Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013H0396

Creat um chomhshásamh (gníomhaíochtaí comhpháirteacha)

Creat um chomhshásamh (gníomhaíochtaí comhpháirteacha)

ACHOIMRE AR:

Moladh 2013/396/AE maidir le comhphrionsabail do shásraí comhshásaimh urghaire agus cúiteacha i mBallstáit AE

CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?

  • Leagtar amach ann sraith de phrionsabail choiteanna neamhcheangailteacha do shásraí náisiúnta um chomhshásamh1.
  • Is í an aidhm a chur ar chumas saoránach agus cuideachtaí na cearta a bhronntar orthu faoi dhlí an Aontais Eorpaigh (AE) a fhorfheidhmiú, sa chás go ndearnadh na cearta sin a shárú.
  • Ba cheart go gcuirfí na sásraí seo ar fáil i réimsí éagsúla ina mbronntar cearta ar shaoránaigh agus ar chuideachtaí faoi dhlí AE, amhail cosaint tomhaltóirí, iomaíocht, cosaint an chomhshaoil agus seirbhísí airgeadais.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá na príomhphrionsabail leagtha síos i moladh ón gCoimisiún Eorpach a foilsíodh i gcomhtráth le teachtaireacht ina dtugtar le tuiscint go dtabharfaidh Ballstáit AE uile sásraí comhshásaimh isteach ar bhonn prionsabail chomhaontaithe. Is iad seo a leanas na príomhphrionsabail sin:

  • Ba cheart d’éilitheoirí a bheith in ann orduithe cúirte a iarraidh chun deireadh a chur le sáruithe ar na cearta a bhronntar orthu faoin dlí AE (“faoiseamh urghaire”) agus chun damáistí a éileamh don dochar a thagann as sáruithe dá leithéid (“faoiseamh cúitimh”) i gcás ina ndéantar dochar do líon mór daoine de bharr an chleachtais neamhdhlíthiúil chéanna.
  • Ní mór do nósanna imeachta um chomhshásamh a bheith cóir agus cothrom agus tráthúil agus níor cheart dóibh a bheith ró-chostasach.
  • Ba cheart do chórais um chomhshásamh a bheith bunaithe ar phrionsabal na “liostála roghnaí”. Faoin bprionsabal seo, ní bhíonn éilitheoirí ionchasacha nach bhfuil a dtoiliú curtha in iúl go díreach acu ina mbaill den ghrúpa agus mar sin, tá seans ann nach rachaidh toradh fabhrach ar na himeachtaí um chomhshásamh chun sochair dóibh.
  • Ba cheart do choimircí nóis imeachta a bheith curtha i bhfeidhm chun mí-úsáid na gcóras um chomhshásamh a sheachaint, amhail:
    • cosc ar dhamáistí pionósacha agus ar an leas pionósach (.i. an-ard);
    • níor cheart d’eintitis a dhéanann ionadaíocht d’éilitheoirí brabúis a dhéanamh;
    • cosc ar tháillí teagmhais a íoc le dlíodóirí.
  • Bíonn ar an bpáirtí nach n-éiríonn leis íoc as costais dhlíthiúla an pháirtí rathúil.
  • Tá príomhról ag an mbreitheamh i ndlíthíocht ghrúpa/comhdhlíthíocht2 maidir leis an gcás a bhainistiú go héifeachtach agus ní mór dóibh a bheith airdeallach i gcoinne mí–úsáid ar bith a d’fhéadfadh a bheith ann.
  • Ba cheart d’éilitheoirí a bheith in ann an cás a réiteach trí shásraí um chomhréiteach díospóide comhthoilíoch (.i. nósanna imeachta a úsáidtear chun teacht ar réiteach).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN MHOLTA?

Tugadh cuireadh do na Ballstáit na prionsabail sin a chur i bhfeidhm tráth nach déanaí ná an .

CÚLRA

Bíonn sé níos éasca dóibh siúd a ndearnadh a gcearta a shárú ag an t-aon eintiteas amháin ceartas a rochtain buíochas le saoráidí um chomhshásamh. Cuireann an comhshásamh ar a gcumas a gceart a fhorfheidhmiú i dteannta a chéile, rud nach ndéanfaidís ina n-aonar toisc go mbeadh sé ró-chostasach nó go dtógfadh sé an iomarca ama.

Cuireann creat AE um chomhshásamh le sásraí reatha ar leibhéal AE, eadhon:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Comhshásamh: is sásra é seo lena gcuirtear deireadh nó bac le cleachtas gnó dlíthiúil a théann i gcion ar ghrúpa éilitheoirí nó ar chúiteamh maidir leis dochar a thagann as na cleachtais sin.
  2. Dlíthíocht ghrúpa/comhdhlíthíocht: cúis dlí a thionscain grúpa éilitheoirí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Moladh 2013/396/AE ón gCoimisiún an maidir le comhphrionsabail do shásraí comhshásaimh urghaire agus cúiteacha sna Ballstáit a bhaineann le sáruithe ar na cearta a chuirtear ar bun faoi dhlí an Aontais (IO L 201, , lgh. 60-65)

nuashonrú is deireanaí

Barr