Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1595

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1595 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2023 lena nglactar le hiarraidh ar stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198

    C/2023/5133

    IO L 196, 4.8.2023, p. 13–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 04/05/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1595/oj

    4.8.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 196/13


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1595 ÓN gCOIMISIÚN

    an 3 Lúnasa 2023

    lena nglactar le hiarraidh ar stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’),

    Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (2), agus go háirithe Airteagal 2 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    A.   NA BEARTA ATÁ I bhFEIDHM

    (1)

    An 13 Bealtaine 2013, d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine (‘an táirge lena mbaineann’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) a thagann isteach san Aontas trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 412/2013 ón gComhairle (‘an Rialachán bunaidh’) (3).

    (2)

    An 12 Iúil 2019, tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 (‘an bun-Rialachán’), chuir an Coimisiún síneadh cúig bliana eile le bearta an Rialacháin bunaidh trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún.

    (3)

    An 28 Samhain 2019, tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 ón gCoimisiún (4).

    (4)

    Cuireadh sampláil i bhfeidhm san imscrúdú bunaidh chun táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

    (5)

    Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ón tSín, d’fhorchuir an Coimisiún rátaí dleachta frithdhumpála aonair idir 13,1 % agus 18,3 % ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine. Forchuireadh ráta dleachta 17,9 % ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla, liostaítear iad in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131. Thairis sin, forchuireadh ráta dleachta 36,1 % ar bhonn náisiúnta ar an táirge lena mbaineann ó chuideachtaí sa tSín nár chuir iad féin in iúl ná nár chomhoibrigh leis an imscrúdú.

    (6)

    De bhun Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, is féidir Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú tríd an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla a dheonú do tháirgeoir onnmhairiúcháin nua, is é sin an meánráta dleachta ualaithe 17,9 %, i gcás inar leor an fhianaise a thugann an táirgeoir onnmhairiúcháin nua sin sa tSín don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar a mbunaítear na bearta, is é sin ón 1 Eanáir 2011 go dtí an 31 Nollaig 2011 (‘tréimhse an imscrúdaithe bunaidh’);

    (b)

    nach bhfuil gaol aige le haon onnmhaireoir ná táirgeoir sa tSín atá faoi réir na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198; agus

    (c)

    gurb amhlaidh a d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas tar éis dheireadh thréimhse an imscrúdaithe bunaidh nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air cainníocht shuntasach a onnmhairiú chuig an Aontas.

    B.   IARRAIDH AR STÁDAS TÁIRGEORA ONNMHAIRIÚCHÁIN NUA

    (7)

    Chuir an chuideachta Chaozhou Jingmei Craft Products Co., Ltd. (‘Jingmei’ nó ‘an t-iarratasóir’) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go ndeonófaí stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua (‘NEPT’) di agus, dá bhrí sin, go mbeadh sí faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha sa tSín nár áiríodh sa sampla, is é sin 17,9 %. Mhaígh an t-iarratasóir gur chomhlíon sé na trí choinníoll a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 (‘coinníollacha NEPT’).

    (8)

    Chun a chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir na coinníollacha NEPT, chuir an Coimisiún ceistneoir ar dtús chuig an iarratasóir inar iarradh fianaise air a léiríonn gur chomhlíon sé coinníollacha NEPT.

    (9)

    Tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfreagra ar an gceistneoir, d’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise agus fianaise thacaíochta, rud a chuir an t-iarratasóir faoina bhráid.

    (10)

    D’fhéach an Coimisiún le gach faisnéis a mheas sé a raibh gá léi a dheimhniú lena chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir coinníollacha NEPT. Chuige sin, rinne an Coimisiún anailís ar an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir isteach ina cheistneoir agus ina fhreagraí ar litreacha easnaimh; agus cheadaigh sé bunachair sonraí éagsúla ar líne lena n-áirítear Orbis (5), D&B (6), Qichacha, Aiqicha, Baidu (7), suíomh gréasáin na cuideachta Alibaba, chomh maith le foinsí eile atá ar fáil go poiblí. I gcomhthráth, chuir an Coimisiún tionscal an Aontais ar an eolas faoin iarraidh ón iarratasóir agus d’iarr sé air barúlacha a thabhairt, i gcás inar ghá. Chuir tionscal an Aontais barúlacha ar fáil agus cuireadh san áireamh iad.

    C.   ANAILÍS AR AN IARRAIDH

    (11)

    Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, nár onnmhairigh an t-iarratasóir chuig an Aontas an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar a mbunaítear na bearta, is é sin ón 1 Eanáir 2011 go dtí an 31 Nollaig 2011 (‘tréimhse an imscrúdaithe bunaidh’), le linn an imscrúdaithe shuigh an Coimisiún nár onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse sin.

    (12)

    Is cuideachta é an t-iarratasóir a bunaíodh in 1993, ach fuarthas amach nach ndearna sé an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas ach uair amháin — ar dhíolachán indíreach chuig an Aontas é sin – in 2012, is é sin tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, nuair a dhíol an t-iarratasóir le trádálaí Astrálach an táirge ach a sheol an t-ordú sin go díreach chuig custaiméir deiridh Éireannach (i mBaile Átha Cliath, Éire) de chuid an trádálaí Astrálaigh seo. Deimhníodh gur tharla an díolachán indíreach seo trí na doiciméid loingseoireachta agus doiciméid eile a cuireadh isteach. Ós rud é go raibh an trádálaí Astrálach sin ina chustaiméir tábhachtach de chuid an iarratasóra, agus theastaigh ón gCoimisiún a chur as an áireamh go bhféadfadh díolachán indíreach eile den sórt sin a bheith ann le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh tríd an trádálaí Astrálach sin, d’iarr an Coimisiún go gcuirfí isteach doiciméadacht iomlán na n-idirbheart uile de chuid Jingmei leis an trádálaí Astrálach sin in 2011. Níor aimsíodh aon fhianaise maidir le haon díolachán indíreach chuig an Aontas i measc na n-idirbheart sin.

    (13)

    Rinne an Coimisiún seiceáil freisin ar thaifid chuntasaíochta ábhartha uile an iarratasóra le haghaidh thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, lena n-áirítear ráitis ioncaim, ráitis thuairisceáin CBL, mórleabhair díolacháin, cláir díolacháin, fo-mhórleabhair an phríomhioncaim ghnó, fo-mhórleabhair cuntais iníoctha an trádálaí Astrálaigh, chomh maith leis an gcóras cánach órga. Rinneadh iad sin uile a sheiceáil trí bhíthin comhaid físe, seatanna scáileáin, grianghraif de leabhair chuntasaíochta fhisiciúla agus asbhaintí díreacha ó chórais TF, agus na figiúirí tuairiscithe a réiteach. Níor léirigh na seiceálacha sin uile aon díolachán onnmhairiúcháin chuig an Aontas le linn 2011. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur léirigh an t-iarratasóir nár onnmhairigh sé chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, tríd an bhfaisnéis an-mhionsonraithe uile a iarradh a sholáthar, faisnéis a fuarthas a bheith comhsheasmhach, iomlán agus soiléir.

    (14)

    Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an t-iarratasóir an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198.

    (15)

    Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(b) de Rialachán (AE) 2019/1198 nach bhfuil gaol ag an iarratasóir le táirgeoir onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe nach bhfuil gaol ag Jingmei le haon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha atá faoi réir na mbeart frithdhumpála. Le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, bhí triúr scairshealbhóirí ag an iarratasóir, lena n-áirítear beirt daoine nádúrtha. Suíodh nach bhfuil gaol ag aon duine de na daoine nádúrtha sin le táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha atá faoi réir na mbeart frithdhumpála. Suíodh nach raibh an tríú scairshealbhóir — ar eintiteas dlíthiúil é — ag trádáil an táirge lena mbaineann agus nach raibh gaol aige le haon chuideachta Síneach atá faoi réir na mbeart frithdhumpála. In 2017, tháinig athrú ar scairsheilbh an iarratasóra, nuair a dhíol an t-eintiteas dlíthiúil thuasluaite chomh maith le duine den bheirt daoine nádúrtha a scaireanna le scairshealbhóir nua, arbh é bainisteoir ginearálta an iarratasóra é i ndiaidh an díolacháin sin. Níor tháinig aon athrú eile ar an scairsheilbh sin go dtí seo, agus tá beirt scairshealbhóirí ann, ar daoine nádúrtha iad. Tá an scairshealbhóir nua ina stiúrthóir freisin i gcuideachta shealbhaíochta darb ainm Guangdong Green Sunshine Tourism Co. Ltd., agus tá sé i seilbh 6,87 % de scaireanna na cuideachta sin. Níl baint ag an gcuideachta shealbhaíochta sin leis an táirge lena mbaineann. De réir Qichacha, áfach, duine dá scairshealbhóirí ag a bhfuil 0,41 % scaireanna, san am céanna is scairshealbhóir agus stiúrthóir Chaozhou Chenhui Ceirmeacht é, ar táirgeoir Síneach é atá faoi réir na mbeart frithdhumpála is infheidhme faoi láthair. Ós rud é go bhfuil an gaol sin thar a bheith indíreach agus go bhfuil sé i bhfad faoi bhun na tairsí 5 % (0,41 %), níor shainaithin an Coimisiún aon ghaol idir na scairshealbhóirí reatha mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme 2015/2447 ón gCoimisiún (8). Dá bhrí sin, chomhlíon an t-iarratasóir an dara critéar.

    (16)

    Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an t-iarratasóir an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198.

    (17)

    Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, gurbh amhlaidh a d’onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge chuig an Aontas tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air cainníocht shuntasach a onnmhairiú chuig an Aontas, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe gurb amhlaidh a d’onnmhairigh an t-iarratasóir chuig an Aontas (Éire) uair amháin in 2012, is é sin tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh. Díolachán indíreach leis an Aontas ab ea é sin, mar gur dhíol an t-iarratasóir an t-ordú le trádálaí Astrálach, ach sheol sé é go díreach chuig custaiméir deiridh an trádálaí Astrálaigh a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Éire. Cuireadh doiciméadacht iomlán faoin idirbheart seo ar fáil, lena n-áirítear doiciméid ordaithe, sonraisc, doiciméid loingseoireachta agus íocaíochtaí bainc, agus rinneadh an fhaisnéis a chros-seiceáil trí na doiciméid sin agus doiciméid eile san iarratas. Dá bhrí sin, chomhlíon an t-iarratasóir an tríú critéar.

    (18)

    Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an t-iarratasóir an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198.

    (19)

    Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíonann an t-iarratasóir gach ceann de na trí choinníoll chun go ndeonófar NEPT dó, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 agus ba cheart, dá bhrí sin, glacadh leis an iarratas. Dá réir sin, ba cheart an t-iarratasóir a bheith faoi réir dleacht frithdhumpála 17,9 % le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla le linn an imscrúdaithe bunaidh.

    D.   NOCHTADH

    (20)

    Cuireadh an t-iarratasóir agus tionscal an Aontais ar an eolas faoi na fíorais riachtanacha agus na breithnithe riachtanacha ar ar a mbonn a measadh gurbh iomchuí an ráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh i sampla an imscrúdaithe bunaidh a dheonú Chaozhou Jingmei Craft Products Co., Ltd.

    (21)

    Tugadh an deis do na páirtithe barúlacha a chur isteach. Ní bhfuarthas aon bharúil.

    (22)

    Tá an Rialachán i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an chuideachta seo a leanas le hIarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 ina bhfuil liosta de na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla:

    Cuideachta

    Cód breise TARIC

    ‘Chaozhou Jingmei Craft Products Co., Ltd.

    C933’

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Lúnasa 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

    (2)  IO L 189, 15.7.2019, lch. 8.

    (3)  IO L 131, 15.5.2013, lch. 1.

    (4)  IO L 321, 12.12.2019, lch. 139.

    (5)  Is soláthraí domhanda sonraí faisnéise corparáidí é Orbis agus cumhdaíonn sé níos mó ná 220 milliún cuideachta ar fud an domhain. Soláthraíonn sé faisnéis chaighdeánaithe faoi chuideachtaí príobháideacha agus faoi struchtúir chorparáideacha go príomha.

    (6)  Soláthraíonn réiteach bogearraí Dun agus Bradstreet (D&B) sonraí tráchtála, anailísíocht agus léargais do ghnólachtaí maidir le cuideachtaí príobháideacha agus struchtúir chorparáideacha.

    (7)  Is bunachair sonraí phríobháideacha bhrabúsacha atá faoi úinéireacht na Síne é Qichacha a sholáthraíonn sonraí gnó, faisnéis chreidmheasa, agus anailísíocht do thomhaltóirí nó do ghairmithe maidir le cuideachtaí príobháideacha agus cuideachtaí poiblí atá lonnaithe sa tSín.

    (8)  Leagtar amach in Airteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún, (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558) (Cód Custaim an Aontais Eorpaigh), go measfar gaol a bheith ag beirt i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de stoic nó scaireanna le cearta vótála na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann ceann amháin acu an ceann eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an dá cheann acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; (h) más daoine ón teaghlach céanna iad. Ní mheasfar gaol a bheith ag daoine atá i mbun gnó le chéile nuair is gníomhaire aonair, dáileoir aonair nó lamháltóir aonair duine acu, cibé tuairisc a dhéantar air, de chuid an duine eile ach amháin má thagann siad faoi na critéir dá dtagraítear san abairt roimhe seo.


    Top