Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1792

    Cinneadh (CBES) 2021/1792 ón gComhairle an 11 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    ST/12266/2021/INIT

    IO L 359I, 11.10.2021, p. 6–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1792/oj

    11.10.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 359/6


    CINNEADH (CBES) 2021/1792 ÓN gCOMHAIRLE

    an 11 Deireadh Fómhair 2021

    lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

    (2)

    Ní aithníonn an tAontas Eorpach ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol a rinne Cónaidhm na Rúise.

    (3)

    Ó ionghabhadh Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus cathair Sevastopol go neamhdhleathach, tá iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh ag Cónaidhm na Rúise chun na críocha faoi fhorghabháil a chur faoina smacht. Go háirithe, úsáideann Cónaidhm na Rúise cumhachtaí a breithiúna chun géarleanúint a dhéanamh ar fhreasúróirí in aghaidh na hiongabhála neamhdhleathaí a rinne sí ar an gCrimé agus Sevastopol.

    (4)

    Tá grúpa breithiúna, ionchúisitheoirí agus oifigigh slándála freagrach as dlí na Rúise a fhorfheidhmiú sa Chrimé agus Sevastopol atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach. Tá cinntí i bhfabhar na Rúise á n-eisiúint ag na daoine sin in iliomad imeachtaí coiriúla arb í an pholaitíocht is siocair leo agus/nó tá gníomhaithe ar son na hÚcráine á n-ionchúiseamh acu agus/nó tá an feachtas cos ar bolg á ghéarú acu i gcoinne freasúróirí in aghaidh na hiongabhála neamhdhleathaí.

    (5)

    Measann an Chomhairle gur cheart ochtar a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES mar gheall ar an ról atá acu chun an bonn a bhaint d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirfear na daoine a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo leis an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 11 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. PODGORŠEK


    (1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “193.

    Mikhail Nikolayevich BELOUSOV

    (Михаил Николаевич Белоусов

    Inscne: Fireann

    Dáta breithe: 26.11.1964

    Áit bhreithe: Russia

    Náisiúntacht: Úcránach, Rúiseach (ní aithníonn an tAontas pasanna arna n-eisiúint ag Cónaidhm na Rúise sa Chrimé)

    Seoladh: 117 Balaklavs’ka St, App 48, Simferopol, Crimea, Ukraine

    Breitheamh sa Kievskiy District Courty in Simferopol.

    Rinne sé an iliomad cinntí i bhfabhar na Rúise sna cásanna arb í an pholaitíocht is siocair leo i gcoinne freasúróirí in aghaidh ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol. Mar bhreitheamh arna cheapadh ag Cónaidhm na Rúise, d’fhorfheidhmigh sé dlí na Rúise sa chríoch atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, agus dá bhrí sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

    11.10.2021

    194.

    Andrey Nikolayevich DOLGOPOLOV

    (Андрей Николаевич Долгополов)

    Inscne: Fireann

    Dáta breithe: 15.2.1959

    Áit bhreithe: Kyrgyzstan

    Náisiúntacht: Úcránach, Rúiseach (ní aithníonn an tAontas pasanna arna n-eisiúint ag Cónaidhm na Rúise sa Chrimé)

    Seoladh: 82 Peremohy Ave, App. 343, Simferopol, Crimea, Ukraine

    Cathaoirleach ar an Kievskiy District Court in Simferopol.

    Rinne sé an iliomad cinntí i bhfabhar na Rúise sna cásanna arb í an pholaitíocht is siocair leo i gcoinne freasúróirí in aghaidh ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol. Mar bhreitheamh arna cheapadh ag Cónaidhm na Rúise, d’fhorfheidhmigh sé dlí na Rúise sa chríoch atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, agus dá bhrí sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

    11.10.2021

    195.

    Yevgeny Sergeyevich KOLPIKOV

    (Евгений Сергеевич КОЛПИКОВ)

    Inscne: Fireann

    Dáta breithe: 6.5.1974.

    Áit bhreithe: Beryozovskaya, Danilovsky District, Volgograd Oblast, Russia

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Seoladh: Military Prosecutor’s Office of the Southern Military District of the Russian Federation. Pushkinskaya Ulitsa, 72А, Rostov, Rostov Oblast, Russia, 344022

    Teil. (+ 7) 8863263-04-67, (+ 7) 8863282-79-68

    Ionchúisitheoir de chuid Military Prosecutor’s Office of the Southern Military District of the Russian Federation in Rostov-on-Don.

    Chúisigh sé gníomhaithe ar son na hÚcráine a ndearnadh géarleanúint orthu mar gheall ar an easpa aitheantais a thug siad d’ionghabháil Leithinis na Crimé ag Cónaidhm na Rúise. Chuir sé cúiseanna os comhair na cúirte a bunaíodh ar chríoch na Rúise i gcoinne shaoránaigh na hÚcráine a aistríodh go héigeantach ó Leithinis na Crimé faoi fhorghabháil. Agus an méid sin á dhéanamh aige, chuir sé le sárú ag Cónaidhm na Rúise ar na hoibleagáidí maidir leis an dlí daonnúil a bhaineann leis an gcumhacht forghabhála, ar oibleagáidí iad nár cheart do na saoránaigh Úcránacha sin an chríoch Úcránach atá faoi fhorghabháil ag Cónaidhm na Rúise a fhágáil fúthu. Ar an mbealach sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

    11.10.2021

    196.

    Magomed Farmanovich MAGOMEDOV

    (Магомед Фарманович Магомедов)

    Inscne: Fireann

    Dáta breithe: 5.2.1981

    Imscrúdaitheoir cásanna speisialta ag First Investigation Department, Directorate for Investigation of Particularly Important Cases of the Main Investigation Department of the Investigative Committee of Russia for the Republic of Crimea and the city of Sevastopol.

    Bhí sé rannpháirteach sna himscrúduithe coiriúla arb í an pholaitíocht is siocair leo i gcoinne ceannairí na Mejlis de chuid phobal Tatarach na Crimé a ionchúisíodh toisc gur chuir siad go gníomhach i gcoinne ionghabháil neamhdhleathach Leithinis na Crimé. Mar imscrúdaitheoir coiriúil arna cheapadh ag Cónaidhm na Rúise i Leithinis na Crimé faoi fhorghabháil, rannchuidigh sé le forfheidhmiú dhlí na Rúise sa chríoch atá faoi fhorghabháil agus dá bhrí sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

    11.10.2021

    197.

    Leonid Vladimirovich MIKHAYLUK

    (Леонид Владимирович МИХАЙЛЮК)

    Inscne: Fireann

    Dáta breithe: 1.1.1970 NÓ 8.7.1963

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Seoladh (Obair): 295034, Simferopol, 13 I. Franko blvd., Crimea, Ukraine

    Ceann an Federal Security Service (FSB) sa Chrimé agus Sevastopol agus ar an regional Anti-Terrorism Committee.

    Bhí sé i gceannas ar fhórsaí FSB, a rinne an feachtas cos ar bolg a ghéarú in aghaidh freasúróirí ar fhorghabháil mhídhleathach Leithinis na Crimé ag Cónaidhm na Rúise. Aistríodh cuid de na gníomhaithe ar son na hÚcráine atá á gcoinneáil ag aonaid FSB faoina cheannas go héigeantach chuig Krasnodar agus Rostov-on-Don sa Rúis. Trí dhlí na Rúise a fhorfheidhmiú sa chríoch atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

    11.10.2021

    198.

    Viktor Anatolyevich MOZHELYANSKY (Виктор Анатольевич Можелянский)

    Inscne: Fireann

    Dáta breithe: 10.5.1964

    Áit bhreithe: Kharkiv

    Náisiúntacht: Úcránach, Rúiseach (ní aithníonn an tAontas pasanna arna n-eisiúint ag Cónaidhm na Rúise sa Chrimé)

    Seoladh: 35 Marshala Zhukova St, App. 53, Simferopol, Crimea, Ukraine or Anhars’ka St, 8 Simferopol, Crimea, Ukraine

    Leaschathaoirleach ar an Central District Court in Simferopol agus iarbhreitheamh den Kievskiy District Court in Simferopol.

    Rinne sé an iliomad cinntí i bhfabhar na Rúise sna cásanna arb í an pholaitíocht is siocair leo i gcoinne freasúróirí in aghaidh ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol. Mar bhreitheamh arna cheapadh ag Cónaidhm na Rúise, d’fhorfheidhmigh sé dlí na Rúise sa chríoch atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, agus dá bhrí sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

    11.10.2021

    199.

    Galina Vladimirovna REDKO

    (Редько Галина Владимировна)

    Inscne: Baineann

    Dáta breithe: 22.3.1974

    Áit bhreithe: Romany, Poltava Oblast, Ukraine

    Náisiúntacht: Úcránach, Rúiseach (ní aithníonn an tAontas pasanna arna n-eisiúint ag Cónaidhm na Rúise sa Chrimé)

    Breitheamh den Supreme Court of the Republic of Crimea.

    Rinne sí an iliomad cinntí i bhfabhar na Rúise sna cásanna arb í an pholaitíocht is siocair leo i gcoinne freasúróirí in aghaidh ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol. Mar bhreitheamh arna cheapadh ag Cónaidhm na Rúise, d’fhorfheidhmigh sí dlí na Rúise i Leithinis na Crimé atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, agus dá bhrí sin thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

    11.10.2021

    200.

    Vladimir Nikolayevich TERENTEV

    (Владимир Николаевич Терентьев)

    Inscne: Fireann

    Dáta breithe: 11.11.1977

    Áit bhreithe: Voronezh, Russia

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Uimhir an phas, uimhir aitheantais náisiúnta, uimhreacha doiciméad aitheantais eile: 03 01 118013

    Ceann an Main Investigation Department of the Investigative Committee of Russia for the Republic of Crimea and the city of Sevastopol.

    Rinne sé maoirseacht ar ghníomhaíochtaí an Choiste sna cásanna arb í an pholaitíocht is siocair leo i gcoinne na ngníomhaithe ar son na hÚcráine a ndearnadh géarleanúint orthu as a gcuid gníomhaíochtaí a bhí dírithe ar chur in aghaidh na hionghabhála neamhdhleathaí agus iomláine chríochach na hÚcráine a athbhunú.

    Bhí sé i gceannas ar obair na n-imscrúdaitheoirí coiriúla a chabhraigh le dlí na Rúise a fhorfheidhmiú sa Chrimé agus in Sevastopol faoi fhorghabháil trí imeachtaí coiriúla a stiúradh os comhair cúirteanna na Rúise agus dá bharr sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad ar an méid sin.

    11.10.2021”


    Top