Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0390

Rialachán (AE) 2025/390 ón gComhairle an 24 Feabhra 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/5508/2025/INIT

IO L, 2025/390, 24.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/390/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/390/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/390

24.2.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/390 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Feabhra 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (2) ón gComhairle, tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

(2)

An 24 Feabhra 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/388 (3), lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES.

(3)

Le Cinneadh (CBES) 2025/388 tugtar isteach freisin dhá chritéar breise maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir reo a gcistí agus a n-acmhainní ecanamaíochaa liostú agus maidir leis an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh. Tá feidhm ag an gcéad chritéar maidir le daoine, eintitis nó comhlachtaí a rialaíonn, a bhainistíonn nó a oibríonn soithí a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí áirithe, nó a bhfuil na soithí sin i seilbh acu, nó a sholáthraíonn tacaíocht ábhartha, theicniúil nó airgeadais trí bhíthin eile d’oibríochtaí soithí den sórt sin. Tá feidhm ag an dara critéar maidir le daoine, eintitis, nó comhlachtaí atá mar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise agus a thugann tacaíocht ábhartha nó airgeadais dó, nó a bhaineann tairbhe as. Le Cinneadh (CBES) 2025/388, leathnaítear maolú dífheistithe atá ann cheana chuig triúr daoine aonair liostaithe breise, áirítear maolú maidir le soláthar earraí agus seirbhísí sonracha is gá do chóras meitreo Bhúdaipeist agus leathnaítear raon feidhme dhá mhaolú atá ann cheana maidir le haistrithe áirithe cistí agus íocaíochtaí.

(4)

Is cuid shuntasach de bhuiséad Stát na Rúise é ioncam onnmhairí ola muiriompartha na Rúise agus, dá bhrí sin, cuireann sé lena chogadh foghach neamhdhleathach ar an Úcráin. Chun críocha na n-onnmhairí ola sin, tá an Rúis ag brath níos mó agus níos mó ar chabhlach soithí a bhfuil baint aige le cleachtais loingseoireachta faoi bhun caighdeáin agus a bhfuil ardriosca ag baint leo, mar shampla ag obair le hárachas neamhleor nó easpa iomlán árachais (‘scáthchabhlach’). Baineann rioscaí suntasacha sábháilteachta muirí agus comhshaoil leis na soithí sin don Aontas, dá Bhallstáit chósta agus do stáit chósta tríú thíortha eile. Luaigh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta na rioscaí sin go háirithe ina rún A.1192(33) ón gComhthionól Ginearálta a glacadh an 6 Nollaig 2023, ina n-iarrtar ar a Ballstáit agus ar pháirtithe leasmhara ábhartha eile cumais agus cleachtais díchill chuí a fhorbairt chun oibriú scáthchabhlaigh agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha arna n-éascú ag na soithí sin a chosc, a bhrath agus a thuairisciú. Comhlíontar an dá chuspóir sin nuair a dhéantar daoine agus eintitis a dhíspreagadh ó chleachtais loingseoireachta a bhfuil ardriosca ag baint leo a dhéanamh agus a éascú agus ola de thionscnamh na Rúise á hiompar acu. Dá bhrí sin, trí chur isteach ar oibríochtaí an scáthchabhlaigh, cuidítear leis an mbonn a bhaint de ghiniúint ioncaim ar son iarrachtaí cogaidh na Rúise agus ag an am céanna tacaítear le bearta idirnáisiúnta chun cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú agus a fheabhsú. Ba cheart na hiarrachtaí sin chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí scáthchabhlach a chur chun feidhme ar bhealach spriocdhírithe, agus leibhéal freagrachta na n-oibreoirí ábhartha sa chinnteoireacht agus in oibríochtaí á chur san áireamh. Thairis sin, níor cheart bac a chur ar sheirbhísí píolótacha atá riachtanach ar chúiseanna sábháilteachta muirí.

(5)

I gcás inar gá chun nach féidir teacht timpeall ar na toirmisc a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann faisnéis a bhaineann le trádáil, idirbhearta agus oibreoirí tríú tír a mhalartú le húdaráis inniúla tíortha comhpháirtíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (4) a chuireann bearta sriantacha comhchosúla i bhfeidhm..

(6)

De bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ceanglaítear ar chineálacha áirithe eintiteas, eadhon eintitis faoi oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 2(1) de, idirbhearta amhrasacha a thuairisciú d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais na mBallstát (AFAnna). De bhun Threoir (AE) 2024/1226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), cuireadh an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais ar an liosta de chionta preideacáide a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Mar thoradh ar an méid sin a chur leis, agus de bhun Airteagal 33 de Threoir (AE) 2015/849 amhail ó mhí na Bealtaine 2025, ceanglófar ar eintitis faoi oibleagáid na hidirbhearta amhrasacha uile a bhaineann le gníomhaíocht choiriúil amhrasta a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a thuairisciú do AFAnna. Thairis sin, ceanglaítear le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, ar eintitis agus ar chomhlachtaí aon fhaisnéis lena n-éascófaí cur chun feidhme an Rialacháin sin a chur ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe laistigh de 2 sheachtain tar éis dóibh an fhaisnéis sin a fháil agus comhoibriú leis an údarás inniúil in aon fhíorú ar an bhfaisnéis sin. Chun tuairisciú dúbailte a sheachaint, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach gceangalaítear ar na daoine, na heintitis agus na comhalachtaí an fhaisnéis chéanna a thuaraisciú d’údaráis inniúla eile seachas AFAnna.

(7)

Is iomchuí an comhar idir na húdaráis inniúla náisiúnta a mhéadú, lena n-áirítear trí ról na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFAnna) a threisiú maidir le malartú faisnéise atá ábhartha chun na bearta sriantacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.

(8)

Ós rud é go bhfuil comhlíonadh na n-oibreoirí de chuid an Aontais fíor-riachtanach d’éifeachtacht na mbeart sriantach, ba cheart don Choimisiún cúnamh a chur ar fáil dóibh chun a gcomhlíonadh a éascú dóibh, go háirithe i gcás ina n-éileofaí acmhainní suntasacha chun na bearta sin a chomhlíonadh agus i gcás ina bhféadfaí feabhas a chur ar éifeachtúlacht le tacaíocht láraithe. Go háirithe maidir leis an dícheall cuí a cheanglaítear ar oibreoirí de chuid an Aontais i ndáil lena gcomhpháirtithe gnó féideartha. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann na sonraí pearsanta is gá chun na críche sin a phróiseáil.

(9)

Chun cur chun feidhme éifeachtach na na mbeart sriantach agus cosaint leordhóthanach oibreoirí an Aontais a áirithiú, is iomchuí a shoiléiriú gur féidir le hoibreoirí an Aontais, de bhun Airteagal 11a de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, i dteideal cúiteamh a lorg in imeachtaí breithiúnacha os comhair cúirteanna inniúla Ballstáit, i náil le damáistí díreacha nó indíreacha áirithe arna dtabhú mar thoradh ar éilimh áirithe arna dtaisceadh ag na heintitis nó na daoine dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (a) nó (b). den Rialachán sin, lena n-áirítear na damáistí sin arna dtabhú acu nó ag daoine dlítheanach, ag eintitis nó comhlachtaí atá i seilbh a nó atá faoin rialú na hoibreoirí sin de chuid an Aontais, atá faoi réir rialacha náisiúnta maidir le haisghabháil dhúbailte a thoirmeasc. Ina theannta sin, ba cheart d’oibreoirí de chuid an Aontais a bheith in ann damáistí a lorg ó dhaoine, eintitis nó comhlachtaí sa Rúis a bhfuil na heintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (a) nó (b), de Rialachán (AE) Uimh 269/2014 faoina n-úinéireacht nó faoina rialú. I gcásanna ina ndéanann an Rúisnó tríú tír eile bearta chun bac a chur ar chomhlíonadh Rialachán (AE) 269/2014, is féidir a mheas nach bhfuil rochtain éifeachtach ar na leigheasanna faoi na dlínsí thríú-tír sin de facto ag oibreoirí an Aontais.

(10)

Chun cur chun feidhm éifeachtach na mbeart sriantach a áirithiú agus chun cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann ina ndiúltaítear an ceartas a leigheas, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le forum necessitatis lena gceadaítear do chúirt Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, rialú ar éileamh ar dhamáistí de bhun Airteagal 11a de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, i gcás nach gceadaítear dlí an Aontais nó Ballstáit dlíne chúirt aon Bhallstáit a bhunú. Níor cheart dlínse atá bunaithe ar forum necessitatis a fheidhmiú, áfach, ach amháin má tá nasc leordhóthanach ag an gcás le Ballstát na cúirte a dtugtar os a comhair é, mar shampla, i gcás ina bhfuil sainchónaí ar an éilitheoir i ndlí an Bhallstáit sin nó nuair atá sé corpraithe faoi dhlí an Bhallstáit sin.

(11)

Níl feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ach amháin laistigh de na teorainneacha dlínse a shainítear in Airteagal 17 de. Ag an am céanna, má tá oibreoirí an Aontais in ann tionchar cinntitheach a dhearbhú go héifeachtach ar iompar duine dlisteanaigh, eintitis nó comhlachta atá bunaithe lasmuigh den Aontas, féadfaidh siad freagracht a thabhú as gníomhaíochtaí an duine dhlísteanaigh, eintitis nó comhlachta sin a bhaineann an bonn de na bearta sriantacha agus ba cheart dóibh a dtionchar a úsáid chun cosc a chur ar na gníomhaíochtaí sin.

(12)

Is féidir tionchar den sórt sin eascairt as úinéireacht nó rialú ar an duine dlisteanach, eintiteas nó comhlacht. Ciallaíonn úinéireacht 50 % nó níos mó de chearta dílseánaigh an duine dlisteanach, eintitis nó comhlachta a bheith i seilbh an eintitis, nó leas tromlaigh a bheith aige ann. Áirítear an méid a leanas ar na ngnéithe a léiríonn rialú: an ceart nó an chumhacht tromlach de chomhaltaí an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta a cheapadh nó a chur as oifig; an ceart chun sócmhainní uile an duine dhlisteanaigh, eintitis nó comhlachta, nó cuid díobh, a úsáid; gnó an eintitis a bhainistiú ar bhonn aontaithe, agus cuntais chomhdhlúite á bhfoilsiú ag an am céanna; nó an ceart chun tionchar ceannasach a fheidhmiú ar an duine dlisteanach, eintiteas nó comhlacht.

(13)

Is iomchuí a cheangal ar oibreoirí an Aontais a ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú nach nglacfaidh daoine dlistenacha, eintitis agus comhlachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil úinéireacht nó rialú acu orthu páirt i ngníomhaíochtaí a chuireann bac ar na bearta sriantacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. Is éard atá i gceist le gníomhaíochtaí den sórt sin gníomhaíochtaí a bhfuil mar thoradh orthu go bhféachtar leis na bearta sriantacha sin le cosc a chur, mar shampla, ar chistí nó achmhainní a chur ar fáil do dhuine a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(14)

Ba cheart a thuiscint gurb é atá sna hiarrachtaí is fearr na gníomhaíochtaí uile atá oiriúnach agus riachtanach chun an toradh a bhaint amach maidir leis an mbonn a bhaint de na bearta sriantacha i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a chosc. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin, mar shampla, cur chun feidhme beartas, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí chun rioscaí a mhaolú agus a bhainistiú go héifeachtach, agus tosca ar nós an tríú tír bhunaíochta, na hearnála gnó agus cineáil gníomhaíochta an duine dhlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta atá faoi úinéireacht nó faoi rialú oibreoir an Aontais á gcur san áireamh. San am céanna, ba cheart a thuiscint nach gcuimsíonn na hiarrachtaí is fearr ach gníomhaíochtaí atá indéanta d’oibreoir an Aontais i bhfianaise a chineáil, a mhéide agus na n-imthosca fíorasacha ábhartha, go háirithe méid an rialaithe éifeachtaigh ar an duine dlítheanach, ar an eintiteas nó ar an gcomhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas. Áirítear ar na himthosca sin an cás nach féidir le hoibreoir an Aontais, ar chúiseanna dosheachanta, ar nós reachtaíocht tríú tír, rialú a fheidhmiú ar dhuine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ar leis.

(15)

Is iomchuí roinnt leasuithe teicniúla a dhéanamh chun soiléireacht forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a áirithiú, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann le doiciméid atá i seilbh institiúidí an Aontais agus a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta.

(16)

Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(17)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear (AE) Uimh 269/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, mír 1, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(k)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí ar leo soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, nó a rialaíonn, a bhainistíonn nó a oibríonn soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca á ndéanamh acu mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, nó a sholáthraíonn tacaíocht ábharach, theicniúil nó airgeadais ar shlí eile d’oibríochtaí soithí dá leithéid; nó

(l)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ina gcuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise, a thugann tacaíocht ábhartha nó airgeadais dó, nó a bhaineann tairbhe as, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata,’

;

(2)

leasaítear Airteagal 6a mar a leanas:

(a)

cuirtear an mír seo a leanas isteach:

‘1a.   De mhaolú ar Airteagal 2(2), féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, íocaíochtaí leis an eintiteas a liostaítear faoi uimhir iontrála 265 faoi cheannteideal “B. Eintitis” san Iarscríbhinn a údarú, le haghaidh earraí agus seirbhísí nach féidir ach leis an eintiteas sin a sholáthar agus atá riachtanach chun gluaisteáin líne mheitreo 3 i mBúdaipeist agus arna seachadadh ag Metrowagonmash in 2018 a oibriú, a chothabháil nó a dheisiú.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 agus1a laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’

(3)

leasaítear Airteagal 6b mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5f:

‘5f.   De mhaolú ar Airteagal 2 den Rialachán seo, féadfaidh údaráis inniúla de chuid Ballstáit, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, a údarú cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na daoine aonair a liostaítear faoi uimhreacha iontrála 92, 694, 719, 721, 881 agus 920 faoin gceannteideal “Daoine” in Iarscríbhinn I, tar éis dóibh a chinneadh an méid seo a leanas:

(a)

gur gá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha chun go ndíolfar agus go n-aistreofar faoin 30 Meitheamh 2025 cearta dílseánaigh i nduine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas, ar cearta iad atá faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach duine de na daoine aonair sin; agus

(b)

go bhfuil fáltais an díola agus an aistrithe sin reoite.’

;

(b)

i mír 5h, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:;

‘5h.   De mhaolú ar Airteagal 2 den Rialachán seo, agus ar choinníoll go ndearnadh na cistí lena mbaineann a reo mar thoradh ar rannpháirtíocht duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, nó duine dhlítheanaigh atá faoi úinéireacht nó faoi rialú duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn sin, ag gníomhú dó mar bhanc idirmheánach, le linn aistriú na gcistí sin chuig an Aontas ó Chónaidhm na Rúise, ó thríú tír, nó ón Aontas, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, údarú a thabhairt cistí reoite áirithe a scaoileadh, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir le haistriú na gcistí sin:’

;

(c)

i mír 5i, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘5i.   De mhaolú ar Airteagal 2 den Rialachán seo, agus ar choinníoll go ndearnadh na cistí lena mbaineann a reo mar thoradh ar aistriú chuig an Aontas ó Chónaidhm na Rúise, ó thríú tír, nó ón Aontas, arna thionscnamh trí dhuine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó uaidh, nó trí dhuine dlítheanach nó ó dhuine dlítheanach atá faoi úinéireacht nó faoi rialú duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn sin, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, údarú a thabhairt cistí reoite áirithe a scaoileadh, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir le haistriú na gcistí sin:’

;

(4)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3a.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit agus ar bhonn na cómhalartachta, faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla tíre comhpháirtíochta mar a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 maidir le trádáil, idirbhearta agus oibreoirí tríú tíortha chun nach féidir teacht timpeall ar na toirmisc a leagtar amach sa Rialachán seo, a mhéid is ábhartha agus is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme go héifeachtach. I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis sin, déanfar an malartú faoi na coinníollacha a leagtar amach i gCaibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

Más rud é, ar bhonn eisceachtúil, go mbaineann an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír le hoibreoir atá bunaithe i mBallstát, gheobhaidh an Coimisiún comhaontú ó údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann sula malartófar an fhaisnéis sin.

(*1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fhómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CÉ (IO L 295, 21.11.2018, lch 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj)’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear údaráis forfheidhmiúcháin, údaráis chustaim de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Phairlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), údaráis inniúla de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Phairlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), Treoir (AE) 2015/849 ó Phairlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2014/65/AE ó Phairlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), comh maith le hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2015/849 ó Phairlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), agus riarthóirí clár oifigiúil ina ndéantar daoine nádúrtha, daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí chomh maith le maoin dhochorraithe nó maoin shochorraithe a chlárú, faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáil agus a mhalartú gan mhoill agus, más gá, an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a den Airteagal seo a phróiseáil agus a mhalartú le húdaráis inniúla eile sa Bhallstát céanna, le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún, más gá an phróiseáil agus an malartú sin a dhéanamh chun cúraimí an údaráis próiseála nó fála a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe nuair a bhraitheann siad teagmhais ina ndéantar na toirmisc a leagtar amach sa Rialachán seo a shárú nó ina dtagtar timpeall orthu, nó teagmhais ina ndéantar iarracht iad a shárú nó teacht timpeall orthu. Tá an fhoráil seo gan dochar do na rialacha maidir le rúndacht na faisnéise atá i seilbh údaráis bhreithiúnacha.

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj)."

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj)."

(*4)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj)."

(*5)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/65/oj).’;"

(5)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 8a

1.   Próiseálfaidh an Coimisiún sonraí pearsanta a mhéid is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh de bhun an Rialacháin seo maidir lena rannchuidiú le teacht timpeall ar na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú agus a chosc i gceart.

2.   Déanfaidh an Coimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear catagóirí speisialta sonraí pearsanta mar aon le sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta mar a shainmhínítear in Airteagal 10(2) agus Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1725, chun chríocha daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a shainaithint atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhoráiltear sa Rialachán seo a shainaithint, chun cúnamh a thabhairt do na daoine dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo a chomhlíonadh.’

;

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11a:

‘Airteagal 11a

Aon duine dá dtagraítear i míreanna in Airteagal 17, pointe (c) nó (d), beidh sé i dteideal, in imeachtaí breithiúnacha os comhair chúirteanna inniúla an Bhallstáit, aon damáiste díreach nó indíreach a aisghabháil, lena n-áirítear costais dlí, a thabhaigh an duine sin nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá faoin úinéireacht nó faoin rialú duine dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (d), mar thoradh ar éilimh arna dtaisceadh i gcúirteanna i dtríú tíortha ag daoine, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11, pointí (a) nó (b), i dtaca le haon chonradh nó idirbheart a bhfuil difear á dhéanamh dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ag na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, ar choinníoll nach bhfuil rochtain éifeachtach ag an duine lena mbaineann ar na leigheasanna faoin dlínse ábhartha. Féadfar na damáistí sin a aisghabháil ó na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (a) nó (b), a thaisc na héilimh leis na cúirteanna sa tríú tír, nó ó dhaoine, eintitis nó comhlachtaí ar leo na heintitis nó na comhlachtaí sin nó a bhfuil na heintitis nó na comhlachtaí sin faoina rialú.’

;

(7)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 11b

I gcás nach bhfuil dlínse ag aon chúirt de chuid Ballstáit de bhun forálacha eile de dhlí Ballstáit nó de dhlían Aontais , féadfaidh cúirt de chuid Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, éileamh ar dhamáistí arna dtabhairt de bhun Airteagal 11a a éisteacht, ar choinníoll go bhfuil nasc leordhóthanach ag an gcás le Ballstát na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair.’

;

(8)

in Airteagal 12(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(c)

maidir le teagmhais a bhraitear ina ndéantar na toirmisc a leagtar amach sa Rialachán seo a shárú, teagmhais ina dtagtar timpeall orthu, agus teagmhais ina ndéantar iarracht iad a shárú nó teacht timpeall orthu, lena n-áirítear trí chriptea-shócmhainní a úsáid.’

;

(9)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 15a

Déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a ndícheall chun a áirithiú nach nglacfaidh aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus atá faoina n-úinéireacht nó faoina rialú páirt i ngníomhaíochtaí a bhaineann an bonn de na bearta sriantacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.’

;

(10)

in Airteagal 16a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Aon doiciméad atá i seilbh na Comhairle, an Choimisiúin nó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) chun forfheidhmiú na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú, nó chun sárú na mbeart sin nó teacht timpeall orthu a chosc, beidh sé faoi réir rúndacht ghairmiúil agus beidh an chosaint aige a thugtar leis na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais. Beidh feidhm ag an gcosaint sin freisin maidir leis na tograí comhpháirteacha ón Ardionadaí agus ón gCoimisiún chun an Rialachán seo a leasú agus aon doiciméad ullmhúcháin a bhaineann leo.

Toimhdeofar go ndéanfadh nochtadh aon doiciméad nó togra dá dtagraítear sa chéad fhomhír dochar do shlándáil an Aontais nó do shlándáil ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit nó dá gcaidrimh idirnáisiúnta.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L 78,17.3/2014, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/145(1)/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh 269/2014 an 17 Márta a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/269/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2025/388 ón gComhairle an 24 Feabhra 2025 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2025/388, 24.2.2025, ELI http://data.europa.eu/eli/dec/2025/388/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/833/oj).

(5)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj).

(6)  Treoir (AE) 2024/1226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú i leith sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais agus lena leasaítear Treoir (AE) 2018/1673 (IO L, 2024/1226, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1226/oj)).

(7)  Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac leis an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/1673/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/390/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top