Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2309

    Bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

    Bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

     

    ACHOIMRE AR:

    Cinneadh (CBES) 2022/2319 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

    Rialachán (AE) 2022/2309 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

    CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN RIALACHÁN?

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Toirmisc agus srianta

    Áirítear leis an gcinneadh agus leis an rialachán réimse toirmeasc agus srianta.

    • Srianta spriocdhírithe ar dhaoine agus ar eintitis a meastar go bhfuil baint acu le foréigean, le gníomhaíochtaí coiriúla nó le mí–úsáidí as cearta an duine lena gcuirtear bagairt ar shíocháin, ar shábháilteacht agus ar shlándáil Háítí. Áirítear leis na srianta sin:
      • toirmeasc ar dhíol, ar sholáthar, ar onnmhairiú nó ar aistriú trealaimh nó ábhair a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, amhail airm thine, armlón agus feithiclí, chuig na daoine nó na heintitis sin;
      • toirmeasc ar chúnamh teicniúil a sholáthar do na daoine nó do na heintitis sin maidir le húsáid trealaimh dá leithéid nó cúnamh airgeadais a sholáthar dóibh;
      • diúltú do ligean isteach i gcríoch an Aontais Eorpaigh;
      • reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha.
    • Go ndéanfaidh Ballstáit AE cigireacht ar gach soitheach agus aerárthach a bheidh ar a mbealach go Háití nó ag teacht ó Háití má tá amhras ann go bhfuil earraí toirmiscthe á n–iompar orthu;

    Tá liosta de na daoine agus de na heintitis atá faoi réir na srianta spriocdhírithe, arna n–ainmniú ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó ag Coiste Smachtbhannaí, leagtha amach sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an gcinneadh agus leis an rialachán. Féadfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh an liosta a leasú ar bhonn cinntí arna ndéanamh ag na comhlachtaí céanna sin de chuid na Náisiún Aontaithe.

    Ba cheart a thabhairt faoi deara, agus na hiarscríbhinn á n–ullmhú, go bhféadfaidh an Chomhairle, an Coimisiún Eorpach agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, más infheidhme, sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla, ciontuithe agus bearta slándála a bhaineann leo siúd atá sin liostaithe a phróiseáil, sa mhéid gur gá próiseáil den sórt sin amháin. Tá an Chomhairle, an tseirbhís de chuid an Choimisiúin atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an rialachán agus an tArdionadaí ainmnithe mar “rialaitheoirí” de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 (féach an achoimre), lena áirithiú gur féidir leo siúd lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoin rialachán sin.

    Eisceachtaí

    Tá roinnt eisceachtaí leis an rialachán agus leis an gcinneadh ar na toirmisc agus ar na srianta sin, agus áirítear leo sin:

    • scaoileadh sócmhainní reoite áirithe chun críocha dleathacha;
    • taisteal ar fhorais daonnúla nó i gcás go gcuirfí aidhm na síochána agus na cobhsaíochta i Háítí chun cinn leis.

    Díolúintí daonnúla

    De thoradh ar Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, le Rialachán (AE) 2023/331 ón gComhairle agus le Cinneadh (CBES) 2023/338 ón gComhairle, tugtar isteach i ndlí an Aontais díolúine ó na smachtbhannaí i bhfoirm reo sócmhainní le haghaidh cúnamh daonnúil agus gníomhaíochtaí eile lena dtacaítear le riachtanais bhunúsacha dhaonna, is infheidhme maidir le daoine nó eintitis áirithe.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN RIALACHÁIN?

    Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2022/2319 agus Rialachán (AE) 2022/2309 ón 28 Samhain 2022.

    CÚLRA

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉID

    Cinneadh (AE) 2022/2319 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (IO L 307, 28.11.2022, lgh. 135-141).

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh (CBES) 2022/2319 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (IO L 307, 28.11.2022, lgh. 17-28).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Roinn 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 29 (sean–Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 33).

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig — Gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (sean–Airteagal 301 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144).

    Nuashonraithe 17.02.2023

    Barr