This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 — Cuspóirí téamacha maidir le Cistí SIE — Airteagal 9
Cuimsítear i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 na príomhrialacha comhchoiteanna i ndáil le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa SIE) le haghaidh chlárthréimhse 2014-2020, a bhfuil sé d’aidhm leo tacú le Eoraip 2020: Straitéis AE le haghaidh fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach. In Airteagal 9 den rialachán seo leagtar amach na cuspóirí atá leis na hinfheistíochtaí sin faoi théamaí éagsúla, agus is é an sprioc atá leo maoiniú bheartas comhtháthaithe AE a dhíriú ar réimsí lena soláthraítear na tairbhí is airde do shaoránaigh.
Cuimsítear 5 chiste i gCistí SIE: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh.
Chomh maith le misin chiste-shonracha, tacaíonn gach Ciste SIE le tosaíochtaí infheistíochta ar a dtugtar cuspóirí téamacha:
Aistrítear cuspóirí téamacha go tosaíochtaí a bhaineann go sonrach le gach Ciste SIE. Baineann téamaí 1-4 leis an CFRE, agus is príomhthéamaí iad téamaí 8-11 maidir leis an CSE.
Ní mór do thíortha AE a áirithiú go gcomhlíonfaidh rogha a gcuspóirí téamacha na riachtanais forbartha agus na dúshláin chríochacha, agus go n–áiritheofar leo seachadadh comhtháite Chistí SIE.
Ní foláir nó go mbreithneoidh tíortha AE agus an Coimisiún Eorpach na modhanna is oiriúnaí chun cistí AE a úsáid chun tacú le hinfheistíocht, comhordú a dhéanamh idir Cistí SIE agus ionstraimí eile AE, lena n–áirítear:
Croíchuspóirí trasnacha beartais a bhaineann le tosaíochtaí téamacha uile Chistí SIE:
Ní mór do thíortha AE gnéithe geografacha nó déimeagrafacha a chur san áireamh agus cistiú SIE á chur i bhfeidhm acu agus ní mór dóibh dul i ngleic le dúshláin chríochacha shonracha gach réigiúin chun leas a bhaint as a acmhainn shonrach forbartha.
Tá feidhm leis ón .
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (OJ L 347, , lgh. 320–469)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí