
Maidir le foireann OLAF:
déanann sí imscrúduithe go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta, agus aird á tabhairt ar ráthaíochtaí nós imeachta an rialacháin agus ar thoimhde na neamhchiontachta;
lorgaíonn sí faisnéis i bhfabhar agus i gcoinne an duine lena mbaineann;
féadfaidh sí, le fógra oiriúnach, duine nó finné a chur faoi agallamh am ar bith le linn an imscrúdaithe — tá sé de cheart ag an duine sin féin-ionchoiriú a sheachaint agus cúnamh a fháil ó dhuine de rogha;
scríobhann sí taifead den agallamh agus tugann sí cóip don agallaí;
tugann sí deis don duine lena mbaineann trácht a dhéanamh ar fhíorais a bhaineann leo;
caitheann sí go rúnda leis an bhfaisnéis go léir a chuirtear ar aghaidh nó a fhaightear le linn imscrúduithe seachtracha agus inmheánacha;
comhoibríonn sí le OIPE, Eurojust, Europol agus le húdaráis inniúla thíortha an Aontais, le tíortha neamh-AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
Rochtain ar fhaisnéis cuntas bainc
Faoi Rialachán leasaithe (AE, Euratom) 2020/2223, neartaítear cumhachtaí imscrúdaithe OLAF. Féadann OLAF faisnéis a iarraidh ar chuntais bhainc agus, nuair is gá, ar idirbhearta, le comhoibriú na n-údarás náisiúnta. Bheadh sé sin faoi na coinníollacha céanna leo siúd is infheidhme maidir le húdaráis náisiúnta inniúla agus faoi réir iarratais i scríbhinn ag míniú a hoiriúnachta agus a comhréireachta.
Rialaitheoir na gcoimircí nós imeachta
Cruthaítear seasamh neamhspleách rialaitheoir na gcoimircí nós imeachta faoi Rialachán leasaithe (AE, Euratom) 2020/2223. Agus an rialaitheoir nasctha ó thaobh riaracháin leis an gCoiste Maoirseachta, bheadh sé nó sí freagrach as gearáin a láimhseáil ó na daoine lena mbaineann agus d’fhéadfadh sé nó sí moltaí a dhéanamh chuig OLAF maidir le conas an fhadhb a ardaíodh sa ghearán a réiteach.
Dlúth-chomhoibriú idir OLAF agus OIPE
Tá róil chomhlántacha ag OLAF agus OIPE chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus oibreoidh siad i ndlúthchomhar lena chéile. Faoi Rialachán leasaithe (AE, Euratom) 2020/2223, is comhlacht riaracháin é OLAF i gcónaí a sheolann imscrúduithe riaracháin, a bhféadfadh moltaí airgeadais, riaracháin, araíonachta agus breithiúnacha a bheith mar thoradh orthu, díríonn sainordú OIPE, lena gcuimsítear 22 de 27 dtír an Aontais, ar imscrúduithe coiriúla d’fhonn freagracht choiriúil daoine a bhfuil baint acu le calaois, éilliú nó cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a thagann faoina inniúlacht a chinneadh.
Ní mór do OIPE agus OLAF, agus iad ag gníomhú chun tacú le OIPE agus chun inghlacthacht fianaise a chosaint, chomh maith le cearta bunúsacha agus ráthaíochtaí nós imeachta, comhoibriú go dlúth lena áirithiú go gcomhlíontar coimircí nós imeachta Rialachán (AE) 2017/1939.
Maidir leis an tuarascáil chríochnaitheach
Dréachtaítear í faoi údarás an ard-stiúrthóra nuair a chuirtear an t–imscrúdú i gcrích. Sa tuarascáil chríochnaitheach:
cuimsítear inti;
an bunús dlí le haghaidh an imscrúdaithe
na céimeanna nós imeachta ar cloíodh leo agus na ráthaíochtaí ar ar tugadh aird
na fíricí a bunaíodh agus a réamhaicmiú sa dlí
tionchar airgeadais measta agus
conclúidí an imscrúdaithe;
gabhann moltaí ón ard-stiúrthóir léi maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart beart a dhéanamh, bíodh sé ina bheart smachtaithe, riaracháin, airgeadais nó breithiúnach, agus maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart na méideanna measta a aisghabháil;
seoltar í chuig an tír AE nó chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht AE lena mbaineann.
Tíortha AE:
bunaítear leo seirbhís comhordúcháin frith-chalaoise (AFCOS) chun comhar agus malartú faisnéise éifeachtach le OLAF a éascú;
soláthraítear nó comhordaítear leo an cúnamh is gá chun go ndéanfaidh OLAF a chuid cúraimí go héifeachtach.
Maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE:
glacann siad rialacha lena gceanglaítear ar a mbaill foirne comhoibriú le hOLAF agus faisnéis a sholáthar di;
áirithíonn siad rúndacht imscrúduithe inmheánacha;
ní fhéadfaidh siad fiosrúchán comhuaineach a thionscnamh maidir leis na fíricí céanna i gcás gur oscail an t–ard-stiúrthóir OLAF imscrúdú, nó i gcás go bhfuil sé i gceist ag ard-stiúrthóir OLAF imscrúdú a oscailt;
cuireann siad faisnéis chuig OLAF, gan aon mhoill, maidir le cásanna féideartha calaoise, éillithe nó gníomhaíochta airgeadais neamhdhleathaí ar bith eile.
Aisghairm
Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 a aisghairm le Rialachán (AE, Euratrom) Uimh. 883/2013.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?
Tá Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 i bhfeidhm ón .
Tháinig Rialachán Leasaitheach (AE, Euratrom) 2020/2223 i bhfeidhm an .
Leasanna airgeadais: ioncam, caiteachas agus sócmhainní a chumhdaítear i mbuiséad AE.
Oibreoir eacnamaíoch: gnólachtaí nó eagraíochtaí eile, amhail soláthraithe agus conraitheoirí, a sholáthraíonn earraí, obair nó seirbhísí.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Frithchalaoise Eorpach (OLAF) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, , lgh. 1-22)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE, Euratom) 2020/2223 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, maidir le comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus éifeachtacht imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (IO L 437, , lgh 49-73)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 ón gComhairle an lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, , lgh. 1-71)
Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, , lgh. 29-41)
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Meastóireacht ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Frithchalaoise Eorpach (OLAF) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (COM(2017) 589 final, )
Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin Rialachán — Meastóireacht ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Frithchalaoise Eorpach (OLAF) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle a ghabhann leis an doiciméad Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (SWD(2017) 332 final, )
Cinneadh 1999/352/CE, ECSC, Euratom ón gCoimisiún an lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, , lgh. 20-22)
Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún ar mhaithe le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, , lgh. 2-5)
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach (IO L 312, , lgh. 1-4)
Cinneadh 94/140/CE ón gCoimisiún an lena mbunaítear coiste comhairliúcháin chun an cosc calaoise a chomhordú (IO L 61, , lgh. 27-28)