EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Creat um chomhshásamh (gníomhaíochtaí comhpháirteacha)

Creat um chomhshásamh (gníomhaíochtaí comhpháirteacha)

 

ACHOIMRE AR:

Moladh 2013/396/AE maidir le comhphrionsabail do shásraí comhshásaimh urghaire agus cúiteacha i mBallstáit AE

CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?

  • Leagtar amach ann sraith de phrionsabail choiteanna neamhcheangailteacha do shásraí náisiúnta um chomhshásamh*.
  • Is í an aidhm a chur ar chumas saoránach agus cuideachtaí na cearta a bhronntar orthu faoi dhlí an Aontais Eorpaigh (AE) a fhorfheidhmiú, sa chás go ndearnadh na cearta sin a shárú.
  • Ba cheart go gcuirfí na sásraí seo ar fáil i réimsí éagsúla ina mbronntar cearta ar shaoránaigh agus ar chuideachtaí faoi dhlí AE, amhail cosaint tomhaltóirí, iomaíocht, cosaint an chomhshaoil agus seirbhísí airgeadais.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá na príomhphrionsabail leagtha síos i moladh ón gCoimisiún Eorpach a foilsíodh i gcomhtráth le teachtaireacht ina dtugtar le tuiscint go dtabharfaidh Ballstáit AE uile sásraí comhshásaimh isteach ar bhonn prionsabail chomhaontaithe. Is iad seo a leanas na príomhphrionsabail sin:

  • Ba cheart d’éilitheoirí a bheith in ann orduithe cúirte a iarraidh chun deireadh a chur le sáruithe ar na cearta a bhronntar orthu faoin dlí AE (“faoiseamh urghaire”) agus chun damáistí a éileamh don dochar a thagann as sáruithe dá leithéid (“faoiseamh cúitimh”) i gcás ina ndéantar dochar do líon mór daoine de bharr an chleachtais neamhdhlíthiúil chéanna.
  • Ní mór do nósanna imeachta um chomhshásamh a bheith cóir agus cothrom agus tráthúil agus níor cheart dóibh a bheith ró-chostasach.
  • Ba cheart do chórais um chomhshásamh a bheith bunaithe ar phrionsabal na “liostála roghnaí”. Faoin bprionsabal seo, ní bhíonn éilitheoirí ionchasacha nach bhfuil a dtoiliú curtha in iúl go díreach acu ina mbaill den ghrúpa agus mar sin, tá seans ann nach rachaidh toradh fabhrach ar na himeachtaí um chomhshásamh chun sochair dóibh.
  • Ba cheart do choimircí nóis imeachta a bheith curtha i bhfeidhm chun mí-úsáid na gcóras um chomhshásamh a sheachaint, amhail:
    • cosc ar dhamáistí pionósacha agus ar an leas pionósach (.i. an-ard);
    • níor cheart d’eintitis a dhéanann ionadaíocht d’éilitheoirí brabúis a dhéanamh;
    • cosc ar tháillí teagmhais a íoc le dlíodóirí.
  • Bíonn ar an bpáirtí nach n-éiríonn leis íoc as costais dhlíthiúla an pháirtí rathúil.
  • Tá príomhról ag an mbreitheamh i ndlíthíocht ghrúpa/comhdhlíthíocht* maidir leis an gcás a bhainistiú go héifeachtach agus ní mór dóibh a bheith airdeallach i gcoinne mí–úsáid ar bith a d’fhéadfadh a bheith ann.
  • Ba cheart d’éilitheoirí a bheith in ann an cás a réiteach trí shásraí um chomhréiteach díospóide comhthoilíoch (.i. nósanna imeachta a úsáidtear chun teacht ar réiteach).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN MHOLTA?

Tugadh cuireadh do na Ballstáit na prionsabail sin a chur i bhfeidhm tráth nach déanaí ná an 26 Iúil 2015.

CÚLRA

Bíonn sé níos éasca dóibh siúd a ndearnadh a gcearta a shárú ag an t-aon eintiteas amháin ceartas a rochtain buíochas le saoráidí um chomhshásamh. Cuireann an comhshásamh ar a gcumas a gceart a fhorfheidhmiú i dteannta a chéile, rud nach ndéanfaidís ina n-aonar toisc go mbeadh sé ró-chostasach nó go dtógfadh sé an iomarca ama.

Cuireann creat AE um chomhshásamh le sásraí reatha ar leibhéal AE, eadhon:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhshásamh: is sásra é seo lena gcuirtear deireadh nó bac le cleachtas gnó dlíthiúil a théann i gcion ar ghrúpa éilitheoirí nó ar chúiteamh maidir leis dochar a thagann as na cleachtais sin.
Dlíthíocht ghrúpa/comhdhlíthíocht: cúis dlí a thionscain grúpa éilitheoirí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Moladh 2013/396/AE ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2013 maidir le comhphrionsabail do shásraí comhshásaimh urghaire agus cúiteacha sna Ballstáit a bhaineann le sáruithe ar na cearta a chuirtear ar bun faoi dhlí an Aontais (IO L 201, 26.7.2013, lgh. 60-65)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Pharlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar chur chun feidhme an Mholta ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2013 maidir le comhphrionsabail do shásraí comhshásaimh urghaire agus cúiteacha sna Ballstáit a bhaineann le sáruithe ar na cearta a chuirtear ar bun faoi dhlí an Aontais (2013/396/AE) (COM(2018) 40 final, 25 Eanáir 2018)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: “I dTreo Creat Eorpach Cothrománach le haghaidh Comhshásaimh” (COM(2013) 401 final, 11 Meitheamh 2013)

Nuashonraithe 26.08.2021

Top