Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Bunaítear leis Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) le haghaidh na tréimhse 2014-2020. Féachtar le CFRE forbairt chomhchuí, chothromúil agus inbhuanaithe an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn trí roinnt de na difríochtaí sna leibhéil forbartha idir a réigiúin a cheartú.
Leasaíodh an rialachán trí uair trí:
Rialachán leasaitheach (AE, Euratom) 2018/1046 — rialachán airgeadais AE (féach an achoimre) lena leagtar amach na rialacha maidir le buiséad AE a dhréachtú agus a chur chun feidhme; agus
Rialachán leasaitheach (AE) 2020/460, a glacadh i ndiaidh ráig COVID-19, ina bhfuil bearta sonracha maidir le hinfheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte thíortha AE agus in earnálacha eile dá ngeilleagair (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas), agus
in FBManna chun poist inbhuanaithe a chruthú agus a chosaint,
i ngach cineál fiontair i réimsí na nuálaíochta agus an taighde, an gheilleagair ísealcharbóin, chomh maith le TFC, réimse a bhfuil baint ag FBManna leis,
i mbonneagar a sholáthraíonn seirbhísí bunúsacha sna réimsí fuinnimh, comhshaoil, iompair agus TFC, agus i mbonneagar sóisialta, sláinte agus oideachasúil chomh maith,
caipiteal oibre in FBManna más gá mar bheart sealadach chun freagairt éifeachtach a sholáthar ar ghéarchéim sláinte poiblí (i ndiaidh ráig phaindéim COVID-19), agus
i bhforbairt acmhainne inginiúla.
Buiséad foriomlán
Is é breis agus EUR 185 billiún an buiséad don tréimhse 2014-2020.
Tosaíochtaí beartais agus buiséid
Tá na ceithre phríomhthéama atá liostaithe thuas fíorthábhachtach ó thaobh leithdháileadh chistiú CFRE de, rud a bhraithfidh ar chatagóir an réigiúin.
Aicmítear na réigiúin bunaithe ar a n–olltáirgeacht intíre (OTI) curtha in iúl mar chéatadán de mheánmhéid AE:
réigiúin níos forbartha: OTI os cionn 90 %
réigiúin trasdula: OTI 75 %-90 %
réigiúin bheagfhorbartha: OTI faoi bhun 75 %
Sna réigiúin níos forbartha, (réigiúin trasdula), (réigiúin bheagfhorbartha), ní mór 80 % (60 %) (50 %) ar a laghad de chistí iomlána CFRE i ngach tír a leithdháileadh ar dhá phríomhthéama nó níos mó de na ceithre phríomhthéama, eadhon nuálaíocht agus taighde, FBManna, TFC agus geilleagar ísealcharbóin; ní mór 20 % (15 %) (12 %) ar a laghad de chistí iomlána CFRE i ngach tír a dhíriú go sonrach ar thionscadail geilleagar ísealcharbóin mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leis.
Tá 5 % ar a laghad de chistiú CFRE curtha in áirithe d’fhorbraíocht inbhuanaithe uirbeach. Bunófar líonrú maidir le forbairt uirbeach ar leibhéal AE chun líonrú agus malartú taithí maidir le forbraíocht inbhuanaithe uirbeach a chur chun cinn.
Cur chun feidhme
Cuirtear CFRE chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta trí chláir 7 mbliana mar chuid de Chomhaontú Comhpháirtíochta idir tír AE agus AE lena mbaineann cúig Chiste Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE):
Ullmhaíonn gach tír AE an comhaontú seo agus le rannpháirtíocht comhpháirtithe a dhéanann ionadaíocht d’údaráis phoiblí réigiúnacha agus áitiúla, mar aon le raon leathan lucht leasa sóisialta, eacnamaíoch, comhshaoil agus eile.
An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas
Leis an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas, a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2020/460, tairgtear rochtain do thíortha AE ar EUR 37 billiún ó chistí SIE chun córais sláinte a neartú agus tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide, scéimeanna oibre gearr-ama agus seirbhísí pobalbhunaithe.
Bearta speisialta maidir leis an gCoróinvíreas: níos mó solúbthachta in úsáid chiste SIE
Le Rialachán leasaitheach (AE) 2020/558 féadfaidh tíortha AE acmhainní a aistriú idir Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, idir na catagóirí éagsúla réigiún agus idir réimsí tosaíochta sonracha na dtrí chiste.
Ón go dtí an , féadfar cláir um beartas comhtháthaithe a bhaineann le COVID-19 a mhaoiniú ar bhonn eisceachtúil trí 100 % de mhaoiniú AE le linn na bliana cuntasaíochta. Déantar faomhadh an chláir a shimpliú leis na bearta chomh maith, chun dlús a chur leis an gcur chun feidhme, chun ionstraimí airgeadais a dhéanamh níos éasca agus chun iniúchtaí a shimplí.
Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha i ndáil le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, , lgh. 289-302)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1301/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2056 ón gCoimisiún an lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 522/2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha mionsonraithe i dtaca leis na prionsabail i gcomhair roghnú agus bainistiú gníomhaíochtaí nuálacha i réimse na forbartha uirbí inbhuanaithe lena dtacófar faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (IO L 294, , lch. 26)
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 522/2014 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha mionsonraithe i dtaca leis na prionsabail i gcomhair roghnú agus bainistiú gníomhaíochtaí nuálacha i réimse na forbartha uirbí inbhuanaithe lena dtacófar faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (IO L 148, , lgh. 1-3)
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/99/AE ón gCoimisiún an lena leagtar síos liosta na réigiún atá incháilithe chun cistiú a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa, agus liosta na mBallstát atá incháilithe chun cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe don tréimhse 2014-2020 (IO L 50, , lgh. 22-34)