Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016M005

    Prionsabal na coimhdeachta

    Prionsabal na coimhdeachta

     

    ACHOIMRE AR:

    Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach — forálacha coiteanna — prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta

    Prótacal (Uimh. 2) a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm

    Prótacal (Uimh. 1) maidir le ról parlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach

    CAD IS AIDHM LEIS AN AIRTEAGAL AGUS LEIS NA PRÓTACAIL?

    • Le hAirteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach bunaítear prionsabal na coimhdeachta. Tá prionsabal na coimhdeachta bunúsach d’fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (AE), agus, go sonrach, do chinnteoireacht an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, cinntear leis nuair atá an tAontas Eorpach inniúil chun reachtaíocht a rith. Tá sé taobh le dhá phrionsabal eile a mheastar a bheith riachtanach don chinnteoireacht Eorpach: prionsabal na na tabhartha agus prionsabal na comhréireachta.
    • Le Conradh Liospóin, rinneadh athbhreithniú ar phrionsabal na coimhdeachta (a tugadh isteach ar dtús le Conradh Maastricht) trí shásraí rialaithe a thabhairt isteach d’ fhonn faireachán a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm:
      • Prótacal (Uimh. 2) maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, ina sainítear freisin cur chun feidhme phrionsabal na coimhdeachta;
      • Prótacal (Uimh. 1) maidir le ról parlaimintí náisiúnta i gcinnteoireacht an Aontais Eorpaigh.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Sainmhíniú ar choimhdeacht

    • Is é is aidhm do phrionsabal na coimhdeachta leibhéal na hidirghabhála is mó ábhartha i réimsí na n–inniúlachtaí a chomhroinntear idir an tAontas agus Ballstáit AE a chinneadh. B’fhéidir go mbainfidh sé sin le gníomh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, ar an leibéal náisiúnta nó ar an leibhéal áitiúil. I ngach cás, ní féidir leis an Aontas Eorpach idirghabháil a dhéanamh ach i gcás inar féidir gníomhú ar bhealach níos éifeachtúla ná na Ballstáit ar a leibhéil náisiúnta nó áitiúla faoi seach.
    • Leagtar síos le Prótacal (Uimh. 2) maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm na trí chritéar seo a leanas a bhfuil sé mar aidhm leo inmhianaitheacht na hidirghabhála ar leibhéal an Aontais a dhearbhú:
      • An bhfuil gnéithe trasnáisiúnta ag baint leis an ngníomh nach féidir leis na Ballstáit a réiteach?
      • An dtiocfadh gníomh náisiúnta nó easpa gnímh salach ar cheanglais an chonartha?
      • An bhfuil buntáistí soiléire le gníomhú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh?
    • Féachtar le prionsabal na coimhdeachta freisin an tAontas Eorpach agus a shaoránaigh a thabhairt níos gaire dá chéile trína áirithiú go ndéanfar gníomh ar an leibhéal áitiúil nuair is gá.

    Comhlántacht le prionsabail na tabhartha agus na comhréireachta

    • Le hAirteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach sainítear roinnt na n–inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit. Tagraítear ar dtús do phrionsabal na tabhartha, agus de réir an phrionsabail sin, ní ach na hhinniúlachtaí sin amháin ag an Aontas Eorpach a thugtar dó leis na conarthaí.
    • Prionsabail atoraidh de phrionsabal na tabhartha is ea an choimhdeacht agus an chomhréireacht. Cinntear leo a mhéid is féidir leis an tApntas na hinniúlachtaí a thugtar dó leis na conarthaí a fheidhmiú.
    • De bhua phrionsabal na comhréireachta, ní féidir leis na modhanna arna gcur i bhfeidhm ag an Aontas, d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach leis na conarthaí a bhaint amach, dul níos faide ná mar is gá.
    • Mar sin, ní féidir leis an AE gníomhú i réimse beartais ach amháin más rud é:
      • go bhfuil an gníomh ina chuid de na hinniúlachtaí a thugtar don Aontas leis na conarthaí (prionsabal na tabhartha);
      • i gcomhthéacs na n–inniúlachtaí a chomhroinntear leis na Ballstáit, gurb é an leibhéal AE an ceann is ábhartha chun na cuspóirí a leagtar amach leis na conarthaí (prionsabal na coimhdeachta) a bhaint amach;
      • nach sáraíonn ábhar agus foirm an ghnímh an méid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach leis na conarthaí (prionsabal na comhréireachta) a bhaint amach.

    Faireachán ar phrionsabal na coimhdeachta

    Le Conradh Liospóin, rinneadh leasú ar an bprótacal thuasluaite d’fhonn faireachán a fheabhsú agus a threisiú.

    • Cuireadh sásraí chun faireachán a dhéanamh ar phrionsabal na coimhdeachta i bhfeidhm le Prótacal (Uimh. 2) maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus le Prótacal (Uimh. 1) maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach.
    • I bPrótacal (Uimh. 2), a tugadh isteach le ar dtús le Conradh Amstardam, foráiltear do chomhlíonadh oibleagáidí áirithe le linn dréachtú iarbhír reachtaíochta. Dá bhrí sin, sula molann sé gníomhartha reachtacha, ach amháin i gcásanna práinne eisceachtúla, ní mór don Choimisiún Eorpach comhairliúchán forleathan a dhéanamh agus, más iomchuí, gnéithe réigiúnacha agus áitiúla an ghnímh atá beartaithe a chur san áireamh. Cuirtear ar chumas an Choimisiúin leis an gcomhairliúchán tuairimí a bhailiú ó institiúidí náisiúnta agus áitiúla agus ón tsochaí shibhialta maidir le hinmhianaitheacht togra reachtaigh, go háirithe i dtaca le prionsabal na coimhdeachta.
    • Leis an bprótacal freisin, cuirtear oibleagáid ar an gCoimisiún ráiteas a chur in éineacht le dréachtghníomhartha reachtacha lena léirítear comhlíonadh phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

    Faoi Phrótacal (Uimh. 1), le Conradh Liospóin, déantar leasú breise trí pharlaimintí náisiúnta a cheangal go dlúth le faireachán ar phrionsabal na coimhdeachta. Feidhmíonn na parlaimintí náisiúnta faireachán dúbailte:

    • Tá sé de cheart acu agóid a dhéanamh nuair a dhréachtaítear reachtaíocht. Mar sin, is féidir leo togra reachtach a dhíbhe os comhair an Choimisiúin má mheasann siad nár comhlíonadh prionsabal na coimhdeachta.
    • Is féidir leo cur in éadan gníomh reachtach os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh má mheasann siad nár comhlíonadh prionsabal na coimhdeachta.

    Le Conradh Liospóin freisin, ceanglaítear Coiste Eorpach na Réigiún leis an bhfaireachán ar phrionsabal na coimhdeachta. Ar an dóigh chéanna leis na parlaimintí náisiúnta, féadfaidh an Coiste, os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cur in éadan gníomh reachtach nach gcomhlíonann prionsabal na coimhdeachta.

    Gach bliain, ullmhaíonn an Coimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus maidir leis an gcaidreamh le parlaimintí náisiúnta, agus, mar chuid de chur chun feidhme an tionscnaimh um rialáil níos fearr, foilsíonn sé tuarascálacha bliantúla maidir leis an gcoimhdeacht agus leis an gcomhréireacht.

    PRÍOMHDHOICIMÉID

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal I — Forálacha coiteanna — Airteagal 5 (sean–Airteagal 5 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 18).

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Prótacal (Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 206–209).

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Prótacal (Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 203–205).

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Tuarascáil ón gCoimisiún: Tuarascáil bhliantúil 2020 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus maidir leis an gcaidreamh leis na Parlaimintí náisiúnta (COM(2021) 417 final, 23.7.2021).

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: “Rialáil níos fearr níos fearr ar mhaithe le torthaí níos fearr — Clár Oibre AE” (COM(2015) 215 final, 19.5.2015).

    Nuashonraithe 17.05.2024

    Barr