Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An comhbheartas talmhaíochta (CBT)

Is réimse é an comhbheartas talmhaíochta (CBT) ina roinntear inniúlacht idir an tAontas Eorpach (AE) agus Ballstáit AE.

De réir Airteagal 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féachtar leis an CBT:

  • táirgiúlacht na talmhaíochta a mhéadú trí dhul chun cinn teicniúil a chur chun cinn agus trína áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr agus is féidir as na tosca táirgthe, go háirithe na hoibrithe;
  • caighdeán cothrom maireachtála a áirithiú d’fheirmeoirí;
  • margaí a chobhsú;
  • a áirithiú go mbeidh soláthairtí ar fáil;
  • praghsanna réasúnta a áirithiú do thomhaltóirí.

Leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta, cuidíodh an CBT le feirmeoirí an Aontais Eorpaigh soláthar slán um bia sábháilte, sláintiúil agus inacmhainne a chur ar fáil trí thacaíocht ioncaim a sholáthar d’fheirmeoirí. Maoiníonn sé bearta chomh maith chun tacú le margaí talamhaíochta agus iad a chobhsú. Maoinítear cláir um fhorbairt tuaithe na mBallstát faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

Déantar formhór na gcinntí talmhaíochta trí bhíthin an ghnáthnós imeachta reachtaigh, ó cuireadh i bhfeidhm Conradh Liospóin (Airteagal 42(1) agus Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh).

Tá an CBT ann le beagnach 60 bliain anois. Tá an séú mór–athbhreithniú á dhéanamh air, agus beidh an CBT úr i bhfeidhm ó thús 2023. Le 30 bliain anuas, tháinig laghdú de réir a chéile ar a sciar de bhuiséad AE ó 73% den bhuiséad sa bhliain 1985 go dtí 31% den bhuiséad le haghaidh 2021-2027.

Tá sé mar aidhm leis an CBT úr earnáil talmhaíochta a bheidh inbhuanaithe agus iomaíoch a chothú a bheidh ábalta tacú le slite beatha feirmeoirí agus bia sláintiúil agus inbhuanaithe a chur ar fáil don tsochaí, agus do limistéir thuaithe bhríomhara.

Tá limistéir thalmhaíochta agus thuaithe lárnach don Chomhaontú Glas don Eoraip, agus beidh an CBT úr ina phríomhuirlis maidir le huaillmhianta na straitéise ‘ón bhfeirm go dtí an bhforc’ agus na straitéise bithéagsúlachta a bhaint amach.

Mar gheall ar an moill san idirbheartaíocht maidir leis an CBT úr, cuireadh an dáta tosaithe siar go dtí an . Glacadh Rialachán (AE) 2020/2220 (rialachán idirthréimhseach) chun íocaíochtaí le feirmeoirí agus tairbhithe CBT eile in 2021 agus 2022 a áirithiú.

FÉACH FREISIN

Top