EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás

Bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tá sé mar aidhm ag an rialachán soláthairtí gáis a áirithiú san Aontas Eorpach (AE), laghdú deonach ar éileamh a chur i bhfeidhm agus feabhas a chur ar chomhordú, ar fhaireachán agus ar thuairisciú beart náisiúnta um laghdú éileamh ar ghás. Tugann sé isteach an fhéidearthacht foláireamh AE a fhógairt a spreagfadh oibleagáid éigeantach ar fud an AE chun éileamh a laghdú.
  • Glacadh an rialachán ar dtús i gcomhthéacs an ghéarú ar ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine in earrach 2022, rud a d’fhág gur tháinig laghdú suntasach ar sholáthairtí gáis in iarracht d’aon ghnó iad a úsáid mar arm polaitiúil. Bhí feidhm aige ar feadh bliana ón 9 Lúnasa 2022.
  • Le leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2023/706, cuireadh síneadh bliana breise leis an sprioc dheonach atá ag Ballstáit an AE ar ghás a laghdú agus choinnigh sé an fhéidearthacht go bhféadfadh Comhairle an Aontais Eorpaigh foláireamh AE a thionscnamh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Laghdú deonach ar éileamh

Faoi Rialachán leasaitheach (AE) 2023/706, ní mór do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh chun tomhaltas gáis a laghdú 15% ar a laghad sa tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2024 (tréimhse laghdaithe) i gcomparáid leis an meán sa tréimhse ó 1 Aibreán 2017 go 31 Márta 2022 (tréimhse thagartha).

Tagann sé seo i ndiaidh laghduithe éifeachtacha ar éileamh gáis ar fud an AE de níos mó ná 15% thar an tréimhse ó Lúnasa 2022 go dtí Eanáir 2023 faoin tréimhse tosaigh a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2022/1369.

Laghdú éigeantach ar éileamh nuair a dhearbhóidh an tAontas Eorpach foláireamh

I gcás foláirimh ón AE, tá oibleagáid ar gach Ballstát tomhaltas gáis a laghdú 15 % ar a laghad i gcomparáid lena thomhaltas gáis thar an tréimhse tagartha. Ní mór aon laghduithe ar éileamh a bhain na Ballstáit amach le linn na tréimhse sular fógraíodh an foláireamh a chur san áireamh chun críche an laghdaithe éilimh éigeantach.

Féadfaidh an Chomhairle foláireamh AE a fhógairt, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún Eorpach. Ní mór don Choimisiún togra dá leithéid a chur isteach má chreideann sé go bhfuil ann don mhéid seo a leanas:

  • riosca suntasach go mbeidh easpa soláthair gáis ann; nó
  • éileamh thar a bheith ard ar ghás a mbeadh meath suntasach ar chás an tsoláthair gáis mar thoradh air.

Tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún freisin togra a thíolacadh chun foláireamh AE a dhearbhú arna iarraidh sin do chúig údarás inniúil nó níos mó de na Ballstáit a bhfuil foláireamh fógartha acu ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1938 (féach achoimre).

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle chomh maith leis na grúpaí riosca ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1938, agus leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis.

Eisceachtaí

Áirítear na cásanna seo a leanas ar eisceachtaí maidir leis an laghdú éigeantach 15%:

  • ní dhéantar córas leictreachais Ballstáit a shioncronú ach le córas leictreachais tíre nach tír den Aontas Eorpach í agus déantar é a shioncronú ansin, má tá gá leis an eisceacht lena áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas ar bhealach sábháilte agus freagrach;
  • níl Ballstát idirnasctha go díreach le córas idirnasctha gáis de cuid Ballstáit ar bith eile.

Féadfaidh Ballstát teorainn a chur leis an ídiú gáis tagartha chun an laghdú éigeantach ar éileamh a ríomh:

  • de réir mhéid an gháis atá comhionann leis an difríocht idir a sprioc idirmheánach don 1 Lúnasa 2022 agus méid iarbhír an gháis stóráilte an 1 Lúnasa 2022, má chomhlíonann sé an sprioc idirmheánach ar an dáta sin;
  • de réir mhéid an gháis a ídítear mar amhábhar* le linn na tréimhse tagartha.

Féadfar maolú páirteach, sealadach nó iomlán a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil géarchéim leictreachais le sárú ag Ballstát, mura bhfuil roghanna eacnamaíocha ar bith eile ann chun an gás is gá chun leictreachas a tháirgeadh a chur in ionad an gháis atá riachtanach gan slándáil an tsoláthair a chur i mbaol mór.

Tá feidhm ag teorainneacha ama ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún más mian leo eisceachtaí a éileamh bunaithe ar thomhaltas gáis tagartha nó ar aon mhaolú eile.

Bearta chun an laghdú ar éileamh a bhaint amach

Tá an t-údarás inniúil i ngach Ballstát freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart chun éileamh a laghdú.

Tá cead ag na Ballstáit na bearta cuí a roghnú chun éileamh a laghdú. Ba cheart go mbeadh siad sainithe go soiléir, trédhearcach, comhréireach, neamh–idirdhealaitheach agus infhíoraithe, agus na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1938 á gcur san áireamh. Maidir leis na bearta, go sonrach:

  • ní dhéanfar an iomaíocht nó an margadh inmheánach maidir le gás a shaobhadh go míchuí leo;
  • ní chuirfear slándáil soláthair gháis Ballstát eile nó an Aontais Eorpaigh i mbaol leo;
  • cloífidh siad le Rialachán (AE) 2017/1938 maidir le custaiméirí atá faoi chosaint.

Is ionann custaiméir atá faoi chosaint agus custaiméir teaghlaigh atá nasctha le soláthar gáis go príomha. Féadfaidh Ballstáit fiontair bheaga agus mheánmhéide agus seirbhísí sóisialta riachtanacha a chuimsiú chomh maith, agus suiteálacha téimh ceantair a sholáthraítear d’eintitis dá leithéid mura féidir leo aistriú go breoslaí eile seachas gás.

Féadfaidh na Ballstáit na custaiméirí sin a eisiamh ó bhearta den sórt sin ar bhonn critéar atá oibiachtúil agus trédhearcach, ag cur na nithe seo a leanas san áireamh:

  • an tábhacht eacnamaíoch;
  • an tionchar atá ag suaitheadh ar shlabhraí soláthair (lena n-áirítear iartheachtacha i mBallstáit eile) atá ríthábhachtach don tsochaí;
  • an damáiste fadtéarmach a d’fhéadfadh tarlú do shuiteálacha tionsclaíocha;
  • na deiseanna chun ídiú a laghdú agus táirgí a athsholáthar san Aontas Eorpach.

Ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a bhreithniú freisin:

  • bearta chun gás a úsáidtear san earnáil leictreachais a laghdú;
  • bearta chun aistriú breosla sa tionscal a spreagadh;
  • feachtais náisiúnta múscailte feasachta; agus
  • oibleagáidí spriocdhírithe maidir le téamh agus fuarú a laghdú, aistriú go breoslaí eile a chur chun cinn agus ídiú sa tionscal a laghdú.

Riail nua maidir le cás sonrach tomhaltas méadaithe an gháis de bharr lasc guail go gás

Áirítear le Rialachán leasaithe (AE) 2023/706 riail nua lena bhféadfaidh Ballstát an tomhaltas tagartha gáis a úsáidtear chun an sprioc éigeantach um laghdú éileamh a ríomh a choigeartú de réir mhéid an tomhaltais mhéadaithe gáis a eascraíonn as an aistriú ó ghual go gás a úsáidtear do théamh ceantair, má tá an méadú sin 8% ar a laghad sa tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Márta 2024 i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse tagartha agus a mhéid atá an méadú sin inchurtha go díreach i leith an lasc.

Comhordú, faireachán, forfheidhmiú agus athbhreithniú

Ní mór do na Ballstáit:

  • comhoibriú le chéile laistigh de gach grúpa riosca ábhartha;
  • A bpleananna náisiúnta éigeandála faoi Rialachán (AE) 2017/1938 a thabhairt cothrom le dáta faoin 31 Deireadh Fómhair 2022;
  • dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis na grúpaí riosca ábhartha sula nglacfaidh siad pleananna éigeandála athbhreithnithe;
  • faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart um laghdú ar éileamh ar a gcríoch, tuairisciú don Choimisiún gach 2 mhí.

Má dhearbhaítear foláireamh AE, ní mór an tuairisciú a chur isteach ar bhonn míosúil.

Féadfaidh na Ballstáit miondealú ar thomhaltas gáis de réir earnála a áireamh ina dtuairisciú.

I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún an riosca nach mbeidh Ballstát in ann a oibleagáid shainordaitheach um laghdú éileamh a chomhlíonadh, iarrann an Coimisiún ar an mBallstát plean a thíolacadh ina leagfar amach a straitéis chun an oibleagáid sin a bhaint amach.

Bhí ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán seo i bhfianaise staid ghinearálta an tsoláthair gáis don AE, agus tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe sin a thíolacadh don Chomhairle faoin 1 Márta 2024. Bunaithe ar an tuarascáil sin, bhí an Coimisiún le cinneadh a dhéanamh ar cheart síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/1369.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Bhí feidhm ag Rialachán (AE) 2022/1369 ón 9 Lúnasa 2022 agus ag leasú Rialachán (AE) 2023/706 i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2023.
  • Bhí feidhm go dtí an 31 Márta 2024ag Rialachán leasaithe (AE) 2023/706.

CÚLRA

In ainneoin an laghdaithe ar an éileamh a baineadh amach faoi Rialachán (AE) 2022/1369 le linn gheimhreadh 2022-23, bhí imní fós ann faoi shlándáil an tsoláthair fuinnimh ag teacht isteach sa gheimhreadh 2023-24, agus chonacthas eipeasóid shuntasach luaineachta sa samhradh agus san fhómhar. 2023, nuair a tháinig méadú níos mó ná 50% ar phraghsanna i gceann cúpla seachtain.

Fuarthas amach in athbhreithniú Feabhra 2024 an Choimisiúin (luaite thuas) gur laghdaigh an AE, i dteannta a chéile, an t-éileamh ar ghás 18% idir Lúnasa 2022 agus Nollaig 2023, rud a shábháil thart ar 101 billiún méadar ciúbach gáis. Go deimhin, sháraigh an laghdú an sprioc a socraíodh i samhradh 2022 agus bhí sé ríthábhachtach chun soláthairtí cobhsaí a chaomhnú, margaí fuinnimh an AE a chobhsú, agus chun dlúthpháirtíocht a léiriú leis an Úcráin.

I bhfianaise an méid thuas, mhol an Coimisiún, seachas bailíocht Rialachán (AE) 2022/1369 a leathnú, go nglacfaí moladh ón gComhairle maidir le bearta leanúnacha chun éileamh ar ghás a laghdú. Dá réir sin, an 25 Márta 2024, ghlac an Chomhairle a Moladh maidir le bearta comhordaithe chun éileamh a laghdú ar ghás a leanúint. Spreagann sé sin na Ballstáit leanúint de bhearta deonacha a ghlacadh chun laghdú comhchoiteann 15 % ar an éileamh ar ghás a choinneáil i gcomparáid leis an meánéileamh idir Aibreán 2017 agus Márta 2022.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Amhábhar. Úsáid “neamhfhuinnimh de ghás nádúrtha” dá dtagraítear i ríomh iarmhéideanna fuinnimh ag an gCoimisiún (Eurostat).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lgh. 1–10).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2022/1369 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Moladh ón gComhairle an 25 Márta 2024 maidir le leanúint de bhearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO C, C/2024/2476, 27.3.2024).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle ar fheidhmiú Rialachán (AE) 2022/1369 a mhéid a bhaineann le laghdú comhordaithe ar éileamh ar ghás, arna leasú le Rialachán (AE) 2023/706 (COM(2024) 88 final, 27.2.2024).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — “Sábháil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte” (COM(2022) 360 final, 20.7.2022).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — plean REPowerEU (COM(2022) 230 final, 18.5.2022).

Rialachán (AE) Uimh. 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) 994/2010 (IO L 280, an 28.10.2017, lgh. 1–56).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lgh. 36–54).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 08.02.2024

Top