EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta sriantacha i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin

Bearta sriantacha i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhartha lena mbaintear an bonn de shláine críche, de cheannas agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó lena gcuirtear i mbaol iad

Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhartha lena mbaintear an bonn de shláine críche, de cheannas agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó lena gcuirtear i mbaol iad

Cinneadh 2014/386/CBES maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol

Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol

Cinneadh 2014/512/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 maidir le bearta sriantacha ag féachaint do thionchar díchobhsaitheach ghníomhartha na Rúise ar chúrsaí san Úcráin

Rialachán (AE) 2022/266 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise

Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ AGUS LEIS NA RIALACHÁIN?

  • Chuir siad i bhfeidhm i dteannta a chéile bearta sriantacha an Aontais Eorpaigh (AE) amhail toirmisc taistil, calcadh sócmhainní agus srianta trádála mar fhreagairt ar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
  • Bhí aidhmeanna níos sonraí ag na bearta is déanaí, eadhon:
    • foinsí ollmhóra ioncaim a ghearradh, d’fhonn laghdú a dhéanamh ar chumas na Rúise maoiniú a dhéanamh agus leanúint leis an gcogadh;
    • costais ábhartha eacnamaíocha agus pholaitiúla a fhorchur ar bhunaíocht pholaitiúil na Rúise, atá freagrach as an ionradh; agus
    • dul i ngleic le teacht timpeall ar smachtbhannaí trí chomhar déthaobhach agus iltaobhach le tíortha nach ballstáit den Aontas iad a neartú, agus trí chúnamh teicniúil a chur ar fáil dóibh.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Leasaíodh na smachtbhannaí bunaidh maidir leis an Rúis, ón mbliain 2014 i leith, roinnt uaireanta, mar shampla chun liostaí daoine a thabhairt cothrom le dáta nó chun síneadh a chur leis na smachtbhannaí.
  • Ó chinn an Rúis i mí Feabhra 2022 aitheantas a thabhairt do limistéir nach bhfuil faoi smacht an rialtais in Oblasts Donetsk agus Luhansk na hÚcráine mar eintitis neamhspleácha agus an t-ionradh a rinne sí ar an Úcráin ina dhiaidh sin, ghlac an tAontas an tacar beart sriantach is mó riamh, i sraith cinntí ina bhfuil 11 phacáiste agus lena ndírítear ar roinnt earnálacha de gheilleagar na Rúise agus ar dhaoine a thacaíonn le cogadh ionsaithe na Rúise.

Smachtbhannaí spriocdhírithe

cineálacha éagsúla smachtbhannaí curtha i bhfeidhm ag an Aontas a bhfuil spriocanna agus cuspóirí éagsúla acu. Áirítear leo sin an méid seo a leanas:

Smachtbhannaí aonair lena ndírítear ar dhaoine aonair, ar eintitis agus ar chomhlachtaí a rinne, i measc nithe eile, gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. Áirítear ar na smachtbhannaí sin:

  • sócmhainní a chalcadh atá i seilbh san Aontas;
  • toirmeasc a chur ar shaoránaigh agus ar chuideachtaí an Aontais cistí a chur ar fáil;
  • taisteal daoine aonair a thoirmeasc, cosc a chur orthu dul isteach nó idirthuras a dhéanamh trí chríocha an Aontais;
  • critéar liostála uathúil atá dírithe ar dhaoine nó ar eintitis neamh-AE lena n-éascaítear sáruithe ar an toirmeasc ar dhul timpeall ar smachtbhannaí an Aontais ag daoine nó eintitis.

Déantar liostaí na ndaoine aonair, na gcomhlachtaí agus na n-eintiteas a nuashonrú go rialta. Leathnaíodh iad freisin chun roinnt eintiteas atá faoi rialú na Rúise atá lonnaithe sa Chrimé agus in Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach, a chur san áireamh.

Áirítear an méid seo a leanas leis na smachtbhannaí eacnamaíocha a bhfuil spriocanna sonracha acu.

  • An earnáil airgeadais, lena n-áirítear:
    • srianta suntasacha ar rochtain na Rúise ar mhargadh caipitil agus ar sheirbhísí caipitil AE;
    • príomhbhainc na Rúise a dhícheangal ó chóras SWIFT (Society for Worldwide Interbank Financial Telecommunication);
    • toirmeasc ar aon seirbhísí rátála creidmheasa, cripteashócmhainní, comhairle maidir le hiontaobhais agus cúnamh airgeadais a sholáthar le haghaidh trádála nó infheistíochta, agus toirmeasc iomlán ar idirbhearta ar phríomhbhainc na Rúise;
    • toirmeasc a chur ar náisiúnaigh AE aon phoist a shealbhú i gcomhlachtaí rialaithe na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dlítheanacha uile atá faoi úinéireacht stáit nó faoi rialú stáit na Rúise atá bunaithe sa Rúis;
    • toirmeasc a chur ar náisiúnaigh Rúiseacha nó ar dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Rúis aon phost a bheith acu i gcomhlachtaí rialaithe úinéirí/oibreoirí bonneagair chriticiúil*, Bonneagar criticiúil Eorpach* agus eintitis chriticiúla.
  • Earnáil an fhuinnimh, lena n-áirítear toirmisc ar na nithe seo a leanas:
    • Gual Rúiseach agus breoslaí iontaise soladacha eile;
    • amhola agus táirgí peitriliam scagtha a allmhairiú, a cheannach agus a aistriú ón Rúis, os cionn praghas seasta ar a dtugtar an uasteorainn ar phraghas na hola (le heisceachtaí sealadacha teoranta i gcás Ballstáit áirithe den Aontas a bhraitheann go mór);
    • scairdbhreosla a onnmhairiú chuig an Rúis;
    • infheistíochtaí nua in earnáil mianadóireachta na Rúise;
    • acmhainn stórála gáis a sholáthar do náisiúnaigh Rúiseacha, do dhuine nádúrtha atá ina chónaí sa Rúis nó do dhuine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.
  • Aerspás, iompar muirí agus iompar de bhóthar, lena n-áirítear:
    • toirmeasc ar gach aerárthach, páirteanna agus trealamh aerárthaigh, mar aon le hearraí a úsáidtear in earnáil na heitlíochta, a onnmhairiú, a dhíol, a sholáthar nó a aistriú chuig an Rúis;
    • aerspás AE a dhúnadh do gach aerárthach atá faoi úinéireacht na Rúise, atá cláraithe nó faoi rialú, lena n-áirítear scairdeitleáin phríobháideacha olagarcaí;
    • toirmeasc ar earraí loingseoireachta muirí agus teicneolaíocht cumarsáide raidió a onnmhairiú chuig an Rúis;
    • toirmeasc ar shoithí Rúiseacha rochtain a fháil ar chalafoirt nó ar ghlais AE;
    • toirmeasc ar oibreoirí iompair de bhóthar ón Rúis nó ón mBealarúis teacht isteach san Aontas;
    • toirmeasc ar idirbhearta le Clár Loingseoireachta Muirí na Rúise;
    • toirmeasc ar thuirlingt, ar éirí de thalamh nó ar thraseitiltí de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh aerárthaí le foireann agus aerárthaí gan foireann de chuid na Rúise;
    • toirmeasc ar innill dróin a onnmhairiú go díreach chuig an Rúis;
    • oibleagáid ar oibreoirí aerárthaí eitiltí neamhsceidealaithe idir an Rúis agus an tAontas Eorpach, arna n-oibriú go díreach ag tír neamh-AE nó trí thír neamh-AE, fógra a thabhairt dá n-údaráis inniúla maidir leis an bhfaisnéis ábhartha uile maidir leis an eitilt sula n-oibreoidh siad, agus 48 n-uaire an chloig ar a laghad roimh ré.
  • Rialú onnmhairí agus maoiniú onnmhairí, lena n-áirítear:
    • srian cuimsitheach ar onnmhairiú trealaimh, teicneolaíochta agus seirbhísí don tionscal fuinnimh sa Rúis (cé is moite de roinnt eisceachtaí);
    • srian ar nótaí bainc arna n-ainmniú in euro a onnmhairiú agus ar urrúis inaistrithe arna n-ainmniú in euro a dhíol;
    • srian ar mhíreanna a d’fhéadfadh cur le hearnálacha míleata agus teicneolaíochta, cosanta agus slándála na Rúise.
  • Trádbhac arm:
    • toirmeasc ar airm agus ábhar gaolmhar de gach cineál a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuig an Rúis;
    • toirmisc ar airm thine shibhialtacha a onnmhairiú;
    • toirmeasc ar idirthuras trí chríoch na Rúise ar airm thine, ar a bpáirteanna agus ar a gcomhpháirteanna bunriachtanacha, agus ar armlón a onnmhairítear ón Aontas.
  • Earraí dé-úsáide agus ítimí ardteicneolaíochta:
    • toirmisc ar onnmhairiú earraí dé-úsáide, agus earraí ardfhorbartha eile agus ardteicneolaíocht eile, a d’fhéadfadh cur le feabhsú teicneolaíoch na Rúise ar a hearnáil cosanta agus slándála;
    • liosta leathnaithe d’ítimí srianta: innill ladrainn, trealamh ceimiceach agus bitheolaíoch breise, gníomhairí rialaithe círéibe agus comhpháirteanna leictreonacha, gineadóirí, ladrainn bréagán, ríomhairí glúine, tiomántáin chrua, comhpháirteanna TF, trealamh fís oíche agus raidió-loingseoireachta, ceamaraí, lionsaí, créanna agus comhdhúile neamhchoitianta, ciorcaid chomhtháite leictreonacha agus ceamaraí teirmeagrafacha;
    • leis an 11ú pacáiste de bhearta sriantacha eacnamaíocha agus aonair de chuid an Aontais, a glacadh an 23 Meitheamh 2023, leathnaíodh an liosta tuilleadh chuig míreanna a d’fhéadfadh rannchuidiú le hearnáil cosanta agus slándála na Rúise a fheabhsú ó thaobh na teicneolaíochta de — clúdaíonn an liosta seo anois comhpháirteanna leictreonacha, ábhair leathsheoltóra, trealamh monaraíochta agus tástála do chiorcaid chomhtháite leictreonacha agus do chláir chiorcaid phriontáilte, réamhtheachtaithe d’ábhair fhuinniúla agus réamhtheachtaithe d’airm cheimiceacha, comhpháirteanna optúla, ionstraimí loingseoireachta, miotail a úsáidtear in earnáil na cosanta agus trealamh muirí;
    • toirmeasc ar idirthuras trí chríoch na Rúise ar earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a onnmhairítear ón Aontas chun an baol go dtiocfar timpeall ar smachtbhannaí AE a íoslaghdú, mar aon le hearraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh cur le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Rúise nó le forbairt na hearnála cosanta nó slándála, earraí agus teicneolaíochta atá oiriúnach lena n-úsáid i dtionscail na heitlíochta nó an spáis, agus breiseáin scairdbhreosla agus breosla a ionnmhairítear ón Aontas chuig tíortha nach ballstáit den Aontas iad;
    • chuir pacáiste mhí an Mheithimh 2023 87 n-eintiteas le liosta na n-eintiteas sin a thacaíonn go díreach le coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise ina cogadh ionsaithe i gcoinne na hÚcráine — áirítear ar an liosta anois eintitis i dtíortha neamh-AE a tháirgeann agus a onnmhairíonn ladrainn chuig an Rúis, mar aon le tíortha eile a bhfuil baint acu le dul timpeall ar smachtbhannaí agus comhpháirteanna leictreonacha a sholáthar don Rúis.
  • Srianta trádála agus toirmisc ar earraí lena n-áirítear iarann, cruach, gual, stroighin, biotúman agus asfalt, rubar carbóin agus sintéiseach, bia mara, ór tionscnaimh Rúiseach agus só-earraí eile.
  • Toirmeasc ar onnmhairiú táirgí i réimsí ina bhfuil an Rúis ag brath go mór ar AE (lena n-áirítear leathsheoltóirí, innealra íogair, iompar agus ceimiceáin).
  • Toirmeasc ar sheirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta, iniúchta reachtúla, leabharchoimeádta agus comhairliúcháin cánach, comhairliúchán gnó agus bainistíochta, seirbhísí caidrimh phoiblí, seirbhísí ailtireachta agus innealtóireachta,, seirbhísí comhairleoireachta TF agus seirbhísí comhairleacha dlí a sholáthar do rialtas na Rúise, agus freisin do dhaoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis.
  • Toirmeasc ar sheirbhísí fógraíochta, taighde margaidh agus seirbhísí vótála tuairimí poiblí a sholáthar, mar aon le seirbhísí tástála táirgí agus cigireachta teicniúla.
  • Toirmeasc ar earraí a iompar isteach san Aontas de bhóthar chuig leantóirí agus leathleantóirí atá cláraithe sa Rúis, lena n-áirítear nuair a tharraingíonn trucailí atá cláraithe lasmuigh den Rúis iad.
  • Toirmeasc ar rochtain ar chalafoirt agus glais an AE ar aon soithí a bhíonn ag gabháil d’aistrithe long go long, má tá cúis réasúnach ag na húdaráis inniúla a bheith in amhras go bhfuil an soitheach ag sárú an toirmisc ar amhola agus táirgí peitriliam rúiseacha a allmhairiú isteach san Aontas nó amhola nó táirgí peitriliam rúiseacha a ceannaíodh os cionn na huasteorann praghais a chomhaontaigh Comhghuaillíocht na bPraghsanna a iompar.
  • Toirmeasc ar allmhairiú earraí ó limistéir den Úcráin nach bhfuil faoi smacht an rialtais,lena n-áirítear oblast Donetsk, Luhansk, Zaporizhia agus Kherson, agus ón gCrimé agus Sevastopol a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Tugadh uirlis imchéimniúcháin isteach mar chuid de phacáiste smachtbhannaí mhí an Mheithimh 2023 chun aghaidh a thabhairt ar an méadú atá ag teacht ar smachtbhannaí an Aontais. Chun na hacmhainní a bhaint den Rúis a ligeann di a cogadh ionsaithe i gcoinne na hÚcráine a shaothrú, is éard atá i gceist leis an uirlis ná bearta aonair iomchuí a dhéanamh lena dtugtar aghaidh ar rannpháirtíocht oibreoirí tíortha nach ballstáit den Aontas iad chun teacht timpeall a éascú. Ina dhiaidh sin, i gcás ina bhfuil imchéimniú substaintiúil agus sistéamach fós ann, tá an deis ag an Aontas bearta eisceachtúla, na rogha deiridh a dhéanamh. Nuair a thagann sé sin chun cinn, féadfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh a chinneadh d’aon toil srian a chur le díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta a bhfuil toirmeasc cheana féin ar a n-onnmhairiú chuig an Rúis chuig tíortha neamh-AE a bhfuil sé léirithe go bhfuil a ndlínse i mbaol leanúnach agus an-ard go n-úsáidfear iad chun teacht timpeall orthu.

Srianta ar mheáin na Rúise lena n-áirítear tarchur, dáileadh agus craoladh a chur ar fionraí i gcás roinnt eintiteas atá faoi úinéireacht stáit na Rúise chun srian a chur le bolscaireacht chórasach, ionramháil na meán agus bréagaisnéis. Chuir pacáiste smachtbhannaí mhí an Mheithimh 2023 ceadúnais chraolacháin cúig eagraíocht eile ar fionraí as a ngníomhaíochtaí bolscaireachta leanúnacha agus comhbheartaithe atá dírithe ar shochaí shibhialta an Aontais agus ar thíortha comharsanachta, rud a shaobhann agus a ionramháil go mór fíricí.

Smachtbhannaí ar an mBealarúis i bhfianaise staid na tíre sin agus rannpháirtíocht na Bealarúise in ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine (féach achoimre).

Smachtbhannaí ar dhaoine aonair agus ar eintitis de chuid na hIaráine i bhfianaise a róil i bhforbairt agus i seachadadh aerfheithiclí gan foireann (UAVanna) a úsáideann an Rúis ina cogadh i gcoinne na hÚcráine. An 20 Iúil 2023, bhunaigh an Chomhairle creat nua le haghaidh bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena gcuirtear cosc ar onnmhairiú comhpháirteanna a úsáidtear i dtógáil agus i dtáirgeadh UAVanna ón Aontas go dtí an Iaráin agus lena bhforáiltear do shrianta taistil agus do bhearta reo sócmhainní a d’fhéadfaí a fhorchur i gcoinne daoine atá freagrach as, tacú le clár UAV na hIaráine nó a bhfuil baint aige leis. Comhlánaíonn an córas nua seo na trí phacáiste smachtbhannaí a bhaineann le dróin a glacadh roimhe seo lena ndírítear ar dhaoine aonair agus ar eintitis.

Bearta taidhleoireachta amhail taisteal gan víosa a chur ar fionraí do thaidhleoirí agus éascú víosaí do shealbhóirí pas seirbhíse agus do lucht gnó

Díolúintí

  • Chun slándáil dhomhanda bia agus fuinnimh a choimirciú, ní dhírítear sna smachtbhannaí ar onnmhairí táirgí talmhaíochta agus bia na Rúise, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, ná ar sholáthar táirgí ola agus peitriliam chuig tíortha nach bhfuil san Aontas.
  • Is féidir sócmhainní daoine áirithe a raibh ról suntasach acu i dtrádáil idirnáisiúnta i dtáirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, sular liostaíodh iad, a bheith neamhreoite; is féidir cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh freisin.
  • Ní chuireann smachtbhannaí an Aontais cosc ar thíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus ar náisiúnaigh dá gcuid lasmuigh den Aontas táirgí cógaisíochta nó leighis a cheannach ón Rúis.
  • Ceadaítear le “clásal éigeandála” ola a iompar thar an uasteorainn phraghais, soláthar cúnaimh theicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoinithe, nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis an iompar chuig tíortha nach bhfuil san Aontas, chun teagmhais ar dócha go mbeidh tionchar tromchúiseach acu ar shláinte agus sábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha, a chosc nó a mhaolú go práinneach.

Áirítear ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis na cinntí agus na rialacháin éagsúla liostaí de na daoine aonair, na heintitis agus na comhlachtaí, mar aon leis na hearraí agus an teicneolaíocht a bhfuil tionchar ag na bearta sriantacha orthu.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA GCINNTÍ AGUS NA RIALACHÁN?

Tá feidhm ag Cinneadh 2014/119/CBES agus Rialachán Uimh. (AE) 208/2014 ón 06 Márta 2014.

Tá feidhm ag Cinneadh 2014/145/CBES agus Rialachán Uimh. (AE) 269/2014 ón 17 Márta 2014.

Tá feidhm ag Cinneadh 2014/386/CBES agus Rialachán Uimh. (AE) 692/2014 ón 25 Meitheamh 2014.

Tá feidhm ag Cinneadh 2014/512/CBES agus Rialachán Uimh. (AE) 833/2014 ón 01 Lúnasa 2014.

Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2022/266 agus Rialachán (AE) 2022/263 ón 24 Feabhra 2022.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Bonneagar criticiúil. Sócmhainn, saoráid, trealamh, líonra nó córas, nó cuid de shócmhainn, saoráid, trealamh, líonra nó córas, atá riachtanach chun seirbhís riachtanach a sholáthar.
Bonneagar criticiúil Eorpach. Bonneagair chriticiúla a ndéanfadh a mbriseadh nó a scriosadh difear suntasach do dhá Bhallstát nó níos mó, nó do Bhallstát aonair má tá an bonneagar criticiúil lonnaithe i mBallstát eile. Áirítear leis sin éifeachtaí a eascraíonn as spleáchais thrasearnála ar chineálacha eile bonneagair.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle an 5 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO L 66, 6.3.2014, lgh. 26–30).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2014/119/CBES a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle an 5 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO L 66, 6.3.2014, lgh. 1–10).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhartha lena mbaintear an bonn de shláine críche, de cheannas agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó lena gcuirtear i mbaol iad (IO L 78, 17.3.2014, lgh. 16–21).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhartha lena mbaintear an bonn de shláine críche, de cheannas agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó lena gcuirtear i mbaol iad (IO L 78, 17.3.2014, lgh. 6–15).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2014/386/CBES ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le srianta ar allmhairiú earraí de bhunadh na Crimé nó Sevastopol isteach san Aontas, mar fhreagairt ar ionghabháil mhídhleathach na Crimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lgh. 70–71).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le srianta ar allmhairiú earraí de bhunadh na Crimé nó Sevastopol isteach san Aontas, mar fhreagairt ar ionghabháil mhídhleathach na Crimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lgh. 9–14).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lgh. 13–17).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 maidir le bearta sriantacha ag féachaint do thionchar díchobhsaitheach ghníomhartha na Rúise ar chúrsaí san Úcráin (IO L 229, 31.7.2014, lgh. 1–11).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do limistéir faoi rialú neamhrialtais réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus d’fhórsaí armtha na Rúise a ordú isteach sna limistéir sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lgh. 109–113).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do limistéir faoi rialú neamhrialtais de chuid réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus d’fhórsaí armtha na Rúise a ordú isteach sna limistéir sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lgh. 77–94).

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2023/1214 an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise lena ndíchobhsaítear an staid san Úcráin (OJ L 159I, 23.6.2023, lgh. 1–329).

Rialachán (AE) 2023/1215 an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin (OJ L 159I, 23.6.2023, lgh. 330–334).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1216 an 23 Meitheamh 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimhir 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin (OJ L 159I, 23.6.2023, lgh. 335–450).

Cinneadh (CBES) 2023/1217 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise lena ndíchobhsaítear an staid san Úcráin (OJ L 159I, 23.6.2023, lgh. 451–525).

Council Decision (CFSP) 2023/1218 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin (OJ L 159I, 23.6.2023, lgh. 526–644).

Liosta comhchoiteann míleata an Aontais Eorpaigh a ghlac an Chomhairle ar 20 Feabhra 2023 (trealamh a chumhdaítear le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata) (lena ndéantar Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh a nuashonrú agus a ionadú, a ghlac an Chomhairle ar 21 Feabhra 2022 (IO C 100, 1.3.2022, lch. 3.)) (CBES) (IO C 72, 28.2.2023, lgh. 2–37).

Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé–úsáide a rialú (athmhúnlú) (IO L 206, 11.6.2021, lgh. 1–461).

Féach an leagan comhdhlúite.

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig — Gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (sean–Airteagal 301 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144).

Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (IO L 285, 17.10.2012, lgh. 1–52).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 maidir le bearta sriantacha i gcoinne an Uachtaráin Lukashenko agus i gcoinne oifigigh áirithe de chuid na Bealarúise (IO L 134, 20.5.2006, lgh. 1–11).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 03.10.2023

Top