EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Idirghabháil i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála
Le creat dlíthiúil beidh saoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) ábalta tairbhe iomlán a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis an idirghabháil* mar phróiseas réitigh díospóidí, go háirithe i dtéarmaí cost-éifeachtúlachta agus luais.
GNÍOMH
Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le gnéithe áirithe idirghabhála i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála
ACHOIMRE
Le creat dlíthiúil beidh saoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) ábalta tairbhe iomlán a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis an idirghabháil* mar phróiseas réitigh díospóidí, go háirithe i dtéarmaí cost-éifeachtúlachta agus luais.
CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?
Dírítear sa treoir ar úsáid modhanna malartacha um réiteach díospóidí a spreagadh, go háirithe úsáid na hidirghabhála. Féachtar inti le caidreamh cothromaithe idir an idirghabháil agus imeachtaí breithiúnacha a chinntiú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá feidhm ag an treoir maidir le díospóidí trasteorann i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála. Ní leathnaíonn sí chuig:
Ní mór do thíortha AE nós imeachta a bhunú lenar féidir le páirtithe dearbhú comhaontaithe a iarraidh. Is féidir leis an dearbhú seo bheith ina bhreithiúnas, ina chinneadh nó ina ghníomh údarach cúirte nó údaráis phoiblí. Cumasófar aitheantas frithpháirteach agus forfheidhmiú comhaontaithe leis ar fud AE faoi na coinníollacha céanna leis na coinníollacha a bunaíodh le haghaidh cinntí cúirte i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála agus i gcúrsaí pósta agus cúrsa um fhreagracht tuismitheoirí.
Níl sé de cheangal ar idirghabhálaithe* nó orthu siúd atá bainteach leis an bpróiseas idirghabhála fianaise a thabhairt in imeachtaí breithiúnacha maidir le faisnéis a fuarthas le linn an phróisis, go háirithe má:
Ní mór do thíortha AE oiliúint d’idirghabhálaithe a spreagadh, chomh maith le forbairt agus cur i bhfeidhm cóid dheonacha iompair don ghairm.
CÚLRA
In 2013 d’fhoilsigh AE dhá phíosa úra reachtaíochta ar réiteach malartach díospóidí:
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Réiteach Malartach agus ar Líne Díospóidí (ARD/ODR) ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
PRÍOMHTHÉARMAÍ
* Idirghabháil: próiseas struchtúrach ina ndéanann dhá pháirtí nó níos mó i ndíospóid iarraidh, ar bhonn deonach, teacht ar chomhaontú ar réiteach a ndíospóide le cuidiú idirghabhálaí. Féadfaidh na páirtithe é a thionscnamh nó féadfaidh cúirt é a mholadh nó a ordú nó féadfaidh dlí thír AE é a ordú.
* Idirghabhálaí: tríú duine ar a n-iarrtar idirghabháil a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil, neamhchlaonta agus inniúil. Níl stádas nó gairm an duine seo sa tír AE lena mbaineann ábhartha nó níl an bealach ar ceapadh an tríú duine nó ar iarradh air nó uirthi an idirghabháil a dhéanamh ábhartha.
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Treoir 2008/52/CE |
13.6.2008 |
21.5.2011 (Airteagal 10: 21.11.2010) |
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Treoir 2013/11/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le ADR tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lgh. 63-79)
Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach ar líne díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le ODR tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lgh. 1-12)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - i dtreo Creata Chothrománaigh Eorpaigh um Chomhshásamh (COM(2013) 401 final an 11.6.2013)
Nuashonraithe 17.08.2015