Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2879

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2879 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2023 lena mbunaítear an Clár Oibre a bhaineann le forbairt agus cur chun feidhme na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais

    C/2023/8568

    IO L, 2023/2879, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2879/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2879/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2879

    22.12.2023

    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2879 ÓN gCOIMISIÚN

    an 15 Nollaig 2023

    lena mbunaítear an Clár Oibre a bhaineann le forbairt agus cur chun feidhme na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe d’Airteagal 281, an chéad mhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Foráiltear le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais go ndéanfar malartuithe faisnéise idir údaráis chustaim agus idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim, agus stóráil na faisnéise sin, trí úsáid a bhaint as teicnící próiseála sonraí leictreonacha. Foráiltear le hAirteagal 280 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go bhfuil an Coimisiún chun clár oibre a tharraingt suas maidir le forbairt agus cur chun feidhme na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (‘an clár oibre’).

    (2)

    Ghlac an Coimisiún an chéad chlár oibre trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme 2014/255/AE (2), arna nuashonrú trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/578 (3) agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 (4). An leagan den chlár oibre a glacadh i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, ní mór é a thabhairt cothrom le dáta chun forbairtí nua a bhaineann le pleanáil le haghaidh na gcóras leictreonach a chur san áireamh.

    (3)

    Ba cheart an clár oibre a thabhairt cothrom le dáta chun liosta a dhéanamh de na córais leictreonacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, na hAirteagail ábhartha lena ndéantar foráil maidir leis na córais sin agus na dátaí ar a bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh siad chun a bheith oibríochtúil. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh sa chlár oibre idir na córais leictreonacha atá le forbairt ag na Ballstáit féin (‘córais náisiúnta’) agus na córais leictreonacha atá le forbairt acu i gcomhar leis an gCoimisiún (‘córais thras-Eorpacha’). Ba cheart na córais leictreonacha dá dtagraítear sa chlár oibre a bhainistiú, a ullmhú agus a fhorbairt i gcomhréir leis an doiciméad pleanála lena gcumhdaítear gach tionscadal custaim a bhaineann le TF (5) (an plean straitéiseach ilbhliantúil le haghaidh custaim nó ‘MASP-C’), atá á tharraingt suas i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 4 agus Airteagal 8(2) de.

    (4)

    Sainítear sa chlár oibre ar bhealach níos mionsonraithe dátaí iarbhír cur chun feidhme gach ceann de na córais leictreonacha agus socraítear ann dáta deiridh an chur chun feidhme i gcomhréir leis na hidirthréimhsí a leagtar síos in Airteagal 278 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/341 ón gCoimisiún (7).

    (5)

    I gcás ina dtugtar rogha sa chlár oibre do na Ballstáit córas leictreonach tras-Eorpach nó náisiúnta a chur chun feidhme laistigh de thréimhse áirithe (i.e. tréimhse cur chun feidhme), ba cheart a shoiléiriú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo gurb é ‘dáta tosaigh an chur chun feidhme’ an dáta is luaithe ar a bhféadfaidh na Ballstáit tús a chur le hoibriú an chórais leictreonaigh nua agus gurb é ‘dáta deiridh an chur chun feidhme’ an dáta deiridh faoina dtosóidh na Ballstáit agus na hoibreoirí eacnamaíocha ag úsáid an chórais leictreonaigh, bíodh sé nua nó uasghrádaithe. Ba cheart gurb é dáta deiridh an chur chun feidhme deireadh thréimhse na mbeart idirthréimhseach a bhaineann leis an gcóras leictreonach sin. Dá bhrí sin, ba cheart an dáta sin a shocrú ar bhonn na sprioc-amanna dá bhforáiltear in Airteagal 278(1), (2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Tá gá leis na tréimhsí cur chun feidhme sin chun na córais a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, agus riachtanais gach córais á gcur san áireamh. Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha éagsúla i dtaobh tréimhsí cur chun feidhme i ndáil leis an tionscadal custaim maidir le slándáil agus sábháilteacht réamhtheachta (ICS2). Sa chás sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith réidh chun gach eisiúint den tionscadal a chur chun feidhme ar an dáta tosaigh le haghaidh na heisiúna, agus ba cheart deis a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha, le comhaontú na mBallstát, nascadh laistigh den tréimhse cur chun feidhme. Mar gheall ar mhoilleanna nár bheag ar an gcur chun feidhme a tharla i mBallstáit áirithe maidir le hEisiúint 2 de ICS2, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/438 (8) ón gCoimisiún lena ndeonaítear maolú de bhun Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 chun bealaí eile seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil le haghaidh Eisiúint 2 de ICS2. I bhfianaise na moilleanna sin, chuir na Ballstáit agus oibreoirí eacnamaíocha a gcuid cúiseanna imní in iúl freisin maidir le hindéantacht amlíne an tionscadail le haghaidh Eisiúint 3 de ICS2. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme a thabhairt isteach de réir a chéile i dtrí chéim, ag tosú le hiompróirí muirí in ICS2 ón 3 Meitheamh 2023, ansin le comhdaitheoirí bille ládála muirí in ICS2 ón 4 Nollaig 2024, agus ar deireadh na hoibreoirí bóithre agus iarnróid a nascadh in ICS2 ón 1 Aibreán 2025.

    (6)

    Ba cheart tionscadail náisiúnta agus pleananna ascnaimh na mBallstát a áireamh sna tréimhsí cur chun feidhme le haghaidh ascnamh na gcóras leictreonach náisiúnta agus ba cheart a dtimpeallachtaí agus a n–imthosca TF náisiúnta sonracha a chur san áireamh. Ba cheart go gcuirfeadh dátaí deiridh cur chun feidhme na gcóras leictreonach náisiúnta deireadh leis na bearta idirthréimhseacha is infheidhme maidir leis na córais leictreonacha sin. Dá bhrí sin, ba cheart an dáta sin a shocrú ar bhonn na sprioc-amanna dá bhforáiltear in Airteagal 278(1), (2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Mar gheall ar mhoilleanna suntasacha ar an gcur chun feidhme i mBallstáit áirithe maidir leis na córais leictreonacha náisiúnta, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/234 (9) ón gCoimisiún, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/235 (10) ón gCoimisiún, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/236 (11) ón gCoimisiún agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/237 (12) ón gCoimisiún lena ndeonaítear maoluithe i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Ba cheart tagairtí do na maoluithe sin a áireamh san Iarscríbhinn.

    (7)

    Tá tionchar ag na maoluithe a dheonaítear trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/237 ar an tionscadal maidir le hImréiteach Láraithe Allmhairiúcháin (CCI) agus rinneadh ath-shainmhíniú ar chur chuige an tionscadail dá mbarr. I gcás CCI-Céim 1, cuirtear síneadh 7 mí leis an amlíne agus ní cheadaítear do na Ballstáit an córas CCI-Céim 1 a chur chun feidhme ach amháin le dearbhú caighdeánach custaim, mar chéad chéim de chur chun feidhme iomlán an tionscadail CCI. Ceadaítear do na Ballstáit an fhéidearthacht CCI-Céim 1 a chur chun feidhme trí úsáid a bhaint as sonraíochtaí CCI-Céim 2 (raon feidhme iomlán), agus dá réir sin aistriú ó CCI-Céim 1 go céim CCI-Céim 2 a sheachaint. Éascófar leis sin freisin oibreoirí eacnamaíocha, rud a chuirfidh ar a gcumas a gcórais a oiriúnú ar bhealach tapa, lena n–áiritheofar úsáid rianúil an chórais CCI, agus dá bhrí sin ba cheart tionscadal CCI a chur chun feidhme faoi spriocdháta an 2 Meitheamh 2025.

    (8)

    Chun a áirithiú gur féidir earraí a bhogadh laistigh den Aontas/chuig an Aontas faoin nós imeachta idirthurais nó a onnmhairiú gan aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna neamhleanúnachais oibríochtúla, ba cheart an amlíne maidir le cur chun feidhme na dtionscadal tras-Eorpach a bhaineann leis an gCóras Nua Ríomhchuidithe Idirthurais (NCTS) agus leis an gCóras Onnmhairiúcháin Uathoibrithe (AES) a oiriúnú trí sprioc-am cur chun feidhme an 1 Nollaig 2023 a thabhairt isteach. Cé go bhfuil a gcóras curtha i bhfeidhm ag formhór na mBallstát, tá sé fógartha ag líon teoranta Ballstát nach mbeidh a gcur i bhfeidhm náisiúnta réidh (go hiomlán) le tosú ag oibriú in NCTS-Céim 5 ná in AES. Agus béim á leagan ar phríomhfheidhmiúlachtaí na gcóras a chur i gcrích ar bhealach tapa agus ansin ba cheart go n–éascódh na cinn nach croífheidhmiúlachtaí iad bailchríoch rianúil an tionscadail faoin 2 Nollaig 2024. Ina theannta sin, tá moill ar oibreoirí eacnamaíocha freisin, go háirithe sna Ballstáit sin inar tháinig moill ar phleanáil an tionscadail. Leanfaidh na Ballstáit de bheith freagrach as an straitéis náisiúnta aistrithe a bhunú dá n–oibreoirí eacnamaíocha. Ón 2 Nollaig 2024 ba cheart do na Ballstáit agus do thrádálaithe na córais nua a úsáid, agus tá roinnt rialacha idirthréimhseacha fós i bhfeidhm (ar chúiseanna teicniúla) go dtí an 21 Eanáir 2025 le haghaidh NCTS-Céim 5 agus go dtí an 11 Feabhra 2025 le haghaidh AES.

    (9)

    Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú freisin go bhfaigheann na hoibreoirí eacnamaíocha go tráthúil an fhaisnéis theicniúil is gá le gur féidir leo a gcórais leictreonacha féin a nuashonrú agus le gur féidir leo nascadh leis na córais leictreonacha nua nó uasghrádaithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún oibreoirí eacnamaíocha a chur ar an eolas faoi na hathruithe idir 12 mhí agus 24 mhí sula gcuirfear córas ar leith chun feidhme, ag brath ar an gcóras agus más gá de bharr raon feidhme agus chineál an chórais sin. I gcás mionathruithe, d’fhéadfadh an tréimhse sin a bheith níos giorra.

    (10)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An clár oibre

    Glactar leis seo an clár oibre a bhaineann le forbairt agus cur chun feidhme na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (‘an clár oibre’), mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

    Airteagal 2

    Cur chun Feidhme

    1.   Oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún i gcomhar le chéile i gcur chun feidhme an chláir oibre.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit na córais leictreonacha ábhartha a fhorbairt agus a chur chun feidhme laistigh de dhátaí na dtréimhsí cur chun feidhme ábhartha a leagtar síos sa chlár oibre.

    3.   Déanfar na tionscadail a shonraítear sa chlár oibre agus ullmhú agus cur chun feidhme na gcóras leictreonach gaolmhar a bhainistiú ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis an gclár oibre agus leis an bplean straitéiseach ilbhliantúil maidir le custam.

    4.   Agus na tionscadail a leagtar amach sa chlár oibre á dtionscnamh aige, gabhfaidh an Coimisiún air féin comhthuiscint agus comhaontú a lorg leis na Ballstáit maidir le raon feidhme tionscadail, dearadh, ceanglais agus ailtireacht na gcóras leictreonach. I gcás inarb ábhartha, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le hoibreoirí eacnamaíocha freisin agus cuirfidh sé a dtuairimí san áireamh.

    Airteagal 3

    Nuashonruithe

    Tabharfar an clár oibre cothrom le dáta go rialta chun a áirithiú go ndéanfar é a ailíniú agus a choigeartú d’fhorbairtí i gcur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, agus chun an dul chun cinn maidir leis na córais leictreonacha a ullmhú agus a fhorbairt a chur san áireamh. Baineann sé sin go háirithe le hinfhaighteacht sonraíochtaí comhaontaithe agus le seoladh oibríochtúil na gcóras leictreonach.

    Airteagal 4

    Cumarsáid agus tuairisciú

    1.   Roinnfidh na Ballstáit agus an Coimisiún faisnéis maidir le pleanáil agus maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca le gach ceann de na córais a chur chun feidhme.

    2.   Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin pleananna náisiúnta tionscadail agus ascnaimh mar aon leis an tábla faoina ndul chun cinn maidir leis na córais leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 278a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a fhorbairt agus a chur chun feidhme faoin 31 Eanáir agus faoin 30 Meitheamh gach bliain. Áireofar sna pleananna agus sa tábla an fhaisnéis ábhartha is gá le go gcuirfidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil isteach faoi Airteagal 278a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon nuashonrú tábhachtach ina dtionscadail náisiúnta agus ina bpleananna ascnaimh.

    4.   Cuirfidh na Ballstáit na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le cumarsáid sheachtrach an chórais leictreonaigh náisiúnta ar fáil go tráthúil d’oibreoirí eacnamaíocha.

    Airteagal 5

    Aisghairm

    1.   Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151.

    2.   Déanfar tagairtí do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo.

    Airteagal 6

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Nollaig 2023

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/255/AE ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Clár Oibre le haghaidh Chód Custaim an Aontais (IO L 134, 7.5.2014, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2014/255/oj).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/5781 ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2016 lena mbunaítear an Clár Oibre a bhaineann le forbairt agus le cur chun feidhme na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (IO L 99, 15.4.2016, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2016/578/oj).

    (4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/5781 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2019 lena mbunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus le cur chun feidhme na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (IO L 325, 16.12.2019, lch. 168, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2019/2151/oj).

    (5)  https://ec.europa.eu/taxation_customs/general-information–customs/electronic-customs_en#heading_2

    (6)  Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar i ndáil le custaim agus trádáil (IO L 23, 26.1.2008, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/70(1)/oj).

    (7)  Rialachán arna Tharmligean (AE) 2016/341 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineanna le rialacha idirthréimhseacha i leith fhorálacha áirithe Chód Custaim an Aontais i gcás nach bhfuil na córais leictreonacha ábhartha oibríochtúil go fóill agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (IO L 69, 15.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2016/341/oj).

    (8)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/438 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2023 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Ballstáit áirithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas a bhaint as bealaí eile seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil i ndáil le hEisiúint 2 de Chóras Rialaithe Allmhairí 2 (IO L 63, 28.2.2023, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/438/oj).

    (9)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/234 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Ballstáit áirithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas a bhaint as bealaí eile seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil i ndáil leis an bhFógra Tíolactha a bhaineann le hearraí a thugtar isteach i gcríoch custaim an Aontais (IO L 32, 28.2.2023, lch. 217, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/234/oj).

    (10)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/235 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Ballstáit áirithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle úsáid a bhaint as bealaí eile seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil chun fógra a thabhairt faoi theacht soithigh farraige móire nó aerárthaigh (IO L 32, 3.2.2023, lch. 220, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/235/oj).

    (11)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/236 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Ballstáit áirithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle úsáid a bhaint as bealaí eile seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil le haghaidh an dearbhaithe stórála sealadaí a bhaineann le hearraí nach earraí ón Aontas iad a thíolactar do lucht custaim (IO L 32, 3.2.2023, lch. 223, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/236/oj).

    (12)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/237 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Ballstáit áirithe chun leas a bhaint as bealaí eile seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha le faisnéis a mhalartú agus a stóráil a bhaineann leis an dearbhú custaim le haghaidh earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais a leagtar síos in Airteagail 158, 162, 163, 166, 167, 170 go 174, 201, 240, 250, 254 agus 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 32, 3.2.2023, lch. 226, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/237/oj).


    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena mbunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus le cur chun feidhme na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais

    I.   RÉAMHRÁ

    1.

    Soláthraítear leis an gclár oibre ionstraim chun tacú le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (1) agus de Rialachán (AE) 2019/632 (2) a bhaineann lena chórais leictreonacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

    2.

    Sonraítear sa chlár oibre freisin na tréimhsí a mbeidh feidhm ag na bearta idirthréimhseacha lena linn go dtí go n–úsáidfear na córais leictreonacha nua nó uasghrádaithe dá dtagraítear i Rialacháin Tharmligthe (AE) 2015/2446 (3) agus (AE) 2016/341 (4) ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 (5) ón gCoimisiún.

    3.

    Tuigtear le ‘príomhgharsprioc’ na sonraíochtaí teicniúla an dáta faoina gcuirtear leagan cobhsaí de na sonraíochtaí teicniúla ar fáil. I gcás na gcóras nó na gcomhpháirteanna náisiúnta, cuirfear an dáta sin in iúl mar chuid den phleanáil tionscadail náisiúnta atá foilsithe.

    4.

    Bunaítear leis an gclár oibre na ‘dátaí cur chun feidhme’ seo a leanas le haghaidh na gcóras tras-Eorpach agus náisiúnta:

    (a)

    dáta tosaigh thréimhse cur chun feidhme na gcóras leictreonach, arb é a thuigfear ina leith ná an dáta is luaithe ar a mbeidh an córas leictreonach oibríochtúil;

    (b)

    dáta deiridh thréimhse cur chun feidhme na gcóras leictreonach, a thuigfear mar seo a leanas:

    (i)

    an dáta deiridh faoinar gá do na córais a bheith oibríochtúil sna Ballstáit uile agus a bheith in úsáid ag na hoibreoirí eacnamaíocha go léir; agus

    (ii)

    dáta deiridh bhailíocht na mbeart idirthréimhseach.

    Chun críocha phointe (b), is ionann an dáta agus an dáta tosaigh mura bhfuil aon tréimhse iarbhír beartaithe le haghaidh ascnaimh nó cur chun feidhme.

    5.

    I gcás córas nach bhfuil iontu ach córais náisiúnta nó comhpháirteanna náisiúnta sonracha de thionscadal níos leithne de chuid an Aontais, féadfaidh na Ballstáit dátaí cur chun feidhme agus dátaí tosaigh agus deiridh tréimhse cur chun feidhme a chinneadh ina bpleanáil tionscadail náisiúnta, faoi réir an spriocdháta a leagtar amach sa chlár oibre seo agus i gcomhréir le hAirteagal 278(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 i gcás (b) (SP IMP), (c) agus (d) ina dhiaidh seo agus mar a leagtar amach in Airteagal 278(3) de le haghaidh (a), (b) (SP EXP) agus (e) ina dhiaidh seo.

    Cumhdaítear na córais náisiúnta nó na comhchodanna náisiúnta sonracha seo a leanas leis an gcéad mhír:

    (a)

    Uathchóras Onnmhairiúcháin CCA (AES) Comhchuid 2 (uasghrádú na gCóras Náisiúnta Onnmhairiúcháin) (Cuid II, pointe 10);

    (b)

    Nósanna Imeachta Speisialta CCA (SP IMP/SP EXP) (Cuid II, pointe 12);

    (c)

    Fógra Teachta CCA, Fógra Cur i Láthair, Stóráil Shealadach (Cuid II, pointe 13);

    (d)

    Uasghrádú ar Chórais Allmhairiúcháin Náisiúnta CCA (Cuid II, pointe 14);

    (e)

    Bainistiú Ráthaíochta CCA (GUM) — Comhchuid 2 (Cuid II, pointe 16).

    6.

    Maidir le córais thras-Eorpacha ag a bhfuil tréimhse cur chun feidhme ach iad gan dáta cur chun feidhme aonair, féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina meastar gurb iomchuí sin, tús a chur leis an gcur chun feidhme ar dháta iomchuí laistigh den tréimhse sin, faoi réir an sprioc-ama a leagtar amach sa chlár oibre seo agus i gcomhréir le hAirteagal 278(3) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    Cumhdaítear na córais thras-Eorpacha seo a leanas leis an gcéad mhír:

    (a)

    Uasghrádú ar NCTS CCA (Cuid II, pointe 9);

    (b)

    AES CCA (Comhchuid 1) (Cuid II, pointe 10).

    (c)

    CCI CCA (Cuid II, pointe 15)

    Maidir le huasghrádú NCTS thras-Eorpach CCA (Comhchuid 1) (Cuid II, pointe 9) agus AES CCA (Comhchuid 1) (Cuid II, pointe 10), féadfaidh na Ballstáit a cheadú, i gcás ina meastar gurb iomchuí, do na hoibreoirí eacnamaíocha nascadh de réir a chéile go dtí an 2 Nollaig 2024 ar a dhéanaí. Cuireann na Ballstáit túsdáta agus dáta deiridh na gcur chun feidhme in iúl don Choimisiún chomh maith leis an straitéis náisiúnta aistrithe dá dtrádálaithe. Ní mór do na Ballstáit agus don Choimisiún na gnéithe a bhaineann leis an bhfearann coiteann agus leis an bhfearann seachtrach a mheas go cúramach le linn na hidirthréimhse a chríochnóidh an 21 Eanáir 2025 le haghaidh Uasghrádú NCTS CCA (NCTS-Céim 5) agus an 11 Feabhra 2025 le haghaidh AES (Comhchuid 1).

    7.

    Teastaíonn cur chun feidhme agus aistriú de réir a chéile freisin ó ICS2 tras-Eorpach CCA (pointe 17 de Chuid II). Tá an cur chuige sa chás seo difriúil, áfach, ós rud é go meastar go mbeidh na Ballstáit réidh ag an am céanna le haghaidh gach eisiúna ag tús gach tréimhse cur chun feidhme. Thairis sin, i gcás ina meastar gurb iomchuí sin, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do na hoibreoirí eacnamaíocha nascadh de réir a chéile leis an gcóras go dtí deireadh na tréimhse cur chun feidhme dá bhforáiltear do gach ceann de na heisiúintí, agus, i gcás ina mbeidh céimeanna infheidhme, féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le gach ceann de na céimeanna laistigh d’eisiúint. Foilseoidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, na sprioc-amanna agus na treoracha d’oibreoirí eacnamaíocha ar a suíomh gréasáin.

    8.

    Agus an clár oibre á chur chun feidhme acu, beidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún castacht a bhainistiú go cúramach ó thaobh spleáchais, athróga agus toimhdí de. Úsáidfear na prionsabail atá leagtha amach in MASP-C chun an phleanáil a bhainistiú.

    Cuirfear na tionscadail i bhfeidhm i gcéimeanna éagsúla, ón ullmhúchán agus forbairt go dtí an tógáil, an tástáil, an t–ascnamh agus an oibríocht deiridh. Beidh ról na mBallstát agus an Choimisiúin sna céimeanna éagsúla sin ag brath ar chineál agus ar ailtireacht an chórais agus a chomhpháirteanna nó a sheirbhísí, mar a thuairiscítear i mbileoga tionscadail mionsonraithe MASP-C. I gcás inarb iomchuí, saineoidh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla coiteanna i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus faoi réir a n–athbhreithnithe, d’fhonn na sonraíochtaí teicniúla coiteanna a thabhairt chun críche 24 mhí roimh spriocdháta chur chun feidhme an chórais leictreonaigh.

    Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú freisin go bhfuair na hoibreoirí eacnamaíocha go tráthúil an fhaisnéis theicniúil is gá dóibh chun a gcórais leictreonacha féin a nuashonrú agus chun nascadh leis na córais leictreonacha nua nó uasghrádaithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is gá aon athrú a chur in iúl do na hoibreoirí eacnamaíocha idir 12 mhí agus 24 mhí roimh chur chun feidhme córais ar leith, más gá de bharr raon feidhme agus chineál an athraithe, chun a chur ar chumas na n–oibreoirí eacnamaíocha a gcórais agus a gcomhéadain a phleanáil agus a choigeartú. I gcás mionathruithe, d’fhéadfadh an tréimhse sin a bheith níos giorra.

    Glacfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, an Coimisiún páirt i bhforbairt agus i gcur chun feidhme na gcóras i gcomhréir le hailtireacht agus sonraíochtaí na gcóras sainithe. Déanfar na gníomhaíochtaí i gcomhréir leis na garspriocanna agus na dátaí atá luaite sa chlár oibre. Comhoibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún freisin le hoibreoirí eacnamaíocha agus le páirtithe leasmhara eile.

    Beidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha na bearta is gá a dhéanamh chun go mbeidh siad in ann úsáid a bhaint as na córais nuair a bheidh siad i bhfeidhm, agus tráth nach déanaí ná na dátaí deiridh a leagtar amach sa chlár oibre seo nó, i gcás inarb infheidhme, a leagfaidh na Ballstáit amach mar chuid dá bpleananna náisiúnta.

    II.   LIOSTA TIONSCADAL A BHAINEANN LE CÓRAIS LEICTREONACHA A FHORBAIRT AGUS A CHUR CHUN FEIDHME

    ‘Tionscadail CCA agus córais leictreonacha ghaolmhara’

    Liosta tionscadal a bhaineann le córais leictreonacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme a bhfuil gá leo chun an Cód a chur i bhfeidhm

    Bunús dlí

    Garsprioc thábhachtach

    Dátaí chur chun feidhme na gcóras leictreonach

     

     

     

    Dáta tosaigh thréimhse cur chun feidhme an chórais leictreonaigh (6)

    Dáta deiridh thréimhse cur chun feidhme an chórais leictreonaigh (7) = Dáta deiridh na hidirthréimhse

    1.

    Córas Onnmhaireoirí Cláraithe Chód Custaim an Aontais (REX)

    Is é is aidhm don tionscadal faisnéis cothrom le dáta a chur ar fáil maidir le honnmhaireoirí cláraithe atá bunaithe i dtíortha Scéim na bhFabhar Ginearálaithe (GSP) a onnmhairíonn earraí chuig an Aontas. Tá an córas tras-Eorpach agus áirítear ann freisin sonraí faoi oibreoirí eacnamaíocha an Aontais, chun tacú le honnmhairí chuig tíortha GSP. Cuireadh na sonraí riachtanacha isteach sa chóras de réir a chéile go dtí an 31 Nollaig 2017.

    Airteagal 6(1), Airteagal 16 agus 64, Airteagal 278(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R1 2015

    1.1.2017

    1.1.2017

    2.

    Faisnéis Taraife Cheangailteach (FTC) CCA.

    Is é is aidhm don tionscadal uasghrádú a dhéanamh ar an gcóras tras-Eorpach EBTI-3 atá ann cheana chun an méid seo a leanas a áirithiú:

    (a)

    córas EBTI-3 a ailíniú le ceanglais CCA;

    (b)

    síneadh a chur le sonraí dearbhaithe a bhfuil tearcfhaireachas ag teastáil ina leith;

    (c)

    faireachán ar úsáid éigeantach BTI;

    (d)

    faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar úsáid leathnaithe BTI.

    Féadfar an tionscadal a chur chun feidhme in dhá chéim.

    Cuireann an chéad chéim (céim 1) feidhmiúlacht ar fáil chun an tacar sonraí dearbhaithe a theastaíonn ó CCA a fháil de réir a chéile ón 1 Márta 2017 go dtí cur chun feidhme na dtionscadal a liostaítear i bpointí 10 agus 14. Braitheann cur chun feidhme iomlán an tionscadail seo ar chur chun feidhme na dtionscadal a liostaítear i bpointí 10 agus 14. Comhlíonann céim 2 an oibleagáid rialaithe úsáide BTI ar bhonn an tacair sonraí dearbhaithe nua is gá agus ar bhonn an ailínithe leis an bpróiseas cinntí custaim.

    Airteagal 6(1), Airteagal 16, 22, 23, 26, 27, 28, 33 agus 34, Airteagal 278(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R2 2016

    (céim 1)

    1.3.2017

    (céim 1 — céim 1)

    2.10.2017

    (céim 1 — céim 2)

    1.3.2017

    (céim 1 — céim 1)

    2.10.2017

    (céim 1 — céim 2)

    Leis an dara céim, cuirtear foirm leictreonach an iarratais BTI agus an chinnidh chun feidhme agus cuirtear comhéadan comhchuibhithe trádálaithe ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha chun an t–iarratas BTI a chur isteach agus cinneadh BTI a fháil go leictreonach.

     

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R2 2018

    (céim 2)

    1.10.2019

    (céim 2)

    1.10.2019

    (céim 2)

    3.

    Cinntí Custaim CCA

    Is é is aidhm don tionscadal comhchuibhiú a dhéanamh ar na próisis le haghaidh iarratais ar chinneadh custaim, ar chinnteoireacht chustaim agus ar bhainistiú cinntí custaim trí chaighdeánú agus bainistiú leictreonach a dhéanamh ar shonraí iarratais agus cinntí/údarúcháin ar fud an Aontais. Baineann an tionscadal le cinntí náisiúnta agus roinnt Ballstát arna sainiú ag an gCód agus cumhdaítear leis comhchodanna córais a fhorbraítear go lárnach ar leibhéal an Aontais agus comhtháthú le comhchodanna náisiúnta i gcás ina roghnaíonn na Ballstáit iad sin. Éascaíonn an córas tras-Eorpach sin comhairliúchán le linn an phróisis cinnteoireachta agus le linn bhainistiú an phróisis údarúcháin.

    Airteagal 6(1), Airteagail 16, 22, 23, 26, 27 agus 28, Airteagal 278(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R4 2015

    2.10.2017

    2.10.2017

    4.

    Rochtain Dhíreach Trádálaí ar na Córais Eorpacha Faisnéise (Bainistíocht Úsáideora Aonfhoirmeach & Síniú Digiteach)

    Is é cuspóir an tionscadail seo réitigh oibre a chur ar fáil le haghaidh rochtain dhíreach chomhchuibhithe trádálaithe mar sheirbhís do chomhéadain idir úsáideoirí agus córais, a bheidh le comhtháthú sna córais chustaim leictreonacha mar a shainmhínítear i dtionscadail shonracha CCA. Déanfar Bainistíocht Aonfhoirmeach na nÚsáideoirí agus an Síniú Digiteach a chomhtháthú i dtairseacha na gcóras lena mbaineann, agus áirítear leo tacaíocht do chéannacht, do rochtain agus do bhainistiú úsáideoirí i gcomhréir leis na beartais slándála is gá. Tharla an chéad chur chun feidhme in éineacht le córas Cinnteoireachta Custaim CCA.

    Airteagal 6(1), Airteagal 16, Airteagal 278(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R4 2015

    2.10.2017

    2.10.2017

    Tá an fíordheimhniú teicniúil agus an réiteach bainistíochta úsáideoirí seo á chur ar fáil ina dhiaidh sin lena n–úsáid i dtionscadail eile CCA amhail Faisnéis Taraife Cheangailteach CCA (BTI), uasghrádú Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe (AEO) CCA, Cruthúnas CCA ar Stádas Aontais (PoUS), Bileoga Faisnéise (INF) CCA le haghaidh Nósanna Imeachta Speisialta agus Córas Rialaithe Allmhairí CCA 2 (ICS2).

     

     

    Féach na tionscadail éagsúla le haghaidh na ndátaí cur chun feidhme.

    Féach na tionscadail éagsúla le haghaidh na ndátaí cur chun feidhme.

    5.

    Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe Chód Custaim an Aontais (AEO) uasghrádú

    Is é is aidhm don tionscadal seo feabhas a chur ar na próisis ghnó a bhaineann le hiarratais agus údaruithe AEO, agus athruithe ar fhorálacha dlíthiúla Chód Custaim an Aontais á gcur san áireamh.

    Sa chéad chéim, is é is aidhm don tionscadal feabhsuithe móra ar chóras AEO a chur chun feidhme mar chuid de chomhchuibhiú an nós imeachta cinnteoireachta custaim.

    Sa dara céim, cuirtear chun feidhme leis an tionscadal foirm leictreonach an iarratais agus an chinnidh AEO agus cuirtear comhéadan comhchuibhithe ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha chun an t–iarratas AEO a chur isteach agus cinneadh AEO a fháil go leictreonach. Úsáidtear an córas uasghrádaithe in dhá eisiúint: cuid 1 maidir leis an iarratas AEO agus an próiseas cinnteoireachta a chur isteach, agus cuid 2 do na próisis eile ina dhiaidh sin.

    Airteagal 6(1), Airteagal 16, 22, 23, 26, 27, 28, 38 agus 39, Airteagal 278(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R1 2016

    5.3.2018

    (céim 1)

    5.3.2018

    (céim 1)

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R4 2018

    1.10.2019

    (céim 2 — cuid 1 próisis tosaigh)

    16.12.2019

    (céim 2 — cuid 2 próisis eile)

    1.10.2019

    (céim 2 — céim 1)

    16.12.2019

    (céim 2 — céim 2)

    6.

    Córas Clárúcháin agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha Chód Custaim an Aontais (EORI 2)

    Is é is aidhm don tionscadal seo mion–uasghrádú a dhéanamh ar an gcóras EORI tras-Eorpach atá ann cheana lena gcumasaítear clárú agus sainaithint oibreoirí eacnamaíocha an Aontais agus tríú tíortha agus daoine seachas oibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach in ábhair chustaim san Aontas.

    Airteagal 6(1), Airteagal 9, Airteagal 278(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R2 2016

    5.3.2018

    5.3.2018

    7.

    Faireachas 3 CCA

    Is é is aidhm don tionscadal seo uasghrádú a dhéanamh ar an gcóras Faireachais 2+ chun a áirithiú go n–ailínítear é le ceanglais CCA amhail malartú caighdeánach faisnéise trí theicnící próiseála sonraí leictreonacha agus bunú na bhfeidhmiúlachtaí is gá chun an tacar sonraí faireachais iomlán a fhaightear ó na Ballstáit a phróiseáil agus a anailísiú.

    Áirítear leis cumais bhreise mianadóireachta sonraí agus feidhmiúlachtaí tuairiscithe, dá bhrí sin, a chuirfear ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún.

    Braitheann cur chun feidhme iomlán an tionscadail seo ar chur chun feidhme na dtionscadal a liostaítear i bpointí 10 agus 14. Leagann na Ballstáit amach dáta cur chun feidhme an chórais sin mar chuid dá bpleananna náisiúnta.

    Airteagal 6(1), Airteagal 16 agus 56(5), Airteagal 278(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R3 2016

    1.10.2018

    1.10.2018

    8.

    Cruthúnas ar Stádas an Aontais CCA (PoUS)

    Is é is aidhm don tionscadal córas tras-Eorpach nua a chruthú chun Cruthúnas ar Stádas Aontais T2L/F agus an lastliosta earraí custaim a stóráil, a bhainistiú agus a aisghabháil (arna eisiúint ag eisitheoir neamhúdaraithe).

    Ós rud é go bhfuil cur chun feidhme an lastliosta earraí custaim le nascadh leis an timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí, cumhdófar an chuid sin den tionscadal i gcéim 2.

    Airteagal 6(1), Airteagal 16 agus 153, Airteagal 278(3)(c) de Rialachán (AE) 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R1 2022

    1.3.2024

    (céim 1)

    1.3.2024

    (céim 1)

    15.8.2025

    (céim 2)

    15.8.2025

    (céim 2)

    9.

    Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais Chód Custaim an Aontais (NCTS) uasghrádú

    Is é is aidhm don tionscadal seo an córas NCTS tras-Eorpach atá ann cheana a ailíniú le CCA nua.

    Comhchuid 1 - ‘NCTS-Céim 5’: is é is aidhm don chéim sin an córas NCTS a ailíniú le ceanglais nua CCA seachas eilimintí sonraí sábháilteachta agus slándála i ndearbhuithe custaim idirthurais maidir le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

    Cumhdaítear leis imeachtaí ‘faoi bhealach’ a chlárú, malartuithe faisnéise a ailíniú le ceanglais sonraí CCA agus comhéadain le córais eile a uasghrádú agus a fhorbairt.

    Féadfar an tionscadal a chur chun feidhme in dhá chéim.

    Céim 1: Príomhfheidhmiúlachtaí le haghaidh NCTS-Céim 5 lena n–áiritheofar leanúnachas oibríochtúil an chórais, amhail an dearbhú caighdeánach idirthurais (sreabhadh lárnach), nós imeachta simplithe ag imeacht/ceann scríbe (coinsíneoir/coinsíní údaraithe), leasú/neamhbhailíochtú, atreorú (san oifig idirthurais agus cinn scríbe), próisis fiosrúcháin/aisghabhála agus sonraí staidrimh gnó a sheoladh. Féadfar na feidhmiúlachtaí nach bhfuil lárnach mar a shainítear i gcéim 2 a chumhdach leis an gcéim sin freisin.

    Céim 2: cumhdaítear leis an gcéim sin na feidhmiúlachtaí atá fágtha amhail comhéadan comhchuibhithe a fhorbairt le AES, dearbhú a taisceadh roimh thíolacadh na n–earraí, dearbhú le tacar sonraí laghdaithe, Teagmhas ‘faoi bhealach’ agus foirmiúlachtaí ag an Oifig Imeachta le haghaidh Idirthurais.

    Comhchuid 2 - ‘NCTS-Céim 6’: is é is aidhm don chéim sin na ceanglais nua shonracha a chur chun feidhme le haghaidh eilimintí sonraí sábháilteachta agus slándála i ndearbhuithe custaim idirthurais maidir le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais, ceanglais nua atá ann mar gheall ar thionscadal 17 (CCA ICS2). Cumhdaítear leis forbairt an chomhéadain le ICS2, chun taisceadh dearbhaithe maidir le hidirthuras ina bhfuil sonraí an dearbhaithe iontrála achomair a éascú trí Airteagal 130(1) CCA a chur i bhfeidhm.

    Airteagal 6(1), Airteagal 16 agus 226-236, Airteagal 278(3)(e) de Rialachán (AE) 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R4 2019

    1.3.2021

    (comhchuid 1)

    Céim 1: 1.12.2023

    Céim 2: 2.12.2024

    Deireadh an aistrithe: 21.1.2025

    (comhchuid 1)

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R2 2022

    3.3.2025

    (comhchuid 2)

    1.9.2025

    (comhchuid 2)

    10.

    Uathchóras Onnmhairiúcháin (AES) CCA

    Is é is aidhm don tionscadal seo ceanglais CCA a chur chun feidhme maidir le honnmhairiú agus imeacht.

    Comhpháirt 1 - ‘AES Tras-Eorpach’. Is é is aidhm don tionscadal an Córas Rialaithe Onnmhairí tras-Eorpach atá ann cheana a fhorbairt a thuilleadh d’fhonn AES iomlán a chur chun feidhme lena gcumhdófar na riachtanais ghnó le haghaidh próiseas agus sonraí a thagann ó Chód Custaim an Aontais. Féadfar Comhchuid 1 a chur chun feidhme in trí chéim.

    Céim 1: Príomhfheidhmiúlachtaí le haghaidh AES a chumasóidh uathoibriú iomlán nósanna imeachta onnmhairiúcháin agus foirmiúlachtaí imeachta. Cumhdaíonn AES codanna atá le forbairt go lárnach agus go náisiúnta, lena n–áirítear na comhpháirteanna náisiúnta ina dtaisctear agus ina bpróiseáiltear an dearbhú onnmhairiúcháin agus lenar féidir faisnéis a mhalartú ina dhiaidh sin leis an oifig custaim imeachta trí chomhpháirteanna coiteanna AES. Áirítear ar an gcéim seo freisin feidhmeanna foirmiúlachtaí imeachta atá riachtanach chun na hearraí a scaoileadh le haghaidh imeachta. Féadfar na feidhmiúlachtaí a shainítear faoi chéimeanna 2 agus 3 a chumhdach leis an gcéim sin freisin.

    Céim 2: Cumhdaítear leis an gcéim sin comhéadan comhchuibhithe a fhorbairt leis an gCóras um Rialú agus um Ghluaiseacht Máil (EMCS). Féadfar na feidhmiúlachtaí nach bhfuil lárnach mar a shainítear i gcéim 3 a chumhdach leis an gcéim sin freisin.

    Céim 3: Cumhdaítear leis an gcéim seo feidhmiúlachtaí eile amhail dearbhuithe simplithe agus forlíontacha, forbairt ar chomhéadan comhchuibhithe le NCTS, imréiteach láraithe, dearbhú a taisceadh roimh thíolacadh na n–earraí.

    Comhpháirt 2 - ‘uasghrádú na gCóras Náisiúnta Onnmhairiúcháin’. I bpróiseas atá lasmuigh de raon feidhme AES ach a bhfuil dlúthnasc eatarthu, déanfar córais náisiúnta ar leith a uasghrádú le haghaidh eilimintí náisiúnta sonracha a bhaineann le foirmiúlachtaí onnmhairiúcháin agus/nó imeachta. I gcás nach ndéanfaidh na heilimintí sin difear don fhearann coiteann le haghaidh AES, is féidir iad a chumhdach faoin gcomhchuid sin.

    Airteagal 6(1), Airteagail 16, 179 agus 263-276, Airteagal 278(3)(f) agus (d) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R4 2019

    (comhchuid 1)

    1.3.2021

    (comhchuid 1)

    Céim 1:1.12.2023

    Céim 2: 13.2.2024 (8)

    Céim 3: 2.12.2024

    Deireadh an aistrithe: 11.2.2025

    (comhchuid 1)

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = le sainiú ag na Ballstáit

    (comhchuid 2)

    1.3.2021

    (comhchuid 2)

    2.12.2024

    (comhchuid 2)

    11.

    Bileoga Eolais CCA (INF) le haghaidh Nósanna Imeachta Speisialta

    Is é is aidhm don tionscadal seo córas tras-Eorpach nua a fhorbairt chun tacú le próisis bainistithe sonraí INF agus le láimhseáil sonraí INF go leictreonach agus chun na próisis agus an láimhseáil sin a chuíchóiriú i bhfearann na Nósanna Imeachta Speisialta.

    Airteagal 6(1), Airteagal 16, 215, 255-262, Airteagal 278(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R2 2018

    1.6.2020

    1.6.2020

    12.

    Nósanna Imeachta Speisialta CCA

    Is é is aidhm don tionscadal seo dlús a chur le Nósanna Imeachta Speisialta ar fud an Aontais, iad a éascú agus a chomhchuibhiú trí shamhlacha coiteanna próisis ghnó a sholáthar. Leis na córais náisiúnta, cuirfear chun feidhme na hathruithe uile CCA is gá le haghaidh stórasú custaim, úsáid deiridh, cead isteach sealadach, próiseáil isteach agus amach.

    Cuirfear an tionscadal sin chun feidhme in dhá chéim.

    Comhchuid 1 - ‘SP EXP Náisiúnta’. Soláthraítear na réitigh leictreonacha náisiúnta is gá le haghaidh gníomhaíochtaí nósanna imeachta speisialta a bhaineann le honnmhairiú.

    Comhchuid 2 - ‘SP IMP Náisiúnta’. Soláthraítear na réitigh leictreonacha náisiúnta is gá le haghaidh gníomhaíochtaí nósanna imeachta speisialta a bhaineann le hallmhairiú.

    Déanfar na tionscadail sin a chur chun feidhme trí na tionscadail a liostaítear i bpointí 10 agus 14.

    Airteagal 6(1), Airteagail 16, 215, 237-242 agus 250-262, Airteagal 278(2)(b) agus (3)(f) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = le sainiú ag na Ballstáit (le haghaidh chomhchuid 1 agus chomhchuid 2)

    1.3.2021

    (comhchuid 1)

    2.12.2024

    (comhchuid 1)

    Le sainiú ag na Ballstáit mar chuid den phlean náisiúnta

    (comhchuid 2)

    Le sainiú ag na Ballstáit mar chuid den phlean náisiúnta lena mbaineann tréimhse cur chun feidhme go dtí an 31.12.2022 (9)

    (comhchuid 2)

    13.

    Fógra CCA maidir le Teacht, Cur i láthair agus Stóráil Shealadach

    Is é cuspóir an tionscadail seo sainiú a dhéanamh ar na próisis maidir le Fógra a thabhairt faoi theacht na modhanna iompair, Cur i láthair na n–earraí (Fógra Cur i láthair) agus Dearbhú maidir le Stóráil Shealadach mar a thuairiscítear in CCA agus tacú le comhchuibhiú ina leith sin ar fud na mBallstát a mhéid a bhaineann leis an malartú sonraí idir trádáil agus custam.

    Clúdaíonn an tionscadal uathoibriú próiseas ar an leibhéal náisiúnta.

    Airteagal 6(1), Airteagal 16 agus 133-152, Airteagal 278(2)(a) de Rialachán (AE) 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = le sainiú ag na Ballstáit agus chun Fógra a thabhairt maidir le Teacht i gcomhréir le pleanáil ICS2

    Le sainiú ag na Ballstáit mar chuid den phlean náisiúnta

    Le sainiú ag na Ballstáit mar chuid den phlean náisiúnta lena mbaineann tréimhse cur chun feidhme go dtí an 31.12.2022 (10)

    14.

    Uasghrádú ar Chórais Allmhairiúcháin Náisiúnta CCA

    Is é is aidhm don tionscadal gach riachtanas próiseála agus sonraí a eascraíonn as CCA a bhaineann leis an bhfearann allmhairiúcháin (agus nach gcumhdaítear le ceann de na tionscadail eile a shainítear sa chlár oibre) a chur chun feidhme. Baineann sé go príomha leis na hathruithe ar an nós imeachta ‘Eisiúint i saorchúrsaíocht’ (nós imeachta caighdeánach + simplithe), ach cumhdaítear leis freisin an tionchar a eascraíonn as ascnaimh chórais eile. Baineann an tionscadal seo leis an bhfearann allmhairiúcháin náisiúnta a chumhdaíonn córais phróiseála náisiúnta um dhearbhú custaim chomh maith le córais eile amhail córais náisiúnta chuntasaíochta agus íocaíochta.

    Airteagal 6(1), Airteagal agus Airteagail 53, 56, 77-80, 83-87, 101-105, 108-109, 158-187, 194-195, Airteagal 278(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = le sainiú ag na Ballstáit

    Le sainiú ag na Ballstáit mar chuid den phlean náisiúnta

    Le sainiú ag na Ballstáit mar chuid den phlean náisiúnta lena mbaineann tréimhse cur chun feidhme go dtí an 31.12.2022 (11)

    15.

    Imréiteach Láraithe um Allmhairiú (CCI) Chód Custaim an Aontais

    Is é is aidhm don tionscadal go bhféadfar earraí a chur faoi nós imeachta custaim trí úsáid a bhaint as imréiteach láraithe, rud a chuirfidh ar chumas oibreoirí eacnamaíocha a ngnó a lárú ó thaobh an chustaim de. Déanfar próiseáil an dearbhaithe custaim agus eisiúint fhisiciúil na n–earraí a chomhordú idir na hoifigí custaim gaolmhara. Baineann sé le córas tras-Eorpach ina bhfuil comhchodanna arna bhforbairt go lárnach agus go náisiúnta.

    Cuirfear an tionscadal chun feidhme in dhá chéim.

    Céim 1: Leis an gcéim sin, cumhdófar imréiteach láraithe le dearbhuithe caighdeánacha custaim agus d’fhéadfaí go gcumhdófar imréiteach láraithe le dearbhuithe custaim simplithe mar aon leis na dearbhuithe forlíontacha ginearálta nó tréimhsiúla faoi seach (aon dearbhú custaim simplithe amháin a thabhairt chun rialtachta). Ina theannta sin, cumhdófar leis earraí a chuimsiú faoi na nósanna imeachta custaim seo a leanas: eisiúint le haghaidh saorchúrsaíochta, stórasú custaim, próiseáil isteach agus úsáid deiridh. I gcás an chineáil earraí, cumhdófar leis an gcéim sin gach cineál earra cé is moite d’earraí máil, earraí ón Aontas i gcomhthéacs trádáil le críocha fioscacha speisialta agus earraí atá faoi réir bhearta an chomhbheartais talmhaíochta.

    Céim 2: Is é is aidhm don chéim seo na feidhmiúlachtaí uile a chur chun feidhme faoi raon feidhme iomlán CCI: dearbhuithe simplithe agus forlíontacha (mura gcuirtear chun feidhme iad faoi Chéim 1), na dearbhuithe custaim trí iontráil i dtaifid an dearbhóra agus na dearbhuithe forlíontacha achoimreacha (lena ndéantar níos mó ná dearbhú custaim simplithe amháin nó níos mó ná iontráil amháin i dtaifid an dearbhóra a thabhairt chun rialtachta), earraí a chur faoin nós imeachta um chead isteach sealadach, earraí máil, earraí ón Aontas i gcomhthéacs na trádála le críocha fioscacha speisialta agus earraí atá faoi réir bhearta an chomhbheartais talmhaíochta.

    Airteagal 6(1), Airteagal 16 agus 179, Airteagal 278(3)(a) de Rialachán (AE) 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R3 2020

    1.3.2022

    (Céim 1)

    1.7.2024

    (Céim 1)

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R2 2022

    2.10.2023

    (Céim 2)

    2.6.2025

    (Céim 2)

    16.

    Bainistíocht Ráthaíochta Chód Custaim an Aontais (GUM)

    Is é is aidhm don tionscadal seo a chinntiú go ndéanfar bainistiú éifeachtach éifeachtúil ar na cineálacha éagsúla ráthaíochtaí.

    Comhchuid 1 - ‘GUM’: Cumhdófar leis an gcomhchuid lárnach den chóras tras-Eorpach bainistiú na ráthaíochtaí cuimsitheacha a fhéadfar a úsáid i níos mó ná Ballstát amháin. Cuirfear chun feidhme é i gCóras Cinnteoireachta Custaim CCA agus déanfar comhéadan le comhpháirt náisiúnta (féach Comhchuid 2) chun faireachán a dhéanamh ar an méid tagartha. Féadfaidh baint a bheith ag an méid tagartha sin le gach dearbhú custaim, dearbhú forlíontach nó faisnéis iomchuí eile maidir leis na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar mhéideanna tagartha na ráthaíochtaí cuimsitheacha le haghaidh stóráil shealadach agus na nósanna imeachta custaim uile dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais, cé is moite d’Idirthuras a láimhseáiltear mar chuid de thionscadal NCTS.

    Comhchuid 2 - ‘Bainistíocht Ráthaíochta Náisiúnta’. Cuirfear an chomhchuid sin chun feidhme trí chóras leictreonach náisiúnta ina gclárófar agus ina mbainisteofar ráthaíochtaí cuimsitheacha atá bailí i níos mó ná Ballstát amháin agus ina ndéanfar faireachán ar a mhéid tagartha. Úsáidfear é freisin le haghaidh ráthaíochtaí eile.

    Nascfaidh an chomhchuid leis na córais náisiúnta dearbhaithe custaim aon uair a agrófar ráthaíochtaí sa dearbhú custaim agus, i gcás ráthaíochtaí cuimsitheacha, ba cheart di na sonraí gnó ábhartha a aisghabháil ón údarú faoi seach chun ráthaíocht chuimsitheach a sholáthar.

    Airteagal 6(1), Airteagal 16 agus 89-100, Airteagal 278(3)(a) de Rialachán (AE) 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = R3 2022

    (comhchuid 1)

    11.3.2024

    (comhchuid 1)

    11.3.2024

    (comhchuid 1)

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla

    = le sainiú ag na Ballstáit

    (comhchuid 2)

    Le sainiú ag na Ballstáit mar chuid den phlean náisiúnta lena mbaineann tréimhse cur chun feidhme ón 11.3.2024 ar a luaithe.

    (comhchuid 2)

    Le sainiú ag na Ballstáit mar chuid den phlean náisiúnta lena mbaineann tréimhse cur chun feidhme go dtí an 2.6.2025

    (comhchuid 2)

    17.

    Córas Rialaithe Allmhairí 2 (ICS2) CCA

    Is é is aidhm don chlár seo sábháilteacht agus slándáil réamhtheachta na n–earraí a thagann isteach san Aontas a neartú trí cheanglais nua CCA a chur chun feidhme maidir le dearbhuithe iontrála achomair (ENS) a thaisceadh agus a láimhseáil, go háirithe sonraí ENS a sholáthar i níos mó ná aighneacht amháin, bíodh sí/siad ó dhuine amháin nó ó dhaoine éagsúla, agus malartú na sonraí sin agus torthaí na hanailíse riosca i measc na n–údarás custaim. Is é an toradh a bheidh ar ICS2 go mbeidh ailtireacht iomlán nua ann agus go gcuirfear córas nua in áit an chórais ICS thras-Eorpaigh atá ann cheana de réir a chéile.

    Tá an clár á chur chun feidhme i dtrí eisiúint.

    Eisiúint 1: Cumhdaítear leis an eisiúint sin an oibleagáid atá ar na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha (oibreoirí poist agus meariompróirí san aeriompar) na sonraí íosta a sholáthar, i.e. tacar sonraí réamhluchtaithe ENS.

    Eisiúint 2: Cumhdaítear leis an eisiúint sin cur chun feidhme oibleagáidí iomlána nua ENS, próisis ghaolmhara ghnó agus bainistíochta riosca le haghaidh na n–earraí uile san aerthrácht.

    Eisiúint 3: Cumhdófar leis an eisiúint sin cur chun feidhme oibleagáidí iomlána nua ENS, próisis ghaolmhara bainistíochta gnó agus riosca le haghaidh na n–earraí uile in uiscebhealaí idir mhuirí agus intíre agus trácht bóthair agus iarnróid (áirítear leis sin earraí i gcoinsíneachtaí poist a iompraítear sna modhanna iompair sin). Déanfar feidhmiú céimneach ar Eisiúint 3 ar an mbealach seo a leanas: beidh na chéad iompróirí uiscebhealaí idir mhuirí agus intíre á dtabhairt isteach de réir a chéile (céim 1), ansin na comhdaitheoirí bille ládála muirí i dtrácht na n–uiscebhealaí idir mhuirí agus intíre (céim 2), agus ansin na hiompróirí bóthair agus iarnróid (céim 3).

    Airteagal 6(1), Airteagal 16, 46, 47 agus 127-132, Airteagal 278(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    Spriocdháta na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh gach ceann de na trí eisiúint

    = R2 2018

    15.3.2021

    (Eisiúint 1)

    1.10.2021

    (Eisiúint 1)

    1.3.2023 (12)

    (Eisiúint 2)

    2.10.2023

    (Eisiúint 2)

    3.6.2024 (13) ((Eisiúint 3)

    Céim 1: 3.6.2024

    Céim 2: 4.12.2024

    Céim 3: 1.4.2025

    Féach céim 1-3

    Céim 1: 4.12.2024 (ar a dhéanaí)

    Céim 2: 1.4.2025 (ar a dhéanaí)

    Céim 3: 1.9.2025 (ar a dhéanaí)


    (1)  Le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).

    (2)  Rialachán (AE) 2019/632 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 chun síneadh ama a chur le húsáid idirthréimhseach a bhaint as bealaí eile seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (IO L 111, 25.4.2019, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/632/oj.

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2446/oj).

    (4)  Rialachán arna Tharmligean (AE) 2016/341 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha idirthréimhseacha le haghaidh forálacha áirithe Chód Custaim an Aontais i gcás nach bhfuil na córais leictreonacha ábhartha oibríochtúil go fóill agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (IO L 69, 15.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2016/341/oj).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj).

    (6)  Is é an dáta sin chun tús a chur le cur chun feidhme na gcóras leictreonach an dáta is luaithe a rachaidh na Ballstáit i mbun oibríochtaí.

    (7)  Is é an dáta faoinar cheart deireadh a chur le tréimhse cur chun feidhme na gcóras leictreonach an dáta deiridh faoinar cheart an córas a bheith curtha chun feidhme ina iomláine agus an dáta deiridh faoinar cheart ascnamh a bheith déanta i leith na n–oibreoirí eacnamaíocha uile; i gcás inarb infheidhme, socróidh na Ballstáit an dáta agus é sin ina dháta deiridh le haghaidh bhailíocht na hidirthréimhse.

    (8)  Faoin dáta sin, ní mór an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 55(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070 ón gCoimisiún a chur chun feidhme sa chóras náisiúnta onnmhairiúcháin.

    (9)  Go dtí an 31 Nollaig 2023 maidir leis na Ballstáit a ndírítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/237 ón gCoimisiún orthu nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 2(4a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún, go dtí an 1 Iúil 2024.

    (10)  Go dtí an 31 Nollaig 2023, maidir le fógra a thabhairt faoi theacht aerárthaigh isteach i gcríoch chustaim an Aontais d’aer, agus go dtí an 29 Feabhra 2024, maidir le fógra a thabhairt faoi theacht soithigh farraige isteach i gcríoch chustaim an Aontais agus go dtí an 31 Nollaig 2023, maidir leis an bhfógra tíolactha agus an dearbhú stórála sealadaí i ndáil le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais d’aer, agus go dtí an 29 Feabhra 2024 i ndáil le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais trí mhodhanna iompair eile, i ndáil leis na Ballstáit a dtabharfar aghaidh orthu le Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2023/234, 2023/235 agus 2023/236 ón gCoimisiún.

    (11)  Go dtí an 31 Nollaig 2023 maidir leis na Ballstáit a ndírítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/237 ón gCoimisiún orthu nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 2(4a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún, go dtí an 1 Iúil 2024.

    (12)  Go dtí an 30 Meitheamh 2023 maidir leis na Ballstáit a dtugtar aghaidh orthu le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/438 ón gCoimisiún.

    (13)  Is é an dáta sin an dáta le haghaidh cur chun feidhme eisiúint iomlán 3 de ICS2 ag na Ballstáit uile.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2879/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top