Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise — rialacha maidir le himscrúduithe

An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise — rialacha maidir le himscrúduithe

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)

Rialachán (AE, Euratom) 2020/2223 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, maidir le comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus éifeachtacht imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

Is é is aidhm le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013:

  • neamhspleáchas na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) a neartú, arna bunú faoi Chinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom chun calaois, éilliú agus gníomhaíocht neamhdhleathach ar bith lena bhféadfaí dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais* an Aontais a chosc;
  • imscrúduithe OLAF a dhéanamh níos éifeachtaí;
  • feabhas a chur ar an gcomhar idir na hinstitiúidí agus na comhlachtaí éagsúla lena mbaineann;
  • cearta daoine aonair a chumhdaítear sna himscrúduithe a neartú.

Féachtar le Rialachán Leasaitheach (AE, Euratrom) 2020/2223 chun an méid a leanas a dhéanamh:

  • oibriú OLAF a oiriúnú go bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2017/1939 (féach an achoimre) chun uaschomhlántacht a áirithiú; agus
  • éifeachtacht fheidhm imscrúdaithe OLAF a fheabhsú maidir le roinnt saincheisteanna ar leith, lena n-áirítear:
    • rialacha nua maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh
    • rochtain ar fhaisnéis cuntas bainc
    • rialaitheoir na gcoimircí nós imeachta a bhunú
    • rochtain ag an duine lena mbaineann ar an tuarascáil chríochnaitheach
    • ról neartaithe na seirbhísí comhordaithe in aghaidh calaoise i dtíortha AE agus
    • rialacha nua chun an obair leantach ar imscrúduithe a fheabhsú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir le hOLAF:

  • déanann sí imscrúduithe inmheánacha agus seachtracha;
  • soláthraíonn sí cúnamh do OIPE bunaithe ar dhlúthchomhar, malartú faisnéise, comhlántacht agus dúbailt a sheachaint;
  • cabhraíonn sí le tíortha AE dlúthchomhar agus a eagrú idir a n–údaráis frith-chalaoise;
  • déanann sé beartais frith-chalaoise an Aontais a fhorbairt mar sheirbhís de chuid an Choimisiúin Eorpaigh;
  • cuireann sí le ceapadh agus forbairt straitéisí frith-chalaoise agus frith-éillithe chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
  • déanann sí taithí oibriúcháin agus dea-chleachtas nós imeachta a chur chun cinn agus a chomhordú;
  • glacann sí páirt, i gcás inar gá, i gcomhfhoirne imscrúdaithe;
  • tacaíonn sí le gníomhaíochtaí comhpháirteacha náisiúnta frith-chalaoise.

Imscrúduithe inmheánacha

Maidir le hOLAF:

  • déanann sí imscrúduithe riaracháin laistigh d’institiúidí, de chomhlachtaí, d’oifigí agus de ghníomhaireachtaí AE, agus ag áitribh oibreoirí eacnamaíocha*;
  • bíonn rochtain láithreach agus gan réamhfhógra aici ar aon fhaisnéis agus sonraí ábhartha, a bhaineann leis an ábhar atá faoi imscrúdú;
  • féadfaidh sí faisnéis ó bhéal agus i scríbhinn a iarraidh ar oifigigh, ar bhaill foirne eile agus ar chinn oifigí agus gníomhaireachtaí;
  • cuireann sí iúl do na hinstitiúidí, do na comhlachtaí, do na hoifigí agus do na gníomhaireachtaí má bhaineann imscrúdú lena bhfostaithe agus téann sí i gcomhairle leo, i gcás inar gá, más amhlaidh gur cheart bearta riaracháin réamhchúraim a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

Le Rialachán Leasaitheach (AE, Euratom) 2020/2223 ceadaítear do OLAF, le linn a imscrúduithe, rochtain a fháil ar fheistí faoi úinéireacht phríobháideach a úsáidtear chun críocha oibre, má tá forais réasúnacha ag OLAF a bheith in amhras go bhféadfadh a n-ábhar a bheith ábhartha don imscrúdú. Bheadh rochtain bunaithe ar rialacha inmheánacha a bheadh le glacadh ag gach institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann maidir lena gcomhaltaí foirne agus a mbaill.

Imscrúduithe seachtracha

Maidir le hOLAF:

  • déanann sí seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair agus gníomhaíochtaí imscrúdaithe eile i dtíortha AE, i dtíortha neamh-AE, ar áitribh eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ar oibreoirí eacnamaíocha, de réir na rialacha atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, agus i gcomhréir le téarmaí na gcomhaontuithe comhair agus cúnaimh fhrithpháirtigh;
  • féadfaidh sé faisnéis faoi chalaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a tharchur chuig údaráis náisiúnta inniúla thíortha AE chun a chumasú dóibh gníomhú go cuí.

Faoi Rialachán leasaithe (AE, Euratom) 2020/2223, in imscrúduithe seachtracha, dhéanfaí rochtain ar fheistí faoi úinéireacht phríobháideach a úsáidtear chun críocha oibre faoi na coinníollacha céanna agus a mhéid a dhéanann siad d’údaráis náisiúnta sa tír ábhartha.

Nósanna imeachta imscrúduithe

Maidir le hArd-Stiúrthóir OLAF:

  • cinneann sé nó sí, má tá go leor amhrais ann, cé acu an n–osclófar imscrúdú seachtrach nó inmheánach nó nach n–osclófar, ar chonlán an ard-stiúrthóra é féin nó í féin nó tar éis iarratas a fháil ó insitiúid, comhlacht, oifig nó ó ghníomhaireacht AE, nó ó thír AE;
  • féadfaidh sé nó sí faisnéis ábhartha ar bith a chur chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht AE lena mbaineann nó chuig an tír AE lena mbaineann má chinneann an t–ard-stiúrthóir gan imscrúdú a oscailt;
  • ordaíonn sé nó sí seoladh na n-imscrúduithe ar bhonn treoracha i scríbhinn, i gcás inar iomchuí;
  • tuairiscíonn sé nó sí don Choiste Maoirseachta murar féidir imscrúdú a dhúnadh laistigh de 12 mhí agus gach 6 mhí ina dhiaidh sin;
  • féadfaidh sé nó sí faisnéis ar bith a fhaightear le linn imscrúdú inmheánach a thagann faoina ndlínse a chur ar aghaidh chuig údaráis náisiúnta bhreithiúnacha.

Maidir le foireann OLAF:

  • déanann sí imscrúduithe go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta, agus aird á tabhairt ar ráthaíochtaí nós imeachta an rialacháin agus ar thoimhde na neamhchiontachta;
  • lorgaíonn sí faisnéis i bhfabhar agus i gcoinne an duine lena mbaineann;
  • féadfaidh sí, le fógra oiriúnach, duine nó finné a chur faoi agallamh am ar bith le linn an imscrúdaithe — tá sé de cheart ag an duine sin féin-ionchoiriú a sheachaint agus cúnamh a fháil ó dhuine de rogha;
  • scríobhann sí taifead den agallamh agus tugann sí cóip don agallaí;
  • tugann sí deis don duine lena mbaineann trácht a dhéanamh ar fhíorais a bhaineann leo;
  • caitheann sí go rúnda leis an bhfaisnéis go léir a chuirtear ar aghaidh nó a fhaightear le linn imscrúduithe seachtracha agus inmheánacha;
  • comhoibríonn sí le OIPE, Eurojust, Europol agus le húdaráis inniúla thíortha an Aontais, le tíortha neamh-AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Rochtain ar fhaisnéis cuntas bainc

Faoi Rialachán leasaithe (AE, Euratom) 2020/2223, neartaítear cumhachtaí imscrúdaithe OLAF. Féadann OLAF faisnéis a iarraidh ar chuntais bhainc agus, nuair is gá, ar idirbhearta, le comhoibriú na n-údarás náisiúnta. Bheadh sé sin faoi na coinníollacha céanna leo siúd is infheidhme maidir le húdaráis náisiúnta inniúla agus faoi réir iarratais i scríbhinn ag míniú a hoiriúnachta agus a comhréireachta.

Rialaitheoir na gcoimircí nós imeachta

Cruthaítear seasamh neamhspleách rialaitheoir na gcoimircí nós imeachta faoi Rialachán leasaithe (AE, Euratom) 2020/2223. Agus an rialaitheoir nasctha ó thaobh riaracháin leis an gCoiste Maoirseachta, bheadh sé nó sí freagrach as gearáin a láimhseáil ó na daoine lena mbaineann agus d’fhéadfadh sé nó sí moltaí a dhéanamh chuig OLAF maidir le conas an fhadhb a ardaíodh sa ghearán a réiteach.

Dlúth-chomhoibriú idir OLAF agus OIPE

róil chomhlántacha ag OLAF agus OIPE chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus oibreoidh siad i ndlúthchomhar lena chéile. Faoi Rialachán leasaithe (AE, Euratom) 2020/2223, is comhlacht riaracháin é OLAF i gcónaí a sheolann imscrúduithe riaracháin, a bhféadfadh moltaí airgeadais, riaracháin, araíonachta agus breithiúnacha a bheith mar thoradh orthu, díríonn sainordú OIPE, lena gcuimsítear 22 de 27 dtír an Aontais, ar imscrúduithe coiriúla d’fhonn freagracht choiriúil daoine a bhfuil baint acu le calaois, éilliú nó cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a thagann faoina inniúlacht a chinneadh.

Ní mór do OIPE agus OLAF, agus iad ag gníomhú chun tacú le OIPE agus chun inghlacthacht fianaise a chosaint, chomh maith le cearta bunúsacha agus ráthaíochtaí nós imeachta, comhoibriú go dlúth lena áirithiú go gcomhlíontar coimircí nós imeachta Rialachán (AE) 2017/1939.

Maidir leis an tuarascáil chríochnaitheach

Dréachtaítear í faoi údarás an ard-stiúrthóra nuair a chuirtear an t–imscrúdú i gcrích. Sa tuarascáil chríochnaitheach:

  • cuimsítear inti;
    • an bunús dlí le haghaidh an imscrúdaithe
    • na céimeanna nós imeachta ar cloíodh leo agus na ráthaíochtaí ar ar tugadh aird
    • na fíricí a bunaíodh agus a réamhaicmiú sa dlí
    • tionchar airgeadais measta agus
    • conclúidí an imscrúdaithe;
  • gabhann moltaí ón ard-stiúrthóir léi maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart beart a dhéanamh, bíodh sé ina bheart smachtaithe, riaracháin, airgeadais nó breithiúnach, agus maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart na méideanna measta a aisghabháil;
  • seoltar í chuig an tír AE nó chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht AE lena mbaineann.

Tíortha AE:

  • bunaítear leo seirbhís comhordúcháin frith-chalaoise (AFCOS) chun comhar agus malartú faisnéise éifeachtach le OLAF a éascú;
  • soláthraítear nó comhordaítear leo an cúnamh is gá chun go ndéanfaidh OLAF a chuid cúraimí go héifeachtach.

Maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE:

  • glacann siad rialacha lena gceanglaítear ar a mbaill foirne comhoibriú le hOLAF agus faisnéis a sholáthar di;
  • áirithíonn siad rúndacht imscrúduithe inmheánacha;
  • ní fhéadfaidh siad fiosrúchán comhuaineach a thionscnamh maidir leis na fíricí céanna i gcás gur oscail an t–ard-stiúrthóir OLAF imscrúdú, nó i gcás go bhfuil sé i gceist ag ard-stiúrthóir OLAF imscrúdú a oscailt;
  • cuireann siad faisnéis chuig OLAF, gan aon mhoill, maidir le cásanna féideartha calaoise, éillithe nó gníomhaíochta airgeadais neamhdhleathaí ar bith eile.

Aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 a aisghairm le Rialachán (AE, Euratrom) Uimh. 883/2013.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

  • Tá Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2013.
  • Tháinig Rialachán Leasaitheach (AE, Euratrom) 2020/2223 i bhfeidhm an 17 Eanáir 2021.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Leasanna airgeadais: ioncam, caiteachas agus sócmhainní a chumhdaítear i mbuiséad AE.
Oibreoir eacnamaíoch: gnólachtaí nó eagraíochtaí eile, amhail soláthraithe agus conraitheoirí, a sholáthraíonn earraí, obair nó seirbhísí.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Frithchalaoise Eorpach (OLAF) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lgh. 1-22)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE, Euratom) 2020/2223 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, maidir le comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus éifeachtacht imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (IO L 437, 28.12.2020, lgh 49-73)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lgh. 1-71)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lgh. 29-41)

Féach an leagan comhdhlúite.

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Meastóireacht ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Frithchalaoise Eorpach (OLAF) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (COM(2017) 589 final, 2.10.2017)

Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin Rialachán — Meastóireacht ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Frithchalaoise Eorpach (OLAF) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle a ghabhann leis an doiciméad Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (SWD(2017) 332 final, 2.10.2017)

Cinneadh 1999/352/CE, ECSC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lgh. 20-22)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún ar mhaithe le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lgh. 2-5)

Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach (IO L 312, 23.12.1995, lgh. 1-4)

Cinneadh 94/140/CE ón gCoimisiún an 23 Feabhra 1994 lena mbunaítear coiste comhairliúcháin chun an cosc calaoise a chomhordú (IO L 61, 4.3.1994, lgh. 27-28)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 02.02.2021

Top