Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1145

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1145 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2023 lena leasaítear an Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le bolgach caorach agus le bolgach gabhar sa Spáinn (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 3806) (Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/3806

IO L 151, 12.6.2023, pp. 28–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1145/oj

12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 151/28


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1145 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Meitheamh 2023

lena leasaítear an Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le bolgach caorach agus le bolgach gabhar sa Spáinn

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 3806)

(Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 ón gCoimisiún (2) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna de bholgach caorach agus de bholgach gabhar sa Spáinn, a braitheadh i réigiúin na hAndalúise agus Castilla-La Mancha, ar dhá bhraisle ar leith iad, ceann amháin i ngach réigiún. Tá feidhm ag an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.

(2)

Go sonrach, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise, atá le bunú ag an Spáinn tar éis ráigeanna de bholgach caorach agus de bholgach gabhar, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (3), go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(3)

I dteannta na gcriosanna cosanta agus faireachais, bunaíodh crios srianta breise, i gcomhréir le hAirteagal 21(1), pointe (c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, i réigiún na hAndalúise agus i réigiún Castilla-La Mancha araon, áiteanna ina bhfuil sé de cheanglas ar an Spáinn bearta áirithe a chur i bhfeidhm maidir le srianta ar ghluaiseachtaí caorach agus gabhar lasmuigh den chrios breise sin, d’fhonn cosc a chur ar leathadh na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar chuig an gcuid eile dá críoch agus chuig an gcuid eile den Aontas.

(4)

Tar éis ghlacadh Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333, thug an Spáinn fógra don Choimisiún faoi roinnt ráigeanna breise de bholgach caorach agus de bholgach gabhar i mbunaíochtaí inar coimeádadh caoirigh agus/nó gabhair. Dá thoradh sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, chomh maith leis na limistéir a liostaítear mar chriosanna srianta breise le haghaidh na Spáinne, san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333, leasaíodh iad ina dhiaidh sin. Rinneadh an leasú deireanach ar an Iarscríbhinn sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/872 ón gCoimisiún (4).

(5)

Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/872 ann, thug an Spáinn fógra don Choimisiún faoi ráig bhreise amháin de bholgach caorach agus de bholgach gabhar i mbunaíochtaí inar coimeádadh caoirigh agus/nó gabhair, i réigiún Castilla-La Mancha, i gCúige Cuenca le bheith níos sonraí, lasmuigh den chrios faireachais atá bunaithe sa réigiún sin cheana.

(6)

Rinne údarás inniúil na Spáinne na bearta rialaithe galar is gá i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar an ráig nua sin. Choinnigh an Spáinn ar bun freisin na criosanna srianta a bunaíodh roimhe seo thart ar na ráigeanna roimhe seo a taifeadadh ó thús na bliana 2023 in Castilla-La Mancha, i gCúige Ciudad Real.

(7)

Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus mar chriosanna srianta breise le haghaidh na Spáinne san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333, ba cheart iad a leasú, ó thaobh spáis agus ama de, agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair maidir le bolgach caorach agus bolgach gabhar i réigiún Castilla-La Mancha á cur san áireamh.

(8)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 leis an gCinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(9)

Ina theannta sin, agus aird á tabhairt ar an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair san Aontas maidir le bolgach caorach agus bolgach gabhar, ba cheart tréimhse chur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme Cinneadh (AE) 2022/2333 a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2023.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 a leasú dá réir.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

Feidhm

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Nollaig 2023.’

;

2.

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333.

Airteagal 2

Seolaí

Is chuig Ríocht na Spáinne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le bolgach caorach agus bolgach gabhar sa Spáinn agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913 (IO L 308, 29.11.2022, lch. 22).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/872 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Spáinn (IO L 113, 28.4.2023, lch. 49).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

A.   Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar ráigeanna deimhnithe

Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid de na criosanna srianta sa Spáinn dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

Réigiún Castilla–La Mancha

ES-CAPRIPOX-2023-00003

ES-CAPRIPOX-2023-00004

ES-CAPRIPOX-2023-00005

ES-CARPIPOX-2023-00006

ES-CARPIPOX-2023-00007

An crios cosanta:

Crios cosanta ina bhfuil na limistéir seo a leanas:

I gCúige Ciudad Real, na bardasachtaí seo a leanas:

Alcázar de San Juan

Campo de Criptana

Pedro Muñoz

I gCúige Albacete, an bhardasacht seo a leanas:

Minaya

I gCúige Cuenca, na bardasachtaí seo a leanas:

Sisante

Casas de Fernando Alonso

Casas de Haro

Casas de los Pinos

El Pedernoso

El Provencio

Las Mesas

Las Pedroñeras

Mota del Cuervo

Pozoamargo

San Clemente

Santa María de los Llanos

Vara de Rey

20.7.2023

An crios faireachais:

Crios faireachais ina bhfuil na limistéir seo a leanas:

I gCúige Ciudad Real, na bardasachtaí seo a leanas:

Villarta de San Juan

Villarrubia de los Ojos

Tomelloso

Socuéllamos

Puerto Lápice

Manzanares

Llanos de Caudillo

Las Labores

Herencia

Daimiel

Argamasilla de Alba

Arenas de San Juan

Arenales de San Gregorio

I gCúige Toledo, na bardasachtaí seo a leanas:

Villafranca de los Caballeros

Villacañas

Quintanar de la Orden

Quero

Miguel Esteban

Madridejos

La Villa de Don Fabrique

La Puebla de Almoradiel

El Toboso

Camuñas

I gCúige Cuenca, na bardasachtaí seo a leanas:

Atalaya del Cañavate

Cañada Juncosa

El Cañavate

Honrubia

Pinarejo

Alarcón

Casas de Benítez

Casas de Guijarro

Casasimarro

El Picazo

Pozorrubielos de la Mancha

Quintanar del Rey

Tébar

Valhermoso de la Fuente

Villanueva de la Jara

Belmonte

Carrascosa de Haro

La Alberca de Záncara

Los Hinojosos

Monreal del Llano

Rada de Haro

Santa María del Campo Rus

Villaescusa de Haro (iamhchríoch Dehesa de Alcahozo, agus í sin amháin)

I gCúige Albacete, na bardasachtaí seo a leanas:

Fuensanta

La Roda

Munera

Tarazona de la Mancha

Villalgordo del Júcar

Villarrobledo

7.8.2023

An crios faireachais:

Crios faireachais ina bhfuil na limistéir seo a leanas:

I gCúige Ciudad Real, na bardasachtaí seo a leanas:

Alcázar de San Juan

Campo de Criptana

Pedro Muñoz

I gCúige Albacete, an bhardasacht seo a leanas:

Minaya

I gCúige Cuenca, na bardasachtaí seo a leanas:

Sisante

Casas de Fernando Alonso

Casas de Haro

Casas de los Pinos

El Pedernoso

El Provencio

Las Mesas

Las Pedroñeras

Mota del Cuervo

Pozoamargo

San Clemente

Santa María de los Llanos

Vara de Rey

21.7.2023-7.8.2023

B.   Criosanna srianta breise

Réigiún

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna srianta breise, cuid de na criosanna srianta sa Spáinn dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

Réigiún Castilla–La Mancha

Crios srianta breise ina bhfuil na cúigí seo a leanas:

Albacete

Ciudad Real

Cuenca

Toledo

25.9.2023


Top