Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02015R0848-20220109

    Consolidated text: Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (athmhúnlú)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/848/2022-01-09

    D’fhéadfadh sé nach bhfuil na leasuithe seo a leanas sa téacs comhdhlúite seo:

    Gníomh leasaitheach Cineál an leasaithe An fhoroinn lena mbaineann Teacht i bhfeidhm
    32023R2844 Arna leasú le airteagal 57 mír 3 abairt 1 01/05/2025
    32023R2844 Arna leasú le airteagal 42 mír 3 abairt 1 01/05/2025
    32023R2844 Arna leasú le airteagal 53 01/05/2025

    02015R0848 — GA — 09.01.2022 — 003.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) 2015/848 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Bealtaine 2015

    maidir le himeachtaí dócmhainneachta

    (athmhúnlú)

    (IO L 141 5.6.2015, lch. 19)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

     M1

    RIALACHÁN (AE) 2017/353 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Feabhra 2017

      L 57

    19

    3.3.2017

     M2

    RIALACHÁN (AE) 2018/946 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 4 Iúil 2018

      L 171

    1

    6.7.2018

    ►M3

    RIALACHÁN (AE) 2021/2260 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Nollaig 2021

      L 455

    4

    20.12.2021


    Arna cheartú le:

    ►C1

    Ceartúchán, IO L 272, 16.10.2015, lch.  19 (2015/848)

    ►C2

    Ceartúchán, IO L 349, 21.12.2016, lch.  9 (2015/848)




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) 2015/848 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Bealtaine 2015

    maidir le himeachtaí dócmhainneachta

    (athmhúnlú)



    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Raon feidhme

    1.  

    Beidh feidhm ag an Rialachán seo i leith comhimeachtaí poiblí, lena n-áirítear imeachtaí eatramhacha, atá bunaithe ar dhlíthe a bhaineann leis an dócmhainneacht agus ina ndéantar, chun críche tarrtháil, coigeartú fiach, atheagrú nó leachtú:

    (a) 

    féichiúnaí a dhífheistiú dá shócmhainní go hiomlán nó i bpáirt agus cleachtóir dócmhainneachta a cheapadh;

    (b) 

    sócmhainní agus gnóthaí féichiúnaí a chur faoi réir rialú nó maoirseachta cúirte; nó

    (c) 

    i gcás ina n-ordaíonn an chúirt bac sealadach ar ghníomhaíochtaí aonair forfheidhmithe nó trí an dlí a oibriú, chun caibidlíocht a cheadú idir an féichiúnaí agus a chuid creidiúnaithe, ar an gcoinníoll go bhforáiltear, leis na himeachtaí ina n-ordaítear an bac, do bhearta oiriúnacha chun na creidiúnaithe i gcoitinne a chosaint agus mura dtagtar ar chomhaontú gur réamhbhearta iad de chuid ceann de na himeachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b).

    Nuair is féidir tús a chur leis na himeachtaí dá dtagraítear sa mhír seo i gcásanna inar dóchúil dócmhainneacht, agus sin amháin, is é an cuspóir a bheidh ag na himeachtaí sin dócmhainneacht an fhéichiúnaí nó scor gníomhaíochtaí gnó an fheichiúnaí a sheachaint.

    Liostaítear na himeachtaí dá dtagraítear sa mhír seo in Iarscríbhinn A.

    2.  

    Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le himeachtaí dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann le:

    (a) 

    gnóthais árachais;

    (b) 

    institiúidí creidmheasa;

    (c) 

    gnólachtaí infheistíochta agus gnólachtaí eile, institiúidí eile agus gnóthais eile a mhéid a chumhdaítear iad i dTreoir 2001/24/CE; nó

    (d) 

    gnóthais chomhinfheistíochta.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo:

    (1) 

    ciallaíonn “comhimeachtaí” imeachtaí ina n-áirítear creidiúnaithe uile féichiúnaí nó cuid shuntasach díobh ar choinníoll nach ndéanann na himeachtaí difear, sa chás deireanach, d'éilimh creidiúnaithe nach bhfuil bainteach leis na himeachtaí;

    (2) 

    ciallaíonn “gnóthais chomhinfheistíochta” gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) mar a shainítear iad i dTreoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) agus cistí infheistíochta malartacha (AIFanna) mar a shainítear iad i dTreoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

    (3) 

    ciallaíonn “féichiúnaí i seilbh” féichiúnaí ar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta ina leith nach mbaineann ceapadh cleachtóra dócmhainneachta nó aistriú iomlán na gceart agus na ndleachtanna chun sócmhainní an fhéichiúnaí a riar go dtí cleachtóir dócmhainneachta leo go díreach agus i gcás, dá bhrí sin, ina bhfuil smacht iomlán nó páirteach ag an bhféichiúnaí ar a shócmhainní agus a ghnóthaí fós;

    (4) 

    ciallaíonn “imeachtaí dócmhainneachta” na himeachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn A;

    (5) 

    ciallaíonn “cleachtóir dócmhainneachta” aon duine nó aon chomhlacht arb é a fheidhm, lena n-áirítear ar bhonn eatramhach:

    (i) 

    éilimh a cuireadh isteach sna himeachtaí dócmhainneachta a fhíorú agus a admháil;

    (ii) 

    ionadaíocht a dhéanamh ar chomhleasanna na gcreidiúnaithe;

    (iii) 

    sócmhainní a tógadh ón bhféichiúnaí a riar, go hiomlán nó i bpáirt;

    (iv) 

    na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (iii) a leachtú; nó

    (v) 

    maoirseacht a dhéanamh ar riar ghnóthaí an fhéichiúnaí.

    Liostaítear na daoine agus na comhlachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír in Iarscríbhinn B;

    (6) 

    ciallaíonn “cúirt”:

    (i) 

    i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 1(1), Airteagal 4(2), Airteagal 5 agus Airteagal 6, Airteagal 21(3), pointe (j) d'Airteagal 24(2), Airteagal 36 agus Airteagal 39, agus Airteagal 61 go hAirteagal 77, comhlacht breithiúnach de chuid Ballstáit;

    (ii) 

    i ngach airteagal eile, an comhlacht breithiúnach nó aon chomhlacht inniúil eile de chuid Ballstáit a bhfuil sé de chumhacht aige imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, tionscain den sórt sin a dhearbhú nó cinntí a ghlacadh le linn imeachtaí den sórt sin;

    (7) 

    cuimsíonn “breithiúnas lena dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta”:

    (i) 

    cinneadh aon chúirte imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh nó tionscain imeachtaí den sórt sin a dhearbhú; agus

    (ii) 

    an cinneadh ó chúirt lena gceaptar cleachtóir dócmhainneachta;

    (8) 

    ciallaíonn “am tionscanta imeachtaí” an uair a bheidh éifeacht leis an mbreithiúnas lena dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta, bíodh sé críochnaitheach nó ná bíodh;

    (9) 

    ciallaíonn “an Ballstát ina bhfuil na sócmhainní suite”:

    (i) 

    i gcás scaireanna cláraithe i gcuideachtaí seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (ii), an Ballstát a bhfuil a oifig chláraithe ag an gcuideachta a d'eisigh na scaireanna laistigh dá chríoch;

    (ii) 

    i gcás ionstraimí airgeadais, a bhfuil iontrálacha i gclár nó i gcuntas arna gcoinneáil ag idirghabhálaí nó ar a shon (“urrúis i gcuntais reatha”) ina bhfianaise ar an teidlíocht, an Ballstát ina gcoinnítear an clár nó an cuntas ina ndéantar na hiontrálacha;

    (iii) 

    i gcás airgid atá á choinneáil i gcuntais le hinstitiúid chreidmheasa, an Ballstát atá luaite ar IBAN an chuntais, nó, i gcás airgid atá á gcoinneáil i gcuntais le hinstitiúid chreidmheasa nach bhfuil IBAN aici: an Ballstát ina bhfuil riarachán lárnach na hinstitiúide creidmheasa a bhfuil an cuntas á choinneáil aici nó, i gcás ina choinnítear an cuntas le brainse, le gníomhaireacht nó le bunaíocht eile: an Ballstát ina bhfuil an brainse, an ghníomhaireacht nó an bhunaíocht eile lonnaithe;

    (iv) 

    i gcás maoine agus cearta is gá don úinéir nó don té atá ina dteideal iad a iontráil i gclár poiblí seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (i), an Ballstát a choinnítear an clár faoina údarás;

    (v) 

    Paitinní Eorpacha, an Ballstát dár deonaíodh an phaitinn Eorpach;

    (vi) 

    cóipcheart agus cearta gaolmhara, an Ballstát a bhfuil gnáthchónaí ar úinéir cearta mar sin nó ina bhfuil a hoifig chláraithe suite laistigh dá chríoch;

    (vii) 

    i gcás maoine inláimhsithe, seachas an mhaoin dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (iv), an Ballstát a bhfuil an mhaoin suite laistigh dá chríoch;

    (viii) 

    i gcás éileamh i gcoinne tríú páirtithe seachas iad siúd a bhaineann le sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (iii), an Ballstát a bhfuil lárionad príomhleasa an tríú páirtí a gceanglaítear air na héilimh a chomhlíonadh laistigh dá chríoch, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(1);

    (10) 

    ciallaíonn “bunaíocht” aon áit oibríochtaí a ndéanann féichiúnaí nó ina rinne sé sa tréimhse trí mhí roimh an iarratas ar phríomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, gníomhaíocht eacnamaíoch nach bhfuil neamhbhuan le modhanna agus sócmhainní daonna;

    (11) 

    ciallaíonn “creidiúnaithe áitiúla” na creidiúnaithe ar eascair a n-éilimh i gcoinne an fhéichiúnaí ó nó i ndáil le hoibriú bunaíochta atá suite i mBallstát nach é an Ballstát ina bhfuil lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí lonnaithe;

    (12) 

    ciallaíonn “creidiúnaí eachtrach” creidiúnaí a bhfuil gnáthchónaí nó sainchónaí air nó oifig chláraithe aige i mBallstát nach é an Stát inar tionscnaíodh na himeachtaí é, lena n-áirítear údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta na mBallstát;

    (13) 

    ciallaíonn “grúpa cuideachtaí” máthairghnóthas agus a foghnóthais uile;

    (14) 

    ciallaíonn “máthairghnóthas” gnóthas lena rialaítear foghnóthas amháin nó níos mó, go díreach nó go hindíreach. Maidir le gnóthas a ullmhaíonn ráitis chomhdhlúite airgeadais i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), measfar gur máthairghnóthas a bheidh ann.

    Airteagal 3

    Dlínse idirnáisiúnta

    1.  
    Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit a bhfuil lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí suite laistigh dá chríoch imeachtaí dócmhainneachta (“príomhimeachtaí dócmhainneachta”) a thionscnamh. Is é an áit a riarann an féichiúnaí a leasanna ar bhonn rialta agus atá infhionnta ag tríú páirtithe an áit a mbeidh ina lárionad príomhleasa.

    I gcás cuideachta nó duine dhlítheanaigh, toimhdeofar gurb é an lárionad príomhleasa an oifig chláraithe mura bhfuil aon fhianaise ar mhalairt ann. Ní bheidh feidhm ag an toimhde seo ach amháin sa chás nár athraíodh an oifig chláraithe chuig Ballstát eile laistigh den tréimhse trí mhí roimh an iarratas ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh.

    I gcás duine aonair a bhfuil gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil ar bun aige, toimhdeofar gurb í príomháit ghnó an duine aonair an lárionad príomhleasa mura bhfuil aon fhianaise ann dá mhalairt. Ní bheidh feidhm ag an toimhde seo ach amháin sa chás nár athraíodh príomháit ghnó an duine aonair chuig Ballstát eile laistigh den tréimhse sé mhí roimh an iarratas ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh.

    I gcás aon duine aonair eile, toimhdeofar gurb é an áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine aonair an lárionad príomhleasa mura bhfuil aon fhianaise ann dá mhalairt. Ní bheidh feidhm ag an toimhde seo ach amháin sa chás nár athraíodh an gnáthchónaí chuig Ballstát eile laistigh den tréimhse sé mhí roimh an iarratas ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh.

    2.  
    I gcás ina mbeidh lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí suite laistigh de chríoch Bhallstáit, ní bheidh dlínse ag cúirteanna Ballstáit eile imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh i gcoinne an fhéichiúnaí ach amháin má tá bunaíocht aige laistigh de chríoch an Bhallstáit eile sin. Beidh iarmhairtí na n-imeachtaí sin srianta do na sócmhainní sin de chuid an fhéichiúnaí a bheidh suite i gcríoch an Bhallstáit eile sin.
    3.  
    I gcás inar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir le mír 1, is imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a bheidh in aon imeachtaí a thionscnófar ina dhiaidh sin i gcomhréir le mír 2.
    4.  

    Ní fhéadfar na himeachtaí dócmhainneachta críche dá dtagraítear i mír 2 a thionscnamh ach amháin sula dtionscnófar na príomhimeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir le mír 1 i gcás:

    (a) 

    nach féidir imeachtaí dócmhainneachta faoi mhír 1 a thionscnamh mar gheall ar na coinníollacha a leagtar síos i ndlí an Bhallstáit a bhfuil lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí suite laistigh dá chríoch; nó

    (b) 

    ina n-iarrann na grúpaí seo a leanas go dtionscnófar imeachtaí dócmhainneachta críche:

    (i) 

    creidiúnaí a eascraíonn a héileamh as, nó tá a héileamh i ndáil le, oibriú bunaíochta atá suite laistigh de chríoch an Bhallstáit ina n-iarrtar imeachtaí críche a thionscnamh; nó

    (ii) 

    údarás poiblí a bhfuil sé de cheart aige, faoi dhlí an Bhallstáit a bhfuil an bhunaíocht suite laistigh dá chríoch, tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a iarraidh.

    I gcás ina dtionscnaítear príomhimeachtaí dócmhainneachta, tiontóidh na himeachtaí dócmhainneachta críche ina n-imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha.

    Airteagal 4

    Fíorú ar dhlínse

    1.  
    Déanfaidh cúirt a n-iarrtar uirthi imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh fíorú uaithi féin an bhfuil dlínse aici de bhun Airteagal 3 nó nach bhfuil. Sa bhreithiúnas lena dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta sonrófar na forais ar a bhfuil dlínse na cúirte bunaithe agus, go háirithe, sonrófar cé acu ar Airteagal 3(1) nó ar Airteagal 3(2) atá an dlínse bunaithe.
    2.  
    D'ainneoin mhír 1, i gcás ina dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gan cinneadh cúirte, féadfaidh na Ballstáit a chur de chúram ar an gcleachtóir dócmhainneachta a cheaptar in imeachtaí den sórt sin a fhíorú an bhfuil dlínse de bhun Airteagal 3 ag an mBallstát ina bhfuil iarratas ar imeachtaí a thionscnamh ar feitheamh nó nach bhfuil. Nuair is amhlaidh an cás, sonróidh an cleachtóir dócmhainneachta sa chinneadh lena n-osclófar na himeachtaí na forais ar a bhfuil an dlínse bunaithe agus, go háirithe, cé acu ar Airteagal 3(1) nó (2) atá sí bunaithe.

    Airteagal 5

    Athbhreithniú breithiúnach ar an gcinneadh chun príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh

    1.  
    Féadfaidh an féichiúnaí nó aon chreidiúnaí agóid a chur síos os comhair cúirte i gcoinne an chinnidh chun príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ar fhorais dlínse idirnáisiúnta.
    2.  
    Féadfaidh páirtithe seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 an cinneadh lena n-osclaítear na príomhimeachtaí dócmhainneachta a agóid ar fhorais seachas easpa dlínse idirnáisiúnta, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa dlí náisiúnta.

    Airteagal 6

    Dlínse maidir le gníomhaíochtaí a eascraíonn go díreach ó imeachtaí dócmhainneachta agus a bhfuil dlúthnasc eatarthu

    1.  
    Beidh dlínse ag na cúirteanna sa Bhallstát ar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta laistigh dá chríoch i gcomhréir le hAirteagal 3 maidir le haon ghníomhaíocht a thagann díreach ó na himeachtaí dócmhainneachta agus a bhfuil dlúthbhaint aici leo, amhail gníomhaíochtaí seachanta.
    2.  
    I gcás ina bhfuil baint ag gníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 le gníomhaíocht in ábhair shibhialta agus thráchtála i gcoinne an chosantóra chéanna, féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta an dá ghníomhaíocht a thionscnamh os comhair cúirteanna an Bhallstáit a bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir laistigh dá chríoch, nó, i gcás ina dtionscnaítear an ghníomhaíocht i gcoinne roinnt cosantóirí, os comhair cúirteanna an Bhallstáit a bhfuil sainchónaí ar aon cheann de na cosantóirí laistigh dá chríoch, ar an gcoinníoll go bhfuil dlínse ag na cúirteanna sin de bhun rialacha Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

    Beidh an chéad fhomhír i bhfeidhm maidir leis an bhféichiúnaí i seilbh, ar an gcoinníoll go mbeidh sé in ann gníomhaíochtaí a thionscnamh faoin dlí náisiúnta thar ceann an eastáit dócmhainneachta.

    3.  
    Chun críche mhír 2, meastar gníomhaíochtaí a bheith gaolmhar má bhíonn baint chomh dlúth sin acu le chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile chun an baol a sheachaint go dtabharfaí breithiúnais bunoscionn le chéile dá mbeadh imeachtaí ar leithligh ann.

    Airteagal 7

    An dlí is infheidhme

    1.  
    Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is é an dlí is infheidhme i leith imeachtaí dócmhainneachta dlí an Bhallstáit a ndéanfar na himeachtaí a thionscnamh laistigh dá chríoch, (“an Stát inar tionscnaíodh na himeachtaí”).
    2.  

    Cinnfidh dlí an Stáit inar tionscnaíodh na himeachtaí na coinníollacha maidir le tionscnamh, seoladh agus cur i gcrích na n-imeachtaí sin. Go háirithe, cinnfidh sé an méid seo a leanas:

    (a) 

    na féichiúnaithe a bhféadfar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ina gcoinne mar gheall ar a n-acmhainneacht;

    (b) 

    na sócmhainní ar cuid den eastát dócmhainneachta iad agus cóireáil sócmhainní a fuair an féichiúnaí nó a aistríodh dó tar éis thionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta;

    (c) 

    cumhachtaí faoi seach an fhéichiúnaí agus an chleachtóra dócmhainneachta;

    (d) 

    na coinníollacha a bhféadfar fritháirimh a agairt fúthu;

    (e) 

    iarmhairtí imeachtaí dócmhainneachta ar chonarthaí reatha ar páirtí an féichiúnaí iontu;

    (f) 

    iarmhairtí na n-imeachtaí dócmhainneachta maidir le himeachtaí a thionscnaíonn creidiúnaithe aonair, seachas cáis atá ar feitheamh;

    (g) 

    na héilimh atá le taisceadh i gcoinne eastát dócmhainneachta an fhéichiúnaí agus cóireáil na n-éileamh a thagann chun cinn tar éis imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh;

    (h) 

    na rialacha lena rialaítear taisceadh, fíorú agus cead isteach éileamh;

    (i) 

    na rialacha lena rialaítear dáileadh na bhfáltas a fuarthas mar thoradh ar réadú na sócmhainní, rangú éileamh agus cearta na gcreidiúnaithe a fuair sástacht pháirteach tar éis thionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta de bhun cheart in-rem nó fritháirimh;

    (j) 

    na coinníollacha agus na hiarmhairtí a bhaineann le clabhsúr imeachtaí dócmhainneachta, go háirithe de réir comhshuímh;

    (k) 

    ceart na gcreidiúnaithe tar éis clabhsúr imeachtaí dócmhainneachta;

    (l) 

    cé a sheasfaidh na costais agus caiteachas a thabhaítear sna himeachtaí dócmhainneachta;

    (m) 

    na rialacha a bhaineann le neamhniú, in-neamhnitheacht nó neamh-infhorghníomhacht na ngníomhartha dlíthiúla, a dhéanfadh dochar do na creidiúnaithe i gcoitinne.

    Airteagal 8

    Cearta in rem tríú páirtithe

    1.  
    Ní dhéanfaidh tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta difear do chearta in rem creidiúnaithe nó tríú páirtithe maidir le sócmhainní, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, inchorraithe nó dochorraithe, idir shócmhainní sonracha agus bhailiúcháin sócmhainní éiginnte ina n-iomláine a athraíonn ó am go chéile, ar leis an bhféichiúnaí iad agus atá suite i gcríoch Ballstáit eile tráth thionscnamh na n-imeachtaí.
    2.  

    Ciallóidh na cearta dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas go háirithe:

    (a) 

    an ceart chun sócmhainní a dhiúscairt nó chun go ndéantar iad a dhiúscairt agus sástacht a fháil ó fháltas nó ioncam ó na sócmhainní sin, go háirithe de bhua liain nó morgáiste;

    (b) 

    an ceart eisiach go gcomhlíonfar éileamh, go háirithe ceart a ráthaítear le lian i dtaca leis an éileamh nó trí shannadh an éilimh mar ráthaíocht;

    (c) 

    an ceart chun sócmhainní a éileamh ó aon duine a bhfuil siad ina sheilbh aige nó atá á n-úsáid contrártha do mhianta an pháirtí i dteideal amhlaidh agus/nó aiseag a éileamh ó duine sin;

    (d) 

    ceart in rem ar úsáid thairbhiúil na sócmhainní.

    3.  
    Ceart, atá cláraithe i gclár poiblí agus infheidhmithe i gcoinne tríú páirtithe, bunaithe ar an bhféadfar ceart in rem de réir bhrí mhír 1 a fháil, measfar mar cheart in rem é.
    4.  
    Ní choiscfidh mír 1 caingne le haghaidh neamhniú, in-neamhnitheachta nó neamh-in-fhorghníomhachta dá dtagraítear i bpointe (m) d'Airteagal 7(2).

    Airteagal 9

    Fritháireamh

    1.  
    Ní dhéanfaidh tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta difear do cheart creidiúnaithe fritháireamh a n-éilimh i gcoinne éilimh féichiúnaí a iarraidh, i gcás ina mbeidh fritháireamh den sórt sin ceadaithe faoin dlí is infheidhme ar éileamh an fhéichiúnaí dhócmhainnaigh.
    2.  
    Ní choiscfidh mír 1 caingne le haghaidh neamhniú, in-neamhnitheachta nó neamh-in-fhorghníomhachta dá dtagraítear i bponite (m) d'Airteagal 7(2).

    Airteagal 10

    Forchoimeádas teidil

    1.  
    Ní dhéanfaidh imeachtaí dócmhainneachta i gcoinne ceannaitheoir sócmhainne difear do chearta an díoltóra atá bunaithe ar fhorchoimeádas teidil i gcás ina mbeidh an tsócmhainn suite, tráth tionscnaimh imeachtaí, laistigh de chríoch Bhallstáit seachas an Stát ina ndearnadh imeachtaí a thionscnamh.
    2.  
    Ní bheidh tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta i gcoinne díoltóir sócmhainne mar fhoras chun an díolachán a chealú nó a fhoirceannadh agus ní dhéanfaidh sé sin an ceannaitheoir a chosc ó theideal a fháil i gcás ina mbeidh an tsócmhainn dhíolta, tráth tionscnaimh imeachtaí, suite laistigh de chríoch Bhallstáit seachas an Stát ina ndearnadh imeachtaí a thionscnamh.
    3.  
    Ní choiscfidh mír 1 agus mír 2 caingne le haghaidh neamhniú, in-neamhnitheachta nó neamh-in-fhorghníomhachta dá dtagraítear i bpointe (m) d'Airteagal 7(2).

    Airteagal 11

    Conarthaí maidir le maoin dhochorraithe

    1.  
    Rialófar iarmhairtí imeachtaí dócmhainneachta ar chonradh lena mbronnfar an ceart maoin dhochorraithe a fháil nó a úsáid faoi dhlí an Bhallstáit ina mbeidh an mhaoin dhochorraithe suite laistigh dá chríoch agus faoin dlí sin amháin.
    2.  

    Beidh dlínse ag an gcúirt tionscanta na bpríomhimeachtaí dócmhainneachta foirceannadh nó modhnú na gconarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo a fhormheas, i gcás:

    (a) 

    ina gceanglaítear le dlí an Bhallstáit is infheidhme maidir leis na conarthaí sin nach bhféadfaí conradh den chineál sin a fhoirceannadh nó a mhodhnú ach amháin le formheas ón gcúirt a thionscnaíonn imeachtaí dócmhainneachta; agus

    (b) 

    nach bhfuil imeachtaí dócmhainneachta tionscanta cheana féin sa Bhallstát sin.

    Airteagal 12

    Córais íocaíochta agus margaí airgeadais

    1.  
    Gan dochar d'Airteagal 8, rialófar iarmhairtí imeachtaí dócmhainneachta ar chearta agus oibleagáidí na bpáirtithe i gcóras íocaíochta nó socraíochta nó i margadh airgeadais faoi dhlí an Bhallstáit is infheidhme maidir leis an gcóras sin nó leis an margadh sin agus faoin dlí sin amháin.
    2.  
    Ní choiscfidh mír 1 aon chaingean le haghaidh neamhniú, in-neamhnitheachta nó neamh-in-fhorghníomhachta a fhéadfar a thionscnamh chun íocaíochtaí nó idirbhearta a chur ar ceal faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcóras íocaíochta nó leis an margadh infheistíochta ábhartha.

    Airteagal 13

    Conarthaí fostaíochta

    1.  
    Is é dlí an Bhallstáit, agus é sin amháin, is infheidhme maidir le conradh fostaíochta lena rialófar iarmhairtí imeachtaí dócmhainneachta ar chonarthaí agus ar chaidreamh fostaíochta.
    2.  
    Coinneoidh cúirteanna an Bhallstáit inar bhféadfaí imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh dlínse ar fhoirceannadh nó modhnú na gconarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo a fhormheas, fiú murar tionscnaíodh aon imeachtaí dócmhainneachta sa Bhallstát sin.

    Beidh feidhm freisin ag an gcéad fhomhír maidir le húdarás atá inniúil faoin dlí náisiúnta foirceannadh nó modhnú na gconarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo a fhormheas.

    Airteagal 14

    Iarmhairtí ar chearta faoi réir clárú

    Cinnfear iarmhairtí imeachtaí sócmhainneachta ar chearta féichiúnaí i ndáil le maoin dhochorraithe, le long nó le haerárthach faoi réir clárú i gclár poiblí faoi dhlí an Bhallstáit ina gcoinnítear an clár faoina údarú.

    Airteagal 15

    Paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo agus trádmharcanna Comhphobail

    Chun críche an Rialacháin seo, maidir le paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi, trádmharc Comhphobail nó aon cheart comhchosúil eile arna mbunú le dlí an Aontais, ní fhéadfar iad a áireamh ach amháin sna himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

    Airteagal 16

    Gníomhartha dochracha

    Ní bheidh feidhm ag pointe (m) d'Airteagal 7(2) i gcás ina soláthróidh an duine a bhain leas as gníomh a bhí dochrach do na creidiúnaithe go léir cruthúnas:

    (a) 

    go bhfuil an gníomh faoi réir dlí Bhallstáit seachas dlí an Bhallstáit inar tionscnaíodh imeachtaí; agus

    (b) 

    nach gceadaítear faoi dhlí an Bhallstáit sin aon slí chun agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh sin sa chás is ábhartha.

    Airteagal 17

    Cosaint ceannaitheoirí tríú páirtí

    I gcás ina ndiúscróidh an féichiúnaí, trí ghníomh a cuireadh i gcrích tar éis imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, le haghaidh comaoine:

    (a) 

    sócmhainn dhochorraithe,

    (b) 

    long nó aerárthach atá faoi réir clárú i gclár poiblí, nó

    (c) 

    urrúis lena gceanglaítear toisc iad a bheith ann clárú i gclár a leagtar síos faoin dlí,

    rialófar bailíocht an ghnímh sin faoi dhlí an Stáit a mbeidh an tsócmhainn dhochorraithe suite laistigh dá chríoch nó ina gcoinnítear an clár faoina údarú.

    Airteagal 18

    Iarmhairtí imeachtaí dócmhainneachta ar chásanna nó ar imeachtaí eadrána

    Déanfar iarmhairtí imeachtaí dócmhainneachta ar chás atá ar feitheamh nó ar imeacht eadrána atá ar feitheamh a bhaineann le sócmhainn nó le ceart atá mar chuid d'eastát an fhéichiúnaí a rialú le dlí an Bhallstáit ina bhfuil an cás sin ar feitheamh nó ina bhfuil an binse eadrána ina suí, agus leis an dlí sin amháin.



    CAIBIDIL II

    AITHEANTAS IMEACHTAÍ DÓCMHAINNEACHTA

    Airteagal 19

    Prionsabal

    1.  
    Aithneofar aon bhreithiúnas lena dtionscnófar imeachtaí dócmhainneachta a thugann cúirt Bhallstáit ag a bhfuil dlínse de bhun Airteagal 3 i ngach Ballstáit eile go léir ón bpointe a mbeidh éifeacht aige sa Stát inar tionscnaíodh imeachtaí.

    Beidh feidhm ag an riail a leagtar síos sa chéad fhomhír nuair nach féidir imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh in aghaidh féichiúnaí i mBallstáit eile mar gheall ar acmhainn féichiúnaí.

    2.  
    Ní chuirfidh aitheantas na n-imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) bac ar chúirt i mBallstát eile na n-imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a thionscnamh. Is imeachtaí tánaisteacha de réir bhrí Chaibidil III a bheidh sna himeachtaí sin.

    Airteagal 20

    Iarmhairtí aitheantais

    1.  
    Beidh an iarmhairt chéanna, gan aon fhoirmiúlachtaí breise, ag an mbreithiúnas maidir le himeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) in aon Bhallstát eile agus a bheidh aige faoi dhlí an Stáit ina dtionscnófar imeachtaí, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo agus fad nach bhfuil imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) tionscanta sa Bhallstát eile sin.
    2.  
    Ní fhéadfar iarmhairtí na n-imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a agóid in aon Bhallstát eile. Ní bheidh iarmhairtí ag aon srian ar chearta creidiúnaithe, amhail bac ar íocaíocht nó urscaoileadh fiachais, maidir le sócmhainní a bheidh suite laistigh de chríoch Bhallstáit eile ach amháin i gcás na gcreidiúnaithe sin a thug toiliú.

    Airteagal 21

    Cumhachtaí an chleachtóra dhócmhainneachta

    1.  
    An cleachtóir dócmhainneachta arna cheapadh ag cúirt a bhfuil dlínse aici de bhun Airteagal 3(1), féadfaidh sé na cumhachtaí go léir a thugtar dó faoi dhlí an Stáit inar tionscnaíodh na himeachtaí a fheidhmiú i mBallstát eile, ar chuntar nár tionscnaíodh aon imeachtaí dócmhainneachta eile ansin agus nár tógadh aon bheart caomhnaithe dá mhalairt sa Bhallstát sin de bhun iarraidh ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh sa Stát sin. Faoi réir Airteagal 8 agus Airteagal 10, féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta go háirithe sócmhainní an fhéichiúnaí a thógáil amach as críoch an Bhallstáit ina bhfuil siad suite.
    2.  
    An cleachtóir dócmhainneachta a cheapfaidh cúirt a mbeidh dlínse aici de bhun Airteagal 3(2), féadfaidh sé a mhaoímh in aon Bhallstát eile trí na cúirteanna nó lasmuigh díobh gur aistríodh maoin inchorraithe ó chríoch an Stáit inar tionscnaíodh imeachtaí go dtí críoch an Bhallstáit eile tar éis thionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta. Féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta freisin aon chaingean maidir le cur a ceal a bheidh ar leas na gcreidiúnaithe a thabhairt isteach.
    3.  
    Agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, déanfaidh an cleachtóir dócmhainneachta dlí an Bhallstáit ina mbeidh sé beartaithe aige gníomhú laistigh dá chríoch a chomhlíonadh, go háirithe maidir le himeachtaí chun sócmhainní a réadú. Ní fhéadfaidh bearta comhéigneacha a bheith ar cheann de na cumhachtaí sin, ach amháin má ordaíonn cúirt an Bhallstáit sin, ná an ceart breith a thabhairt i leith imeachtaí dlíthiúla nó díospóidí.

    Airteagal 22

    Cruthúnas ar cheapadh an chleachtóra dócmhainneachta

    Tabharfar fianaise ar cheapadh an chleachtóra dócmhainneachta trí chóip dheimhnithe den chinneadh bhunaidh lena gceapfar é nó trí aon deimhniú eile a eiseoidh an cúirt a mbeidh dlínse aici.

    D'fhéadfadh go mbeidh gá ann le haistriúchán a sholáthar go teanga oifigiúil nó go ceann de theangacha oifigiúla an Stáit a mbeidh sé beartaithe aige gníomhú laistigh dá chríoch. Ní bheidh le reachtaíocht ná le foirmiúlacht chomhchosúil eile.

    Airteagal 23

    Filleadh agus leitháireamh íocaíochta

    1.  
    Tar éis thionscnamh na n-imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), creidiúnaí a fuair sástacht iomlán nó pháirteach, ar aon slí, go háirithe trí fhorfheidhmiú, ar an éileamh bheidh aige ar shócmhainní de chuid an fhéichiúnaí suite laistigh de chríoch Bhallstáit eile, fillfidh sé an méid a fuair sé don chleachtóir dócmhainneachta, faoi réir Airteagal 8 agus Airteagal 10.
    2.  
    D'fhonn a áirithiú go gcaithfear go cothrom le creidiúnaithe, ní bhfaighidh creidiúnaí a fuair, le linn imeachtaí dócmhainneachta, díbhinn ar a éileamh sciar de na dáiltí a dhéanfar in imeachtaí eile ach amháin má fhaigheann creidiúnaithe den rang nó den chatagóir chéanna leis díbhinn chomhchosúil sna himeachtaí sin nó in imeachtaí eile.

    Airteagal 24

    Cláir dhócmhainneachta a bhunú

    1.  
    Bunóidh agus coinneoidh Ballstát clár amháin nó roinnt clár ar a gcríoch ina bhfoilseofar an fhaisnéis maidir le himeachtaí dócmhainneachta (“cláir dhócmhainneachta”). Foilseofar an fhaisnéis sin a luaithe is féidir tar éis imeachtaí den chineál sin a thionscnamh.
    2.  

    Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil go poiblí, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 27 agus áireofar orthu an méid seo a leanas (“faisnéis shainordaitheach”):

    (a) 

    dáta tionscanta imeachtaí dócmhainneachta;

    ▼C1

    (b) 

    an chúirt a thionscain imeachtaí dócmhainneachta agus uimhir thagartha an cháis, más ann di;

    ▼B

    (c) 

    an cineál imeachtaí dócmhainneachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn A a tionscnaíodh agus, i gcás inarb iomchuí, aon fhochineál ábhartha de na himeachtaí sin a tionscnaíodh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

    (d) 

    bíodh an dlínse i dtaca le himeachtaí a thionscnamh bunaithe ar Airteagal 3(1), ar Airteagal 3 (2) nó ar Airteagal 3 (4);

    (e) 

    más cuideachta nó duine dlítheanach é an féichiúnaí, ainm, uimhir cláraithe, oifig chláraithe nó, má tá sé difriúil, seoladh poist an fhéichiúnaí;

    (f) 

    más duine aonair é an féichiúnaí nach bhfeidhmíonn gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil, ainm agus seoladh poist an fhéichiúnaí nó, i gcás ina gcosnaítear an seoladh, áit bhreithe agus dáta breithe an fhéichiúnaí;

    (g) 

    ainm, seoladh poist nó seoladh ríomhphoist an chleachtóra dócmhainneachta, más ann dó, a ceapadh sna himeachtaí;

    (h) 

    an teorainn ama maidir le héilimh a thaisceadh, más ann dóibh, nó tagairt do na critéir chun an teorainn ama sin a ríomh;

    (i) 

    dáta clabhsúir na bpríomhimeachtaí dócmhainneachta, más ann dóibh;

    (j) 

    maidir le hagóid i gcoinne an chinnidh chun imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, an chúirt a dhéanfar an agóid os a comhair agus, i gcás inarb infheidhme, an teorainn ama ina ndéanfar í a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 5, nó tagairt do na critéir chun an teorainn ama sin a ríomh.

    3.  
    Le mír 2, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit doiciméid nó faisnéis bhreise a áireamh ina gcláir náisiúnta dhócmhainneachta, amhail dícháiliú stiúrthóirí a bhaineann le dócmhainneacht.
    4.  
    Ní bheidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le daoine aonair nach bhfeidhmíonn gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil a áireamh sna cláir dhócmhainneachta, ná faisnéis den chineál sin a chur ar fáil go poiblí trí chóras idirnasctha na gclár sin, ar choinníoll go gcuireann siad creidiúnaithe eachtracha aitheanta ar an eolas, de bhun Airteagal 54, faoi na gnéithe dá dtagraítear faoi phointe (j) de mhír 2 den Airteagal seo.

    I gcás ina mbaineann Ballstát úsáid as an deis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ní dhéanfaidh na himeachtaí dócmhainneachta difear d'éilimh creidiúnaithe eachtracha nach bhfuair an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

    5.  
    Ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil ag foilsiú na faisnéise sna cláir faoin Rialachán seo seachas na héifeachtaí sin a leagtar amach sa dlí náisiúnta agus in Airteagal 55(6).

    Airteagal 25

    Cláir dhócmhainneachta a idirnascadh

    1.  
    Bunóidh an Coimisiún córas díláraithe chun na cláir dhócmhainneachta a idirnascadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Is éard a bheidh sa chóras sin na cláir dhóchmhainneachta agus an Tairseach Eorpach r-Cheartas, a bheidh ina bpointe rochtana leictreonach lárnach don phobal ar fhaisnéis an chórais. Chun an fhaisnéis shainordaitheach agus aon doiciméad nó fhaisnéis eile atá sna cláir dhócmhainneachta a roghnóidh na Ballstáit chun iad a chur ar fáil trí Thairseach Eorpach don Cheartas, beidh seirbhís cuardaigh ag an gcóras i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais.
    2.  

    Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 87, glacfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas faoin 26 Meitheamh 2019:

    (a) 

    an tsonraíocht theicniúil lena sainítear na modhanna leictreonacha cumarsáide agus malartaithe faisnéis ar bhonn na sonraíochta comhéadain seanbhunaithe do chóras idirnasctha na gclár dócmhainneachta;

    (b) 

    na bearta teicniúla a áirithíonn na híoschaighdeáin slándála TF maidir le faisnéis a chur in iúl agus a dháileadh laistigh de chóras idirnasctha na gclár dócmhainneachta;

    (c) 

    íoschritéir don tseirbhís chuardaigh a chuireann an Tairseach Eorpach don r-Cheartas ar fáil, bunaithe ar an bhfaisnéis atá leagtha amach in Airteagal 24;

    (d) 

    íoschritéir maidir le torthaí cuardach den sórt sin a chur i láthair, bunaithe ar an bhfaisnéis atá leagtha amach in Airteagal 24;

    (e) 

    na bealaí agus na dálaí teicniúla a bhaineann le hinfhaighteacht seirbhísí a chuirtear ar fáil faoin gcóras idirnasctha; agus

    (f) 

    gluais ina bhfuil míniú bunúsach ar na himeachtaí dócmhainneachta náisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn A.

    Airteagal 26

    Costais na cláir dhócmhainneachta a bhunú agus a idirnascadh

    1.  
    Is ó bhuiséad ginearálta an Aontais a mhaoineofar bunú, coinneáil ar bun agus forbairt chóras na gclár dócmhainneachta idirnasctha amach anseo.
    2.  
    Seasfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann lena gcláir dhócmhainneachta náisiúnta a bhunú agus a choigeartú chun go mbeidh siad idir-inoibritheach leis an Tairseach Eorpach don r-Cheartas, chomh maith leis na costais a bhaineann leis na cláir sin a riar, a oibriú agus a choinneáil ar bun. Beidh an méid sin gan dochar don deis a d'fhéadfadh a bheith ann iarratas a chur isteach ar dheontais lena dtacaítear le gníomhaíochtaí den sórt sin faoi chláir mhaoiniúcháin an Aontais.

    Airteagal 27

    Coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis tríd an gcóras idirnaisc

    1.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis shainordaitheach dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (j) d'Airteagal 24(2) ar fáil saor in aisce trí chóras idirnasc na gclár dócmhainneachta.
    2.  
    Ní chuirfear bac ar na Ballstáit leis an Rialachán seo táille réasúnta a ghearradh, trí chóras idirnasc na gclár dócmhainneachta, ar an rochtain ar na doiciméid ná ar an bhfaisnéis bhreise dá dtagraítear in Airteagal 24(3).
    3.  
    Féadfaidh na Ballstáit rochtain a fháil ar fhaisnéis shainordaithe a bhaineann le daoine nach bhfuil i mbun gnó nó gníomhaíochta gairmiúla atá neamhspleách, agus a bhaineann le daoine atá i mbun gnó nó gníomhaíochta gairmiúla atá neamhspleách nuair nach bhfuil baint ag na himeachtaí dócmhainneachta leis an ngníomhaíocht a chur faoi réir critéar breise cuardaigh a bhaineann leis an bhféichiúnaí, de bhreis ar na critéir íosta dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 25(2).
    4.  
    Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 coinníollach ar iarraidh don údarás inniúil. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí rochtain ar an bhfaisnéis coinníollach ar fhíorú gurb ann do leas dlisteanach i dtaca le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin. Beidh an duine is iarrthóir in ann iarraidh ar fhaisnéis a chur isteach go leictreonach de bhíthin foirm chaighdeánach tríd an Tairseach Eorpach r-Cheartas. I gcás a mbeadh gá le leas dlisteanach, beidh sé incheadaithe ag an duine is iarrthóir é údar cuí a chur lena iarraidh le cóipeanna leictreonacha de na doiciméid ábhartha. Tabharfaidh an t-údarás inniúil freagra don duine is iarrthóir laistigh de thrí lá oibre.

    Ní bheidh sé d'oibleagáid ar an duine is iarrthóir aistriúcháin a chur ar fáil ar na doiciméid lena gcuirfear údar cuí lena iarraidh nó aon costais a sheasamh a bhaineann leis an aistriúchán a thabhóidh an t-údarás inniúil.

    Airteagal 28

    Foilsiú i mBallstát eile

    1.  
    Iarrfaidh an cleachtóir dócmhainneachta nó an féichiúnaí a bhfuil seilbh aige go bhfógrófar, in aon Bhallstát eile ina bhfuil teaghlachas de chuid an fhéichiúnaí lonnaithe, an fógra faoin mbreithiúnas lena dtionscnaítear na himeachtaí dócmhainneachta agus, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh lena gceaptar an cleachtóir dócmhainneachta, i gcomhréir leis na nósanna imeachta foilsithe dá bhforáiltear sa Bhallstát sin. Sonrófar san fhoilsiú sin, i gcás inarb iomchuí, an cleachtóir dócmhainneachta atá ceaptha agus an í an riail maidir le dlínse de bhun Airteagal 3(1) nó de bhun Airteagal 3(2) atá á cur i bhfeidhm.
    2.  
    Féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta nó an féichiúnaí a bhfuil seilbh aige a iarraidh go bhfoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in aon Bhallstát eile i gcás go measann an cleachtóir dócmhainneachta nó an féichiúnaí a bhfuil seilbh aige gur gá sin a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta foilseacháin dá bhforáiltear sa Bhallstát sin.

    Airteagal 29

    Clárú i gcláir phoiblí de chuid Ballstáit eile

    1.  
    Maidir le dlí an Bhallstáit a bhfuil teaghlachas de chuid an fhéichiúnaí lonnaithe ann, agus ar cuireadh an teaghlachas sin isteach i gclár poiblí de chuid an Bhallstáit sin nó ar Ballstát é a bhfuil maoin dhochorraithe lonnaithe ann ar leis an bhféichiúnaí í, i gcás go gceanglaítear le dlí an Bhallstáit sin go ndéanfar faisnéis maidir le tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 28 a fhoilsiú i gclár na talún, i gclár na gcuideachtaí nó in aon chlár poiblí eile, déanfaidh an cleachtóir dócmhainneachta nó an féichiúnaí atá i seilbh na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar clárú den sórt sin.

    ▼C1

    2.  
    Féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta nó an féichiúnaí a bhfuil seilbh aige clárú den sórt sin a iarraidh in aon Bhallstát eile, ar choinníoll go gceadaítear clárú den sórt sin le dlí an Bhallstáit ina gcoimeádtar an clár.

    ▼B

    Airteagal 30

    Costais

    Measfar gur costais agus caiteachas a tabhaíodh sna himeachtaí na costais maidir le foilsiú agus clárú dá bhforáiltear in Airteagal 28 agus in Airteagal 29.

    Airteagal 31

    Oibleagáid d'fhéichiúnaí a urramú

    1.  
    I gcás a ndearnadh oibleagáid a urramú i mBallstát ar leas féichiúnaí a bheidh faoi réir imeachtaí dócmhainneachta a tionscnaíodh i mBallstát eile, nuair ba cheart go ndearnadh í a urramú ar leas an chleachtóra dócmhainneachta sna himeachtaí sin, measfar go bhfuil an oibleagáid scaoilte ag an duine a bheidh á hurramú más rud é nach raibh sé ar an eolas faoi thionscnamh na n-imeachtaí.
    2.  
    I gcás ina n-urramófar an oibleagáid sin sula ndéanfar an foilsiú dá bhforáiltear in Airteagal 28 a chur i gcrích, toimhdeofar an duine a mbeidh an oibleagáid á hurramú aige, cheal cruthúnas dá mhalairt, a bheith aineolach ar na himeachtaí dócmhainneachta. I gcás ina n-urramófar an oibleagáid tar éis an foilsiú sin a bheith curtha i gcrích, toimhdeofar go raibh an duine a mbeidh an oibleagáid á hurramú aige, cheal cruthúnas dá mhalairt, eolach faoi thionscnamh na n-imeachtaí.

    Airteagal 32

    Aitheantas agus infhorfheidhmitheacht breithiúnas eile

    1.  
    Aithneofar freisin, gan aon fhoirmiúlachtaí breise, breithiúnais a thugann cúirt a bhfuil a breithiúnas maidir le himeachtaí a thionscnamh aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 19, ar breithiúnais iad a bhaineann le cúrsa agus clabhsúr imeachtaí dócmhainneachta, agus aithneofar ar an gcaoi céanna imshocraíochtaí ar thug an chúirt sin formheas ina leith. ►C1  Déanfar breithiúnais den sórt sin a fhorghníomhú i gcomhréir le hAirteagal 39 go hAirteagal 44 agus Airteagal 47 go hAirteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012. ◄

    Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír freisin maidir le breithiúnais a thagann díreach ó na himeachtaí dócmhainneachta agus a bhfuil dlúthbhaint acu leo, fiú amháin más cúirt eile a thug na breithiúnais sin.

    Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír freisin maidir le breithiúnais a bhaineann le bearta caomhnaithe a rinneadh tar éis iarraidh a fháil go gcuirfí tús le himeachtaí dócmhainneachta nó a rinneadh i ndáil leis an iarraidh sin.

    2.  
    Is le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a rialófar aitheantas agus forghníomhú breithiúnas nach iad na breithiúnais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar choinníoll go bhfuil an Rialachán sin infheidhme.

    Airteagal 33

    Beartas poiblí

    ▼C1

    Féadfaidh aon Bhallstát diúltú aitheantas a thabhairt d’imeachtaí dócmhainneachta a tionscnaíodh i mBallstát eile nó breithiúnas a tugadh a fhorfheidhmiú i gcomhthéacs na n-imeachtaí sin i gcás inar léir go mbeadh éifeachtaí an aitheantais nó an fhorfheidhmithe sin contrártha do bheartas poiblí an Bhallstáit sin, go háirithe a phrionsabail bhunúsacha nó cearta bunreachtúla agus saoirsí bunreachtúla an duine aonair.

    ▼B



    CAIBIDIL III

    IMEACHTAÍ DÓCMHAINNEACHTA TÁNAISTEACHA

    Airteagal 34

    Tionscnamh imeachtaí

    I gcás inar thionscain cúirt príomhimeachtaí dócmhainneachta agus gur aithníodh iad i mBallstát eile, féadfaidh cúirt de chuid an Bhallstáit eile sin, a bhfuil dlínse aici de bhun Airteagal 3(2), imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach sa Chaibidil seo. Sa chás ina gceanglófaí le príomhimeachtaí dócmhainneachta go mbeadh an féichiúnaí dócmhainneach, ní dhéanfar athscrúdú ar dhócmhainneacht an fhéichiúnaí sa Bhallstát inar féidir imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh. Beidh iarmhairtí na n-imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha srianta do na sócmhainní sin de chuid an fhéichiúnaí atá suite laistigh de chríoch an Bhallstáit inar tionscnaíodh na himeachtaí sin.

    Airteagal 35

    An dlí is infheidhme

    Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is é dlí an Bhallstáit ar tionscnaíodh na himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha laistigh dá chríoch an dlí is infheidhme maidir le himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha.

    Airteagal 36

    An ceart chun gealltanas a thabhairt chun imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a sheachaint

    1.  
    Chun tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a sheachaint, féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta gealltanas aontaobhach a thabhairt (an “gealltanas”) maidir leis na sócmhainní atá lonnaithe sa Bhallstát ina bhféadfaí imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh, go gcomhlíonfaidh sé, tráth a bheidh sé ag dáileadh na sócmhainní sin nó na bhfáltas a fuarthas mar thoradh ar iad a réadú na cearta dáilte agus tosaíochta a bheadh ag creidiúnaithe áitiúla faoin dlí náisiúnta dá mba rud é gur tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta sa Bhallstát sin. Sonrófar sa ghealltanas na toimhdí fíorasacha ar a bhfuil sí bunaithe, go háirithe maidir le luach na sócmhainní atá lonnaithe sa Bhallstát lena mbaineann agus maidir leis na roghanna a bheadh ar fáil chun na sócmhainní sin a réadú.
    2.  
    I gcás gur tugadh gealltanas i gcomhréir leis an Airteagal seo, is é dlí an Bhallstáit a bhféadfaí imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh ann an dlí is infheidhme maidir le dáileadh na bhfáltas a fuarthas mar thoradh ar réadú na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1, rangú éileamh na gcreidiúnaithe agus cearta creidiúnaithe i dtaca leis na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1. Beidh an pointe ábhartha ama chun na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh, tráth a dtabharfar an gealltanas.

    ▼C1

    3.  
    Is i dteanga oifigiúil an Bhallstáit inarbh fhéidir príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh nó i gceann de na teangacha oifigiúla dá chuid a thabharfar an gealltanas, nó, i gcás go bhfuil roinnt teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite inarbh fhéidir imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh.

    ▼B

    4.  
    Is i scríbhinn a dhéanfar an gealltanas. Beidh sé faoi réir aon cheanglais eile a bhaineann le foirm an Stáit ina ndéanfar na príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, más ann do na ceanglais sin, agus faoi réir ceanglais formheasa maidir le dáileadh.
    5.  
    Déanfaidh na creidiúnaithe áitiúla atá aitheanta an gealltanas a fhormheas. Beidh feidhm ag na rialacha maidir le tromlach cáilithe agus vótáil atá i bhfeidhm chun pleananna athstruchtúraithe a ghlacadh faoi dhlí an Bhallstáit a bhféadfaí imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh ann maidir le formheas an ghealltanais. Beidh creidiúnaithe in ann a bheith rannpháirteach sa vótáil trí mhodhanna cianchumarsáide, má cheadaítear a leithéid faoin dlí náisiúnta. Cuirfidh an cleachtóir dócmhainneachta na creidiúnaithe áitiúla atá aitheanta ar an eolas maidir leis an ngealltanas, na rialacha agus na nósanna imeachta lena fhormheas agus maidir le formheas nó diúltú an ghealltanais.
    6.  
    Beidh gealltanas a thugtar agus a fhormheastar i gcomhréir leis an Airteagal seo ceangailteach ar an eastát. Má thionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha i gcomhréir le hAirteagal 37 agus le hAirteagal 38, aistreoidh an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta, tar éis don ghealltanas a thabhairt, aon sócmhainní a bhain sé de chríoch an Bhallstáit sin chuig an gcleachtóir dócmhainneachta sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha nó, sa chás gur réadaíodh na sócmhainní sin cheana, aistreoidh sé a bhfáltais.
    7.  
    Nuair a thabharfaidh an cleachtóir dócmhainneachta gealltanas, cuirfidh sé na creidiúnaithe áitiúla ar an eolas maidir leis an dáileadh atá beartaithe sula ndéanfaidh sé na sócmhainní agus na fáltais dá dtagraítear i mír 1 a dháileadh. Mura mbeidh an fhaisnéis sin i gcomhréir le coinníollacha an ghealltanais nó leis an dlí is infheidhme, féadfaidh aon chreidiúnaí áitiúil dúshlán i gcoinne an dáilte sin a chur faoi bhráid chúirteanna an Bhallstáit inar tionscnaíodh príomhimeachtaí dócmhainneachta chun go gheobhaidh sé dáileadh i gcomhréir le coinníollacha an ghealltanais agus leis an dlí is infheidhme. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh aon dáileadh i gceist go dtí go ndéanfaidh an chúirt cinneadh maidir leis an dúshlán.
    8.  
    Féadfaidh creidiúnaithe áitiúla iarratas a chur faoi bhráid chúirteanna an Bhallstáit inar tionscnaíodh príomhimeachtaí dócmhainneachta chun a cheangal ar an gcleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta aon bhearta iomchuí a ghlacadh ar gá iad lena áirithiú go gcomhlíonfar coinníollacha an ghealltanais atá ar fáil faoi dhlí an Bhallstáit inar tionscnaíodh na príomhimeachtaí dócmhainneachta.
    9.  
    Féadfaidh creidiúnaithe áitiúla iarratas a chur faoi bhráid chúirteanna an Bhallstáit sin freisin a bhféadfaí imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh ann d'fhonn a cheangal ar an gcúirt bearta sealadacha nó cosanta a ghlacadh chun a áirithiú go mbeadh coinníollacha an ghealltanais á gcomhlíonadh ag an gcleachtóir dócmhainneachta.
    10.  
    Beidh an cleachtóir dócmhainneachta faoi dhliteanas maidir le haon damáiste a dhéanfaí do chreidiúnaithe áitiúla ós rud é nár chomhlíon sé na hoibleagáidí agus na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.
    11.  
    Chun críche an Airteagail seo, aon údarás atá bunaithe sa Bhallstát ina bhféadfaí imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh agus a bhfuil sé de cheanglas air faoi Threoir 2008/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) a ráthú go n-íocfar éilimh fhostóirí nach bhfuil íoctha a dtig as conarthaí fostaíochta nó as caidreamh fostaíochta, measfar mar “creidiúnaí áitiúil” é.

    Airteagal 37

    An ceart a iarraidh go ndéanfar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh

    1.  

    Féadfaidh na daoine a leanas a iarraidh go ndéanfar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh:

    (a) 

    an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta;

    (b) 

    aon duine nó údarás eile a chumhachtaítear chun tionscnaimh imeachtaí dócmhainneachta a iarraidh faoi dhlí an Bhallstáit ar laistigh dá chríoch sin a iarrfar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh.

    2.  
    Nuair atá gealltanas ina cheangal i gcomhréir le hAirteagal 36, déanfar an iarraidh chun imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh a chur isteach laistigh de 30 lá tar éis fháil an fhógra maidir le formheas an ghealltanais.

    Airteagal 38

    Cinneadh maidir le himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh

    1.  
    Déanfaidh cúirt a n-iarrtar uirthi imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh fógra a thabhairt láithreach don chleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta agus tabharfaidh sí deis éisteachta dó i leith ha hiarrata.
    2.  
    I gcás inar thug an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta gealltanas, i gcomhréir le hAirteagal 36, ar iarraidh ón gcleachtóir dócmhainneachta, ní dhéanfaidh an chúirt dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh má bhíonn sí sásta go gcosnaítear leasa ginearálta na gcreidiúnaithe áitiúla go leordhóthanach leis an ngealltanas sin.
    3.  
    I gcás inar deonaíodh bac sealadach ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe chun caibidlíocht a cheadú idir an féichiúnaí agus a chuid creidiúnaithe, féadfaidh an chúirt, ar iarraidh ón gcleachtóir dócmhainneachta nó ón bhféichiúnaí i seilbh, bac a chur ar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha le tréimhse nach faide ná trí mhí, ar choinníoll go bhfuil bearta oiriúnacha i bhfeidhm chun leas creidiúnaithe áitiúla a chosaint.

    Féadfaidh an chúirt dá dtagraítear i mír 1 bearta cosanta a ordú chun leas na gcreidiúnaithe áitiúla a chosaint trí cheangal ar an bhféichiúnaí nó ar an gcleachtóir dócmhainneachta gan sócmhainní atá lonnaithe sa Bhallstát ina bhfuil a bhunaíocht lonnaithe a aistriú nó a dhiúscairt ach amháin i gcás go ndéantar é sin sa ghnáthchúrsa gnó. Féadfaidh an chúirt bearta eile a ordú freisin chun leas na gcreidiúnaithe áitiúla a chosaint le linn thréimhse an bhaic mura bhfuil sin neamhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le nós imeachta sibhialta.

    Déanfaidh an chúirt an bac ar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh a bhaint uaithi féin nó ar iarraidh ó chreidiúnaí más rud é go gcuirfear i gcrích le linn thréimhse an bhaic comhaontú sa chaibidlíocht dá dtagraítear sa chéad fho-mhír.

    Féadfaidh an chúirt an bac a bhaint ar a conlán féin nó ar iarraidh ó chreidiúnaí má dhéantar dochar do chearta an chreidiúnaí mar gheall ar leanúint an bhaic, go háirithe má chuirtear isteach ar chaibidlíocht nó más léir anois nach dócha go gcuirfear i gcrích iad nó má sháraigh an cleachtóir dócmhainneachta nó an féichiúnaí atá i seilbh an toirmeasc maidir lena shócmhainní a dhiúscairt nó maidir lena mbaint de chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an bhunaíocht lonnaithe.

    4.  
    Ar iarraidh ón gcleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta, féadfaidh an chúirt dá dtagraítear i mír 1 cineál imeachtaí dócmhainneachta a liostaítear in Iarscríbhinn A seachas an cineál a iarradh ar dtús, a thionscnamh, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha maidir le tionscnamh an chineáil sin nós imeachta faoin dlí náisiúnta á gcomhlíonadh agus gurb iad na himeachtaí sin na cinn is iomchuí, agus leas na gcreidiúnaithe áitiúla á chur san áireamh chomh maith le leas na comhoiriúnachta idir na príomhimeachtaí dócmhainneachta agus na himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha. Beidh feidhm ag an dara habairt d'Airteagal 34.

    Airteagal 39

    Athbhreithniú breithiúnach ar an gcinneadh chun príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh

    Féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta dúshlán a chur síos i gcoinne an chinnidh imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh os comhair chúirteanna an Bhallstáit inar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha, ar an bhforas nár chomhlíon an chúirt coinníollacha agus ceanglais Airteagal 38.

    Airteagal 40

    Réamhíocaíocht costas agus speansais

    Nuair a cheanglaítear le dlí an Bhallstáit ina n-iarrtar tionscnamh na nósanna imeachta dócmhainneachta tánaisteacha go mbeidh sócmhainní an fhéichiúnaí leordhóthanach chun costais agus speansais na nósanna imeachta a chlúdach go páirteach nó go hiomlán, féadfaidh an chúirt, nuair a fhaigheann sí iarratas den sórt sin, a iarraidh ar an iarratasóir réamhíocaíocht a dhéanamh maidir le costais nó urrús iomchuí a sholáthar.

    Airteagal 41

    Comhar agus cumarsáid idir cleachtóirí dócmhainneachta

    1.  
    Rachaidh an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta agus an cleachtóir dócmhainneachta nó na cleachtóirí dócmhainneachta sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a bhaineann leis an bhféichiúnaí céanna i mbun comhair lena chéile a mhéid nach mbeidh comhar den sórt sin ar neamhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis na himeachtaí faoi seach. Féadfaidh comhar mar sin a bheith i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear tabhairt chun críche comhaontuithe nó prótacal.
    2.  

    Agus an comhar a leagtar amach i mír 1 á chur chun feidhme acu, déanfaidh na cleachtóirí dócmhainneachta an méid a leanas:

    (a) 

    aon fhaisnéis a d'fhéadfadh a bheith ábhartha sna himeachtaí eile a chur in iúl dá chéile a luaithe is féidir, go háirithe aon dul chun cinn a dhéantar maidir le héilimh a thaisceadh agus a fhíorú agus gach beart arb é is aidhm dó an féichiúnaí a tharrtháil nó a athstruchtúrú nó na himeachtaí a fhoirceannadh, ar choinníoll go ndéantar socruithe iomchuí chun faisnéis rúnda a chosaint;

    (b) 

    féachaint an bhféadfaí athstruchtúrú a dhéanamh ar an bhféichiúnaí agus, más féidir sin, ullmhú agus cur chun feidhme plean athstruchtúraithe a chomhordú;

    (c) 

    comhordú a dhéanamh ar riar réadú nó úsáid sócmhainní agus gnóthaí an fhéichiúnaí; tabharfaidh an cleachtóir dócmhainneachta sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha deis luath don chleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta moltaí a chur isteach maidir le réadú nó úsáid na sócmhainní sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha.

    3.  
    Beidh feidhm ag mír 1 agus ag mír 2 mutatis mutandis i gcás go mbeidh seilbh ag an bhféichiúnaí i gcónaí ar a shócmhainní agus go mbaineann na príomhimeachtaí dócmhainneachta nó na himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha nó aon cheann de na himeachtaí críche dócmhainneachta leis an bhféichiúnaí céanna agus go bhfuil na himeachtaí sin tionscanta ag an am céanna.

    Airteagal 42

    Comhar agus cumarsáid idir cúirteanna

    1.  
    Chun gur fusa a bheidh sé príomhimeachtaí, imeachtaí críche agus imeachtaí tánaisteacha a bhaineann le haon fhéichiúnaí amháin a chomhordú, aon chúirt a bhfuil iarraidh ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ar feitheamh faoina bráid nó a rinne imeachtaí den sórt sin a thionscnamh, rachaidh sí i gcomhar le haon chúirt eile a bhfuil iarraidh ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ar feitheamh faoina bráid nó a rinne imeachtaí den sórt sin a thionscnamh a mhéid atá comhar den sórt sin comhoiriúnach leis na rialacha is infheidhme maidir le gach ceann de na himeachtaí. Chun na críche sin, féadfaidh na cúirteanna, más iomchuí, duine nó comhlacht neamhspleách a cheapadh a ghníomhóidh de réir a threoracha, ar choinníoll nach mbeidh sin ar neamhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leo.
    2.  
    Agus an comhar a leagtar amach i mír 1 á chur chun feidhme acu, féadfaidh na cúirteanna, nó aon duine ceaptha nó aon chomhlacht ceaptha atá ag gníomhú thar a gceann, de réir mar a dtagraítear dó sin i mír 1, cumarsáid a dhéanamh le chéile go díreach, nó faisnéis nó cúnamh a iarraidh ar a chéile go díreach, ar choinníoll go ndéantar cearta nós imeachta na bpáirtithe sna himeachtaí agus rúndacht na faisnéise a urramú leis an gcumarsáid sin.
    3.  

    Féadfar an comhar dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme trí mhodh ar bith a mheasann an chúirt a bheith oiriúnach. D'fhéadfadh sé go mbeadh baint aige leis an méid a leanas, go háirithe:

    (a) 

    comhordú maidir le ceapadh na gcleachtóirí dócmhainneachta;

    (b) 

    faisnéis a chur in iúl trí mhodh ar bith a mheasann an chúirt a bheith iomchuí;

    (c) 

    riar agus maoirseacht shócmhainní agus gnóthaí an fhéichiúnaí a chomhordú;

    (d) 

    stiúir na n-éisteachtaí a chomhordú;

    (e) 

    comhordú maidir le prótacail a fhormheas, nuair is gá.

    Airteagal 43

    Comhar agus cumarsáid idir cleachtóirí dócmhainneachta agus cúirteanna

    1.  

    D'fhonn éascaíocht a dhéanamh do chomhardú príomhimeachtaí agus imeachtaí críche agus tánaisteacha a thionscnaítear i leith aon fhéichiúnaí amháin,

    (a) 

    rachaidh cleachtóir dócmhainneachta i bpríomhimeachtaí dócmhainneachta i gcomhar agus i gcumarsáid le haon chúirt a bhfuil iarraidh ar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh ar feitheamh faoina bráid nó a rinne imeachtaí den sórt sin a thionscnamh;

    (b) 

    rachaidh cleachtóir dócmhainneachta in imeachtaí dócmhainneachta críche nó tánaisteacha i gcomhar agus i gcumarsáid leis an gcúirt ina bhfuil iarraidh ar phríomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ar feitheamh faoina bráid nó a rinne imeachtaí den sórt sin a thionscnamh, agus

    (c) 

    rachaidh cleachtóir dócmhainneachta in imeachtaí dócmhainneachta críche nó in imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha i gcomhar agus i gcumarsáid leis an gcúirt ina bhfuil iarraidh ar phríomhimeachtaí dócmhainneachta eile críche nó imeachtaí tánaisteacha a thionscnamh ar feitheamh faoina bráid nó a rinne imeachtaí den sórt sin a thionscnamh.

    A mhéid nach mbeidh comhar ná cumarsáid den sórt sin ar neamhréir leis na rialacha is infheidhme i gcás gach ceann de na himeachtaí agus ní bheidh aon choinbhleacht leasa i gceist leo.

    2.  
    Féadfar an comhar dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme trí mhodh ar bith atá iomchuí, amhail na modhanna a leagtar amach in Airteagal 42(3).

    Airteagal 44

    Costais a bhaineann le comhar agus cumarsáid

    Ní bheidh sé mar thoradh ar na ceanglais atá leagtha síos sin Airteagal 42 agus in Airteagal 43 go mbeidh na cúirteanna ag gearradh táillí ar a chéile as comhar agus as cumarsáid.

    Airteagal 45

    Cearta creidiúnaithe a fheidhmiú

    1.  
    Féadfaidh aon chreidiúnaí a éileamh a thaisceadh sna príomhimeachtaí dócmhainneachta agus in aon imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha.
    2.  
    Féadfaidh na cleachtóirí dócmhainneachta sna príomhimeachtaí agus in aon imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a gcuid éileamh a thaisceadh in imeachtaí eile a taisceadh cheana féin sna himeachtaí ar ceapadh lena n-aghaidh sin iad, ar choinníoll go bhfónfar ar an mbealach sin do leasanna na gcreidiúnaithe sna himeachtaí deireanacha sin, faoi réir cheart na gcreidiúnaithe agóid a dhéanamh i gcoinne taisceadh den sórt sin nó taisceadh a gcuid éileamh a tharraingt siar i gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis an dlí is infheidhme.
    3.  
    Beidh an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta nó sna himeachtaí tánaisteacha i dteideal a bheith rannpháirteach in imeachtaí eile ar an mbonn céanna le creidiúnaí, go háirithe trí fhreastal ar chruinnithe creidiúnaithe.

    Airteagal 46

    Bac ar phróiseas réadú na sócmhainní

    1.  
    Cuirfidh an chúirt a d'oscail na himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha bac ar phróiseas réadú na sócmhainní go páirteach nó go hiomlán tar éis di iarraidh a fháil ón gcleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta. I gcás sen sórt sin d'fhéadfadh sé a bheith de cheangal ar an gcleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta aon bheart is iomchuí a ghlacadh chun leasanna na gcreidiúnaithe sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a ráthú chomh maith le leasanna aicmí aonair chreidiúnaithe. Féadfar iarraidh den sórt sin ón gcleachtóir dócmhainneachta a dhiúltú i gcás inar follas nach chun leasa na gcreidiúnaithe sna príomhimeachtaí dócmhainneachta é, agus sa chás sin amháin. Féadfar bac den sórt sin ar phróiseas réadú na sócmhainní a ordú ar feadh tréimhse suas le trí mhí. Féadfar é a fhadú nó a athnuachan go ceann tréimhsí iontamhla.
    2.  

    Cuirfidh an chúirt dá dtagraítear i mír 1 deireadh leis an mbac ar phróiseas réadú na sócmhainní:

    (a) 

    arna iarraidh sin don chleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta;

    (b) 

    uaithi féin, arna iarraidh sin do chreidiúnaí nó don chleachtóir dócmhainneachta sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha má dhealraíonn sé nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart sin a thuilleadh, go háirithe, a mhéid a bhaineann sé le leasanna na gcreidiúnaithe sna príomhimeachtaí dócmhainneachta nó sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha.

    Airteagal 47

    Cumhacht an chleachtóra dócmhainneachta pleananna athstruchtúraithe a mholadh

    1.  
    I gcás go gceadaíonn dlí an Bhallstáit ar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha ann go gcuirfear clabhsúr gan leachtú ar na himeachtaí sin le plean athstruchtúraithe, le himshocraíocht nó le beart inchomparáide eile, cumhachtófar don chleachtóir dócmhainneachta féin sna príomhimeachtaí dócmhainneachta beart den sórt sin a mholadh i gcomhréir le nós imeachta an Bhallstáit sin.
    2.  
    Ní bheidh éifeacht ag aon srian ar chearta creidiúnaithe a eascraíonn as beart dá dtagraítear i mír 1 agus a mholtar in imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha, amhail bac ar íocaíocht nó urscaoileadh fiachais, maidir le sócmhainní de chuid féichiúnaí nach gcumhdaítear leis na himeachtaí sin, gan toiliú na gcreidiúnaithe leasmhara uile.

    Airteagal 48

    An éifeacht a leanann as clabhsúr a chur ar imeachtaí dócmhainneachta

    1.  
    Gan dochar d'Airteagal 49, má chuirtear clabhsúr ar imeachtaí dócmhainneachta ní chuirfidh sin cosc ar dhul ar aghaidh imeachtaí dócmhainneachta eile atá fós tionscanta an tráth sin agus a bhaineann leis an bhféichiúnaí céanna.
    2.  
    I gcás go mbeadh díscaoileadh an duine dhlítheanaigh nó na cuideachta i gceist le himeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le duine dlisteanach nó le cuideachta i mBallstát oifig chláraithe an duine sin nó na cuideachta sin, ní bheidh deireadh leis an duine sin nó leis an gcuideachta sin go dtí go mbeidh clabhsúr ar aon imeachtaí dócmhainneachta eile a bhaineann leis an bhféichiúnaí céanna nó go mbeidh toiliú tugtha ag an gcleachtóir dócmhainneachta, nó ag na cleachtóirí dócmhainneachta sna himeachtaí sin don díscaoileadh.

    Airteagal 49

    Sócmhainní atá fágtha sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha

    I gcás inarb indéanta, le réadú na sócmhainní sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha, go bhféadfar na héilimh go léir a cheadaítear faoi na himeachtaí sin a shásamh, déanfaidh an cleachtóir dócmhainneachta a ceapadh sna himeachtaí sin aon sócmhainní atá fágtha a aistriú láithreach chuig an gcleachtóir dócmhainneachta atá sna príomhimeachtaí dócmhainneachta.

    Airteagal 50

    Tionscnamh na bpríomhimeachtaí dócmhainneachta dá éis sin

    I gcás ina dtionscnófar na himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) tar éis na himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a thionscnamh i mBallstát eile, beidh feidhm ag Airteagail 41, ag 45, 46, 47 agus 49 maidir leis na himeachtaí a chéadtionscnaíodh, a mhéid a cheadaítear é le dul chun cinn na n-imeachtaí sin.

    Airteagal 51

    Imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thiontú

    1.  
    Arna iarraidh sin don chleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta féadfaidh cúirt an Bhallstáit ar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha ann a ordú go dtiontófar na himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha go cineál eile imeachtaí dócmhainneachta a liostaítear in Iarscríbhinn A, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha maidir le tionscnamh an chineáil sin imeachtaí faoin dlí náisiúnta á gcomhlíonadh agus gurb é na himeachtaí sin na cinn is iomchuí i ndáil le leas na gcreidiúnaithe áitiúla agus le comhleanúnachas idir na príomhimeachtaí dócmhainneachta agus na himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha.
    2.  
    Agus an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 á meas aici, féadfaidh an chúirt faisnéis a lorg ó na cleachtóirí dócmhainneachta atá páirteach sa dá chineál imeachtaí.

    Airteagal 52

    Bearta caomhnaithe

    I gcás ina gceapfaidh cúirt Ballstáit a mbeidh dlínse aici de bhun Airteagal 3(1) riarthóir sealadach d'fhonn caomhnú sócmhainní féichiúnaí a áirithiú, cumhachtófar an riarthóir sealadach sin chun aon bhearta a iarraidh d'fhonn aon sócmhainní de chuid an fhéichiúnaí atá lonnaithe i mBallstát eile a shlánú agus a chaomhnú, ar choinníoll dá bhforáiltear faoi dhlí an Bhallstáit sin, don tréimhse idir an iarraidh maidir le himeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh agus an breithiúnas lena dtionscnófar na himeachtaí.



    CAIBIDIL IV

    FAISNÉIS A SHOLÁTHAR DO CHREIDIÚNAITHE AGUS TAISCEADH A gCUID ÉILEAMH

    Airteagal 53

    An ceart chun éilimh a thaisceadh

    Féadfaidh aon chreidiúnaí eachtrach éilimh a thaisceadh in imeachtaí dócmhainneachta le haon mhodh cumarsáide a nglactar leo faoi dhlí Stát tionscanta na n-imeachtaí. Ní bheidh uiríoll dlíodóra ná gairmí dhlíthiúil eile éigeantach díreach chun críche éilimh a thaisceadh.

    Airteagal 54

    An oibleagáid maidir le creidiúnaithe a chur ar an eolas

    1.  
    A luaithe a thionscnófar imeachtaí dócmhainneachta i mBallstát, déanfaidh cúirt an Stáit sin a bhfuil dlínse aici, nó an cleachtóir dócmhainneachta a cheapfaidh an chúirt sin, na creidiúnaithe eachtracha aitheanta a chur ar an eolas láithreach.
    2.  
    Áireofar sa bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, a sholáthrófar le fógra aonair, go háirithe, teorainneacha ama, na pionóis a leagtar síos i ndáil leis na teorainneacha ama sin, an comhlacht nó an t-údarás a chumhachtaítear chun taisceadh na n-éileamh agus aon bheart eile a leagtar síos a ghlacadh. Le fógra den sórt sin freisin léireofar an gá do chreidiúnaithe a gcuid éileamh a thaisceadh, ar creidiúnaithe iad a bhfuil éilimh thosaíochta nó éilimh urraithe in rem acu. Áireofar leis an bhfógra freisin cóip den fhoirm chaighdeánach le haghaidh na héilimh dá dtagraítear in Airteagal 55 a thaisceadh nó beidh faisnéis san fhógra faoin áit inar féidir teacht ar an bhfoirm sin.
    3.  
    Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo ar fáil trí fheidhm a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 88. Foilseofar an fhoirm sa Tairseach Eorpach r-Cheartas agus beidh an ceannteideal “Fógra faoi imeachtaí dócmhainneachta” uirthi i ngach ceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais. Tarchuirfear í i dteanga oifigiúil an Bhallstáit inar tionscnaíodh na himeachtaí nó, má tá roinnt teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite inar tionscnaíodh imeachtaí, nó i dteanga eile ar léirigh an Stát sin gur féidir leis glacadh léi i gcomhréir le hAirteagal 55(5), más féidir a thabhairt le fios go bhfuil sé níos fusa do na creidiúnaithe eachtracha an teanga sin a thuiscint.
    4.  
    In imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le duine aonair nach bhfuil gnó ná gníomhaíocht ghairmiúil ar bun aige, ní bheidh sé éigeantach an fhoirm chaighdeánach dá dtagraítear san Airteagal seo a úsáid más rud é nach gá do chreidiúnaithe a n-éilimh a thaisceadh ionas go gcuirfear a n-éilimh san áireamh sna himeachtaí.

    Airteagal 55

    Nós imeachta maidir le héilimh a thaisceadh

    1.  
    Féadfaidh aon chreidiúnaí eachtrach a éileamh a thaisceadh agus feidhm á baint aige as an bhfoirm chaighdeánach a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 88. Beidh ar an bhfoirm i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais an ceannteideal “Taisceadh éileamh”.
    2.  

    Áireofar ar an bhfoirm chaighdeánach éileamh dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis seo a leanas:

    (a) 

    ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist, más ann dó, uimhir aitheantais phearsanta, más ann di, agus sonraí bainc an fhéichiúnaí eachtrach dá dtagraítear i mír 1;

    (b) 

    méid an éilimh, agus sonrú na príomhshuime agus, i gcás inarb infheidhme, sonrú an úis agus an dáta ar ar eascair an t-éileamh agus an dáta ar tháinig sé le bheith dlite, más dáta difriúil é;

    (c) 

    má tá ús á éileamh, an ráta úis, más de chineál dlítheanach nó conarthach an t-ús, an tréimhse dá bhfuil an t-ús á éileamh agus suim chaipitlithe an úis;

    (d) 

    má éilítear costais a tabhaíodh maidir leis an éileamh a dhearbhú sular tionscnaíodh imeachtaí, méid agus sonraí na gcostas sin;

    (e) 

    cineál an éilimh;

    (f) 

    an éilítear aon stádas mar chreidiúnaí tosaíochta agus má éilítear an bonn is cúis leis an éileamh sin;

    (g) 

    an líomhnaítear aon urrús luachmhar nó forchoimeád teidil i leith an éilimh nó nach líomhnaítear, agus má líomhnaítear, cad iad na sócmhainní a chumhdaíonn an leas urrúis atá á ghairm, an dáta ar deonaíodh an t-urrús agus, i gcás inar cláraíodh an t-urrús, an uimhir chláraithe; agus

    (h) 

    an éilítear aon fhritháireamh agus má éilítear, méideanna na n-éileamh frithpháirteach a bhí ann an dáta a tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta, an dáta a d'eascair na héilimh agus an méid glan ar fhritháireamh atá á éileamh.

    Beidh cóipeanna de aon doiciméid tacaíochta ag gabháil leis an bhfoirm chaighdeánach le haghaidh éileamh.

    3.  
    Cuirfear in iúl ar an bhfoirm caighdeánach nach bhfuil sé éigeantach faisnéis a sholáthar maidir leis na sonraí bainc agus uimhir aitheantais phearsanta an chreidiúnaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2.
    4.  
    Nuair a thaisceann creidiúnaí a éileamh trí mheán eile seachas an fhoirm chaighdeánach dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 san éileamh.
    5.  
    Féadfar éilimh a thaisceadh i dteanga oifigiúil ar bith de chuid institiúidí an Aontais. Féadfaidh an chúirt, an cleachtóir dócmhainneachta nó an féichiúnaí atá i seilbh a cheangal ar an bhféichiúnaí aistriúchán a sholáthar i dteanga oifigiúil Stát tionscanta na n-imeachtaí nó, má tá roinnt teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite inar tionscnaíodh na himeachtaí a thionscnamh, nó i dteanga eile ar léirigh an Ballstát sin gur féidir leis glacadh léi. Luafaidh gach Ballstát cibé an nglacann nó nach nglacann sé le haon teanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais seachas a theanga féin chun críche éilimh a thaisceadh.
    6.  
    Taiscfear éilimh laistigh den tréimhse a ordaítear faoi dhlí an Stáit inar tionscnaíomh na himeachtaí. I gcás creidiúnaí eachtraigh, ní bheidh an tréimhse sin níos lú ná 30 lá tar éis fhoilsiú thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta i gclár dócmhainneachta Stát tionscanta na n-imeachtaí. I gcás mbíonn Ballstát ag brath ar Airteagal 24(4), ní bheidh an tréimhse sin níos lú ná 30 lá tar éis don chreidiúnaí a bheith curtha ar an eolas de bhun Airteagal 54.
    7.  
    I gcás ina mbeidh amhras ar na cúirteanna, ar an gcleachtóir dócmhainneachta nó ar an bhféichiúnaí a bhfuil seilbh aige maidir le héileamh arna thaisceadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh siad deis don chreidiúnaí tuilleadh faisnéise a sholáthar maidir leis an éileamh a bheith ann agus maidir le méid an éilimh.



    CAIBIDIL V

    IMEACHTAÍ DÓCMHAINNEACHTA I LEITH COMHALTAÍ DE GHRÚPA CUIDEACHTAÍ



    ROINN 1

    Comhar agus cumarsáid

    Airteagal 56

    Comhar agus cumarsáid idir cleachtóirí dócmhainneachta

    1.  
    I gcás ina mbaineann imeachtaí dócmhainneachta le dhá chomhalta nó níos mó de ghrúpa cuideachtaí, rachaidh cleachtóir dócmhainneachta a cheaptar in imeachtaí a bhaineann le comhalta den ghrúpa i gcomhar le haon cleachtóir dócmhainneachta eile a cheaptar in imeachtaí a bhaineann le comhalta eile den ghrúpa céanna a mhéid atá comhar den sórt sin oiriúnach chun riaradh éifeachtach na n-imeachtaí sin a éascú, a mhéid atá sé comhoiriúnach leis na rialacha is infheidhme in imeachtaí den sórt sin agus a mhéid nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i gceist leis. Féadfaidh an comhar sin a bheith i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear tabhairt chun críche comhaontuithe nó prótacal.
    2.  

    Ó thaobh an chomhair a leagtar amach i mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh cleachtóirí dócmhainneachta an méid a leanas

    (a) 

    cuirfidh siad aon fhaisnéis a d'fhéadfadh a bheith ábhartha sna himeachtaí eile in iúl dá chéile a luaithe agus is féidir, ar choinníoll go ndéanfar na socruithe iomchuí chun faisnéis rúnda a chosaint;

    (b) 

    breithneoidh siad an féidir comhordú a dhéanamh ar riarachán agus ar mhaoirseacht ghnóthaí chomhaltaí an ghrúpa atá faoi réir imeachtaí dócmhainneachta, agus más féidir, déanfaidh siad comhordú ar an riarachán agus ar an maoirseacht sin;

    (c) 

    breithneoidh siad an féidir athstruchtúrú a dhéanamh ar chomhaltaí an ghrúpa atá faoi réir imeachtaí dócmhainneachta agus,más féidir, déanfaidh siad comhordú ar an bpróiseas trína ndéanfar plean athstruchtúraithe comhordaithe a mholadh agus a chaibidil.

    Chun críocha phointe (b) agus phointe (c), féadfaidh cuid de na cleachtóirí dócmhainneachta nó na cleachtóirí dócmhainneachta uile dá dtagraítear i mír 1 toiliú le cumhachtaí breise a thabhairt don chleachtóir dócmhainneachta a cheaptar i gceann amháin de na himeachtaí i gcás ina bhfuil toiliú den sórt sin ceadaithe sna rialacha is infheidhme i leith gach ceann de na himeachtaí. Féadfaidh siad teacht ar chomhaontú freisin faoi leithdháileadh tascanna áirithe eatarthu, i gcás ina gceadaítear leithdháileadh mar sin a dhéanamh ar thascanna leis na rialacha is infheidhme do gach ceann de na himeachtaí.

    Airteagal 57

    Comhar agus cumarsáid idir cúirteanna

    1.  
    I gcás ina mbaineann imeachtaí dócmhainneachta le dhá chomhalta nó níos mó de ghrúpa cuideachtaí, cúirt a rinne imeachtaí den sórt sin a thionscnamh, rachaidh sí i gcomhar le haon chúirt eile a bhfuil iarraidh ar imeachtaí a thionscnamh a bhaineann le comhalta eile den ghrúpa céanna ar feitheamh faoina bráid nó a rinne imeachtaí den sórt sin a thionscnamh a mhéid atá comhar den sórt sin oiriúnach chun riaradh éifeachtach na n-imeachtaí a éascú, comhoiriúnach leis na rialacha is infheidhme i ngach ceann de na himeachtaí agus nach mbaineann coinbhleacht leasa leo. Chun na críche sin, féadfaidh na cúirteanna, más iomchuí, duine nó comhlacht neamhspleách a cheapadh a ghníomhóidh de réir a threoracha, ar choinníoll nach mbeidh sin ar neamhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leo.
    2.  
    Agus an comhar a leagtar amach i mír 1 á chur chun feidhme acu, féadfaidh cúirteanna, nó aon duine nó aon chomhlacht a ceapadh le gníomhú thar a gceann, dá dtagraítear i mír 1, cumarsáid a dhéanamh le chéile go díreach, nó faisnéis nó cúnamh a iarraidh ar a chéile go díreach, ar choinníoll go ndéantar cearta nós imeachta na bpáirtithe sna himeachtaí agus rúndacht na faisnéise a urramú leis an gcumarsáid sin.
    3.  

    Féadfar an comhar dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme le haon mhodh a mheasann an chúirt a bheith oiriúnach. D'fhéadfadh baint a bheith aige, go háirithe, leis an méid seo a leanas:

    (a) 

    comhordú maidir le ceapadh gcleachtóirí dócmhainneachta;

    (b) 

    faisnéis a chur in iúl trí mhodh ar bith a mheasann an chúirt a bheith iomchuí;

    (c) 

    riar agus maoirseacht shócmhainní agus ghnóthaí chomhaltaí an ghrúpa a chomhordú;

    (d) 

    stiúir na n-éisteachtaí a chomhordú;

    (e) 

    comhordú maidir le prótacail a fhormheas, nuair is gá.

    ▼C1

    Airteagal 58

    Comhar agus cumarsáid idir cleachtóirí dócmhainneachta agus cúirteanna

    Aon chleachtóir dócmhainneachta a cheaptar in imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le comhalta de ghrúpa cuideachtaí:

    (a) 

    rachaidh sé i mbun comhair agus déanfaidh sé cumarsáid le haon chúirt a bhfuil iarraidh ar imeachtaí a thionscnamh i ndáil le comhalta eile den ghrúpa céanna cuideachtaí ar feitheamh faoina bráid nó a thionscain imeachtaí den sórt sin; agus

    (b) 

    féadfaidh sé faisnéis a iarraidh ar an gcúirt sin a bhaineann le himeachtaí i ndáil leis an gcomhalta eile den ghrúpa nó féadfaidh sé cúnamh a iarraidh maidir leis na himeachtaí ar ceapadh eisean iontu;

    a mhéid a bhfuil an comhar agus an chumarsáid sin oiriúnach chun na himeachtaí a riaradh ar bhealach éifeachtach, nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i gceist leo agus nach bhfuil siad ar neamhréir leis na rialacha is infheidhme.

    ▼B

    Airteagal 59

    Costais maidir le comhar agus cumarsáid in imeachtaí a bhaineann le comhaltaí de ghrúpa cuideachtaí

    Na costais a thabhaíonn cleachtóir dócmhainneachta maidir le comhar agus cumarsáid dá bhforáiltear in Airteagal 56 go hAirteagal 60, measfar iad mar chostais agus caiteachas a thabhaítear sna himeachtaí faoi seach.

    Airteagal 60

    Cumhachtaí an chleachtóra dócmhainneachta in imeachtaí a bhaineann le comhaltaí de ghrúpa cuideachtaí

    1.  

    Féadfaidh cleachtóir dócmhainneachta, a cheaptar in imeachtaí dócmhainneachta a thionscnaítear i ndáil le comhalta de ghrúpa cuideachtaí, a mhéid atá oiriúnach d'fhonn riar éifeachtach na n-imeachtaí a éascú:

    (a) 

    éisteacht a fháil in aon cheann de na himeachtaí arna dtionscnamh i ndáil le haon chomhalta eile den ghrúpa céanna;

    (b) 

    bac a iarraidh i gcás aon bheart a bhaineann le fíorú na sócmhainní sna himeachtaí a thionscnaítear i ndáil le haon chomhalta eile den ghrúpa céanna; ar choinníoll:

    (i) 

    gur beartaíodh plean athstruchtúraithe do chomhaltaí uile an ghrúpa nó do chuid de chomhaltaí an ghrúpa a ndearnadh imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ina leith faoi phointe (c) d'Airteagal 56(2) agus go bhfuil seans réasúnta ann go n-éireoidh leis an bplean sin;

    (ii) 

    go bhfuil bac den sórt sin riachtanach lena áirithiú go gcuirfear an plean athstruchtúraithe chun feidhme mar is cuí;

    (iii) 

    go rachadh an plean athstruchtúraithe chun tairbhe na gcreidiúnaithe sna himeachtaí ina ndéantar an bac a iarraidh; agus

    (iv) 

    maidir leis na himeachtaí dócmhainneachta ina gceaptar an cleachtóir dócmhainneachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó na himeachtaí ina ndéantar an bac a iarraidh ina leith, níl ceachtar acu faoi réir comhordaithe faoi Roinn 2 den Chaibidil seo;

    (c) 

    iarratas a chur isteach ar imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 61.

    2.  
    Cuirfidh an chúirt a thionscain na himeachtaí dá dtagraítear bpointe (b) de mhír 1 bac ar aon bheart a bhaineann le fíorú na sócmhainní sna himeachtaí ina n-iomláine nó i bpáirt má tá sí sásta go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

    Sula ndéanfaidh sí an bac a ordú, éisteoidh an chúirt leis an gcleachtóir dócmhainneachta a ceapadh sna himeachtaí a n-iarrtar an bac ina leith. Féadfar bac den sórt sin a ordú do thréimhse ar bith, nach mbeidh níos faide ná trí mhí, a measann an chúirt é a bheith iomchuí agus atá comhoiriúnach leis na rialacha is infheidhme maidir leis na himeachtaí.

    Féadfaidh an chúirt a bhfuil an bac á ordú aici ceangal a chur ar an gcleachtóir dócmhainneachta dá dtagraítear i mír 1 aon bheart oiriúnach a bheidh ar fáil a dhéanamh faoin dlí náisiúnta chun go ráthófar leasanna na gcreidiúnaithe sna himeachtaí.

    Féadfaidh an chúirt fad an bhaic a fhadú go ceann tréimhse bhreise nó tréimhsí breise den sórt sin, ar tréimhse í nó ar tréimhsí iad a mheasann sí a bheith iomchuí agus atá comhoiriúnach leis na rialacha is infheidhme maidir leis na himeachtaí, ar choinníoll go leantar de na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) go (iv) de mhír 1 a chomhlíonadh agus nach bhfuil fad iomlán an bhaic (an tréimhse thosaigh agus aon fhaduithe sórt sin) níos faide ná sé mhí.



    ROINN 2

    Comhordú



    Foroinn 1

    Nós imeachta

    Airteagal 61

    Iarraidh imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh

    1.  
    Féadfaidh cleachtóir dócmhainneachta a cheaptar in imeachtaí dócmhainneachta a tionscnaíodh i ndáil le comhalta den ghrúpa, féadfaidh sé imeachtaí comhordaithe grúpa a iarraidh ag cúirt ar bith a bhfuil dlínse aici ar imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le comhalta den ghrúpa.
    2.  
    Déanfar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear leis an dlí is infheidhme i ndáil leis na himeachtaí a ceapadh an cleachtóir dócmhainneachta ina leith.
    3.  

    Gabhfaidh an méid seo a leanas leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1:

    (a) 

    togra maidir leis an duine a ainmnítear mar an comhordaitheoir grúpa (“an comhordaitheoir”), sonraí maidir lena incháilitheacht nó lena hincháilitheaht de bhun Airteagal 71, sonraí maidir lena cháilíochtaí nó lena cáilíochtaí agus a chomhaontú nó a comhaontú scríofa chun feidhmiú mar chomhordaitheoir;

    (b) 

    breac-chuntas ar an gcomhordú grúpa a bheartaítear agus go háirithe na cúiseanna a bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63(1) comhlíonta;

    (c) 

    liosta de na cleachtóirí dócmhainneachta a ceapadh maidir le comhaltaí den ghrúpa agus, i gcás inarb iomchuí, na cúirteanna agus na húdaráis inniúla atá rannpháirteach sna himeachtaí dócmhainneachta atá ag comhaltaí den ghrúpa;

    (d) 

    breac-chuntas ar na costais a mheastar i ndáil leis an gcomhordú grúpa a bheartaítear agus meastachán chion na gcostas atá le híoc ag gach comhalta den ghrúpa.

    Airteagal 62

    Riail na tosaíochta

    Gan dochar d'Airteagal 66, má iarrtar os comhair cúirteanna Bhallstáit éagsúla imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh, déanfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin.

    Airteagal 63

    Fógra ón gcúirt ar tugadh an t-ábhar os a comhair

    1.  

    Tabharfaidh an chúirt a n-iarrtar uirthi imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh fógra a thabhairt, a luaithe is féidir, maidir leis an iarraidh do na himeachtaí comhordaithe grúpa agus faoin gcomhordaitheoir atá beartaithe do na cleachtóirí dócmhainneachta a cheapfar i leith chomhaltaí an ghrúpa mar a léirítear sin san iarraidh dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 61(3), má chomhlíontar an méid a leanas:

    (a) 

    tá sé iomchuí imeachtaí den sórt sin a thionscnamh ionas go n-éascófar riar éifeachtach na n-imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le comhaltaí éagsúla an ghrúpa;

    (b) 

    ní dócha go mbeidh míbhuntáiste ó thaobh airgid de ag baint le creidiúnaí aon chomhalta den ghrúpa a bhfuiltear ag súil leis go mbeidh siad rannpháirteach sna himeachtaí tríd an gcomhalta sin a chur san áireamh sna himeachtaí sin; agus

    (c) 

    comhlíonann an comhordaitheoir atá beartaithe na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 71.

    2.  
    Liostófar san fhógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na heilimintí dá dtagraítear I bpointe (a) go (d) d'Airteagal 61(3).
    3.  
    Seolfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 tríd an bpost cláraithe, agus é sin á dhearbhú le hadmháil.
    4.  
    Tabharfaidh an chúirt ar tugadh an t-ábhar os a comhair deis éisteachta do na cleachtóirí dócmhainneachta.

    Airteagal 64

    Agóidí ó chleachtóirí dócmhainneachta

    1.  

    Féadfaidh cleachtóir dócmhainneachta a cheaptar i leith aon chomhalta grúpa agóid a dhéanamh, faoin méid a leanas:

    (a) 

    na himeachtaí dócmhainneachta a cheaptar é ina leith a chur isteach sna himeachtaí comhordaithe grúpa, nó;

    (b) 

    an duine a mholtar mar chomhordaitheoir.

    2.  
    Déanfar agóidí faoi bhun mhír 1 den Airteagal seo a thaisceadh leis an gcúirt dá dtagraítear in Airteagal 63 laistigh de 30 lá tar éis an fógra a fháil don iarraidh chun na himeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh ag an gcleachtóir dócmhainneachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

    Féadfar an agóid a dhéanamh le foirm chaighdeánach a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 88.

    3.  
    Roimh an cinneadh a dhéanamh bheith páirteach nó gan bheith páirteach sa chomhordú i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1, gheobhaidh cleachtóir dócmhainneachta aon cheadú is gá faoi dhlí an Stáit maidir le tionscnamh imeachtaí a gceapfar é ina leith.

    Airteagal 65

    Torthaí agóide maidir leis an méid a chuirfear isteach i gcomhordú an ghrúpa

    1.  
    Nuair atá agóid déanta ag cleachtóir dócmhainneachta maidir leis na himeachtaí a chur san áireamh a gceapfar é in imeachtaí comhordaithe grúpa ina leith sin, ní bheidh na himeachtaí sin san áireamh sna himeachtaí comhordaithe grúpa.
    2.  
    Ní bheidh aon éifeacht ag cumhachtaí na cúirte dá dtagraítear in Airteagal 68 nó cumhachtaí an chomhordaitheora a eascraíonn ó na himeachtaí sin ar an gcomhalta sin, agus ní bheidh aon chaillteanas i gceist don chomhalta sin.

    Airteagal 66

    Rogha na cúirte do na himeachtaí comhordaithe grúpa

    1.  
    Áit a mbeidh dhá thrian ar a laghad de na cleachtóirí dócmhainneachta a cheapfar in imeachtaí dócmhainneachta chomhaltaí an ghrúpa tar éis comhaontú gurb í an chúirt ó Bhallstát eile a bhfuil dlínse aici an chúirt is iomchuí chun imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh, beidh dlínse eisiach ag an gcúirt sin.
    2.  
    Déanfar an chúirt a roghnú trí chomhaontú comhpháirteach i scríbhinn nó i bhfianaise i scríbhinn. Féadfar é a dhéanamh go dtí go mbeidh imeachtaí comhordaithe grúpa tionscanta i gcomhréir le hAirteagal 68.
    3.  
    Déanfaidh aon chúirt seachas an chúirt ar tugadh an t-ábhar os a comhair dlínse a dhiúltú i bhfabhar na cúirte sin.
    4.  
    Cuirfear an iarraidh chun imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh faoi bhráid na cúirte a chomhaontófar i gcomhréir le hAirteagal 61.

    Airteagal 67

    Torthaí na n-agóidí maidir leis an gcomhordaitheoir atá beartaithe

    I gcás ina ndéanann cleachtóir dócmhainneachta agóidí i gcoinne an duine a beartaíodh mar chomhordaitheoir, agus nach ndéanann an cleachtóir sin agóid freisin i gcoinne áireamh an chomhalta sin sna himeachtaí comhordaithe grúpa a gceaptar é ina leith, féadfaidh an chúirt gan an duine sin a cheapadh agus iarraidh ar an gcleachtóir atá ag déanamh agóide iarraidh nua a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 61(3).

    Airteagal 68

    Cinneadh maidir le himeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh

    1.  

    Nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 64(2) féadfaidh an chúirt imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh, má tá sí sásta go bhfuil na coinníollacha in Airteagal 63(1) á gcomhlíonadh. I gcás mar sin, déanfaidh an chúirt an méid a leanas

    (a) 

    comhordaitheoir a cheapadh;

    (b) 

    cinneadh a dhéanamh maidir le breac-chuntas ar an gcomhordú; agus

    (c) 

    cinneadh a dhéanamh maidir leis na costais a mheas agus an cion a bheidh le híoc ag comhaltaí an ghrúpa.

    2.  
    Cuirfear an cinneadh lena dtionscnófar imeachtaí comhordaithe grúpa in iúl do na cleachtóirí dócmhainneachta is rannpháirtí agus don chomhordaitheoir.

    Airteagal 69

    Roghnú ina dhiaidh sin ag na cleachtóirí dócmhainneachta

    1.  

    I gcomhréir lena dhlí náisiúnta, féadfaidh aon chleachtóir dócmhainneachta a iarraidh, tar éis an chinnidh ón gcúirt dá dtagraítear in Airteagal 68 na himeachtaí a chur isteach a gceapfar é ina leith, más rud é

    (a) 

    go bhfuil agóid ann maidir le himeachtaí dócmhainneachta a chur isteach sna himeachtaí comhordaithe grúpa, nó

    (b) 

    go bhfuil imeachtaí dócmhainneachta i leith chomhalta an ghrúpa tionscanta tar éis don chúirt imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh.

    2.  

    Gan dochar do mhír 4, féadfaidh comhordaitheoir aontú don iarraidh sin tar éis dul I gcomhairle leis na cleachtóirí dócmhainneachta más rud é

    (a) 

    go bhfuil sé nó sí sásta, agus an chéim atá bainte amach leis na himeachtaí comhordaithe grúpa aimsir na hiarrata á cur san áireamh, go bhfuil na critéir a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 63(1) á gcomhlíonadh, nó

    (b) 

    go gcomhaontaíonn na cleachtóirí dócmhainneachta go léir, faoi réir na gcoinníollacha ina ndlí náisiúnta atá acu.

    3.  
    Cuirfidh an comhordaitheoir a chinneadh nó a cinneadh in iúl don chúirt agus do na cleachtóirí dócmhainneachta is rannpháirtí de bhun mhír 2 agus maidir leis na cúiseanna a bhfuil sin bunaithe orthu.
    4.  
    Féadfaidh aon chleachtóir dócmhainneachta is rannpháirtí nó aon rannpháirtí dócmhainneachta ar diúltaíodh a iarraidh bheith san áireamh sna himeachtaí comhordaithe grúpa agóid a dhéanamh maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 2 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach faoi dhlí an Bhallstáit inar tionscnaíodh imeachtaí comhordaithe grúpa.

    Airteagal 70

    Moltaí agus an plean comhordaithe grúpa

    1.  
    Agus na himeachtaí dócmhainneachta á seoladh acu, breathnóidh na cleachtóirí dócmhainneachta ar na moltaí ón gcomhordaitheoir agus ar an ábhar sa phlean comhordaithe grúpa dá dtagraítear faoi Airteagal 72(1).
    2.  
    Ní bheidh sé d'oibleagáid ar chleachtóir dócmhainneachta moltaí an chomhordaitheora nó an plean comhordaithe grúpa a leanúint ina n-iomláine nó i bpáirt.

    Muna leanann sé moltaí an chomhordaitheora nó an plean comhordaithe grúpa, tabharfaidh sé cúiseanna cén fáth nach ndearna sé sin do na daoine nó do na comhlachtaí a bhfuil iachall air faoina dhlí náisiúnta tuarascáil a chur chucu, agus don chomhordaitheoir.



    Foroinn 2

    Forálacha ginearálta

    Airteagal 71

    An comhordaitheoir

    1.  
    Is é a bheidh sa chomhordaitheoir ná duine a bheidh incháilithe faoi dhlí Ballstáit chun gníomhú mar chleachtóir dócmhainneachta.
    2.  
    Ní bheidh duine de na cleachtóirí dócmhainneachta a cheapfar chun gníomhú i ndáil le haon cheann de chomhaltaí an ghrúpa ina chomhordaitheoir, agus ní bheidh aon choinbhleacht leasa i gceist leis i ndáil le comhaltaí an ghrúpa, lena gcreidiúnaithe sin ná leis na cleachtóirí dócmhainneachta a cheapfar i ndáil le haon cheann de chomhaltaí an ghrúpa.

    Airteagal 72

    Cúraimí agus cearta an chomhordaitheora

    1.  

    Féadfaidh an comhordaitheoir:

    (a) 

    moltaí a shainaithint agus a leagan amach chun go ndéanfar na himeachtaí dócmhainneachta ar bhealach comhordaithe;

    ►C1  (b) 

    plean comhordaithe grúpa a mholadh a mbeidh sainaithint, cur síos agus moladh ann i ndáil le tacar cuimsitheach beart a bheidh iomchuí do chur chuige comhtháite maidir le dócmhainneachtaí chomhaltaí an ghrúpa a réiteach. ◄ Go háirithe, féadfar go n-áiritheofar ar an bplean moltaí maidir leis an méid a leanas:

    (i) 

    na bearta a rinneadh leis an bhfeidhmíochta eacnamaíoch agus fóntacht airgeadais an ghrúpa nó aon chuid den ghrúpa a athbhunú;

    (ii) 

    díospóidí laistigh den ghrúpa a réiteach, maidir le hidirbhearta laistigh den ghrúpa agus gníomhartha seachanta;

    (iii) 

    comhaontuithe idir cleachtóirí dócmhainneachta na gcomhaltaí dócmhainneacha den ghrúpa.

    2.  

    Féadfaidh an comhordaitheoir an méid a leanas a dhéanamh freisin:

    (a) 

    éisteacht a fháil agus a bheith rannpháirteach in aon cheann de na himeachtaí a thionscnófar i ndáil le haon chomhalta den ghrúpa, go háirithe trí fhreastal ar chruinnithe de chuid na gcreidiúnaithe;

    (b) 

    idirghabháil a dhéanamh maidir le haon díospóid a eascraíonn idir dhá chleachtóir dócmhainneachta nó níos mó de chuid chomhaltaí an ghrúpa;

    (c) 

    a phlean nó a plean comhordaithe grúpa a chur i láthair agus a mhíniú do na daoine nó do na comhlachtaí nach mór dó nó di tuarascáil a chur faoina mbráid faoina dhlí náisiúnta nó faoina dlí náisiúnta;

    (d) 

    faisnéis a iarraidh ar aon chleachtóir dócmhainneachta i leith aon chomhalta den ghrúpa, áit a mbeidh an fhaisnéis sin úsáideach nó a d'fhéadfaí a bheith úsáideach, agus straitéisí agus bearta á sainaithint agus á leagan amach chun go bhféadfar na himeachtaí a chomhordú; agus

    (e) 

    bac a iarraidh ar feadh tréimhse suas le sé mhí ón dáta a dtionscnófar na himeachtaí i ndáil le haon chomhalta den ghrúpa, ar choinníoll go mbeidh bac mar sin riachtanach d'fhonn a áirithiú go gcuirfear an plean chun feidhme mar is cuí agus go rachadh sin chun tairbhe na gcreidiúnaithe sna himeachtaí a n-iarrtar an bac ina leith, nó a iarraidh aon bhac atá ann cheana a bhaint. Déanfar iarraidh den sórt sin chuig an gCúirt a thionscain na himeachtaí ina ndéantar bac a iarraidh.

    3.  
    Ní áireofar moltaí maidir le comhdhlúthú imeachtaí nó eastát dócmhainneachta ar an bplean dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.
    4.  
    Ní chumhdófar le cúraimí agus cearta an chomhordaitheora mar a shainítear iad faoin Airteagal seo aon chomhalta den ghrúpa nach bhfuil rannpháirteach in imeachtaí comhordaithe grúpa.
    5.  
    Comhlíonfaidh an comhordaitheoir a dhualgais nó a dualgais go neamhchlaonta agus leis an gcúram cuí.
    6.  

    Nuair a mheasann an comhordaitheoir go bhfuil méadú suntasach sna costais chun na cúraimí a chomhlíonadh i gcomparáid leis an meastachán ar na costais dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 61(3), agus in aon chás, áit a mbeidh na costais os cionn 10 % de na costais réamh-mheasta, déanfaidh an comhordaitheoir an méid a leanas

    (a) 

    na cleachtóirí dócmhainneachta is rannpháirtí a chur ar an eolas gan mhoill, agus

    (b) 

    formheas roimh ré a iarraidh ón gcúirt a thionscnóidh na himeachtaí comhordaithe grúpa.

    Airteagal 73

    Teangacha

    1.  
    Déanfaidh an comhordaitheoir cumarsáid le cleachtóir dócmhainneachta an chomhalta ghrúpa is rannpháirtí sa teanga a bheidh comhaontaithe leis an gcleachtóir dócmhainneachta, nó mura mbeidh comhaontú ann, i dteanga oifigiúil nó i gceann de na teangacha oifigiúla de chuid Institiúidí an Aontais agus den chúirt a thionscnóidh na himeachtaí i leith chomhalta an ghrúpa sin.
    2.  
    Déanfaidh an comhordaitheoir cumarsáid le cúirt i dteanga oifigiúil is infheidhme i ndáil leis an gcúirt sin.

    Airteagal 74

    Comhar idir cleachtóirí dócmhainneachta agus an comhordaitheoir

    1.  
    Beidh cleachtóirí dócmhainneachta a cheapfar i leith chomhaltaí grúpa ag comhoibriú lena chéile a mhéid is nach mbeidh an comhar sin ar aon dul leis na rialacha is infheidhme do na himeachtaí faoi seach.
    2.  
    Go háirithe, cuirfidh cleachtóirí dócmhainneachta in iúl aon fhaisnéis is ábhartha le go mbeidh an comhordaitheoir in ann a chúraimí nó a cúraimí a chur i gcrích.

    Airteagal 75

    Ceapachán an chomhordaitheora a chúlghairm

    Déanfaidh an chúirt ceapachán an chomhordaitheora a chúlghairm as a stuaim féin nó arna iarraidh sin don chleachtóir dócmhainneachta atá ag comhalta an ghrúpa is rannpháirtí más rud é:

    (a) 

    go ngníomhaíonn an comhordaitheoir chun dochair do chreidiúnaithe chomhalta an ghrúpa is rannpháirtí; nó

    (b) 

    go mainníonn an comhordaitheoir a oibleagáidí nó a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoin gCaibidil seo.

    Airteagal 76

    Féichiúnaí atá i seilbh

    Sa chaibidil seo, beidh feidhm freisin ag na forálacha is infheidhme faoin gCaibidil seo maidir leis an gcleachtóir dócmhainneachta, más iomchuí, don fhéichiúnaí atá i seilbh.

    Airteagal 77

    Costais agus dáileadh

    1.  
    Beidh an íocaíocht don chomhordaitheoir leordhóthanach agus comhréireach do na cúraimí a dhéanfar agus léireofar speansais réasúnta léi.
    2.  
    Agus na cúraimí curtha i gcrích, socróidh an comhordaitheoir ráiteas deiridh na gcostas agus an cion a bheidh le híoc ag gach comhalta agus cuirfidh sé a ráiteas faoi bhráid gach cleachtóir dócmhainneachta agus faoi bhráid na cúirte a thionscnóidh na himeachtaí comhordaithe.
    3.  
    In éagmais agóidí ó na cleachtóirí dócmhainneachta laistigh de 30 lá tar éis an ráiteas dá dtagraítear i mír 2 a fháil, measfar go mbeidh comhaontú ann maidir leis na costais agus an cion a bheidh le híoc ag gach comhalta. Cuirfear an ráiteas faoi bhráid na cúirte a thionscnóidh na himeachtaí comhordaithe le deimhniú.
    4.  
    I gcás agóide, déanfaidh an chúirt a thionscnóidh na himeachtaí comhordaithe grúpa, arna iarraidh sin don chomhordaitheoir nó aon chleachtóir dócmhainneachta is rannpháirtí, cinneadh maidir leis na costais agus an cion a bheidh le híoc ag gach comhalta i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus lena gcuirfear san áireamh an meastúchán ar na costais dá dtagraítear in Airteagal 68 (1) agus, más infheidhme, Airteagal 72(6).
    5.  
    Féadfaidh aon chleachtóir dócmhainneachta is rannpháirtí agóid a dhéanamh maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 4 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach faoi dhlí an Bhallstáit áit a dtionscnófar imeachtaí comhordaithe grúpa.



    CAIBIDIL VI

    COSAINT SONRAÍ

    Airteagal 78

    Cosaint sonraí

    1.  
    Beidh feidhm ag na rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme i leith próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh sna Ballstáit de bhun an Rialacháin seo, ar an gcoinníoll nach bhfuil na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Threoir 95/46/CE i dtrácht.
    2.  
    Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 i leith próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo.

    Airteagal 79

    Freagrachtaí Ballstát i leith próiseáil sonraí pearsanta sna cláir náisiúnta dócmhainneachta

    1.  
    Cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún ainm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, an údaráis phoiblí, na gníomhaireachta nó aon chomhlachta eile a ainmnítear ag an dlí náisiúnta chun feidhmeanna an rialtóra a fheidhmiú i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE, le go bhfoilseofar é ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.
    2.  
    Déanfaidh na Ballstáit foráil go gcuirfear chun feidhme na bearta teicniúla chun slándáil na sonraí pearsanta a phróiseáiltear sna cláir náisiúnta dócmhainneachta atá acu agus dá dtagraítear in Airteagal 24 a áirithiú.
    3.  
    Beidh na Ballstáit freagrach as a fhíorú go n-áiritheoidh an rialtóir, a ainmnítear ag an dlí náisiúnta i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE, go gcomhlíonfar na prionsabail maidir le cáilíocht sonraí, go háirithe cruinneas na sonraí a stóráiltear i gcláir náisiúnta dhócmhainneachta agus nuashonrú na sonraí sin.
    4.  
    I gcomhréir le Treoir 95/46/CE, beidh na Ballstáit freagrach as bailiú agus stóráil na sonraí i mbunachair shonraí náisiúnta agus as na cinntí a dhéantar chun go mbeidh na sonraí sin ar fáil sa chlár idirnasctha ar féidir dul i gcomhairle leis tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.
    5.  
    Mar chuid de sholáthar na faisnéise sin, ar cheart í a chur ar fáil do dhaoine is ábhar do na sonraí chun iad a chumasú chun a gcuid ceart a fheidhmiú, agus go háirithe an ceart i leith sonraí a scriosadh, cuirfidh na Ballstáit na daoine is ábhar do na sonraí ar an eolas faoin tréimhse inrochtaineachta a leagadh síos maidir leis na sonraí pearsanta a stóráiltear i gcláir dhócmhainneachta.

    Airteagal 80

    Freagrachtaí an Choimisiúin i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil

    1.  
    Feidhmeoidh an Coimisiún freagrachtaí an rialtóra de bhun Airteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 i gcomhréir leis na freagrachtaí faoi seach atá air a shainítear san Airteagal sin.
    2.  
    Saineoidh an Coimisiún na beartais is gá agus cuirfidh sé i bhfeidhm na réitigh theicniúla is gá chun na freagrachtaí atá air a chomhlíonadh faoi chuimsiú fheidhm an rialtóra.
    3.  
    Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme na bearta teicniúla a cheanglaítear chun slándáil na sonraí pearsanta faoi bhealach a áirithiú, go háirithe an rúndacht agus an sláine maidir le haon tarchur chuig an Tairseach Eorpach r-Cheartas agus uaidh.
    4.  
    Ní dhéanfaidh oibleagáidí an Choimisiúin difear do na freagrachtaí ar na Ballstáit agus ar chomhlachtaí eile as ábhar agus oibriú na mbunachar sonraí idirnasctha a reáchtálann siad.

    Airteagal 81

    Oibleagáidí Faisnéise

    Gan dochar don fhaisnéis a thabharfar d'ábhair na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, cuirfidh an Coimisiún ábhair na sonraí ar an eolas, trí bhíthin foilsiú tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas, faoin ról atá aige ó thaobh na sonraí a phróiseáil agus faoi na críocha dá bpróiseálfar na sonraí.

    Airteagal 82

    Sonraí pearsanta a stóráil

    Maidir le faisnéis ó bhunachair shonraí idirnasctha, ní stórálfar sonraí pearsanta a bhaineann le hábhair na sonraí ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas. Stórálfar na sonraí sin uile sna bunachair shonraí náisiúnta a fheidhmíonn na Ballstáit nó comhlachtaí eile.

    Airteagal 83

    Rochtain ar shonraí pearsanta tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas

    Beidh na sonraí pearsanta a stóráiltear sna cláir náisiúnta dhócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 24 inrochtana tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas a fhad is go mbeidh siad inrochtana faoin dlí náisiúnta.



    CAIBIDIL VII

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 84

    Infheidhmeacht thar am

    ▼C2

    1.  
    Ní bheidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo ach i gcás imeachtaí dócmhainneachta a thionscnófar ón 26 Meitheamh 2017. Maidir le gníomhartha a rinne féichiúnaí roimh dáta cur chun feidhme an Rialacháin seo, is é an dlí is infheidhme tráth a ndearnadh na gníomhartha sin a rialóidh iad.

    ▼B

    2.  
    D'ainneoin Airteagal 91 den Rialachán seo, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 d'fheidhm a bheith aige maidir le himeachtaí dócmhainneachta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a tionscnaíodh roimh an 26 Meitheamh 2017.

    Airteagal 85

    Gaol le Coinbhinsiúin

    1.  

    Tiocfaidh an Rialachán seo in ionad na gCoinbhinsiún a tugadh i gcrích idir dhá Bhallstát nó níos mó, i ndáil leis na cúrsaí dá dtagraítear ann, sa chaidreamh idir Ballstáit, go háirithe:

    (a) 

    an Coinbhinsiún idir an Bheilg agus an Fhrainc ar Dhlínse agus ar Bhailíocht agus Forghníomhú Breithiúnas, Dámhachtaintí Eadrána agus Ionstraimí Barántúla, a síníodh i bPáras an 8 Iúil 1899;

    (b) 

    an Coinbhinsiún idir an Bheilg agus an Ostair ar Fhoirceannadh, ar Shocruithe, ar Chomhdhéanamh agus ar Fhionraí Íocaíochtaí (leis an bPrótacal Breise an 13 Meitheamh 1973), a síníodh sa Bhruiséil an 16 Iúil 1969;

    (c) 

    an Coinbhinsiún idir an Bheilg agus an Ísiltír ar Dhlínse Críche, ar Fhéimheacht, agus ar Bhailíocht agus Forghníomhú Breithiúnas, Dámhachtaintí Eadrána agus Ionstraimí Barántúla, a síníodh sa Bhruiséil an 28 Márta 1925;

    (d) 

    an Conradh idir an Ghearmáin agus an Ostair ar Fhéimheacht, ar Fhoirceannadh, ar Shocruithe, ar Chomhdhéanamh agus ar Fhionraí Íocaíochtaí, a síníodh i Vín an 25 Bealtaine 1979;

    (e) 

    an Coinbhinsiún idir an Fhrainc agus an Ostair ar Dhlínse, ar Aithint agus ar Fhorghníomhú Breithiúnas i bhFéimheacht, a síníodh i Vín an 27 Feabhra 1979;

    (f) 

    an Coinbhinsiún idir an Fhrainc agus an Iodáil ar Fhorghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála, a síníodh sa Róimh an 3 Meitheamh 1930;

    (g) 

    an Coinbhinsiún idir an Ghearmáin agus an Ostair ar Fhéimheacht, ar Fhoirceannadh, ar Shocruithe, ar Chomhdhéanamh agus ar Fhionraí Íocaíochtaí, a síníodh sa Róimh an 12 Iúil 1977;

    (h) 

    an Coinbhinsiún idir Ríocht na hÍsiltíre agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine ar Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas agus Ionstraimí Infhorghníomhaithe eile go cómhalartach in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála, a síníodh sa Háig an 30 Lúnasa 1962;

    (i) 

    an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Ríocht na Beilge lena bhforáiltear d'Fhorghníomhú Frithpháirteach Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála, maille le Prótacal, a síníodh sa Bhruiséil an 2 Bealtaine 1934;

    (j) 

    an Coinbhinsiún idir an Danmhairg, an Fhionlainn, an Iorua agus an Íoslainn ar Fhéimheacht, a síníodh i gCóbanhávan an 7 Samhain 1933;

    (k) 

    an Coinbhinsiún Eorpach ar Ghnéithe Áirithe den Fhéimheacht, a síníodh in Iostanbúl an 5 Meitheamh 1990;

    (l) 

    an Coinbhinsiún idir Daon-Phoblacht Chónaidhmitheach na hIúgslaive agus Ríocht na Gréige ar Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas go Cómhalartach, a síníodh san Aithin an 18 Meitheamh 1959;

    (m) 

    an Comhaontú idir Daon-Phoblacht Chónaidhmitheach na hIúgslaive agus Poblacht na hOstaire ar Aithint agus Forghníomhú Dámhachtainí Eadrána agus Socraíochtaí Eadrána go Cómhalartach in Ábhair Tráchtála, a síníodh i mBéalgrád an 18 Márta 1960;

    (n) 

    an Coinbhinsiún idir Daon-Phoblacht Chónaidhmitheach na hIúgslaive agus Poblacht na hIodáile ar Chomhar Breithiúnach Cómhalartach in Ábhair Sibhialta agus Riaracháin, a síníodh san Aithin an 3 Nollaig 1960;

    (o) 

    an Comhaontú idir Poblacht Shóisialach Chónaidhmitheach na hIúgslaive agus Ríocht na Beilge ar Chomhar Breithiúnach Cómhalartach in Ábhair Sibhialta agus Riaracháin, a síníodh i mBéalgrád an 24 Meán Fómhair 1971;

    (p) 

    an Coinbhinsiún idir Rialtas na hIúgslaive agus Rialtas na Fraince ar Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála, a síníodh i bPáras an 18 Bealtaine 1971;

    (q) 

    an Comhaontú idir Poblacht Shóisialach na Seicslóvaice agus an Phoblacht Heilléanach ar Chúnamh Dlíthiúil in Ábhair Shibhialta agus Choiriúla, a síníodh san Aithin an 22 Deireadh Fómhair 1980, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice agus an Ghréig;

    (r) 

    an Comhaontú idir Poblacht Shóisialach na Seicslóvaice agus Poblacht na Cipire ar Chúnamh Dlíthiúil in Ábhair Shibhialta agus Choiriúla, a síníodh sa Niocóis an 23 Aibreán 1982, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice agus an Chipir;

    (s) 

    an Conradh idir Rialtas Phoblacht Shóisialach na Seicslóvaice agus Rialtas Phoblacht na Fraince ar Chúnamh Dlíthiúil agus ar Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta, Teaghlaigh agus Tráchtála, a síníodh i bPáras an 10 Bealtaine 1984, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice agus an Fhrainc;

    (t) 

    an Conradh idir Poblacht Shóisialach na Seicslóvaice agus Poblacht na hIodáile ar Chúnamh Dlíthiúil in Ábhair Shibhialta agus Choiriúla, a síníodh i bPrág an 6 Nollaig 1985, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice agus an Iodáil;

    (u) 

    an Comhaontú idir Poblacht na Laitvia, Poblacht na hEastóine agus Poblacht na Liotuáine maidir le Cúnamh Dlíthiúil agus Comhbhaintí Dlíthiúla, a síníodh i dTaillinn an 11 Samhain 1992;

    (v) 

    an Comhaontú idir an Eastóin agus an Pholainn maidir le Cúnamh Dlíthiúil a Thabhairt agus Comhbhaintí Dlíthiúla in Ábhair Shibhialta, Shaothair agus Choiriúla, a síníodh i dTaillinn an 27 Samhain 1998;

    (w) 

    an Comhaontú idir Poblacht na Polainne agus Poblacht na Liotuáine maidir le Cúnamh Dlíthiúil agus Comhbhaintí Dlíthiúla in Ábhair Shibhialta, Teaghlaigh, Saothair agus Choiriúla, a síníodh i Vársá an 26 Eanáir 1993;

    (x) 

    an Coinbhinsiún idir Poblacht Shóisialach na Rómáine agus an Phoblacht Heilléanach maidir le Cúnamh Dlíthiúil in Ábhair Shibhialta agus Choiriúla maille lena Phrótacal, a síníodh i mBúcairist an 19 Deireadh Fómhair 1972;

    (y) 

    an Coinbhinsiún idir Poblacht Shóisialach na Rómáine agus Poblacht na Fraince maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i bPáras an 5 Samhain 1974;

    (z) 

    an Comhaontú idir Daon-Phoblacht na Bulgáire agus an Phoblacht Heilléanach maidir le Cúnamh Dlíthiúil in Ábhair Shibhialta agus Choiriúla, a síníodh san Aithin an 10 Aibreán 1976;

    (aa) 

    an Comhaontú idir Daon-Phoblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire maidir le Cúnamh Dlíthiúil in Ábhair Shibhialta agus Choiriúla, a síníodh sa Niocóis an 29 Aibreán 1983;

    (ab) 

    an Comhaontú idir Rialtas Dhaon-Phoblacht na Bulgáire agus Rialtas Phoblacht na Fraince maidir le Cúnamh Dlíthiúil Cómhalartach in Ábhair Shibhialta, a síníodh i Sóifia an 18 Eanáir 1989;

    (ac) 

    an Conradh idir an Rómáin agus Poblacht na Seice maidir le cúnamh breithiúnach in ábhair shibhialta, a síníodh i mBúcairist an 11 Iúil 1994;

    (ad) 

    an Conradh idir an Rómáin agus Poblacht na Polainne maidir le cúnamh dlíthiúil agus comhbhaintí dlíthiúla i gcásanna sibhialta, a síníodh i mBúcairist an 15 Bealtaine 1999.

    2.  
    Leanfaidh na Coinbhinsiún dá dtagraítear i mír d'éifeacht a bheith acu i gcás imeachtaí a tionscnaíodh sula dtiocfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 i bhfeidhm.
    3.  

    Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a) 

    in aon Bhallstát, a mhéid is go mbeadh sé bunoscionn le hoibleagáidí a eascraíonn as féimheacht ó choinbhinsiún a bheadh tugtha i gcrích ag an mBallstát sin le triú tír amháin nó níos mó sula dtiocfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 i bhfeidhm;

    (b) 

    i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, a mhéid atá sé bunoscionn le hoibleagáidí a eascraíonn as féimheacht agus as foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha ó aon socruithe leis an gComhlathas a bheadh ann nuair a tháinig Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 i bhfeidhm.

    Airteagal 86

    Faisnéis faoin dlí náisiúnta dócmhainneachta agus faoi dhlí dócmhainneachta an Aontais

    1.  
    D'fhonn an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal, soláthróidh na Ballstáit, laistigh de chreat an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála a bunaíodh le Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle ( 5 ), agus tuairisc ghearr ar an reachtaíocht náisiúnta agus ar na nósanna imeachta náisiúnta atá acu i ndáil le dócmhainneacht, go háirithe chomh fada agus go mbaineann siad leis na hábhair a liostaítear in Airteagal 7(2).
    2.  
    Nuashonróidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 go rialta.
    3.  
    Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil don phobal maidir leis an Rialachán seo.

    Airteagal 87

    Córas idirnasctha na gclár dócmhainneachta a bhunú

    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar idirnasc na gclár dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 25. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 89(3).

    Airteagal 88

    Na foirmeacha caighdeánacha a bhunú agus iad a leasú ina dhiaidh sin

    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar, agus nuair is gá sin, lena leasófar na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 27(4), in Airteagal 54, in Airteagal 55 agus in Airteagal 64(2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 89(2).

    Airteagal 89

    Nós imeachta coiste

    1.  
    Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
    2.  
    I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
    3.  
    I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 90

    Clásal maidir le hathbhreithniú

    1.  
    Tráth nach déanaí ná an 27 Meitheamh 2027, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Beidh tograí le haghaidh leasaithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, más gá.
    2.  
    Tráth nach déanaí ná an 27 Meitheamh 2022, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm na n-imeachtaí comhordaithe grúpa faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Beidh tograí le haghaidh leasaithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, más gá.
    3.  
    Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2016, cuirfidh an Coimisiún staidéar ar na saincheisteanna trasteorann i dtaca le dliteanais agus dícháiliúcháin na stiúrthóirí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
    4.  
    Tráth nach déanaí ná an 27 Meitheamh 2020, cuirfidh an Coimisiún staidéar ar an tsaincheist tóraíocht éagórach fóram faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

    Airteagal 91

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000.

    Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn D a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 92

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 26 Meitheamh 2017, cé is moite de:

    (a) 

    Airteagal 86, a mbeidh feidhm aige ón 26 Meitheamh 2016;

    (b) 

    Airteagal 24(1), a mbeidh feidhm aige ón 26 Meitheamh 2018 agus

    (c) 

    Airteagal 25, a mbeidh feidhm aige ón 26 Meitheamh 2019.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    ▼M3




    IARSCRÍBHINN A

    IMEACHTAÍ DÓCMHAINNEACHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2, POINTE (4)

    BELGIQUE/BELGIË

    — 
    Het faillissement/La faillite,
    — 
    De gerechtelijke reorganisatie door een collectief akkoord/La réorganisation judiciaire par accord collectif,
    — 
    De gerechtelijke reorganisatie door een minnelijk akkoord/La réorganisation judiciaire par accord amiable,
    — 
    De gerechtelijke reorganisatie door overdracht onder gerechtelijk gezag/La réorganisation judiciaire par transfert sous autorité de justice,
    — 
    De collectieve schuldenregeling/Le règlement collectif de dettes,
    — 
    De vrijwillige vereffening/La liquidation volontaire,
    — 
    De gerechtelijke vereffening/La liquidation judiciaire,
    — 
    De voorlopige ontneming van het beheer, als bedoeld in artikel XX.32 van het Wetboek van economisch recht/Le dessaisissement provisoire de la gestion, visé à l’article XX.32 du Code de droit économique,

    БЪЛГАРИЯ

    — 
    Производство по несъстоятелност,
    — 
    Производство по стабилизация на търговеца,

    ČESKÁ REPUBLIKA

    — 
    Konkurs,
    — 
    Reorganizace,
    — 
    Oddlužení,

    DEUTSCHLAND

    — 
    Das Konkursverfahren,
    — 
    Das gerichtliche Vergleichsverfahren,
    — 
    Das Gesamtvollstreckungsverfahren,
    — 
    Das Insolvenzverfahren,
    — 
    Die öffentliche Restrukturierungssache,

    EESTI

    — 
    Pankrotimenetlus,
    — 
    Võlgade ümberkujundamise menetlus,

    ÉIRE/IRELAND

    — 
    Compulsory winding-up by the court,
    — 
    Bankruptcy,
    — 
    The administration in bankruptcy of the estate of persons dying insolvent,
    — 
    Winding-up in bankruptcy of partnerships,
    — 
    Creditors’ voluntary winding-up (with confirmation of a court),
    — 
    Arrangements under the control of the court which involve the vesting of all or part of the property of the debtor in the Official Assignee for realisation and distribution,
    — 
    Examinership,
    — 
    Debt Relief Notice,
    — 
    Debt Settlement Arrangement,
    — 
    Personal Insolvency Arrangement,

    ΕΛΛΑΔΑ

    — 
    Η πτώχευση,
    — 
    Η ειδική εκκαθάριση εν λειτουργία,
    — 
    Σχέδιο αναδιοργάνωσης,
    — 
    Απλοποιημένη διαδικασία επί πτωχεύσεων μικρού αντικειμένου,
    — 
    Διαδικασία εξυγίανσης,

    ESPAÑA

    — 
    Concurso,
    — 
    Procedimiento de homologación de acuerdos de refinanciación,
    — 
    Procedimiento de acuerdos extrajudiciales de pago,
    — 
    Procedimiento de negociación pública para la consecución de acuerdos de refinanciación colectivos, acuerdos de refinanciación homologados y propuestas anticipadas de convenio,

    FRANCE

    — 
    Sauvegarde,
    — 
    Sauvegarde accélérée,
    — 
    Sauvegarde financière accélérée,
    — 
    Redressement judiciaire,
    — 
    Liquidation judiciaire,

    HRVATSKA

    — 
    Stečajni postupak,
    — 
    Predstečajni postupak,
    — 
    Postupak stečaja potrošača,
    — 
    Postupak izvanredne uprave u trgovačkim društvima od sistemskog značaja za Republiku Hrvatsku,

    ITALIA

    — 
    Fallimento
    — 
    [go dtí an 15 Bealtaine 2022],
    — 
    Liquidazione giudiziale
    — 
    [ón 16 Bealtaine 2022],
    — 
    Concordato preventivo,
    — 
    Liquidazione coatta amministrativa,
    — 
    Amministrazione straordinaria,
    — 
    Accordi di ristrutturazione,
    — 
    Procedure di composizione della crisi da sovraindebitamento del consumatore (accordo o piano)
    [go dtí an 15 Bealtaine 2022],
    — 
    Liquidazione dei beni
    [go dtí an 15 Bealtaine 2022]
    — 
    Ristrutturazione dei debiti del consumatore
    [ón 16 Bealtaine 2022],
    — 
    Concordato minore
    [ón 16 Bealtaine 2022],
    — 
    Liquidazione controllata del sovraindebitato
    [ón 16 Bealtaine 2022],

    ΚΥΠΡΟΣ

    — 
    Υποχρεωτική εκκαθάριση από το Δικαστήριο,
    — 
    Εκούσια εκκαθάριση από μέλη,
    — 
    Εκούσια εκκαθάριση από πιστωτές,
    — 
    Εκκαθάριση με την εποπτεία του Δικαστηρίου,
    — 
    Διάταγμα παραλαβής και πτώχευσης κατόπιν Δικαστικού Διατάγματος,
    — 
    Διαχείριση της περιουσίας προσώπων που απεβίωσαν αφερέγγυα,
    — 
    Διορισμός Εξεταστή,
    — 
    Προσωπικά Σχέδια Αποπληρωμής,

    LATVIJA

    — 
    Tiesiskās aizsardzības process,
    — 
    Juridiskās personas maksātnespējas process,
    — 
    Fiziskās personas maksātnespējas process,

    LIETUVA

    — 
    Juridinio asmens restruktūrizavimo byla,
    — 
    Juridinio asmens bankroto byla,
    — 
    Juridinio asmens bankroto procesas ne teismo tvarka,
    — 
    Fizinio asmens bankroto procesas,

    LUXEMBOURG

    — 
    Faillite,
    — 
    Gestion contrôlée,
    — 
    Concordat préventif de faillite (par abandon d’actif),
    — 
    Régime spécial de liquidation du notariat,
    — 
    Procédure de règlement collectif des dettes dans le cadre du surendettement,

    MAGYARORSZÁG

    — 
    Csődeljárás,
    — 
    Felszámolási eljárás,
    — 
    Nyilvános szerkezetátalakítási eljárás
    [ón 1 Iúil 2022],

    MALTA

    — 
    Xoljiment,
    — 
    Amministrazzjoni,
    — 
    Stralċ volontarju mill-membri jew mill-kredituri,
    — 
    Stralċ mill-Qorti,
    — 
    Falliment f’każ ta’ kummerċjant,
    — 
    Proċedura biex kumpanija tirkupra,

    NEDERLAND

    — 
    Het faillissement,
    — 
    De surseance van betaling,
    — 
    De schuldsaneringsregeling natuurlijke personen,
    — 
    De openbare akkoordprocedure buiten faillissement,

    ÖSTERREICH

    — 
    Das Konkursverfahren (Insolvenzverfahren),
    — 
    Das Sanierungsverfahren ohne Eigenverwaltung (Insolvenzverfahren),
    — 
    Das Sanierungsverfahren mit Eigenverwaltung (Insolvenzverfahren),
    — 
    Das Schuldenregulierungsverfahren,
    — 
    Das Abschöpfungsverfahren,
    — 
    Das Europäische Restrukturierungsverfahren,

    POLSKA

    — 
    Upadłość,
    — 
    Postępowanie o zatwierdzenie układu,
    — 
    Postępowanie o zatwierdzenie układu na zgromadzeniu wierzycieli przez osobę fizyczną nieprowadzącą działalności gospodarczej,
    — 
    Przyspieszone postępowanie układowe,
    — 
    Postępowanie układowe,
    — 
    Postępowanie sanacyjne,

    PORTUGAL

    — 
    Processo de insolvência,
    — 
    Processo especial de revitalização,
    — 
    Processo especial para acordo de pagamento,

    ROMÂNIA

    — 
    Procedura insolvenței,
    — 
    Reorganizarea judiciară,
    — 
    Procedura falimentului,
    — 
    Concordatul preventiv,

    SLOVENIJA

    — 
    Postopek preventivnega prestrukturiranja,
    — 
    Postopek prisilne poravnave,
    — 
    Postopek poenostavljene prisilne poravnave,
    — 
    Stečajni postopek: stečajni postopek nad pravno osebo, postopek osebnega stečaja in postopek stečaja zapuščine,

    SLOVENSKO

    — 
    Konkurzné konanie,
    — 
    Reštrukturalizačné konanie,
    — 
    Oddlženie,

    SUOMI/FINLAND

    — 
    Konkurssi/konkurs,
    — 
    Yrityssaneeraus/företagssanering,
    — 
    Yksityishenkilön velkajärjestely/skuldsanering för privatpersoner,

    SVERIGE

    — 
    Konkurs,
    — 
    Företagsrekonstruktion,
    — 
    Skuldsanering.




    IARSCRÍBHINN B

    CLEACHTÓIRÍ DÓCMHAINNEACHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2, POINTE (5)

    BELGIQUE/BELGIË

    — 
    De curator/Le curateur,
    — 
    De gerechtsmandataris/Le mandataire de justice,
    — 
    De schuldbemiddelaar/Le médiateur de dettes,
    — 
    De vereffenaar/Le liquidateur,
    — 
    De voorlopige bewindvoerder/L’administrateur provisoire,

    БЪЛГАРИЯ

    — 
    Назначен предварително временен синдик,
    — 
    Временен синдик,
    — 
    (Постоянен) синдик,
    — 
    Служебен синдик,
    — 
    Доверено лице,

    ČESKÁ REPUBLIKA

    — 
    Insolvenční správce,
    — 
    Předběžný insolvenční správce,
    — 
    Oddělený insolvenční správce,
    — 
    Zvláštní insolvenční správce,
    — 
    Zástupce insolvenčního správce,

    DEUTSCHLAND

    — 
    Konkursverwalter,
    — 
    Vergleichsverwalter,
    — 
    Sachwalter (nach der Vergleichsordnung),
    — 
    Verwalter,
    — 
    Insolvenzverwalter,
    — 
    Sachwalter (nach der Insolvenzordnung),
    — 
    Treuhänder,
    — 
    Vorläufiger Insolvenzverwalter,
    — 
    Vorläufiger Sachwalter,
    — 
    Restrukturierungsbeauftragter,

    EESTI

    — 
    Pankrotihaldur,
    — 
    Ajutine pankrotihaldur,
    — 
    Usaldusisik,

    ÉIRE/IRELAND

    — 
    Liquidator,
    — 
    Official Assignee,
    — 
    Trustee in bankruptcy,
    — 
    Provisional Liquidator,
    — 
    Examiner,
    — 
    Personal Insolvency Practitioner,
    — 
    Insolvency Service,

    ΕΛΛΑΔΑ

    — 
    Ο σύνδικος,
    — 
    Ο εισηγητής,
    — 
    Η επιτροπή των πιστωτών,
    — 
    Ο ειδικός εκκαθαριστής,

    ESPAÑA

    — 
    Administrador concursal,
    — 
    Mediador concursal,

    FRANCE

    — 
    Mandataire judiciaire,
    — 
    Liquidateur,
    — 
    Administrateur judiciaire,
    — 
    Commissaire à l’exécution du plan,

    HRVATSKA

    — 
    Stečajni upravitelj,
    — 
    Privremeni stečajni upravitelj,
    — 
    Stečajni povjerenik,
    — 
    Povjerenik,
    — 
    Izvanredni povjerenik,

    ITALIA

    — 
    Curatore,
    — 
    Commissario giudiziale,
    — 
    Commissario straordinario,
    — 
    Commissario liquidatore,
    — 
    Liquidatore giudiziale,
    — 
    Professionista nominato dal Tribunale,
    — 
    Organismo di composizione della crisi nella procedura di composizione della crisi da sovraindebitamento del consumatore
    [go dtí an 15 Bealtaine 2022],
    — 
    Organismo di composizione della crisi da sovraindebitamento
    [ón 16 Bealtaine 2022],
    — 
    Liquidatore,

    ΚΥΠΡΟΣ

    — 
    Εκκαθαριστής και Προσωρινός Εκκαθαριστής,
    — 
    Επίσημος Παραλήπτης,
    — 
    Διαχειριστής της Πτώχευσης,
    — 
    Εξεταστής,
    — 
    Σύμβουλος Αφερεγγυότητας,

    LATVIJA

    — 
    Maksātnespējas procesa administrators,
    — 
    Tiesiskās aizsardzības procesa uzraugošā persona,

    LIETUVA

    — 
    Nemokumo administratorius,

    LUXEMBOURG

    — 
    Le curateur,
    — 
    Le commissaire,
    — 
    Le liquidateur,
    — 
    Le conseil de gérance de la section d’assainissement du notariat,
    — 
    Le liquidateur dans le cadre du surendettement,

    MAGYARORSZÁG

    — 
    Vagyonfelügyelő,
    — 
    Felszámoló,
    — 
    Szerkezetátalakítási szakértő
    [ón 1 Iúil 2022],

    MALTA

    — 
    Amministratur Proviżorju,
    — 
    Riċevitur Uffiċjali,
    — 
    Stralċjarju,
    — 
    Manager Speċjali,
    — 
    Kuraturi f’każ ta’ proċeduri ta’ falliment,
    — 
    Kontrolur Speċjali,

    NEDERLAND

    — 
    De curator in het faillissement,
    — 
    De bewindvoerder in de surseance van betaling,
    — 
    De bewindvoerder in de schuldsaneringsregeling natuurlijke personen,
    — 
    De herstructureringsdeskundige in de openbare akkoordprocedure buiten faillissement,
    — 
    De observator in de openbare akkoordprocedure buiten faillissement,

    ÖSTERREICH

    — 
    Masseverwalter,
    — 
    Sanierungsverwalter,
    — 
    Restrukturierungsbeauftragter,
    — 
    Besonderer Verwalter,
    — 
    Einstweiliger Verwalter,
    — 
    Sachwalter,
    — 
    Treuhänder,
    — 
    Insolvenzgericht,
    — 
    Konkursgericht,

    POLSKA

    — 
    Syndyk,
    — 
    Nadzorca sądowy,
    — 
    Zarządca,
    — 
    Nadzorca układu,
    — 
    Tymczasowy nadzorca sądowy,
    — 
    Tymczasowy zarządca,
    — 
    Zarządca przymusowy,

    PORTUGAL

    — 
    Administrador da insolvência,
    — 
    Administrador judicial provisório,

    ROMÂNIA

    — 
    Practician în insolvență,
    — 
    Administrator concordatar,
    — 
    Administrator judiciar,
    — 
    Lichidator judiciar,

    SLOVENIJA

    — 
    Upravitelj,

    SLOVENSKO

    — 
    Predbežný správca,
    — 
    Správca,

    SUOMI/FINLAND

    — 
    Pesänhoitaja/boförvaltare,
    — 
    Selvittäjä/utredare,

    SVERIGE

    — 
    Förvaltare,
    — 
    Rekonstruktör.

    ▼B




    IARSCRÍBHINN C

    An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

    Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle
    (IO L 160, 30.6.2000, lch. 1)
    Rialachán (CE) Uimh. 603/2005 ón gComhairle
    (IO L 100, 20.4.2005, lch. 1)
    Rialachán (CE) Uimh. 694/2006 ón gComhairle
    (IO L 121, 6.5.2006, lch. 1)
    Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle
    (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1)
    Rialachán (CE) Uimh. 681/2007 ón gComhairle
    (IO L 159, 20.6.2007, lch. 1)
    Rialachán (CE) Uimh. 788/2008 ón gComhairle
    (IO L 213, 8.8.2008, lch. 1)
    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 210/2010 ón gComhairle
    (IO L 65, 13.3.2010, lch. 1)
    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 583/2011 ón gComhairle
    (IO L 160, 18.6.2011, lch. 52)
    Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle
    (IO L 158, 10.6.2013, lch. 1)
    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 663/2014 ón gComhairle
    (IO L 179, 19.6.2014, lch. 4)
    Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe
    (IO L 236, 23.9.2003, lch. 33)




    IARSCRÍBHINN D



    Tábla comhghaoil

    Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000

    An Rialachán seo

    Airteagal 1

    Airteagal 1

    Airteagal 2, na focail tosaigh

    Airteagal 2, na focail tosaigh

    Airteagal 2, pointe (a)

    Airteagal 2, pointe (4)

    Airteagal 2, pointe (b)

    Airteagal 2, pointe (5)

    Airteagal 2, pointe (c)

    Airteagal 2, pointe (d)

    Airteagal 2, pointe (6)

    Airteagal 2, pointe (e)

    Airteagal 2, pointe (7)

    Airteagal 2, pointe (f)

    Airteagal 2, pointe (8)

    Airteagal 2, pointe (g), na focail tosaigh

    Airteagal 2, pointe (9), na focail tosaigh

    Airteagal 2, pointe (g), an chéad fhleasc

    Airteagal 2, pointe (9)(vii)

    Airteagal 2, pointe (g), an dara fleasc

    Airteagal 2, pointe (9)(iv)

    Airteagal 2 pointe (g), an tríú fleasc

    Airteagal 2, pointe (9)(viii)

    Airteagal 2, pointe (h)

    Airteagal 2, pointe (10)

    Airteagal 2, pointí (1) go (3) agus (11) go (13)

    Airteagal 2, pointí (9)(i) go (iii), (v), (vi)

    Airteagal 3

    Airteagal 3

    Airteagal 4

    Airteagal 5

    Airteagal 6

    Airteagal 4

    Airteagal 7

    Airteagal 5

    Airteagal 8

    Airteagal 6

    Airteagal 9

    Airteagal 7

    Airteagal 10

    Airteagal 8

    Airteagal 11(1)

    Airteagal 11(2)

    Airteagal 9

    Airteagal 12

    Airteagal 10

    Airteagal 13(1)

    Airteagal 13(2)

    Airteagal 11

    Airteagal 14

    Airteagal 12

    Airteagal 15

    Airteagal 13, an chéad fhleasc

    Airteagal 16, pointe (a)

    Airteagal 13, an dara fleasc

    Airteagal 16, pointe (b)

    Airteagal 14, an chéad fhleasc

    Airteagal 17, pointe (a)

    Airteagal 14, an dara fleasc

    Airteagal 17, pointe (b)

    Airteagal 14, an tríú fleasc

    Airteagal 17, pointe (c)

    Airteagal 15

    Airteagal 18

    Airteagal 16

    Airteagal 19

    Airteagal 17

    Airteagal 20

    Airteagal 18

    Airteagal 21

    Airteagal 19

    Airteagal 22

    Airteagal 20

    Airteagal 23

    Airteagal 24

    Airteagal 25

    Airteagal 26

    Airteagal 27

    Airteagal 21(1)

    Airteagal 28(2)

    Airteagal 21(2)

    Airteagal 28(1)

    Airteagal 22

    Airteagal 29

    Airteagal 23

    Airteagal 30

    Airteagal 24

    Airteagal 31

    Airteagal 25

    Airteagal 32

    Airteagal 26

    Airteagal 33

    Airteagal 27

    Airteagal 34

    Airteagal 28

    Airteagal 35

    Airteagal 36

    Airteagal 29

    Airteagal 37(1)

    Airteagal 37(2)

    Airteagal 38

    Airteagal 39

    Airteagal 30

    Airteagal 40

    Airteagal 31

    Airteagal 41

    Airteagal 42

    Airteagal 43

    Airteagal 44

    Airteagal 32

    Airteagal 45

    Airteagal 33

    Airteagal 46

    Airteagal 34(1)

    Airteagal 47(1)

    Airteagal 34(2)

    Airteagal 47(2)

    Airteagal 34(3)

    Airteagal 48

    Airteagal 35

    Airteagal 49

    Airteagal 36

    Airteagal 50

    Airteagal 37

    Airteagal 51

    Airteagal 38

    Airteagal 52

    Airteagal 39

    Airteagal 53

    Airteagal 40

    Airteagal 54

    Airteagal 41

    Airteagal 55

    Airteagal 42

    Airteagal 56

    Airteagal 57

    Airteagal 58

    Airteagal 59

    Airteagal 60

    Airteagal 61

    Airteagal 62

    Airteagal 63

    Airteagal 64

    Airteagal 65

    Airteagal 66

    Airteagal 67

    Airteagal 68

    Airteagal 69

    Airteagal 70

    Airteagal 71

    Airteagal 72

    Airteagal 73

    Airteagal 74

    Airteagal 75

    Airteagal 76

    Airteagal 77

    Airteagal 78

    Airteagal 79

    Airteagal 80

    Airteagal 81

    Airteagal 82

    Airteagal 83

    Airteagal 43

    Airteagal 84(1)

    Airteagal 84(2)

    Airteagal 44

    Airteagal 85

    Airteagal 86

    Airteagal 45

    Airteagal 87

    Airteagal 88

    Airteagal 89

    Airteagal 46

    Airteagal 90(1)

    Airteagal 90(2) go (4)

    Airteagal 91

    Airteagal 47

    Airteagal 92

    Iarscríbhinn A

    Iarscríbhinn A

    Iarscríbhinn B

    Iarscríbhinn C

    Iarscríbhinn B

    Iarscríbhinn C

    Iarscríbhinn D



    ( 1 ) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na forálacha riaracháin maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

    ( 2 ) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

    ( 3 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis bhliantúla airgeadais, ráitis chomhdhlúite airgeadais agus tuarascálacha gaolmhara ar chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

    ( 4 ) Treoir 2008/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra(IO L 283, 28.10.2008, lch. 36).

    ( 5 ) Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 lena mbunaítear Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 25).

    Top