Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2451

    Cinneadh (AE) 2022/2451 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le forálacha acquis Schengen a chur i bhfeidhm go hiomlán i bPoblacht na Cróite

    ST/14239/2022/INIT

    IO L 320, 14.12.2022, p. 41–46 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2451/oj

    14.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 320/41


    CINNEADH (AE) 2022/2451 ÓN gCOMHAIRLE

    an 8 Nollaig 2022

    maidir le forálacha acquis Schengen a chur i bhfeidhm go hiomlán i bPoblacht na Cróite

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais 2011, agus go háirithe Airteagal 4(2) de,

    Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    In Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011, foráiltear maidir leis na forálacha de acquis Schengen nach dtagraítear dóibh in Airteagal 4(1) den Ionstraim sin, nach bhfuil feidhm le bheith acu sa Chróit ach de bhun chinneadh ón gComhairle chuige sin, tar éis fíorú, i gcomhréir leis na nósanna imeachta meastóireachta Schengen is infheidhme, go bhfuil na coinníollacha riachtanacha chun gach cuid den acquis ábhartha a chur i bhfeidhm comhlíonta sa Chróit, lena n-áirítear cur i bhfeidhm éifeachtach rialacha uile Schengen i gcomhréir leis na comhchaighdeáin chomhaontaithe agus leis na bunphrionsabail.

    (2)

    Le Cinneadh (AE) 2017/733 (2) uaithi, agus tar éis di a fhíorú gur chomhlíon an Chróit na coinníollacha is gá chun an chuid sin de acquis Schengen lena mbaineann maidir le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm, chuir an Chomhairle na forálacha sin de acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen (CFS) infheidhme maidir leis an gCróit ón 27 Meitheamh 2017.

    (3)

    Rinneadh meastóireachtaí chun a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha is gá chun acquis Schengen a chur i bhfeidhm i ngach réimse de acquis Schengen atá fágtha, eadhon bainistiú na teorann seachtraí, comhar póilíneachta, CFS, filleadh, víosaí, comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus airm thine, sa Chróit, i gcomhréir leis na nósanna imeachta meastóireachta Schengen is infheidhme ag an tráth a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle iad (3).

    (4)

    I dteachtaireacht uaidh an 22 Deireadh Fómhair 2019 maidir le fíorú ar chur i bhfeidhm iomlán acquis Schengen ag an gCróit, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mheas sé go bhfuil na bearta is gá glactha ag an gCróit chun a áirithiú gur comhlíonadh na coinníollacha is gá chun na codanna ábhartha uile de acquis Schengen a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, thug sé dá aire go mbeadh ar an gCróit leanúint de bheith ag obair go comhsheasmhach maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí leanúnacha uile, go háirithe i réimse bhainistiú na dteorainneacha seachtracha, chun a áirithiú go leanfar de na dálaí sin a chomhlíonadh. Dhearbhaigh an Coimisiún freisin gur lean an Chróit de na gealltanais a bhaineann le acquis Schengen, mar a gabhadh ar láimh ina caibidlíocht aontachais, a chomhlíonadh.

    (5)

    An 9 Nollaig 2021, tháinig an Chomhairle ar an gconclúid go ndearna an Chróit na coinníollacha riachtanacha maidir le cur i bhfeidhm gach cuid den acquis Schengen a chomhlíonadh.

    (6)

    Dá bhrí sin, is féidir na dátaí a shocrú le haghaidh chur i bhfeidhm acquis Schengen ina iomláine ag an gCróit, ónar cheart deireadh a chur le seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha inmheánacha leis an gCróit.

    (7)

    Ba cheart deireadh a chur leis na srianta ar úsáid CFS, dá bhforáiltear i gCinneadh (AE) 2017/733 ón dáta is luaithe a socraíodh do chur i bhfeidhm an acquis Schengen sa Chróit.

    (8)

    Ba cheart an córas simplithe le haghaidh náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa gearrfhanachta ina seilbh acu a d’eisigh an Chróit le haghaidh idirthuras trína críocha nó tréimhsí fanachta atá beartaithe ar a críocha le haghaidh tréimhse nach faide ná 90 lá i rith tréimhse 180 lá, a tugadh isteach le Cinneadh Uimh. 565/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), a choinneáil chun an taisteal a bheith ag éirí níos deacra do chatagóirí áirithe daoine a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha áirithe den Chinneadh sin leanúint d’fheidhm a bheith acu ar feadh idirthréimhse theoranta.

    (9)

    A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar na forálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5) ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B, C, D agus F de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6).

    (10)

    Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B, C, D agus F de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8).

    (11)

    Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (9) ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B, C, D agus F de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10),

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Ón 1 Eanáir 2023, cuirfear deireadh le seiceálacha ar dhaoine ag teorainneacha inmheánacha talún agus mara leis an gCróit agus beidh feidhm ag forálacha acquis Schengen dá dtagraítear san Iarscríbhinn maidir leis an gCróit ina caidreamh le Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Málta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne, chomh maith leis an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua agus Cónaidhm na hEilvéise.

    2.   Maidir le seiceálacha ar dhaoine ag teorainneacha inmheánacha aeir, cuirfear deireadh leo ón 26 Márta 2023 agus beidh feidhm ag na forálacha dá dtagraítear i mír 1, a mhéid a rialaíonn siad díothú na seiceálacha ar dhaoine ag teorainneacha inmheánacha aeir, amhail ón dáta sin.

    3.   Cuirfear deireadh le gach srian ar an gCróit maidir le Córas Faisnéise Schengen a úsáid amhail ón 1 Eanáir 2023.

    Airteagal 2

    Leanfaidh víosaí náisiúnta gearrfhanachta arna n-eisiúint ag an gCróit roimh an 1 Eanáir 2023 de bheith bailí feadh na tréimhse bailíochta, chun críche idirthuras a dhéanamh trí chríoch Ballstát eile nó chun críche tréimhsí fanachta atá beartaithe ar a gcríocha nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá, a mhéid a aithníonn na Ballstáit víosaí gearrfhanachta den sórt sin chun na gcríoch sin, i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 565/2014/AE. Beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh sin.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2022

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    V. RAKUŠAN


    (1)  Tuairim an 10 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Cinneadh (AE) 2017/733 ón gComhairle an 25 Aibreán 2017 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cróite (IO L 108, 26.4.2017, lch. 31).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

    (4)  Cinneadh Uimh. 565/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena dtugtar córas simplithe isteach le haghaidh daoine a rialú ag na teorainneacha seachtracha, ar córas é a bheidh bunaithe ar aitheantas aontaobhach a bheith á thabhairt ag an mBulgáir, ag an gCróit, ag an gCipir agus ag an Rómáin do dhoiciméid áirithe mar dhoiciméid atá coibhéiseach lena víosaí náisiúnta le haghaidh idirthuras trína gcríocha nó tréimhsí fanachta atá beartaithe ar a gcríocha nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 895/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 582/2008/CE (IO L 157, 27.5.2014, lch. 23).

    (5)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

    (6)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

    (7)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

    (8)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

    (9)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

    (10)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


    IARSCRÍBHINN

    Liosta d’fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011 le bheith infheidhme don Chróit ina caidreamh leis na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, chomh maith leis an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua agus Cónaidhm na hEilvéise

    A.

    Na forálacha seo a leanas den Choinbhinsiún a síníodh in Schengen an 19 Meitheamh 1990 lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (IO L 239, 22.9.2000, lch. 19):

    Airteagal 1 a mhéid a bhaineann sé le forálacha eile dá dtagraítear sa phointe seo, Airteagal 18, Airteagal 19(1), (3), agus (4), Airteagail 20, 21 agus 22, Airteagail 40 go 43, agus Airteagail 126 go 130 a mhéid a bhaineann siad le forálacha eile dá dtagraítear sa phointe seo.

    B.

    Gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais eile seo a leanas, mar aon le gníomhartha lena gcuirtear chun feidhme iad:

    1.

    Treoir 2001/40/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le haitheantas frithpháirteach cinntí i dtaca le náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt (IO L 149, 2.6.2001, lch. 34);

    2.

    Cinneadh 2004/191/CE ón gComhairle an 23 Feabhra 2004 lena leagtar amach na critéir agus na socruithe praiticiúla chun na míchothromaíochtaí airgeadais ar toradh iad ar chur i bhfeidhm Threoir 2001/40/CE maidir le haitheantas frithpháirteach cinntí i ndáil le náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt a chúiteamh (IO L 60, 27.2.2004, lch. 55);

    3.

    Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lch. 5);

    4.

    Airteagal 4, pointe (b), agus Airteagal 9, pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha maidir le trácht teorann áitiúil ag teorainneacha talún seachtracha na mBallstát agus lena leasaítear forálacha Choinbhinsiún Schengen (IO L 405, 30.12.2006, lch. 1);

    5.

    Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60);

    6.

    Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chun a cheadaithe ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath, agus a imscrúdú (IO L 218, 13.8.2008, lch. 129), seachas Airteagal 6;

    7.

    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1), seachas Airteagal 3;

    8.

    Rialachán (AE) Uimh. 265/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2010 lena leasaítear an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 maidir le gluaiseacht daoine ag a bhfuil víosa fadfhanachta (IO L 85, 31.3.2010. lch. 1);

    9.

    Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le liosta na ndoiciméad taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad is féidir a fhormhuiniú le víosa, agus maidir le sásra á bhunú chun an liosta sin a shocrú (IO L 287, 4.11.2011, lch. 9);

    10.

    Rialachán (AE) Uimh. 610/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar teorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, Rialacháin (CE) Uimh. 1683/95 agus (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 agus (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 1), a mhéid a bhaineann sé le forálacha eile dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo;

    11.

    Airteagal 1, Airteagal 6(5), pointe (a), Teideal III, agus forálacha Theideal II agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis ina dtagraítear do Chóras Faisnéise Schengen agus don Chóras Faisnéise Víosaí, de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar teorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1);

    12.

    Rialachán (AE) 2017/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le húsáid an Chórais Dul Isteach/Imeachta (IO L 327, 9.12.2017, lch. 1), a mhéid nach bhfuil sé infheidhme go fóill i gcomhréir le hAirteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2017/2226;

    13.

    Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 agus (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20), a mhéid a bhaineann sé leis an gCóras Faisnéise Víosaí mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus nach bhfuil infheidhme fós i gcomhréir le hAirteagal 66 (2) de Rialachán (AE) 2017/2226;

    14.

    Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99), a mhéid a bhaineann sé leis an gCóras Faisnéise Víosaí mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus an Córas Dul Isteach/Imeachta arna bhunú i Rialachán (AE) 2017/2226 agus dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo;

    15.

    Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27), a mhéid a bhaineann sé le Córas Faisnéise Víosaí mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus an Córas Dul Isteach/Imeachta arna bhunú i Rialachán (AE) 2017/2226 agus dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo;

    16.

    Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85), a mhéid a bhaineann sé leis an gCóras Faisnéise Víosaí mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus an Córas Dul Isteach/Imeacht arna bhunú i Rialachán (AE) 2017/2226 agus dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo;

    17.

    Rialachán (AE) 2019/1155 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 188, 12.7.2019, lch. 25);

    18.

    Rialachán (AE) 2021/1133 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013, (AE) 2016/794, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí (IO L 248, 13.7.2021, lch. 1);

    19.

    Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11);

    20.

    Rialachán (AE) 2021/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (IO L 249, 14.7.2021, lch. 1);

    21.

    Rialachán (AE) 2021/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2019/817 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí (IO L 249, 14.7.2021, lch. 15).


    Top