EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R0294

Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

IO L 97, 9.4.2008, p. 1–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 27/05/2021; Arna aisghairm le 32021R0819

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/294/oj

9.4.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 294/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2008

lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 157(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leagann Clár Oibre Liospóin i gcomhair Fáis agus Post béim ar an ngá atá ann dálaí a fhorbairt a mheallfadh infheistíocht san eolas agus sa nuálaíocht san Eoraip d’fhonn iomaíochas, fás agus poist a threisiú san Aontas Eorpach.

(2)

Is iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as bonn láidir Eorpach a choinneáil ó thaobh tionscail, iomaíochais agus nuálaíochta de. Mar gheall ar chineál agus ar scála dhúshlán na nuálaíochta san Aontas Eorpach, áfach, is gá gníomhú freisin ar leibhéal an Chomhphobail.

(3)

Ba cheart don Chomhphobal tacaíocht a chur ar fáil chun nuálaíocht a chothú, go háirithe trí mheán an Seachtú Clár Réime do Ghníomhaíochtaí Taighde, Forbartha Teicneolaíche agus Taispeána, trí mheán an Chláir Réime Iomaíochta agus Nuálaíochta, trí mheán an Chláir Foghlama ar Feadh an tSaoil agus trí mheán na gCistí Struchtúracha.

(4)

Ba cheart tionscnamh nua ar leibhéal an Chomhphobail, an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (dá ngairfear ‘an EIT anseo’ feasta), a bhunú d’fhonn na beartais agus na tionscnaimh atá ann, ar leibhéal an Chomhphobail agus ar an leibhéal náisiúnta, a chomhlánú trí lánpháirtiú thriantán an eolais — ardoideachas, taighde agus nuálaíocht — a chothú ar fud an Aontais Eorpaigh.

(5)

D’iarr Comhairle Eorpach an 15 agus an 16 Meitheamh 2006 ar an gCoimisiún togra foirmiúil chun an EIT a bhunú a ullmhú a chuirfí i láthair i bhFómhar 2006.

(6)

Ba cheart go mbeadh sé de chuspóir go príomha ag an EIT cur le cumas nuálaíochta an Chomhphobail agus na mBallstát a fhorbairt, trí pháirt a thabhairt do ghníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta den chaighdeán is airde. Lena linn sin, ba cheart go n-éascódh agus go bhfeabhsódh an EIT líonrú agus comhoibriú agus go gcruthódh sí sineirgíocht idir chomhphobail nuálaíochta san Eoraip.

(7)

Ba cheart go dtabharfadh gníomhaíochtaí an EIT aghaidh ar dhúshláin fhadtéarmacha straitéiseacha na nuálaíochta san Eoraip, go háirithe i réimsí trasdisciplíneacha nó idirdhisciplíneacha, lena n-áirítear iad siúd atá sainaitheanta cheana féin ar leibhéal na hEorpa. Agus sin á dhéanamh aici, ba cheart don EIT idirphlé tráthrialta a chothú leis an tsochaí shibhialta.

(8)

Ba cheart go dtabharfadh an EIT tús áite d’aistriú a cuid gníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta chuig an gcomhthéacs gnó agus dá gcur i bhfeidhm tráchtála, agus do thacú le cuideachtaí nuathionscanta, le cuideachtaí seachthairbheacha agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a chur ar bun chomh maith.

(9)

Ba cheart go bhfeidhmeodh an EIT go príomha trí mheán comhpháirtíochtaí feabhas-tiomáinte, uathrialaitheacha d’institiúidí ardoideachais, d’eagraíochtaí taighde, de chuideachtaí agus de gheallsealbhóirí eile, i bhfoirm líonraí straitéiseacha inbhuanaithe agus féinchothaitheacha fadtéarmacha sa phróiseas nuálaíochta. Ba cheart go roghnódh Bord Rialaithe an EIT na comhpháirtíochtaí sin ar bhonn próisis thrédhearcaigh agus fheabhas-bhunaithe agus ba cheart go n-ainmneofaí iad mar Phobail Eolais agus Nuálaíochta (dá ngairfear ‘PENanna’ anseo feasta). Ba cheart don Bhord Rialaithe gníomhaíochtaí an EIT a stiúradh chomh maith agus meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bPENanna. Ba cheart go mbeadh cothromaíocht i measc bhaill an Bhoird Rialaithe ó thaobh taithí ar shaol an ghnó, ar shaol an ardoideachais agus/nó ar shaol an taighde agus ó thaobh taithí ar earnáil na nuálaíochta chomh maith.

(10)

D’fhonn cur le hiomaíochas agus d’fhonn mealltacht idirnáisiúnta gheilleagar na hEorpa agus a chumas nuálaíochta a athneartú, ba cheart go mbeadh an EIT agus na PENanna in ann eagraíochtaí comhpháirtíochta, taighdeoirí agus mic léinn a mhealladh as gach cearn den domhan, lena n-áirítear trína soghluaisteacht a spreagadh, agus comhoibriú le heagraíochtaí tríú tíortha chomh maith.

(11)

Ba cheart go mbeadh an caidreamh idir an EIT agus na PENanna bunaithe ar chomhaontuithe conarthacha, ina leagfar cearta agus oibleagáidí na bPENanna amach, ina n-áiritheofar leibhéal sásúil comhordaithe agus ina leagfar an mheicníocht amach chun monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus ar fhothorthaí na bPENanna.

(12)

Is gá tacú leis an ardoideachas mar dhlúthchuid de straitéis chuimsitheach i leith na nuálaíochta, cé gur minic a fhágtar ar lár í. Ba cheart go bhforálfadh an comhaontú idir an EIT agus na PENanna gur cheart go mbronnfadh na hinstitiúidí ardoideachais rannpháirteacha na céimeanna agus na dioplómaí a bhronnfaí trí na PENanna, agus ba cheart go spreagfaí na hinstitiúidí seo freisin chun céimeanna agus dioplómaí EIT a chur mar theideal orthu. Ba cheart go gcabhródh an EIT, trí mheán a cuid gníomhaíochtaí agus a cuid oibre, le soghluaisteacht a chur chun cinn laistigh den Réimse Eorpach Taighde agus den Réimse Ardoideachais agus go spreagfadh sí inaistritheacht na ndeontas a bhronntar ar thaighdeoirí agus ar mhic léinn i gcomhthéacs na bPENanna chomh maith. Ba cheart go gcuirfí na gníomhaíochtaí seo uile i gcrích gan dochar do Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (4).

(13)

Ba cheart go leagfadh an EIT amach treoirlínte soiléire agus trédhearcacha chun maoin intleachtúil a bhainistiú agus ba cheart go gcothódh na treoirlínte sin úsáid maoine intleachtúla i ndálaí iomchuí. Ba cheart go bhforálfaí sna treoirlínte sin go dtabharfaí aird chuí ar na ranníocaíochtaí atá le déanamh ag eagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla na bPENanna, beag beann ar mhéid na n-eagraíochtaí sin. I gcás na gníomhaíochtaí a bheith á maoiniú faoi Chláir Réime an Chomhphobail do Thaighde agus d’Fhorbairt Theicneolaíoch, ba cheart go mbeadh feidhm ag rialacha na gclár sin.

(14)

Ba cheart forálacha iomchuí a dhéanamh chun dliteanas agus trédhearcacht an EIT a áirithiú. Ba cheart rialacha iomchuí chun feidhmiú an EIT a rialú a leagan síos i Reachtanna an EIT.

(15)

Ba cheart go mbeadh pearsantacht dhlítheanach ag an EIT agus, d’fhonn a huathrialaitheacht fheidhmiúil agus a neamhspleáchas a áirithiú, ba cheart go riarfadh sí a buiséad féin, ar cheart go mbeadh ranníocaíocht ón gComhphobal mar chuid dá ioncam.

(16)

Ba cheart go ndéanfadh an EIT ranníocaíocht mhéadaitheach airgeadais a bhailiú ón earnáil phríobháideach agus ó ioncam a chruthaítear lena cuid gníomhaíochtaí féin. Dá réir sin, tá súil go ndéanfaidh na hearnálacha tionscail, airgeadais agus seirbhíse ranníocaíocht shuntasach le buiséad an EIT agus go háirithe le buiséad na bPENanna. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na PENanna sciar na ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach a uasmhéadú. Ba cheart go bhfógródh na PENanna agus a n-eagraíochtaí comhpháirtíochta go bhfuiltear ag tabhairt faoina ngníomhaíochtaí i gcomhthéacs an EIT agus go bhfaigheann siad ranníocaíocht airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

(17)

Ba cheart go maoineodh ranníocaíocht an Chomhphobail leis an EIT na costais a eascraíonn as bunú agus as gníomhaíochtaí riaracháin agus comhordaithe an EIT agus na bPENanna. D’fhonn maoiniú dúbailte a sheachaint, ba cheart nach mbainfeadh na gníomhaíochtaí sin sochar comhuaineach as ranníocaíocht ó chláir Chomhphobail eile, amhail an Clár Réime do Ghníomhaíochtaí Taighde, Forbartha Teicneolaíche agus Taispeána, an Clár Réime d’Iomaíochas agus Nuálaíocht, an Clár Foghlama ar Feadh an tSaoil nó ó na Cistí Struchtúracha. Thairis sin, i gcás ina ndéanfaidh PEN nó a eagraíochtaí comhpháirtíochta iarratas díreach ar chúnamh Comhphobail ó na cláir nó ó na cistí sin, ba cheart go gcaithfí lena n-iarratais gan aon fhabhar a léiriú ina leith seachas iarratais eile.

(18)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag nós imeachta buiséid an Chomhphobail a mhéid a bhaineann sé le fóirdheontas an Chomhphobail agus le haon fhóirdheontas eile is infheidhme ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchadh ar na cuntais i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (5).

(19)

Bunaítear leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don tréimhse 2008 go 2013 a bheidh mar phríomhthagairt don údarás buiséadach, de réir bhrí phointe 37 den Chomhaontú Idir-Institiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais (6).

(20)

Is comhlacht í an EIT arna bhunú ag na Comhphobail de réir bhrí Airteagal 185(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 agus ba cheart di a rialacha airgeadais a ghlacadh dá réir. Ba cheart, dá bharr sin, go mbeadh feidhm maidir leis an EIT ag Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (7).

(21)

Ba cheart don EIT tuarascáil bhliantúil a ullmhú ina dtabharfaí tuairisc ar ghníomhaíochtaí na bliana féilire roimhe sin agus ina mbeadh clár saothair rollach tríbhliantúil a thabharfadh tuairisc ar na tionscnaimh atá beartaithe aici agus a chuirfeadh ar chumas an EIT freagairt d’athruithe inmheánacha agus seachtracha i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, an ardoideachais, na nuálaíochta agus i réimsí ábhartha eile. Ba cheart na doiciméid sin a tharchur, mar eolas, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Ba cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i dteideal tuairim a thíolacadh maidir le dréacht chéad chlár saothair tríbhliantúil an EIT.

(22)

Ba cheart réimsí tosaíochta straitéiseacha fadtéarmacha agus riachtanais airgeadais an EIT le haghaidh tréimhse seacht mbliana a leagan síos i gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (dá ngairfear ‘COSN’ anseo feasta). I bhfianaise thábhacht an COSN do bheartas nuálaíochta an Chomhphobail agus an tábhacht pholaitiúil a bhaineann, dá bharr, lena thionchar socheacnamaíoch don Chomhphobal, ba cheart go nglacfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an COSN ar bhonn togra ón gCoimisiún a bheadh bunaithe ar dhréacht a chuirfeadh an EIT ar fáil.

(23)

Is iomchuí go dtionscnóidh an Coimisiún meastóireacht neamhspleách sheachtrach ar oibriú an EIT, d’fhonn an COSN a ullmhú, go háirithe. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún moltaí a dhéanamh chun an Rialachán seo a leasú.

(24)

Is iomchuí go ndéanfar an EIT a chur chun feidhme de réir a chéile ar mhaithe lena forbairt fhadtéarmach. Teastaíonn céim thosaigh ina mbeidh líon teoranta PENanna chun meastóireacht cheart a dhéanamh ar fheidhmiú an EIT agus na bPENanna agus chun é a fheabhsú más gá. Laistigh de thréimhse ocht mí dhéag ón uair a mbunaítear é ba cheart don Bhord Rialaithe dhá PEN nó trí PEN a roghnú i réimsí a chabhraíonn leis an Aontas Eorpach aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus ar dhúshláin a bheidh ann sa todhchaí, lena bhféadfar réimsí amhail an t-athrú aeráide, fuinneamh inathnuaite agus an chéad ghlúin eile teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a áireamh. Ba cheart go mbeifí in ann tuilleadh PENanna a roghnú agus a ainmniú i ndiaidh ghlacadh an chéad COSN, ar cheart, chun go dtabharfaí aghaidh ar an ngné fhadtéarmach, go n-áireofaí freisin ann rialacha mionsonraithe maidir le hoibriú an EIT.

(25)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an ghnímh atá le déanamh, eadhon an EIT a bhunú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus trasnáisiúntachta, a fhéadfar é a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a shainítear in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis seo Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (dá ngairfear ‘EIT’ anseo feasta).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn ‘nuálaíocht’ an próiseas, lena n-áirítear fothorthaí an phróisis sin, trína bhfreagraíonn smaointe nua d’éileamh ón tsochaí nó ón ngeilleagar agus trína ngintear táirgí nua, seirbhísí nua nó múnlaí nua gnó agus eagraíochta a thugtar isteach go rathúil i margadh atá ann cheana nó atá ábalta margaí nua a chruthú;

2.

ciallaíonn ‘Pobal Eolais agus Nuálaíochta’ (PEN) comhpháirtíocht uathrialaitheach d’institiúidí ardoideachais, d’eagraíochtaí taighde, de chuideachtaí agus de pháirtithe leasmhara eile i bpróiseas na nuálaíochta i bhfoirm gréasáin straitéisigh atá bunaithe ar chomhphleanáil nuálaíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma d’fhonn na dúshláin EIT a shárú, beag beann ar an bhfoirm dhlíthiúil bheacht atá aige;

3.

ciallaíonn ‘Stát rannpháirteach’ Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh nó tír eile a bhfuil comhaontú aici leis an gComhphobal maidir leis an EIT;

4.

ciallaíonn ‘tríú tír’ Stát ar bith nach Stát rannpháirteach é;

5.

ciallaíonn ‘eagraíocht chomhpháirtíochta’ aon eagraíocht ar comhalta de PEN í, lena n-áirítear iad seo a leanas, go háirithe: institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde, cuideachtaí poiblí nó cuideachtaí príobháideacha, institiúidí airgeadais, údaráis réigiúnacha agus údaráis áitiúla, fondúireachtaí;

6.

ciallaíonn ‘eagraíocht taighde’ aon eintiteas dlíthiúil poiblí nó príobháideach a bhfuil cúram an taighde nó na forbartha teicniúla ar cheann dá phríomhchuspóirí;

7.

ciallaíonn ‘institiúid ardoideachais’ ollscoil nó aon sórt institiúide ardoideachais a chuireann céimeanna agus dioplómaí ar fáil ar leibhéal máistreachta nó dochtúireachta i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, beag beann ar an ainmníocht atá aici sa chomhthéacs náisiúnta;

8.

ciallaíonn ‘céimeanna agus dioplómaí’ cáilíochtaí máistreachta nó dochtúireachta a bhronnann institiúidí ardoideachais rannpháirteacha i gcomhthéacs gníomhaíochtaí ardoideachais a dtugtar fúthu i bPEN;

9.

ciallaíonn ‘Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht’ doiciméad beartais ina leagtar amach réimsí tosaíochta an EIT i leith tionscnamh a bhfuiltear le tabhairt fúthu amach anseo, lena n-áirítear forléargas ar na gníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta a bheartaítear, ar feadh tréimhse seacht mbliana.

Airteagal 3

Cuspóir

Is é cuspóir an EIT cur le fás eacnamaíoch inbhuanaithe na hEorpa agus le hiomaíochas trí chumas nuálaíochta na mBallstát agus an Chomhphobail a athneartú. Déanfaidh sí sin trí ardoideachas, taighde agus nuálaíocht den chaighdeán is airde a chur chun cinn agus a lánpháirtiú.

Airteagal 4

Comhlachtaí EIT

1.   Is iad seo a leanas comhlachtaí an EIT:

(a)

Bord Rialaithe ar a mbeidh comhaltaí ardleibhéil a bhfuil taithí acu ar an ardoideachas, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar ghnó. Beidh sé freagrach as gníomhaíochtaí an EIT a stiúradh, as PENanna a roghnú, a ainmniú agus as meastóireacht a dhéanamh orthu, agus as gach cinneadh straitéiseach eile;

(b)

Coiste Feidhmiúcháin a dhéanfaidh maoirseacht ar reáchtáil an EIT agus a dhéanfaidh cibé cinntí is gá a dhéanamh idir chruinnithe an Bhoird Rialaithe;

(c)

Stiúrthóir a bheidh freagrach don Bhord Rialaithe as bainistíocht riaracháin agus airgeadais an EIT agus arb é ionadaí dlíthiúil an EIT é;

(d)

Feidhm Iniúchóireachta Inmheánaí a chuirfidh comhairle ar an mBord Rialaithe agus ar an Stiúrthóir maidir le bainistíocht airgeadais agus riaracháin agus maidir le struchtúir rialaithe laistigh den EIT, maidir le heagrú nasc airgeadais leis na PENanna, agus maidir le haon ábhar eile a n-iarrfaidh an Bord Rialaithe comhairle uirthi ina leith.

2.   Féadfaidh an Coimisiún breathnóirí a ainmniú a bheidh rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Rialaithe.

3.   Leagtar amach na forálacha mionsonraithe maidir le comhlachtaí an EIT i Reachtanna an EIT, atá i gceangal leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Cúraimí

1.   Chun an cuspóir sin a bhaint amach, déanfaidh an EIT an méid seo a leanas:

(a)

sainaithneoidh sí a réimsí tosaíochta;

(b)

músclóidh sí feasacht i measc eagraíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcomhpháirtithe agus spreagfaidh sí iad le bheith páirteach ina cuid gníomhaíochtaí;

(c)

roghnóidh agus ainmneoidh sí PENanna sna réimsí tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 7 agus sainmhíneoidh sí a gcearta agus a n-oibleagáidí trí chomhaontú; cuirfidh sí an tacaíocht iomchuí ar fáil; cuirfidh sí bearta rialaithe cáilíochta iomchuí i bhfeidhm; déanfaidh sí monatóireacht leanúnach ar a gcuid gníomhaíochtaí agus déanfaidh sí faireachán orthu go tráthrialta; agus áiritheoidh sí go ndéanfar comhordú iomchuí eatarthu;

(d)

gríosóidh sí foinsí poiblí agus príobháideacha chun maoiniú a chur ar fáil agus úsáidfidh sí a hacmhainní i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féachfaidh sí, go háirithe, le sciar suntasach agus méadaitheach dá buiséad a bhailiú ó fhoinsí príobháideacha agus ó ioncam a ghinfear óna cuid gníomhaíochtaí féin;

(e)

cothóidh sí go dtabharfar aitheantas sna Ballstáit do na céimeanna agus do na dioplómaí a bhronnann institiúidí ardoideachais, ar eagraíochtaí comhpháirtíochta iad, agus ar féidir céimeanna agus dioplómaí PEN a thabhairt mar theideal orthu;

(f)

cuirfidh sí scaipeadh dea-chleachtas chun cinn chun triantán an eolais a lánpháirtiú d’fhonn comhchultúr aistrithe nuálaíochta agus eolais a fhorbairt;

(g)

féachfaidh sí le bheith ina foras den chéad scoth maidir le hardchaighdeán feabhais san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht;

(h)

áiritheoidh sí go mbeidh comhlántacht agus sineirgíocht ann idir gníomhaíochtaí an EIT agus cláir eile de chuid an Chomhphobail.

2.   Beidh sé de chumhacht ag an EIT Fondúireacht (dá ngairfear ‘Fondúireacht an EIT’ anseo feasta) a bhunú, a mbeidh sé mar shainchuspóir aici gníomhaíochtaí an EIT a chur chun cinn agus tacú leo.

Airteagal 6

PENanna

1.   Tabharfaidh PENanna faoin méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

gníomhaíochtaí agus infheistíochtaí nuálaíochta lena mbaineann breisluach Eorpach, a dhéanann lánpháirtiú iomlán ar na diminsin ardoideachais agus taighde chun mais chriticiúil a fháil, agus a spreagfaidh scaipeadh agus saothrú torthaí;

(b)

taighde ceannródaíoch agus nuálaíocht-tiomáinte i réimsí ríthábhachtacha ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de, a tharraingíonn ar thorthaí taighde Eorpaigh agus náisiúnta, agus a d’fhéadfadh iomaíochas na hEorpa a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(c)

gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna ar leibhéal máistreachta agus dochtúireachta, i ndisciplíní a bhfuil sé de chumas iontu riachtanais shocheacnamaíocha na hEorpa sa todhchaí a shásamh, agus a chothaíonn forbairt scileanna a bhaineann le nuálaíocht, feabhsú scileanna bainistíochta agus fiontraíochta agus soghluaisteacht taighdeoirí agus mac léinn;

(d)

scaipeadh dea-chleachtas in earnáil na nuálaíochta agus béim ar fhorbairt an chomhair idir earnálacha an ardoideachais, an taighde agus an ghnó, lena n-áirítear na hearnálacha seirbhíse agus airgeadais.

2.   Beidh uathriail shubstaintiúil iomlán ag PENanna chun a n-eagraíocht inmheánach agus a gcomhdhéanamh a shainiú, mar aon lena gcláir oibre beachta agus lena modhanna oibre beachta. Beidh sé d’aidhm ag PENanna, go háirithe, bheith ar oscailt do chomhaltaí nua i gcás inar luach breise don chomhpháirtíocht iad na comhaltaí seo.

3.   Beidh an caidreamh idir an EIT agus gach PEN bunaithe ar chomhaontú conarthach.

Airteagal 7

Roghnú PENanna

1.   Roghnóidh agus ainmneoidh an EIT comhpháirtíocht le bheith ina PEN ar bhonn nós imeachta iomaíoch, oscailte agus thrédhearcaigh. Glacfaidh agus foilseoidh an EIT critéir mhionsonraithe chun PENanna a roghnú, bunaithe ar phrionsabail an fheabhais agus ábharthacht na nuálaíochta; beidh saineolaithe seachtracha agus neamhspleácha rannpháirteach sa phróiseas roghnúcháin.

2.   I gcomhréir leis na prionsabail a chumhdaítear i mír 1, tabharfar aird ar leith ar na nithe seo a leanas agus PEN á roghnú:

(a)

an cumas nuálaíochta reatha agus an cumas nuálaíochta féideartha laistigh den chomhpháirtíocht, maille lena feabhas san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht;

(b)

cumas na comhpháirtíochta spriocanna an COSN a bhaint amach;

(c)

cumas na comhpháirtíochta maoiniú inbhuanaithe, fadtéarmach agus féinchothaitheach a áirithiú lena n-áirítear ranníocaíocht shubstaintiúil agus mhéadaitheach ón earnáil phríobháideach, ón tionscal agus ó sheirbhísí;

(d)

rannpháirtíocht eagraíochtaí atá gníomhach i dtriantán eolais an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta sa chomhpháirtíocht;

(e)

go dtaispeánfear go bhfuil plean ann chun maoin intleachtúil a bhainistiú a bheidh oiriúnach don earnáil lena mbaineann agus a bheidh ag teacht le prionsabail an EIT agus leis na treoirlínte maidir le maoin intleachtúil a bhainistiú, lena n-áirítear an tslí inar cuireadh an rannchuidiú ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla san áireamh;

(f)

bearta a thacóidh le rannpháirteachas na hearnála príobháidí agus le comhoibriú léi, lena n-áirítear an earnáil airgeadais agus FBManna go háirithe, maille le tacú le cruthú gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí eascarthacha agus FBManna, d’fhonn torthaí ghníomhaíochtaí na bPENanna a shaothrú ar bhonn tráchtála;

(g)

a thoilteanaí atá sé idirghníomhú le heagraíochtaí agus líonraí eile lasmuigh den PEN d’fhonn dea-chleachtais agus ardchaighdeán feabhais a roinnt.

3.   An t-íoschoinníoll a chuirtear le PEN a bhunú go mbeidh ar a laghad trí eagraíocht chomhpháirtíochta rannpháirteach ann, a bheidh bunaithe in dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad. Caithfidh na heagraíochtaí comhpháirtíochta uile sin a bheith neamhspleách ar a chéile, de réir bhrí Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirteachas gnóthas, lárionad taighde agus ollscoileanna i ngníomhartha faoin Seachtú Clár Réime agus maidir le torthaí taighde a scaipeadh (2007-2013) (8).

4.   Féadfar eagraíochtaí comhpháirtíochta ó thríú tíortha a áireamh i bPEN, faoi réir fhaomhadh an Bhoird Rialaithe. Beidh tromlach na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta i bPEN bunaithe sna Ballstáit. Beidh institiúid ardoideachais amháin agus cuideachta phríobháideach amháin ar a laghad ina gcuid de gach PEN.

Airteagal 8

Céimeanna agus dioplómaí

1.   Bronnfaidh institiúidí ardoideachais rannpháirteacha céimeanna agus dioplómaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí ardoideachais dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(c) i gcomhréir le rialacha náisiúnta agus le nósanna imeachta náisiúnta creidiúnaithe. Forálfaidh an comhaontú idir an EIT agus na PENanna gur féidir céimeanna agus dioplómaí EIT a thabhairt mar theideal ar na céimeanna agus na dioplómaí sin chomh maith.

2.   Spreagfaidh an EIT na hinstitiúidí ardoideachais rannpháirteacha chun:

(a)

comhchéimeanna nó ilchéimeanna agus comhdhioplómaí nó ildioplómaí a bhronnadh, a léireoidh cineál comhtháite na bPENanna. Féadfaidh institiúid ardoideachais amháin iad seo a bhronnadh freisin, áfach;

(b)

na nithe a leanas a chur san áireamh:

(i)

gníomhaíocht Chomhphobail a dhéantar i gcomhréir le hAirteagail 149 agus 150 den Chonradh;

(ii)

gníomhaíocht a dhéantar i gcomhthéacs an Réimse Ardoideachais Eorpaigh.

Airteagal 9

Neamhspleáchas an EIT agus a comhsheasmhacht le gníomh Comhphobail, Ballstáit nó le gníomh idir-rialtasach

1.   Cuirfidh an EIT a gníomhaíochtaí i gcrích go neamhspleách ar údaráis náisiúnta agus ar bhrúnna seachtracha.

2.   Beidh gníomhaíocht an EIT ag teacht le gníomhaíochtaí eile agus le hionstraimí eile atá le cur chun feidhme ar leibhéal an Chomhphobail, go háirithe i réimsí an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta.

3.   Cuirfidh an EIT beartais agus tionscnaimh san áireamh go cuí ar leibhéal réigiúnach, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal idir-rialtasach d’fhonn an úsáid is fearr a bhaint as dea-chleachtais, as coincheapa lánbhunaithe agus as acmhainní atá ann cheana féin.

Airteagal 10

Bainistiú maoine intleachtúla

1.   Glacfaidh an EIT treoirlínte i leith maoin intleachtúil a bhainistiú a bheidh bunaithe, inter alia, ar Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006.

2.   Ar bhonn na dtreoirlínte sin, déanfaidh na heagraíochtaí comhpháirtíochta i ngach PEN comhaontú eatarthu féin i leith bhainistiú agus úsáid na maoine intleachtúla, lena shaineofar, go háirithe, an bealach a gcuirfear rannchuidiú na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla san áireamh.

Airteagal 11

Stádas Dlíthiúil

1.   Beidh an EIT ina comhlacht Comhphobail agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici. I ngach ceann de na Ballstáit, beidh na cumhachtaí dlíthiúla is leithne aici is féidir a bhronnadh ar phearsantachtaí dlítheanacha faoin reachtaíocht náisiúnta. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

2.   Beidh an Prótacal maidir le Pribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal Eorpach infheidhme ar an EIT.

Airteagal 12

Dliteanas

1.   Is í an EIT amháin a bheidh freagrach as a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh.

2.   Is iad na forálacha conarthacha ábhartha agus an dlí a mbeidh feidhm aige maidir leis an gconradh lena mbaineann a rialóidh dliteanas conarthach an EIT. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh a thug an EIT i gcrích.

3.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, cúiteoidh an EIT, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon dochar a dhéanfaidh sise nó a seirbhísigh i gcomhlíonadh a ndualgas.

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid a bhaineann le cúiteamh a fháil as dochar den sórt sin.

4.   Aon íocaíocht a dhéanfaidh an EIT d’fhonn an dliteanas dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a chlúdach mar aon leis na costais agus an caiteachas a thabhaítear ina dtaobh sin, measfar gur caiteachas de chuid an EIT iad agus clúdófar faoi acmhainní an EIT iad.

5.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i gcaingne a thionscnaítear i gcoinne an EIT faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagail 230 agus 232 den Chonradh.

Airteagal 13

Trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid

1.   Áiritheoidh an EIT go mbainfidh ardleibhéal trédhearcachta le reáchtáil a cuid gníomhaíochtaí. Tionscnóidh an EIT, go háirithe, suíomh gréasáin inrochtana, saor in aisce a chuirfidh eolas ar fáil maidir le gníomhaíochtaí an EIT agus gníomhaíochtaí na bPENanna aonair.

2.   Foilseoidh an EIT a rialacha nós imeachta, a sainrialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 21(1) agus na critéir mhionsonraithe chun PENanna a roghnú dá dtagraítear in Airteagal 7 roimh an chéad ghlaoch ar thograí chun na chéad PENanna a roghnú.

3.   Foilseoidh an EIT a clár saothair rollach tríbhliantúil agus a tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 15 gan mhoill.

4.   Gan dochar do mhír 5 ná do mhír 6, ní sceithfidh an EIT le tríú páirtithe faisnéis rúnda a fuair sí agus ar iarradh, ar chúis mhaith, go ndéileálfaí léi i modh rúnda.

5.   Beidh comhaltaí na gcomhlachtaí EIT faoi réir an cheanglais rúndachta dá dtagraítear in Airteagal 287 den Chonradh.

Beidh an fhaisnéis a bhailíonn an EIT i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (9).

6.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (10) maidir leis na doiciméid a bheidh i seilbh an EIT. Glacfaidh an Bord Rialaithe socruithe praiticiúla maidir leis an Rialachán sin a chur i bhfeidhm tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis bhunú an EIT.

7.   Aistreofar doiciméid agus foilseacháin oifigiúla an EIT i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (11). Is é an Lárionad Aistriúcháin do chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2965/1994 ón gComhairle (12), a chuirfidh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh ar fáil.

Airteagal 14

Acmhainní airgeadais

1.   Maoineofar an EIT le ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh laistigh den imchlúdach airgeadais a leagtar amach in Airteagal 19 agus ó fhoinsí príobháideacha agus poiblí eile.

2.   Maoineofar na PENanna ó na foinsí seo a leanas, go háirithe:

(a)

ranníocaíochtaí ó chuideachtaí nó ó eagraíochtaí príobháideacha, a bheidh ina bhfoinse shubstaintiúil maoinithe;

(b)

ranníocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh;

(c)

ranníocaíochtaí reachtacha nó deonacha ó Stáit rannpháirteacha, ó thríú tíortha nó ó údaráis phoiblí laistigh díobh sin;

(d)

tiomnachtaí, deonacháin agus ranníocaíochtaí ó dhaoine aonair, ó institiúidí, ó fhondúireachtaí nó ó aon chomhlachtaí náisiúnta eile;

(e)

ioncam a ghintear trí ghníomhaíochtaí na bPENanna féin agus trí ríchíosanna ó chearta maoine intleachtúla;

(f)

ioncam a ghintear trí fhothorthaí ghníomhaíochtaí an EIT nó trína dearlaicí caipitil, lena n-áirítear na cinn sin atá á mbainistiú ag Fondúireacht an EIT;

(g)

ranníocaíochtaí ó chomhlachtaí idirnáisiúnta nó ó institiúidí idirnáisiúnta;

(h)

iasachtaí agus ranníocaíochtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta, lena n-áirítear an fhéidearthacht an tSaoráid Airgeadais Roinnte Riosca a úsáid, de bhun na gcritéar incháilitheachta agus an phróisis roghnúcháin.

D’fhéadfadh sé go gcuimseodh na ranníocaíochtaí ranníocaíochtaí comhchineáil.

3.   Saineofar na rialacha mionsonraithe chun rochtain a fháil ar mhaoiniú ón EIT i rialacha airgeadais an EIT dá dtagraítear in Airteagal 21(1).

4.   Cuirfear ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh ar fáil i leith costas bunaithe, riaracháin agus comhordaithe na bPENanna as an imchlúdach airgeadais mar a leagtar amach in Airteagal 19 é.

5.   Féadfaidh na PENanna nó a n-eagraíochtaí comhpháirtíochta iarratas a dhéanamh ar chúnamh Comhphobail, go háirithe faoi chuimsiú clár agus cistí Comhphobail, i gcomhréir lena rialacha faoi seach agus ar bhonn comhionannais le hiarratais eile. Sa chás sin, ní shannfar cúnamh den sórt sin le haghaidh gníomhaíochtaí atá á maoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh cheana féin.

Airteagal 15

Clárú agus tuairisciú

Glacfaidh an EIT:

(a)

clár saothair rollach tríbhliantúil a bheidh bunaithe ar an COSN, a luaithe a ghlacfar é, lena mbeidh ráiteas maidir lena mórthosaíochtaí agus lena mórthionscnaimh bheartaithe, lena n-áirítear meastachán ar riachtanais mhaoinithe agus ar fhoinsí maoinithe. Tarchuirfidh an EIT an clár saothair chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, mar eolas;

(b)

tuarascáil bhliantúil faoin 30 Meitheamh gach bliain. Leagfar amach sa tuarascáil na gníomhaíochtaí a reáchtáil an EIT i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus déanfar na torthaí a mheasúnú inti maidir leis na cuspóirí agus leis an amchlár a socraíodh, leis na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích, le húsáid acmhainní agus le hoibriú ginearálta an EIT.

Airteagal 16

Monatóireacht agus meastóireacht ar an EIT

1.   Áiritheoidh an EIT go ndéanfar monatóireacht leanúnach agus córasach agus meastóireacht neamhspleách thráthrialta ar a gníomhaíochtaí, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a bhainistítear de bhíthin PENanna, d’fhonn a áirithiú go mbainfear amach fothorthaí den chaighdeán is airde, sármhaitheas eolaíochta agus an úsáid acmhainní is éifeachtaí is féidir. Foilseofar fothorthaí na meastóireachtaí.

2.   Faoi Mheitheamh 2011 agus gach cúig bliana i ndiaidh teacht i bhfeidhm don chreat airgeadais nua, forálfaidh an Coimisiún do mheastóireacht ar an EIT. Bunófar seo ar mheastóireacht sheachtrach neamhspleách, agus scrúdófar an chaoi ina gcomhlíonann an EIT a misean. Cumhdóidh sé gníomhaíochtaí uile an EIT agus na bPENanna agus déanfaidh sé breisluach an EIT a mheasúnú, mar aon le tionchar, le héifeachtúlacht, le hinbhuaine, le héifeachtacht agus le hábharthacht na ngníomhaíochtaí ar tugadh fúthu agus/nó an bhaint atá acu agus a chomhlántaí agus atá siad le beartais náisiúnta agus Chomhphobail atá ann chun tacú le hardoideachas, le taighde agus le nuálaíocht. Cuirfear tuairimí páirtithe leasmhara san áireamh, ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta araon.

3.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta, maille lena thuairim féin agus, i gcás inarb iomchuí, aon tograí chun an Rialachán seo a leasú, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Tabharfaidh an Bord Rialaithe aird chuí ar thorthaí na meastóireachtaí i gcláir agus in oibríochtaí an EIT.

Airteagal 17

COSN

1.   Faoin 30 Meitheamh 2011 ar a dhéanaí agus gach seacht mbliana ina dhiaidh sin, ullmhóidh an EIT dréacht-COSN seacht mbliana agus cuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin é.

2.   Sainmhíneoidh an COSN réimsí tosaíochta fadtéarmacha don EIT ina gcuimseofar measúnú ar a tionchar socheacnamaíoch agus ar a cumas an breisluach nuálaíochta is fearr a ghineadh. Cuirfidh an COSN torthaí na monatóireachta agus na meastóireachta ar an EIT dá dtagraítear in Airteagal 16 san áireamh chomh maith.

3.   Cuimseoidh an COSN meastachán ar riachtanais airgeadais agus ar fhoinsí airgeadais i dtaca le hoibriú an EIT amach anseo, lena forbairt fhadtéarmach agus lena maoiniú. Beidh plean airgeadais táscach ann freisin a chlúdóidh tréimhse an chreata airgeadais.

4.   Ag gníomhú dóibh ar thogra ón gCoimisiún, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an COSN i gcomhréir le hAirteagal 157(3) den Chonradh.

Airteagal 18

An chéim thosaigh

1.   Laistigh de dhá mhí dhéag i ndiaidh a bhunaithe, cuirfidh an Bord Rialaithe an dréacht den chéad chlár saothair rollach tríbhliantúil, dá dtagraítear in Airteagal 15(a), faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid an Choimisiúin. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, ar a seal, tuairim a chur chuig an mBord Rialaithe maidir le hábhar ar bith a chumhdaítear sa dréacht sin laistigh de thrí mhí ón lá a bhfuair siad é. I gcás ina gcuirtear tuairimí den sórt sin chuige, tabharfaidh an Bord Rialaithe freagra laistigh de thréimhse trí mhí, ina léireofar aon choigeartuithe a dhéanfar sna tosaíochtaí agus sna gníomhaíochtaí a bheartaítear.

2.   Laistigh de thréimhse ocht mí dhéag ó dháta bunaithe an Bhoird Rialaithe, roghnóidh agus ainmneoidh an EIT dhá nó trí PEN i gcomhréir leis na critéir agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 7.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an togra don chéad COSN, a bheidh bunaithe ar an dréacht a chuirfidh an EIT ar fáil, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle roimh dheireadh 2011.

Chomh maith le hábhar COSN i gcomhréir le hAirteagal 17, beidh an méid seo a leanas sa chéad COSN:

(a)

sonraíochtaí mionsonraithe agus téarmaí tagartha mionsonraithe maidir le hoibriú an EIT;

(b)

na rialacha mionsonraithe a bhaineann le comhoibriú idir an Bord Rialaithe agus na PENanna;

(c)

rialacha mionsonraithe mhaoiniú na bPENanna.

4.   Tar éis ghlacadh an chéad COSN i gcomhréir le hAirteagal 17(4), féadfaidh an Bord Rialaithe PENanna breise a roghnú agus a ainmniú de bhun fhorálacha Airteagal 6 agus Airteagal 7.

Airteagal 19

Gealltanais bhuiséadacha

Socrófar gur EUR 308,7 milliún an t-imchlúdach airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2008 go dtí an 31 Nollaig 2013. Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais.

Airteagal 20

An buiséad bliantúil a ullmhú agus a ghlacadh

1.   Cuimseoidh caiteachas an EIT na costais foirne, riaracháin, bhonneagair agus oibríochta. Coinneofar caiteachas riaracháin chomh híseal agus is féidir.

2.   Comhfhreagróidh an bhliain airgeadais don bhliain féilire.

3.   Dréachtóidh an Stiúrthóir meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas an EIT don bhliain airgeadais dár gcionn agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig an mBord Rialaithe é.

4.   Beidh ioncam agus caiteachas ar comhardú.

5.   Glacfaidh an Bord Rialaithe an dréachtmheastachán, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta leis, agus an réamhchlár saothair rollach tríbhliantúil, agus cuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún iad faoin 31 Márta.

6.   Ar bhonn an mheastacháin sin, cuirfidh an Coimisiún na meastacháin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach do mhéid an fhóirdheontais a bheidh le gearradh ar an mbuiséad ginearálta isteach i réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

7.   Údaróidh an t-údarás na leithreasaí maidir leis an bhfóirdheontas don EIT.

8.   Glacfaidh an Bord Rialaithe buiséad an EIT, a ndéanfar buiséad críochnaitheach de tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb iomchuí, coigeartófar é dá réir.

9.   Tabharfaidh an Bord Rialaithe fógra don údarás buiséadach, a luaithe is féidir, faoi aon tionscadal atá ar intinn aige a chur chun feidhme a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú bhuiséad an EIT, go háirithe aon tionscadail a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

10.   Leanfaidh aon leasú suntasach a dhéanfar ar an mbuiséad an nós imeachta céanna.

Airteagal 21

Cur chun feidhme agus rialú an bhuiséid

1.   Glacfaidh an EIT a rialacha airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 185(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002. Ní fhéadfaidh na rialacha airgeadais sin imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 seachas má éilíonn riachtanais sonracha oibríochta an EIT é sin agus má fhaigheann siad toiliú roimh ré ón gCoimisiún. Tabharfar aird chuí ar an ngá atá le solúbthacht oibríochtúil leordhóthanach d’fhonn go mbeidh EIT in ann a cuspóirí a bhaint amach agus comhpháirtithe ón earnáil phríobháideach a mhealladh agus a choinneáil.

2.   Cuirfidh an Stiúrthóir buiséad an EIT chun feidhme.

3.   Comhdhlúthófar cuntais an EIT le cuntais an Choimisiúin.

4.   Ar mholadh ón gComhairle, tabharfaidh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh i leith bhliain n don Stiúrthóir maidir le cur chun feidhme bhuiséad an EIT, agus don Bhord Rialaithe maidir le Fondúireacht an EIT, roimh 30 Aibreán na bliana n + 2.

Airteagal 22

Leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint

1.   D’fhonn calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm maidir leis an EIT ina hiomláine ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (13).

2.   Aontóidh an EIT don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le fiosruithe inmheánacha na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) (14). Déanfaidh an Bord Rialaithe an t-aontú sin a chur ar bhonn foirmiúil agus glacfaidh sé na bearta is gá chun cuidiú le OLAF fiosruithe inmheánacha a dhéanamh.

3.   Forálfaidh gach cinneadh a ghlacfaidh an EIT agus gach conradh a chuirfidh an EIT i gcrích, go sonrach, go bhféadfaidh OLAF agus an Chúirt Iniúchóirí cigireacht ar an láthair a dhéanamh ar dhoiciméid gach conraitheora agus gach fochonraitheora a bhfuil maoiniú Comhphobail faighte acu, lena n-áirítear ag áitreabh na dtairbhithe deiridh.

4.   Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, mutatis mutandis, maidir le Fondúireacht an EIT.

Airteagal 23

Reachtanna

Glactar leis seo Reachtanna an EIT, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 11 Márta 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. LENARČIČ


(1)  IO C 161, 13.7.2007, lch. 28.

(2)  IO C 146, 30.6.2007, lch. 27.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Meán Fómhair 2007 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 21Eanáir 2008 (IO C 52 E, 26.2.2008, lch. 7) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2008 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(4)  IO L 255, 30.9.2005, lch. 22. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1430/2007 ón gCoimisiún (IO L 320, 6.12.2007, lch. 3).

(5)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1525/2007 (IO L 343, 27.12.2007, lch. 9).

(6)  IO C 139, 14.6.2006, lch. 1. Comhaontú Idirinstitiúideach arna leasú le Cinneadh 2008/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 6, 10.1.2008, lch. 7).

(7)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

(8)  IO L 391, 30.12.2006, lch. 1.

(9)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(10)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(11)  IO 17, 6.10.1958, lch. 385. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(12)  IO L 314, 7.12.1994, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1645/2003 (IO L 245, 29.9.2003, lch. 13).

(13)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(14)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.


IARSCRÍBHINN

Reachtanna na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

Airteagal 1

Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe

1.   Is éard a bheidh ar an mBord Rialaithe comhaltaí ceaptha a mbeidh a líon roinnte go cothrom ó thaobh taithí ar ghnó, ar an ardoideachas agus ar thaighde (dá ngairfear ‘comhaltaí ceaptha’ anseo feasta) agus comhaltaí a dtoghfaidh an fhoireann ardoideachais, an fhoireann taighde agus nuálaíochta, an fhoireann theicniúil agus riaracháin, mic léinn agus iarrthóirí dochtúireachta na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) agus na bPobal Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) iad óna líon féin (dá ngairfear ‘comhaltaí ionadaíocha’ anseo feasta).

Mar fhoráil idirthréimhseach, is comhaltaí ceaptha amháin a bheidh ar an mBord Rialaithe tosaigh go dtí go bhféadfar toghcháin do chomhaltaí ionadaíocha a thionól, nuair a bheidh an chéad PEN bunaithe.

2.   Beidh ocht gcomhalta cheaptha dhéag ann. Téarma oifige sé bliana nach bhféadfar a athnuachan a bheidh acu. Ceapfaidh an Coimisiún iad i gcomhréir le nós imeachta trédhearcach. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir leis an bpróiseas roghnúcháin agus maidir le ceapachán deiridh chomhaltaí sin an Bhoird Rialaithe.

Ceapfar comhaltaí an Bhoird Rialaithe thosaigh ar bhonn liosta iarrthóirí ionchasacha a mholfaidh an Coiste ad hoc Aimsithe, ar a mbeidh ceathrar saineolaí ardleibhéil neamhspleách a cheapfaidh an Coimisiún. Ceapfar na comhaltaí a cheapfar ina dhiaidh sin ar bhonn liosta iarrthóirí ionchasacha a mholfaidh an Bord Rialaithe.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún aird ar an gcothromaíocht idir taithí ar an ardoideachas, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar ghnó agus ar chothromaíocht inscne agus ar thuiscint ar na timpeallachtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta ar fud an Aontais.

4.   Cuirfear comhaltaí nua in ionad aon trian de na comhaltaí ceaptha gach dhá bhliain. Beidh comhalta ceaptha a bhfuil níos lú ná ceithre bliana caite aige nó aici ar an mBord Rialaithe i dteideal a athcheaptha nó a hathcheaptha, faoi réir teorann iomláine de shé bliana in oifig.

Ar feadh idirthréimhse, is trí chrannchur a roghnófar an dáréag comhalta ceaptha ar an gcéad Bhord Rialaithe chun téarma oifige ceithre bliana a chur isteach. Ag deireadh na chéad tréimhse ceithre bliana, roghnófar seisear den dáréag comhalta ceaptha trí chrannchur chun téarma oifige ceithre bliana a chur isteach. Ní bheidh lámh ag Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe sa phróiseas idirthréimhseach sin.

5.   Beidh ceathrar comhalta ionadaíocha ann. Téarma oifige trí bliana ar féidir é a athnuachan uair amháin a bheidh acu. Beidh deireadh lena dtéarma oifige má fhágann siad an EIT nó PEN. Cuirfear comhaltaí eile ina n-ionad tríd an bpróiseas toghcháin céanna chun a mbeidh fágtha den téarma oifige a chur isteach.

6.   Is é an Bord Rialaithe a fhormheasfaidh na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun comhaltaí ionadaíocha a thoghadh agus chun comhaltaí eile a chur ina n-ionad ar bhonn togra ón Stiúrthóir sula mbeidh an chéad PEN i bhfeidhm. Leis an meicníocht seo, áireofar go ndéanfar ionadaíocht iomchuí ar an éagsúlacht agus cuirfear éabhlóid an EIT agus na bPENanna san áireamh.

7.   I gcás nach mbeidh ar chumas comhalta den Bhord Rialaithe a théarma oifige a chríochnú, ceapfar nó toghfar comhalta ionadaíoch tríd an nós imeachta céanna a úsáideadh chun an comhalta éagumasaithe a cheapadh, d’fhonn téarma oifige an chomhalta sin a chríochnú.

Airteagal 2

Freagrachtaí an Bhoird Rialaithe

1.   Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Rialaithe chun leasa an EIT, agus cosnóidh siad a spriocanna, a misean, a céannacht agus a comhsheasmhacht ar bhealach neamhspleách.

2.   Déanfaidh an Bord Rialaithe an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

an straitéis EIT a shainiú mar a chumhdaítear í sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN), sa chlár saothair rollach tríbhliantúil, sa bhuiséad, ina cuntais bhliantúla agus ina clár comhardaithe agus ina tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta ar bhonn togra ón Stiúrthóir;

(b)

na réimsí tosaíochta a shonrú a mbunófar na PENanna iontu;

(c)

ranníocaíocht a chur ar fáil d’fhonn an COSN a ullmhú;

(d)

sonraíochtaí mionsonraithe agus téarmaí tagartha a dhréachtú maidir le hoibriú an EIT i gcreat an COSN, lena n-áirítear na critéir agus na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bPENanna agus chun na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú agus meastóireacht a dhéanamh orthu;

(e)

comhpháirtíocht a roghnú agus a ainmniú mar PEN nó ainmniúchán a tharraingt siar más gá;

(f)

meastóireacht leanúnach ar ghníomhaíochtaí na bPENanna a áirithiú;

(g)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh, lena n-áirítear rialacha nós imeachta maidir le PENanna a roghnú, rialacha nós imeachta maidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, chomh maith le rialacha sonracha airgeadais an EIT;

(h)

airgead onóra cuí do chomhaltaí an Bhoird Rialaithe agus do chomhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin a shainiú, trí chomhaontú leis an gCoimisiún; déanfar an t-airgead onóra sin a thagarmharcáil i gcoinne forála comhchosúla sna Ballstáit;

(i)

nós imeachta a ghlacadh chun an Coiste Feidhmiúcháin agus an Stiúrthóir a roghnú;

(j)

Stiúrthóir a cheapadh agus, más gá, Stiúrthóir a bhriseadh as a phost nó as a post, agus údarás araíonachta a fheidhmiú air nó uirthi;

(k)

an tOifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, agus comhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin agus comhaltaí na Feidhme Iniúchóireachta Inmheánaí a cheapadh;

(l)

grúpaí comhairleacha a bhunú, i gcás inarb iomchuí, a bhféadfadh ré shainithe a bheith acu;

(m)

an EIT a chur chun cinn ar fud an domhain, d’fhonn a mealltacht a mhéadú agus foras den chéad scoth a dhéanamh di maidir le hardchaighdeán feabhais san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht;

(n)

cód dea-iompair a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasa;

(o)

prionsabail agus treoracha a shainiú chun cearta maoine intleachtúla a bhainistiú;

(p)

Feidhm Iniúchóireachta Inmheánach a bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002;

(q)

beidh sé de chumhacht ag an mBord Rialaithe Fondúireacht a bhunú (dá ngairfear ‘Fondúireacht an EIT’ anseo feasta), a mbeidh sé de shainchuspóir aici gníomhaíochtaí an EIT a chur chun cinn agus tacú leo;

(r)

comhlántacht agus sineirge a áirithiú idir gníomhaíochtaí an EIT agus cláir eile de chuid an Chomhphobail;

(s)

cinneadh maidir le réimeas teanga an EIT, agus na prionsabail atá ann maidir le hilteangachas agus riachtanais phraiticiúla a cuid oibríochtaí á gcur san áireamh.

3.   Féadfaidh an Bord Rialaithe tascanna sonracha a tharmligean chuig an gCoiste Feidhmiúcháin.

4.   Toghfaidh an Bord Rialaithe a Chathaoirleach as líon na gcomhaltaí ceaptha. Trí bliana a mhairfidh téarma oifige an Chathaoirligh agus féadfar é a athnuachan aon uair amháin.

Airteagal 3

Feidhmiú an Bhoird Rialaithe

1.   Gan dochar do mhír 2, déanfaidh an Bord Rialaithe cinntí a ghlacadh trí thromlach simplí dá chomhaltaí uile.

Éileoidh cinntí faoi Airteagal 2(2)(a), (b), (c), (d), (i) agus (s) agus (4) tromlach dhá thrian dá chomhaltaí uile, áfach.

2.   Ní fhéadfaidh na comhaltaí ionadaíocha vóta a chaitheamh faoi Airteagal 2(2)(e), (g), (i), (j), (k), (q) agus (s).

3.   Tiocfaidh an Bord Rialaithe le chéile i ngnáthsheisiún trí huaire in aghaidh na bliana ar a laghad, agus tiocfaidh sé le chéile i seisiún urghnách nuair a thionólfaidh an Cathaoirleach é sin nó ar iarratas ó aon trian dá chomhaltaí ar a laghad.

Airteagal 4

An Coiste Feidhmiúcháin

1.   Cúigear a bheidh ar an gCoiste Feidhmiúcháin lena n-áirítear Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe a bheidh ina Chathaoirleach ar an gCoiste Feidhmiúcháin chomh maith.

Roghnóidh an Bord Rialaithe an ceathrar comhalta eile as líon chomhaltaí ceaptha an Bhoird Rialaithe.

2.   Tiocfaidh an Coiste Feidhmiúcháin le chéile go rialta de réir mar a thionólfaidh an Cathaoirleach é nó ar iarratas ón Stiúrthóir.

3.   Déanfaidh an Coiste Feidhmiúcháin a chinntí trí thromlach simplí a chomhaltaí uile.

4.   Déanfaidh an Coiste Feidhmiúcháin:

(a)

cruinnithe an Bhord Rialaithe a ullmhú;

(b)

maoirseacht ar chur chun feidhme an COSN agus an chláir saothair rollaigh thríbhliantúil;

(c)

maoirseacht ar an nós imeachta roghnúcháin do PENanna;

(d)

aon chinntí a tharmligfidh an Bord Rialaithe chuige a dhéanamh.

Airteagal 5

An Stiúrthóir

1.   Duine a bheidh sa Stiúrthóir a bhfuil saineolas aige agus ardcháil air sna réimsí ina bhfeidhmíonn an EIT. Ceapfaidh an Bord Rialaithe an Stiúrthóir ar feadh téarma oifige ceithre bliana. Féadfaidh an Bord Rialaithe síneadh ama ceithre bliana eile a chur leis an téarma oifige sin aon uair amháin má mheasann sé gur le leas an EIT é déanamh amhlaidh.

2.   Beidh an Stiúrthóir freagrach as bainistíocht an EIT ó lá go lá agus is é an Stiúrthóir a bheidh ina ionadaí dlíthiúil uirthi. Beidh an Stiúrthóir freagrach don Bhord Rialaithe agus tuairisceoidh sé dó ar bhonn leanúnach maidir le forbairt ghníomhaíochtaí an EIT.

3.   Déanfaidh an Stiúrthóir an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

tacaíocht a thabhairt don Bhord Rialaithe agus don Choiste Feidhmiúcháin ina gcuid oibre agus an rúnaíocht a chur ar fáil dá gcruinnithe;

(b)

dréacht-COSN, clár saothair rollach tríbhliantúil, an tuarascáil bhliaintúil agus an buiséad bliantúil a ullmhú d’fhonn iad a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe tríd an gCoiste Feidhmiúcháin;

(c)

an nós imeachta roghnúcháin do na PENanna a riaradh agus a áirithiú go gcuirfear na céimeanna éagsúla den phróiseas sin i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus oibiachtúil;

(d)

gníomhaíochtaí an EIT a eagrú agus a bhainistiú;

(e)

a áirithiú go gcuirfear nósanna imeachta éifeachtúla monatóireachta agus meastóireachta maidir le feidhmiú an EIT chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo;

(f)

beidh an Stiúrthóir freagrach as cúrsaí riaracháin agus airgeadais, lena n-áirítear buiséad an EIT a chur chun feidhme. Tabharfaidh an Stiúrthóir aird iomchuí ar an gcomhairle a gheobhafar ón bhFeidhm Iniúchóireachta Inmheánach;

(g)

beidh an Stiúrthóir freagrach as cúrsaí uile na foirne;

(h)

na dréacht-chuntais bhliantúla agus an clár comhardaithe a chur faoi bhráid na Feidhme Iniúchóireachta Inmheánaí agus ina dhiaidh sin faoi bhráid an Bhoird Rialaithe, tríd an gCoiste Feidhmiúcháin;

(i)

áiritheoidh sé go gcomhlíonfar oibleagáidí an EIT maidir leis na conarthaí agus na comhaontuithe a chuireann sí i gcrích;

(j)

gach faisnéis is gá a sholáthar don Bhord Rialaithe agus don Choiste Feidhmiúcháin chun go bhféadfaidh siad a bhfeidhmeanna a chur i gcrích.

Airteagal 6

Ullmhúchán chun an struchtúr tacaíochta a bhunú

Ar feadh idirthréimhse, cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht is gá ar fáil chun cabhrú le struchtúr an EIT a bhunú. Chun na críche sin, go dtí go gceapfar na chéad chomhaltaí ceaptha den Bhord Rialaithe, beidh oifigeach a cheapfaidh an Coimisiún ina ionadaí dlíthiúil ar an EIT agus beidh sé freagrach as cúrsaí foirne, riaracháin agus airgeadais, lena n-áirítear buiséad an EIT a chur chun feidhme. Ainmneoidh an Bord Rialaithe, ina dhiaidh sin, i gcomhréir le nós imeachta trédhearcach, duine a chomhlíonfaidh na feidhmeanna seo nó cuirfidh sé le mandáid an chéad oifigigh a cheapfaidh an Coimisiún, go dtí go dtosóidh an Stiúrthóir ar a dhualgais nó ar a dualgais tar éis a cheaptha ag an mBord Rialaithe, i gcomhréir le hAirteagal 5. Seolfaidh an Bord Rialaithe an nós imeachta chun Stiúrthóir an EIT a roghnú gan mhoill.

Airteagal 7

Foireann an EIT

1.   Is éard a bheidh ar fhoireann an EIT comhaltaí foirne a bheidh fostaithe go díreach ag an EIT faoi chonarthaí ar théarma seasta. Beidh coinníollacha fostaíochta searbhóntaí eile na gComhphobal Eorpach infheidhme ar an Stiúrthóir agus ar fhoireann an EIT.

2.   Féadfaidh Ballstáit rannpháirteacha nó fostóirí eile saineolaithe a thabhairt ar iasacht don EIT ar feadh tréimhsí teoranta.

Glacfaidh an Bord Rialaithe forálacha lena gcuirfear ar chumas saineolaithe a bheidh ar iasacht ó Stáit rannpháirteacha nó ó fhostóirí eile obair a dhéanamh san EIT agus lena shaineofar a gcearta agus a bhfreagrachtaí.

3.   Feidhmeoidh an EIT, i leith a foirne féin, na cumhachtaí arna dtarmligean chuig an údarás arna údarú chun na conarthaí leis na comhaltaí foirne a chur i gcrích.

4.   D’fhéadfadh go mbeadh ar chomhalta foirne aon damáiste a fhulaingeoidh an EIT a shlánú go hiomlán nó go páirteach, i gcás inar damáiste é a rinneadh de thoradh mí-iompair thromchúisigh uaidh nó uaithi i bhfeidhmiú a dhualgas nó a dualgas nó a bhain le feidhmiú a dhualgas nó a dualgas.

Airteagal 8

Prionsabail le haghaidh meastóireacht agus monatóireacht a dhéanamh ar PENanna

Eagróidh an EIT monatóireacht leanúnach agus meastóireacht thráthrialta neamhspleách ar fhothorthaí agus ar thorthaí gach PEN. Beidh na meastóireachtaí sin bunaithe ar dhea-chleachtas riaracháin agus ar pharaiméadair thoradh-dhírithe agus seachnófar gnéithe foirmiúla agus gnásúla nach mbeidh riachtanach.

Airteagal 9

Ré PEN, leanúint le PEN agus críoch a chur le PEN

1.   Faoi réir fhothorthaí na meastóireachtaí tráthrialta agus faoi réir shaintréithe réimsí ar leith, fráma ama idir 7 mbliana agus 15 bliana a bheidh ag PEN.

2.   Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh síneadh ama a chur le hoibriú PEN ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse a céadsocraíodh más sin an bealach is iomchuí chun cuspóir an EIT a bhaint amach.

3.   I gcás ina n-aimseoidh meastóireachtaí ar PEN torthaí nach bhfuil leordhóthanach, glacfaidh an Bord Rialaithe bearta iomchuí lena n-áirítear an tacaíocht airgeadais atá aige a laghdú, a mhodhnú nó a tharraingt siar nó deireadh a chur leis an gcomhaontú.

Airteagal 10

Foirceannadh an EIT

I gcás ina ndéanfar an EIT a fhoirceannadh, déanfar í a leachtú faoi mhaoirseacht an Choimisiúin i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme. Is iad na comhaontuithe leis na PENanna agus an ionstraim lena mbunaítear Fondúireacht an EIT a leagfaidh síos na forálacha cuí sa chás sin.


Top