Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2878

    Rialachán (AE) 2023/2878 ón gComhairle an 18 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

    ST/15248/2023/INIT

    IO L, 2023/2878, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2878/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2878/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2878

    18.12.2023

    RIALACHÁN (AE) 2023/2878 ÓN gCOMHAIRLE

    an 18 Nollaig 2023

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

    Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/... ón gComhairle an 18 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CFSP a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1),

    Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (2) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine.

    (2)

    Tugtar éifeacht le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle (3).

    (3)

    An 18 Nollaig 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/..., lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES.

    (4)

    Le Cinneadh (CBES) 2023/2874, cuirtear 29 eintiteas nua le liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES, eadhon liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a thacaíonn go díreach le coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise ina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, ar eintitis iad ar a bhforchuirtear srianta onnmhairiúcháin níos déine maidir le hearraí agus teicneolaíocht dé-úsáide, chomh maith le hearraí agus teicneolaíocht lena bhféadfaí rannchuidiú le feabhsú teicneolaíoch earnáil cosanta agus slándála na Rúise. Ina theannta sin, i bhfianaise phríomhról cumasaithe na gcomhpháirteanna leictreonacha lena n-úsáid ag coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise chun tacú leis an gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, áirítear freisin le Cinneadh (CBES) 2023/2874 eintitis áirithe ar an liosta sin, arb iad eintitis áirithe i dtríú tíortha seachas an Rúis a bhfuil baint acu le dul timpeall ar shrianta trádála, chomh maith le heintitis áirithe Rúiseacha a bhfuil baint acu le forbairt, táirgeadh agus soláthar comhpháirteanna leictreonacha do choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise.

    (5)

    Le Cinneadh (CBES) 2023/2874, cuirtear le liosta na n-ítimí a chuireann le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Rúise nó le forbairt a hearnála cosanta agus slándála trí ítimí a chur leis a d’úsáid an Rúis ina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus ítimí a chuireann le forbairt nó táirgeadh a córas míleata, lena n-áirítear ceimiceáin, ceallraí litiam, teirmeastait, mótair SD agus seirbheamótair le haghaidh aerárthaí gan foireann, meaisín-uirlisí agus páirteanna innealra.

    (6)

    Le Cinneadh (CBES) 2023/2874, tugtar isteach liosta de thíortha comhpháirtíochta a chuireann tacar beart sriantach ar allmhairí iarainn agus cruach agus tacar beart rialaithe allmhairiúcháin i bhfeidhm atá coibhéiseach cuid mhaith leo siúd i Rialachán (AE) Uimh. 833/2014. Ina theannta sin, cuirtear síneadh leis le tréimhsí clabhsúir áirithe chun táirgí sonracha cruach a allmhairiú.

    (7)

    Le Cinneadh (CBES) 2023/2874 forchuirtear srianta breise ar onnmhairí earraí lena bhféadfaí rannchuidiú go háirithe le hacmhainneachtaí tionsclaíocha na Rúise a fheabhsú. Thairis sin, chun an baol go rachfar timpeall ar na bearta sriantacha a íoslaghdú, cuirtear toirmeasc le Cinneadh (CBES) 2023/2874 ar idirthuras earraí agus teicneolaíochta áirithe trí chríoch na Rúise, arb earraí agus teicneolaíocht iad lena bhféadfaí rannchuidiú go háirithe le feabhas a chur ar acmhainneachtaí tionsclaíoch na Rúise, a onnmhairítear ón Aontas.

    (8)

    Ina theannta sin, le Cinneadh (CBES) 2023/2874, tugtar isteach tuilleadh srianta ar allmhairí earraí lena ngintear ioncam suntasach don Rúis, agus ar an gcaoi sin lena gcumasaítear a cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, amhail gás própáin leachtaithe, muciarann agus spiegeleisen, sreanga copair, sreanga alúmanaim, scragaill, feadáin agus píobáin. Foráiltear d’eisceachtaí áirithe agus d’idirthréimhsí áirithe.

    (9)

    Ina theannta sin, le Cinneadh (CBES) 2023/2874, tugtar cead do na Ballstáit earraí pearsanta a ligean isteach san Aontas, ar earraí iad nach mbaineann imní neamhshuntasach dul timpeall leo, mar shampla earraí sláinteachais phearsanta, nó éadaí a chaitheann taistealaithe nó atá ina mbagáiste, agus atá beartaithe go soiléir dá n-úsáid phearsanta féin nó d’úsáid phearsanta a mball teaghlaigh amháin. Foráiltear leis freisin do dhíolúine do ghluaisteáin a bhfuil pláta cláraithe feithiclí taidhleoireachta acu chun teacht isteach san Aontas agus, chun teacht isteach san Aontas a éascú do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu sa Rúis, tugtar cead do Bhallstáit údarú a thabhairt, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, do ghluaisteáin shaoránaigh an Aontais nó baill dá neasteaghlaigh atá ina gcónaí sa Rúis agus atá ag taisteal isteach san Aontas, ar choinníoll nach bhfuil na gluaisteáin ar díol agus go bhfuil siad á dtiomáint ar bhonn úsáid phearsanta amháin. Féadfaidh na Ballstáit staid na ngluaisteán ón Rúis atá ar chríoch an Aontais cheana féin a thabhairt chun rialtachta. Féadfaidh na Ballstáit staid na ngluaisteán ón Rúis atá ar chríoch an Aontais cheana féin a thabhairt chun rialtachta.

    (10)

    Le Cinneadh (CBES) 2023/2874, tugtar isteach maolú lena gcumasófar iasachtaí nó creidmheasanna a dheonú d’eintitis atá ag oibriú in earnáil fuinnimh na Rúise agus atá faoi réir an toirmisc ar idirbhearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear ann.

    (11)

    Le Cinneadh (CBES) 2023/2874 forchuirtear toirmeasc ar allmhairiú, ceannach nó aistriú diamant go díreach nó go hindíreach ón Rúis. Tá feidhm ag an toirmeasc sin maidir le diamaint de thionscnamh na Rúise, diamaint a onnmhairítear ón Rúis, diamaint a dhéanann idirthuras tríd an Rúis agus diamaint Rúiseacha nuair a phróiseáiltear iad i dtríú tíortha seachas an Rúis.

    (12)

    Tá feidhm ag an toirmeasc ar dhiamaint neamhthionsclaíocha nádúrtha agus sintéiseacha, agus ar sheodra diamaint, ón 1 Eanáir 2024, agus áirítear leis an toirmeasc céimniú isteach de réir a chéile ón 1 Márta 2024 go dtí an 1 Meán Fómhair 2024, de chosc ar dhiamaint Rúiseacha a allmhairiú go hindíreach nuair a phróiseáiltear iad i dtríú tíortha seachas an Rúis, lena n-airítear seodra ina n-ionchorpraítear diamaint de thionscnamh na Rúise. Agus toirmisc ar allmhairí indíreacha á gcéimniú isteach, cuirtear san áireamh an gá atá le sásra inrianaitheachta iomchuí a chur in úsáid lena gcumasaítear bearta éifeachtacha forfheidhmithe agus lena n-íoslaghdaítear suaitheadh le haghaidh gníomhaithe margaidh.

    (13)

    Tá an toirmeasc ar dhiamaint Rúiseacha mar chuid d’iarracht G7 toirmeasc ar dhiamaint a dhéanfar a chomhordú ar bhonn idirnáisiúnta a bhfuil sé d’aidhm aige foinse thábhachtach ioncaim den sórt sin a bhaint den Rúis. Ionas go bhféadfar ioncaim ó mhianadóireacht diamant a bhaint den Rúis leis an toirmeasc ar bhealach éifeachtach, is gá gníomhaíocht a dhéanamh i dteannta gníomhaíocht chomhuaineach i margaí móra diamant eile, lena n-áirítear srian a chur ar allmhairí diamant Rúiseach a próiseáladh i dtríú tíortha seachas an Rúis.

    (14)

    Le Cinneadh (CBES) 2023/2874 cuirtear síneadh bliana breise le maoluithe sonracha ón toirmeasc ar allmhairiú amhola agus táirgí peitriliam ón Rúis chun slándáil soláthair Ballstát áirithe a áirithiú.

    (15)

    Braitheann an sásra caidhpe praghais ar phróiseas fianaithe lena gcuirtear ar a gcumas d’oibreoirí i slabhra soláthair ola muiriompartha na Rúise a léiriú gur ceannaíodh an ola ar an gcaidhp phraghais arna comhaontú ag Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais nó faoin gcaidhp phraghais sin. Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chur chun feidhme agus comhlíonadh an tsásra sin agus, an tráth céanna, na bacainní ar bhrionnú fianuithe a mhéadú, le Cinneadh (CFSP) 2023/2874 tugtar isteach ceanglas go ndéanfaí faisnéis mhiondealaithe faoi phraghsanna le haghaidh costais choimhdeacha, mar shampla árachas agus lasta, a chomhroinnt arna iarraidh sin ar fud shlabhra soláthair thrádáil ola na Rúise. I gcomhréir le córas leibhéal Chomhghuaillíocht na Caidhpe Praghais le haghaidh fianuithe lena modhnaítear oibleagáidí comhlíontachta gníomhaithe ar bhonn a rochtana ar phraghas ceannaigh amhtháirgí Rúiseacha nó táirgí peitriliam Rúiseacha, tá na gníomhaithe sin ag a bhfuil rochtain ar an bhfaisnéis sin, mar shampla trádálaithe agus cairtfhostóirí, chun an fhaisnéis mhiondealaithe faoi phraghsanna a chomhroinnt. Ba cheart do ghníomhaithe síos an tslabhra soláthair, mar shampla úinéirí long agus árachóirí, a bheith in ann an fhaisnéis mhiondealaithe faoi chostais a sholáthraíonn gníomhaithe atá níos gaire do thionscnamh na faisnéise sin a bhailiú mar chuid dá nósanna imeachta maidir le dícheall cuí, agus í a chomhroinnt. Féadfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin a iarraidh ar aon ghníomhaí, gan beann ar a n-áit sa slabhra soláthair, tráth ar bith, chun comhlíonadh an tsásra caidhpe praghais a fhíorú. Déantar foráil maidir le hidirthréimhse iomchuí.

    (16)

    Foráiltear le Cinneadh (CBES) 2023/2874 freisin gur cheart tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chur chun feidhme agus forfheidhmiú an tsásra caidhpe praghais trí fhaisnéis a roinnt idir an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, agus na Ballstáit chun soithí agus eintitis a shainaithint a bhfuil cleachtas meabhlach amháin nó níos mó ar siúl acu, amhail aistrithe idir longa, rud a dhéantar chun tionscnamh nó ceann scríbe lasta a cheilt, agus ionramháil an chórais aitheantais uathoibríoch, le linn d’amhola Rúiseach nó táirgí peitriliam Rúiseacha a bheith á n-iompar. D’fhéadfadh faisnéis den sórt sin tacú leis na Ballstáit gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a dhéanamh.

    (17)

    Ionas go mbeidh trédhearcacht ag baint le tancaeir a dhíol, go háirithe i gcás iompróirí athláimhe, a d’fhéadfaí a úsáid chun an toirmeasc ar allmhairiú amhola Rúiseach nó táirgí peitriliam Rúiseacha agus an chaidhp phraghais arna comhaontú ag Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais a sheachaint, foráiltear le Cinneadh (CBES) 2023/2874 d’oibleagáid maidir le fógra a thabhairt faoi thancaeir a dhíol chuig aon tríú tír agus maidir le maolú ar an toirmeasc ar thancaeir a dhíol le daoine agus eintitis Rúiseacha, nó lena n-úsáid sa Rúis. Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir le húinéir tancaeir ar náisiúnach de Bhallstát é, maidir le duine nádúrtha a chónaíonn i mBallstát, agus maidir le duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas. Ba cheart don úinéir, nó d’aon duine atá ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann, fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi aon díolachán den sórt sin a tugadh i gcrích ón 5 Nollaig 2022 agus na sonraí uile is gá a sholáthar.

    (18)

    Foráiltear leis an sásra caidhpe praghais go bhféadfar tionscadail shonracha atá fíor-riachtanach maidir le slándáil fuinnimh tríú tíortha áirithe a dhíolmhú ón gcaidhp phraghais arna comhaontú ag Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais. Le Cinneadh (CBES) 2023/2874 cuirtear síneadh leis an díolúine dá bhforáiltear i ndáil leis an Tionscadal Sakhalin-2 (Сахалин-2), atá lonnaithe sa Rúis, go dtí an 28 Meitheamh 2024 chun riachtanais slándála fuinnimh na Seapáine a áirithiú.

    (19)

    Ina theannta sin, le Cinneadh (CBES) 2023/2874, féachtar le teorainn a chur le dul timpeall ar an toirmeasc ar sheirbhísí tiachóige criptea-shócmhainní, seirbhísí cuntais nó seirbhísí cumhdaigh, a sholáthar do dhaoine Rúiseacha agus do chónaitheoirí Rúiseacha trí thoirmeasc a chur ar náisiúnaigh Rúiseacha nó ar dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Rúis a bheith ina n-úinéirí aon phoist i gcomhlachtaí rialaithe na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a sholáthraíonn na seirbhísí sin, nó aon phost den chineál sin a rialú nó a bheith ina seilbh.

    (20)

    Ina theannta sin, le Cinneadh (CBES) 2023/2874 leathnaítear an toirmeasc atá ann faoi láthair ar sheirbhísí a sholáthar chun soláthar bogearraí chun fiontair a bhainistiú agus bogearraí le haghaidh dearadh agus monarú tionsclaíoch a áireamh, faoi réir na ndíolúintí agus maoluithe is iomchuí.

    (21)

    I bhfianaise a thábhachtaí atá tionscadal Paks II chun leas na hUngáire i ndáil le slándáil an tsoláthair fuinnimh, soiléirítear le Cinneadh (CBES) 2023/2874 freisin go bhfuil na díolúintí agus na maoluithe sa Rialachán seo a bhaineann le tionscadail núicléacha shibhialta infheidhme go hiomlán maidir leis na hearraí agus na seirbhísí uile is gá le haghaidh an tionscadail sin.

    (22)

    Le Cinneadh (CBES) 2023/2874 forchuirtear ceanglais áirithe freisin maidir le tuairisciú le haghaidh aistriú cistí amach as an Aontas arna dhéanamh ag eintitis atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear Eintitis Sainchuspóireacha, a bhfuil a gcearta dílseánaigh faoi úinéireacht eintiteas atá bunaithe sa Rúis, faoi úinéireacht náisiúnach de chuid na Rúise nó faoi úinéireacht daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Rúis.

    (23)

    Thairis sin, ceanglaítear le Cinneadh (CFSP) 2023/2874 go gcuirfidh onnmhaireoirí toirmeasc conarthach ar earraí agus teicneolaíochta atá íogair mar a liostaítear in Iarscríbhinní XI, XX agus XXXV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, ítimí ardtosaíochta coiteanna, nó airm thine agus armlón lena n-úsáid sa Rúis mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 a ath-onnmhairiú go dtí an Rúis agus a ath-onnmhairiú lena n-úsáid sa Rúis.

    (24)

    Ar deireadh, le Cinneadh (CBES) 2023/2874 déantar leasuithe teicniúla áirithe, lena n-áirítear trí mhaoluithe a chur in ionad díolúintí ó thoirmisc áirithe, trí dhíolúintí le haghaidh úsáid phearsanta a chur isteach, trí fhoráil a dhéanamh maidir le hoibleagáidí fógra a thabhairt, trí thagairtí a chur isteach atá ar iarraidh in airteagail áirithe ach a áiríodh in airteagail chomhchosúla, agus trí thagairtí d’idirthréimhsí atá imithe in éag a scriosadh, mar aon le tagairtí eile nach bhfuil riachtanach chun críoch forála ar leith a chomhlíonadh a scriosadh. Níl sé i gceist aon éifeacht dhlíthiúil a bheith ag scriosadh tagairtí d’idirthréimhsí atá imithe in éag cheana féin ar chonarthaí roimhe seo ná ar chonarthaí leanúnacha ná ar infheidhmeacht na n-idirthréimhsí sin.

    (25)

    Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

    (26)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 mar a leanas:

    (1)

    leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

    (a)

    i bpointe (u), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:

    ‘(u)

    ciallaíonn ‘earnáil fuinnimh’ earnáil lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí seo a leanas cé is moite de ghníomhaíochtaí a bhaineann le cúrsaí núicléacha sibhialta, mar shampla tionscadal Paks II:’;

    (b)

    cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    ‘(zc)

    ciallaíonn ‘tír chomhpháirtíochta chun iarann agus cruach a allmhairiú’ tír a chuireann tacar beart sriantach ar allmhairí iarainn agus cruach atá coibhéiseach cuid mhaith leo siúd a leagtar amach in Airteagal 3g, agus tacar beart rialaithe allmhairiúcháin atá coibhéiseach cuid mhaith leo siúd a leagtar amach san Airteagal sin, mar a shainaithnítear in Iarscríbhinn XXXVI;

    (zd)

    ciallaíonn ‘cistí’ sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach nach bhfuil teoranta don mhéid sin:

    (i)

    airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;

    (ii)

    taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;

    (iii)

    urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;

    (iv)

    ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn astu nó arna nginiúint astu;

    (v)

    creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó ceangaltais airgeadais eile;

    (vi)

    litreacha creidmheasa, billí luchta, billí díola; agus

    (vii)

    doiciméid ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais.’;

    (2)

    in Airteagal 2(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c)

    atá ceaptha le haghaidh oibriú, cothabháil, athchóireáil breosla agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, mar shampla tionscadal Paks II, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;’;

    (3)

    in Airteagal 2a(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c)

    atá ceaptha le haghaidh oibriú, cothabháil, athchóireáil breosla agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, mar shampla tionscadal Paks II, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;’;

    (4)

    in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

    ‘4.   Na toirmisc i mír 2, ní bheidh feidhm acu go dtí an 20 Meitheamh 2024 maidir le hárachas nó athárachas a sholáthar d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit maidir lena ghníomhaíochtaí lasmuigh den earnáil fuinnimh sa Rúis.

    5.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, go soláthrófar árachas nó athárachas tar éis an 20 Meitheamh 2024 d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit maidir lena ghníomhaíochtaí lasmuigh den earnáil fuinnimh sa Rúis.’

    ;

    (5)

    in Airteagal 3a, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘3a.   De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, aon ghníomhaíocht dá dtagraítear ann a údarú tar éis dóibh a chinneadh, i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 5aa(3), go bhfuil gá leis an ngníomhaíocht sin chun oibriú tionscadail gáis domhainfharraige amach ón gcósta sa Mheánmhuir a áirithiú ina raibh duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn XIX ina scairshealbhóir mionlaigh ann roimh an 31 Deireadh Fómhair 2017 agus ina bhfuil an duine dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin ina scairshealbhóir mionlaigh ann fós, ar choinníoll go bhfuil an tionscadal á rialú nó á oibriú go hiomlán nó go comhpháirteach ag duine dlítheanach atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit.’

    ;

    (6)

    in Airteagal 3c, scriostar míreanna 5, 5a, 5b agus 5c;

    (7)

    in Airteagal 3ea(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    ‘(d)

    iompar breosla núicléach agus earraí eile a bhfuil géarghá leo chun cumais núicléacha shibhialta a fheidhmiú, mar shampla tionscadal Paks II.’;

    (8)

    leasaítear Airteagal 3g mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    ‘(d)

    táirgí iarainn agus cruach mar a liostaítear in Iarscríbhinn XVII a allmhairiú nó a cheannach, ón 30 Meán Fómhair 2023, go díreach nó go hindíreach nuair a phróiseáiltear iad i dtríú tír ina n-ionchorpraítear táirgí iarainn agus cruach de thionscnamh na Rúise mar a liostaítear in Iarscríbhinn XVII; i dtaca le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn XVII a phróiseáiltear i dtríú tír ina n-ionchorpraítear táirgí cruach de thionscnamh na Rúise dar cóid AC 7207 11 , 7207 12 10 nó 7224 90 , beidh feidhm ag an toirmeasc seo ón 1 Aibreán 2024 i gcás chód AC 7207 11 agus ón 1 Deireadh Fómhair 2028 i gcás chóid AC 7207 12 10 agus 7224 90 ;

    Chun críche chur i bhfeidhm an phointe seo, tráth an allmhairithe, cuirfidh allmhaireoirí fianaise ar fáil maidir le tír thionscnaimh na n-ionchur iarainn agus cruach a úsáideadh chun an táirge a phróiseáil i dtríú tír mura ndéantar an táirge a allmhairiú ó thír chomhpháirtíochta chun iarann agus cruach a allmhairiú mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXXVI;’;

    (b)

    i mír 4, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

    ‘(c)

    3 185 719 tona méadrach idir an 1 Deireadh Fómhair 2024 agus an 30 Meán Fómhair 2025;

    (d)

    2 998 324 tona méadrach idir an 1 Deireadh Fómhair 2025 agus an 30 Meán Fómhair 2026;

    (e)

    2 623 534 tona méadrach idir an 1 Deireadh Fómhair 2026 agus an 30 Meán Fómhair 2027;

    (f)

    2 061 348 tona méadrach idir an 1 Deireadh Fómhair 2027 agus an 30 Meán Fómhair 2028.’;

    (c)

    i mír 5a, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

    ‘(c)

    124 956 tona méadrach idir an 1 Deireadh Fómhair 2024 agus an 30 Meán Fómhair 2025;

    (d)

    117 606 tona méadrach idir an 1 Deireadh Fómhair 2025 agus an 30 Meán Fómhair 2026;

    (e)

    102 905 tona méadrach idir an 1 Deireadh Fómhair 2026 agus an 30 Meán Fómhair 2027;

    (f)

    80 854 tona méadrach idir an 1 Deireadh Fómhair 2027 agus an 30 Meán Fómhair 2028.’;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    ‘7.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla ceannach, allmhairiú nó aistriú na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn XVII a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá sin do bhunú d’oibriú, do chothabháil, do sholáthar breosla agus d’athchóireáil agus do shábháilteacht cumas núicléach sibhialta, agus leanúint den dearadh, den tógáil agus den choimisiúnú is gá chun saoráidí sibhialta núicléacha a chríochnú mar shampla tionscadal Paks II, soláthar ábhair réamhtheachtaigh chun raidiseatóip leighis agus feidhmeanna leighis comhchosúla a tháirgeadh, nó teicneolaíocht chriticiúil chun faireachán a dhéanamh ar radaíocht chomhshaoil, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha.’

    ;

    (9)

    in Airteagal 3h, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Cuirfear toirmeasc ar shó-earraí a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XVIII, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis, nó lena n-úsáid sa Rúis.’

    ;

    (10)

    leasaítear Airteagal 3i mar a leanas:

    (a)

    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    ‘3aa.   Féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit allmhairiú earraí a cheadú, ar earraí iad atá beartaithe le haghaidh úsáid phearsanta ag daoine nádúrtha atá ag taisteal chuig an Aontas nó ag baill dá neasteaghlaigh amháin, atá teoranta d’earraí pearsanta ar leis na daoine aonair sin iad agus ar léir nach bhfuil ceaptha lena ndíol.

    3ab.   Féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, go dtabharfar isteach san Aontas feithicil a thagann faoi chód AC 8703 agus nach bhfuil ceaptha lena díol agus atá faoi úinéireacht saoránaigh Ballstáit nó ball neasteaghlaigh a bhfuil cónaí air sa Rúis agus atá ag tiomáint na feithicle isteach san Aontas le haghaidh úsáid pearsanta agus lena haghaidh sin amháin.

    3ac.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le mótarfheithiclí a thagann faoi chód AC 8703 a theacht isteach san Aontas ar choinníoll go bhfuil pláta cláraithe feithiclí taidhleoireachta acu agus go bhfuil siad riachtanach d’fheidhmiú ionadaíochta taidhleoireachta agus consalachta, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a thairbhíonn de dhíolúintí de réir an dlí idirnáisiúnta, nó le haghaidh úsáid phearsanta a bhfoirne agus a neasteaghlaigh; nó

    3ad.   Ní choiscfidh an toirmeasc i mír 1 feithiclí atá ar chríoch an Aontais cheana féin ar an 19 Nollaig 2023 ó bheith cláraithe i mBallstát.

    3ca.   I dtaca leis na hearraí a thagann faoi chóid AC 7205 , 7408 , 7604 , 7605 , 7607 agus 7608 , ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir leis an bhforghníomhú go dtí an 20 Márta 2024 i gcás conarthaí a thabharfar i gcrích roimh an 19 Nollaig 2023, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.

    3cb.   I dtaca leis na hearraí a thagann faoi chóid AC 2711 12 , 2711 13 , 2711 14 , 2711 19 agus 7202 , ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir leis an bhforghníomhú go dtí an 20 Nollaig 2024 i gcás conarthaí a thabharfar i gcrích roimh an 19 Nollaig 2023, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.

    3cc.   I dtaca leis na hearraí a thagann faoi chód AC 7201 , ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le hallmhairiú, ceannach nó iompar na gcainníochtaí seo a leanas d’earraí, ná maidir leis an gcúnamh teicniúil nó airgeadais lena mbaineann:

    (a)

    1 140 000 tona méadrach idir an 19 Nollaig 2023 agus an 31 Nollaig 2024;

    (b)

    700 000 tona méadrach idir an 1 Eanáir 2025 agus an 31 Nollaig 2025.

    3cd.   I dtaca leis na hearraí a thagann faoi chód AC 7203 , ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le hallmhairiú, ceannach nó iompar na gcainníochtaí seo a leanas d’earraí, ná maidir leis an gcúnamh teicniúil nó airgeadais lena mbaineann:

    (a)

    1 140 836 tona méadrach idir an 19 Nollaig 2023 agus an 31 Nollaig 2024;

    (b)

    651 906 tona mhéadrach idir an 1 Eanáir 2025 agus an 31 Nollaig 2025.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3c:

    ‘3c.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla ceannach, allmhairiú nó aistriú na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn XXI, nó soláthar cúnaimh theicniúil agus airgeadais lena mbaineann a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá sin do bhunú d’oibriú, do chothabháil, do sholáthar breosla agus d’athchóireáil agus do shábháilteacht cumas núicléach sibhialta, agus leanúint den dearadh, den tógáil agus den choimisiúnú is gá chun saoráidí sibhialta núicléacha a chríochnú, mar shampla tionscadal Paks II, soláthar ábhair réamhtheachtaigh chun raidiseatóip leighis agus feidhmeanna leighis comhchosúla a tháirgeadh, nó teicneolaíocht chriticiúil chun faireachán a dhéanamh ar radaíocht chomhshaoil, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha.’

    ;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na cuótaí méideanna allmhairiúcháin a leagtar amach i míreanna 3cc, 3cd, 3da agus 4 den Airteagal seo a bhainistiú i gcomhréir leis an gcóras bainistíochta le haghaidh cuótaí rátaí taraife dá bhforáiltear in Airteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún.’

    ;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    ‘6.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 3c agus 3e laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’

    ;

    (11)

    leasaítear Airteagal 3k mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Earraí lena bhféadfaí rannchuidiú le feabhas a chur ar acmhainneachtaí tionsclaíocha na Rúise go háirithe, arb earraí iad a liostaítear in Iarscríbhinn XXIII, bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, cuirfear toirmeasc ar iad a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.’

    ;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘1a.   Na hearraí agus an teicneolaíocht mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXXVII agus a onnmhairítear ón Aontas, cuirfear toirmeasc ar a n-idirthuras trí chríoch na Rúise.’

    ;

    (c)

    scriostar míreanna 3, 3a agus 3b;

    (d)

    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    ‘3aa.   I dtaca leis na hearraí a thagann faoi na cóid AC a liostaítear in Iarscríbhinn XXIIIA, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir leis an bhforghníomhú go dtí an 20 Márta 2024 i gcás conarthaí a thabharfar i gcrích roimh an 19 Nollaig 2023, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.

    3ab.   I dtaca leis na hearraí a thagann faoi na cóid AC a liostaítear in Iarscríbhinn XXIIIB, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir leis an bhforghníomhú go dtí an 20 Meitheamh 2024 i gcás conarthaí a thabharfar i gcrích roimh an 19 Nollaig 2023, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.’

    ;

    (e)

    i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c)

    bunú, oibriú, cothabháil, soláthar breosla agus athchóireáil agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, agus leanúint den dearadh, den tógáil agus den choimisiúnú is gá chun saoráidí sibhialta núicléacha a chríochnú, mar shampla tionscadal Paks II, chomh maith le soláthar ábhar réamhtheachtach chun radaiseatóp leighis agus feidhmeanna leighis comhchosúla a tháirgeadh, nó teicneolaíocht atá ríthábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar radaíocht chomhshaoil, agus le haghaidh an chomhair núicléach shibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha.’;

    (f)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘5c.   De mhaolú ar mhír 1a, féadfaidh na húdaráis inniúla idirthuras earraí agus teicneolaíochta a d’fhéadfadh rannchuidiú go háirithe le feabhas a chur ar acmhainneachtaí tionsclaíocha na Rúise mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXXVII a údarú trí chríoch na Rúise, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin beartaithe chun na gcríoch a leagtar amach i míreanna 5 agus 5b den Airteagal seo.’

    ;

    (g)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    ‘7.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear faoi mhíreanna 5, 5a, 5b agus 5c laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’

    ;

    (12)

    leasaítear Airteagal 3l mar a leanas:

    (a)

    scriostar míreanna 3 agus 3a;

    (b)

    i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    mura dtoirmisctear a mhalairt, gás agus ola nádúrtha, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha, mar aon le tíotáiniam, alúmanam, copar, nicil, pallaidiam agus amhiarainn, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar isteach san Aontas;’;

    (13)

    leasaítear Airteagal 3m mar a leanas:

    (a)

    i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:

    ‘6.   Ón 5 Feabhra 2023 i leith, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na Cróite údarú a thabhairt go dtí 31 Nollaig 2024 chun ola fholúsgháis a thagann faoi chód AC 2710 19 71 , ar de thionscnamh na Rúise í nó a onnmhairítear ón Rúis, a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas araon:’;

    (b)

    i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

    ‘Mar mhaolú sealadach, beidh feidhm ag na toirmisc dá dtagraítear sa tríú fomhír ón 5 Nollaig 2024 maidir le táirgí peitriliam a fhaightear ó amhola a seachadadh trí phíblíne isteach i mBallstát eile dá dtagraítear i mír 3(d) a allmhairiú agus a aistriú isteach sa tSeicia, agus a dhíol le ceannaitheoirí sa tSeicia. Má chuirtear soláthairtí malartacha le haghaidh na dtáirgí peitriliam sin ar fáil don tSeicia roimh an dáta sin, déanfaidh an Chomhairle an maolú sealadach sin a fhoirceannadh. Le linn na tréimhse go dtí an 5 Nollaig 2024, ní rachaidh méideanna na dtáirgí peitriliam sin a allmhairítear isteach sa tSeicia ó Bhallstáit eile thar na meánmhéideanna arna n-allmhairiú isteach sa tSeicia ó na Ballstáit eile sin le linn na tréimhse céanna sna 5 bliana roimhe sin.’;

    (14)

    leasaítear Airteagal 3n mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘6a.   I gcur i bhfeidhm mhíreanna 4 agus 6, pointe (a), i gcás amhola Rúiseach nó táirgí peitriliam Rúiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn XXV, arna luchtú ón 20 Feabhra 2024, déanfaidh soláthraithe seirbhíse nach bhfuil rochtain acu ar an bpraghas ceannaigh in aghaidh an bhairille a leagtar síos in Iarscríbhinn XXVIII de na táirgí sin faisnéis mhiondealaithe faoi phraghsanna a bhailiú le haghaidh costais choimhdeacha arna soláthar ag oibreoirí níos gaire do thús shlabhra soláthair na trádála i dtáirgí amhola Rúiseacha nó táirgí peitriliam Rúiseacha. Soláthrófar an fhaisnéis mhiondealaithe sin faoi phraghsanna do chontrapháirtithe agus d’údaráis inniúla, arna iarraidh sin dóibh, chun comhlíonadh an Airteagail seo a fhíorú.’

    ;

    (b)

    scriostar mír 8;

    (15)

    cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 3na

    Chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú Airteagail 3m agus 3n a éascú, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis a roinnt le chéile go tréimhsiúil d’fhonn soithí agus eintitis ar údar imní iad a dhéanann cleachtas meabhlach amháin nó níos mó agus amhola Rúiseach agus táirgí peitriliam Rúiseacha a bheith á n-iompar a shainaithint a thuilleadh.

    Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo ach amháin chun na críche ar iarradh í.

    Airteagal 3p

    1.   Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, cuirfear toirmeasc ar dhiamaint agus ar tháirgí ina n-ionchorpraítear diamaint, mar a liostaítear i gCodanna A, B agus C d’Iarscríbhinn XXXVIIIA, a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, más de thionscnamh na Rúise iad nó má onnmhairíodh iad ón Rúis isteach san Aontas nó chuig aon tríú tír.

    2.   Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, cuirfear toirmeasc ar dhiamaint agus ar tháirgí ina n-ionchorpraítear diamaint, mar a liostaítear i gCodanna A, B agus C d’Iarscríbhinn XXXVIIIA, a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, má rinne siad idirthuras trí chríoch na Rúise.

    3.   Ón 1 Márta 2024 ar aghaidh, cuirfear toirmeasc ar tháirgí a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn XXXVIIIA a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, nuair a phróiseáiltear i dtríú tír iad, agus iad comhdhéanta de dhiamaint de thionscnamh na Rúise nó arna n-onnmhairiú ón Rúis ag a bhfuil meáchan atá cothrom le 1.0 carat nó atá níos mó ná sin in aghaidh an diamaint.

    4.   Ón 1 Meán Fómhair 2024 ar aghaidh, cuirfear toirmeasc ar tháirgí a liostaítear i gCodanna A, B agus C d’Iarscríbhinn XXXVIIIA a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, nuair a phróiseáiltear i dtríú tír iad, agus iad comhdhéanta de dhiamaint de thionscnamh na Rúise nó arna n-onnmhairiú ón Rúis nó ina n-ionchorpraítear diamaint de thionscnamh na Rúise nó arna n-onnmhairiú ón Rúis ag a bhfuil meáchan atá cothrom le 0.5 carat nó 0.1 gram nó atá níos mó ná sin in aghaidh an diamaint.

    5.   Cuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 agus a bhaineann le soláthar, monaraíocht, cothabháil agus úsáid na n-earraí sin, go díreach nó go hindíreach, i ndáil leis na toirmisc i míreanna 1 go 4;

    (b)

    maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 chun na hearraí sin a cheannach, a allmhairiú, nó a aistriú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, i ndáil leis na toirmisc i míreanna 1 go 4.

    6.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 go 4 maidir le hearraí a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn XXXVIIIA le haghaidh úsáid phearsanta ag daoine nádúrtha atá ag taisteal chuig an Aontas nó ag baill dá neasteaghlaigh a bheidh ag taisteal leo, atá faoi úinéireacht na ndaoine aonair sin agus nach bhfuil ceaptha le díol.

    7.   De mhaolú ar mhíreanna 1go 4, féadfaidh na húdaráis inniúla aistriú nó allmhairiú earraí cultúrtha atá ar iasacht chuig an Rúis a údarú i gcomhthéacs comhar cultúrtha foirmiúil leis an Rúis.

    8.   Chun críocha mhíreanna 3 agus 4, earraí a thagann faoi chóid AC 7102 31 00 agus 7102 10 00 a allmhairítear isteach san Aontas, cuirfear faoi bhráid an údaráis a shonraítear in Iarscríbhinn XXXVIIIB iad lena bhfíorú gan mhoill, mar aon le doiciméadacht lena ndeimhnítear a dtionscnamh. Áiritheoidh an Ballstát ina dtabharfar na hearraí sin isteach i gcríoch chustaim an Aontais go gcuirfear faoi bhráid an údaráis a shonraítear in Iarscríbhinn XXXVIIIB iad. Féadfar idirthuras custaim a dheonú chuige sin. Má dheonaítear idirthuras custaim den sórt sin, cuirfear an fíorú dá bhforáiltear sa mhír seo ar fionraí go dtí go dtiocfaidh na hearraí sin chuig an údarás a shonraítear in Iarscríbhinn XXXVIIIB. Beidh an t-allmhaireoir freagrach as gluaiseacht cheart na n-earraí sin agus costais na gluaiseachta sin.

    9.   Déanfar gach fíorú a cheanglaítear faoi mhír 8 a chur i gcrích i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 (*1) ón gComhairle, ag a mbeidh feidhm mutatis mutandis.

    10.   Chun críocha mhíreanna 3 agus 4, tráth an allmhairithe, cuirfidh allmhaireoirí fianaise ar fáil maidir le tír thionscnaimh na ndiamant nó na dtáirgí ina n-ionchorpraítear diamaint a úsáidtear mar ionchur chun an táirge a phróiseáil i dtríú tír.

    Ón 1 Meán Fómhair 2024, áireofar san fhianaise bunaithe ar inrianaitheacht deimhniú comhfhreagrach lena ndeimhnítear nár baineadh, nár próiseáladh ná nár táirgeadh na diamaint sa Rúis.

    Airteagal 3q

    1.   Cuirfear toirmeasc ar aon náisiúnach de chuid Ballstáit, aon duine nádúrtha a chónaíonn i mBallstát, agus aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas tancaeir chun amhola nó táirgí peitriliam a liostaítear in Iarscríbhinn XXV, a thagann faoi chód CC ex 8901 20 , a dhíol nó úinéireacht orthu a aistriú ar bhealach eile go díreach nó go hindíreach, bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tancaeir chun amhola nó táirgí peitriliam a liostaítear in Iarscríbhinn XXV, a thagann faoi chód CC ex 8901 20 , a dhíol nó úinéireacht orthu a aistriú ar bhealach eile.

    3.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ní dheonóidh na húdaráis inniúla údarú maidir le díol nó aistriú eile úinéireachta, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas ná comhlacht sa Rúis ná lena úsáid sa Rúis, má tá forais réasúnacha acu lena chreidiúint go n-úsáidfí an tancaer chun amhola nó táirgí peitriliam a iompar, nó go bhféadfaí é a ath-onnmhairiú chun amhola nó táirgí peitriliam a iompar, a liostaítear in Iarscríbhinn XXV, ar de thionscnamh na Rúise iad nó arna n-onnmhairiú ón Rúis le hallmhairiú isteach san Aontas de shárú ar Airteagal 3m nó le haghaidh iompair chuig tríú tíortha ar phraghas ceannaigh in aghaidh an bhairille is mó ná an praghas atá leagtha síos in Iarscríbhinn XXVIII.

    4.   Maidir le haon díolachán nó aon socrú eile lena n-aistríonn náisiúnach Ballstáit úinéireacht a dhéanfaidh náisiúnach de chuid Ballstáit, duine nádúrtha a chónaíonn i mBallstát, agus duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas chuig aon tríú tír, ar tancaeir é chun amhola nó táirgí peitriliam a liostaítear in Iarscríbhinn XXV, a thagann faoi chód CC ex 8901 20 , a iompar, cé is moite de dhíol nó aistriú eile úinéireachta a thoirmisctear faoi mhír 1, cuirfear é sin in iúl láithreach d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar saoránach nó cónaitheoir é úinéir an tancaeir nó ina bhfuil úinéir an tancaeir bunaithe.

    Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san fhógra a thabharfar don údarás inniúil: céannacht an díoltóra agus an cheannaitheora, agus i gcás inarb infheidhme doiciméid chorpraithe an díoltóra agus an cheannaitheora lena n-áirítear scairsheilbh agus bainistiú; uimhir aitheantais loinge IMO an tancaeir; agus Glao-Chód an tancaeir.

    5.   Aon díolachán nó aon aistriú eile ar úinéireacht tancaer dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 tar éis an 5 Nollaig 2022 agus roimh an 19 Nollaig 2023, tabharfar fógra ina leith do na húdaráis inniúla roimh an 20 Feabhra 2024.

    6.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear faoi mhír 2, agus faoi aon fhógra faoi mhíreanna 4 agus 5, laistigh de 2 sheachtain ón bhfógra nó ón údarú.

    (*1)  Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 ón gComhairle an 20 Nollaig 2002 lena gcuirtear chun feidhme scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley um thrádáil idirnáisiúnta i ndiamaint gharbha (IO L 358, 31.12.2002, lch. 28).’;"

    (16)

    in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:

    ‘6.   Cuirfear toirmeasc ar aon socrú a dhéanamh, nó a bheith ina chuid de shocrú go díreach nó go hindíreach maidir leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (i)

    iasachtaí nó creidmheas nua ag a bhfuil aibíocht is mó ná 30 lá a thabhairt d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i míreanna 1 nó 3, tar éis an 12 Meán Fómhair 2014 go dtí an 26 Feabhra 2022; nó

    (ii)

    iasachtaí nó creidmheas nua a thabhairt d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 3 nó 4 tar éis an 26 Feabhra 2022.

    Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    iasachtaí nó creidmheas a bhfuil cuspóir sonrach doiciméadaithe acu maoiniú a sholáthar d’allmhairiú nó onnmhairiú neamhthoirmiscthe earraí agus seirbhísí neamhairgeadais idir an tAontas agus aon tríú Stát, lena n-áirítear an caiteachas le haghaidh earraí agus seirbhísí ó thríú Stát eile is gá chun na conarthaí onnmhairiúcháin nó allmhairiúcháin a fhorghníomhú, ar choinníoll gur tugadh fógra don údarás náisiúnta inniúil laistigh de 3 mhí ó dháta na hiasachta nó an chreidmheasa; nó

    (b)

    iasachtaí a bhfuil cuspóir sonrach agus doiciméadaithe acu cistiú éigeandála a chur ar fáil chun critéir sócmhainneachta agus leachtachta a chomhlíonadh le haghaidh daoine dlítheanacha atá bunaithe san Aontas, a bhfuil níos mó ná 50 % dá gcearta dílseánaigh faoi úinéireacht aon eintitis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, ar choinníoll gur tugadh fógra don údarás náisiúnta inniúil laistigh de 3 mhí ó dháta na hiasachta nó an chreidmheasa.

    7.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 6 maidir le híostarraingtí ná le heisíocaíochtaí arna ndéanamh faoi chonradh arna thabhairt i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    maidir le téarmaí agus coinníollacha uile na n-íostarraingtí nó na n-eisíocaíochtaí sin:

    (i)

    comhaontaíodh iad roimh an 26 Feabhra 2022; agus

    (ii)

    níor modhnaíodh iad ar an dáta sin nó dá éis;

    (b)

    socraíodh dáta aibíochta conarthaí roimh an 26 Feabhra 2022 chun na cistí uile a cuireadh ar fáil a aisíoc ina n-iomláine agus chun na gealltanais, na cearta agus na hoibleagáidí uile faoin gconradh a chur ar ceal;

    (c)

    tráth a tugadh an conradh i gcrích, ní raibh sé ag sárú na dtoirmeasc atá sa Rialachán seo a bhí i bhfeidhm an tráth sin; agus

    (d)

    tugadh fógra don údarás náisiúnta inniúil laistigh de 3 mhí ó dháta na n-íostarraingtí nó na n-eisíocaíochtaí.

    I dtéarmaí agus coinníollacha na n-íostarraingtí agus na n-eisíocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) áirítear forálacha a bhaineann le fad na tréimhse aisíocaíochta le haghaidh gach íostarraingthe nó eisíocaíochta, an ráta úis arna chur i bhfeidhm nó modh ríofa an ráta úis, agus an t-uasmhéid.’

    ;

    (17)

    in Airteagal 5a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

    ‘2.   Cuirfear toirmeasc ar aon iasacht nó creidmheas nua a dhéanamh, nó páirt a ghlacadh in aon socrú iasacht nó creidmheas nua a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach, le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 i ndiaidh an 23 Feabhra 2022.

    Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc maidir le hiasachtaí ná creidmheas a bhfuil cuspóir sonrach doiciméadaithe acu maoiniú a sholáthar d’allmhairiú nó onnmhairiú neamhthoirmiscthe earraí agus seirbhísí neamhairgeadais idir an tAontas agus aon tríú Stát, lena n-áirítear an caiteachas le haghaidh earraí agus seirbhísí ó thríú Stát eile is gá chun na conarthaí onnmhairiúcháin nó allmhairiúcháin a fhorghníomhú, ar choinníoll gur tugadh fógra don údarás náisiúnta inniúil laistigh de 3 mhí ó dháta na hiasachta nó an chreidmheasa.

    3.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 2 maidir le híostarraingtí ná le heisíocaíochtaí arna ndéanamh faoi chonradh arna thabhairt i gcrích roimh an 23 Feabhra 2022, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    maidir le téarmaí agus coinníollacha uile na n-íostarraingtí nó na n-eisíocaíochtaí sin:

    (i)

    comhaontaíodh iad roimh an 23 Feabhra 2022; agus

    (ii)

    níor modhnaíodh iad ar an dáta sin nó dá éis;

    (b)

    roimh 23 Feabhra 2022, socraíodh dáta aibíochta conarthach chun na cistí uile a cuireadh ar fáil a aisíoc ina n-iomláine agus chun na gealltanais, na cearta agus na hoibleagáidí faoin gconradh a chur ar ceal; agus

    (c)

    tugadh fógra don údarás inniúil náisiúnta laistigh de 3 mhí ó dháta na n-íostarraingtí nó na n-eisíocaíochtaí.

    I dtéarmaí agus coinníollacha na n-íostarraingtí agus na n-eisíocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) áirítear forálacha a bhaineann le fad na tréimhse aisíocaíochta le haghaidh gach íostarraingthe nó eisíocaíochta, an ráta úis arna chur i bhfeidhm nó modh ríofa an ráta úis, agus an t-uasmhéid.’

    ;

    (18)

    leasaítear Airteagal 5aa mar a leanas:

    (a)

    scriostar míreanna 2, 2b agus 2d;

    (b)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:

    ‘Mura dtoirmisctear a mhalairt, ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:’;

    (c)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    ‘(d)

    idirbhearta, lena n-áirítear díolacháin, a bhfuil géarghá leo chun comhfhiontar nó comhshocrú dlíthiúil comhchosúil a tugadh i gcrích roimh an 16 Márta 2022 a fhoirceannadh roimh an 31 Nollaig 2024, a bhaineann le duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1;’;

    (d)

    i mír 3, scriostar pointe (h);

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3a:

    ‘3a.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, idirbhearta a údarú a bhfuil géarghá leo do dhífheistiú agus aistarraingt, ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 nó óna bhfochuideachtaí san Aontas, ó dhuine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas, faoin 31 Nollaig 2024.’

    ;

    (19)

    leasaítear Airteagal 5b mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘2a.   Cuirfear toirmeasc ón 18 Eanáir 2024 ar chead a thabhairt do náisiúnaigh Rúiseacha nó do dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Rúis, go díreach nó go hindíreach, aon phost i gcomhlachtaí rialachais duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta atá ionchorpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit agus a sholáthraíonn na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 a shealbhú, a rialú, nó na poist sin a bheith acu.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 2a maidir le náisiúnaigh Ballstáit, le náisiúnaigh tíre is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ná le náisiúnaigh na hEilvéise, ná le daoine nádúrtha ag a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstáit, i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó san Eilvéis.’

    ;

    (20)

    in Airteagal 5k(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    oibriú, cothabháil, díchoimisiúnú agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí, soláthar breosla agus athchóireáil agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, agus leanúint den dearadh, den tógáil agus den choimisiúnú is gá chun saoráidí sibhialta núicléacha a chríochnú, mar shampla tionscadal Paks II, chomh maith le soláthar ábhar réamhtheachtach chun radaiseatóp leighis agus feidhmeanna leighis comhchosúla a tháirgeadh, teicneolaíocht atá ríthábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar radaíocht chomhshaoil, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;’;

    (21)

    in Airteagal 5l(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    ‘(d)

    oibriú, cothabháil, díchoimisiúnú agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí, soláthar breosla agus athchóireáil agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, agus leanúint den dearadh, den tógáil agus den choimisiúnú is gá chun saoráidí sibhialta núicléacha a chríochnú, mar shampla tionscadal Paks II, chomh maith le soláthar ábhar réamhtheachtach chun radaiseatóp leighis agus feidhmeanna leighis comhchosúla a tháirgeadh, teicneolaíocht atá ríthábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar radaíocht chomhshaoil, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;’;

    (22)

    leasaítear Airteagal 5n mar a leanas:

    (a)

    i mír 2a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:

    ‘2a.   Cuirfear toirmeasc ar sheirbhísí taighde margaidh agus seirbhísí pobalbhreitheanna, seirbhísí tástála teicniúla agus anailíse agus seirbhísí fógraíochta a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, dóibh seo a leanas:’;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘2b.   Cuirfear toirmeasc ar bhogearraí a dhíol, a sholáthar, a aistriú, a onnmhairiú, nó a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, maidir le bainistiú fiontar nó bogearraí maidir le dearadh tionsclaíoch agus monaraíocht mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXXIX dóibh seo a leanas:

    (a)

    Rialtas na Rúise; nó

    (b)

    daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis.’

    ;

    (c)

    scriostar míreanna 3, 4 agus 4a;

    (d)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘3a.   Cuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí agus seirbhísí dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 2a agus 2b chun iad a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, do Rialtas na Rúise nó do dhaoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis;

    (b)

    maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus seirbhísí dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 2a agus 2b chun iad a sholáthar, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, a sholáthar go díreach nó go hindíreach do Rialtas na Rúise nó do dhaoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis.’

    ;

    (e)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘4b.   Ní bheidh feidhm ag mír 2b maidir le bogearraí a dhíol, a sholáthar, a aistriú, a onnmhairiú nó a sholáthar a bhfuil géarghá leo chun conarthaí nach bhfuil i gcomhréir leis an Airteagal seo a tugadh i gcrích faoin 20 Márta 2024 a fhoirceannadh faoin 19 Nollaig 2023, nó chun conarthaí coimhdeacha a fhoirceannadh ar conarthaí coimhdeacha iad a bhfuil gá leo chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.’

    ;

    (f)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    ‘7.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2, 2a agus 2b go dtí an 20 Meitheamh 2024 maidir le díol, soláthar, aistriú, onnmhairiú, nó soláthar seirbhísí atá beartaithe lena n-úsáid go heisiach ag daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú iomlán nó comhpháirteach duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit, faoi dhlí tíre is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, faoi dhlí na hEilvéise nó faoi dhlí tíre is comhpháirtí a liostaítear in Iarscríbhinn VIII.’

    ;

    (g)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    ‘8.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 2, 2a ná 2b maidir le díol, soláthar, aistriú, onnmhairiú, nó soláthar seirbhísí is gá le haghaidh éigeandálaí sláinte poiblí, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhais ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach mór aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha.’

    ;

    (h)

    scriostar mír 9;

    (i)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘9b.   De mhaolú ar mhír 2b, féadfaidh na húdaráis inniúla soláthar na seirbhísí dá dtagraítear sna míreanna sin a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na seirbhísí sin chun críche rannchuidiú náisiúnaigh de chuid na Rúise le tionscadail idirnáisiúnta foinse oscailte.’

    ;

    (j)

    leasaítear mír 10 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:

    ‘10.   De mhaolú ar mhíreanna 1, 2, 2a, 2b agus 3a, féadfaidh na húdaráis inniúla díol, soláthar, aistriú, onnmhairiú nó soláthar na seirbhísí dá dtagraítear iontu a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leo chun na gcríoch seo a leanas:’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

    ‘(f)

    bunú, oibriú, cothabháil, soláthar breosla agus athchóireáil agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, agus leanúint den dearadh, den tógáil agus den choimisiúnú is gá chun saoráidí sibhialta núicléacha a chríochnú, mar shampla Tionscadal Paks II, chomh maith le soláthar ábhar réamhtheachtach chun radaiseatóp leighis agus feidhmeanna leighis comhchosúla a tháirgeadh, nó teicneolaíocht atá ríthábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar radaíocht chomhshaoil, agus le haghaidh an chomhair núicléach shibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;’;

    (c)

    cuirtear an pointe seo a leanas léi:

    ‘(h)

    úsáid eisiach ag daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú iomlán nó comhpháirteach duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit, faoi dhlí tíre is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, faoi dhlí na hEilvéise nó faoi dhlí tíre is comhpháirtí a liostaítear in Iarscríbhinn VIII.’;

    (k)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

    ‘11.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear faoi mhíreanna 9a, 9b, agus 10 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’

    ;

    (23)

    in Airteagal 5p, scriostar mír 2;

    (24)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 5r

    1.   Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí atá bunaithe san Aontas a bhfuil níos mó ná 40 % dá gcearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach na ndaoine seo a leanas:

    (a)

    duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis;

    (b)

    náisiúnach de chuid na Rúise; nó

    (c)

    duine nádúrtha a bhfuil cónaí air sa Rúis,

    tuairisceoidh siad, ón 1 Bealtaine 2024, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, laistigh de 2 sheachtain ó dheireadh gach ráithe, aon aistriú cistí is mó ná EUR 100 000 as an Aontas a rinne siad le linn na ráithe sin, go díreach nó go hindíreach, in oibríocht amháin nó i roinnt oibríochtaí.

    2.   D’ainneoin na rialacha is infheidhme a bhaineann le tuairisciú, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil, tuairisceoidh institiúidí creidmheasa agus airgeadais, ón 1 Iúil 2024 i leith, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad lonnaithe, laistigh de 2 sheachtain ó dheireadh gach seimeastair, faisnéis maidir le gach aistriú cistí amach as an Aontas de mhéid carnach, le linn an tseimeastair sin, is mó ná EUR 100 000 a thionscain siad, go díreach nó go hindíreach, le haghaidh na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an bhfaisnéis a fhaightear i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 chun idirbhearta, eintitis agus earnálacha gnó a shainaithint lena léirítear go bhfuil riosca tromchúiseach ann go sárófaí nó go rachfaí timpeall ar chistí, nó go n-úsáidfear cistí chun críoch nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo nó le Rialacháin (AE) Uimh. 269/2014, (AE) Uimh. 692/2014 (*2) nó (AE) 2022/263 (*3) ón gComhairle, nó Cinntí 2014/145/CBES (*4), 2014/386/CBES (*5), 2014/512/CBES nó (CBES) 2022/266 (*6) ón gComhairle, agus cuirfidh siad a chéile agus an Coimisiún ar an eolas go rialta faoina dtorthaí.

    4.   Bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar ó na Ballstáit faoi mhír 3, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú na mbeart dá bhforáiltear san Airteagal seo tráth nach déanaí ná an 20 Nollaig 2024.’;

    (*2)  Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lch. 9)."

    (*3)  Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 77)."

    (*4)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16)"

    (*5)  Cinneadh 2014/386/CBES ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lch. 70)."

    (*6)  Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 109).’;"

    (25)

    leasaítear Airteagal 6b mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘1a.   Chun críocha na chéad fhomhíre, áireofar le rúndacht na cumarsáide idir dlíodóirí agus a gcliaint an chumarsáid a bhaineann le comhairle dlí arna soláthar ag gairmithe deimhnithe eile atá údaraithe faoin dlí náisiúnta ionadaíocht a dhéanamh ar a gcliaint in imeachtaí breithiúnacha, a mhéid a thugtar an chomhairle dlí sin i ndáil le himeachtaí breithiúnacha atá ar feitheamh nó le himeachtaí breithiúnacha ionchasacha.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch ar chucu a cuireadh ar fáil í nó a bhfuarthas í.’

    ;

    (26)

    leasaítear Airteagal 12b mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:

    ‘1.   De mhaolú ar Airteagail 2, 2 a, 3, 3b, 3c, 3f, 3h agus 3k, féadfaidh na húdaráis inniúla díol, soláthar nó aistriú earraí agus teicneolaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinní II, VII, X, XI, XVI, XVIII, XX agus XXIII a ghabhann leis an Rialachán seo agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821, chomh maith le cearta maoine intleachtúla nó rúin trádála a cheadúnú a dhíol, a cheadúnú, nó a aistriú ar aon bhealach eile chomh maith le cearta rochtana nó athúsáide a dheonú ar aon ábhar nó faisnéis a chosnaítear le cearta maoine intleachtúla nó ar rúin trádála iad, a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht a luaitear thuas a údarú go dtí an 30 Meitheamh 2024, i gcás ina bhfuil géarghá le díol, soláthar, aistriú, ceadúnú, deonú cearta rochtana nó athúsáide den sórt sin le haghaidh an dífheistithe ón Rúis nó chun gníomhaíochtaí gnó sa Rúis a fhoirceannadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a:

    ‘1a.   De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh na húdaráis inniúla díol, soláthar nó aistriú earraí agus teicneolaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II a údarú go dtí an 30 Meán Fómhair 2024, i gcás ina bhfuil géarghá leis an díol, an soláthar nó an t-aistriú sin ar mhaithe leis an dífheistiú ó chomhfhiontar arna ionchorprú nó arna bhunú faoi dhlí Ballstáit roimh an 24 Feabhra 2022, lena mbaineann duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht Rúiseach, agus a oibríonn bonneagar píblíne gáis idir an Rúis agus tríú tíortha.’

    ;

    (c)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:

    ‘2.   De mhaolú ar Airteagail 3g agus 3i, féadfaidh na húdaráis inniúla allmhairiú nó aistriú earraí a liostaítear in Iarscríbhinní XVII agus XXI a údarú go dtí an 30 Meitheamh 2024, i gcás ina bhfuil géarghá leis an allmhairiú nó leis an aistriú sin le haghaidh an dífheistithe ón Rúis nó chun gníomhaíochtaí gnó sa Rúis a fhoirceannadh ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:’;

    (d)

    i mír 2a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:

    ‘2a.   De mhaolú ar Airteagal 5n, féadfaidh na húdaráis inniúla leanúint soláthar seirbhísí a liostaítear san Airteagal sin go dtí an 31 Iúil 2024 a údarú, i gcás ina bhfuil géarghá leis an soláthar seirbhísí sin le haghaidh an dífheistithe ón Rúis nó chun gníomhaíochtaí gnó sa Rúis a fhoirceannadh ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:’;

    (27)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12d:

    ‘Airteagal 12d

    Ní bheidh feidhm na toirmisc a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le soláthar seirbhísí píolótacha a bhfuil gá leo ar chúiseanna sábháilteachta muirí.’;

    (28)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 12g

    1.   Agus earraí nó teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinní XI, XX agus XXXV a ghabhann leis an Rialachán seo, ítimí coiteanna ardtosaíochta mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn XL a ghabhann leis an Rialachán seo, nó airm thine agus armlón a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012, á ndíol, á soláthar, á n-aistriú nó á n-onnmhairiú go tríú tír, seachas na tíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfaidh onnmhaireoirí, ón 20 Márta 2024 ath-onnmhairiú chun na Rúise agus ath-onnmhairiú lena n-úsáid sa Rúis a thoirmeasc go conarthach.

    2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le forghníomhú conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 19 Nollaig 2023 go dtí an 20 Nollaig 2024 nó go dtí a ndáta éaga, cibé acu is luaithe.

    3.   Agus mír 1 á chur i bhfeidhm, áiritheoidh onnmhaireoirí go mbeidh leigheasanna leordhóthanacha sa chomhaontú leis an gcontrapháirtí tríú tír i gcás sárú ar oibleagáid chonarthach a tugadh i gcrích i gcomhréir le mír 1.

    4.   Má sháraíonn an chontrapháirt tríú tír aon cheann de na hoibleagáidí conarthacha a tugadh i gcrích i gcomhréir le mír 1, déanfaidh onnmhaireoirí údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an gcontrapháirt nó ina bhfuil siad bunaithe a chur ar an eolas, a luaithe a fhaigheann siad amach faoin sárú.

    5.   Cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas faoi chásanna a bhraitear inar sáraíodh oibleagáid chonarthach a tugadh i gcrích i gcomhréir le mír 1 nó ina ndeachthas timpeall uirthi.’;

    (29)

    leasaítear Iarscríbhinn IV i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (30)

    leasaítear Iarscríbhinn VII i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (31)

    leasaítear Iarscríbhinn XXI i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (32)

    leasaítear Iarscríbhinn XXIII i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (33)

    leasaítear Iarscríbhinn XXIX i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (34)

    cuirtear isteach Iarscríbhinní XXIIIA agus XXIIIB i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (35)

    cuirtear Iarscríbhinn XXXVI leis i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (36)

    cuirtear Iarscríbhinn XXXVII leis i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (37)

    cuirtear Iarscríbhinní XXXVIIIA agus XXXVIIIB leis i gcomhréir le hIarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (38)

    cuirtear Iarscríbhinn XXXIX leis i gcomhréir le hIarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (39)

    cuirtear Iarscríbhinn XL leis i gcomhréir le hIarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    P. NAVARRO RÍOS


    (1)   IO L, 2023/2874, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2874/oj.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).

    (3)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


    IARSCRÍBHINN I

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

    ‘IARSCRÍBHINN IV

    Liostaítear san Iarscríbhinn seo daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí ar úsáideoirí deiridh míleata iad, ar cuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise iad nó a bhfuil naisc tráchtála nó naisc eile acu le hearnáil cosanta agus slándála na Rúise nó a thacaíonn leo ar bhealach eile. Rannchuidíonn na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí seo le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Rúise nó le forbairt earnáil cosanta agus slándála na Rúise. Áirítear orthu sin daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí i dtríú tíortha diomaite den Rúis. Ní hionann iad a áireamh san Iarscríbhinn seo agus freagracht as a gcuid gníomhaíochtaí a leagan ar an dlínse ina mbíonn siad ag oibriú.

    Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí, dá dtagraítear in Airteagal 2(7), in Airteagal 2a(7) agus Airteagal 2b(1)

    1.

    JSC Sirius (An Rúis)

    2.

    OJSC Stankoinstrument (An Rúis)

    3.

    OAO JSC Chemcomposite (An Rúis)

    4.

    JSC Kalashnikov (An Rúis)

    5.

    JSC Tula Arms Plant (An Rúis)

    6.

    NPK Technologii Maschinostrojenija (An Rúis)

    7.

    OAO Wysokototschnye Kompleksi (An Rúis)

    8.

    OAO Almaz Antey (An Rúis)

    9.

    OAO NPO Bazalt (An Rúis)

    10.

    Admiralty Shipyard JSC (An Rúis)

    11.

    Aleksandrov Scientific Research Technological Institute NITI (An Rúis)

    12.

    Argut OOO (An Rúis)

    13.

    Communication center of the Ministry of Defense (An Rúis)

    14.

    Federal Research Center Boreskov Institute of Catalysis (An Rúis)

    15.

    Federal State Budgetary Enterprise of the Administration of the President of Russia (An Rúis)

    16.

    Federal State Budgetary Enterprise Special Flight Unit Rossiya of the Administration of the President of Russia (An Rúis)

    17.

    Federal State Unitary Enterprise Dukhov Automatics Research Institute (VNIIA) (An Rúis)

    18.

    Foreign Intelligence Service (SVR) (An Rúis)

    19.

    Forensic Center of Nizhniy Novgorod Region Main Directorate of the Ministry of Interior Affairs (An Rúis)

    20.

    International Center for Quantum Optics and Quantum Technologies (the Russian Quantum Center) (An Rúis)

    21.

    Irkut Corporation (An Rúis)

    22.

    Irkut Research and Production Corporation Public Joint Stock Company (An Rúis)

    23.

    Joint Stock Company Scientific Research Institute of Computing Machinery (An Rúis)

    24.

    JSC Central Research Institute of Machine Building (JSC TsNIIMash) (An Rúis)

    25.

    JSC Kazan Helicopter Plant Repair Service (An Rúis)

    26.

    JSC Shipyard Zaliv, Cuideachta Comhstoic (Clós Longthógála Zaliv) (Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé, arna hionghabháil go neamhdhleathach ag an Rúis)

    27.

    JSC Rocket and Space Centre – Progress, Cuideachta Comhstoic (An Rúis)

    28.

    Kamensk-Uralsky Metallurgical Works J.S. Co. (An Rúis)

    29.

    Kazan Helicopter Plant PJSC (An Rúis)

    30.

    Komsomolsk-na-Amur Aviation Production Organization (KNAAPO) (An Rúis)

    31.

    Ministry of Defence RF (An Rúis)

    32.

    Moscow Institute of Physics and Technology (An Rúis)

    33.

    NPO High Precision Systems JSC (An Rúis)

    34.

    NPO Splav JSC (An Rúis)

    35.

    OPK Oboronprom (An Rúis)

    36.

    PJSC Beriev Aircraft Company (An Rúis)

    37.

    PJSC Irkut Corporation (An Rúis)

    38.

    PJSC Kazan Helicopters (An Rúis)

    39.

    POLYUS Research Institute of M.F. Stelmakh Joint Stock Company (An Rúis)

    40.

    Promtech-Dubna JSC (An Rúis)

    41.

    Public Joint Stock Company United Aircraft Corporation (An Rúis)

    42.

    Radiotechnical and Information Systems (RTI) Concern (An Rúis)

    43.

    Rapart Services LLC (An Rúis)

    44.

    Rosoboronexport OJSC (ROE) (An Rúis)

    45.

    Rostec (Russian Technologies State Corporation) (An Rúis)

    46.

    Rostekh – Azimuth (An Rúis)

    47.

    Russian Aircraft Corporation MiG (An Rúis)

    48.

    Russian Helicopters JSC (An Rúis)

    49.

    SP KVANT (Sovmestnoe Predpriyatie Kvantovye Tekhnologii) (An Rúis)

    50.

    Sukhoi Aviation JSC (An Rúis)

    51.

    Sukhoi Civil Aircraft (An Rúis)

    52.

    Tactical Missiles Corporation JSC (An Rúis)

    53.

    Tupolev JSC (An Rúis)

    54.

    UEC-Saturn (An Rúis)

    55.

    United Aircraft Corporation (An Rúis)

    56.

    AeroKompozit JSC (An Rúis)

    57.

    United Engine Corporation (An Rúis)

    58.

    UEC-Aviadvigatel JSC (An Rúis)

    59.

    United Instrument Manufacturing Corporation (An Rúis)

    60.

    United Shipbuilding Corporation (An Rúis)

    61.

    PO Sevmash JSC (An Rúis)

    62.

    Krasnoye Sormovo Shipyard (An Rúis)

    63.

    Severnaya Shipyard (An Rúis)

    64.

    Shipyard Yantar (An Rúis)

    65.

    UralVagonZavod (An Rúis)

    66.

    Baikal Electronics (An Rúis)

    67.

    Center for Technological Competencies in Radiophtonics (An Rúis)

    68.

    Central Research and Development Institute Tsiklon (An Rúis)

    69.

    Crocus Nano Electronics (An Rúis)

    70.

    Dalzavod Ship-Repair Center (An Rúis)

    71.

    Elara (An Rúis)

    72.

    Electronic Computing and Information Systems (An Rúis)

    73.

    ELPROM (An Rúis)

    74.

    Engineering Center Ltd. (An Rúis)

    75.

    Forss Technology Ltd. (An Rúis)

    76.

    Integral SPB (An Rúis)

    77.

    JSC Element (An Rúis)

    78.

    JSC Pella-Mash (An Rúis)

    79.

    JSC Shipyard Vympel (An Rúis)

    80.

    Kranark LLC (An Rúis)

    81.

    Lev Anatolyevich Yershov (Ershov) (An Rúis)

    82.

    LLC Center (An Rúis)

    83.

    MCST Lebedev (An Rúis)

    84.

    Miass Machine-Building Factory (An Rúis)

    85.

    Microelectronic Research and Development Center Novosibirsk (An Rúis)

    86.

    MPI VOLNA (An Rúis)

    87.

    N.A. Dollezhal Order of Lenin Research and Design Institute of Power Engineering (An Rúis)

    88.

    Nerpa Shipyard (An Rúis)

    89.

    NM-Tekh (An Rúis)

    90.

    Novorossiysk Shipyard JSC (An Rúis)

    91.

    NPO Electronic Systems (An Rúis)

    92.

    NPP Istok (An Rúis)

    93.

    NTC Metrotek (An Rúis)

    94.

    OAO GosNIIkhimanalit (An Rúis)

    95.

    OAO Svetlovskoye Predpriyatiye Era (An Rúis)

    96.

    OJSC TSRY (An Rúis)

    97.

    OOO Elkomtekh (Elkomtex) (An Rúis)

    98.

    OOO Planar (An Rúis)

    99.

    OOO Sertal (An Rúis)

    100.

    Photon Pro LLC (An Rúis)

    101.

    PJSC Zvezda (An Rúis)

    102.

    Amur Shipbuilding Factory PJSC (An Rúis)

    103.

    AO Center of Shipbuilding and Ship Repairing JSC (An Rúis)

    104.

    AO Kronshtadt (An Rúis)

    105.

    Avant Space LLC (An Rúis)

    106.

    Production Association Strela (An Rúis)

    107.

    Radioavtomatika (An Rúis)

    108.

    Research Center Module (An Rúis)

    109.

    Robin Trade Limited (An Rúis)

    110.

    R.Ye. Alekseyev Central Design Bureau for Hydrofoil Ships (An Rúis)

    111.

    Rubin Sever Design Bureau (An Rúis)

    112.

    Russian Space Systems (An Rúis)

    113.

    Rybinsk Shipyard Engineering (An Rúis)

    114.

    Scientific Research Institute of Applied Chemistry (An Rúis)

    115.

    Scientific-Research Institute of Electronics (An Rúis)

    116.

    Scientific Research Institute of Hypersonic Systems (An Rúis)

    117.

    Scientific Research Institute NII Submikron (An Rúis)

    118.

    Sergey IONOV (An Rúis)

    119.

    Serniya Engineering (An Rúis)

    120.

    Severnaya Verf Shipbuilding Factory (An Rúis)

    121.

    Ship Maintenance Center Zvezdochka (An Rúis)

    122.

    State Governmental Scientific Testing Area of Aircraft Systems (GkNIPAS) (An Rúis)

    123.

    State Machine Building Design Bureau Raduga Bereznya (An Rúis)

    124.

    State Scientific Center AO GNTs RF—FEI A.I. Leypunskiy Physico-Energy Institute (An Rúis)

    125.

    State Scientific Research Institute of Machine Building Bakhirev (GosNIImash) (An Rúis)

    126.

    Tomsk Microwave and Photonic Integrated Circuits and Modules Collective Design Center (An Rúis)

    127.

    UAB Pella-Fjord (An Rúis)

    128.

    United Shipbuilding Corporation JSC ‘35th Shipyard’ JSC (An Rúis)

    129.

    United Shipbuilding Corporation JSC ‘Astrakhan Shipyard’ (An Rúis)

    130.

    United Shipbuilding Corporation JSC ‘Aysberg Central Design Bureau’ (An Rúis)

    131.

    United Shipbuilding Corporation JSC ‘Baltic Shipbuilding Factory’ (An Rúis)

    132.

    United Shipbuilding Corporation JSC ‘Krasnoye Sormovo Plant OJSC’ (An Rúis)

    133.

    United Shipbuilding Corporation JSC SC ‘Zvyozdochka’ (An Rúis)

    134.

    United Shipbuilding Corporation ‘Pribaltic Shipbuilding Factory Yantar’ (An Rúis)

    135.

    United Shipbuilding Corporation ‘Scientific Research Design Technological Bureau Onega’ (An Rúis)

    136.

    United Shipbuilding Corporation ‘Sredne-Nevsky Shipyard’ (An Rúis)

    137.

    Ural Scientific Research Institute for Composite Materials (An Rúis)

    138.

    Urals Project Design Bureau Detal (An Rúis)

    139.

    Vega Pilot Plant (An Rúis)

    140.

    Vertikal LLC (An Rúis)

    141.

    Vladislav Vladimirovich Fedorenko (An Rúis)

    142.

    VTK Ltd (An Rúis)

    143.

    Yaroslavl Shipbuilding Factory (An Rúis)

    144.

    ZAO Elmiks-VS (An Rúis)

    145.

    ZAO Sparta (An Rúis)

    146.

    ZAO Svyaz Inzhiniring (An Rúis)

    147.

    46th TSNII Central Scientific Research Institute (An Rúis)

    148.

    Alagir Resistor Factory (An Rúis)

    149.

    All-Russian Research Institute of Optical and Physical Measurements (An Rúis)

    150.

    All-Russian Scientific-Research Institute Etalon JSC (An Rúis)

    151.

    Almaz JSC (An Rúis)

    152.

    Arzam Scientific Production Enterprise Temp Avia (An Rúis)

    153.

    Automated Procurement System for State Defense Orders, LLC (An Rúis)

    154.

    Dolgoprudniy Design Bureau of Automatics (DDBA JSC) (An Rúis)

    155.

    Electronic Computing Technology Scientific-Research CenterJSC (An Rúis)

    156.

    Electrosignal JSC (An Rúis)

    157.

    Energiya JSC (An Rúis)

    158.

    Engineering Center Moselectronproekt (An Rúis)

    159.

    Etalon Scientific and Production Association (An Rúis)

    160.

    Evgeny Krayushin (An Rúis)

    161.

    Foreign Trade Association Mashpriborintorg (An Rúis)

    162.

    Ineko LLC (An Rúis)

    163.

    Informakustika JSC (An Rúis)

    164.

    Institute of High Energy Physics (An Rúis)

    165.

    Institute of Theoretical and Experimental Physics (An Rúis)

    166.

    Inteltech JSC (An Rúis)

    167.

    ISE SO RAN Institute of High-Current Electronics (An Rúis)

    168.

    Kaluga Scientific-Research Institute of Telemechanical Devices JSC (An Rúis)

    169.

    Kulon Scientific-Research Institute JSC (An Rúis)

    170.

    Lutch Design Office JSC (An Rúis)

    171.

    Meteor Plant JSC (An Rúis)

    172.

    Moscow Communications Research Institute JSC (An Rúis)

    173.

    Moscow Order of the Red Banner of Labor Research Radio Engineering Institute JSC (An Rúis)

    174.

    NPO Elektromechaniki JSC (An Rúis)

    175.

    Omsk Production Union Irtysh JSC (An Rúis)

    176.

    Omsk Scientific-Research Institute of Instrument Engineering JSC (An Rúis)

    177.

    Optron JSC (An Rúis)

    178.

    Pella Shipyard OJSC (An Rúis)

    179.

    Polyot Chelyabinsk Radio Plant JSC (An Rúis)

    180.

    Pskov Distance Communications Equipment Plant (An Rúis)

    181.

    Radiozavod JSC (An Rúis)

    182.

    Razryad JSC (An Rúis)

    183.

    Research Production Association Mars (An Rúis)

    184.

    Ryazan Radio-Plant (An Rúis)

    185.

    Scientific Production Center Vigstar JSC (An Rúis)

    186.

    Scientific Production Enterprise ‘Radiosviaz’ (An Rúis)

    187.

    Scientific Research Institute Ferrite-Domen (An Rúis)

    188.

    Scientific Research Institute of Communication Management Systems (An Rúis)

    189.

    Scientific-Production Association and Scientific-Research Institute of Radio-Components (An Rúis)

    190.

    Scientific-Production Enterprise ‘Kant’ (An Rúis)

    191.

    Scientific-Production Enterprise ‘Svyaz’ (An Rúis)

    192.

    Scientific-Production Enterprise Almaz JSC (An Rúis)

    193.

    Scientific-Production Enterprise Salyut JSC (An Rúis)

    194.

    Scientific-Production Enterprise Volna (An Rúis)

    195.

    Scientific-Production Enterprise Vostok JSC (An Rúis)

    196.

    Scientific-Research Institute ‘Argon’ (An Rúis)

    197.

    Scientific-Research Institute and Factory Platan (An Rúis)

    198.

    Scientific-Research Institute of Automated Systems and Communications Complexes Neptune JSC (An Rúis)

    199.

    Special Design and Technical Bureau for Relay Technology (An Rúis)

    200.

    Special Design Bureau Salute JSC (An Rúis)

    201.

    Tactical Missile Company, Joint Stock Company ‘Salute’ (An Rúis)

    202.

    Tactical Missile Company, Joint Stock Company ‘State Machine Building Design Bureau ‘Vympel’ By Name I.I.Toropov’ (An Rúis)

    203.

    Tactical Missile Company, Joint Stock Company ‘URALELEMENT’ (An Rúis)

    204.

    Tactical Missile Company, Joint Stock Company ‘Plant Dagdiesel’ (An Rúis)

    205.

    Tactical Missile Company, Joint Stock Company ‘Scientific Research Institute of Marine Heat Engineering’ (An Rúis)

    206.

    Tactical Missile Company, Joint Stock Company PA Strela (An Rúis)

    207.

    Tactical Missile Company, Joint Stock Company Plant Kulakov (An Rúis)

    208.

    Tactical Missile Company, Joint Stock Company Ravenstvo (An Rúis)

    209.

    Tactical Missile Company, Joint Stock Company Ravenstvo-service (An Rúis)

    210.

    Tactical Missile Company, Joint Stock Company Saratov Radio Instrument Plant (An Rúis)

    211.

    Tactical Missile Company, Joint Stock Company Severny Press (An Rúis)

    212.

    Tactical Missile Company, Joint-Stock Company ‘Research Center for Automated Design’ (An Rúis)

    213.

    Tactical Missile Company, KB Mashinostroeniya (An Rúis)

    214.

    Tactical Missile Company, NPO Electromechanics (An Rúis)

    215.

    Tactical Missile Company, NPO Lightning (An Rúis)

    216.

    Tactical Missile Company, Petrovsky Electromechanical Plant ‘Molot’ (An Rúis)

    217.

    Tactical Missile Company PJSC ‘MBDB ‘ISKRA’’ (An Rúis)

    218.

    Tactical Missile Company, PJSC ANPP Temp Avia (An Rúis)

    219.

    Tactical Missile Company, Raduga Design Bureau (An Rúis)

    220.

    Tactical Missile Corporation, ‘Central Design Bureau of Automation’ (An Rúis)

    221.

    Tactical Missile Corporation, 711 Aircraft Repair Plant (An Rúis)

    222.

    Tactical Missile Corporation, AO GNPP ‘Region’ (An Rúis)

    223.

    Tactical Missile Corporation, AO TMKB ‘Soyuz’ (An Rúis)

    224.

    Tactical Missile Corporation, Azov Optical and Mechanical Plant (An Rúis)

    225.

    Tactical Missile Corporation, Concern ‘MPO – Gidropribor’ (An Rúis)

    226.

    Tactical Missile Corporation, Joint Stock Company ‘KRASNY GIDROPRESS’ (An Rúis)

    227.

    Tactical Missile Corporation, Joint Stock Company Avangard (An Rúis)

    228.

    Tactical Missile Corporation, Joint Stock Company Concern Granit-Electron (An Rúis)

    229.

    Tactical Missile Corporation, Joint Stock Company Elektrotyaga (An Rúis)

    230.

    Tactical Missile Corporation, Joint Stock Company GosNIIMash (An Rúis)

    231.

    Tactical Missile Corporation, RKB Globus (An Rúis)

    232.

    Tactical Missile Corporation, Smolensk Aviation Plant (An Rúis)

    233.

    Tactical Missile Corporation, TRV Engineering (An Rúis)

    234.

    Tactical Missile Corporation, Ural Design Bureau ‘Detal’ (An Rúis)

    235.

    Tactical Missile Corporation, Zvezda-Strela Limited Liability Company (An Rúis)

    236.

    Tambov Plant (TZ) ‘October’ (An Rúis)

    237.

    United Shipbuilding Corporation ‘Production Association Northern Machine Building Enterprise’ (An Rúis)

    238.

    United Shipbuilding Corporation ‘5th Shipyard’ (An Rúis)

    239.

    Federal Center for Dual-Use Technology (FTsDT) Soyuz (An Rúis)

    240.

    Turayev Machine Building Design Bureau Soyuz (An Rúis)

    241.

    Zhukovskiy Central Aerohydrodynamics Institute (TsAGI) (An Rúis)

    242.

    Rosatomflot (An Rúis)

    243.

    Lyulki Experimental-Design Bureau (An Rúis)

    244.

    Lyulki Science and Technology Center (An Rúis)

    245.

    AO Aviaagregat (An Rúis)

    246.

    Central Aerohydrodynamic Institute (TsAGI) (An Rúis)

    247.

    Closed Joint Stock Company Turborus (Turborus) (An Rúis)

    248.

    Federal Autonomous Institution Central Institute of Engine-Building N.A. P.I. Baranov; Central Institute of Aviation Motors (CIAM) (Russia)

    249.

    Federal State Budgetary Institution National Research Center Institute N.A. N.E. Zhukovsky (Zhukovsky National Research Institute) (An Rúis)

    250.

    Federal State Unitary Enterprise ‘State Scientific-Research Institute for Aviation Systems’ (GosNIIAS) (An Rúis)

    251.

    Joint Stock Company 123 Aviation Repair Plant (123 ARZ) (An Rúis)

    252.

    Joint Stock Company 218 Aviation Repair Plant (218 ARZ) (An Rúis)

    253.

    Joint Stock Company 360 Aviation Repair Plant (360 ARZ) (An Rúis)

    254.

    Joint Stock Company 514 Aviation Repair Plant (514 ARZ) (An Rúis)

    255.

    Joint Stock Company 766 UPTK (An Rúis)

    256.

    Joint Stock Company Aramil Aviation Repair Plant (AARZ) (An Rúis)

    257.

    Joint Stock Company Aviaremont (Aviaremont) (An Rúis)

    258.

    Joint Stock Company Flight Research Institute N.A. M.M. Gromov (FRI Gromov) (An Rúis)

    259.

    Joint Stock Company Metallist Samara (Metallist Samara) (An Rúis)

    260.

    Joint Stock Company Moscow Machine-Building Enterprise Named After V. V. Chernyshev (MMP V.V. Chernyshev) (An Rúis)

    261.

    JSC NII Steel (An Rúis)

    262.

    Joint Stock Company Remdizel (An Rúis)

    263.

    Joint Stock Company Special Industrial and Technical Base Zvezdochka (SPTB Zvezdochka) (An Rúis)

    264.

    Joint Stock Company STAR (An Rúis)

    265.

    Joint Stock Company Votkinsk Machine Building Plant (An Rúis)

    266.

    Joint Stock Company Yaroslav Radio Factory (An Rúis)

    267.

    Joint Stock Company Zlatoustovsky Machine Building Plant (JSC Zlatmash) (An Rúis)

    268.

    Limited Liability Company Center for Specialized Production OSK Propulsion (OSK Propulsion) (An Rúis)

    269.

    Lytkarino Machine-Building Plant (An Rúis)

    270.

    Moscow Aviation Institute (An Rúis)

    271.

    Moscow Institute of Thermal Technology (An Rúis)

    272.

    Omsk Motor-Manufacturing Design Bureau (An Rúis)

    273.

    Open Joint Stock Company 170 Flight Support Equipment Repair Plant (170 RZ SOP) (An Rúis)

    274.

    Open Joint Stock Company 20 Aviation Repair Plant (20 ARZ) (An Rúis)

    275.

    Open Joint Stock Company 275 Aviation Repair Plant (275 ARZ) (An Rúis)

    276.

    Open Joint Stock Company 308 Aviation Repair Plant (308 ARZ) (An Rúis)

    277.

    Open Joint Stock Company 32 Repair Plant of Flight Support Equipment (32 RZ SOP) (An Rúis)

    278.

    Open Joint Stock Company 322 Aviation Repair Plant (322 ARZ) (An Rúis)

    279.

    Open Joint Stock Company 325 Aviation Repair Plant (325 ARZ) (An Rúis)

    280.

    Open Joint Stock Company 680 Aircraft Repair Plant (680 ARZ) (An Rúis)

    281.

    Open Joint Stock Company 720 Special Flight Support Equipment Repair Plant (720 RZ SOP) (An Rúis)

    282.

    Open Joint Stock Company Volgograd Radio-Technical Equipment Plant (VZ RTO) (An Rúis)

    283.

    Public Joint Stock Company Agregat (PJSC Agregat) (An Rúis)

    284.

    Salute Gas Turbine Research and Production Center (An Rúis)

    285.

    Scientific-Production Association Vint of Zvezdochka Shipyard (SPU Vint) (An Rúis)

    286.

    Scientific Research Institute of Applied Acoustics (NIIPA) (An Rúis)

    287.

    Siberian Scientific-Research Institute of Aviation N.A. S.A. Chaplygin (SibNIA) (An Rúis)

    288.

    Software Research Institute (An Rúis)

    289.

    Subsidiary Sevastopol Naval Plant of Zvezdochka Shipyard (Sevastopol Naval Plant) (Cathair Sevastopol, arna hionghabháil go neamhdleathach ag an Rúis)

    290.

    Tula Arms Plant (An Rúis)

    291.

    Russian Institute of Radio Navigation and Time (An Rúis)

    292.

    Federal Technical Regulation and Metrology Agency (Rosstandart) (An Rúis)

    293.

    Federal State Budgetary Institution of Science P.I. K.A. Valiev RAS of the Ministry of Science and Higher Education of Russia (FTIAN) (An Rúis)

    294.

    Federal State Unitary Enterprise All-Russian Research Institute of Physical, Technical and Radio Engineering Measurements (VNIIFTRI) (An Rúis)

    295.

    Institute of Physics Named After P.N. Lebedev of the Russian Academy of Sciences (LPI) (An Rúis)

    296.

    The Institute of Solid-State Physics of the Russian Academy of Sciences (ISSP) (An Rúis)

    297.

    Rzhanov Institute of Semiconductor Physics, Siberian Branch of Russian Academy of Sciences (IPP SB RAS) (An Rúis)

    298.

    UEC-Perm EnginesJSC (An Rúis)

    299.

    Ural Works of Civil AviationJSC (An Rúis)

    300.

    Central Design Bureau for Marine Engineering ‘Rubin’JSC (An Rúis)

    301.

    ‘Aeropribor-Voskhod’JSC (An Rúis)

    302.

    Aerospace Equipment CorporationJSC (An Rúis)

    303.

    Central Research Institute of Automation and Hydraulics (CNIIAG) JSC (An Rúis)

    304.

    Aerospace Systems Design BureauJSC (An Rúis)

    305.

    Afanasyev Technomac JSC (An Rúis)

    306.

    Ak Bars Shipbuilding Corporation CJSC (An Rúis)

    307.

    AGAT, Gavrilov-Yaminskiy Machine-Building Plant JSC (An Rúis)

    308.

    Almaz Central Marine Design Bureau JSC (An Rúis)

    309.

    Joint Stock Company Eleron (An Rúis)

    310.

    AO Rubin (An Rúis)

    311.

    Branch of AO Company Sukhoi Yuri Gagarin Komsomolsk-on-Amur Aircraft Plant (An Rúis)

    312.

    Branch of PAO II – Aviastar (An Rúis)

    313.

    Branch of RSK MiG Nizhny Novgorod Aircraft-Construction Plant Sokol (An Rúis)

    314.

    Chkalov Novosibirsk Aviation Plant (An Rúis)

    315.

    Joint Stock Company All-Russian Scientific-Research Institute Gradient (An Rúis)

    316.

    Joint Stock Company Almatyevsk Radiopribor Plant (JSC AZRP) (An Rúis)

    317.

    Joint Stock Company Experimental-Design Bureau Elektroavtomatika in the name of P.A. Efimov (An Rúis)

    318.

    Joint Stock Company Industrial Controls Design Bureau (An Rúis)

    319.

    Joint Stock Company Kazan Instrument-Engineering and Design Bureau (An Rúis)

    320.

    Joint Stock Company Microtechnology (An Rúis)

    321.

    Phasotron Scientific-Research Institute of Radio-Engineering (An Rúis)

    322.

    Joint Stock Company Radiopribor (An Rúis)

    323.

    Joint Stock Company Ramensk Instrument-Engineering Bureau (An Rúis)

    324.

    Joint Stock Company Research and Production Center SAPSAN (An Rúis)

    325.

    Joint Stock Company Rychag (An Rúis)

    326.

    Joint Stock Company Scientific Production Enterprise Izmeritel (An Rúis)

    327.

    Joint Stock Company Scientific-Production Union for Radioelectronics Named After V.I. Shimko (An Rúis)

    328.

    Joint Stock Company Taganrog Communications Scientific-Research Institute (An Rúis)

    329.

    Joint Stock Company Urals Instrument-Engineering Plant (An Rúis)

    330.

    Joint Stock Company Vzlet Engineering Testing Support (An Rúis)

    331.

    Joint Stock Company Zhiguli Radio Plant (An Rúis)

    332.

    Joint Stock Company Bryansk Electromechanical Plant (An Rúis)

    333.

    Public Joint Stock Company Moscow Institute of Electro-Mechanics and Automation (An Rúis)

    334.

    Public Joint Stock Company Stavropol Radio Plant Signal (An Rúis)

    335.

    Public Joint Stock Company Techpribor (An Rúis)

    336.

    Joint Stock Company Ramensky Instrument-Engineering Plant (An Rúis)

    337.

    V.V. Tarasov Avia Avtomatika (An Rúis)

    338.

    Design Bureau of Chemical Machine Building KBKhM (An Rúis)

    339.

    Far Eastern Shipbuilding and Ship Repair Center (An Rúis)

    340.

    Ilyushin Aviation Complex Branch: Myasishcheva Experimental Mechanical Engineering Plant (An Rúis)

    341.

    Institute of Marine Technology Problems Far East Branch Russian Academy of Sciences (An Rúis)

    342.

    Irkutsk Aviation Plant (An Rúis)

    343.

    Joint Stock Company Aerocomposit Ulyanovsk Plant (An Rúis)

    344.

    Joint Stock Company Experimental Design Bureau Named After A.S. Yakovlev (An Rúis)

    345.

    Joint Stock Company Federal Research and Production Center Altai (An Rúis)

    346.

    Joint Stock Company Head Special Design Bureau Prozhektor’ (An Rúis)

    347.

    Joint Stock Company Ilyushin Aviation Complex (An Rúis)

    348.

    Joint Stock Company Lazurit Central Design Bureau (An Rúis)

    349.

    Joint Stock Company Research and Development Enterprise Protek (An Rúis)

    350.

    Joint Stock Company SPMDB Malachite (An Rúis)

    351.

    Joint Stock Company Votkinsky Zavod (An Rúis)

    352.

    Kalyazinsky Machine Building Factory – Branch of RSK MiG (An Rúis)

    353.

    Main Directorate of Deep-Sea Research of the Ministry of Defense of the Russian Federation (An Rúis)

    354.

    NPP Start (An Rúis)

    355.

    OAO Radiofizika (An Rúis)

    356.

    P.A. Voronin Lukhovitsk Aviation Plant, branch of RSK MiG (An Rúis)

    357.

    Public Joint Stock Company Bryansk Special Design Bureau (An Rúis)

    358.

    Public Joint Stock Company Voronezh Joint Stock Aircraft Company (An Rúis)

    359.

    Radio Technical Institute Named After A.L. Mints (An Rúis)

    360.

    Russian Federal Nuclear Center – All-Russian Research Institute of Experimental Physics (An Rúis)

    361.

    Shvabe JSC (An Rúis)

    362.

    Special Technological Center LLC (An Rúis)

    363.

    St. Petersburg Marine Bureau of Machine Building Malakhit (An Rúis)

    364.

    St. Petersburg Naval Design Bureau Almaz (An Rúis)

    365.

    St. Petersburg Shipbuilding Institution Krylov 45 (An Rúis)

    366.

    Strategic Control Posts Corporation (An Rúis)

    367.

    V.A. Trapeznikov Institute of Control Sciences of Russian Academy of Sciences (An Rúis)

    368.

    Vladimir Design Bureau for Radio Communications OJSC (An Rúis)

    369.

    Voentelecom JSC (An Rúis)

    370.

    A.A. Kharkevich Institute for Information Transmission Problems (IITP), Russian Academy of Sciences (RAS) (An Rúis)

    371.

    Ak Bars Holding (An Rúis)

    372.

    Special Research Bureau for Automation of Marine Researches Far East Branch Russian Academy of Sciences (An Rúis)

    373.

    Systems of Biological Synthesis LLC (An Rúis)

    374.

    Borisfen JSC (An Rúis)

    375.

    Barnaul cartridge plant JSC (An Rúis)

    376.

    Concern Avrora Scientific and Production Association JSC (An Rúis)

    377.

    Bryansk Automobile Plant JSC (An Rúis)

    378.

    Burevestnik Central Research Institute JSC (An Rúis)

    379.

    Research Institute of Space Instrumentation JSC (An Rúis)

    380.

    Arsenal Machine-building plant JSC (An Rúis)

    381.

    Central Design Bureau of Automatics JSC (An Rúis)

    382.

    Zelenodolsk Design Bureau JSC (An Rúis)

    383.

    Zavod Elecon JSC (An Rúis)

    384.

    VMP ‘Avitec’ JSC (An Rúis)

    385.

    JSC V. Tikhomirov Scientific Research Institute of Instrument Design (An Rúis)

    386.

    Tulatochmash JSC (An Rúis)

    387.

    PJSC ‘I.S. Brook’ INEUM (An Rúis)

    388.

    SPE ‘Krasnoznamenets’ JSC (An Rúis)

    389.

    SPA Pribor Named After S.S. Golembiovsky, SC (An Rúis)

    390.

    SPA ‘Impuls’, JSC (An Rúis)

    391.

    RusBITech (An Rúis)

    392.

    ROTOR 43 (An Rúis)

    393.

    Rostov optical and mechanical plant JSC (An Rúis)

    394.

    RATEP JSC (An Rúis)

    395.

    PLAZ (An Rúis)

    396.

    OKB ‘Technika’ (An Rúis)

    397.

    Ocean Chips (An Rúis)

    398.

    Nudelman Precision Engineering Design Bureau (An Rúis)

    399.

    Angstrem JSC (An Rúis)

    400.

    NPCAP (An Rúis)

    401.

    Novosibirsk Plant of Artificial Fibre (An Rúis)

    402.

    Novosibirsk Cartridge Plant, JSC (SIBFIRE) (An Rúis)

    403.

    Novator DB (An Rúis)

    404.

    NIMI Named After V.V. BAHIREV, JSC (An Rúis)

    405.

    NII Stali JSC (An Rúis)

    406.

    Nevskoe Design Bureau, JSC (An Rúis)

    407

    Neva Electronica JSC (An Rúis)

    408.

    ENICS (An Rúis)

    409.

    The JSC Makeyev Design Bureau (An Rúis)

    410.

    KURGANPRIBOR, JSC (An Rúis)

    411.

    Ural Optical-Mechanical Plant E.S. Yalamova, JSC (An Rúis)

    412.

    Ramenskoye Engineering Design Office, JSC (An Rúis)

    413.

    Vologda Optical and Mechanical Plant, JSC (An Rúis)

    414.

    Videoglaz Project (An Rúis)

    415.

    Innovative Underwater Technologies, LLC (An Rúis)

    416.

    Ulyanovsk Mechanical Plant (An Rúis)

    417.

    All-Russian Research Institute of Radio Engineering (An Rúis)

    418.

    PJSC ‘Scientific and Production Association ‘Almaz’ Named After Academician A.A. Raspletin’ (An Rúis)

    419.

    Concern OJSC – KIZLYAR ELECTRO-MECHANICAL PLANT (An Rúis)

    420.

    Concern Oceanpribor, JSC (An Rúis)

    421.

    JSC Zelenogradsky Nanotechnology Center (An Rúis)

    422.

    JSC Elektronstandart Pribor (An Rúis)

    423.

    JSC ‘Urals Optical-Mechanical Plant Named After Mr E.S Yalamov’ (An Rúis)

    424.

    Ramenskoye Instrument-Making Design Bureau, JSC (An Rúis)

    425.

    Special Technology Centre Limited Liability Company (An Rúis)

    426.

    Vest Ost Limited Liability (An Rúis)

    427.

    Trade-Component LLC (An Rúis)

    428.

    Radiant Electronic Components JSC (An Rúis)

    429.

    JSC ICC Milandr (An Rúis)

    430.

    SMT iLogic LLC (An Rúis)

    431.

    Device Consulting (An Rúis)

    432.

    Concern Radio-Electronic Technologies (An Rúis)

    433.

    Technodinamika, JSC (An Rúis)

    434.

    OOO ‘UNITEK’ (An Rúis)

    435.

    Closed Joint Stock Company TPK LINKOS (An Rúis)

    436.

    Closed Joint Stock Company TPK LINKOS, SUBDIVISION IN ASTRAKHAN (An Rúis)

    437.

    Design and Manufacturing of Aircraft Engines (DAMA) (An Iaráin)

    438.

    Islamic Revolutionary Guard Corps Aerospace Force (An Iaráin)

    439.

    Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organization (IRGC SSJO) (An Iaráin)

    440.

    Oje Parvaz Mado Nafar Company (Mado) (An Iaráin)

    441.

    Paravar Pars Company (An Iaráin)

    442.

    Qods Aviation Industries (An Iaráin)

    443.

    Shahed Aviation Industries (An Iaráin)

    444.

    Concern Morinformsystem–Agat (An Rúis)

    445.

    AO Papilon (An Rúis)

    446.

    IT-Papillon OOO (An Rúis)

    447.

    OOO Adis (An Rúis)

    448.

    Papilon Systems Limited Liability Company (An Rúis)

    449.

    Advanced Research Foundation (An Rúis)

    450.

    Federal Service for Military-Technical Cooperation (An Rúis)

    451.

    Federal State Budgetary Scientific Institution Research and Production Complex Technology Center (An Rúis)

    452.

    Federal State Institution Federal Scientific Center Scientific Research Institute for System Analysis of the Russian Academy of Sciences (An Rúis)

    453.

    Joint Stock Company All-Russian Research Institute Signal (An Rúis)

    454.

    Joint Stock Company Center of Research and Technology Services Dinamika (An Rúis)

    455.

    Joint Stock Company Concern Avtomatika (An Rúis)

    456.

    Joint Stock Company Corporation Moscow Institute of Heat Technology (An Rúis)

    457.

    Joint Stock Company Design Center Soyuz (An Rúis)

    458.

    Joint Stock Company Design Technology Center Elektronika (An Rúis)

    459.

    Joint Stock Company Institute for Scientific Research Microelectronic Equipment Progress (An Rúis)

    460.

    Joint Stock Company Machine-Building Engineering Office Fakel Named After Akademika P.D. Grushina (An Rúis)

    461.

    Joint Stock Company Moscow Institute of Electromechanics and Automatics (An Rúis)

    462.

    Joint Stock Company North Western Regional Center of Almaz Antey Concern Obukhovsky Plant (An Rúis)

    463.

    Joint Stock Company Obninsk Research and Production Enterprise Technologiya Named After A.G. Romashin (An Rúis)

    464.

    Joint Stock Company Penza Electrotechnical Research Institute (An Rúis)

    465.

    Joint Stock Company Production Association Sever (An Rúis)

    466.

    Joint Stock Company Research Center ELINS (An Rúis)

    467.

    Joint Stock Company Research and Production Association of Measuring Equipment (An Rúis)

    468.

    Joint Stock Company Research and Production Enterprise Radar MMS (An Rúis)

    469.

    Joint Stock Company Research and Production Enterprise Sapfir (An Rúis)

    470.

    Joint Stock Company RT-Tekhpriemka (An Rúis)

    471.

    Joint Stock Company Russian Research Institute Electronstandart (An Rúis)

    472.

    Joint Stock Company Ryazan Plant of Metal Ceramic Instruments (An Rúis)

    473.

    Joint Stock Company Scientific Production Enterprise Digital Solutions (An Rúis)

    474.

    Joint Stock Company Scientific Production Enterprise Kontakt (An Rúis)

    475.

    Joint Stock Company Scientific Production Enterprise Topaz (An Rúis)

    476.

    Joint Stock Company Scientific Research Institute Giricond (An Rúis)

    477.

    Joint Stock Company Scientific Research Institute of Computer Engineering NII SVT (An Rúis)

    478.

    Joint Stock Company Scientific Research Institute of Electrical Carbon Products (An Rúis)

    479.

    Joint Stock Company Scientific Research Institute of Electronic and Mechanical Devices (An Rúis)

    480.

    Joint Stock Company Scientific Research Institute of Electronic Engineering Materials (An Rúis)

    481.

    Joint Stock Company Scientific Research Institute of Gas Discharge Devices Plasma (An Rúis)

    482.

    Joint Stock Company Scientific Research Institute of Industrial Television Rastr (An Rúis)

    483.

    Joint Stock Company Scientific Research Institute of Precision Mechanical Engineering (An Rúis)

    484.

    Joint Stock Company Special Design Bureau of Computer Engineering (An Rúis)

    485.

    Joint Stock Company Special Design Bureau of Control Means (An Rúis)

    486.

    Joint Stock Company Special Design Bureau Turbina (An Rúis)

    487.

    Joint Stock Company State Scientific Research Institute Kristall (An Rúis)

    488.

    Joint Stock Company Svetlana Semiconductors (An Rúis)

    489.

    Joint Stock Company Tekhnodinamika (An Rúis)

    490.

    Joint Stock Company Voronezh Semiconductor Devices Factory Assembly (An Rúis)

    491.

    KAMAZ Publicly Traded Company (An Rúis)

    492.

    Keldysh Institute of Applied Mathematics of the Russian Academy of Sciences (An Rúis)

    493.

    Limited Liability Company Research and Production Association Radiovolna (An Rúis)

    494.

    Limited Liability Company RSBGroup (An Rúis)

    495.

    Mitishinskiy Scientific Research Institute of Radio Measuring Instruments (An Rúis)

    496.

    Open Joint Stock Company Khabarovsk Radio Engineering Plant (An Rúis)

    497.

    Open Joint Stock Company Mariyskiy Machine-Building Plant (An Rúis)

    498.

    Open Joint Stock Company Scientific and Production Enterprise Pulsar (An Rúis)

    499.

    Public Joint Stock Company Megafon (An Rúis)

    500.

    Public Joint Stock Company Tutaev Motor Plant (An Rúis)

    501.

    Public Joint Stock Company Vympel Interstate Corporation (An Rúis)

    502.

    RT-Inform Limited Liability Company (An Rúis)

    503.

    Skolkovo Foundation (An Rúis)

    504.

    Skolkovo Institute of Science and Technology (An Rúis)

    505.

    State Flight Testing Center Named After V.P. Chkalov (An Rúis)

    506.

    Joint Stock Company Research and Production Association Named After S.A. Lavochkina (An Rúis)

    507.

    VMK Limited Liability Company (An Rúis)

    508.

    TESTKOMPLEKT LLC (An Rúis)

    509.

    Radiopriborsnab LLC (An Rúis)

    510.

    CJSC Radiotekhkomplekt (An Rúis)

    511.

    Asia Pacific Links Ltd. (Hong Cong, An tSín)

    512.

    Tordan Industry Limited (Hong Cong, An tSín)

    513.

    Alpha Trading Investments Limited (Hong Cong, An tSín)

    514.

    JSC NICEVT (An Rúis)

    515.

    A-CONTRAKT (An Rúis)

    516.

    JCS Izhevsk Motozavod Axion-holding (An Rúis)

    517.

    Gorky Plant of Communication Equipment (GZAS) (An Rúis)

    518.

    Nizhny Novgorod Research Institute of Radio Engineering (NNIIRT) (An Rúis)

    519.

    Nizhegorodskiy televizionnyy zavod (NITEL JSC) (An Rúis)

    520.

    LLC Rezonit (An Rúis)

    521.

    ZAO Promelektronika (An Rúis)

    522.

    TD Promelektronika LLC (An Rúis)

    523.

    Tako LLC (An Airméin)

    524.

    Art Logistics LLC (An Rúis)

    525.

    GFK Logistics LLC (An Rúis)

    526.

    Novastream Limited (An Rúis)

    527.

    SKS Elektron Broker (An Rúis)

    528.

    Trust Logistics (An Rúis)

    529.

    Trust Logistics LLC (An Rúis)

    530.

    Alfa Beta Creative LLC (An Úisbéiceastáin)

    531.

    GFK Logistics Asia LLC (An Úisbéiceastáin)

    532.

    I Jet Global DMCC (An tSiria)

    533.

    I Jet Global DMCC (Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha)

    534.

    Success Aviation Services FZC (Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha)

    535.

    LLC CST (Zala Aero Group) (An Rúis)

    536.

    Iran Aircraft Manufacturing Industries Corporation (HESA) (An Iaráin)

    537.

    Closed Joint Stock Company Special Design Bureau (An Rúis)

    538.

    Federal State Enterprise Kazan State Gunpowder Plant (An Rúis)

    539.

    Federal State Unitary Enterprise Scientific Research Institute of Chemistry and Mechanics (An Rúis)

    540.

    Federal State Unitary Enterprise Rostov-On-Don Research Institute of Radio Communications (An Rúis)

    541.

    Informtest Firm Limited Liability Company (An Rúis)

    542.

    Joint Stock Company 150 Aircraft Repair Plant (An Rúis)

    543.

    Joint Stock Company 810 Aircraft Repair Plant (An Rúis)

    544.

    Joint Stock Company Arzamas Instrument-Making Plant Named After P.I. Plandin (An Rúis)

    545.

    Joint Stock Company Concern Central Institute for Scientific Research Elektropribor (An Rúis)

    546.

    Joint Stock Company Dux (An Rúis)

    547.

    Joint Stock Company Eastern Shipyard (An Rúis)

    548.

    Joint Stock Company Information Satellite Systems Named After Academician M.F. Reshetnev (An Rúis)

    549.

    Joint Stock Company Izhevsk Electromechanical Plant Kupol (An Rúis)

    550.

    Joint Stock Company Kazan Optical-Mechanical Plant (An Rúis)

    551.

    Joint Stock Company Khabarovsk Shipbuilding Yard (An Rúis)

    552.

    Joint Stock Company Machine Building Company Vityaz (An Rúis)

    553.

    Joint Stock Company Management Company Radiostandard (An Rúis)

    554.

    Joint Stock Company Marine Instrument Engineering Corporation (An Rúis)

    555.

    Joint Stock Company NII Gidrosvyazi Shtil (An Rúis)

    556.

    Joint Stock Company Nizhny Novgorod Plant of the 70th Anniversary of Victory (An Rúis)

    557.

    Joint Stock Company Northern Production Association Arktika (An Rúis)

    558.

    Joint Stock Company Perm Machine Building Plant (An Rúis)

    559.

    Joint Stock Company Production Complex Akhtuba (An Rúis)

    560.

    Joint Stock Company Project Design Bureau RIO (An Rúis)

    561.

    Joint Stock Company Scientific Production Association Orion (An Rúis)

    562.

    Joint Stock Company Scientific Production Association Volna Plant (An Rúis)

    563.

    Joint Stock Company Scientific Production Center of Automatics and Instrument Building Named After Academician N.A. Pilyugin (An Rúis)

    564.

    Joint Stock Company Scientific Production Concern Tekhmash (An Rúis)

    565.

    Joint Stock Company Scientific Research Engineering Institute (An Rúis)

    566.

    Joint Stock Company Scientific Research Institute of Computing Complexes Named After M.A. Kartsev (An Rúis)

    567.

    Joint Stock Company Scientific Technical Institute Radiosvyaz (An Rúis)

    568.

    Joint Stock Company Taganrog Plant Priboy (An Rúis)

    569.

    Joint Stock Company Tula Cartridge Works (An Rúis)

    570.

    Joint Stock Company Tula Machine-Building Plant (An Rúis)

    571.

    Joint Stock Company Ulan-Ude Aviation Plant (An Rúis)

    572.

    Joint Stock Company Ulyanovsk Cartridge Works (An Rúis)

    573.

    Joint Stock Company Ural Automotive Plant (An Rúis)

    574.

    Joint Stock Company Vodtranspribor (An Rúis)

    575.

    Joint Stock Company Zavolzhskiy Plant of Caterpillar Tractors (An Rúis)

    576.

    Joint Stock Company Zelenodolsk Plant Named After A.M. Gorky (An Rúis)

    577.

    Machine Building Group Limited Liability Company (An Rúis)

    578.

    Military Industrial Company Limited Liability Company (An Rúis)

    579.

    Open Joint Stock Company Degtyaryov Plant (An Rúis)

    580.

    Promtekhnologiya Limited Liability Company (An Rúis)

    581.

    Public Joint Stock Company Kurganmashzavod (An Rúis)

    582.

    Public Joint Stock Company Motovilikha Plants (An Rúis)

    583.

    Public Joint Stock Company Proletarsky Plant (An Rúis)

    584.

    Public Joint Stock Company Rostvertol (An Rúis)

    585.

    Scientific Production Association Izhevsk Unmanned Systems Limited Liability Company (An Rúis)

    586.

    Scientific Production Enterprise Prima Limited Liability Company (An Rúis)

    587.

    United Machine Building Group Limited Liability Company (An Rúis)

    588.

    Volgograd Machine Building Company Limited Liability Company (An Rúis)

    589.

    VXI-Systems Limited Liability Company (An Rúis)

    590.

    LLC Yadro (An Rúis)

    591.

    Perm Powder Plant (An Rúis)

    592.

    RPA Kazan Machine Building Plant (An Rúis)

    593.

    Proton JSC (An Rúis)

    594.

    Grant Instrument (An Rúis)

    595.

    Streloy (An Rúis)

    596.

    LLC Research and Production Enterprise Itelma (An Rúis)

    597.

    TTK Kammarket LLC (An Rúis)

    598.

    JSC Kompel (An Rúis)

    599.

    LLC MBR-AVIA (An Rúis)

    600.

    LLC NeoTech (An Rúis)

    601.

    JSC Sozvezdie Concern (An Rúis)

    602.

    JSC Serov Machine-Building Plant (An Rúis)

    603.

    Aeroscan LLC (An Rúis)

    604.

    STC Orion LLC (An Rúis)

    605.

    Technical Center Windeq LLC (An Rúis)

    606.

    OrelMetallPolimer LLC (An Rúis)

    607.

    OMP LLC (An Rúis)

    608.

    Spetstehnotreyd LLC (An Rúis)

    609.

    BIC-inform (An Rúis)

    610.

    Spel LLC (An Rúis)

    611.

    Alfakomponent LLC (An Rúis)

    612.

    ID Solution LLC (An Rúis)

    613.

    Inelso LLC (An Rúis)

    614.

    Elitan Trade LLC (An Rúis)

    615.

    Hartis Dv LLV (An Rúis)

    616.

    SFT LLC (An Rúis)

    617.

    Kami Group LLC (An Rúis)

    618.

    AGT Systems LLC (An Rúis)

    619.

    Entep LLC (An Rúis)

    620.

    Mvizion LLC (An Úisbéiceastáin)

    621.

    Design Bureau of Navigation Sytems (NAVIS) (An Rúis)

    622.

    Deflog Technologies PTE LTD (Singeapór)

    ’.

    IARSCRÍBHINN II

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

    ‘IARSCRÍBHINN VII

    Liosta na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear in Airteagail 2a(1) agus 2b(1)

    Cuid A

    Tá feidhm maidir leis an Iarscríbhinn seo ag na Nótaí Ginearálta, na hAcrainmneacha agus na Giorrúcháin, agus ag na Sainmhínithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821, cé is moite de ‘Páirt I – Nótaí Ginearálta, Acrainmneacha agus Giorrúcháin, agus Sainmhínithe, Nótaí Ginearálta a ghabhann le hIarscríbhinn I, pointe 2.’.

    Tá feidhm maidir leis an Iarscríbhinn seo ag na sainmhínithe ar théarmaí a úsáidtear i Liosta Comhchoiteann Míleata (LCM) an Aontais Eorpaigh (2020/C 85/01).

    Gan dochar d’Airteagal 12 den Rialachán seo, maidir le hítimí neamhrialaithe ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na comhpháirteanna a liostaítear san Iarscríbhinn seo, ní bheidh na hítimí sin faoi réir na rialuithe faoi Airteagal 2a agus Airteagal 2b den Rialachán seo.

    Catagóir I – Leictreonaic

    X.A.I.001

    Gairis leictreonacha agus comhpháirteanna leictreonacha.

    a.

    ‘Micreachiorcaid mhicreaphróiseálaithe’, ‘micreachiorcaid mhicriríomhaire’ agus micreachiorcaid mhicririalaitheora, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    Tá luas feidhmíochta 5 GigaFLOPS nó níos mó acu agus aonad loighce uimhríochta acu a bhfuil leithead rochtana aige arb ionann é agus 32 ghiotán nó ar mó é ná sin;

    2.

    Tá ráta clogmhinicíochta acu ar mó é ná 25 MHz; nó

    3.

    Tá níos mó ná bus sonraí amháin nó bus treorach amháin nó port cumarsáide srathaí amháin acu, a sholáthraíonn idirnasc seachtrach díreach idir ‘micreachiorcaid mhicririalaitheora’ chomhthreomhara a bhfuil ráta aistrithe de 2,5 Mb/s acu;

    b.

    Ciorcaid iomlánaithe stórála, mar a leanas:

    1.

    Cuimhní inléite amháin in-ríomhchláraithe in-léirscriosta go leictreach (EEPROManna) a bhfuil toilleadh stórála iontu;

    a.

    Ar mó é ná 16 Mbit in aghaidh an phacáiste le haghaidh cineálacha flaischuimhne; nó

    b.

    Ar mó é ná ceachtar den dá theorainn seo a leanas le haghaidh chineálacha uile eile EEPROM:

    1.

    Ar mó é ná 1 Mbit in aghaidh an phacáiste; nó

    2.

    Ar mó é ná 256 kbit in aghaidh an phacáiste agus a bhfuil uas-aga rochtana aige ar lú é ná 80 ns;

    2.

    Cuimhní randamrochtana statacha (SRAManna) a bhfuil toilleadh stórála iontu:

    a.

    Ar mó é ná 1 Mbit in aghaidh an phacáiste; nó

    b.

    Ar mó é ná 256 kbit in aghaidh an phacáiste agus a bhfuil uas-aga rochtana aige ar lú é ná 25 ns;

    c.

    Tiontairí ó analógach go digiteach ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    Tá taifeach 8 ngiotán nó níos mó, ach níos lú ná 12 ghiotán, acu agus ráta aschuir is mó ná 200 Meigeashampla in aghaidh an tsoicind (MSPS);

    2.

    Tá taifeach 12 ghiotán acu agus ráta aschuir is mó ná 105 Mheigeashampla in aghaidh an tsoicind (MSPS);

    3.

    Tá taifeach acu is mó ná 12 ghiotán ach atá cothrom le 14 ghiotán nó níos lú ná sin, agus ráta aschuir is mó ná 10 Meigeashampla in aghaidh an tsoicind (MSPS); nó

    4.

    Tá taifeach acu is mó ná 14 ghiotán agus ráta aschuir is mó ná 2,5 Meigeashampla in aghaidh an tsoicind (MSPS);

    d.

    Gairis loighce in-ríomhchláraithe sa réimse a bhfuil uasmhéid ionchur/aschur digiteach aonathraithe acu idir 200 agus 700;

    e.

    Próiseálaithe Trasfhoirme Tapa Fourier (FFT) a bhfuil aga rite rátaithe acu do FFT coimpléascach phointe 1 024 ar lú é ná 1 ms;

    f.

    Ciorcaid iomlánaithe shaincheaptha nach eol cén fheidhm a bhaineann leo nó nach eol don mhonaróir an stádas rialaithe atá ag an trealamh ina n-úsáidfear an ciorcad iomlánaithe, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    Tá níos mó ná 144 teirminéal acu; nó

    2.

    Tá moill ar fhorleathadh bunúsach thipiciúil níos lú ná 0,4 ns acu;

    g.

    ‘Feistí folúis leictreonacha’ toinne taistil, de thonn bhíogach nó leanúnach, mar a leanas:

    1.

    Feistí cuasán cúplaithe, nó díorthaigh díobh sin;

    2.

    Feistí atá bunaithe ar chiorcaid héilics, tonntreorach fillte, nó tonntreorach lúbaí, nó ar dhíorthaigh díobh sin, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    a.

    Tá ‘bandaleithead meandrach’ leath ochtáibhe nó níos mó acu, agus meánchumhacht (arna sloinneadh in kW) iolraithe faoin minicíocht (arna sloinneadh in GHz) is mó ná 0,2; nó

    b.

    Tá ‘bandaleithead meandrach’ acu ar lú é ná leath octáibhe; agus meánchumhacht (arna sloinneadh in kW) iolraithe faoin minicíocht (arna sloinneadh in GHz) is mó ná 0,4;

    h.

    Tá tonntreoracha solúbtha acu atá ceaptha lena n-úsáid ag minicíochtaí arb airde iad ná 40 GHz;

    i.

    Feistí tonnta fuaimiúla dromchla agus feistí tonnta fuaimiúla um bearradh dromchla (bulc éadomhain) (i.e., feistí ‘próiseála comharthaí’ lena n-úsáidtear tonnta leaisteacha in ábhair), ar fíor ina leith ceachtar de na nithe seo a leanas:

    1.

    Tá minicíocht iompróra acu ar mó í ná 1 GHz; nó

    2.

    Tá minicíocht iompróra acu arb ionann í agus 1 GHz nó ar lú í ná sin; agus

    a.

    Tá ‘diúltú minicíochta taobhlóba’ acu ar mó é ná 55 dB;

    b.

    Is mó toradh na moille uasta agus an bhandaleithid (am in μs agus bandaleithead in MHz) acu ná 100; nó

    c.

    Tá moill spréite acu ar mó í ná 10 μs;

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.A.I.001.i, is é is ‘diúltú minicíochta taobhlóba’ ann luach uasta an diúltaithe a shonraítear ar an mbileog sonraí.

    j.

    ‘Cealla’, mar a leanas:

    1.

    ‘Cealla príomhúla’ a bhfuil ‘dlús fuinnimh’ acu arb ionann é agus 550 Wh/kg nó níos lú ag 293 K (20 °C);

    2.

    ‘Cealla tánaisteacha’ a bhfuil ‘dlús fuinnimh’ acu arb ionann é agus 350 Wh/kg nó níos lú ag 293 K (20 °C);

    Nóta : Le X.A.I.001.j, ní rialaítear ceallraí, lena n-áirítear ceallraí aonchille.

    Nótaí Teicniúla:

    1.

    Chun críoch X.A.I.001.j, ríomhfar dlús fuinnimh (Wh/kg) ón voltas ainmniúil á iolrú faoin acmhainneacht ainmniúil in aimpéaruaireanta (Ah) á roinnt ar an mais i gcileagraim. Mura luaitear an acmhainneacht ainmniúil, ríomhfar an dlús fuinnimh ón voltas ainmniúil á chearnú agus ansin á iolrú faoin ré díluchtaithe in uaireanta á roinnt ar an ualach díluchtaithe in Óim agus an mhais i gcileagraim.

    2.

    Chun críoch X.A.I.001.j, sainmhínítear ‘cill’ mar ghaireas leictriceimiceach a bhfuil leictreoidí dearfacha agus diúltacha, agus leictrilít aige, agus ar foinse fuinnimh leictrigh é. Is é bloc tógála bunúsach an cheallra é.

    3.

    Chun críoch X.A.I.001.j.1, is éard is ‘cill phríomhúil’ ann ‘cill’ nach bhfuil deartha lena luchtú ó aon fhoinse eile.

    4.

    Chun críoch X.A.I.001.j.2, is éard is ‘cill thánaisteach’ ann ‘cill’ atá deartha lena luchtú ó fhoinse leictreach sheachtrach.

    k.

    Leictreamaighnéid nó solanóidigh ‘fhorsheoltacha’ atá saindeartha lena luchtú nó lena ndíluchtú go hiomlán laistigh de níos lú ná nóiméad amháin, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:

    Nóta : Le X.A.I.001.k, ní rialaítear leictreamaighnéid nó solanóidigh ‘fhorsheoltacha’ atá deartha lena n-úsáid i dtrealamh leighis um Íomháú Athshondais Mhaighnéadaigh.

    1.

    Is mó ná 500 kJ in aghaidh an nóiméid an fuinneamh uasta a sholáthraítear i rith an díluchtaithe á roinnt ar ré an díluchtaithe leo;

    2.

    Tá trastomhas inmheánach ag na tochráin iompróra srutha acu ar mó é ná 250 mm; agus

    3.

    Tá siad rátaithe d’ionduchtú maighnéadach ar mó é ná 8 T nó do ‘dhlús iomlán an tsrutha’ ar mó é ná 300 A/mm2 sa tochrán;

    l.

    Ciorcaid nó córais le haghaidh stóráil fuinnimh leictreamaighnéadaigh a bhfuil comhpháirteanna iontu atá monaraithe as ábhair ‘fhorsheoltacha’ atá saindeartha chun go bhfeidhmeoidh ar a laghad ceann amháin dá gcomhchodaigh ‘fhorsheoltacha’ ag teochtaí arb ísle iad ná an ‘teocht chriticiúil’, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:

    1.

    Tá minicíochtaí oibriúcháin athshondacha acu ar mó iad ná 1 MHz;

    2.

    Tá dlús fuinnimh thaiscthe acu arb ionann é agus 1 MJ/m3 nó ar mó é ná sin; agus

    3.

    Tá aga díluchtaithe acu ar lú é ná 1 ms;

    m.

    Tíreatróin hidrigine/hidrigine-iseatóip atá déanta de mhiotal ceirmeach acu agus atá rátaithe le haghaidh bhuaicshrutha 500 A nó níos mó;

    n.

    Scagairí minicíochta ceirmeacha;

    o.

    Grianchealla, cóimeálacha fuinneog idirnasctha cealla (CIC), grianphainéil agus eagair ghréine, atá ‘spáscháilithe’, agus nach rialaítear le 3A001.e.4 (1);

    p.

    gearrthóirí ceirméid.

    X.A.I.002

    ‘Cóimeálacha leictreonacha’ ilchuspóireacha, modúil agus trealamh.

    a.

    Trealamh tástála leictreonach, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

    b.

    Taifeadáin dhigiteacha sonraí ionstraimíochta téipe maighnéadaí, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas;

    1.

    Tá uasráta aistrithe an chomhéadain dhigitigh acu ar mó é ná 60 Mbit/s agus úsáidtear teicnící scanta héiliciúla iontu;

    2.

    Tá uasráta aistrithe an chomhéadain dhigitigh acu ar mó é ná 120 Mbit/s agus úsáidtear teicnící cnoga fhosaithe iontu; nó

    3.

    ‘Spáscháilithe’;

    c.

    Trealamh, a bhfuil uasráta aistrithe an chomhéadain dhigitigh aige ar mó é ná 60 Mbit/s, atá deartha chun fístaifeadáin dhigiteacha téipe maighnéadaí a thiontú chun a n-úsáide mar thaifeadáin dhigiteacha sonraí ionstraimíochta;

    d.

    Ascalascóip analógacha neamh-mhodúlacha a bhfuil bandaleithead acu arb ionann é agus 1 GHz nó ar mó é ná sin;

    e.

    Córais ascalascóip analógaigh neamh-mhodúlaigh, ar fíor ina leith ceachtar de na saintréithe seo a leanas:

    1.

    Tá mór-ríomhaire acu a bhfuil bandaleithead aige arb ionann é agus 1 GHz nó ar mó é ná sin; nó

    2.

    Tá modúil a phlugáiltear isteach acu a bhfuil bandaleithead aonair acu arb ionann é agus 4 GHz nó ar mó é ná sin;

    f.

    Ascalascóip analógacha shamplála chun anailís a dhéanamh ar na feiniméin athfhillteacha a bhfuil bandaleithead éifeachtach acu ar mó é ná 4 GHz;

    g.

    Ascalascóip dhigiteacha agus taifeadáin díomuana, lena úsáidtear teicnící tiontaithe ó analógach go digiteach, lenar féidir díomuanta a stóráil trí shampláil sheicheamhach a dhéanamh ar ionchuir urchair aonair ag eatraimh chomhleantacha ar lú iad ná 1 ns (níos mó ná 1 Ghigeashampla in aghaidh an tSoicind (GSPS)), lena ndigitítear go 8 ngiotán nó taifeach níos mó agus lena stóráiltear 256 shampla nó níos mó.

    Nóta : Le X.A.I.002 rialaítear na comhpháirteanna saindeartha seo a leanas le haghaidh ascalascóip analógacha:

    1.

    Aonaid a phlugáiltear isteach;

    2.

    Aimplitheoirí seachtracha;

    3.

    Réamhaimplitheoirí;

    4.

    Gairis samplála;

    5.

    Feadáin gha-chatóideacha.

    X.A.I.003

    Trealamh próiseála sonrach, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas:

    a.

    Athróirí minicíochta agus a gcomhpháirteanna saindeartha, seachas iad sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

    b.

    Mais-speictriméadair, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

    c.

    Meaisíní X-ghathanna splaince uile, agus comhpháirteanna de chórais cumhachta bíogaí atá deartha díobh, lena n-áirítear gineadóirí Marx, líonraí lena múnlaítear bíog ardchumhachta, toilleoirí ardvoltais, agus truicir;

    d.

    Bíog-aimplitheoirí, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

    e.

    Trealamh leictreonach maidir le giniúint moille ama nó tomhas eatraimh ama, mar a leanas:

    1.

    Gineadóirí moille ama digiteacha ag a bhfuil taifeach arb ionann é agus 50 ns nó ar lú é ná sin thar eatraimh ama arb ionann iad agus 1 μs nó ar mó iad ná sin; nó

    2.

    Méadar eatraimh ilchainéil (3 cinn nó níos mó) nó méadar eatraimh ama mhodúlaigh agus trealamh cronaiméadrachta ag a bhfuil taifeach arb ionann é agus 50 ns nó ar lú é ná sin thar eatraimh ama arb ionann iad agus 1 μs nó ar mó iad ná sin;

    f.

    Ionstraimí anailíseacha crómatagrafaíochta agus speictriméadrachta.

    X.B.I.001

    Trealamh chun comhpháirteanna nó ábhair leictreonacha a mhonarú, mar a leanas agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena aghaidh:

    a.

    Trealamh atá saindeartha chun leictreonfheadáin, eilimintí optúla agus comhpháirteanna atá saindeartha lena aghaidh a mhonarú, ar trealamh é a rialaítear le 3A001 (2) nó le X.A.I.001;

    b.

    Trealamh atá saindeartha chun gairis leathsheoltóra, ciorcaid iomlánaithe agus ‘cóimeálacha leictreonacha’ a mhonarú, mar a leanas, agus córais ina n-ionchorpraítear an trealamh sin nó ag a bhfuil saintréithe an trealaimh sin:

    Nóta : Le X.B.I.001.b. freisin, rialaítear trealamh a úsáidtear nó atá modhnaithe lena úsáid chun gairis eile a mhonarú, amhail gairis íomháithe, gairis leictrea-optúla, gairis tonnta fuaimiúla.

    1.

    Trealamh chun ábhair a phróiseáil chun gairis agus comhpháirteanna a mhonarú mar a shonraítear i gceannteideal X.B.I.001.b, mar a leanas:

    Nóta : Ní rialaítear le X.B.I.001 feadáin foirnéise grianchloiche, líneálacha foirnéise, céaslaí, báid (cé is moite de chásbháid shaindeartha), dí-oighreoirí, caiséid nó breogáin atá saindeartha le haghaidh an trealaimh próiseála a rialaítear le X.B.I.001.b.1.

    a.

    Trealamh chun sileacan polachriostalach agus ábhair a rialaítear le 3C001 (3) a tháirgeadh;

    b.

    Trealamh atá saindeartha chun ábhair leathsheoltóra III/V agus II/VI a íonú nó a phróiseáil agus a rialaítear le 3C001, 3C002, 3C003, 3C004, nó 3C005 1 cé is moite de tharraingeoirí criostail – maidir le tarraingeoirí criostail, féachtar X.B.I.001.b.1.c thíos;

    c.

    Tarraingeoirí criostail agus foirnéisí criostail, mar a leanas:

    Nóta : Ní rialaítear le X.B.I.001.b.1.c foirnéisí idirleata agus ocsaídiúcháin.

    1.

    Trealamh ainéalta agus athchriostalaithe seachas na foirnéisí teochta sheasta ina n-úsáidtear rátaí arda aistrithe fuinnimh, ar trealamh é lenar féidir sliseoga a phróiseáil ar ráta is mó ná 0,005 m2 in aghaidh an nóiméid;

    2.

    Tarraingeoirí criostail den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

    a.

    Tá siad in-athluchtaithe gan coimeádán an bhreogáin a ionadú;

    b.

    Tá ar a gcumas feidhmiú ag brúnna os cionn 2,5 x 105 Pa; nó

    c.

    Tá ar a gcumas criostail a tharraingt a bhfuil trastomhas acu is mó ná 100 mm;

    d.

    Trealamh den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ le haghaidh fás eipeatacsach ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

    1.

    Tá ar a chumas ciseal sileacain dar tiús nach mó ná ± 2,5 % thar achar 200 mm nó níos mó a tháirgeadh;

    2.

    Tá ar a chumas ciseal aon ábhair a tháirgeadh seachas sileacan darb aonfhoirmeacht tiúis ar feadh na sliseoige nach lú ná ± 3,5 %; nó

    3.

    Uainíocht sliseog aonair le linn na próiseála;

    e.

    Trealamh fáis eipealuadraigh léasacha móilíneacha;

    f.

    Trealamh ‘spriúchtá’ atá feabhsaithe go maighnéadach agus a bhfuil loic lódála chomhtháite saindeartha acu lenar féidir sliseoga a aistriú i dtimpeallacht folúis leithlisithe;

    g.

    Trealamh atá saindeartha le haghaidh an ian-ionphlandaithe agus an idirleata ianfheabhsaithe nó fhótaifheabhsaithe, agus ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

    1.

    Cumas patrúnaithe;

    2.

    Fuinneamh léis (voltas luasghéaraithe) is mó é ná 200 keV;

    3.

    Tá siad optamaithe chun oibriú ag fuinneamh léis (voltas luasghéaraithe) ar lú é ná 10 keV; nó

    4.

    Tá ar a gcumas ionphlandú ardfhuinnimh ocsaigine a dhéanamh i ‘bhfoshraith’ téite;

    h.

    Trealamh den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ le haghaidh baint roghnaíoch (eitseáil) trí mhodhanna tirime ainiseatrópacha (e.g., plasma), mar a leanas:

    1.

    ‘Cineálacha baisce’ ag a bhfuil aon cheann díobh seo a leanas:

    a.

    Aimsiú críochphointe, seachas cineálacha speictreascópacht astaíochta optúla; nó

    b.

    Brú oibríochta (eitseáil) imoibreora 26,66 Pa nó níos lú;

    2.

    ‘Cineálacha sliseoige aonair’ ag a bhfuil aon cheann díobh seo a leanas:

    a.

    Aimsiú críochphointe, seachas cineálacha speictreascópacht astaíochta optúla;

    b.

    Brú oibríochta (eitseáil) imoibreora 26,66 Pa nó níos lú; nó

    c.

    Láimhseáil caiséad go caiséad agus glasanna ualaí sliseog;

    Nótaí:

    1.

    Tagraíonn ‘cineálacha baisce’ do mheaisíní nach bhfuil saindeartha chun sliseoga aonair a phróiseáil. Le meaisíní den sórt sin is féidir dhá shliseog nó níos mó a phróiseáil go comhuaineach le paraiméadair phróisis choitianta, e.g., cumhacht RF, teocht, speicis gháis eitseála, rátaí sreafa.

    2.

    Le ‘cineálacha sliseoige aonair’ tagraítear do mheaisíní atá saindeartha chun sliseoga aonair a phróiseáil. Sna meaisíní sin d’fhéadfadh teicnící uathoibríocha láimhseála sliseog a bheith in úsáid chun sliseog aonair a luchtú sa trealamh lena próiseáil. Sa sainmhíniú áirítear trealamh lenar féidir roinnt sliseog a lódáil agus a phróiseáil ach inar féidir na paraiméadair eitseála, e.g., cumhacht RF nó críochphointe, a chinneadh go neamhspleách i gcás gach sliseoige aonair.

    i.

    Trealamh ‘deascadh gaile ceimicí’ (CVD), e.g., CVD atá feabhsaithe le plasma (PECVD) nó CVD fóta-fheabhsaithe, do mhonarú gaireas leathsheoltóra, ar fíor ina leith ceachtar den dá chumas seo a leanas, chun ocsaídí, nítrídí, miotail nó sileacan polaichriostalach a dheascadh:

    1.

    Trealamh ‘deascadh gaile ceimicí’ a oibríonn faoi bhun 105 Pa; nó

    2.

    Trealamh PECVD a oibríonn faoi bhun 60 Pa nó ag a bhfuil láimhseáil sliseog uathoibríoch le fearais caiséad-go-caiséad agus le loic lódála;

    Nóta : Ní rialaítear le X.B.I.001.b.1.i córais lagbhrú deascadh gaile ceimicí (LPCVD) ná trealamh imoibríoch den chineál ‘spriúchta’.

    j.

    Córais léasacha leictreoin atá saindeartha nó atá modhnaithe chun maisc a dhéanamh nó chun gairis leathsheoltóra a phróiseáil, ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

    1.

    Sraonadh léasacha leictreastatacha;

    2.

    Próifíl léis neamh-Ghuaiseach, í múnlaithe;

    3.

    Ráta comhshó ó dhigiteach go hanalógach is mó ná 3 MHz;

    4.

    Cruinneas tiontaithe ó dhigiteach go hanalógach is mó é ná 12 ghiotán; nó

    5.

    Cruinneas rialaithe aischothúcháin maidir le suíomh ó sprioc go léas 1 μm nó níos míne;

    Nóta : Ní rialaítear le X.B.I.001.b.1.j córais deasctha léasacha leictreoin ná micreascóip leictreoin scanacháin ilchuspóireacha.

    k.

    Trealamh críochnaithe dromchla chun sliseoga leathsheoltóra a phróiseáil mar a leanas:

    1.

    Trealamh atá saindeartha chun próiseáil chúlrach a dhéanamh ar shliseoga is tanaí ná 100 μm agus an deighilt ina dhiaidh sin; nó

    2.

    Trealamh atá saindeartha chun gairbhe dromchla a bhaint amach i ndromchla gníomhach sliseoige próiseáilte dar luach dhá-shigme nach mó ná 2 μm, léamh iomlán léirithe (TIR);

    Nóta : Ní rialaítear le X.B.I.001.b.1.k trealamh lapála agus snasaithe aontaobha chun dromchla sliseog a bhailchríochnú.

    l.

    Trealamh idirnasctha lena n-áirítear comhchuasáin folúis aonair nó ilchuasáin folúis atá saindeartha chun gur féidir aon trealamh a rialaítear le X.B.I.001 a chomhtháthú i gcóras iomlán;

    m.

    Trealamh den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ lena n-úsáidtear ‘léasair’ chun ‘ciorcaid iomlánaithe mhonailiotacha’ a dheisiú nó a bhearradh, ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

    1.

    Cruinneas aimsiúcháin suímh is lú ná ± 1 μm; nó

    2.

    Tá méid an spota (leithead na ceirfe) níos lú ná 3 μm.

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.B.I.001.b.1, is éard atá sa ‘spriúchadh’ próiseas brataithe forleagain ina ndéantar iain a bhfuil lucht deimhneach iontu a luathú le réimse leictreach, i dtreo dromchla sprice (ábhar brataithe). Is leor fuinneamh cinéiteach na n-ian tuinsimh chun go scaoilfí adaimh an dromchla sprice agus chun go ndeascfaí iad ar fhoshraith. ( Nóta : Is gnáthmhodhnuithe ar an bpróiseas iad spriúchadh trióide, maighnéatróin nó radaimhinicíochta chun greamaitheacht an bhrataithe agus an ráta deasctha a mhéadú.).

    2.

    Maisc, foshraitheanna masc, trealamh chun maisc a dhéanamh agus trealamh aistrithe íomhánna chun gairis agus comhpháirteanna a mhonarú mar a shonraítear i gceannteideal X.B.I.001, mar a leanas:

    Nóta : Leis an téarma maisc, tagraítear do na maisc a úsáidtear i liteagrafaíocht léasacha leictreoin, i liteagrafaíocht X-ghathach, agus i liteagrafaíocht ultraivialait, chomh maith leis an ngnáth-fhótailiteagrafaíocht ultraivialait agus infheicthe.

    a.

    Maisc chríochnaithe, mioneangaí agus dearaí lena n-aghaidh, ach amháin:

    1.

    Maisc nó mioneangacha críochnaithe le haghaidh táirgeadh ciorcad iomlánaithe nach rialaítear le 3A001 (4); nó

    2.

    Maisc nó mioneangaí ag a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas:

    a.

    Tá a ndearadh bunaithe ar gheoiméadracht 2,5 μm nó níos mó; agus

    b.

    Ní áirítear sa dearadh gnéithe speisialta chun an úsáid atá beartaithe a athrú trí threalamh táirgthe nó trí ‘bogearraí’;

    b.

    Foshraitheanna masc, mar a leanas:

    1.

    ‘Foshraitheanna’ (e.g., gloine, grianchloiche, saifír) dromchla crua (e.g., cróimiam, sileacan, molaibdéineam) atá brataithe chun maisc a ullmhú ag a bhfuil toisí is mó ná 125 mm x 125 mm; nó

    2.

    Foshraitheanna atá saindeartha le haghaidh maisc X-ghathacha;

    c.

    Trealamh, seachas ríomhairí ilchuspóireacha, atá saindeartha le haghaidh dearadh ríomhchuidithe (CAD) gaireas leathsheoltóra nó ciorcad iomlánaithe;

    d.

    Trealamh nó meaisíní, mar a leanas, chun maisc nó mioneangaí a dhéanamh:

    1.

    Ceamaraí céime agus athdhéanta fóta-optúla agus athcheamaraí lenar féidir eagair is mó ná 100 mm x 100 mm a tháirgeadh, nó lenar féidir aon nochtadh amháin is mó ná 6 mm x 6 mm a tháirgeadh sa phlána íomhá (i.e. fócasach), nó lenar féidir leithid líne is lú ná 2,5 μm a tháirgeadh san fhótaifhriotaí ar an ‘bhfoshraith’;

    2.

    Trealamh chun maisc nó mioneangaí a dhéanamh lena n-úsáidtear liteagrafaíocht léis iain nó ‘léasair’ lenar féidir leithid líne is lú ná 2,5 μm a tháirgeadh; nó

    3.

    Trealamh nó gabhdáin chun maisc nó mioneangaí a athrú nó chun scannáin a chur isteach nó chun fabhtanna a bhaint;

    Nóta : Ní rialaítear le X.B.I.001.b.2.d.1 ná le b.2.d.2 trealamh monaraithe masc ina n-úsáidtear modhanna fóta-optúla a bhí ar fáil ar bhonn tráchtála roimh an 1 Eanáir 1980, nó nach fearr a bhfeidhmíocht ná an trealamh sin.

    e.

    Trealamh den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ chun maisc, mioneangaí nó scannáin a iniúchadh, a bhfuil na saintréithe seo a leanas aige:

    1.

    Taifeach 0,25 μm nó taifeach is míne ná sin; agus

    2.

    Beachtas 0,75 μm nó beachtas is míne ná sin thar fhad 63,5 mm nó níos mó i gcomhordanáid amháin nó dhó;

    Nóta : Ní rialaítear le X.B.I.001.b.2.e micreascóip leictreon scanacháin ilchuspóireacha ach amháin nuair atá siad saindeartha agus ionstraimithe chun iniúchadh uathoibríoch a dhéanamh ar phatrúin.

    f.

    Trealamh chun sliseoga a tháirgeadh a ailíniú agus a nochtadh trí mhodhanna fóta-optúla nó X-gha, e.g. trealamh liteagrafaíochta, lena n-áirítear trealamh aistrithe íomhánna teilgin agus trealamh céime agus athdhéanta (céim dhíreach ar an sliseog) nó trealamh céime agus scanta (scanóir), trealamh lenar féidir aon cheann de na feidhmeanna seo a leanas a dhéanamh:

    Nóta : Ní rialaítear le X.B.I.001.b.2.f trealamh rianaithe fhóta-optúil agus ailíniú agus nochtadh masc gaireachta ná trealamh rianaithe aistriú íomhánna.

    1.

    Táirgeadh patrúin is lú ná 2,5 μm;

    2.

    Ailíniú le beachtas is míne ná ± 0,25 μm (3 shigme);

    3.

    Forleagan meaisín le meaisín nach fearr ná ± 0,3 μm; nó

    4.

    Tonnfhad foinse solais is giorra ná 400 nm;

    g.

    Trealamh léasacha leictreoin, léasacha iain nó trealamh X-ghathach le haghaidh aistriú íomhánna teilgin lenar féidir patrúin is lú é ná 2,5 μm a tháirgeadh;

    Nóta : Maidir le córais dhírithe léasacha sraonta (córais taifeadta dhíreacha), féachtar X.B.I.001.b.1.j.

    h.

    Trealamh lena n-úsáidtear ‘léasair’ chun taifead díreach a dhéanamh ar shliseoga lenar féidir patrúin is lú ná 2,5 μm a tháirgeadh.

    3.

    Trealamh chun ciorcaid iomlánaithe a chóimeáil, mar a leanas:

    a.

    Nascóir dísle den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

    1.

    ‘Tá siad saindeartha’ do ‘chiorcaid iomlánaithe hibrideacha’;

    2.

    Bogadh aimsiúcháin céim X-Y is mó ná 37,5 x 37,5 mm; agus

    3.

    Cruinneas suiteála i bplána X-Y is míne ná ± 10 μm;

    b.

    Trealamh den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ chun roinnt nasc a tháirgeadh in aon oibríocht amháin (e.g., nascóirí léis seolán, nascóirí iompartha sliseanna, nascóirí téipe);

    c.

    Séalóirí caipíní teo leath-uathoibríocha nó uathoibríocha, lena ndéantar téamh áitiúil ar an gcaipín go teocht is airde ná corp an phacáiste, atá saindeartha le haghaidh pacáistí ceirmeacha micrichiorcaid a rialaítear le 3A001 (5) agus ag a bhfuil tréchur nach lú ná aon phacáiste amháin in aghaidh an nóiméid.

    Nóta : Ní rialaítear le X.B.I.001.b.3 spot-táthóirí den chineál friotaíochta ilchuspóirí.

    4.

    Scagairí le haghaidh seomraí glana lenar féidir timpeallacht aeir a sholáthar nach mó ná deich gcáithnín atá inti, ar cáithníní 0,3 μm nó níos lú atá iontu, in aghaidh an 0,02832 m3 agus scagairí lena n-aghaidh.

    Nóta Teicniúil : Chun críocha X.B.I.001, is éard is ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ ann rialú a úsáideann treoracha atá stóráilte in stóras leictreonach ar féidir do phróiseálaí iad a rith chun feidhmiú feidhmeanna réamhchinntithe a stiúradh. Is féidir do threalamh a bheith faoi ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ bíodh an stóráil leictreonach á dhéanamh go hinmheánach sa trealamh nó go seachtrach.

    X.B.I.002

    Trealamh chun comhpháirteanna agus ábhair leictreonacha a iniúchadh nó a thástáil, agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh.

    a.

    Trealamh atá saindeartha chun iniúchadh nó tástáil a dhéanamh ar leictreonfheadáin, ar eilimintí optúla agus ar chomhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, agus a rialaítear le 3A001 (6) nó X.A.I.001;

    b.

    Trealamh atá saindeartha chun iniúchadh nó tástáil a dhéanamh ar ghairis leathsheoltóra, ar chiorcaid iomlánaithe agus ar ‘chóimeálacha leictreonacha’, mar a leanas, agus córais ina n-ionchorpraítear an trealamh sin nó ag a bhfuil saintréithe an trealaimh sin:

    Nóta : Le X.B.I.002.b. freisin, rialaítear trealamh a úsáidtear nó atá modhnaithe lena úsáid chun gairis eile a mhonarú, amhail gairis íomháithe, gairis leictrea-optúla, gairis tonnta fuaimiúla.

    1.

    Trealamh iniúchta den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ chun fabhtanna, earráidí nó éilleáin nach mó ná 0,6 μm a bhrath ar shliseoga nó ar fhoshraitheanna próiseáilte, nó iontu, cé is moite de chláir ciorcaid phriontáilte nó sliseanna, agus úsáid á baint as teicnící chun íomhánna optúla a fháil lena ndéantar comparáid idir patrúin;

    Nóta : Ní rialaítear le X.B.I.002.b.1 micreascóip leictreon scanacháin ilchuspóireacha ach amháin nuair atá siad saindeartha agus ionstraimithe chun iniúchadh uathoibríoch a dhéanamh ar phatrúin.

    2.

    Trealamh tomhais agus anailíse den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’, mar a leanas:

    a.

    Trealamh atá saindeartha chun an cion ocsaigine nó carbóin in ábhair leathsheoltóra a thomhas;

    b.

    Trealamh chun leithid línte a thomhas le taifeach 1 μm nó taifeach is míne ná sin;

    c.

    Ionstraimí tomhais saindeartha chun plánacht a thomhas, lenar féidir dialltaí ón bplánacht 10 μm nó níos lú a thomhas le taifeach 1 μm nó níos míne.

    3.

    Trealamh scrúdaithe sliseog den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

    a.

    Cruinneas aimsiúcháin suímh is míne ná 3.5 μm;

    b.

    Tá ar a chumas tástáil a dhéanamh ar ghairis ina bhfuil líon is mó ná 68 dteirminéal; nó

    c.

    Tá ar a chumas tástáil a dhéanamh ag minicíocht is mó ná 1 GHz;

    4.

    Trealamh optúil mar a leanas:

    a.

    Trealamh den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ atá saindeartha chun gairis leathsheoltóra scoite agus díslí neamh-imchochlaithe a thástáil, lenar féidir tástáil a dhéanamh ag minicíochtaí is airde ná 18 GHz;

    Nóta Teicniúil : I measc na ngaireas leathsheoltóra scoite tá fótaichill agus grianchill.

    b.

    Trealamh den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ atá saindeartha chun tástáil a dhéanamh ar chiorcaid iomlánaithe agus ar ‘chóimeálacha leictreonacha’ lena n-aghaidh, lenar féidir tástáil fheidhmiúil a dhéanamh:

    1.

    Ag ‘ráta patrúin’ is mó ná 20 MHz; nó

    2.

    Ag ‘ráta pátrún’ is mó ná 10 MHz ach nach mó ná 20 MHz agus lenar féidir pacáistí ina bhfuil níos mó ná 68 dteirminéal a thástáil.

    Nótaí : Ní rialaítear le X.B.I.002.b.4.b. trealamh tástála atá saindeartha chun tástáil a dhéanamh orthu seo a leanas:

    1.

    Cuimhní;

    2.

    ‘Cóimeálacha’ nó aicme ‘cóimeálacha leictreonacha’ le haghaidh feidhmeanna baile agus siamsaíochta; agus

    3.

    Comhpháirteanna leictreonacha, ‘cóimeálacha leictreonacha’ agus ciorcaid iomlánaithe nach rialaítear le 3A001 (7) ná le X.A.I.001, ar choinníoll nach n-ionchorpraítear leis an trealamh tástála sin saoráidí ríomhaireachta le ‘in-ríomhchláraitheacht atá inrochtana don úsáideoir’.

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.B.I.002.b.4.b, sainmhínítear gurb é is ‘ráta patrúin’ ann uasmhinicíocht an oibriúcháin dhigitigh atá ag tástálaí. Dá bhrí sin, tá sé coibhéiseach leis an ráta sonraí is airde is féidir le tástálaí a sholáthar sa mhód neamh-ilphléacsaithe. Tagraítear dó freisin mar luas tástála, mar uasmhinicíocht dhigiteach nó mar uasluas digiteach.

    c.

    Trealamh atá saindeartha chun feidhmíocht eagar plánaí fócasacha a chinneadh ag tonnfhaid is mó ná 1 200 nm, agus lena n-úsáidtear tomhais ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ nó meastóireacht ríomhchuidithe agus ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

    1.

    Úsáid trastomhais spota solais scanacháin is lú ná 0,12 mm;

    2.

    Tá siad deartha chun paraiméadair feidhmíochta fótamhothálacha a thomhas agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhfreagairt mhinicíochta, ar fheidhm aistrithe modhnúcháin, ar aonfhoirmeacht na freagrúlachta nó an torainn; nó

    3.

    Tá siad deartha chun meastóireacht a dhéanamh ar eagair lenar féidir íomhánna a chruthú inar mó ná 32 x 32 dúil líne atá iontu;

    5.

    Córais tástála léis leictreoin atá deartha chun feidhmiú ag 3 keV nó faoina bhun sin, nó córais léasacha ‘léasair’, chun scrúdú neamhtheagmhála a dhéanamh ar ghairis leathsheoltóra ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

    a.

    Cumas stróbascópaí le dalladh léis nó stróbáil bhrathadóireachta;

    b.

    Speictriméadar leictreon chun voltas a thomhas le taifeach is lú ná 0,5 V; nó

    c.

    Daingneáin tástálacha leictreacha chun anailís feidhmíochta a dhéanamh ar chiorcaid iomlánaithe;

    Nóta : Ní rialaítear le X.B.I.002.b.5 micreascóip leictreon scanacháin, ach amháin nuair atá siad saindeartha agus ionstraimithe chun scrúdú neamhtheagmhála a dhéanamh ar ghaireas leathsheoltóra cumhachtaithe.

    6.

    Córais ilfheidhmeacha léis ian fócasaithe den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ atá saindeartha chun maisc nó gairis leathsheoltóra a mhonarú, a dheisiú, chun anailís a dhéanamh ar a leagan amach fisiceach agus chun iad a thástáil, agus ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

    a.

    Cruinneas rialaithe aischothúcháin maidir le suíomh ó sprioc go léas 1 μm nó níos míne; nó

    b.

    Cruinneas tiontaithe ó dhigiteach go hanalógach is mó é ná 12 ghiotán;

    7.

    Córais tomhaiste cáithníní lena n-úsáidtear ‘léasair’ atá deartha chun méid na gcáithníní agus a dtiúchan san aer a thomhas, ag a:

    a.

    Tá ar a chumas méid cáithníní nach mó ná 0,2 μm a thomhas ag ráta sreafa 0,02832 m3 in aghaidh an nóiméid nó níos mó; agus

    b.

    Tá ar a chumas aer glan d’Aicme 10 nó níos fearr a shaintréithriú.

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.B.I.002, is éard is ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ ann rialú a úsáideann treoracha atá stóráilte in stóras leictreonach ar féidir do phróiseálaí iad a rith chun feidhmiú feidhmeanna réamhchinntithe a stiúradh. Féadfar trealamh a bheith faoi ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ bíodh an stóráil leictreonach á déanamh go hinmheánach sa trealamh nó go seachtrach.

    X.B.I.003

    Trealamh chun Cláir Ciorcad Phriontáilte (PCBanna) a mhonarú agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh, mar a leanas:

    a.

    Trealamh próiseála scannán;

    b.

    Trealamh brataithe masc sádair;

    c.

    Trealamh breacaire grianghraif;

    d.

    Trealamh deasctha plátála nó leictreaphlátála;

    e.

    cuasáin agus preasanna folúis;

    f.

    Lannaitheoirí rolla;

    g.

    Trealamh ailínithe; nó

    h.

    Trealamh eitseála.

    X.B.I.004

    Trealamh iniúchta optúil uathoibrithe chun Cláir Ciorcad Phriontáilte (PCBanna) a thástáil, bunaithe ar bhraiteoirí optúla nó leictreacha, agus atá ábalta aon cheann de na lochtanna cáilíochta seo a leanas a bhrath:

    a.

    Spásáil, achar, toirt nó airde;

    b.

    Bordáil bille;

    c.

    Comhpháirteanna (láithreacht, neamhláithreacht, tiontaithe, seach-churtha, polaraíocht, nó sceabha);

    d.

    Sádar (droicheadú, siúntaí sádair neamh-leordhóthanacha);

    e.

    Luaidheanna (taos neamh-leordhóthanach, ardú);

    f.

    Ceannéirí; nó

    g.

    Leictreach (gearrchiorcaid, ciorcaid oscailte, friotaíocht, toilleas, cumhacht, feidhmíocht eangaí).

    X.C.I.001

    Friotáin dhearfacha atá deartha le haghaidh liteagrafaíocht leathsheoltóra atá coigeartaithe go speisialta (optamaithe) lena n-úsáid ag tonnfhaid idir 370 nm agus 193 nm.

    X.C.I.002

    Ceimiceáin agus ábhair den chineál a úsáidtear chun Cláir Ciorcad Phriontáilte (PCBanna) a tháirgeadh, mar a leanas:

    a.

    Foshraitheanna comhchodacha PCB atá déanta as snáithín gloine nó cadás (e.g. FR-4, FR-2, FR-6, CEM-1, G-10, etc.);

    b.

    Foshraitheanna ilchisealacha PCB, a bhfuil ciseal amháin ar a laghad d’aon cheann de na hábhair seo a leanas iontu:

    1.

    Alúmanam;

    2.

    Polaiteitreafluaireitiléin (PTFE); nó

    3.

    Ábhair cheirmeacha (e.g. alúmana, ocsaíd tíotáiniam, etc.);

    c.

    Ceimiceáin eitseálóra;

    1.

    Clóiríd fheireach (7705-08-0);

    2.

    Clóiríd choprach (7447-39-4);

    3.

    Sárshulfáit amóiniam (7727-54-0);

    4.

    Sárshulfáit sóidiam (7775-27-1); nó

    5.

    Ullmhóidí ceimiceacha atá saindeartha le haghaidh eitseála agus ina bhfuil aon cheann de na ceimiceáin a áirítear in X.C.I.002.c.1 go X.C.I.002.c.4.

    Nóta : Ní rialaítear le X.C.I.002.c ‘meascáin cheimiceacha’ ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na ceimiceáin atá sonraithe in iontrálacha X.C.I.002.c nach mó ná 10 % de réir mheáchan an mheascáin aon cheimiceán ar leith atá sonraithe.

    d.

    Scragall copair a bhfuil íos-íonacht 95 % ann agus ar lú a thiús ná 100 μm;

    e.

    Substaintí polaiméireacha agus scannáin díobh atá níos lú ná 0,5 mm ar tiús, mar a leanas:

    1.

    Poilimídí armatacha;

    2.

    Pairiléiní;

    3.

    Beinsicioglabúitéiní (BCBanna); nó

    4.

    Polabeansocsasóil.

    X.D.I.001

    ‘Bogearraí’ atá saindeartha le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’, nó ‘úsáid’ gaireas leictreonach nó comhpháirteanna a rialaítear le X.A.I.001, trealamh leictreonach ilchuspóireach a rialaítear le X.A.I.002, nó trealamh monaraíochta agus tástála a rialaítear le X.B.I.001 agus le X.B.I.002; nó ‘bogearraí’ atá saindeartha le haghaidh ‘úsáid’ trealaimh a rialaítear le 3B001.g agus le 3B001.h (8).

    X.D.I.002

    ‘Bogearraí’ atá saindeartha chun Cláir Ciorcad Phriontáilte (PCBanna) a thástáil, ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’.

    X.E.I.001

    ‘Teicneolaíocht’ le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ gaireas leictreonach nó comhpháirteanna a rialaítear le X.A.I.001, trealamh leictreonach ilchuspóireach a rialaítear le X.A.I.002, nó trealamh monaraíochta agus tástála a rialaítear le X.B.I.001 nó le X.B.I.002, nó ábhair a rialaítear le X.C.I.001.

    X.E.I.002

    ‘Teicneolaíocht’ chun Cláir Ciorcad Phriontáilte (PCBanna) ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.

    Catagóir II – Ríomhairí

    Nóta : Ní rialaítear le Catagóir II earraí ar le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha iad.

    X.A.II.001

    Ríomhairí, ‘cóimeálacha leictreonacha’ agus trealamh gaolmhar, nach rialaítear le 4A001 ná le 4A003 1 , agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.

    Nóta : Is trí stádas rialaithe trealaimh eile agus córas eile a chinnfear stádas rialaithe na ‘ríomhairí digiteacha’ agus an trealaimh ghaolmhair a dtugtar tuairisc orthu in X.A.II.001, ar na coinníollacha seo a leanas:

    a.

    Tá na ‘ríomhairí digiteacha’ nó an trealamh gaolmhar fíor-riachtanach chun an trealamh eile nó na córais eile a oibriú;

    b.

    Nach ‘príomheilimint’ den trealamh eile nó de na córais eile iad na ‘ríomhairí digiteacha’ nó an trealamh gaolmhar; agus

    N.B.1 : Is trí stádas rialaithe trealaimh eile, fiú amháin má sháraíonn sé critéar na ‘príomheiliminte’, a chinnfear stádas rialaithe an trealaimh ‘próiseála comharthaí’ nó an trealaimh ‘feabhsaithe íomhánna’ atá saindeartha le haghaidh trealamh eile a bhfuil a chuid feidhmeanna teoranta do na feidhmeanna a theastaíonn le haghaidh an trealaimh eile.

    N.B.2 : Maidir le stádas rialaithe na ‘ríomhairí digiteacha’ nó an trealaimh ghaolmhair do threalamh teileachumarsáide, féach Catagóir 5, Cuid 1 (Teileachumarsáid)  (9) .

    c.

    Go gcinnfear le 4E an ‘teicneolaíocht’ do na ‘ríomhairí digiteacha’ agus don trealamh gaolmhar 1 .

    a.

    Ríomhairí leictreonacha agus trealamh gaolmhar, agus ‘cóimeálacha leictreonacha’ agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, atá rátaithe chun oibriú ag teocht chomhthimpeallach os cionn 343 K (70 °C);

    b.

    ‘Ríomhairí digiteacha’, lena n-áirítear trealamh ‘próiseála comharthaí’ nó trealamh ‘feabhsaithe íomhánna’, ag a bhfuil ‘Buaicfheidhmiú Coigeartaithe’ (‘APP’) atá cothrom le 0,0128 Teireaflap Ualaithe (WT) nó níos mó;

    c.

    ‘Cóimeálacha leictreonacha’ atá saindeartha nó modhnaithe chun feidhmíocht a fheabhsú trí phróiseálaithe a chomhbhailiú, mar a leanas:

    1.

    Cinn atá deartha chun bheith in ann comhbhailiú a dhéanamh i gcumraíochtaí ina bhfuil 16 phróiseálaí nó níos mó;

    2.

    Ní úsáidtear;

    Nóta 1: Níl feidhm ag X.A.II.001.c. ach amháin maidir le ‘cóimeálacha leictreonacha’ agus idirnaisc in-ríomhchláraithe ag a bhfuil ‘APP’ nach sáraíonn na teorainneacha in X.A.II.001.b. tráth a sheoltar iad mar ‘chóimeálacha leictreonacha’ neamh-chomhtháite. Níl feidhm aige maidir le ‘cóimeálacha leictreonacha’ atá teoranta go bunúsach i ngeall ar iad a bheith deartha lena n-úsáid mar threalamh gaolmhar a rialaítear le X.A.II.001.k.

    Nóta 2: Ní rialaítear le X.A.II.001.c. aon ‘chóimeáil leictreonach’ atá saindeartha le haghaidh táirge nó le haghaidh tacar táirgí nach sáraíonn a n-uaschumraíocht na teorainneacha in X.A.II.001.b.

    d.

    Ní úsáidtear;

    e.

    Ní úsáidtear;

    f.

    Trealamh ‘próiseála comharthaí’ nó trealamh ‘feabhsaithe íomhánna’ ag a bhfuil ‘Buaicfheidhmiú Coigeartaithe’ (‘APP’) atá cothrom le 0,0128 Teireaflap Ualaithe (WT) nó níos mó;

    g.

    Ní úsáidtear;

    h.

    Ní úsáidtear;

    i.

    Trealamh ina bhfuil ‘trealamh teirminéil comhéadain’ a sháraíonn na teorainneacha in X.A.III.101;

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.A.II.001.i, ciallaíonn ‘trealamh teirminéil comhéadain’ trealamh ag a dtéann faisnéis isteach i gcóras teileachumarsáide, nó amach as e.g. teileafón, gaireas sonraí, ríomhaire.

    j.

    Trealamh atá saindeartha chun idirnasc seachtrach ‘ríomhairí digiteacha’ a sholáthar nó trealamh gaolmhar lenar féidir cumarsáid a dhéanamh ag rátaí sonraí a sháraíonn 80 Mb/s.

    Nóta : Ní rialaítear le X.A.II.001.j. trealamh inmheánach um idirnascadh (e.g. cúlphlánaí, busanna), trealamh éighníomhach um idirnascadh, ‘rialaitheoirí um rochtain ar an líonra’ nó ‘rialaitheoirí an chainéil cumarsáide’.

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.A.II.001.j, is iad ‘rialaitheoirí an chainéil cumarsáide’ an comhéadan fisiceach lena rialaítear sreabhadh na faisnéise digití sioncronaí nó aisioncronaí. Cóimeáil atá ann is féidir a chomhtháthú i dtrealamh ríomhaireachta nó i dtrealamh teileachumarsáide ionas go mbeidh rochtain ar chumarsáid.

    k.

    ‘Ríomhairí hibride’ agus ‘cóimeálacha leictreonacha’ agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, ina bhfuil tiontairí ó analógach go digiteach ag a bhfuil na saintréithe uile seo a leanas:

    1.

    32 chainéal nó níos mó; agus

    2.

    Taifeach 14 ghiotán (maille le sínghiotán) nó níos mó ag a bhfuil ráta comhshó 200 000 Hz nó níos mó.

    X.D.II.001

    ‘Bogearraí’ cruthaithe agus bailíochtaithe ‘feidhmchlár’, ‘bogearraí’ lenar féidir ‘cóid foinse’ a ghiniúint go huathoibríoch, agus ‘bogearraí’ córais oibriúcháin atá saindeartha le haghaidh trealamh ‘próiseála fíor-ama’.

    a.

    ‘Bogearraí’ cruthaithe agus bailíochtaithe ‘feidhmchlár’ a bhaineann úsáid as teicnící matamaiticiúla agus anailíseacha agus atá deartha nó modhnaithe le haghaidh ‘feidhmchláir’ ag a bhfuil níos mó ná 500 000 treoir maidir le ‘cóid foinse’;

    b.

    ‘Bogearraí’ lenar féidir ‘cóid foinse’ a ghiniúint go huathoibríoch ó shonraí a fhaightear ar líne ó bhraiteoirí seachtracha a dtugtar tuairisc orthu i Rialachán (AE) 2021/821; nó

    c.

    ‘Bogearraí’ córais oibriúcháin atá saindeartha le haghaidh trealamh ‘próiseála fíor-ama’ lena ráthaítear ‘am folaigh idirbhriste uilíoch’ is lú ná 20 μs.

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.D.II.001, is éard is ‘am folaigh idirbhriste uilíoch’ ann an méid ama a ghlacann sé ar an gcóras ríomhaireachta idirbhriseadh de bharr teagmhais a aithint, an t-idirbhriseadh a sheirbhísiú agus aistriú comhthéacs a dhéanamh chuig tasc malartach cuimhne-lonnaithe atá ar feitheamh ag an idirbhriseadh.

    X.D.II.002

    ‘Bogearraí’, cé is moite de na bogearraí a rialaítear le 4D001 (10) atá saindeartha nó modhnaithe le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ trealaimh a rialaítear le 4A101 1 .

    X.E.II.001

    ‘Teicneolaíocht’ le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ trealaimh a rialaítear le X.A.II.001, nó ‘bogearraí’ a rialaítear le X.D.II.001 nó X.D.II.002.

    X.E.II.002

    ‘Teicneolaíocht’ le haghaidh ‘forbairt’ nó ‘táirgeadh’ trealaimh atá deartha le haghaidh ‘próiseáil sreafaí sonraí iomadúla’.

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.E.II.002, is éard is ‘próiseáil sreafaí sonraí iomadúla’ ann teicníc micreachláir nó ailtireachta trealaimh a fhágann gur féidir próiseáil chomhuaineach a dhéanamh ar dhá sheicheamh sonraí nó níos mó ná sin faoi rialú ceann amháin nó níos mó de sheichimh treoracha trí bhíthin nithe amhail iad seo a leanas:

    1.

    Ailtireachtaí Il-Sonraí Treoracha Singile (SIMD) amhail próiseálaithe veisteora nó eagair;

    2.

    Ailtireachtaí Il-Sonraí Il-Treoracha Singile (MSIMD);

    3.

    Ailtireachtaí Il-Sonraí Il-Treoracha (MIMD), lena n-áirítear cinn atá cúpláilte go teann, cúpláilte go dlúth nó cúpláilte go scaoilte; nó

    4.

    Eagair struchtúrtha d’eilimintí próiseála, lena n-áirítear eagair shiostólacha.

    Catagóir III. Cuid 1 – Teileachumarsáid

    Nóta : Le Catagóir III. Cuid 1, ní rialaítear earraí ar le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha iad.

    X.A.III.101

    Trealamh teileachumarsáide.

    a.

    Aon chineál trealaimh cumarsáide, nach bhfuil á rialú ag 5A001.a (11), atá saincheaptha chun oibriú lasmuigh den raon teochta 219 K (–54 °C) go 397 K (124 °C).

    b.

    Trealamh agus córais tarchurtha teileachumarsáide, agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saincheaptha lena n-aghaidh, ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe, feidhmeanna nó gnéithe seo a leanas:

    Nóta : Trealamh tarchurtha teileachumarsáide:

    a.

    Arna aicmiú mar a leanas, nó teaglamaí díobh sin:

    1.

    Trealamh raidió (e.g. tarchuradóirí, glacadóirí agus trasghlacadóirí);

    2.

    Trealamh teirminéil líne;

    3.

    Trealamh aimplitheora idirmheánaigh;

    4.

    Trealamh athchurtha;

    5.

    Trealamh athghiniúna;

    6.

    Ionchódóirí aistriúcháin (traschódóirí);

    7.

    Trealamh ilphléacsaithe (lena n-áirítear ilphléascú staidrimh);

    8.

    Modhnóirí/dímhodhnóirí (móideimí);

    9.

    Trealamh tras-ilphléascaithe (féach Moladh G701 ó CCITT);

    10.

    Trealamh trasnasctha digiteach den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’;

    11.

    ‘Tairsí’ agus droichid;

    12.

    ‘Aonaid um rochtain meán cumarsáide’; agus

    b.

    Atá ceaptha le haghaidh a úsáide i gcumarsáid cainéil aonair nó ilchainéil trí aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    Sreang (líne);

    2.

    Cábla comhaiseach;

    3.

    Cábla snáithín optúil;

    4.

    Radaíocht leictreamaighnéadach; nó

    5.

    Forleathadh fuaimthoinne faoi uisce.

    1.

    Ina n-úsáidtear teicnící digiteacha, lena n-áirítear próiseáil dhigiteach comharthaí analógacha, agus é ceaptha chun a bheith ag oibriú ar ‘ráta an aistrithe dhigitigh’ ar an leibhéal is airde ilphléacaithe os cionn 45 Mbit/s nó ar ‘ráta iomlán an aistrithe dhigitigh’ os cionn 90 Mbit/s;

    Nóta : Ní rialaítear le X.A.III.101.b.7 trealamh atá saindeartha chun é a chomhtháthú agus a oibriú in aon chóras satailíte le haghaidh úsáid shibhialta.

    2.

    Móideimí a úsáideann ‘bandaleithead aon chainéil gutha amháin’ ar a bhfuil ‘ráta comharthaíochta sonraí’ os cionn 9 600 giotán in aghaidh an tsoicind;

    3.

    Tá trealamh trasnasctha digiteach den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ ann ag a bhfuil ‘ráta aistrithe dhigitigh’ is mó ná 8,5 Mbit/s in aghaidh an phoirt;

    4.

    Trealamh raidió ina bhfuil aon cheann díobh seo a leanas:

    a.

    ‘Rialaitheoirí um rochtain ar an líonra’ agus an meán coiteann atá gaolmhar leo, ag a bhfuil ‘ráta aistrithe dhigitigh’ is mó ná 33 Mbit/s; nó

    b.

    ‘Rialaitheoirí cainéal cumarsáide’ ag a bhfuil aschur digiteach ag a bhfuil ‘ráta comharthaíochta sonraí’ is mó ná 64 000 bit/s in aghaidh an chainéil;

    Nóta : Más amhlaidh go bhfuil ‘rialaitheoir um rochtain ar an líonra’ in aon trealamh neamhrialaithe, ní ceadmhach aon chineál comhéadain teileachumarsáide a bheith aige, cé is moite díobh sin a dtugtar tuairisc orthu in X.A.III.101.b.4, ach gan é a bheith á rialú aige.

    5.

    Trealamh lena n-úsáidtear ‘léasar’, ina bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

    a.

    Tonnfhad tarchurtha os cionn 1 000 nm; nó

    b.

    Úsáidtear leis teicnící analógacha agus tá bandaleithead aige ar mó é ná 45 MHz;

    c.

    Úsáidtear leis teicnící optúla comhtháite tarchuradóireachta nó teicnící braite optúla comhtháite (a dtugtar orthu freisin teicnící heitridíne nó teicnící homaidíne);

    d.

    Úsáidtear leis teicnící ilphléacsaithe roinnte tonnfhad; nó

    e.

    Trealamh a dhéanann ‘aimpliú optúil’;

    6.

    Trealamh raidió a oibríonn ag minicíochtaí ionchurtha nó aschurtha os cionn:

    a.

    31 GHz le haghaidh feidhmchláir idir satailít agus stáisiún talún; nó

    b.

    26,5 GHz le haghaidh feidhmchláir eile;

    Nóta : Le X.A.III.101.b.6., ní rialaítear trealamh le haghaidh úsáid shibhialta nuair atá sé i gcomhréir le banda leithdháilte de chuid Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide idir 26,5 GHz agus 31 GHz.

    7.

    Is trealamh raidió é ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    a.

    Úsáidtear ann teicnící Modhnúcháin Aimplitiúide Cearnaithe (QAM) os cionn leibhéal 4 más mó ná 8,5 Mbit/s ‘ráta iomlán an aistrithe dhigitigh’;

    b.

    Úsáidtear ann teicnící QAM os cionn leibhéal 16 más cothrom le 8,5 Mbit/s nó más lú ná sin ‘ráta iomlán an aistrithe dhigitigh’;

    c.

    Úsáidtear teicnící modhnúcháin dhigiteacha eile ann agus is mó ná 3 bit/s/Hz an ‘éifeachtúlacht speictreach’; nó

    d.

    Oibríonn sé sa bhanda idir 1,5 MHz agus 87,5 MHz agus ionchorpraítear leis teicnící oiriúnaitheacha lena soláthraítear sochtadh ar mó é ná 15 Db ar chomhartha trasnaíochta.

    Nótaí:

    1.

    Ní rialaítear le X.A.III.101.b.7 trealamh atá saindeartha chun é a chomhtháthú agus a oibriú in aon chóras satailíte le haghaidh úsáid shibhialta.

    2.

    Ní rialaítear le X.A.III.101.b.7 trealamh athsheachadáin raidió a bhfuiltear lena oibriú i mbanda arna leithroinnt ag an Aontas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta (ITU):

    a.

    Ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    Ní théann sé thar 960 MHz; nó

    2.

    Ní mó ná 8,5 Mbit/s an ‘ráta iomlán an aistrithe dhigitigh’ ann; agus

    b.

    Ní mó ná 4 bit/s/Hz an ‘éifeachtúlacht speictreach’ ann.

    c.

    Trealamh lascacháin den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ agus córais chomharthaíochta ghaolmhara, ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe, de na feidhmeanna nó de na gnéithe seo a leanas, agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh:

    Nóta : Maidir le hilphléacsóirí staitistiúla ag a bhfuil ionchur digiteach agus aschur digiteach agus a chuireann lascachán ar fáil, caitear leo mar lasca den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’.

    1.

    Trealamh nó córais ‘lascacháin sonraí (teachtaireachtaí)’ atá deartha le haghaidh ‘oibriú móid pacáistithe’, ‘cóimealacha leictreonacha’ agus comhpháirteanna lena n-aghaidh, cé is moite dóibh siúd a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

    2.

    Ní úsáidtear;

    3.

    Ródú nó lascadh paicéad ‘sonragraim’;

    Nóta : Ní rialaítear le X.A.III.101.c.3 líonraí nach n-úsáidtear iontu ach ‘rialaitheoirí um rochtain ar an líonra’, ná líonraí nach n-úsáidtear iontu ach na ‘rialaitheoirí rochtana ar an líonra’ féin.

    4.

    Ní úsáidtear;

    5.

    Tosaíocht il-leibhéil agus réamhthosaíocht le haghaidh lascadh ciorcad;

    Nóta : Ní rialaítear le X.A.III.101.c.5 réamhthosaíocht glao aon-leibhéil.

    6.

    Tá sé deartha le haghaidh glaonna raidió cheallaigh ar lasca ceallacha eile a chur ar atreo go huathoibríoch nó le haghaidh nascadh go huathoibríoch le bunachar láraithe suibscríobhaithe a bhfuil níos mó ná aon lasc amháin ag baint úsáid as;

    7.

    Tá trealamh trasnasctha digiteach den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ ann ag a bhfuil ‘ráta aistrithe dhigitigh’ is mó ná 8,5 Mbit/s in aghaidh an phoirt:

    8.

    Tá ‘comharthaíocht cainéil choitinn’ ann a oibríonn i mód oibriúcháin neamh-chomhcheangailte, sin nó i mód oibriúcháin cuasa-chomhcheangailte;

    9.

    ‘Ródú oiriúnaitheach dinimiciúil’;

    10.

    Is éard atá ann lasca paicéid, lasca ciorcad agus ródairí ag a bhfuil poirt nó línte a théann thar an méid seo a leanas:

    a.

    ‘Ráta comharthaíochta sonraí’64 000 bit/s in aghaidh an chainéil le haghaidh ‘rialaitheoir cainéil cumarsáide’; nó

    Nóta : Ní rialaítear le X.A.III.101.c.10.a naisc ilchodacha ilphléacs nach bhfuil comhdhéanta ach de bhealaí cumarsáide nach rialaítear go leithleach le X.A.III.101.b.1.

    b.

    ‘Ráta aistrithe dhigitigh’ 33 Mbit/s le haghaidh ‘rialaitheoir um rochtain ar an líonra’ agus meáin choiteanna ghaolmhara;

    Nóta : Ní rialaítear le X.A.III.101.c.10 lasca paicéid ná ródairí ag a bhfuil poirt nó línte nach dtéann thar na teorainneacha atá in X.A.III.101.c.10.

    11.

    ‘Lascadh optúil’;

    12.

    Úsáidtear teicnící den chineál ‘Mód Aistrithe Aisioncronach’ (‘ATM’) ann.

    d.

    Snáithíní optúla agus cáblaí snáithíní optúla is faide ná 50 m atá deartha le haghaidh oibriú aonmhóid;

    e.

    Rialú láraithe líonra ar fíor ina leith gach ceann de na saintréithe seo a leanas:

    1.

    Faigheann sé sonraí ó na nóid; agus

    2.

    Déanann sé próiseáil ar na sonraí sin chun rialú tráchta a dhéanamh nach n-éilíonn aon chinntí ón oibreoir, agus ar an gcaoi sin déanann sé ‘ródú oiriúnaitheach dinimiciúil’;

    Nóta 1: Ní chuimsítear le X.A.III.101.e cásanna a bhaineann le cinntí ródúcháin a dhéantar de réir faisnéis réamhshainithe.

    Nóta 2: Ní chuirtear as an áireamh le X.A.III.101.e rialú tráchta a athraíonn de réir dálaí tráchta staitistiúla intuartha.

    f.

    Aeróga eagair chéimnithe, a oibríonn ag minicíocht is airde ná 10,5 GHz, ina bhfuil eilimintí gníomhacha agus comhpháirteanna dáilte, agus atá deartha ar bhealach a fhágann gur féidir rialú leictreonach a dhéanamh ar mhúnlú agus ar threodhíriú léasa, cé is moite de chórais tuirlingthe ina bhfuil ionstraimí atá de réir chaighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) (córais tuirlingthe micreathoinne (MLS));

    g.

    Trealamh cumarsáide móibílí, cé is moite de sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, agus ‘cóimeálacha leictreonacha’ agus comhpháirteanna lena n-aghaidh; nó

    h.

    Trealamh cumarsáide athsheachadáin raidió atá deartha lena úsáid ag minicíochtaí 19,7 GHz nó níos airde, agus comhpháirteanna lena aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.A.III.101:

    1)

    Mód aistrithe is ea é ‘mód aistrithe aisioncronach’ (‘ATM’) ina n-eagraítear an fhaisnéis i gcealla; tá sé aisioncronach sa bhrí go bhfuil atarlú na gceall ag brath ar an ráta giotán atá ag teastáil nó ar an ráta giotán meandrach.

    2)

    Trealamh cumarsáide sonraí is ea é ‘bandaleithead aon chainéil gutha amháin’ atá ceaptha oibriú ar aon chainéal gutha amháin, is é sin 3 100 Hz, faoi mar a shainítear i Moladh G.151 ó CCITT.

    3)

    An comhéadan fisiceach is ea é ‘rialaitheoir an chainéil cumarsáide’, lena rialaítear sreabhadh na faisnéise digití sioncronaí nó aisioncronaí. Cóimeáil atá ann is féidir a chomhtháthú i dtrealamh ríomhaireachta nó i dtrealamh teileachumarsáide ionas go mbeidh rochtain ar chumarsáid.

    4)

    Eintiteas cuimsithe, neamhspleách sonraí is ea é ‘sonragram’ ina n-iompraítear faisnéis leordhóthanach ionas gur féidir í a threorú ón bhfoinse go dtí trealamh teirminéil sonraí an chinn scríbe gan a bheith ag brath ar mhalartuithe a rinneadh ní ba luaithe idir an fhoinse sin agus trealamh teirminéil sonraí an chinn scríbe agus an líonra iompair.

    5)

    Saoráid is ea é ‘mear-roghnaigh’ a bhfuil feidhm aici maidir le glaonna fíorúla a fhágann go bhfuil trealamh teirminéil in ann cur lena chumas sonraí a tharchur i ‘bpaicéid’ a bhaineann le leagan amach agus imréiteach na nglaonna agus atá lasmuigh de chumais bhunúsacha na nglaonna fíorúla.

    6)

    ‘Tairseach’ is ea í an fheidhm is féidir le haon teaglaim de threalamh agus ‘bogearra’ a dhéanamh, ar feidhm í a dhéanann na coinbhinsiúin a chomhshó chun faisnéis a úsáidtear i gcóras amháin a ionadú, a phróiseáil nó a chur in iúl do na coinbhinsiúin chomhfhreagracha, ach éagsúla, a úsáidtear i gcóras eile.

    7)

    Líonra digiteach aontaithe ó cheann go ceann is ea é an ‘Líonra Digiteach de Sheirbhísí Comhtháite’ (ISDN), ina dtarchuirtear sonraí ó gach cineál cumarsáide (e.g. guth, téacs, sonraí, pictiúir shocra agus reatha) ó phort (teirminéal) sa mhalartán (lasc) thar aon líne rochtana go dtí an rannpháirtí agus ar ais uaidh.

    8)

    Is éard is ‘paicéad’ ann, grúpa de dhigití dénártha lena n-áirítear sonraí agus comharthaí rialaithe glaonna a dhéantar a lascadh mar aonad iomlán comhchodach amháin. Na sonraí, na comharthaí rialaithe glaonna agus an fhaisnéis rialaithe earráide a d’fhéadfadh a bheith ann, déantar iad a shocrú i bhformáid shonraithe.

    9)

    Ciallaíonn ‘comharthaíocht cainéil choitinn’ faisnéis rialaithe (comharthaíocht) a tharchur trí chainéal ar leithligh seachas an cainéal a úsáidtear le haghaidh na dteachtaireachtaí. Is gnách go rialaíonn an cainéal comharthaíochta an iliomad cainéal teachtaireachtaí.

    10)

    Ciallaíonn ‘ráta comharthaíochta sonraí’ an ráta, mar a shainítear i Moladh 53-36 ó ITU, agus é á chur san áireamh nach cothrom le chéile, i gcás modhnú neamh-dhénártha, báid in aghaidh an tsoicind agus giotáin in aghaidh an tsoicind. Cuimsítear giotáin le haghaidh códaithe, seiceála agus feidhmeanna sioncronaithe.

    11)

    Ciallaíonn ‘ródú oiriúnaitheach dinimiciúil’ trácht a athródú go huathoibríoch agus an t-athródú sin bunaithe ar bhrath agus ar anailísiú na ndálaí líonra láithreacha iarbhír

    12)

    Ciallaíonn ‘aonaid um rochtain meán cumarsáide’ trealamh ina bhfuil comhéadan cumarsáide amháin nó níos mó (‘Rialaitheoir um rochtain ar an líonra’, ‘rialaitheoir an chainéil cumarsáide’, móideim nó bus ríomhaire) lena nasctar trealamh teirminéil le líonra.

    13)

    Ciallaíonn ‘éifeachtúlacht speictreach’ an ‘ráta aistrithe dhigitigh’ [giotán/giotáin] / 6 Db bandaleithead speictrim in Hz.

    14)

    Is éard is ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ ann rialú a úsáideann treoracha atá stóráilte i stóras leictreonach ar féidir do phróiseálaí iad a rith chun feidhmiú feidhmeanna réamhchinntithe a stiúradh.

    Nóta : Féadfar trealamh a bheith faoi ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ bíodh an stóráil leictreonach á déanamh go hinmheánach sa trealamh nó go seachtrach.

    X.B.III.101

    Trealamh tástála teileachumarsáide, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

    X.C.III.101

    Réamhfhoirmeacha gloine nó réamhfhoirmeacha d’aon ábhar eile atá optamaithe chun snáithíní optúla a rialaítear le X.A.III.101 a mhonarú.

    X.D.III.101

    ‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ trealaimh a rialaítear le X.A.III.101 agus le X.B.III.101, agus ‘bogearraí’ ródaithe oiriúnaithigh dhinimiciúil atá de réir na tuairisce seo a leanas:

    a.

    ‘Bogearraí’, cé is moite de bhogearraí i bhfoirm is inrite ag meaisín, atá saindeartha le haghaidh ‘ródú oiriúnaitheach dinimiciúil’;

    b.

    Ní úsáidtear.

    X.E.III.101

    ‘Teicneolaíocht’ le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ trealaimh a rialaítear le X.A.III.101 nó le X.B.III.101, nó ‘bogearraí’ a rialaítear le X.D.III.101, agus ‘teicneolaíochtaí’ eile mar a leanas:

    a.

    ‘Teicneolaíochtaí’ sonracha mar a leanas:

    1.

    ‘Teicneolaíocht’ le haghaidh bratuithe a phróiseáil agus a fhorleagan ar shnáithíní optúla atá saindeartha chun go mbeidh siad oiriúnach lena n-úsáid faoi uisce;

    2.

    ‘Teicneolaíocht’ le haghaidh ‘forbairt’ trealaimh ina n-úsáidtear teicnící den chineál ‘Ordlathas Digiteach Sioncronach’ (‘SDH’) nó teicnící den chineál ‘Líonra Optúil Sioncronach’ (‘SONET’).

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.E.III.101:

    1)

    Is éard is ‘ordlathas digiteach sioncronach’ (SDH) ann ordlathas digiteach lena gcuirtear cóir ar fáil chun bainistiú agus ilphléacsú a dhéanamh ar fhoirmeacha éagsúla tráchta dhigitigh, agus chun rochtain a fháil ar an trácht sin, trí fhormáid tarchuir shioncronaigh a úsáid ar chineálacha éagsúla meán. Tá an fhormáid sin bunaithe ar an Modúl Iompair Shioncronaigh (STM) a shainítear i Moladh G.703, G.707, G.708, G.709 ón gCoiste Comhairleach um Nuálaíocht agus Aistriú Teicneolaíochta (CCITT) agus i gcinn eile atá gan foilsiú fós. Is é 155,52 Mbit/s ráta céadleibhéil ‘SDH’.

    2)

    Is éard is ‘líonra optúil sioncronach’ (SONET) ann líonra lena gcuirtear cóir ar fáil chun bainistiú agus ilphléacsú a dhéanamh ar fhoirmeacha éagsúla tráchta dhigitigh, agus chun rochtain a fháil ar an trácht sin, trí fhormáid tarchuir shioncronaigh a úsáid i snáithíní optúla. Is leagan de chuid Mheiriceá Thuaidh de ‘SDH’ atá san fhormáid agus úsáidtear an Modúl Iompair Shioncronaigh (STM) inti freisin. Mar sin féin, is é an Comhartha Iompair Shioncronaigh (STS) an modúl iompair bunúsach a úsáidtear inti, agus é ag ráta céadleibhéil 51,81 Mbit/s. Tá caighdeáin SONET á gcomhtháthú ionas go mbeidh siad ag teacht le caighdeáin ‘SDH’.

    Catagóir III. Cuid 2 – Slándáil Faisnéise

    Nóta : Le Catagóir III. Cuid 2, ní rialaítear earraí ar le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha iad.

    X.A.III.201

    Trealamh mar a leanas:

    a.

    Ní úsáidtear;

    b.

    Ní úsáidtear;

    c.

    Earraí atá aicmithe mar chriptiú mórmhargaidh i gcomhréir le Nóta Cripteagrafaíochta – Nóta 3 a ghabhann le Catagóir 5, Cuid 2 (12).

    X.D.III.201

    ‘Bogearraí’ na ‘Slándála Faisnéise’ mar a leanas:

    Nóta : Leis an iontráil seo, ní rialaítear ‘bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun cosaint a thabhairt ar dhamáiste mailíseach ríomhaire, e.g., víris, i gcás nach féidir an ‘chripteagrafaíocht’ a úsáid ach amháin le haghaidh fíordheimhnithe, síniú digiteach agus/nó chun sonraí nó comhaid a dhíchriptiú.

    a.

    Ní úsáidtear;

    b.

    Ní úsáidtear;

    c.

    ‘Bogearraí’ atá aicmithe mar bhogearraí criptithe mórmhargaidh i gcomhréir le Nóta Cripteagrafaíochta – Nóta 3 a ghabhann le Catagóir 5, Cuid 2 (13).

    X.E.III.201

    ‘Teicneolaíocht’ na ‘Slándála Faisnéise’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht, mar a leanas:

    a.

    Ní úsáidtear;

    b.

    ‘Teicneolaíocht’, cé is moite di sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, le haghaidh ‘úsáid’ earraí mórmhargaidh a rialaítear le X.A.III.201.c nó ‘bogearraí’ mórmhargaidh a rialaítear le X.D.III.201.c.

    Catagóir IV – Braiteoirí agus léasair

    X.A.IV.001

    Trealamh fuaime muirí nó talún, atá in ann rudaí nó gnéithe faoi uisce a bhrath nó a aimsiú, nó árthaí dromchla nó feithiclí faoi uisce a shuí; agus comhpháirteanna saindeartha, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

    X.A.IV.002

    Braiteoirí Optúla mar a leanas:

    a.

    Feadáin dianaitheora íomhá agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, mar a leanas:

    1.

    Feadáin dianaitheora íomhá ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    a.

    Tá buaicfhreagairt i raon tonnfhaid acu ar mó í ná 400 nm, ach nach mó í ná 1 050 nm;

    b.

    Tá pláta micreachainéal acu chun aimpliú leictreonach a dhéanamh ar íomhánna agus tá spásáil idir poill (spásáil lár-go-lár) ar lú í ná 25 μm ag an bpláta; agus

    c.

    Ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    S-20, S-25 nó fótacatóid il-alcaile; nó

    2.

    Fótacatóid GaAs nó GaInAs;

    2.

    Tá plátaí micreachainéal acu atá saindeartha agus a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:

    a.

    15 000 feadán toll nó níos mó in aghaidh an phláta; agus

    b.

    Spásáil idir poill (spásáil lár-go-lár) ar lú í ná 25 μm.

    b.

    Trealamh íomháithe amhairc dhírigh a oibríonn sa speictream infheicthe nó sa speictream infridhearg, lena n-ionchorpraítear feadáin dianaitheora íomhá a bhfuil na saintréithe a liostaítear in X.A.IV.002.a.1 acu.

    X.A.IV.003

    Ceamaraí mar a leanas:

    a.

    Ceamaraí a chomhlíonann critéir Nóta 3 a ghabhann le 6A003.b.4. (14);

    b.

    Ní úsáidtear;

    X.A.IV.004

    Optaic mar a leanas:

    Nóta : Le X.A.IV.004, ní rialaítear scagairí optúla ag a bhfuil bearnaí aeir seasta nó scagairí de chineál Lyot.

    a.

    Scagairí optúla:

    1.

    I gcás tonnfhaid atá níos faide ná 250 nm, ar a bhfuil bratuithe optúla agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    a.

    Tá bandaleithid acu atá cothrom le 1 nm Lánleithead Leathdhéine (FWHI) nó atá níos lú ná sin agus tá buaic-tharchur 90 % nó níos mó acu; nó

    b.

    Tá bandaleithid acu atá cothrom le 0,1 nm FWHI nó atá níos lú ná sin agus tá buaic-tharchur 50 % nó níos mó acu;

    2.

    I gcás tonnfhaid atá níos faide ná 250 nm, agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:

    a.

    Tá siad intiúnta thar raon speictrim 500 nm nó níos mó;

    b.

    Tá bandabhealach meandrach 1,25 nm nó níos mó acu;

    c.

    Is féidir an tonnfhad a athshocrú laistigh de 0,1 ms le cruinneas 1 nm nó níos fearr laistigh den raon speictreach intiúnta; agus

    d.

    Tá buaic-tharchur aonair 91 % nó níos mó acu;

    3.

    Lasca (scagairí) optúla teimhneachta ag a bhfuil réimse radhairc 30° nó níos leithne agus aga freagartha atá cothrom le 1 ns nó atá níos lú ná sin;

    b.

    Cábla ‘snáithín fluairíde’, nó snáithíní optúla lena aghaidh sin, ag a bhfuil maolú is lú ná 4 dB/km sa réimse tonnfhaid os cionn 1 000 nm ach nach airde ná 3 000 nm;

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.A.IV.004.b, is éard is ‘snáithíní fluairíde’ ann snáithíní a monaraíodh as comhdhúile bulcfhluairíde.

    X.A.IV.005

    ‘Léasair’ mar a leanas:

    a.

    ‘Léasair’ dé-ocsaíde carbóin (CO2) ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    Tá cumhacht aschurtha CW acu ar mó í ná 10 kW;

    2.

    Tá aschur bíogach acu ag a bhfuil ‘fad bíge’ is mó ná 10 μs; agus

    a.

    Tá meánchumhacht aschurtha acu ar mó í ná 10 kW; nó

    b.

    Tá ‘uaschumhacht’ bhíogach acu ar mó í ná 100 kW; nó

    3.

    Tá aschur bíogach acu ag a bhfuil ‘fad bíge’ 10 μs nó níos lú ná sin; agus

    a.

    Tá bíogfhuinneamh acu ar mó é ná 5 J sa bhíog agus tá ‘uaschumhacht’ acu ar mó í ná 2,5 kW; nó

    b.

    Tá meánchumhacht aschurtha acu ar mó í ná 2.5 kW;

    b.

    ‘Léasair’ leathsheoltóra mar a leanas:

    1.

    ‘Léasair’ aonair leathsheoltóra aonmhóid thrasnaigh ar fíor ina leith aon cheann de na nithe seo a leanas:

    a.

    Tá meánchumhacht aschurtha acu ar mó í ná 100 mW; nó

    b.

    Tá tonnfhad acu ar faide é ná 1 050 nm;

    2.

    ‘Léasair’ aonair leathsheoltóra ilmhóid thrasnaigh, nó eagair ‘léasar’ aonair leathsheoltóra, ag a bhfuil tonnfhad ar mó é ná 1 050 nm;

    c.

    ‘Léasair’ rúibíní ag a bhfuil fuinneamh aschuir ar mó é ná 20 J sa bhíog;

    d.

    ‘Léasair bhíogacha’ nach bhfuil ‘intiúnta’ ag a bhfuil tonnfhad aschuir ar mó é ná 975 nm ach nach mó é ná 1 150 nm agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    ‘Fad bíge’ atá cothrom le 1 ns nó ar mó é ná 1 ns ach nach mó é ná 1 μs, agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    a.

    Tá aschur aonmhóid thrasnaigh acu agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    Tá ‘éifeachtúlacht ag an bplocóid’ acu ar mó í ná 12 % agus tá ‘meánchumhacht aschurtha’ acu ar mó í ná 10 W agus atá in ann oibriú ag minicíocht atriallta bíge ar mó í ná 1 kHz; nó

    2.

    Tá ‘meánchumhacht aschurtha’ acu ar mó í ná 20 W; nó

    b.

    Tá aschur ilmhóid thrasnaigh acu agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    Tá ‘éifeachtúlacht ag an bplocóid’ acu ar mó í ná 18 % agus tá ‘meánchumhacht aschurtha’ acu ar mó í ná 30 W;

    2.

    Tá ‘uaschumhacht’ acu ar mó í ná 200 MW; nó

    3.

    Tá ‘meánchumhacht aschurtha’ acu ar mó í ná 50 W; nó

    2.

    Tá ‘fad bíge’ acu ar mó é ná 1 μs, agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    a.

    Tá aschur aonmhóid thrasnaigh acu agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    Tá ‘éifeachtúlacht ag an bplocóid’ acu ar mó í ná 12 % agus tá ‘meánchumhacht aschurtha’ acu ar mó í ná 10 W agus atá in ann oibriú ag minicíocht atriallta bíge ar mó í ná 1 kHz; nó

    2.

    Tá ‘meánchumhacht aschurtha’ acu ar mó í ná 20 W; nó

    b.

    Tá aschur ilmhóid thrasnaigh acu agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    Tá ‘éifeachtúlacht ag an bplocóid’ acu ar mó í ná 18 % agus tá ‘meánchumhacht aschurtha’ acu ar mó í ná 30 W; nó

    2.

    Tá ‘meánchumhacht aschurtha’ acu ar mó í ná 500 W;

    e.

    ‘Léasair’ toinne leanúnaí nach bhfuil ‘intiúnta’, ag a bhfuil tonnfhad aschuir ar mó é ná 975 nm ach nach mó é ná 1 150 nm agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    Tá aschur aonmhóid thrasnaigh acu agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    a.

    Tá ‘éifeachtúlacht ag an bplocóid’ acu ar mó í ná 12 % agus tá ‘meánchumhacht aschurtha’ acu ar mó í ná 10 W agus atá in ann oibriú ag minicíocht atriallta bíge ar mó í ná 1 kHz; nó

    b.

    Tá ‘meánchumhacht aschurtha’ acu ar mó í ná 50 W; nó

    2.

    Tá aschur ilmhóid thrasnaigh acu agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    a.

    Tá ‘éifeachtúlacht ag an bplocóid’ acu ar mó í ná 18 % agus tá ‘meánchumhacht aschurtha’ acu ar mó í ná 30 W; nó

    b.

    Tá ‘meánchumhacht aschurtha’ acu ar mó í ná 500 W;

    Nóta : Le X.A.IV.005.e.2.b, ní rialaítear ‘léasair’ ilmhóid thrasnaigh thionsclaíocha ag a bhfuil cumhacht aschuir ar lú í ná 2 kW agus mais iomlán ar mó í ná 1 200 kg. Chun críoch an nóta seo, áirítear leis an mais iomlán na comhpháirteanna uile is gá chun an ‘léasar’ a oibriú, e.g. an ‘léasar’, an soláthar cumhachta, an malartóir teasa, ach ní áirítear léi an optaic sheachtrach le haghaidh léasacha a chomhoiriúnú agus/nó a sheachadadh.

    f.

    ‘Léasair’ nach bhfuil ‘intiúnta’, ag a bhfuil tonnfhad aschuir ar mó é ná 1 400 nm ach nach mó é ná 1 555 nm agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    Tá fuinneamh aschuir acu ar mó é ná 100 mJ sa bhíog agus tá ‘uaschumhacht’ bhíogach acu ar mó í ná 1 W; nó

    2.

    Tá meánchumhacht aschuir nó cumhacht aschuir CW acu ar mó í ná 1 W;

    g.

    ‘Léasair’ saorleictreon.

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.A.IV.005, is é an sainmhíniú atá ar ‘éifeachtúlacht ag an bplocóid’ an cóimheas idir an chumhacht aschurtha ‘léasair’ (nó an ‘mheánchumhacht aschurtha’) agus an chumhacht ionchuir leictrigh iomlán a theastaíonn chun an ‘léasar’ a oibriú, lena n-áirítear an soláthar cumhachta/an comhoiriúnú agus an comhoiriúnú teirmeach/an malartóir teasa.

    X.A.IV.006

    ‘Maighnéadaiméadair’, braiteoirí ‘Forsheoltacha’ leictreamaighnéadacha, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, mar a leanas:

    a.

    ‘Maighnéadaiméadair’, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, ag a bhfuil ‘íogaireacht’ is ísle (i.e. is fearr) ná 1,0 nT (rms) in aghaidh an Hz fréimhe cearnaí.

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.A.IV.006.a., ciallaíonn ‘íogaireacht’ (an leibhéal torainn) fréamh mheán na gcearnóg de chuid an leibhéil gaireas-teoranta torainn arb é an comhartha is ísle is féidir a thomhas.

    b.

    Braiteoirí ‘forsheoltacha’ leictreamaighnéadacha, comhpháirteanna atá monaraithe as ábhair ‘fhorsheoltacha’:

    1.

    Tá siad deartha chun oibriú ag teocht arb ísle í ná ‘teocht chriticiúil’ ceann amháin ar a laghad de na comhábhair ‘fhorsheoltacha’ (lena n-áirítear gairis éifeacht Josephson nó gairis ‘fhorsheoltacha’ trasnaíochta candamaí (SQUIDS));

    2.

    Tá siad deartha chun éagsúlachtaí i réimsí leictreamaighnéadacha ag minicíochtaí 1 kHz nó níos lú a bhrath; agus

    3.

    Ar fíor ina leith aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

    a.

    Ionchorpraítear leo SQUIDS tanascannáin ag a bhfuil íosmhéid tréithe ar lú í ná 2 μm agus ag a bhfuil ciorcaid cúplála ionchuir agus aschuir;

    b.

    Tá siad deartha chun oibriú le sliúráta réimse mhaighnéadaigh ar mó é ná 1 x 106 candaim flosca mhaighnéadaigh in aghaidh an tsoicind;

    c.

    Tá siad deartha chun feidhmiú gan sciathú maighnéadach i réimse maighnéadach timpeallach an domhain; nó

    d.

    Tá comhéifeacht teochta acu ar lú é ná 0,1 candam flosca mhaighnéadaigh/K.

    X.A.IV.007

    Meá-mhéadair le haghaidh úsáid ar talamh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas:

    a.

    Tá cruinneas statach acu is lú (i.e. is fearr) ná 100 μGal; nó

    b.

    Tá siad de chineál na heiliminte grianchloiche (Worden).

    X.A.IV.008

    Córais, trealamh agus comhpháirteanna móra radair, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, agus comhpháirteanna saindeartha lena n-aghaidh, mar a leanas:

    a.

    Trealamh radair aerbheirthe, cé is moite de sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, agus comhpháirteanna saindeartha lena n-aghaidh;

    b.

    Trealamh radair ‘léasair’‘spáscháilithe’ nó trealamh Braite Solais agus Raonála (LIDAR) atá saindeartha le haghaidh na suirbhéireachta nó le haghaidh na breathnóireachta meitéareolaíche;

    c.

    Córais íomháithe radair amhairc fheabhsaithe um thonnta milliméadair atá saindeartha le haghaidh árthaí sciathán rothlach agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:

    1.

    Oibríonn siad ag minicíocht 94 GHz;

    2.

    Tá meánchumhacht aschuir acu ar lú í ná 20 mW;

    3.

    Céim amháin atá i leithead an léis radair; agus

    4.

    Tá raon oibriúcháin acu atá cothrom le 1 500 m nó atá níos mó ná sin.

    X.A.IV.009

    Trealamh próiseála sonrach, mar a leanas:

    a.

    Trealamh braite seismeach nach rialaítear le X.A.IV.009.c;

    b.

    Ceamaraí teilifíse atá cruaite in aghaidh na radaíochta, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821; nó

    c.

    Córais sheismeacha braite ionraidh lena mbraitear, lena n-aicmítear agus lena gcinntear an tionchar ar fhoinse an chomhartha a bhraitear.

    X.B.IV.001

    Trealamh, lena n-áirítear uirlisí, díslí, daingneáin nó tomhsairí, agus comhpháirteanna agus gabhálais eile atá saindeartha lena aghaidh, atá saindeartha nó modhnaithe chun aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    a.

    Chun na nithe seo a leanas a mhonarú nó a iniúchadh:

    1.

    Inbhéartóir ‘léasair’ saorleictreon maighnéid;

    2.

    Insteallairí ‘léasair’ saorleictreon grianghraif;

    b.

    Chun réimse maighnéadach fadchearchaill na ‘léasar’ saorleictreon a chur in oiriúint do na lamháltais is gá.

    X.C.IV.001

    Snáithíní braite optúla atá modhnaithe ó thaobh struchtúir de chun ‘fad buille’ is ná 500 mm (dé-athraonadh ard) a bheith acu nó ábhair braiteoirí optúla nach dtugtar tuairisc orthu in 6C002.b (15) agus ag a bhfuil cion since 6 % nó níos mó de réir an ‘mhólchodáin.’

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.C.IV.001:

    1)

    Sainmhínítear ‘mólchodán’ mar chóimheas mhóil ZnTe le suim mhóil CdTe agus ZnTe atá sa chriostal.

    2)

    Is é ‘fad buille’ an t-achar nach mór do dhá chomhartha atá polaraithe go hortagánach dul, i gcomhphas ar dtús, chun pasdifríocht dhá raidian Pí a bhaint amach.

    X.C.IV.002

    Ábhair optúla, mar a leanas:

    a.

    Ábhair optúla ionsúcháin ísil, mar a leanas:

    1.

    Comhdhúile bulcfhluairíde ina bhfuil comhábhair ag a bhfuil íonacht 99,999 % nó níos fearr; nó

    Nóta : Le X.C.IV.002.a.1, rialaítear fluairídí siorcóiniam nó alúmanaim agus athraithigh.

    2.

    Gloine bhulcfhluairíde atá déanta as comhdhúile a rialaítear le 6C004.e.1 (16);

    b.

    ‘Réamhfhoirmeacha snáithín optúil’ atá déanta as comhdhúile bulcfhluairíde ina bhfuil comhábhair ag a bhfuil íonacht 99,999 % nó níos fearr, atá ‘saindeartha’ chun ‘snáithíní fluairíde’ a rialaítear le X.A.IV.004.b a mhonarú.

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.C.IV.002:

    1)

    Is éard is ‘snáithíní fluairíde’ ann snáithíní arna monarú as comhdhúile bulcfhluairíde.

    2)

    Is éard is ‘réamhfhoirmeacha snáithín optúil’ ann barraí, tinní, nó slata gloine, plaisteacha nó atá déanta as ábhair eile a sainphróiseáladh lena n-úsáid chun snáithíní optúla a dhéanamh. Is iad saintréithe na réamhfhoirmeacha a chinneann bunpharaiméadair na snáithíní optúla a fhaightear ón bpróiseas monaraíochta.

    X.D.IV.001

    ‘Bogearraí’, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, atá saindeartha le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ earraí a rialaítear le 6A002, 6A003 (17), X.A.IV.001, X.A.IV.006, X.A.IV.007, nó le X.A.IV.008.

    X.D.IV.002

    ‘Bogearraí’ atá saindeartha le haghaidh ‘forbairt’ nó ‘táirgeadh’ trealaimh a rialaítear le X.A.IV.002, X.A.IV.004, nó le X.A.IV.005.

    X.D.IV.003

    ‘Bogearraí’ eile, mar a leanas:

    a.

    ‘Cláir’ d’fheidhmchláir ‘bhogearraí’ Rialaithe Aerthráchta (ATC) a óstaítear ar ríomhairí ilfheidhmeacha atá suite in ionaid Rialaithe Aerthráchta, agus a bhfuil ar a gcumas sonraí príomhúla sprice radair a thabhairt ar láimh go huathoibríoch (mura bhfuil siad comhghaolaithe le sonraí ó radar tánaisteach faireachais) ón ionad ATC óstach go hionad ATC eile;

    b.

    ‘Bogearraí’ atá saindeartha le haghaidh córais braite ionraidh sheismigh in X.A.IV.009.c; nó

    c.

    ‘Cód foinse’ atá saindeartha le haghaidh córais braite ionraidh sheismigh in X.A.IV.009.c.

    X.E.IV.001

    ‘Teicneolaíocht’ chun trealamh atá faoi rialú X.A.IV.001, X.A.IV.006, X.A.IV.007, X.A.IV.008 nó X.A.IV.009.c ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.

    X.E.IV.002

    ‘Teicneolaíocht’ chun trealamh, ábhair nó ‘bogearraí’ atá faoi rialú X.A.IV.002, X.A.IV.004, nó X.A.IV.005, X.B.IV.001, X.C.IV.001, X.C.IV.002, nó X.D.IV.003 ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’.

    X.E.IV.003

    ‘Teicneolaíocht’ eile, mar a leanas:

    a.

    Teicneolaíochtaí don mhonarú optúil chun comhpháirteanna a tháirgeadh go sraitheach ag ráta is mó ná 10 m2 d’achar dromchla in aghaidh na bliana ar aon fhearsaid shingil agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:

    1.

    Achar ar mó é ná 1 m2; agus

    2.

    Cuaire dromchla ar mó í ná λ/10 (rms) ag an tonnfhad dá ndearadh;

    b.

    ‘Teicneolaíocht’ le haghaidh scagairí optúla a bhfuil bandaleithead acu arb ionann é agus 10 nm nó ar lú ná sin é, réimse amhairc (FOV) ar mó í ná 40° agus taifeach ar mó é ná 0,75 péire líne in aghaidh an mhillearaidiain;

    c.

    ‘Teicneolaíocht’ chun ceamaraí atá faoi rialú X.A.IV.003 ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’;

    d.

    ‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ le haghaidh ‘forbairt’ nó ‘táirgeadh’‘maighnéadaiméadar’ floscgheata neamh-thrí-aiseach nó córas ‘maighnéadaiméadair’ floscgheata neamh-thrí-aiseach, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    ‘Íogaireacht’ ar lú (ar fearr) í ná 0,05 nT (rms) in aghaidh an Hz fréimhe cearnaí ag minicíochtaí ar lú iad ná 1 Hz; nó

    2.

    ‘Íogaireacht’ ar lú (ar fearr) í ná 1 x 10-3nT (rms) in aghaidh an Hz fréimhe cearnaí ag minicíochtaí 1 Hz nó ar mó iad ná sin.

    e.

    ‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ le haghaidh ‘forbairt’ nó ‘tairgeadh’ gaireas uastiontúcháin infridhearg, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:

    1.

    Freagairt i réimse an tonnfhaid ar mó í ná 700 nm ach nach mó í ná 1 500 nm; agus

    2.

    Comhcheangal d’fhotabhraiteoir infridhearg, dé-óid astaithe solais (OLED) agus nanachriostal chun solas infridhearg a thiontú ina sholas infheicthe.

    Nóta Teicniúil : Chun críche X.E.IV.003, ciallaíonn ‘íogaireacht’ (nó an leibhéal torainn) fréamh mheán na gcearnóg de chuid an leibhéil gaireas-teoranta torainn arb é an comhartha is ísle é is féidir a thomhas.

    Catagóir V – Loingseoireacht agus Eitleonaic

    X.A.V.001

    Trealamh teileachumarsáide aerbheirthe, gach córas loingseoireachta táimhe ‘aerárthaigh’, agus trealamh eitleonaice eile, lena n-áirítear comhpháirteanna, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

    Nóta 1: Ní rialaítear le X.A.V.001. ceannfhearais ná micreafóin.

    Nóta 2: Ní rialaítear le X.A.VI.001. earraí ar le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha iad.

    X.B.V.001

    Trealamh eile atá saindeartha chun trealamh loingseoireachta nó eitleonaice a thástáil, a iniúchadh nó a ‘tháirgeadh’.

    X.D.V.001

    ‘Bogearraí’, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, atá saindeartha le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ trealaimh loingseoireachta, trealaimh teileachumarsáide aerbheirthe agus trealaimh eitleonaice eile.

    X.E.V.001

    ‘Teicneolaíocht’, cé is moite di sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, atá saindeartha le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ trealaimh loingseoireachta, trealaimh teileachumarsáide aerbheirthe agus trealaimh eitleonaice eile.

    Catagóir VI – Cúrsaí Muirí

    X.A.VI.001

    Soithí, córais nó trealamh muirí, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, comhpháirteanna agus gabhálais, mar a leanas:

    a.

    Córais radhairc faoi uisce, mar a leanas:

    1.

    Córais teilifíse (ina bhfuil ceamaraí, solais, trealamh monatóireachta agus tarchurtha comharthaí) a bhfuil taifeach teorannach is mó ná 500 líne agus é á thomhas san aer agus atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun gur féidir iad a chianoibriú le feithicil intumtha; nó

    2.

    Ceamaraí teilifíse faoi uisce a bhfuil taifeach teorannach acu ar mó é ná 700 líne agus é á thomhas san aer;

    Nóta Teicniúil : I réimse na teilifíse, is éard atá sa taifeach teorannach tomhas de thaifeach cothrománach a chuirtear in iúl, de ghnáth, i dtéarmaí uaslíon na línte in aghaidh airde an phictiúir mar a léirítear ar chairt tástála é, agus úsáid á baint as Caighdeán IEEE 208/1960 nó aon chaighdeán coibhéiseach.

    b.

    Ceamaraí grianghrafadóireachta socair atá saindeartha nó sainmhodhnaithe lena n-úsáid faoi uisce, a bhfuil formáid scannáin 35 mm nó níos mó acu, agus a bhfuil uathfhócasú nó cianfhócasú acu atá ‘saindeartha’ le haghaidh úsáid faoi uisce;

    c.

    Córais solais stróbascópacha, atá saindeartha nó sainmhodhnaithe lena n-úsáid faoi uisce, ar córais iad ar féidir dóibh fuinneamh solais is mó ná 300 J in aghaidh na splaince a aschur;

    d.

    Trealamh ceamara eile le haghaidh úsáid faoi uisce, cé is moite de sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

    e.

    Coirí muirí atá deartha chun aon cheann de na tréithe seo a leanas a bheith acu:

    1.

    Ráta scaoilte teasa (ag an rátáil uasta) atá cothrom le nó níos mó ná 1 966,4 kW/m3 de thoirt na foirnéise; nó

    2.

    An cóimheas idir an ghal a ghintear i gcileagraim in aghaidh na huaire (ag an rátáil uasta) agus meáchan tirim an choire i gcileagraim atá cothrom le nó níos mó ná 37,6.;

    f.

    Soithí (dromchla nó fo-uisce), lena n-áirítear báid inséidte, agus comhpháirteanna saindeartha lena n-aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

    Nóta : Ní rialaítear le X.A.VI.001.f soithí atá ar cónaí go sealadach, a úsáidtear le haghaidh iompar príobháideach nó chun paisinéirí nó earraí a iompar ó chríocha custaim an Aontais nó tríothu.

    g.

    Innill mhuirí (lena n-áirítear innill istigh agus innill transaim) agus innill fomhuireán agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

    h.

    Gairis neamhspleácha análaithe (trealamh scúba) agus gabhálais lena n-aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

    i.

    Seaicéad tarrthála, cartúis aershéidte, compáis tumadóireachta, agus ríomhairí tumadóireachta;

    Nóta : Ní rialaítear le X.A.VI.001.i earraí ar le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha iad.

    j.

    Soilsí faoi uisce agus trealamh tiomána faoi uisce; nó

    Nóta : Ní rialaítear le X.A.VI.001.j earraí ar le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha iad.

    k.

    Comhbhrúiteoirí aeir agus córais scagacháin atá saindeartha chun sorcóirí aeir a líonadh.

    X.D.VI.001

    ‘Bogearraí’ atá saindeartha nó atá sainmhodhnaithe le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ trealaimh a rialaítear le X.A.VI.001.

    X.D.VI.002

    ‘Bogearraí’ atá saindeartha chun feithiclí intumtha gan foireann a oibriú, ar feithiclí iad a úsáidtear sa tionscal ola agus gáis.

    X.E.VI.001

    ‘Teicneolaíocht’ chun trealamh a rialaítear le X.A.VI.001 ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.

    Catagóir VII – Aeraspás agus Tiomáint

    X.A.VII.001

    Innill díosail, agus tarracóirí agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821:

    a.

    Innill díosail, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, le haghaidh trucailí, tarracóirí, agus feidhmeanna mótarfheithiclí, ag a bhfuil aschur cumhachta foriomlán 298 kW nó níos mó.

    b.

    Tarracóirí rothacha seach-mhórbhealaigh ag a bhfuil achmhainneacht iompair 9 tona nó níos mó; agus comhpháirteanna agus gabhálais shaindeartha, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

    c.

    Tarracóirí bóthair le haghaidh leathleantóirí, ar a bhfuil acastóirí deiridh singil nó teaindim atá rátaithe le haghaidh 9 dtona nó níos mó in aghaidh an acastóra agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.

    Nóta : Ní rialaítear le X.A.VII.001.b ná le X.A.VII.001.c feithiclí atá ar cónaí go sealadach, a úsáidtear le haghaidh iompar príobháideach nó chun paisinéirí nó earraí a iompar ó chríocha custaim an Aontais nó tríothu.

    X.A.VII.002

    Innill ghástuirbín agus comhpháirteanna, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

    a.

    Ní úsáidtear.

    b.

    Ní úsáidtear.

    c.

    Aerinnill ghástuirbín, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.

    d.

    Ní úsáidtear.

    e.

    Trealamh análaithe aerárthaigh a oibríonn le comhbhrú, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

    X.A.VII.003

    Innill aerárthaigh, cé is moite díobh siúd a shonraítear in X.A.VII.002, in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas:

    a.

    Innill loiní dócháin inmheánaigh frithingeacha nó rothlacha; nó

    b.

    Innill leictreacha.

    Nóta Teicniúil : Chun críoch X.A.VII.003, áirítear le haerárthaigh: eitleáin, aerárthaigh gan foireann, héileacaptair, uathghíreáin, aerárthaigh hibrideacha nó samhlacha raidió-rialaithe.

    X.B.VII.001

    Trealamh tástála tonnchreatha agus comhpháirteanna saindeartha, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

    Nóta : Ní rialaítear le X.B.VII.001. ach trealamh le haghaidh ‘forbartha’ nó ‘táirgthe’. Ní rialaítear leis córais faireacháin staide.

    X.B.VII.002

    Trealamh, uirlisiú nó daingneáin atá saindeartha, chun lanna tuirbíní gáis, eití nó múnlaí scriútaí rinne a mhonarú nó a thomhas, mar a leanas:

    a.

    Trealamh uathoibrithe a úsáideann modhanna neamh-mheicniúla chun tiús ballaí aereiteoige a thomhas;

    b.

    Uirlisiú, daingneáin nó trealamh tomhais le haghaidh na bpróiseas druileáilte poll ‘léasair’, scaird uisce nó ECM/EDM a rialaítear le 9E003.c (18);

    c.

    Trealamh láiste croíthe ceirmeacha;

    d.

    Trealamh nó uirlisí monaraithe croíthe ceirmeacha;

    e.

    Trealamh ullmhaithe patrún céarach sceallaí ceirmeacha;

    f.

    Trealamh scriosdóite nó bácála sceallaí ceirmeacha.

    X.D.VII.001

    ‘Bogearraí’, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ trealaimh a rialaítear le X.A.VII.001 nó le X.B.VII.001.

    X.D.VII.002

    ‘Bogearraí’, chun trealamh a rialaítear le X.A.VII.002 nó le X.B.VII.002 ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’.

    X.E.VII.001

    ‘Teicneolaíocht’, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ trealaimh a rialaítear le X.A.VII.001 nó le X.B.VII.001.

    X.E.VII.002

    ‘Teicneolaíocht’, chun trealamh a rialaítear le X.A.VII.002 nó le X.B.VII.002 ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.

    X.E.VII.003

    ‘Teicneolaíocht’ eile, nach dtugtar tuairisc uirthi in 9E003 (19), mar a leanas:

    a.

    Córais rialaithe le haghaidh glanspás barra lanna rótair a úsáideann ‘teicneolaíocht’ ghníomhach cásála cúitimh atá teoranta do dhearadh agus do bhunachar sonraí forbartha; nó

    b.

    Imthaca gáis le haghaidh cóimeálacha rótair d’innill tuirbín.

    Catagóir VIII – Ítimí ilghnéitheacha

    X.A.VIII.001

    Trealamh le haghaidh táirgeadh nó taiscéalaíocht ola mar a leanas:

    a.

    Trealamh tomhais comhtháite cinn druilire, lena n-áirítear córais thámhúla treostiúrtha le haghaidh tomhas le linn druileála;

    b.

    Córais monatóireachta gáis agus brathadóirí lena n-aghaidh, atá deartha chun a n-oibrithe go leanúnach agus chun suilfíd hidrigine a bhrath;

    c.

    Trealamh le haghaidh tomhais sheismeolaíocha, lena n-áirítear seisméitic frithchaithimh agus tonnchreathairí seismeacha;

    d.

    Sondálaithe fuaime dríodair.

    X.A.VIII.002

    Trealamh, ‘cóimeálacha leictreonacha’ agus comhpháirteanna, atá saindeartha le haghaidh ríomhairí candamacha, leictreonaic chandamach, braiteoirí candamacha, aonaid phróiseála chandamacha, ciorcaid chandamghiotán, gairis chandamghiotán, córais radair chandamacha, lena n-áirítear cealla Pockel.

    Nóta 1: Le ríomhairí candamacha, déantar ríomhanna a bhaineann tairbhe as saintréithe comhchoiteanna na staideanna candamacha, amhail as forshuíomh, trasnaíocht agus fostú.

    Nóta 2: Aonaid, ciorcaid agus gairis, áirítear leo sin ciorcaid fhorsheoltacha, ainéaladh candamach, gairis ianghaiste, idirghníomhú fótónaice, sileacan/guairne, adaimh fhuara, ach ní hiad sin amháin a áirítear leo.

    X.A.VIII.003

    Micreascóip, trealamh gaolmhar agus brathadóirí mar a leanas:

    a.

    Leictreonmhicreascóip scanacháin (SEM);

    b.

    Micreascóip scanacháin tarathair;

    c.

    Leictreonmhicreascóip tarchuir (TEM);

    d.

    Micreascóip fórsa adamhacha (AFM);

    e.

    Micreascóip fórsa scanacháin (SFM);

    f.

    Trealamh agus brathadóirí, atá saindeartha le haghaidh a n-úsáidte leis na micreascóip a shonraítear in X.A.VIII.003.a go X.A.VIII.0003.e, agus ina n-úsáidtear aon cheann de na teicnící anailíse ábhair seo a leanas:

    1.

    Fótaispeictreascópacht X-gha (XPS);

    2.

    Speictreascópacht X-gha fhuinneamhspréiteach (EDX, EDS) nó

    3.

    Leictreonspeictreascópacht le haghaidh anailís cheimiceach (ESCA).

    X.A.VIII.004

    Trealamh tiomsúcháin le haghaidh mianta miotail faoi ghrinneall na domhainmhara.

    X.A.VIII.005

    Trealamh monaraíochta agus meaisín-uirlisí mar a leanas:

    a.

    Trealamh monaraithe shuimithigh le haghaidh ‘táirgeadh’ páirteanna miotail;

    Nóta : Níl feidhm ag X.A.VIII.005.a ach amháin maidir leis na córais seo a leanas:

    1.

    Córais leapa púdair ina n-úsáidtear leá roghnaitheach le léasair (SLM), leá CUSING le léasair, sintéarú díreach miotail le léasar (DMLS) nó leá le leictreonléas (EBM); nó

    2.

    Córais púdarfhotha ina n-úsáidtear léasarchlúdach, deascadh fuinnimh dhírigh nó deascadh miotail le léasar.

    b.

    Trealamh monaraithe shuimithigh le haghaidh ‘ábhair fuinneamhachais’, lena n-áirítear trealamh ina n-úsáidtear easbhrú ultrasonach;

    c.

    Trealamh monaraithe shuimithigh de chineál an fhótaipholaiméirithe dabhcha ina n-úsáidtear liteagrafaíocht steiréó (SLA) nó próiseáil solais dhigiteach (DLP).

    X.A.VIII.006

    Trealamh le haghaidh ‘táirgeadh’ leictreonaice priontáilte le haghaidh dé-óidí orgánacha astaithe solais (OLED), trasraitheoirí orgánacha tionchair réimse (OFET) nó cealla orgánacha fotavóltacha (OPVC).

    X.A.VIII.007

    Trealamh le haghaidh ‘táirgeadh’ córas micrileictreameicniúil (MEMS) ina n-úsáidtear saintréithe meicniúla an tsileacain, lena n-áirítear braiteoirí i bhformáid slise amhail brú-scannáin, léasacha lúbthachta nó gairis mhicreachoigeartúcháin.

    X.A.VIII.008

    Trealamh, é saindeartha chun leictribhreoslaí (leictribhreoslaí agus breoslaí sintéiseacha) nó grianchealla sáréifeachtúla (éifeachtúlacht > 30 %) a tháirgeadh.

    X.A.VIII.009

    Trealamh le haghaidh folús ultra-ard (UHV) mar a leanas:

    a.

    Caidéil UHV (caidéil néalúcháin, caidéil turbamhóilíneacha, caidéal idirleata, caidéil chrióigineacha, caidéil ianghabhálaí);

    b.

    Brúthomhsairí UHV.

    Nóta : Ciallaíonn UHV brú 100 nanaPascal (nPa) nó níos ísle.

    X.A.VIII.010

    ‘Córais chuisniúcháin chrióigineacha’ atá deartha chun teochtaí a choinneáil faoi bhun 1,1 K ar feadh 48 n-uair an chloig nó níos mó agus an trealamh cuisniúcháin crióigineach gaolmhar mar a leanas:

    a.

    Bíogfheadáin;

    b.

    Crióstait;

    c.

    Fleascáin Dewar;

    d.

    Córas Láimhseála Gáis (GHS);

    e.

    Comhbhrúiteoirí; nó

    f.

    Aonaid Rialaithe.

    Nóta : ‘Córais chuisniucháin chrióigineacha’, áirítear leo sin an Cuisniú Caolúcháin, na Cuisneoirí Dímhaighnéadaithe Aidiabataigh agus na Córais Fuaraithe le Léasar, ach ní hiad sin amháin a áirítear leo.

    X.A.VIII.011

    Trealamh ‘díchochlúcháin’ le haghaidh gairis leathsheoltóra.

    Nóta : Is éard is ‘díchochlú’ ann an caipín, an claibín, nó an t-ábhar imchochlúcháin a bhaint de chiorcad comhtháite pacáistithe trí bhíthin modh meicniúil, teirmeach nó ceimiceach.

    X.A.VIII.012

    Fótabhrathadóirí Ard-Éifeachtúlachta Candamaí ag a bhfuil éifeachtúlacht chandamach is mó ná 80 % sa raon tonnfhaid is airde ná 400 nm ach nach airde ná 1 600 nm.

    X.AVIII.013

    Meaisín-uirlisí faoi rialú uimhriúil, ag a bhfuil ais líneach amháin nó níos mó ar mó ná 8 000 mm an fad gluaiste iontu.

    X.A.VIII.014

    Córais canóna uisce le haghaidh smachtú círéibe nó slua-rialaithe, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.

    Nóta : X.A.VIII.014 áirítear le córais canóin uisce, mar shampla: feithiclí nó stáisiúin sheasta atá feistithe le canóin uisce cianoibrithe atá deartha chun an t-oibreoir a chosaint ó chíréib lasmuigh le gnéithe amhail armúr, fuinneoga atá frithsheasmhach in aghaidh bloghta, scáileáin miotail, túsbharraí cosanta, nó boinn reatha éigeandála. Féadfar a áireamh ar chomhpháirteanna atá saindeartha le haghaidh canónacha uisce, mar shampla: buinní uisce gunna deice, caidéil, taiscumair, ceamaraí, agus soilse atá cruaite nó cosanta in aghaidh diúracán, crainn ardúcháin le haghaidh na n-ítimí sin, agus córais teilea-oibriúcháin le haghaidh na n-ítimí sin.

    X.A.VIII.015

    Airm bhuailte um fhorfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear súnna, bataí póilíní, bataí taobhláimhe, tonfaí, sjambokanna, agus fuipeanna.

    X.A.VIII.016

    Clogaid agus sciatha póilíneachta; agus comhpháirteanna saindeartha, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

    X.A.VIII.017

    Gairis srianta um fhorfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear geimhle cos, geimhle agus glais láimhe; seaicéid cheangail; stiúdghlais; criosanna turrainge; muinchillí turrainge; gairis srianta ilphointe amhail cathaoireacha srianta; agus comhpháirteanna agus gabhálais shaindeartha, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

    Nóta : Tá feidhm ag X.A.VIII.017 maidir le gairis srianta a úsáidtear i ngníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí. Níl feidhm aige maidir le feistí leighis atá feistithe chun gluaiseacht an othair a shrianadh le linn gnáthaimh leighis. Níl feidhm aige maidir le feistí lena ndéantar othair lagchuimhne a choinneáil i saoráidí leighis iomchuí. Níl feidhm aige maidir le trealamh sábháilteachta amhail criosanna sábhála nó suíocháin sábháilteachta gluaisteán leanaí.

    X.A.VIII.018

    Trealamh, ‘bogearraí’, agus sonraí taiscéalaíochta ola agus gáis, mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Ní úsáidtear.

    b.

    Ítimí scoilte hiodrálacha, mar a leanas:

    1.

    ‘Bogearraí’ agus sonraí um scoilteadh hiodrálach a dhearadh agus a anailísiú;

    2.

    ‘Própant’ scoilte hiodrálaigh, ‘sreabhán fraiceála’, agus breiseáin cheimiceacha lena n-aghaidh; nó

    3.

    Caidéil ardbhrú.

    Nóta Teicniúil:

    Ábhar soladach, gaineamh a chóireáiltear de ghnáth nó ábhair cheirmeacha de dhéantús an duine is ea ‘própant’, atá deartha chun scoilteadh hiodrálach ionduchtaithe a choinneáil oscailte, le linn nó tar éis cóireáil scoilte. Cuirtear é le ‘sreabhán fraiceála’ a d’fhéadfadh a bheith éagsúil i gcomhdhéanamh ag brath ar an gcineál scoilte a úsáidtear, agus is féidir leis a bheith bunaithe ar ghlóthach, cúr nó uisce sleamhain.

    X.A.VIII.019

    Trealamh próiseála sonrach, mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Maighnéid fáinne;

    b.

    Ní úsáidtear.

    X.A.VIII.020

    Airm agus gléasanna atá ceaptha le haghaidh círéib a smachtú nó le haghaidh féinchosanta, mar seo a leanas:

    a.

    Airm turrainge leictrí iniompartha nach féidir a dhíriú ach ar dhuine amháin gach uair a thugtar turraing leictreach, lena n-áirítear stiúdsmachtíní, sciatha turrainge leictrí, stiúdghunnaí agus ga-ghunnaí turrainge leictrí;

    b.

    Fearais ina bhfuil na comhpháirteanna riachtanacha uile chun airm turrainge leictrí iniompartha a chóimeáil a rialaítear le hítim X.A.VIII.020.a; nó

    Nóta : Meastar gur comhpháirteanna riachtanacha na hearraí seo a leanas:

    1.

    An t-aonad a ghineann an turraing leictreach;

    2.

    An lasc, bíodh sí ina cianlasc nó ná bíodh; agus

    3.

    Na leictreoidí nó, i gcás inarb infheidhme, na sreanga trína dtugtar an turraing leictreach.

    c.

    Airm turrainge leictrí suite nó insuite a chlúdaíonn limistéar fairsing agus lenar féidir turraingí leictreacha a dhíriú ar níos mó ná duine amháin.

    X.A.VIII.021

    Airm agus trealamh lena scaiptear substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin le haghaidh círéib a smachtú nó le haghaidh féinchosanta agus substaintí gaolmhara áirithe, mar seo a leanas:

    a.

    Airm agus trealamh iniompartha lena dtugtar dáileog de shubstaint cheimiceach ghreannach nó éagumasúcháin a dhírítear ar dhuine amháin nó lena scaiptear dáileog den substaint a dhéanann dochar do limistéar beag, mar shampla i bhfoirm ceobhráin nó scamaill, nuair a thugtar dáileog den substaint cheimiceach nó nuair a scaiptear í;

    Nóta 1 : Leis an ítim seo, ní rialaítear trealamh a rialaítear le hítim ML7(e) de LCM an Aontais Eorpaigh.

    Nóta 2 : Leis an ítim seo, ní rialaítear trealamh iniompartha aonair, fiú má tá substaint cheimiceach ann, nuair is lena úsáideoir atá sé ar mhaithe le cosaint phearsanta an úsáideora.

    Nóta 3 : Le cois substaintí ceimiceacha ábhartha, amhail oibreáin smachtaithe círéibe nó PAVA, measfar gur substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin iad na hearraí a rialaítear le hítimí X.A.VIII.021.c agus X.A.VIII.021.d.

    b.

    Fanailealaimíd aigéid pheileargónaigh (PAVA) (CAS 2444-46-4);

    c.

    Capsacam oiléaroisín (OC) (CAS 8023-77-6);

    d.

    Meascáin de 0,3 % PAVA nó OC ar a laghad de réir meáchain agus tuaslagóir (amhail eatánól, 1-própánól nó heacsán), a d’fhéadfaí a thabhairt mar oibreáin ghreannacha nó éagumasúcháin, go háirithe in aerasóil agus i bhfoirm leachtach, nó a d’fhéadfaí a úsáid chun oibreáin ghreannacha nó éagumasúcháin a dhéanamh;

    Nóta 1 : Leis an ítim seo, ní rialaítear anlainn agus ullmhóidí lena n-aghaidh, anraithí agus ullmhóidí lena n-aghaidh agus tarsainn mheasctha agus blastanais mheasctha, ar choinníoll nach iad PAVA agus OC an t-aon bhlas comhpháirteach atá iontu.

    Nóta 2 : Leis an ítim seo, ní rialaítear táirgí íocshláinte dá dtugtar údarú margaíochta i gcomhréir le dlí an Aontais.

    e.

    Is éard atá sa trealamh suite chun substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin a scaipeadh, ar féidir a fheistiú ar bhalla nó ar shíleáil laistigh d’fhoirgneamh, ná ceanastar oibreán ceimiceach éagumasúcháin nó greannach a ghníomhaítear trí úsáid a bhaint as córas cianrialaithe; nó

    Nóta : Le cois substaintí ceimiceacha ábhartha, amhail oibreáin smachtaithe círéibe nó PAVA, measfar gur substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin iad na hearraí a rialaítear le hítimí X.A.VIII.021.c agus X.A.VIII.021.d.

    f.

    Trealamh suite nó insuite chun oibreáin cheimiceacha ghreannacha nó éagumasúcháin a scaipeadh a chlúdaíonn limistéar fairsing agus nach bhfuil ceaptha le bheith feistithe ar bhalla nó ar shíleáil laistigh d’fhoirgneamh;

    Nóta 1 : Leis an ítim seo, ní rialaítear trealamh a rialaítear le hítim ML7(e) de LCM an Aontais Eorpaigh.

    Nóta 2 : Le cois substaintí ceimiceacha ábhartha, amhail oibreáin smachtaithe círéibe nó PAVA, measfar gur substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin iad na hearraí a rialaítear le hítimí X.A.VIII.021.c agus X.A.VIII.021.d.

    g.

    Substaintí ceimiceacha greannacha eile, agus meascáin díobh ina bhfuil 0.3 % ar a laghad den tsubstaint ghníomhach de réir meáchain, mar a leanas:

    1.

    Débheinsi[b,f][1,4]ocsasaipín (CR) (CAS 257-07-8);

    2.

    8-Meitil-N-vanillyl-tras-6-eanaimíd (capsaicin) (CAS 404-86-4);

    3.

    8-Meitil-N-vanillylnonamide (dihydrocapsaicin) (CAS 19408-84-5);

    4.

    N-Vanillyl-9-meitildec-7-(E)-aimíd (homocapsaicin) (CAS 58493-48-4);

    5.

    N-Vanillyl-9-meitildé-aimíd (homodihydrocapsaicin) (CAS 20279-06-5);

    6.

    N-Vanillyl-7-meitiolocsaimíd (nordihidreacapsaicin) (CAS 28789-35-7);

    7.

    4-Naonánólmorfóilín, (MPA) (CAS 5299-64-9);

    8.

    Cis-4-Nítridhéfheinolaimín (CAS 37794-87-9);

    9.

    N,N’-Bis(iseapróipil)dé-iméin eitiléine; nó

    10.

    N,N’-Bis (treas-búitil)dé-ímín eitiléine.

    X.A.VIII.022

    Táirgí a d’fhéadfaí a úsáid chun daoine a chur chun báis le hinstealladh marfach, mar a leanas:

    a.

    Oibreáin barbatúráite ainéistéiseacha a ghníomhaíonn go gearrthréimhseach agus go meántréimhseach lena n-áirítear, ach nach dteorannaítear chuig:

    1.

    Aimileabarbatón (CAS 57-43-2);

    2.

    Salann sóidiam aimileabarbatóin (CAS 64-43-7);

    3.

    Peantabarbatón (CAS 76-74-4);

    4.

    Salann sóidiam peantabarbatóin (CAS 57-33-0);

    5.

    Seacabarbatón (CAS 76-73-3);

    6.

    Salann sóidiam seacabarbatóin(CAS 309-43-3);

    7.

    Tiaipeantán (CAS 76-75-5); nó

    8.

    Salann sóidiam tiaipeanteáin, (CAS RN 71-73-8), dá ngairtear sóidiam tiaipeantóin freisin;

    b.

    Táirgí ina bhfuil ceann de na hoibreáin ainéistéiseacha faoi X.A.VIII.022.a.

    X.A.VIII.023

    Líontáin, ceannbhrataí, pubaill, blaincéid agus éadaí, atá saindeartha le haghaidh duaithníochta.

    X.B.VIII.001

    Trealamh próiseála sonrach, mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Teo-chealla; nó

    b.

    Boscaí lámhainní atá oiriúnach le húsáid le hábhair radaighníomhacha.

    X.C.VIII.001

    Púdair miotal agus púdair cóimhiotail, is féidir a úsáid le haghaidh aon cheann de na córais a liostaítear in X.A.VIII.005.a.

    X.C.VIII.002

    Ábhair shárfhorbartha mar a leanas:

    a.

    Ábhair le haghaidh cealtrú nó le haghaidh duaithníocht oiriúnaitheach;

    b.

    Meatábhair, e.g. ag a bhfuil comhéifeacht athraonta dhiúltach;

    c.

    Ní úsáidtear;

    d.

    Cóimhiotail ard-eantrópachta (HEA);

    e.

    Comhdhúile Heusler; nó

    f.

    Ábhair Kitaev, lena n-áirítear leachtanna guairneacha kitaevacha.

    X.C.VIII.003

    Polaiméirí comhchuingeacha (idir sheoltach, leathsheoltach agus leictrea-lonrach) le haghaidh leictreonaic phriontáilte nó orgánach.

    X.C.VIII.004

    Ábhair fuinneamhais mar a leanas agus meascáin díobh:

    a.

    Piocráit amóiniam (CAS 131-74-8);

    b.

    Púdar dubh;

    c.

    Heicsinítridéfheiniolaimín (CAS 131-73-7);

    d.

    Défhluaraimín (CAS 10405-27-3);

    e.

    Stáirse nítreach (CAS9056-38-6);

    f.

    Ní úsáidtear;

    g.

    Teitriníotranaftailéin;

    h.

    Tríníotranasól;

    i.

    Tríníotranaftailéin;

    j.

    Tríníotrocsailéin;

    k.

    N-piorólaidhéanón; 1-meitil-2-piorólaidhéanón (CAS 872-50-4);

    l.

    Dé-ochtalmaléáit (CAS 142-16-5);

    m.

    Eitilheicsiolaicrioláit (CAS 103-11-7);

    n.

    Trí-eitiolalúmanam (TEA) (CAS 97-93-8), trímheitilalúmanam (TMA) (CAS 75-24-1), agus ailcilí agus airilí miotalacha pireafóracha ó litiam, sóidiam, maignéisiam, sinc nó bórón;

    o.

    Nítriceallalós (CAS 9004-70-0);

    p.

    Nítriglicrín (nó gliocróiltríníotráit, trínítriglicrín) (NG) (CAS 55-63-0);

    q.

    2,4,6-tríníotratolúéin (TNT) (CAS 118-96-7);

    r.

    Eitiléindé-aimíndéníotráit (EDDN) (CAS 20829-66-7);

    s.

    Teitriníotráit pheinteiritríotóil (PETN) (CAS 78-11-5);

    t.

    Aisíd luaidhe (CAS 13424-46-9), gnáthstiofnáit luaidhe (CAS 15245-44-0) agus stiofnáit luaidhe bhunúsach (CAS 12403-82-6), agus pléascáin phríomhúla nó cumaisc phrímeála ina bhfuil aisídí nó coimpléisc aisíde;

    u.

    Ní úsáidtear;

    v.

    Ní úsáidtear;

    w.

    Dé-eitildéfheiniolúiré (CAS 85-98-3); Démheitildéfheiniolúiré (CAS 611-92-7); úiré mheitileitildhéfheinile.

    x.

    N,N-défheiniolúiré (défheiniolúiré neamhshiméadrach) (CAS 603-54-3);

    y.

    Meitil-N,N-défheiniolúiré (défheiniolúiré neamhshiméadrach mheitile) (CAS 13114-72-2);

    z.

    Eitil-N,N-défheiniolúiré (défheiniolúiré neamhshiméadrach eitile) (CAS 64544-71-4);

    aa.

    Ní úsáidtear;

    bb.

    4-Nítridhéfheiniolaimín (4-NDPA)(CAS 836-30-6);

    cc.

    2,2-déníotraprópánól (CAS 918-52-5); nó

    dd.

    Ní úsáidtear.

    X.D.VIII.001

    ‘Bogearraí’, atá saindeartha le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ trealaimh a shonraítear in X.A.VIII.005 go X.A.VIII.0013.

    X.D.VIII.002

    ‘Bogearraí’, atá saindeartha le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ trealaimh, ‘cóimeálacha leictreonacha’ nó comhpháirteanna a shonraítear in X.A.VIII.002.

    X.D.VIII.003

    ‘Bogearraí’ le haghaidh leathchúplaí digiteacha táirgí monaraithe shuimithigh nó chun iontaofacht táirgí monaraithe shuimithigh a chinneadh.

    X.D.VIII.004

    ‘Bogearraí’ atá saindeartha le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ tráchtearraí a rialaítear le X.A.VIII.014.

    X.D.VIII.005

    ‘Bogearraí’ sonracha, mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    ‘Bogearraí’ le haghaidh ríomhanna/samhlú neodrónach;

    b.

    ‘Bogearraí’ le haghaidh ríomhanna/samhlú iompair radaíochta; nó

    c.

    ‘Bogearraí’ le haghaidh ríomhanna/samhaltú hidridinimiciúil.

    X.E.VIII.001

    ‘Teicneolaíocht’ le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ trealaimh a shonraítear in X.A.VIII.001 go X.A.VIII.0013.

    X.E.VIII.002

    ‘Teicneolaíocht’ le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ ábhar a shonraítear in X.C.VIII.002 go X.C.VIII.003

    X.E.VIII.003

    ‘Teicneolaíocht’ le haghaidh leathchúplaí digiteacha táirgí monaraithe shuimithigh, nó chun iontaofacht táirgí monaraithe shuimithigh a chinneadh, nó le haghaidh ‘bogearraí’ a shonraítear in X.D.VIII.003.

    X.E.VIII.004

    ‘Teicneolaíocht’ le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ bogearraí a shonraítear in X.D.VIII.001 go X.D.VIII.002.

    X.E.VIII.005

    ‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ le haghaidh ‘forbairt’ nó ‘táirgeadh’ tráchtearraí a rialaítear le X.A.VIII.014.

    X.E.VIII.006

    ‘Teicneolaíocht’ chun trealamh a rialaítear le X.A.VIII.017 ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’ go heisiach.

    Catagóir IX – Ábhair Speisialta agus Trealamh Gaolmhar

    X.A.IX.001

    Oibreáin cheimiceacha, lena n-áirítear foirmliú deorgháis ina bhfuil cion 1 % nó níos lú d’ortaclóraibeansalmalónainítríl (CS), nó 1 % nó níos lú de chlóraicéitifeanón (CN), seachas i gcoimeádáin aonair ag a bhfuil glanmheáchan de 20 g nó níos lú; piobar leachtach ach amháin nuair atá sé pacáistithe i gcoimeádáin aonair ag a bhfuil glanmheáchan de 85,05 g nó níos lú; buamaí deataigh; bladhmanna deataigh neamhghreannacha, ceanastair, gránáidí agus lánáin; agus earraí piriteicniúla eile ag a bhfuil dé-úsáid mhíleata agus tráchtála, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

    X.A.IX.002

    Púdair, ruaimeanna, agus dúigh mhéarlorgaireachta.

    X.A.IX.003

    Trealamh cosanta agus braite nach bhfuil saindeartha le haghaidh úsáid mhíleata agus nach rialaítear le 1A004 ná 2B351 (20), mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear), agus comhpháirteanna nach bhfuil saindeartha le haghaidh úsáid mhíleata agus nach rialaítear le 1A004 ná 2B351 lena n-aghaidh:

    a.

    Dáileogmhéadair phearsanta chun faireachán a dhéanamh ar radaíocht; nó

    b.

    Trealamh atá teoranta de réir dearaidh nó feidhme chun cosaint a thabhairt in aghaidh guaiseacha a bhaineann go sonrach le tionscail shibhialta, amhail mianadóireacht, cairéalacht, talmhaíocht, cógaisíocht, míochaine, tréidliacht, comhshaol, bainistiú dramhaíola, nó don tionscal bia.

    Nóta : Ní rialaítear le X.A.IX.003 ítimí le haghaidh cosaint in aghaidh oibreáin cheimiceacha nó bhitheolaíocha ar earraí tomhaltais iad, atá pacáistithe lena miondíol nó chun úsáide pearsanta, nó táirgí leighis, amhail lámhainní scrúdaithe laitéise, lámhainní máinliachta laitéise, gallúnach díghalráin leachtach, cultacha máinliachta indiúscartha, gúnaí máinliachta, clúdaigh cos máinliachta, agus maisc mháinliachta.

    X.A.IX.004

    Trealamh próiseála sonrach, seachas iad siúd a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Trealamh braite, faireacháin agus tomhais radaíochta, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821; nó

    b.

    Trealamh braite radagrafaigh amhail tiontairí X-ghathanna, agus plátaí íomhánna fosfair stórála.

    X.B.IX.001

    Trealamh próiseála sonrach, seachas iad siúd a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Cealla leictrealaíocha chun fluairín a tháirgeadh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

    b.

    Luasairí cáithníní;

    c.

    Crua-earraí/córais rialaithe an phróisis thionsclaíoch atá deartha le haghaidh tionscail chumhachta, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

    d.

    Córais freon agus fuaraithe uisce fuaraithe lenar féidir dleachtanna fuaraithe leanúnacha 29.3 kW/hr nó níos mó a dhéanamh; nó

    e.

    Trealamh chun comhchodaigh struchtúracha, snáithíní, réamhthuiltí agus réamhfhoirmeacha a tháirgeadh.

    X.C.IX.001

    Comhdhúile ar leithligh atá sainithe ó thaobh ceimice de, de réir Nóta 1 a ghabhann le Caibidlí 28 agus 29 den Ainmníocht Chomhcheangailte:

    a.

    I dtiúchan de 95 % de réir meáchain nó níos mó, mar a leanas:

    1.

    Déchlóiríd eitiléine (CAS 107-06-2);

    2.

    Nítrimeatán (CAS 75-52-5);

    3.

    Aigéad picreach (CAS 88-89-1);

    4.

    Clóiríd amóiniam (CAS 7446-70-0);

    5.

    Arsanaic (CAS 7440-38-2);

    6.

    Trí-ocsaíd arsanaice (CAS 1327-53-3);

    7.

    Hidreaclóiríd bis(2-clóireitil)eitiolaimín (CAS 3590-07-6);

    8.

    Hidreaclóiríd bis(2-clóireitil)meitiolaimín (CAS 55-86-7);

    9.

    Hidreaclóiríd trios(2-clóireitil)aimín (CAS 817-09-4);

    10.

    Tríbhúitiolfoisfít (CAS 102-85-2);

    11.

    Isicianáitimeatán (CAS 624-83-9);

    12.

    Cuinaildín (CAS 91-63-4);

    13.

    2-Brómaclóireatán (CAS 107-04-0);

    14.

    Beinsíl (CAS 134-81-6);

    15.

    Éitear dé-eitile (CAS 60-29-7);

    16.

    Éitear démheitile (CAS 115-10-6);

    17.

    Démheitiolaimíneatánól (CAS 108-01-0);

    18.

    2-meatocsa-eatánól (CAS 109-86-4);

    19.

    Bútairiolcoilíneistearáis (BCHE);

    20.

    Dé-eitiléintríaimín (CAS 111-40-0);

    21.

    Déchlóraimeatán (CAS 75-09-2);

    22.

    Démheitiolanailín (CAS 121-69-7);

    23.

    Bróimíd eitile (CAS 74-96-4);

    24.

    Clóiríd eitile (CAS 75-00-3);

    25.

    Eitiolaimín (CAS 75-04-7);

    26.

    Heicsimín (CAS 100-97-0);

    27.

    Iseaprópánól (CAS 67- 63-0);

    28.

    Bróimíd iseapróipile (CAS 75-26-3);

    29.

    Éitear iseapróipile (CAS 108-20-3);

    30.

    Meitiolaimín (CAS 74-89-5);

    31.

    Bróimíd mheitile (CAS 74-83-9);

    32.

    Mona-iseapróipiolaimín (CAS 75-31-0);

    33.

    Clóiríd obadocsaíme (CAS 114-90-9);

    34.

    Bróimíd photaisiam (CAS 7758-02-3);

    35.

    Piridín (CAS 110-86-1);

    36.

    Bróimíd phiridistigmíne (CAS 101-26-8);

    37.

    Bróimíd sóidiam (CAS 7647-15-6);

    38.

    Miotal sóidiam (CAS 7440-23-5);

    39.

    Tríbhúitiolaimín (CAS 102-82-9);

    40.

    Trí-eitiolaimín (CAS 121-44-8); nó

    41.

    Trímheitiolaimín (CAS 75-50-3).

    b.

    I dtiúchan de 90 % de réir meáchain nó níos mó, mar a leanas:

    1.

    Aicéatón (CAS 67-64-1);

    2.

    Aicéitiléin (CAS 74-86-2);

    3.

    Amóinia (CAS 7664-41-7);

    4.

    Antamón (CAS 7440-36-0);

    5.

    Beansaildéad (CAS 100-52-7);

    6.

    Beansóin (CAS 119-53-9);

    7.

    1-Bútánól (CAS 71-36-3);

    8.

    2-Bútánól (CAS 78-92-2);

    9.

    Isea-bútánól (CAS 78-83-1);

    10.

    Treas-bútánól (CAS 75-65-0);

    11.

    Cairbíd chailciam (CAS 75-20-7);

    12.

    Aonocsaíd charbóin (CAS 630-08-0);

    13.

    Clóirín (CAS 7782-50-5);

    14.

    Cioglaiheicseanal (CAS 108-93-0);

    15.

    Déchioglaiheicsiolaimín (CAS 101-83-7);

    16.

    Eatánól (CAS 64-17-5);

    17.

    Eitiléin (CAS 74-85-1);

    18.

    Ocsaíd eitiléine (CAS 75-21-8);

    19.

    Fluarapaitít (CAS 1306-05-4);

    20.

    Clóiríd hidrigine (CAS 7647-01-0);

    21.

    Suilfíd hidrigine (CAS 7783-06-4);

    22.

    Aigéad almóinneach (CAS 90-64-2);

    23.

    Meatánól (CAS 67-56-1);

    24.

    Clóiríd mheitile (CAS 74-87-3);

    25.

    Iaidíd mheitile(CAS 74-88-4);

    26.

    Mearcaptan meitile (CAS 74-93-1);

    27.

    Mona-eitiléingliocól (CAS 107-21-1);

    28.

    Clóiríd ocsailile (CAS 79-37-8);

    29.

    Suilfíd photaisiam (CAS 1312-73-8);

    30.

    Tiaicianáit photaisiam (CAS 333-20-0);

    31.

    Hipeaclóirít sóidiam (CAS 7681-52-9);

    32.

    Sulfar (CAS 7704-34-9);

    33.

    Dé-ocsaíd sulfair (CAS 7446-09-5);

    34.

    Trí-ocsaíd sulfair (CAS 7446-11-9);

    35.

    Clóiríd tiafosfairile (CAS 3982-91-0);

    36.

    Foisfít trí-iseabúitile (CAS 1606-96-8);

    37.

    Fosfar bán (CAS 12185-10-3);

    38.

    Fosfar buí (CAS 7723-14-0);

    39.

    Mearcair (CAS 7439-97-6);

    40.

    Clóiríd bhairiam (CAS 10361-37-2);

    41.

    Aigéad sulfarach (CAS RN 7664-93-9);

    42.

    3,3-démheitil-1-búitéin (TNT) (CAS 558-37-2);

    43.

    2,2-démheitilphrópánól (CAS 630-19-3);

    44.

    2,2-démheitilphróipilchlóiríd (CAS 753-89-9);

    45.

    2-mheitilbhúitéin (CAS 26760-64-5);

    46.

    2-clóra-3-meitilbhúitéin (CAS 631-65-2);

    47.

    2,3-démheitil–2,3-bútáindhé-ól (CAS 76-09-5);

    48.

    2-meitil-2-búitéin (CAS 513-35-9);

    49.

    Litiam búitile (CAS 109-72-8);

    50.

    Maignéisiam bróimíde(meitile) (CAS 75-16-1);

    51.

    Formaildéad (CAS 50-00-0);

    52.

    Dé-eateanólaimín (CAS 111-42-2);

    53.

    Démheitilcharbónáit (CAS 616-38-6);

    54.

    Hidreaclóiríd meitildé-eatánólaimín (CAS 54060-15-0);

    55.

    Hidreaclóiríd démheitiolaimín (CAS 660-68-4);

    56.

    Hidreaclóiríd dé-iseapróipilimín (CAS 819-79-4);

    57.

    Hidreaclóiríd 3-cuinúiclídeanóin (CAS 1193-65-3);

    58.

    Hidreaclóiríd 3-cuinúiclídeanóil (CAS 6238-13-7);

    59.

    Hidreaclóiríd (R)-3-cuinúiclídeanóil (CAS 42437-96-7);

    60.

    Hidreaclóiríd N,N-dé-eitiolaimíneatánóil (CAS 14426-20-1);

    61.

    Clórafosfáití dé-ailcile (≤C10);

    62.

    Fluarafosfáití dé-ailcile (≤C10);

    63.

    N,N-Meitiliseapróipiolaicéataimidín (CAS 1339185-57-7);

    64.

    N,N-Meitileitiolaicéataimidín (CAS 1339632-40-4);

    65.

    N,N-Eitiliseapróipiolaicéataimidín (CAS 1339156-10-3);

    66.

    N,N-Meitiolpróipiolaicéataimidín (CAS 1344238-28-3);

    67.

    N,N-Eitiolpróipiolaicéataimidín (CAS 1339737-43-7);

    68.

    N,N-Iseapróipiolpróipiolaicéataimidín (CAS 1341389-98-7);

    69.

    N,N-Meitileitiolprópánaimidín (CAS 1339424-26-8);

    70.

    N,N-Eitiliseapróipiolprópánaimidín (CAS 1344354-09-1);

    71.

    N,N-Meitiolpróipiolprópánaimidín (CAS 1340216-25-2);

    72.

    N,N-Eitiolpróipiolprópánaimidín (CAS 1341493-60-4);

    73.

    N,N-Iseapróipiolpróipiolprópánaimidín (CAS 1343225-93-3);

    74.

    N,N-Meitioliseapróipiolprópánaimidín (CAS 1339042-55-5);

    75.

    N,N-Meitileitiolbútánaimidín (CAS 1341049-51-1);

    76.

    N,N-Meitiolpróipiolbútánaimidín (CAS 1343721-02-7);

    77.

    N,N-Eitiolpróipiolbútánaimidín (CAS 1343806-12-1);

    78.

    N,N-Iseapróipiolpróipiolbútánaimidín (CAS 1343316-02-8);

    79.

    N,N-Meitioliseapróipiolbútánaimidín (CAS 1340219-94-4);

    80.

    N,N-Eitioliseapróipiolbútánaimidín (CAS 1342204-10-7);

    81.

    N,N-Meitileitiliseabútánaimidín (CAS 1342365-47-2);

    82.

    N,N-Eitiolpróipiliseabútánaimidín (CAS 1342566-58-8);

    83.

    N,N-Meitiolpróipiliseabútánaimidín (CAS 1342270-21-6);

    84.

    N,N-Iseapróipiolpróipiliseabútánaimidín (CAS 1342156-11-9);

    85.

    N,N-Meitiliseapróipiliseabútánaimidín (CAS 1341992-96-8);

    86.

    N,N-Eitiliseapróipiliseabútánaimidín (CAS 1339048-76-8);

    87.

    Hidreabróimíd N,N-démheitiolaicéataimidín (CAS 1801188-12-4);

    88.

    Hidreaclóiríd N,N-démheitiolaicéataimidín (CAS 2909-15-1);

    89.

    Hidreaclóiríd N,N-dé-eitiolaicéataimidín (CAS 91400-32-7);

    90.

    Hidreabróimíd N,N-dé-eitiolaicéataimidín (CAS 78053-54-0);

    91.

    Déhidreaclóiríd N,N-démheitiolprópánaimidín (CAS 79972-73-9); nó

    92.

    Hidreaclóiríd N,N-démheitiolprópánaimidín (CAS 56776-15-9).

    X.C.IX.002

    Feantáinil agus a cuid díorthach Ailfeantáinil, Sufantainil, Reimifeantáinil, Cairfeantáinil, agus a gcuid salann.

    Nóta : Ní rialaítear le X.C.IX.002 táirgí a aithnítear mar earraí tomhaltais atá pacáistithe lena miondíol chun úsáide pearsanta nó atá pacáistithe chun úsáid an duine aonair.

    X.C.IX.003

    Réamhtheachtaithe ceimiceacha de chuid ceimiceáin a ghníomhaíonn ar lárchóras na néaróg, mar a leanas:

    a.

    4-Anailín-N-feineitilpipiridín (CAS 21409-26-7); nó

    b.

    N-Feineitil-4-pipiriodón (CAS 39742-60-4).

    Nótaí:

    1.

    Ní rialaítear le X.C.IX.003 ‘meascáin cheimiceacha’ ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na ceimiceáin atá sonraithe in iontrálacha X.C.IX.003 nach mó ná 1 % de réir mheáchan an mheascáin aon cheimiceán ar leith atá sonraithe.

    2.

    Ní rialaítear le X.C.IX.003 táirgí a aithnítear mar earraí tomhaltais atá pacáistithe lena miondíol chun úsáide pearsanta nó atá pacáistithe chun úsáid an duine aonair.

    X.C.IX.004

    Ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha, nach rialaítear le 1C010 ná 1C210 (21), le haghaidh úsáid i struchtúir ‘chomhchodacha’ agus ag a bhfuil modal sonrach de 3.18 x 106 m nó níos mó agus ag a bhfuil neart teanntachta sonrach de 7.62 x 104 m nó níos mó.

    X.C.IX.005

    ‘Vacsaíní’, ‘imdhíon-tocsainí’, ‘táirgí leighis’, ‘fearais dhiagnóiseacha agus tástála bia’, mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    ‘Vacsaíní’ ina bhfuil ítimí a rialaítear le 1C351, 1C353 nó 1C354 nó atá deartha lena n-úsáid in aghaidh ítimí a rialaítear le 1C351, 1C353 nó 1C354;

    b.

    ‘Imdhíon-tocsainí’ ina bhfuil ítimí a rialaítear le 1C351.d; nó

    c.

    ‘Táirgí leighis’ ina bhfuil aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    ‘Tocsainí’ a rialaítear le 1C351.d (seachas tocsainí botalanaim a rialaítear le 1C351.d.1, conatocsainí a rialaítear le 1C351.d.3, nó ítimí a rialaítear le haghaidh cúiseanna cogaíochta ceimiceacha faoi 1C351.d.4 nó.d.5); nó

    2.

    Orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó dúile géiniteacha a rialaítear le 1C353.a.3 (seachas iad siúd ina bhfuil tocsainí botalanaim nó ina bhfuil cód le haghaidh tocsainí botalanaim a rialaítear le 1C351.d.1 nó conatocsainí a rialaítear le 1C351.d.3);

    d.

    ‘Táirgí leighis’ nach rialaítear le X.C.IX.005.c ina bhfuil aon cheann díobh seo a leanas:

    1.

    Tocsainí botalanaim a rialaítear le 1C351.d.1;

    2.

    Conatocsainí a rialaítear le 1C351.d.3; nó

    3.

    Orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó dúile géiniteacha a rialaítear le 1C353.a.3 ina bhfuil tocsainí botalanaim nó ina bhfuil cód le haghaidh tocsainí botalanaim a rialaítear le 1C351.d.1 nó conatocsainí a rialaítear le 1C351.d.3; nó

    e.

    ‘Feistis dhiagnóiseacha agus tástála bia’ ina bhfuil ítimí a rialaítear le 1C351.d (seachas ítimí a rialaítear le haghaidh cúiseanna cogaíochta ceimiceacha faoi 1C351.d.4 nó.d.5).

    Nótaí Teicniúla:

    1.

    Is éard is ‘táirgí leighis’ ann: (1) foirmlithe cógaisíochta atá deartha le haghaidh tástáil agus riar daoine (nó tréidliachta) i gcóireáil fadhbanna sláinte, (2) réamhphacáistithe lena ndáileadh mar tháirgí cliniciúla nó leighis, agus (3) arna bhformheas ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) lena gcur ar an margadh mar tháirgí cliniciúla nó leighis nó lena n-úsáid mar thaighde ar dhrugaí nua.

    2.

    Déantar ‘fearais dhiagnóiseacha agus tástála bia’ a fhorbairt, a phacáistiú agus a mhargú go sonrach chun críocha diagnóiseacha nó sláinte poiblí. Tocsainí bitheolaíocha in aon chumraíocht eile, lena n-áirítear bulc-lastais, nó le haghaidh úsáidí deiridh eile, rialaítear iad le 1C351.

    X.C.IX.006

    Lánáin agus gairis tráchtála ina bhfuil ábhair fuinneamhachais, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, agus trífhluairíd nítrigine i staid ghásach (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Lánáin mhúnlaithe atá saindeartha le haghaidh oibríochtaí toibreacha ola, trí úsáid a bhaint as lánán amháin a fheidhmíonn ar feadh ais aonair, a tháirgeann poll tráth an mhadhmtha, agus

    1.

    Ina bhfuil aon fhoirmliú de ‘ábhair rialaithe’;

    2.

    Nach bhfuil ach líneáil chónúil ar chruth aonfhoirmeach acu, ina bhfuil uillinn eatarthu de 90 céim nó níos lú;

    3.

    Ina bhfuil níos mó ná 0,010 kg, ach níos lú ná nó cothrom le 0,090 kg de ‘ábhair rialaithe’; agus

    4.

    Ina bhfuil trastomhas nach mó ná 114,3 cm;

    b.

    Lánáin mhúnlaithe atá saindeartha le haghaidh oibríochtaí toibreacha ola ina bhfuil níos lú ná nó cothrom le 0,010 kg de ‘ábhair rialaithe’;

    c.

    Corda madhmtha nó feadáin turrainge ina bhfuil níos lú ná nó cothrom le 0,064 kg/m de ‘ábhair rialaithe’;

    d.

    Gairis cumhachta cartúis ina bhfuil níos lú ná nó cothrom le 0,70 kg de ‘ábhair rialaithe’ san ábhar grodloiscthe;

    e.

    Maidhmitheoirí (leictreacha nó neamhleictreacha) agus cóimeálacha díobh, ina bhfuil níos lú ná nó cothrom le 0,01 kg de ‘ábhair rialaithe’;

    f.

    Adhainteoirí, ina bhfuil níos lú ná nó cothrom le 0,01 kg de ‘ábhair rialaithe’;

    g.

    Cartúis toibreacha ola, ina bhfuil níos lú ná nó cothrom le 0,015 kg de ‘ábhair fuinneamhachais’ rialaithe;

    h.

    Treiseoirí teilgthe tráchtála nó brúite ina bhfuil níos lú ná nó cothrom le 1.0 kg de ‘ábhair rialaithe’;

    i.

    Sciodair agus eibleachtaí réamhdhéanta tráchtála ina bhfuil níos lú ná nó cothrom le 10,0 kg agus níos lú ná nó cothrom le 35 % de réir meáchain de ‘ábhair rialaithe’ ML8;

    j.

    Gearrthóirí agus uirlisí gearrtha ina bhfuil níos lú ná nó cothrom le 3,5 kg de ‘ábhair rialaithe’;

    k.

    Gairis phiriteicniúla nuair atá siad deartha go heisiach chun críoch tráchtála (e.g. stáitsí amharclainne, éifeachtaí speisialta léirithe scannán, agus taispeántais tinte ealaíne) agus ina bhfuil níos lú ná nó cothrom le 3,0 kg de ‘ábhair rialaithe’;

    l.

    Gairis agus lánáin phléascacha tráchtála eile nach rialaítear le X.C.IX.006.a go X.C.IX.006.k ina bhfuil níos lú ná nó cothrom le 1,0 kg de ‘ábhair rialaithe’; nó

    Nóta : Áirítear le X.C.IX.006.l gairis sábháilteachta mótarfheithiclí; córais mhúchta; cartúis le haghaidh gunnaí seamaithe; muirir phléascacha le haghaidh oibríochtaí talmhaíochta, ola agus gáis, earraí spóirt, mianadóireacht tráchtála, nó chun críocha oibreacha poiblí; agus feadáin mhoille a úsáidtear i gcóimeáil feistí pléascacha tráchtála.

    m.

    Trífhluairíd nítrigine (NF3) i staid ghásach.

    Nótaí:

    1.

    Ciallaíonn ‘ábhair rialaithe’ ábhair fuinneamhachais rialaithe (féach 1C011, 1C111, 1C239 nó ML8).

    2.

    Rialaítear trífhluairíd nítrigine, nuair nach bhfuil sí i staid ghásach, faoi ML8.d ag an LCM.

    X.C.IX.007

    Meascáin nach rialaítear le 1C350 nó 1C450 (22) ina bhfuil ceimiceáin a rialaítear le 1C350 nó 1C450 agus fearais leighis, anailíseacha, dhiagnóiseacha agus tástála bia nach rialaítear le 1C350 nó 1C450 ina bhfuil ceimiceáin a rialaítear le 1C350, mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Meascáin ina bhfuil na tiúchain seo a leanas de cheimiceáin réamhtheachtacha a rialaítear le 1C350:

    1.

    Meascáin ina bhfuil 10 % nó níos lú, de réir meáchain, d’aon cheimiceán aonair i Sceideal 2 de CWC a rialaítear le 1C350;

    2.

    Meascáin ina bhfuil níos lú ná 30 %, de réir meáchain, díobh seo a leanas:

    a.

    Aon cheimiceán aonair i Sceideal 3 de CWC a rialaítear le 1C350; nó

    b.

    Aon cheimiceán réamhtheachtach aonair, nach ceimiceach CWC é, a rialaítear le 1C350;

    b.

    Meascáin ina bhfuil na tiúchain seo a leanas de cheimiceáin thocsaineacha nó réamhtheachtacha a rialaítear le 1C450:

    1.

    Meascáin ina bhfuil na tiúchain seo a leanas de cheimiceáin i Sceideal 2 de CWC a rialaítear le 1C450:

    a.

    Meascáin ina bhfuil 1 % nó níos lú, de réir meáchain, d’aon cheimiceán aonair i Sceideal 2 de CWC a rialaítear le 1C450.a.1 agus a.2 (i.e. meascáin ina bhfuil Amiton nó PFIB); nó

    b.

    Meascáin ina bhfuil 10 % nó níos lú, de réir meáchain, d’aon cheimiceán aonair i Sceideal 2 de CWC a rialaítear le 1C450.b.1, b.2, b.3, b.4, b.5, nó b.6;

    2.

    Meascáin ina bhfuil níos lú ná 30 %, de réir meáchain, d’aon cheimiceán aonair i Sceideal 3 de CWC a rialaítear le 1C450.a.4, a.5., a.6., a.7, nó 1C450.b.8;

    c.

    ‘Feistis leighis, anailíseacha, dhiagnóiseacha agus tástála bia’ ina bhfuil ceimiceáin réamhtheachtacha a rialaítear le 1C350 i méid nach mó ná 300 gram in aghaidh an cheimiceáin.

    Nóta Teicniúil:

    Chun críche na hiontrála seo, is éard is ‘fearais leighis, anailíseacha, diagnóiseacha agus tástála bia’ ann ábhair réamhphacáistithe de chomhdhéanamh sainithe a fhorbraítear, a phacáistítear agus a mhargaítear go sonrach chun críocha leighis, anailíseacha, diagnóiseacha nó sláinte poiblí. Maidir le himoibreáin athsholáthair le haghaidh na bhfearas leighis, anailíseach, diagnóiseach agus tástála bia a dtugtar tuairisc orthu in X.C.IX.007.c, rialaítear iad le 1C350 má tá ar a laghad ceann amháin de na ceimiceáin réamhtheachtacha a shainaithnítear san iontráil sin i dtiúchain arb ionann iad agus na leibhéil rialaithe do mheascáin a shonraítear in 1C350 nó ar mó iad ná sin.

    X.C.IX.008

    Substaintí polaiméireacha neamhfhluairínithe, nach rialaítear le 1C008 (23), mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Céatóin éitir pholairléineacha, mar a leanas:

    1.

    Céatón éitir poiléitir (PEEK);

    2.

    Céatón céatóin poiléitir (PEKK);

    3.

    Céatón poiléitir (PEK); nó

    4.

    Céatón céatóin éitir céatóin poiléitir (PEKEKK);

    b.

    Ní úsáidtear.

    X.C.IX.009

    Ábhair shonracha, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Cruach chruaite agus imthacaí gránacha beachtais cairbíde tungstain (trastomhas de 3 mm nó níos mó);

    b.

    Pláta cruach dosmálta 304 agus 316, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

    c.

    Pláta Monal;

    d.

    Fosfáit tríbhúitile (CAS 126-73-8);

    e.

    Aigéad nítreach (CAS 7697-37-2) i dtiúchain de 20 % de réir meáchain nó níos mó;

    f.

    Fluairín (CAS 7782-41-4); nó

    g.

    Radanúiclídí alfa-astaitheacha, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

    X.C.IX.010

    Polaimídí aramatacha (araimíd) nach rialaítear le 1C010, 1C210 nó X.C.IX.004, a chuirtear i láthair in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Foirmeacha príomhúla;

    b.

    Snáth filiméid nó aonfhiliméid;

    c.

    Barraigh filiméid;

    d.

    Caisirníní;

    e.

    Snáithíní stáplacha nó mionghearrtha;

    f.

    Fabraicí;

    g.

    Laíon nó flocais.

    X.C.IX.011

    Nana-ábhair mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Nana-ábhair leathsheoltóra;

    b.

    Nana-ábhair chomhchodacha-bhunaithe; nó

    c.

    Aon cheann de na nana-ábhair charbónbhunaithe seo a leanas:

    1.

    Nanafheadáin charbóin;

    2.

    Nanashnáithíní carbóin;

    3.

    Fullairéiní;

    4.

    Graiféiní; nó

    5.

    Oinniúin charbóin.

    Nótaí : Chun críoch X.C.IX.011, ciallaíonn nana-ábhar ábhar a chomhlíonann ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:

    1.

    Tá sé comhdhéanta de cháithníní ag a bhfuil toise seachtrach amháin nó níos mó sa raon méide 1 - 100 nm le haghaidh níos mó ná 1 % dá líon méid-dáileacháin;

    2.

    tá struchtúir inmheánacha nó dromchla aige ag a bhfuil toise amháin nó níos mó sa raon méide 1 - 100 nm; nó

    3.

    tá achar dromchla sonrach aige, de réir toirte, atá níos mó ná 60 m2/cm3, seachas ábhair atá comhdhéanta de cháithníní ag a bhfuil méid ar lú í ná 1 nm.

    X.C.IX.012

    Miotail agus comhdhúil tearc-chré, bídís i bhfoirm orgánach nó ná bíodh, lena n-áirítear meascáin, bídís idirmheasctha nó idir-chóimhiotalaithe nó ná bídís.

    Nóta 1 : Áirítear ar mhiotail agus comhdhúil tearc-chré Scaindiam, Itriam, Lantanam, Ceiriam, Praiséidimiam, Neoidimiam, Próiméitiam, Samairiam, Eoraipiam, Gadailiniam, Teirbiam, Diospróisiam, Hoilmiam, Eirbiam, Túiliam, Itéirbiam agus Lúitéitiam.

    Nóta 2 : Chun críoch rialú X.C.IX.012, eisiatar mianraí ina bhfuil miotail tearc-chré.

    Nóta 3 : Le X.C.IX.012 ní rialaítear meascáin nach bhfuil aon mhiotal nó aon chomhdhúil aonair a shonraítear san iontráil sin ina chion níos mó ná 5 % de réir mheáchan an mheascáin.

    X.C.IX.013

    Tungstan, cairbíd tungstain agus cóimhiotail, nach rialaítear le 1C117 ná 1C226 (24), a bhfuil níos mó ná 90 % tungstain de réir meáchain iontu.

    Nóta 1 : Chun críoch rialú X.C.IX.013, eisiatar sreang.

    Nóta 2 : Chun críoch rialú X.C.IX.013, eisiatar ionstraimí máinlíochta nó leighis.

    X.C.IX.014

    Litiam agus comhdhúile litiam, mar a leanas:

    a.

    Litiam (CAS 7439-93-2);

    b.

    Carbónáit litiam (CAS 554-13-2);

    c.

    Hiodrocsaíd litiam (CAS 1310-65-2 agus CAS 1310-66-3);

    d.

    Ocsaíd litiam (CAS 12057-24-8);

    e.

    Ocsaíd chóbailt litiam (CAS 12190-79-3);

    f.

    Fosfáit iarainn litiam (CAS 15365-14-7);

    g.

    Ocsaíd mhangainéise litiam (CAS 12057-17-9);

    h.

    Ocsaíd chóbailt mhangainéise nicile litiam (CAS 346417-97-8); nó

    i.

    Tíonánáit litiam (CAS 12031-82-2).

    X.C.IX.015

    Poileitiléin Meáchain Mhóilínigh Ultra-Aird (UHMWPE), nach rialaítear le 1C010 nó 1C210 (25), a chuirtear i láthair in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

    a.

    Foirmeacha príomhúla;

    b.

    Snáth filiméid nó aonfhiliméid;

    c.

    Barraigh filiméid;

    d.

    Caisirníní;

    e.

    Snáithíní stáplacha nó mionghearrtha;

    f.

    Fabraicí;

    g.

    Laíon nó flocais.

    X.D.IX.001

    ‘Bogearraí’ sonracha, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    ‘Bogearraí’ atá saindeartha le haghaidh chrua-earraí/chórais rialaithe an phróisis thionsclaíoch a rialaítear le X.B.IX.001, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821; nó

    b.

    ‘Bogearraí’ atá saindeartha le haghaidh trealamh chun comhchodaigh struchtúracha, snáithíní, réamhthuiltí agus réamhfhoirmeacha a rialaítear le X.B.IX.001 a tháirgeadh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

    X.E.IX.001

    ‘Teicneolaíocht’ chun ábhair shnáithíneacha agus fhiliméadacha a rialaítear le X.C.IX.004 agus X.C.IX.010 ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.

    X.E.IX.002

    ‘Teicneolaíocht’ chun nana-ábhair a rialaítear le X.C.IX.011 ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.

    Catagóir X – Próiseáil Ábhar

    X.A.X.001

    Trealamh braite pléascán nó maidhmitheoirí, bunaithe ar bhulc agus ar rian araon, ina bhfuil gaireas uathoibrithe, nó teaglaim de ghairis le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe chun a bhrath an bhfuil cineálacha éagsúla pléascán, iarmhar pléascach nó maidhmitheoirí ann; agus comhpháirteanna, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821:

    a.

    Trealamh braite pléascán le haghaidh ‘cinnteoireacht uathoibrithe’ chun bulcphléascáin a bhrath agus a shainaithint trí úsáid a bhaint as teicnící X-gha (e.g. tomagrafaíocht ríofa, fuinneamh déach, nó scaipeadh comhleanúnach), teicnící núicléacha (e.g., anailís ar neodrón teirmeach, anailís ar mearneodrón bíge, speictreascópacht tarchurtha mearneodróin bíge, agus ionsú athshondais gáma), nó teicnící leictreamaighnéadacha (e.g. athshondas ceathairpholach agus tréleictriméadracht), ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin;

    b.

    Ní úsáidtear;

    c.

    Trealamh braite maidhmitheoirí le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe chun gairis tionscanta a bhrath agus a shainaithint (e.g. maidhmitheoirí, caipíní pléasctha) trí úsáid a bhaint as teicnící X-gha (e.g. fuinneamh déach nó tomagrafaíocht ríofa) nó as teicnící leictreamaighnéadacha, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin.

    Nóta : Áirítear le trealamh braite pléascán nó madhmtha in X.A.X.001 trealamh chun daoine, doiciméid, bagáiste, earraí pearsanta eile, lasta agus/nó post a scagadh.

    Nótaí Teicniúla:

    1.

    ‘Is éard atá i gceist le cinnteoireacht uathoibrithe cumas an trealaimh pléascáin nó maidhmitheoirí a bhrath ar leibhéal íogaireachta an deartha nó an oibreora atá roghnaithe agus aláram uathoibrithe a sholáthar nuair a bhraitear pléascáin nó maidhmitheoirí ag an leibhéal íogaireachta nó os a chionn.

    2.

    Ní rialaítear leis an iontráil seo trealamh atá ag brath ar léirmhíniú an oibreora ar tháscairí amhail mapáil datha neamhorgánach/orgánach na n-ítimí atá á scanadh.

    3.

    Áirítear le pléascáin agus maidhmitheoirí lánáin agus gairis tráchtála a rialaítear le X.C.VIII.004 agus X.C.IX.006 agus ábhair fuinneamhachais a rialaítear le 1C011, 1C111 agus 1C239 (26).

    X.A.X.002

    Trealamh braite nithe ceilte a oibríonn sa raon minicíochta ó 30 GHz go 3 000 GHz agus ag a bhfuil taifeach spásúil de 0,1 mrad (millearaidian) suas le 1 mrad (millearaidian) agus an taifeach sin san áireamh, ag achar scóipe de 100 m; agus comhpháirteanna, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

    Nóta : Áirítear le trealamh braite nithe ceilte trealamh chun daoine, doiciméid, bagáiste, earraí pearsanta eile, lasta agus/nó post a scagadh, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin.

    Nóta Teicniúil:

    Is éard atá i gceist le raon na minicíochtaí an raon a mheastar de ghnáth mar na réigiúin minicíochtaí toinne milliméadair, toinne fo-mhilliméadair agus teiriheirts.

    X.A.X.003

    Imthacaí agus córais imthacaí nach rialaítear le 2A001 (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Imthacaí gránacha nó imthacaí gránacha soladacha, ag a bhfuil lamháltais atá sonraithe ag an monaróir i gcomhréir le ABEC 7, ABEC 7P, nó ABEC 7T nó Aicme 4 de Chaighdeán ISO nó níos fearr (nó a gcoibhéisí) agus ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas;

    1.

    Monaraítear iad lena n-úsáid ag teochtaí oibriúcháin atá os cionn 573 K (300° C) trí ábhair speisialta a úsáid nó trí theaschóireáil speisialta; nó

    2.

    Tá eilimintí bealaithe nó modhnuithe comhpháirteanna acu atá saindeartha, de réir shonraíochtaí an mhonaróra, chun go mbeidh na himthacaí in ann oibriú ag luasanna ar mó iad ná 2.3 milliún ‘DN’;

    b.

    Imthacaí rollacha barrchaolaithe soladacha, ag a bhfuil lamháltais atá sonraithe ag an monaróir i gcomhréir le hAicme 00 (orlach) nó Aicme A (méadrach) ANSI/AFBMA nó níos fearr (nó a gcoibhéisí) agus ag a bhfuil ceachtar de na saintréithe seo a leanas:

    1.

    Tá eilimintí bealaithe nó modhnuithe comhpháirteanna acu atá saindeartha, de réir shonraíochtaí an mhonaróra, chun go mbeidh na himthacaí in ann oibriú ag luasanna ar mó iad ná 2.3 milliún ‘DN’; nó

    2.

    Monaraítear iad lena n-úsáid ag teochtaí oibriúcháin faoi bhun 219 K (-54° C) nó os cionn 423 K (150° C);

    c.

    Imthaca scragaill gásbhealaithe a mhonaraítear lena n-úsáid ag teochtaí oibriúcháin de 561 K (288 °C) nó níos airde agus ag a bhfuil acmhainn aonadlasta ar mó í ná 1 MPa;

    d.

    Córais imthacaí mhaighnéadacha ghníomhacha;

    e.

    Imthacaí féinailínithe fabraiclíneáilte nó imthacaí sleamhnáin siurnail fabraiclíneáilte a mhonaraítear lena n-úsáid ag teochtaí oibriúcháin faoi bhun 219 K (-54° C) nó os cionn 423 K (150° C).

    Nótaí Teicniúla:

    1.

    Is toradh é ‘DN’ ar thrastomhas cró an imthaca in mm agus ar threoluas rothlach an imthaca in rpm.

    2.

    Áirítear le teochtaí oibriúcháin na teochtaí sin a fhaightear nuair a stopann inneall gástuirbín tar éis oibriú.

    X.A.X.004

    Píobánra, feistis agus comhlaí atá déanta as cóimhiotal copair-nicile dosmálta nó as cruach cóimhiotail eile, nó líneáilte leo, ina bhfuil 10 % nó níos mó de nicil agus/nó de chróimiam:

    a.

    Brúfheadán, píopa agus feistis ag a bhfuil trastomhas inmheánach arb ionann é agus 200 mm nó ar mó é ná sin, agus atá oiriúnach chun oibriú ag brúnna de 3.4 MPa nó níos mó;

    b.

    Comhlaí píopa ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas nach rialaítear le 2B350.g (27):

    1.

    Tá cónasc píopamhéide acu ag a bhfuil trastomhas inmheánach arb ionann é agus 200 mm nó ar mó é ná sin; agus

    2.

    Tá siad rátaithe ag 10.3 MPa nó níos mó.

    Nótaí:

    1.

    Féach X.D.X.005 le haghaidh ‘bogearraí’ le haghaidh ítimí a rialaítear faoin iontráil seo.

    2.

    Féach 2E001 (‘forbairt’), 2E002 (‘táirgeadh’), agus X.E.X.003 (‘úsáid’) le haghaidh teicneolaíocht le haghaidh ítimí a rialaítear faoin iontráil seo.

    3.

    Féach rialuithe gaolmhara 2A226, 2B350 agus X.B.X.010.

    X.A.X.005

    Caidéil atá deartha chun miotail leáite a bhogadh le fórsaí leictreamaighnéadacha.

    Nótaí:

    1.

    Féach X.D.X.005 le haghaidh ‘bogearraí’ le haghaidh ítimí a rialaítear faoin iontráil seo.

    2.

    Féach 2E001 (‘forbairt’), 2E002 (‘táirgeadh’), agus X.E.X.003 (‘úsáid’) le haghaidh teicneolaíocht le haghaidh ítimí a rialaítear faoin iontráil seo.

    3.

    Caidéil lena n-úsáid in imoibreoirí leachtmhiotail fuaraithe, rialaitear iad le 0A001.

    X.A.X.006

    ‘Gineadóirí leictreacha iniompartha’ agus comhpháirteanna atá saindeartha.

    Nóta Teicniúil:

    ‘Gineadóirí leictreacha iniompartha’ – Tá na gineadóirí atá in X.A.X.006 iniompartha – 2 268 kg nó níos lú ar rothaí nó inaistrithe i dtrucail 2,5 tona gan ceanglas socraithe speisialta.

    X.A.X.007

    Trealamh próiseála sonrach, seachas iad siúd a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Comhlaí séalaithe boilg;

    b.

    Ní úsáidtear.

    X.B.X.001

    ‘Imoibreoirí sreafa leanúnaigh’ agus a ‘gcomhpháirteanna modúlacha’.

    Nótaí Teicniúla:

    1.

    Chun críocha X.B.X.001, is éard atá in ‘imoibreoirí sreafa leanúnaigh’ córais mhearshuiteála ina mbíonn imoibreáin á gcur isteach san imoibreoir go leanúnach agus bailítear an táirge a bhíonn mar thoradh air sin ag an asraon.

    2.

    Chun críocha X.B.X.001, is éard atá i ‘gcomhpháirteanna modúlacha’ modúil sreabhacha, caidéil leachta, comhlaí, modúil túir phacáilte, modúil mheasctha, brúthomhaiseoirí, deighilteoirí leachta-leachta, etc.

    X.B.X.002

    Cóimeálaithe agus sintéiseoirí aigéid núicléasaigh nach rialaítear le 2B352.i, atá uathoibrithe go páirteach nó go hiomlán, agus atá deartha chun aigéid núicléasacha ar mó iad ná 50 bun a ghiniúint.

    X.B.X.003

    Sintéiseoirí peiptíde uathoibrithe atá ábalta oibriú faoi dhálaí atmaisféir rialaithe.

    X.B.X.004

    Aonaid rialaithe uimhriúil le haghaidh meaisín-uirlisí agus meaisín-uirlisí ‘a rialaítear go huimhriúil’, cé is moite díobh siúd a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821 (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Aonaid ‘rialaithe uimhriúil’ do mheaisín-uirlisí:

    1.

    Ceithre ais idirshuíomhacha ar féidir iad a chomhordú go comhuaineach don rialú comhrianaithe; nó

    2.

    Tá dhá cheann nó níos mó d’aiseanna idirshuíomhacha acu ar féidir iad a chomhordú go comhuaineach don rialú comhrianaithe agus tá incrimint íosta in-ríomhchláraithe acu ar fearr (ar lú) í ná 0,001 mm;

    3.

    Aonaid ‘rialaithe uimhriúil’ le haghaidh meaisín-uirlisí ag a bhfuil dhá ais, trí ais nó ceithre ais idirshuíomhacha ar féidir iad a chomhordú go comhuaineach don rialú comhrianaithe, agus iad in ann sonraí dearaidh ríomhchuidithe (DRC) a fháil go díreach (ar líne) agus a phróiseáil le haghaidh treoracha meaisín a ullmhú go hinmheánach; nó

    b.

    Cláir rialaithe gluaisne atá saindeartha do mheaisín-uirlisí agus ar fíor ina leith aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

    1.

    Idirshuíomh i níos mó ná ceithre ais;

    2.

    An cumas próiseáil fíor-ama a dhéanamh ar shonraí chun conair na huirlise, an ráta fothaithe agus sonraí fearsaidí a mhodhnú, le linn na hoibríochta meaisínithe, trí aon cheann díobh seo a leanas:

    a.

    Ríomh agus modhnú uathoibríoch sonraí páirtchláir le haghaidh meaisínithe in dhá cheann nó níos mó d’aiseanna trí bhíthin timthriallta tomhais agus rochtain ar shonraí foinseacha; nó

    b.

    Rialú oiriúnaitheach ag a bhfuil níos mó ná athróg fhisiceach amháin arna tomhas agus arna próiseáil le samhail ríomhaireachta (straitéis) chun ceann amháin nó níos mó de na treoracha meaisínithe a athrú chun an próiseas a bharrfheabhsú; nó

    3.

    An cumas sonraí DRC a fháil agus a phróiseáil chun treoracha meaisín a ullmhú go hinmheánach;

    c.

    Meaisín-uirlisí ‘rialaithe uimhriúil’ ar féidir iad a fheistiú, de réir shonraíochtaí teicniúla an mhonaróra, le gairis leictreonacha chun comhrianú comhuaineach a rialú in dhá cheann nó níos mó d’aiseanna agus a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:

    1.

    Dhá cheann d’aiseanna nó níos mó ná sin ar féidir iad a chomhordú go comhuaineach don rialú comhrianaithe; agus

    2.

    Cruinnis aimsithe suímh de réir ISO 230/2 (2006), agus gach cúiteamh ar fáil:

    a.

    Níos fearr ná 15 μm ar feadh aon ais líneach (suí ar an iomlán) le haghaidh meaisíní meilte;

    b.

    Níos fearr ná 15 μm ar feadh aon ais líneach (suí ar an iomlán) le haghaidh meaisíní muilleála; nó

    c.

    Níos fearr ná 15 μm ar feadh aon ais líneach (suí ar an iomlán) le haghaidh meaisíní deilte; nó

    d.

    Meaisín-uirlisí, mar a leanas, chun miotail, ceirmigh nó comhchodaigh a bhaint nó a ghearradh, ar féidir, de réir shonraíochtaí teicniúla an mhonaróra, gairis leictreonacha a fheistiú orthu le haghaidh comhrianú comhuaineach a rialú in dhá cheann nó níos mó d’aiseanna:

    1.

    Meaisín-uirlisí deilte, meilte, muilleála nó aon chomhcheangal díobh sin, a bhfuil dhá cheann nó níos mó d’aiseanna acu ar féidir iad a chomhordú go comhuaineach chun comhrianú a rialú agus ar fíor ina leith aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

    a.

    ‘Fearsaid claoine’ amháin nó níos mó ná sin;

    Nóta : Ní bhaineann X.B.X.004.d.1.a. ach le meaisín-uirlisí le haghaidh meilte nó muilleála amháin.

    b.

    ‘Ceamáil’ (díláithriú aise) in aon rothlú amháin den fhearsaid ar lú (níos fearr) é ná léamh táscaire iomlán (TIR) 0,0006 mm;

    Nóta : Ní bhaineann X.B.X.004.d.1.b. ach le meaisín-uirlisí le haghaidh deilte amháin.

    c.

    ‘Díláithriú gathach’ in aon rothlú amháin den fhearsaid ar lú (níos fearr) é ná léamh táscaire iomlán (TIR) 0,0006 mm; nó

    d.

    Tá na ‘cruinnis aimsithe suímh’, agus gach cúiteamh atá ar fáil, níos lú (níos fearr) ná: 0,001° ar aon ais rothlach;

    2.

    Meaisíní díluchtaithe leictreacha (EDM) den chineál fotha sreinge a bhfuil cúig ais nó níos mó acu ar féidir iad a chomhordú go comhuaineach le haghaidh rialú comhrianaithe.

    X.B.X.005

    Meaisín-uirlisí nach ‘rialaítear go huimhriúil’ le haghaidh dromchlaí ardchaighdeáin optúla a ghiniúint, (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear) agus comhpháirteanna a dheartar go speisialta ina leith:

    a.

    Meaisíní deilte lena n-úsáidtear uirlis gearrtha aonphointe agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:

    1.

    Tá cruinneas aimsithe suímh sleamhnáin acu ar lú (níos fearr) é ná 0.0005 mm in aghaidh gach 300 mm den taisteal;

    2.

    Tá in-atrialltacht suímh sleamhnáin déthreoch acu ar lú (níos fearr) é ná 0,00025 mm in aghaidh gach 300 mm den taisteal;

    3.

    Is lú (níos fearr) ‘díláithriú gathach’ agus ‘ceamáil’ na fearsaide ná 0,0004 mm (TIR);

    4.

    Is lú (níos fearr) diall uilleach ghluaiseacht an tsleamhnaithe (luascáil, claonadh agus rolladh) ná 2 shoicind den stua, TIR, thar thaisteal iomlán; agus

    5.

    Ingearacht sleamhnáin ar lú (níos fearr) é ná 0,001 mm in aghaidh gach 300 mm den taisteal;

    Nóta Teicniúil:

    Is éard atá in in-atrialltacht suímh sleamhnáin dhéthreoch (R) d’ais uasluach in-atrialltachta an tsuí ag aon suíomh ar feadh na haise nó timpeall na haise a chinntear trí úsáid a bhaint as an nós imeachta agus faoi na coinníollacha atá sonraithe i gcuid 2.11 de ISO 230/2:1988.

    b.

    Meaisíní eangúcháin ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:

    1.

    Is lú (níos fearr) ‘íláithriú gathach’ agus ‘ceamáil’ na fearsaide acu ná 0,0004 mm TIR; agus

    2.

    Is lú (níos fearr) diall uilleach ghluaiseacht an tsleamhnaithe (luascáil, claonadh agus rolladh) ná 2 shoicind den stua, TIR, thar thaisteal iomlán.

    X.B.X.006

    Meaisínre déanta agus/nó bailchríche giaranna nach rialaítear le 2B003 atá in ann giaranna a tháirgeadh go leibhéal cáilíochta ar fearr é ná AGMA 11.

    X.B.X.007

    Córais nó trealamh iniúchta nó tomhaiste toisí nach rialaítear le 2B006 ná 2B206, mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Meaisíní iniúchta toisí de láimh, ar fíor ina leith an dá shaintréith seo a leanas:

    1.

    Tá dhá cheann nó níos mó d’aiseanna acu; agus

    2.

    Neamhchinnteacht tomhais arb ionann í agus (3 + F/300) μm nó ar lú (níos fearr) ná sin í in aon ais (is é F an fad arna thomhas ina mm).

    X.B.X.008

    ‘Róbait’ nach rialaítear le 2B007 nó 2B207 a bhfuil ar a gcumas faisnéis aiseolais a úsáid i bpróiseáil fíor-ama ó bhraiteoir amháin nó níos mó chun ríomhchláir a ghiniúint nó a mhodhnú nó sonraí uimhriúla ríomhchlár a ghiniúint nó a mhodhnú.

    X.B.X.009

    Cóimeálacha, cláir chiorcad nó ionsáiteáin atá saindeartha do mheaisín-uirlisí a rialaítear le X.B.X.004, nó do threalamh a rialaítear le X.B.X.006, X.B.X.007 nó X.B.X.008:

    a.

    Cóimeálacha fearsaidí arb é atá iontu fearsaidí agus imthacaí mar chóimeáil íosta, agus gluaisne aise ghathach (‘díláithriú gathach’) nó aiseach (‘ceamáil’) acu in aon rothlú amháin den fhearsaid ar lú (níos fearr) í ná léamh táscaire iomlán (TIR) 0,0006 mm;

    b.

    Ionsáiteáin uirlisí gearrtha diamantphointe aonair, ar fíor ina leith gach ceann de na saintréithe a leanas:

    1.

    Faobhar uirlise saor ó shlisíní agus gan cháim fiú agus formhéadaithe 400 uair i ngach treo;

    2.

    Ga gearrtha ó 0,1 go 5 mm go huile; agus

    3.

    Is lú (níos fearr) ná 0,002 mm TIR an ga gearrtha ó thaobh mhíchruinneas an gha de.

    c.

    Cláir ciorcad phriontáilte a shaindeartar agus a bhfuil comhpháirteanna feistithe iontu a bhfuil ar a gcumas aonaid ‘rialaithe uimhriúil’, meaisín-uirlisí nó gairis aisfhotha a uasghrádú, de réir shonraíochtaí an mhonaróra, chuig na leibhéil a shonraítear in X.B.X.004, X.B.X.006, X.B.X.007, X.B.X.008, nó X.B.X.009.

    Nóta Teicniúil:

    Ní rialaítear leis an iontráil seo córais thrasnamhéadair tomhais, gan aisfhothú iata ná aisfhothú lúb oscailte, ina bhfuil léasar chun earráidí gluaisne sleamhnáin a thomhas i meaisín-uirlisí, i meaisíní iniúchta toisí, nó i dtrealamh comhchosúil.

    X.B.X.010

    Trealamh próiseála sonrach, seachas iad siúd a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    Preasanna iseastatacha, cé is moite díobh siúd a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

    b.

    Trealamh monaraithe boilg, lena n-áirítear trealamh foirmithe hiodrálaigh agus díslí foirmithe boilg;

    c.

    Meaisíní táthúcháin léasair;

    d.

    Táthairí MIG;

    e.

    Táthairí leictreonléis;

    f.

    Trealamh Monal, lena n-áirítear comhlaí, píobánra, umair agus soithí;

    g.

    304 agus 316 chomhla cruach dosmálta, píobánra, umair agus soithí;

    Nóta : Meastar gur cuid de phíobánra iad feistis chun críoch X.B.X.010.g.

    h.

    Trealamh mianadóireachta agus druileála, mar a leanas:

    1.

    Trealamh tollta mór atá in ann poill ar mó iad ná 61 cm ar trastomhas a dhruileáil;

    2.

    Trealamh mór cré-ghluaiseachta a úsáidtear sa tionscal mianadóireachta;

    i.

    Trealamh leictreaphlátála atá deartha chun páirteanna a bhratú le nicil nó alúmanam;

    j.

    Caidéil atá deartha le haghaidh seirbhís thionsclaíoch agus lena n-úsáid le mótar leictreach de 5 HP nó níos mó;

    k.

    Comhlaí folúis, píobánra, feirí, gaiscéid agus trealamh gaolmhar a shaindeartar lena n-úsáid i seirbhís ardfholúis, cé is moite díobh siúd a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

    l.

    Meaisíní foirmithe guairne agus sreafa, cé is moite díobh siúd a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;

    m.

    Meaisíní ilphlánacha lártheifeacha cothromaithe, cé is moite díobh siúd a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821; nó

    n.

    Pláta cruach dosmálta ástainítí, comhlaí, píobánra, umair agus soithí.

    X.B.X.011

    Cochaill mhúiche atá suite ar urlár (stíl siúil) a bhfuil leithead ainmniúil íosta 2,5 méadar acu.

    X.B.X.012

    Caibinéid bithshábháilteachta agus boscaí miotóg d’aicme II.

    X.B.X.013

    Lártheifneoirí baisceanna a bhfuil toilleadh rótair 4 lítear nó níos mó acu, ar féidir ábhair bhitheolaíocha a úsáid iontu.

    X.B.X.014

    Soithí coipthe ag a bhfuil toirt inmheánach 10–20 lítear, ar féidir ábhair bhitheolaíocha a úsáid iontu.

    X.B.X.015

    Soithí imoibriúcháin, imoibreoirí, suathairí, malartóirí teasa, comhdhlúthadáin, caidéil (lena n-áirítear caidéil róin shingil), comhlaí, umair stórála, coimeádáin, glacadóirí, agus colúin driogtha nó ionsúcháin a chomhlíonann paraiméadair feidhmíochta an rialaithe 2B350 (28), gan beann ar a n-ábhair tógála.

    Nóta : Chun críoch rialú X.B.X.015, ní áirítear comhlaí pluiméireachta ná umair stórála a bhfuil toirt inmheánach (geoiméadrach) iomlán acu ar lú í ná 1 m3 (1 000 lítear) atá deartha le haghaidh uisce tí nó córais gáis.

    X.B.X.016

    Seomraí glanta aer-sreafa traidisiúnta nó suaite agus aonaid scagaire féinchuimsitheacha gaothrán-HEPA a fhéadfar a úsáid le haghaidh saoráidí srianta P3 nó P4 (BSL 3, BSL 4, L3, L4).

    X.B.X.017

    Caidéil folúis a bhfuil uasráta sreafa sonraithe an mhonaróra acu ar mó é ná 1 m3/h (faoi dhálaí caighdeánacha teochta agus brú), cásálacha (coirp chaidéil), líneáin chásála réamhfhoirmithe, gluaisirí, rótair, agus soic caidéil scairde arna gceapadh le haghaidh na gcaidéal sin, ina bhfuil na dromchlaí uile a mbíonn teagmháil dhíreach acu leis na ceimiceáin atá á bpróiseáil déanta as ábhair rialaithe.

    X.B.X.018

    Trealamh saotharlainne, lena n-áirítear páirteanna agus gabhálais don trealamh sin, chun substaintí ceimiceacha a anailísiú nó a bhrath, bídís scriosach nó gan bheith scriosach.

    X.B.X.019

    Cealla leictrealaithe clór-alcaile iomlána – mearcair, scairt, agus scannán.

    X.B.X.020

    Leictreoidí tíotáiniam (lena n-áirítear leictreoidí le bratuithe a tháirgtear ó ocsaídí eile miotail), agus iad saincheaptha lena n-úsáid i gcealla clór-alcaile.

    X.B.X.021

    Leictreoidí nicile (lena n-áirítear leictreoidí le bratuithe a tháirgtear ó ocsaídí eile miotail), agus iad saincheaptha lena n-úsáid i gcealla clór-alcaile.

    X.B.X.022

    Leictreoidí nicile dépholacha tíotáiniam (lena n-áirítear leictreoidí le bratuithe a tháirgtear ó ocsaídí eile miotail), agus iad saincheaptha lena n-úsáid i gcealla clór-alcaile.

    X.B.X.023

    Scairteanna aispeiste atá saincheaptha lena n-úsáid i gcealla clór-alcaile.

    X.B.X.024

    Scairteanna atá bunaithe ar fhluarapholaiméir atá saincheaptha lena n-úsáid i gcealla clór-alcaile.

    X.B.X.025

    Scairteanna malartaithe ian atá bunaithe ar fhluarapholaiméir agus atá saincheaptha lena n-úsáid i gcealla clór-alcaile.

    X.B.X.026

    Comhbhrúiteoirí atá saindeartha chun clóirín fliuch nó tirim a chomhbhrú, gan beann ar ábhar tógála.

    X.B.X.027

    Imoibreoirí micreathoinne – Innealra, gléasra nó trealamh saotharlainne, bíodh sé téite go leictreach nó ná bíodh, chun ábhair a chóireáil trí phróiseas lena mbaineann athrú teochta amhail téamh.

    X.D.X.001

    ‘Bogearraí’ atá saindeartha nó atá sainmhodhnaithe le haghaidh ‘forbairt’, ‘táirgeadh’ nó ‘úsáid’ trealaimh a rialaítear le X.A.X.001.

    X.D.X.002

    ‘Bogearraí’ atá ‘riachtanach’ chun trealamh braite réad ceilte a rialaítear le X.A.X.002 ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.

    X.D.X.003

    ‘Bogearraí’ atá saindeartha le haghaidh trealamh a rialaítear le X.B.X.004, X.B.X.006, nó X.B.X.007, X.B.X.008, agus X.B.X.009 ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.

    X.D.X.004

    ‘Bogearraí’ sonracha, mar a leanas (féach Liosta na nÍtimí a Rialaítear):

    a.

    ‘Bogearraí’ chun rialú oiriúnaitheach a sholáthar agus ar fíor ina leith an dá shaintréith seo a leanas:

    1.

    I gcás aonaid mhonaraíochta sholúbtha (FMUanna); agus

    2.

    Tá ar a gcumas cláir nó sonraí a ghiniúint nó a mhodhnú, i bpróiseáil fíor-ama, trí úsáid a bhaint as na comharthaí a fhaightear go comhuaineach trí bhíthin dhá theicníc braite ar a laghad, amhail:

    a.

    Fís an mheaisín (raonáil optúil);

    b.

    Íomháú infridhearg;

    c.

    Íomháú fuaimiúil (raonáil fuaimiúil);

    d.

    Tomhas tadhlach;

    e.

    Suí támhúil;

    f.

    Tomhas fórsa; agus

    g.

    Tomhas casmhóiminte.

    Nóta : Ní rialaítear le X.D.X.004.a ‘bogearraí’ nach ndéanann ach athsceidealú ar threalamh lena mbaineann feidhm chomhionann laistigh ‘d’aonaid mhonaraíochta sholúbtha’ trí pháirtchláir réamhstóráilte agus straitéis réamhstóráilte a úsáid le haghaidh na páirtchláir a dháileadh.

    b.

    Ní úsáidtear.

    X.D.X.005

    ‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun trealamh a rialaítear le X.A.X.004 nó X.A.X.005 ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.

    Nóta : Féach 2E001 (‘forbairt’) maidir le ‘teicneolaíocht’ maidir le ‘bogearraí’ a rialaítear faoin iontráil seo.

    X.D.X.006

    ‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun gineadóirí leictreacha iniompartha a rialaítear le X.A.X.006 ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.

    X.E.X.001

    ‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun trealamh a rialaítear le X.A.X.002 ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’ nó atá riachtanach chun ‘bogearraí’ a rialaítear le X.D.X.002 ‘a fhorbairt’.

    Nóta : Féach X.A.X.002 agus X.D.X.002 maidir le rialuithe gaolmhara tráchtearraí agus bogearraí.

    X.E.X.002

    ‘Teicneolaíocht’ chun trealamh a rialaítear le X.B.X.004, X.B.X.006, X.B.X.007, nó X.B.X.008 a ‘úsáid’.

    X.E.X.003

    ‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh a rialaítear le X.A.X.004 nó X.A.X.005 ‘a úsáid’.

    X.E.X.004

    ‘Teicneolaíocht’ chun gineadóirí leictreacha iniompartha a rialaítear le X.A.X.006 ‘a úsáid’.

    Cuid B

    1.   Gairis leathsheoltóra

    Cód AC

    Tuairisc

    8541 10

    Dé-óidí, seachas dé-óidí fótamhothálacha nó dé-óidí astaithe solais (LED)

    8541 21

    Trasraitheoirí, seachas trasraitheoirí fótamhothálacha ag a bhfuil ráta ídithe is lú ná 1 W

    8541 29

    Trasraitheoirí eile, seachas trasraitheoirí fótamhothálacha

    8541 30

    Tíreastóirí, DIACanna agus TRIACanna (seachas gairis leathsheoltóra fhótamhothálacha)

    8541 49

    Gléasanna leathsheoltóra fótamhothálacha (seachas gineadóirí agus cealla fótavoltacha)

    8541 51

    Gairis leathsheoltóra eile: Trasduchtóirí bunaithe ar leathsheoltóir

    8541 59

    Gairis leathsheoltóra eile

    8541 60

    Criostail phísileictreacha shuite

    8541 90

    Gairis leathsheoltóra: Páirteanna

    2.   Ciorcaid iomlánaithe leictreonacha, trealamh monaraíochta agus tástála

    Cód AC

    Tuairisc

    3818 00

    Dúile ceimiceacha dópáilte lena n-úsáid i leictreonaic, i bhfoirm dioscaí, nó sliseog nó i bhfoirmeacha comhchosúla; comhdhúile ceimiceacha dópáilte lena n-úsáid i leictreonaic

    8486 10

    Meaisíní agus gléasra le haghaidh peileanna nó sliseoga a dhéanamh

    8486 20

    Meaisíní agus gléasra le haghaidh gairis leathsheoltóirí nó ciorcaid leictreonacha chomhtháite a dhéanamh

    8486 40

    Meaisíní agus gléasra a shonraítear i nóta 11(C) a ghabhann leis an gcaibidil seo

    8534 00

    Ciorcaid phriontáilte

    8537 10

    Cláir, painéil, consóil, deasca, caibinéid agus boinn eile, atá feistithe le dhá ghaireas nó níos mó atá faoi cheannteideal 8535 nó 8536 , le haghaidh rialú leictreach nó dáileadh leictreachais, iad siúd a bhfuil uirlisí nó gairis faoi Chaibidil 90 mar chuid díobh san áireamh, agus gairis rialaithe uimhriúil, seachas gairis lasctha faoi cheannteideal 8517 le haghaidh voltas nach mó ná 1 000  V

    8542 31

    Próiseálaithe agus rialaitheoirí, bídís comhcheangailte le cuimhní, tiontairí, ciorcaid loighce, aimplitheoirí, ciorcaid chloig agus tomhais ama, nó ciorcaid eile nó ná bídís

    8542 32

    Cuimhní

    8542 33

    Aimplitheoirí

    8542 39

    Ciorcaid leictreonacha iomlánaithe eile

    8542 90

    Ciorcaid iomlánaithe leictreonacha: Páirteanna

    8543 20

    Gineadóirí comharthaí

    9027 50

    Uirlisí agus gléasra eile ina bhfuil radaíocht optúil (UV, infheicthe, IR) in úsáid iontu)

    9030 20

    Ascalascóip agus ascalagraif

    9030 32

    Ilmhéadair ina bhfuil gaireas taifeadta

    9030 39

    Ionstraimí agus gléasra chun voltas, sruth, friotaíocht nó cumhacht leictreach a thomhas nó a sheiceáil, ina bhfuil gaireas taifeadta

    9030 82

    Ionstraimí agus gléasra chun sliseoga nó gairis leathsheoltóra a thomhas nó a sheiceáil

    3.   Ceamaraí fótagrafacha, braiteoirí agus comhpháirteanna optúla

    Cód AC

    Tuairisc

    8525 89

    Ceamaraí teilifíse, ceamaraí digiteacha agus fístaifeadáin cheamara eile

    8529 90

    Páirteanna eile atá oiriúnach le húsáid leis an ngléasra atá faoi cheannteidil 8524 go dtí 8528

    9006 30

    Ceamaraí atá deartha go speisialta le húsáid faoin uisce, le haghaidh aershuirbhéireachta nó le haghaidh scrúdú máinliachta nó míochaine orgán inmheánach; ceamaraí comparáideacha chun críoch fóiréinseach nó coireolaíochta

    9013 10

    Treoracha teileascóip le feistiú ar ghéaga; peireascóip; teileascóip arna ndearadh mar chuid d’innill, fearais, ionstraimí nó gaireas den chaibidil seo nó de Roinn XVI

    9013 80

    Gairis, fearais agus uirlisí optúla eile

    9025 19

    Teirmiméadair agus piriméadair eile nach bhfuil comhcheangailte le huirlisí eile

    9032 10

    Teirmeastait

    4.   Comhpháirteanna leictreacha/maighnéadacha eile

    Cód AC

    Tuairisc

    8501 32

    Mótair SD agus gineadóirí SD, ar mó a n-aschur ná 750 W ach nach mó ná 75 kW é (seachas gineadóirí fótavoltacha)

    8504 31

    Claochladáin, a bhfuil acmhainn láimhseála cumhachta iontu nach mó ná 1 kVA (seachas claochladáin thréleictreacha leachtacha)

    8504 40

    Tiontairí statacha

    8505 11

    Buanmhaighnéid agus earraí ceaptha le bheith ina mbuanmhaighnéid tar éis iad a mhaighnéadú; de mhiotal

    8529 10

    Aeróga agus frithchaiteoirí aeróige de gach cineál; páirteanna atá oiriúnach le húsáid leo

    8532 21

    Toilleoirí seasta tantalaim eile

    8532 24

    Toilleoirí ilsraitheacha tréleictreach ceirmeacha

    8533 21

    Friotóirí leictreacha seasta le haghaidh acmhainn láimhseála cumhachta is lú ná 20 W (gan friotóirí téimh agus friotóirí carbóin seasta a áireamh)

    8533 40

    Friotóirí inathraithe leictreacha, lena n-áirítear réastait agus poitéinsiméadair (gan friotóirí inathraithe sreangthochraiste agus friotóirí téimh a áireamh)

    8536 41

    Athsheachadáin, le haghaidh voltas nach mó ná 60 V

    8536 49

    Athsheachadáin le haghaidh voltas is mó ná 60 V ach nach mó ná 1 000  V

    8536 50

    Lasca eile

    8536 69

    Plocóidí agus soicéid

    8536 90

    Gléasra eile le haghaidh ciorcaid leictreonacha a lascadh nó a chosaint, nó le haghaidh naisc a dhéanamh le ciorcaid leictreacha nó laistigh díobh (mar shampla, lasca, athsheachadáin, fiúsanna, coscaire tintrí, plocóidí, soicéid, coinneálaithe lampa agus nascóirí eile, comhchumair), le haghaidh voltas nach mó ná 1 000  V; nascóirí le haghaidh snáithíní optúla, cuacha snáithíní optúla nó cáblaí

    8548 00

    Páirteanna leictreacha d’innealra nó de ghléasra, nach bhfuil sonraithe ná áirithe aon áit eile i gCaibidil 85

    5.   Meaisín-uirlisí, trealamh monaraithe shuimithigh, agus ítimí gaolmhara

    Cód AC

    Tuairisc

    8205 59 80

    Uirlisí láimhe, lena n-áirítear diamaint na ngloineadóirí, seachas uirlisí tí, agus uirlisí saor cloch, uirlisí múnlóirí agus oibrithe stroighne, uirlisí pláistéirí agus péintéirí

    8456 11

    Meaisín-uirlisí chun aon ábhar a shaoirsiú trí ábhar a bhaint, a oibrítear le léasair

    8457 10

    Ionaid mheaisínithe le haghaidh miotalóireachta

    8458 11

    Deileanna cothrománacha, lena n-áirítear ionaid deileadóireachta, chun miotail a bhaint, arna rialú go huimhriúil

    8466 10

    Coinneálaithe uirlise, d’aon chineál uirlise le haghaidh oibriú i ngreim láimhe agus do mheaisín-uirlisí; Cinn dísle féinoscailte

    8485 20

    Meaisíní le haghaidh monarú breiseán le plaistigh nó le taisce rubair

    8485 30

    Meaisíní le haghaidh monarú breiseán trí phlástar, stroighin, criadóireacht nó taisce ghloine

    8485 90

    Páirteanna meaisíní le haghaidh monarú breiseán

    6.   Ábhair agus réamhtheachtaithe fuinneamhachais

    Cód AC

    Tuairisc

    2829 90

    Sárchlóráití brómáití agus sárbhrómáití; iadáití agus sáriadáití

    4706 10

    Laíon snáithíní a fhaightear ó pháipéar slánaithe nó cairtchlár slánaithe (atá déanta as dramhaíl agus fuíoll) nó laíon atá déanta as ábhair eile de cheallalóis snáithíneach: Laíon atá déanta as lintir cadáis

    7.   Gairis, modúil agus cóimeálacha leictreonacha

    Cód AC

    Tuairisc

    8471 50

    Aonaid phróiseála eile seachas na haonaid atá faoi cheannteideal 8471 41 nó 8471 49 , bíodh ceann amháin nó péire de na cineálacha aonaid seo a leanas sa chásáil chéanna nó ná bíodh: aonaid stórála, aonaid ionchuir, aonaid aschuir

    8471 70 98

    Aonaid stórála eile

    8471 80

    Aonaid le haghaidh meaisíní próiseála sonraí uathoibríocha (seachas aonaid phróiseála, aonaid ionchuir nó aschuir agus aonaid stórála)

    8517 62

    Meaisíní le haghaidh guth, íomhánna nó sonraí eile a fháil, a thiontú agus a tharchur nó a athchruthú, lena n-áirítear gléasra lasctha agus ródaithe

    8517 69

    Gléasra eile le haghaidh guth, íomhánna nó sonraí eile a tharchur nó a fháil, lena n-áirítear gléasra le haghaidh cumarsáide i líonra le sreang nó gan sreang

    8517 79

    Páirteanna de ghléasanna teileafóin, teileafóin le haghaidh líonraí ceallacha nó le haghaidh líonraí eile gan sreang agus de ghaireas eile chun guth, íomhánna nó sonraí eile a tharchur nó a fháil, seachas aeróga agus frithchaiteoirí aeróige de gach cineál agus páirteanna díobh

    8526 91

    Gléasra loingseoireachta le cúnamh raidió

    9014 20

    Uirlisí agus fearais le haghaidh aerloingseoireachta nó loingseoireacht spáis (seachas compáis)

    9014 80

    Ionstraimí agus fearais loingseoireachta eile

    8.   Ceimiceáin, miotail, cóimhiotail, comhchodaigh agus ábhair shárfhorbartha eile

    Cód AC

    Tuairisc

    8112 41

    Réiniam neamhshaoirsithe agus fuíoll, dramhaíl nó púdair réiniamh

    8112 49

    Réiniam, seachas réiniam neamhshaoirsithe, fuíoll, dramhaíl agus púdair

    9.   Páirteanna, cóimeálacha agus comhpháirteanna meaisíní

    Cód AC

    Tuairisc

    8482 10

    Imthacaí gránacha

    8482 20

    Imthacaí rollacha barrchaolaithe, lena n-áirítear cóimeálacha cónrollóirí agus rollóirí barrchaolaithe

    8482 30

    Imthacaí rollacha sféaracha

    8482 50

    Imthacaí sorcóireacha rollacha eile, lena n-áirítear cóimeálacha cáis agus rollóirí

    ’.

    (1)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (2)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (3)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (4)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (5)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (6)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (7)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (8)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (9)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (10)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (11)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (12)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (13)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (14)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (15)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (16)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (17)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (18)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (19)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (20)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (21)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (22)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (23)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (24)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (25)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (26)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (27)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821

    (28)  Tag. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821


    IARSCRÍBHINN III

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

    ‘IARSCRÍBHINN XXI

    Liosta na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3i

    Cód AC

    Ainm an earra

    0306

    Crústaigh, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; crústaigh dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís; crústaigh sa bhlaosc, cócaráilte trí ghalú nó trí uisce a bheiriú, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bídís

    1604 31 00

    Caibheár

    1604 32 00

    Ionadaigh chaibheáir

    2208

    Alcól eitile gan dínádúrú ar lú ná 80 % a neart alcóil de réir toirte; biotáillí, licéir agus deochanna biotáilleacha eile

    2303

    Iarmhair ó mhonarú stáirse agus iarmhair chomhchosúla, laíon biatais, bagás agus dramhaíl eile ó mhonarú siúcra, dríodar agus dramhaíl ó ghrúdaireacht nó ó dhriogadh, bídís i bhfoirm millíní nó ná bídís

    2402

    Todóga, seiriúit, todóigíní agus toitíní, as tobac nó as ionadaigh thobac

    2523

    Stroighin Portland, stroighin alúmanach, stroighin slaige, stroighin fhorshulfáiteach agus stroighneacha hiodrálacha comhchosúla, bídís daite nó i bhfoirm clincir nó ná bíodh

    2701

    Gual; Brícíní, ubhchruthóidigh agus breoslaí soladacha comhchosúla a mhonaraítear as gual

    2702

    Lignít, bíodh sí ceirtleánaithe nó ná bíodh, cé is moite de ghaing

    2703

    Móin (lena n-áirítear easair mhóna) bíodh sí ceirtleánaithe nó ná bíodh

    2704

    Cóc agus leathchóc guail, ligníte nó móna, bídís ceirtleánaithe nó ná bídís; carbón freangáin

    2705

    Gás guail, gás uisce, gás táirgeora agus gáis chomhchosúla, seachas gáis pheitriliam agus hidreacarbóin ghásacha eile

    2706

    Tarra arna dhriogadh ó ghual, ó lignít nó ó mhóin, agus tarraí mianracha eile, bídís díhiodráitithe nó driogtha i bpáirt nó ná bídís, lena n-áirítear tarraí athdhéanta

    2707

    Olaí agus táirgí eile ó dhriogadh tarra guail ardteochta; táirgí comhchosúla inar mó meáchan na gcomhábhar aramatacha ná meáchan na gcomhábhar nach bhfuil aramatach

    2708

    Pic agus cóc pice, a fhaightear ó tharra guail nó ó tharraí mianracha eile

    2711 12

    Própán, leachtaithe

    2711 13

    Bútáin, leachtaithe

    2711 14

    Eitiléin, próipiléin, búitiléin agus bútaidhé-éine, leachtaithe

    2711 19

    Hidreacarbóin ghásacha, leachtaithe, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    2712

    Glóthach pheitriliam; céir phairifín, céir pheitriliam mhicricriostalta, céir ola, ózaiceirít, céir ligníte, céir mhóna, céaracha mianracha eile, agus táirgí comhchosúla a fhaightear trí shintéis nó trí phróisis eile, bídís daite nó ná bídís

    2713

    Cóc peitriliam, biotúman peitriliam agus iarmhair eile olaí peitriliam nó olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha

    2714

    Biotúman agus asfalt, iad nádúrtha; sceall biotúmanach nó sceall ola agus gaineamh tarra; asfailtítí agus carraigeacha asfaltacha

    2715

    Maisteoga biotúmanacha, ciorruithe agus meascáin bhiotúmanacha eile atá bunaithe ar asfalt nádúrtha, ar bhiotúman nádúrtha, ar bhiotúman peitriliam, ar tharra mianrach nó ar phic tarra mhianrach

    2803

    Carbón (dubh carbóin agus foirmeacha eile carbóin nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile)

    2811

    Aigéid neamhorgánacha agus comhdhúile ocsaigine neamhorgánacha eile de neamh-mhiotail (gan a áireamh clóiríd hidrigine (aigéad hidreaclórach), aigéad clórasulfarach, aigéad sulfarach, oiléam, aigéad nítreach, aigéid shulfainítreacha, peintea-ocsaíd défhosfair, aigéad fosfarach, aigéid pholafosfaracha, ocsaídí bóróin agus aigéid bhóracha)

    2818

    Corandam saorga, bíodh sé sainithe ó thaobh ceimice nó ná bíodh; ocsaíd alúmanaim; hiodrocsaíd alúmanaim

    ex 2825

    Hiodraisín agus hiodrocsalaimín agus a gcuid salann neamhorgánach bunúis neamhorgánacha eile; ocsaídí miotail, hiodrocsaídí agus sárocsaídí eile, seachas cóid AC 28252000 agus 28253000

    2834

    Nítrítí; níotráití

    ex 2835

    Foisfíonáití (hipeafoisfítí), fosfónáití (foisfítí) agus fosfáití; polafosfáití, bídís sainithe ó thaobh ceimice de nó ná bídís, seachas cód AC 28352600

    2836

    Carbónáití; sárocsacarbónáití (sárcharbónáití); carbónáit amóiniam tráchtála ina bhfuil carbamáit amóiniam

    ex 2901

    Hidreacarbóin neamh-thimthriallacha, seachas cód AC 29011000

    2902

    Hidreacarbóin chioglacha

    2903

    Díorthaigh halaiginithe hidreacarbón

    2905

    Alcóil neamhchioglacha agus a ndíorthaigh halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe

    2907

    Feanóil; feanól-alcóil

    2909

    Éitir, éitear-alcóil, éitear-feanóil, éitear-alcól-feanóil, sárocsaídí alcóil, sárocsaídí éitir, sárocsaídí aicéatail agus sárocsaídí leathaicéatail, sárocsaídí céatóin (bídís sainithe ó thaobh ceimice nó ná bídís), agus a ndíorthaigh halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe

    2914

    Céatóin agus cuineoin, bíodh feidhm ocsaigine eile acu nó ná bíodh, agus a ndíorthaigh halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe

    2915

    Aigéid mhonacarbocsaileacha neamhchioglacha sháithithe agus a n-ainhidrídí, a hailídí, a sárocsaídí agus a sárocsa-aigéid; a ndíorthaigh halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe

    2917

    Aigéid pholacarbocsaileacha, a n-ainhidrídí, a hailídí, a sárocsaídí agus a sárocsa-aigéid; a ndíorthaigh halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe

    2922

    Comhdhúile aimín le feidhm ocsaigine

    2923

    Salainn agus hiodrocsaídí amóiniam ceathartha; leicitin agus fosfa-aimínilipidí eile, bídís sainithe ó thaobh ceimice nó ná bídís

    2931

    Comhdhúile orgána-neamhorgánacha ar leithligh atá sainithe ó thaobh ceimice (gan comhdhúile orgánasulfair agus comhdhúile de mhearcair a áireamh)

    2933

    Comhdhúile heitreachioglacha a bhfuil heitrea-adamh/adaimh nitrigine iontu amháin

    3104 20

    Clóiríd photaisiam

    3105 20

    Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil na trí dhúil leasaitheacha nítrigin, fosfar agus potaisiam

    3105 60

    Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil an dá dhúil leasaitheacha fosfar agus potaisiam

    ex 3105 90 20

    Leasacháin eile ina bhfuil clóiríd photaisiam

    ex 3105 90 80

    Leasacháin eile ina bhfuil clóiríd photaisiam

    3301

    Blátholaí, bídís neamhtheirpéineach nó ná bídis, lena n-áirítear concréití agus absalóidí; roisíneoidíl; oiléaroisíní eastósctha; tiúcháin blátholaí i saillte, in olaí fosaithe, i gcéaracha nó a leithéidí, a fhaightear trí ionbhláthú nó trí mhaothú; fotháirgí teirpéineacha ó dhítheirpéiniú blátholaí; driogáití uiscí agus tuaslagáin uiscí blátholaí

    3304

    Ullmhóidí áilleachta nó smididh agus ullmhóidí chun aire a thabhairt don chraiceann, lena n-áirítear ullmhóidí grianscéithe nó ullmhóidí gréine (gan leighis a áireamh); ullmhóidí lámh-mhaisithe nó cosmhaisithe

    3305

    Ullmhóidí lena n-úsáid ar an ngruaig

    3306

    Ullmhóidí le haghaidh sláinteachas béil nó fiacla, lena n-áirítear leafaois agus púdair ghreamaitheacha; abhras a úsáidtear chun an chuid idir na fiacla a ghlanadh (flas fiacla), i bpacáistí miondíola aonair

    3307

    Ullmhóidí bearrtha, lena n-áirítear táirgí réamh-bhearrtha agus iar-bhearrtha, díbholaígh phearsanta, ullmhóidí folctha agus cithfholctha, loimicí agus ullmhóidí cumhradóireachta, maisíochta nó cosmaideacha eile, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile; díbholaígh ullmhaithe le haghaidh seomraí, bídís cumhraithe nó ná bídís nó bíodh airíonnadíghalraithe acu nó ná bíodh

    3401

    Gallúnach; táirgí dromchla-ghníomhacha orgánacha agus ullmhóidí a úsáidtear mar ghallúnach, i bhfoirm barraí, cácaí, píosaí nó cruthanna múnlaithe, bíodh gallúnach iontu nó ná bíodh; táirgí dromchla-ghníomhacha orgánacha agus ullmhóidí chun an craiceann a ghlanadh, i bhfoirm leachta nó uachtair agus atá cóirithe lena miondíol, bíodh gallúnach iontu nó ná bíodh; páipéar, flocas, feilt agus fabraicí neamhfhite atá líonta, brataithe nó clúdaithe le gallúnach nó glantóir

    3402

    Oibreáin dhromchlaghníomhacha orgánacha, (gan gallúnach a áireamh); ullmhóidí dromchla-ghníomhacha, ullmhóidí níocháin, lena n-áirítear ullmhóidí cúntacha níocháin, agus ullmhóidí glantacháin, bíodh gallúnach iontu nó ná bíodh (gan na cinn atá faoi cheannteidil 3401 a áireamh)

    3404

    Céaracha saorga agus céaracha ullmhaithe

    3801

    Graifít shaorga; graifít chollóideach nó leathchollóideach; ullmhóidí atá bunaithe ar ghraifít nó ar charbón eile i bhfoirm leafaos, bloc, plátaí nó ábhar eile leathmhonaraithe

    3811

    Ullmhóidí frithchnagarnaigh, coscairí ocsaídiúcháin, coscairí guma, feabhsaitheoirí slaodachta, ullmhóidí frithchreimneacha agus breiseáin ullmhaithe eile, le haghaidh olaí mianracha, lena n-áirítear gásailín, nó le haghaidh leachtanna eile a úsáidtear chun na gcríoch céanna le holaí mianracha

    3812

    Brostaitheoirí rubair ullmhaithe; plaisteacháin chomhdhúile le haghaidh rubair nó plaisteach, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile; ullmhóidí frith-ocsaídiúcháin agus cobhsaitheoirí eile comhdhúile le haghaidh rubair nó plaisteach

    3817

    Ailcilbeinséiní measctha agus ailciolnaftailéiní measctha arna dtáirgeadh trí ailciliú beinséine agus naftailéine (seachas isiméirí measctha de hidreacarbóin thimthriallacha)

    3819

    Sreabháin coscán hiodrálach agus leachtanna eile ullmhaithe le haghaidh traiseoladh hiodrálach nach bhfuil olaí peitriliam nó olaí mianraí bitiúmanacha iontu, nó ina bhfuil, de réir meáchain, < 70 % de na holaí sin

    3823

    Aigéid shailleacha aoncharbocsaileacha thionsclaíocha; olaí aigéid ó athscagadh; alcóil shailleacha thionsclaíocha

    3824

    Táthuithe ullmhaithe do mhúnlaí nó do chroíthe teilgcheárta; táirgí agus ullmhóidí ceimiceacha le haghaidh na dtionscal ceimiceach nó ó na dtionscal gaolmhar, lena n-áirítear meascáin de tháirgí nádúrtha, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    3901

    Polaiméirí eitiléine, i bhfoirmeacha príomhúla

    3902

    Polaiméirí déanta de phróipiléin nó d’olaifíní eile, i bhfoirmeacha príomhúla

    3903

    Polaiméirí stiréine, i bhfoirmeacha príomhúla

    3904

    Polaiméirí de chlóiríd vinile nó d’olaifíní halaiginithe eile, i bhfoirmeacha príomhúla

    3907

    Pola-aicéatail, polai-éatair eile agus roisíní eapocsaíde i bhfoirmeacha príomhúla; polacharbonáití, roisíní ailcíde, eistir polaillile agus poileistir eile, i bhfoirmeacha príomhúla

    3908

    Polaimídí i bhfoirmeacha príomhúla

    3916

    Aonfhiliméad ar mó aon diminsean trasghearrthach de ná 1 mm, slata, maidí agus cruthanna próifíle, as plaistigh, bídís dromchla-shaoirsithe nó ná bídís ach neamhshaoirsithe seachas sin

    3917

    Feadáin, píopaí agus píobáin agus feistis dóibh e.g. ailt, uillinneacha, feirí, iad déanta as plaistigh

    3919

    Plátaí féinghreamaitheacha, leatháin, scannán, scragall, téip, stiall agus cruthanna cothroma eile, as plaistigh, bídís i rollaí nó ná bídís (gan clúdaigh urláir, balla agus síleála atá faoi cheannteideal 3918 a áireamh)

    3920

    Plátaí, leatháin, scannán, scragall agus stiallacha, as plaistigh neamhcheallacha, nach bhfuil treisithe, lannaithe, faoi thacú nó i gcumasc comhchosúil le hábhair eile, gan ábhar taca, atá neamhshaoirsithe nó dromchla-shaoirsithe amháin nó go díreach gearrtha ina gcearnóga nó ina ndronuilleoga (gan táirgí féinghreamaitheacha, ná clúdaigh urláir, bhalla agus síleála atá faoi cheannteideal 3918 a áireamh)

    3921

    Plátaí, leatháin, scannán, scragall agus stiallacha, as plaistigh, atá treisithe, lannaithe, faoi thacú nó i gcumasc comhchosúil le hábhair eile, nó as plaistigh cheallacha, atá neamhshaoirsithe nó dromchla-shaoirsithe amháin nó go díreach gearrtha ina gcearnóga nó ina ndronuilleoga (gan táirgí féinghreamaitheacha, clúdaigh urláir, bhalla agus síleála faoi cheannteideal 3918 a áireamh)

    3923

    Nithe chun earraí a iompar nó a phacáil, as plaistigh; stopalláin, claibíní, caidhpeanna agus cláir eile, iad déanta as plaistigh

    3925

    Earraí tógálaithe déanta as plaistigh, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    3926

    Nithe as plaistigh agus nithe as ábhair eile faoi cheannteideal 3901 go 3914 , nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    4002

    Rubar sintéiseach agus faictís a fhaightear ó olaí, i bhfoirmeacha príomhúla nó ina phlátaí, leatháin nó stiallacha; meascáin de rubar nádúrtha, balata, gutta-percha, guayule, chicle nó de chineálacha comhchosúla rubair nádúrtha le rubar sintéiseach nó le faicís, i bhfoirmeacha príomhúla nó i bplátaí, leatháin nó stiall

    4011

    Aerbhoinn nua, déanta as rubar

    4107

    Leathar a ndearnadh ullmhú breise air tar éis a shúdaraithe nó a chrústaithe (lena n-áirítear leathar párchóirithe), ó bhó-ainmhithe (lena n-áirítear buabhaill) nó ó each-ainmhithe, é gan fionnadh, bíodh sé scoilte nó ná bíodh (gan leathar seamaí, leathar paitinne agus leathar paitinne lannaithe, agus leathar miotalaithe a áireamh)

    4202

    Truncaí, cásanna taistil, maiseagáin, cásanna gnóthaistil, málaí cáipéisí, málaí scoile, cásanna spéaclaí, cásanna déshúileach, cásanna ceamara, cásanna uirlise ceoil, cásanna gunna, curraí gunna, agus coimeádáin chomhchosúla; málaí taistil, málaí inslithe bia nó deochanna, málaí maisíochta, málaí droma, málaí láimhe, málaí siopadóireachta, tiachóga, sparáin, cásanna léarscáile, cáisíní toitíní, púitsí tobac, málaí gléasra, málaí spóirt, cásanna buidéal, boscaí seodra, boscaí púdair, cásanna sceanra agus coimeádáin chomhchosúla, iad déanta as leathar nó leathar comhdhéanta, as leatháin plaisteach, ábhair theicstíle, snáithín bolcánaithe nó cairtchlár, nó iad lánchumhdaithe nó páirtchumhdaithe le hábhair den tsamhail sin nó le páipéar

    4301

    Fionnadhsheithí amha, lena n-áirítear cinn, eireabaill, lapaí agus píosaí nó gearrtháin eile, atá oiriúnach lena n-úsáid san fhionnadóireacht (gan seithí agus craicne amha faoi cheannteideal 4101 , 4102 nó 4103 a áireamh)

    44

    Adhmad agus earraí adhmaid; fioghual

    4703

    Laíon adhmaid ceimiceach, sóid nó sulfáit (gan gráid dhíscaoilte a áireamh)

    4705

    Laíon adhmaid a fhaightear trí phróiseas laíonála meicniúil agus próiseas laíonála ceimiceach a úsáid le chéile

    4801

    Nuachtpháipéar mar a shonraítear i nóta 4 i gCaibidil 48, i rollaí a bhfuil leithead > 28 cm acu nó i leatháin chearnógacha nó i leatháin dronuilleogacha, ar > 28 cm taobh amháin díobh agus ar > 15 cm an taobh eile ina riocht neamhfhillte

    4802

    Páipéar neamhbhrataithe agus cairtchlár neamhbhrataithe, de chineál a úsáidtear chun críocha scríbhneoireachta, clódóireachta nó chun críocha eile grafaice, agus pollchartaí neamhphollta agus páipéar téip-phollta, i rollaí nó i mbileoga cearnacha nó dronuilleogacha, ar thomhas ar bith, agus páipéar lámhdhéanta agus cairtchlár lámhdhéanta (gan nuachtpháipéar faoi cheannteideal 4801 agus páipéar atá faoi cheannteideal 4803 a áireamh)

    4803

    Stoc de chiarsúir leithris nó éadain, stoc de thuáillí nó de naipcíní agus páipéar comhchosúil de chineál a úsáidtear chun críocha teaghlaigh nó sláintíochta, flocas ceallalóise agus uigí de shnáithíní ceallalóise, bídís i bhfoirm síprise, nó bídís creaptha, cabhartha, pollta, éadandaite, éadanmhaisithe nó clóite, i rollaí nó i mbileoga, i rollaí atá ar leithead > 36 cm nó i leatháin chearnacha nó dhronuilleogacha a bhfuil taobh amháin > 36 cm orthu agus an taobh eile > 15 cm i riocht neamhfhillte

    4804

    Craftpháipéar neamhbhrataithe agus cairtchlár, i rollaí de leithead > 36 cm nó i mbileoga cearnacha nó dronuilleogacha le taobh amháin > 36 cm agus an taobh eile > 15 cm ina riocht neamhfhillte (gan na hearraí atá faoi cheannteidil 4802 nó 4803 a áireamh)

    4805

    Páipéar agus cairtchlár eile, neamhbhrataithe, i rollaí de leithead > 36 cm nó i mbileoga cearnacha nó dronuilleogacha le taobh amháin > 36 cm agus an taobh eile > 15 cm i staid neamhfhillte, neamhshaoirsithe seachas mar a shonraítear i nóta 3 a ghabhann leis an gcaibidil seo, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    4810

    Páipéar agus cairtchlár, atá brataithe ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh le caoilín ‘cré shíneach’ nó le substaintí neamhorgánacha eile, a bhfuil ceanglóir ann nó nach bhfuil, agus nach bhfuil aon bhratú eile orthu, bídís éadandaite, éadanmhaisithe nó clóite nó ná bídís, i rollaí nó i mbileoga cearnógacha ní dronuilleogacha, ar thomhas ar bith (gan gach páipéar agus cairtchlár brataithe eile a áireamh)

    4811

    Páipéar, cairtchlár, flocas ceallalóise agus uigí de shnáithíní ceallalóise, brataithe, tuilithe, cumhdaithe, éadandaite, éadanmhaisithe nó clóite, i rollaí nó i mbileoga cearnacha nó dronuilleogacha, ar thomhas ar bith (gan earraí atá faoi cheannteidil 4803 , 4809 , agus 4810 a áireamh)

    4818

    Páipéar leithris agus páipéar eile comhchosúil, flocas ceallalóise nó uigí de shnáithíní ceallalóise, de chineál a úsáidtear chun críocha teaghlaigh nó sláintíochta, ina rollaí a bhfuil leithead <= 36 cm iontu, nó gearrtha ar thomhas nó ar chruth; ciarsúir, ciarsúir níocháin, tuáillí, éadaí bhoird, naipcíníboird, braitlíní leapa agus nithe comhchosúla teaghlaigh, sláintíochta nó ospidéil, baill éadaigh agus gabhálais éadaigh, as laíon páipéir, as páipéar, flocas ceallalóise nó uigí de shnáithíní ceallalóise

    4819

    Cartáin, boscaí, cásanna, málaí agus coimeádáin eile phacála, déanta as páipéar, cairtchlár, flocas ceallalóise nó as uigí de shnáithíní ceallalóise, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile comhaid bhosca, tráidirí litreach, agus earraí comhchosúla, as cairtchlár, de chineál a úsáidtear in oifigí, i siopaí nó a leithéidí

    4823

    Páipéar, cairtchlár, flocas ceallalóise agus uigí de shnáithíní ceallalóise, i stiallacha nó i rollaí de leithead <= 36 cm i leatháin dhronuilleogacha nó chearnógacha nach bhfuil a bhfuil aon imeall de > 36 cm ina riocht neamhfhillte, nó gearrtha de réir crutha seachas dronuilleogach nó cearnógach, agus nithe de laíon páicair, páipéar, cairtchlár, flocas ceallalóise nó uigí de shnáithíní ceallalóise, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    5402

    Snáth filiméadach sintéiseach, lena n-áirítear aonfhiliméad < 67 deiciteics (gan snáithe fuála agus snáth atá cóirithe lena mhiondíol a áireamh)

    5601

    Flocas atá déanta as ábhair teicstíle agus earraí díobh; snáithíní teicstíle a bhfuil fad <= 5 mm ‘glas’, deannach teicstíle agus neopaí muilinn acu (gan a áireamh flocas agus earraí díobh atá tuilte nó brataithe le substaintí cógaisíochta nó atá cóirithe lena miondíol chun críocha míochaine, máinliachta, déidliachta nó tréidliachta, agus táirgí atá tuilte, brataithe nó clúdaithe le cumhrán, cosmaidí, gallúnacha etc.)

    5603

    Ábhair neamhfhite, bídís tuilte, brataithe, clúdaithe nó lannaithe nó ná bídís, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    6204

    Cultacha, ensembles, seaicéid, bléasair, gúnaí, sciortaí, sciortaí roinnte, treabhsair, rabhlaer beannóg agus guailleán, brístí agus brístí sciota do mhná nó cailíní (gan iad siúd a áireamh atá cniotáilte nó cróiseáilte, seaicéid ghaoithe agus earraí comhchosúla, duillíní, peitiltí agus mionbhrístíní, cultacha riain, cultacha sciála agus feistis snámha)

    6305

    Saic agus málaí, de chineál a úsáidtear chun earraí a phacáil, de gach cineál ábhar teicstíle

    6403

    Coisbheart ar a bhfuil boinn sheachtracha déanta as rubar, plaistigh, leathar nó leathar comhdhéanta agus uachtair leathair (gan coisbheart ortaipéideach, buataisí scátála le scátaí oighir nó rollála ceangailte díobh, agus coisbheart bréagán a áireamh)

    6806

    Olann slaige, olann charraige agus cineálacha olann comhchosúla; veirmicilít scafa, créanna fairsingithe, slaig chúrtha agus ábhair mhianracha fhairsingithe chomhchosúla; meascáin agus earraí déanta as ábhair mhianracha atá inslithe le teas, inslithe nó fuaimshúiteach (gan a áireamh earraí coincréite éadroim, aispeist, stroighin aispeiste, stroighin snáithíneach ceallalóis nó a leithéidí, meascáin agus earraí eile d’aispeist agus de tháirgí ceirmeacha nó atá bunaithe orthu)

    6807

    Earraí déanta as asfalt nó as ábhar comhchosúil, e.g. biotúman peitriliam nó pic tarra guail

    6808

    Painéil, cláir, tíleanna, bloic agus earraí comhchosúla déanta as snáithín plandaí, as tuí nó as scamh, slisíní nó gráinníní adhmaid, min sáibh nó dramhábhar adhmaid nach é, iad ceirtleánaithe le stroighin, plástar nó ceanglóirí mianrach eile (gan earraí as stroighin aispeiste, as stroighin shnáithíneach cheallalóis nó a leithéidí a áireamh)

    6810

    Earraí déanta as stroighin, coincréit nó cloch shaorga, bídís treisithe nó ná bíodh

    6814

    Míoca saoirsithe agus earraí déanta as míoca, lena n-áirítear míoca atá ceirtleánaithe nó athdhéanta, bídís ar thaca le páipéar, cairtchlár nó ábhair eile nó ná bídís (gan earraí inslitheoirí leictreacha, feistis inslithe, friotóirí agus toilleoirí, gloiní cosanta míoca agus a gcuid spéaclaí, agus míoca i bhfoirm maisiúchán crann Nollag)

    6815

    Earraí cloiche nó earraí as substaintí mianracha eile, lena n-áirítear snáithíní carbóin, earraí déanta as snáithíní carbóin agus earraí móna, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    6902

    Brící, bloic, tíleanna teasfhulangacha agus earraí foirgníochta ceirmeacha, teasfhulangacha comhchosúla, (gan iad siúd as lón siliúil iontaise nó créanna siliciúla comhchosúla a áireamh)

    6907

    Leaca ceirmeacha agus pábháil, tíleanna teallaigh nó balla; ciúbanna mósáice ceirmeacha agus a leithéid, bídís ar ábhar taca nó ná bídís (gan a áireamh min shiliciúil iontaise nó créanna siliciúla comhchosúla, earraí frithleighis, tíleanna atá oiriúnaithe go sonrach mar mhataí boird, nithe ornáideacha agus tíleanna a mhonaraítear go sonrach le haghaidh sorn)

    7005

    Gloine ar snámh agus gloine snoite nó snasta, ina leatháin nó ina bpróifílí, bíodh brat ionsúiteach, frithchaiteach nó neamh-fhrithchaiteach léi nó ná bíodh, ach í neamhshaoirsithe seachas sin

    7007

    Gloine sábháilteachta, déanta as gloine threisithe (fhaghartha) nó as gloine lannach

    7010

    Carbáigh, buidéil, fleascáin, crúscaí, potaí, fiala, ampaill agus coimeádáin eile, atá déanta as gloine, de chineál a úsáidtear chun earraí a iompar nó a phacáil; crúscaí caomhnúcháin atá déanta as gloine; stopalláin, claibíní agus cláir eile atá déanta as gloine

    7019

    Snáithíní gloine (lena n-áirítear olann ghloine) agus earraí déanta astu sin (mar shampla, snáth, fabraicí fite)

    7104

    Clocha lómhara nó clocha scothlómhara sintéiseacha nó athdhéanta, iad saoirsithe nó neamhshaoirsithe, grádaithe nó neamhghrádaithe ach gan iad curtha ar shreang, agus gan iad suite ná buailte; clocha lómhara nó clocha scothlómhara neamhghrádaithe, sintéiseacha nó athdhéanta, agus iad curtha ar shreang go sealadach le haghaidh a n-iompartha

    7106

    Airgead (lena n-áirítear airgead atá plátáilte le hór nó le platanam), é neamhshaoirsithe nó i bhfoirmeacha leathmhonaraithe, sin nó ina phúdar

    7112

    Fuíoll agus dramhaíl déanta as miotal lómhar nó as miotal cumhdaithe le miotal lómhar; dramhaíl agus fuíoll eile ina bhfuil miotal lómhar nó comhdhúile miotail lómhair, de chineál a úsáidtear go príomha chun miotal lómhar a aisghabháil (gan dramhaíl agus fuíoll leáite ina bhloic neamhoibrithe, ina dtinní, nó ina bhfoirmeacha comhchosúla a áireamh)

    7115

    Earraí miotail lómhair nó miotail atá cumhdaithe le miotal lómhar, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    7201

    Muciarann agus spiegeleisen ina mhuc-bharraí, ina bhloic nó i bhfoirmeacha príomhúla eile

    7202

    Fearó-chóimhiotail

    7203

    Táirgí feiriúla a fhaightear trí iarnmhian agus táirgí eile feiriúla spúinseacha a laghdú go díreach, i gcnapanna, i millíní nó i bhfoirmeacha eile den chineál céanna; iarann a bhfuil íos-íonacht 99,94 % de réir meáchain ann, i gcnapanna, i millíní nó i bhfoirmeacha eile den chineál céanna

    7205

    Gráiníní agus púdair de mhuciarann, spiegeleisen, d’iarann nó de chruach

    7408

    Sreang chopair

    7604

    Barra, slata agus próifílí alúmanaim

    7605

    Sreang alúmanaim

    7606

    Plátaí, leatháin agus stiallacha alúmanaim, atá níos mó ná 0,2 mm ar tiús

    7607

    Scragall alúmanaim (bíodh sé priontáilte nó bíodh páipéar, cairtchlár, plaistigh nó ábhar taca comhchosúil ar a chúl nó ná bíodh), nach bhfuil níos mó ná 0,2 mm ar tiús (gan aon ábhar taca a áireamh)

    7608

    Feadáin agus píobáin alúmanaim

    7801

    Luaidhe neamhshaoirsithe

    8207

    Uirlisí inmhalartaithe le haghaidh uirlisí láimhe, bídís cumhachtoibrithe nó ná bíodh, nó le haghaidh meaisín-uirlisí (e.g. le haghaidh brú, stampáil, puinseáil, tapáil, snáithiú, druileáil, tolladh, bróisteáil, muilleáil, deileadóireacht nó tiomáint scriúnna), lena n-áirítear díslí le haghaidh miotal a tharraingt nó a easbhrú, agus uirlisí chun clocha a dhruileáil agus an talamh a tholladh

    8212

    Rásúir neamhleictreacha agus lanna rásúir neamhleictreacha as táirmhiotal, lena n-áirítear crotáin lann rásúir i stiallacha

    8302

    Gléasadh, feistis agus earraí comhchosúla, iad déanta as táirmhiotal, agus iad atá oiriúnach do throscán agus doirse, do staighrí agus fuinneoga, do dhallóga agus obair chóiste, do dhiallatra, do thruncaí, do chófraí, do chisteoga agus nó a leithéidí; racaí hata, pionnaí hata, braic agus feistiú eile comhchosúil as táirmhiotal; roithlíní agus gléasadh orthu, iad déanta as táirmhiotal; gléasanna dúnta dorais uathoibríocha, iad déanta as táirmhiotal

    8309

    Stopalláin, caidhpeanna agus claibíní, lena n-áirítear coirc chorónacha, scriú-chlaibíní agus stopalláin doirte, capsúil do bhuidéil, dalláin shnáithithe, clúdaigh dallán, séalaí agus comhghabhálais phacála eile, déanta as táirmhiotal

    8407

    Innill loiní dócháin inmheánaigh, frithingeacha spréachadhainte nó rothlacha

    8408

    Innill loiní dócháin inmheánaigh adhainte comhbhrú (innill díosail nó leathdhíosail)

    8409

    Páirteanna atá oiriúnach le húsáid le hinnill loiní dócháin inmheánaigh faoi cheannteidil 8407 nó 8408 amháin nó leis na hinnill sin go príomha

    Ex 8411

    Innill turba-scairde, turba-liáin agus tuirbíní gáis eile cé is moite de chodanna d’innill turba-scairde nó de thurba-liáin de Chód AC 8411 91 00

    8412

    Innill agus mótair (gan tuirbíní gaile, inneall loiní dócháin inmheánaigh, tuirbíní hiodrálacha, rothaí uisce, gástuirbíní agus mótair leictreacha a áireamh); páirteanna díobh

    8413

    Caidéil le haghaidh leachtanna, bíodh feiste tomhais feistithe orthu nó ná bíodh (gan caidéil cheirmeacha agus caidéil asúite táthaithe le haghaidh úsáide míochaine agus caidéil leighis atá á n-iompar nó á n-ionchlannú sa cholainn a áireamh); ardaitheoirí leachta (gan caidéil a áireamh); páirteanna díobh

    8414

    Caidéil aeir nó folúis (seachas ardaitheoirí comhdhúile gáis agus ardaitheoirí agus iompróirí neomatacha); comhbhrúiteoirí agus gaothráin aeir nó gáis eile; cochaill aerála nó athchúrsála lena gcuimsítear gaothrán, bídís feistithe le scagairí nó ná bíodh; páirteanna díobh

    8418

    Cuisneoirí, reoiteoirí agus trealamh cuisniúcháin nó reo eile, bídís leictreach nó ná bídís; teaschaidéil; codanna díobh (gan meaisíní aerchóirithe atá faoi cheannteideal 8415 a áireamh)

    8419

    Innealra, gléasra nó trealamh saotharlainne, bíodh sé téite go leictreonach (gan foirnéisí, oighinn, agus trealamh eile faoin cheannteideal 8514 a áireamh) nó ná bíodh, le haghaidh cóireáil ábhar trí phróiseas lena mbaineann athrú teochta mar théamh, cócaireacht, róstadh, driogadh, ceartú, steiriliú, paistéaradh, galbhruith, triomú, galú, comhdhlúthú nó fuarú (gan na cinn sin a úsáidtear le haghaidh cuspóirí tí a áireamh); prapthéitheoirí agus taiscthéitheoirí uisce, neamhleictreacha; páirteanna díobh

    8421

    Lártheifneoirí, lena n-áirítear triomadóirí lártheifeacha (gan iad siúd do dheighilt iseatóp san áireamh); innealra agus gléasra scagacháin nó íonúcháin i gcomhair leachtanna nó gás; codanna díobh (gan duáin shaorga a áireamh)

    8422

    Miasniteoirí; innealra le haghaidh buidéil nó coimeádáin eile a ghlanadh nó a thriomú; innealra le haghaidh buidéil, cannaí, boscaí, málaí nó coimeádáin eile a líonadh, a dhúnadh, a shéalú nó a lipéadú; innealra le buidéil, prócaí, feadáin agus coimeádáin chomhchosúla a chur i gcapsúl; innealra pacála nó clúdaitheeile, lena n-áirítear innealra teas-chrapchlúdaithe; innealra le haghaidh deochanna a aerú; páirteanna díobh

    8424

    Fearais mheicniúla, bídís oibrithe de láimh nó ná bídís, le haghaidh leachtanna nó púdair a theilgean, a easrú nó a spraeáil nach bhfuil sonraithe in aon áit eile; múchtóirí dóiteáin, atá luchtaithe nó nach bhfuil (gan buamaí múchta dóiteáin agus gránáidí a áireamh); gunnaí spraeála agus fearais chomhchosúla (gan a áireamh meaisíní leictreacha agus gaireas chun miotail a spraeáil go te nó cairbídí miotail shintéaraithe atá faoi cheannteideal 8515 ); meaisíní gaile nó greanroiste agus meaisíní scairdteilgin comhchosúla eile; codanna díobh, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8426

    Deiricí long; craenacha, lena n-áirítear craenacha cábla (gan craenacha atá feistithe ar roth agus craenacha feithiclí d’iarnróid a áireamh); frámaí tógála inaistrithe, iompróirí gabhalscartha agus trucailí oibreacha a bhfuil craein feistithe orthu

    8431

    Páirteanna atá oiriúnach le húsáid leis an innealra atá faoi cheannteidil 8425 go 8430

    8450

    Meaisíní níocháin tí nó le haghaidh neachtlainne, lena n-áirítear meaisíní a dhéanann idir níochán agus triomú; páirteanna díobh

    8455

    Muilte rollta miotail maille leis na rollaí a ghabhann leo; páirteanna de mhuilte rollta miotail

    8466

    Páirteanna agus gabhálais atá oiriúnach le húsáid leis na meaisíní amháin nó go príomha atá faoi cheannteidil 8456 go 8465 , lena n-áirítear coinneálaithe saothair nó uirlise, cinn dísle féinoscailte, cinn a scoilteann agus ceangaltáin speisialta eile le haghaidh na meaisíní, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile; coinneálaithe uirlise d’aon chineál uirlise le haghaidh oibriú i ngreim láimhe

    8467

    Uirlisí le haghaidh oibriú i ngreim láimhe, neomatach, hiodrálach nó le mótar féinchuimsithe leictreach nó neamhleictreach; páirteanna díobh

    8471

    Meaisíní próiseála sonraí uathoibríocha agus aonaid díobh; léitheoirí maighnéadacha nó optúla, meaisíní chun sonraí a thras-scríobh ar mheáin sonraí i bhfoirm chódaithe agus meaisíní chun sonraí den sórt sin a phróiseáil, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8474

    Innealra le cré, cloch, mianta nó substaintí mianracha eile, i bhfoirm sholadach (lena n-áirítear púdar nó taos) a shórtáil, a chriathrú, a scaradh, a ní, a bhrú, a mheilt, a mheascadh nó a fhuineadh; innealra i gcomhair breoslaí soladacha mianracha, taos ceirmeach, ábhair plástrála nó táirgí mianracha eile i bhfoirm púdair nó taois a cheirtleánú nó a mhúnlú; meaisíní le haghaidh múnlaí teilgcheárta a dhéanamh de ghaineamh; páirteanna díobh

    8477

    Innealra le haghaidh rubar nó plaistigh a shaoirsiú le haghaidh táirgí a dhéanamh as na hábhair seo, nach bhfuil sonraithe nó san áireamh in aon áit eile sa chaibidil seo, codanna díobh

    8479

    Meaisíní agus fearais mheicniúla a bhfuil feidhmeanna ar leith acu nach bhfuil sonraithe, nó nach bhfuil san áireamh in aon áit eile sa chaibidil seo; páirteanna díobh

    8480

    Boscaí múnlaithe le haghaidh teilgcheárta miotail; boinn múnlaithe; patrúin múnlaithe; múnlaí le haghaidh miotail (gan múnlaí tinne a áireamh), cairbídí miotail, gloine, ábhair mhianracha, rubair nó plaistigh (gan múnlaí graifíte nó carbón eile, múnlaí ceirmeacha nó gloine agus múnlaí nó maitrísí liteineacha a áireamh)

    8481

    Sconnaí, cocaí agus fearais eile le haghaidh píopaí, blaoscanna coire, umair, dabhcha nó a leithéidí, lena n-áirítear comhlaí laghdaithe brú agus comhlaí rialaithe teasa; páirteanna díobh

    8482

    Imthacaí gránacha nó rollacha (gan liathróidí cruach atá faoi cheannteideal 7326 a áireamh); páirteanna díobh

    8483

    Fearsaidí tarchuir, lena n-áirítear ceamfhearsaidí agus cromfhearsaidí, agus cromáin; cásálacha imthacaí agus imthaca loma fearsaide le haghaidh innealra; giair agus giaráil; scriúnna gránacha nó rollacha, giarbhoscaí agus athraitheoirí luais eile, lena n-áirítear tiontairí casmhóiminte; rothaí lústair agus ulóga, lena n-áirítear bloic ulóg, crága agus cúpláin fearsaide, lena n-áirítear ailt uilíocha; páirteanna díobh; páirteanna díobh

    8487

    Páirteanna innealra, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile i gCaibidil 84 (gan codanna ina bhfuil nascóirí leictreacha, inslitheoirí, cornaí, teagmhálacha nó gnéithe leictreacha eile a áireamh)

    8501

    Mótair leictreacha agus gineadóirí (gan foirne ginte a áireamh)

    8502

    Foirne ginte leictreachais agus tiontairí rothlacha

    8503

    Páirteanna atá oiriúnach le húsáid le mótair agus gineadóirí leictreacha amháin nó go príomha, tacair ghiniúna leictreacha agus tiontairí rothlacha, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8504

    Claochladáin leictreacha, tiontairí statacha, e.g. coigeartóirí, agus ionduchtóirí; páirteanna díobh

    8511

    Fearais adhainte nó tosaithe leictreacha de chineál a úsáidtear le hinnill dócháin inmheánaigh lena mbaineann spréach-adhaint nó brú-adhaint e.g. maignéatónna adhainte, maignéató-dineamónna, cornaí adhainte, spréachphlocóidí agus plocóidí téitheora agus mótair dúisithe; gineadóirí e.g. mar shampla, dineamónna, ailtéarnóirí agus gearrthóga de chineál a úsáidtear i gcomhpháirt le hinnill mar seo; páirteanna díobh

    8516

    Prapthéitheoirí nó taiscthéitheoirí uisce agus tumthéitheoirí leictreacha; gléasra leictreach chun spás a théamh agus gaireas leictreach chun an ithir a théamh; gléasra leictritheirmeach gruagaireachta, e.g. triomadóirí gruaige, trilseacháin gruaige, téitheoirí tlú cataíola, agus triomadóirí láimhe; iarainn smúdála leictreacha; fearais leictriteirmeacha eile de chineál a úsáidtear sa teach; friotóirí téimh leictreacha (gan na cinn atá faoi cheannteideal 8545 san áireamh); páirteanna díobh

    8517

    Foirne teileafóin, lena n-áirítear teileafóin le haghaidh líonraí ceallacha nó le haghaidh líonraí gan sreang eile; gléasra eile le haghaidh guth, íomhánna nó sonraí eile a tharchur nó a fháil, lena n-áirítear gléasra le haghaidh cumarsáide i líonra le sreang nó gan [amhail líonra achair logánta nó líonra achair fhairsing]; codanna díobh (gan gairis tarchurtha nó glactha atá faoi cheannteidil 8443 , 8525 , 8527 nó 8528 a áireamh)

    8523

    Dioscaí, téipeanna, gairis stórála soladstaide neamhluaineacha, ‘cártaí cliste’ agus meáin eile le haghaidh fuaim nó feiniméin eile a thaifeadadh, bíodh sé taifeadta nó ná bíodh, lena n-áirítear maitrísí agus máistirthéipeanna le haghaidh dioscaí a tháirgeadh (gan táirgí Chaibidil 37 a áireamh)

    8525

    Gairis tarchurtha le haghaidh craoltóireacht raidió nó teilifíse, bíodh gaireas glactha nó gaireas taifeadta nó atáirgthe fuaime mar chuid díobh nó ná bíodh; ceamaraí teilifíse, ceamaraí digiteacha agus fístaifeadáin cheamara

    8526

    Gléasra radair, gléasra cúnta radloingseoireachta agus gléasra cianrialaithe raidió

    8531

    Gaireas leictreach fuaime nó amharc-chomharthaíochta, e.g. cloig, bonnáin, painéil táscaire, aláraim buirgléireachta nó dóiteáin (gan iad siúd a bhaineann le rothair, mótarfheithiclí agus comharthaíocht tráchta a áireamh); páirteanna díobh

    8535

    Gléasra leictreonach le haghaidh ciorcaid leictreonacha a lascadh nó a chosaint, nó le haghaidh naisc a dhéanamh le ciorcaid leictreacha nó laistigh díobh, e.g. lasca, fiúsanna, coscairí tintrí, teorantóirí voltais, sochtóirí borrtha, plocóidí agus nascóirí eile, comhchumair, le haghaidh voltas > 1 000 V (gan deasca rialaithe, caibinéid rialaithe, painéil rialaithe, etc. Atá faoi cheannteideal 8537 a áireamh)

    8536

    Gléasra leictreonach le haghaidh ciorcaid leictreonacha a lascadh nó a chosaint, nó le haghaidh naisc a dhéanamh le ciorcaid leictreacha nó laistigh díobh. E.g. lasca, athsheachadáin, fiúsanna, coscaire tintrí, plocóidí, soicéid, coinneálaithe lampa, comhchumair, le haghaidh voltas <= 1 000 v (gan deasca rialaithe, caibinéid rialaithe, painéil rialaithe, etc. Atá faoi cheannteideal 8537 a áireamh)

    8537

    Cláir, painéil, consóil, deasca, caibinéid agus boinn eile, atá feistithe le dhá ghaireas nó níos mó atá faoi cheannteideal 8535 nó 8536 , le haghaidh rialú leictreach nó dáileadh leictreachais, iad siúd a bhfuil uirlisí nó gairis faoi Chaibidil 90 mar chuid díobh san áireamh, agus gairis rialaithe uimhriúil (seachas gairis lasctha le haghaidh teileafónaíocht líne nó teileagrafaíocht líne)

    8538

    Páirteanna atá oiriúnach le húsáid leis an ngléasra sin amháin, nó go príomha, atá faoi cheannteideal 8535 , 8536 nó 8537 , nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8539

    Lampaí filiméid leictrigh nó scaoilte, lena n-áirítear aonaid lampa léis shéalaithe agus lampaí ultraivialaite nó infridhearga; stua-lampaí; lampaí dé-óidí astaithe solais (LED); páirteanna díobh

    8541

    Dé-óidí, trasraitheoirí agus gairis leathsheoltóra chomhchosúla; Gairis leathsheoltóra fótamhothálacha, lena n-áirítear cealla fótavoltacha bídís cóimeáilte ina módúil nó cóirithe ina bpainéil nó ná bídís (gan gineadóirí fótavoltacha a áireamh); dé-óidí astaithe solais (LED); criostail phísileictreacha shuite; páirteanna díobh

    8542

    Ciorcaid leictreonacha iomlánaithe; páirteanna díobh

    8543

    Meaisíní agus gléasra leictreonach, a bhfuil feidhmeanna ar leith acu, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile i gCaibidil 85 agus codanna díobh

    8544

    Sreang inslithe (cruanta nó anóidithe san áireamh), cábla inslithe (cábla comhaiseach san áireamh) agus seoltóirí leictreacha inslithe eile, bíodh nascóirí feistithe díobh nó ná bíodh; cáblaí snáithín optúil, déanta as snáithíní i dtruaillí ar leith, bídís cóimeáilte le seoltóirí leictreacha nó feistithe le nascóirí nó ná bíodh

    8545

    Leictreoidí carbóin, scuaba carbóin, carbóin le haghaidh lampaí nó ceallraí agus earraí eile graifíte nó carbóin eile, le miotal nó gan é, de chineál a úsáidtear chun críocha leictreacha

    8603

    Cóistí, veaineanna agus trucailí féinghluaiste iarnróid nó trambhealaigh (seachas iad siúd atá faoi cheannteideal 8604 )

    8606

    Veaineanna agus vaigíní earraí iarnróid nó trambhealaigh (gan veaineanna féinghluaiste agus veaineanna bagáiste agus cóistí postoifige a áireamh)

    8701

    Tarracóirí (seachas tarracóirí atá faoi cheannteideal 8709 )

    8703

    Gluaisteáin agus mótarfheithiclí eile atá deartha go príomha chun < 10 duine a iompar, lena n-áirítear vaigíní stáisiúin agus gluaisteáin rásaíochta (gan mótarfheithiclí atá faoi cheannteideal 8702 a áireamh)

    8704

    Mótarfheithiclí chun earraí a iompar, lena n-áirítear fonnadh le hinneall agus cábán

    8716

    Leantóirí agus leathleantóirí; feithiclí eile, nach feithiclí innealltiomáinte iad (gan feithiclí iarnróid agus trambhealaigh a áireamh); codanna díobh, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8802

    Aerárthaí cumhachtaithe (e.g. héileacaptair agus eitleáin); Spásárthaí, lena n-áirítear satailítí, agus feithiclí lainseála spásárthaí agus fofhithiseacha

    8901

    Longa cúrsála, báid turais, báid farantóireachta, longa lastais, báirsí agus soithí comhchosúla chun daoine nó earraí a iompar

    8903

    Luaimh agus soithí eile le haghaidh áineasa nó spórt; báid iomraimh agus canúnna

    8904

    Tugaí agus brúshoithí

    8905

    Soithí éadroma, raftaí dóiteáin, dreidirí, craenacha snámhacha agus soithí eile ar fofheidhm dá bpríomhfheidhm í a n-inseoltacht; duganna snámhacha; ardáin druileála nó táirgthe de chineál snámhach nó intumtha

    9001

    Snáithíní optúla agus bearta de shnáithíní optúla; snáithíní optúla, cuail agus cáblaí snáithíní optúla (gan na cinn atá déanta as snáithíní i dtruaillí ar leith atá faoi cheannteideal 8544 a áireamh); leatháin agus plátaí as ábhar polarúcháin; lionsaí, lena n-áirítear lionsaí tadhaill, priosmaí, scátháin agus eilimintí optúla eile, as aon ábhar, neamhfheistithe (gan eilimintí gloine den chineál sin nach ndearnadh oibriú optúil orthu a áireamh)

    9006

    Ceamaraí fótagrafacha, gaireas splancsholas fótagrafach agus splancbholgáin (gan lampaí díluchtaithe atá faoi cheannteideal 8539 a áireamh)

    9013

    Gléasanna leachtchriostail nach earraí iad dá bhforáiltear ar shlí níos sonraí faoi cheannteideal eile; léasair (gan dé-óidí léasair a áireamh); fearais optúla eile agus uirlisí nach bhfuil sonraithe in aon áit eile i gCaibidil 90

    9014

    Compáis treo-aimsithe; uirlisí agus fearais loingseoireachta eile (gan trealamh loingseoireachta raidió a áireamh)

    9026

    Uirlisí agus gléasra chun sreabhadh, leibhéal, brú nó athróga eile leachtanna nó gás a thomhas nó a sheiceáil, mar shampla, sreabhmhéadair, tomhsairí leibhéil, Manaiméadair, méadair teasa (gan na huirlisí agus na gléasra a áireamh atá faoi cheannteidil 9014 , 9015 , 9028 nó 9032 )

    9027

    Uirlisí agus gléasra le haghaidh anailís fhisiceach nó cheimiceach, mar shampla, polaraiméadair, athraonmhéadair, speictriméadair, gléasra anailíse gáis nó deataigh; uirlisí agus gléasra chun slaodacht, póiriúlacht, méadú, teannas dromchla nó a leithéidí a thomhas nó a sheiceáil; uirlisí agus gléasra chun cainníochtaí teasa, fuaime nó solais a thomhas nó a sheiceáil, lena n-áirítear nochtmhéadair; micreatóim

    9030

    Ascalascóip, anailíseoirí speictrim agus uirlisí agus gléasra eile chun cainníochtaí leictreachais a thomhas nó a sheiceáil (gan na méadair atá faoi cheannteideal 9028 ); uirlisí agus gléasra chun radaíocht ianúcháin alfa, béite, gáma, X-ghathach, chosmach nó radaíocht ianúcháin eile a thomhas nó a bhrath

    9031

    Uirlisí tomhais nó seiceála, fearais agus meaisíní nach bhfuil sonraithe in aon áit eile i gcaibidil 90; teilgeoirí próifíle

    9032

    Uirlisí agus gairis rialála nó rialaithe (gan sconnaí, coiligh agus comhlaí atá faoi cheannteideal 8481 a áireamh)

    9401

    Suíocháin, bíodh siad in-chomhshóite go leapacha nó ná bíodh, agus codanna díobh, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile (gan míochaine, máinliachta, déidliachta nó tréidliachta faoi cheannteideal 9402 a áireamh)

    9403

    Troscán eile agus páirteanna díobh

    9404

    Tacaíochtaí tochta (gan spriongaí inmheánacha do shuíocháin); earraí leapa agus fearastú dá samhail, e.g. tochtanna, cuilteanna, éidígh, cúisíní, pofaí agus piliúir, feistithe le spriongaí nó líonta nó líonta go hinmheánach le haon ábhar nó rubar ceallach nó plaistigh, bídís clúdaithe nó ná bídís (gan tochtanna agus piliúir neomatacha nó uisce, pluideanna agus clúdaigh a áireamh)

    9405

    Lampaí agus feistis soilsithe, lena n-áirítear soilse cuardaigh agus spotsoilse, agus codanna díobh, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile; comharthaí soilsithe, ainmchláir shoilsithe agus a leithéidí, lena bhfuil foinse soilse suite go buan, agus codanna díobh, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    9406

    Foirgnimh réamhdhéanta, bídís iomlán nó cóimeáilte cheana nó ná bídís

    ’.

    IARSCRÍBHINN IV

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn XXIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

    ‘IARSCRÍBHINN XXIII

    Liosta na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3k

    Cód AC

    Tuairisc

    0601

    Bleibíní, tiúbair, meacain, cormáin, corónacha agus riosóim shuanacha nó iad ag fás nó faoi bhláth; plandaí siocaire agus fréamhacha seachas fréamhacha faoi cheannteideal 1212 :

    0602 30

    Ródaideandróin agus asáilianna, bídís beangaithe nó ná bídís

    0602 40

    Rósanna, bídís beangaithe nó ná bídís

    0602 90

    Plandaí beo eile (lena n-áirítear a bhfréamhacha), beangáin agus slapair; pór beacán – Eile

    0604 20

    Duilliúir, craobhacha agus codanna eile de phlandaí, gan bhláthanna nó bachlóga bláthanna, agus féara, caonaigh agus léicin atá ina n-earraí de shaghas atá oiriúnach do chrobhaingí nó chun críoch ornáideacha, iad úr, triomaithe, daite, tuartha, tuilte nó ar shlí eile ullmhaithe – Úr

    2508

    Créanna, andalúisít, ciainít agus silliminít, bídís cailcínithe nó ná bídís; muilít; chamotte nó créanna dinas (seachas cré chamotte agus créanna cailinneacha, agus cré leathnaithe)

    2509

    Cailc

    2512

    Min shiliciúil iontaise (mar shampla, kieselguhr, tripilít agus diatóimít) agus ithreacha siliciúla comhchosúla, bídís cailcínithe nó ná bídís, ar 1 nó níos lú a sainmheáchan dealraitheach

    2515

    Marmar, trabhairtín, ecaussine agus cloch chailcreach eile i gcomhair leacht cuimhne nó tógála ar >= 2.5, a sainmheáchan dealraitheach, agus albastar, bídís bearrtha go garbh nó go díreach gearrtha, trína sábhadh nó trína ngearradh ar bhealach eile, ina mbloic nó ina leaca i bhfoirm cearnógach nó dronuilleogach

    2518 20

    Dolaimít chailcínithe nó shintéaraithe

    2519 10

    Carbónáit mhaignéisiam nádúrtha (maignéisít)

    2520 10

    Gipseam; ainhidrít

    2521

    Flosc aolchloiche; aolchloch agus cloch chailcreach eile, de chineál a úsáidtear chun aol nó stroighin a mhonarú

    2522

    Aol beo, aol teilgthe agus aol hiodrálach, seachas ocsaíd chailciam agus hiodrocsaíd faoi cheannteideal 2825

    2525

    Míoca, bíodh sé scoilte ina leatháin nó ina scealpaí nó ná bíodh; dramhaíl mhíoca

    2526

    Stéitít nádúrtha, bíodh sí bearrtha go garbh nó go díreach gearrtha, trína sábhadh nó trína gearradh ar bhealach eile, ina bloic nó ina leaca i bhfoirm dhronuilleogach (lena n-áirítear i bhfoirm chearnógach); talc

    2530 20

    Cíosairít, eapsaimít (sulfáití maignéisiam nádúrtha)

    2701

    Gual; Brícíní, ubhchruthóidigh agus breoslaí soladacha comhchosúla a mhonaraítear as gual

    2702

    Lignít, bíodh sí ceirtleánaithe nó ná bíodh, cé is moite de ghaing

    2703

    Móin (lena n-áirítear easair mhóna) bíodh sí ceirtleánaithe nó ná bíodh

    2704

    Cóc agus leathchóc guail, ligníte nó móna, bídís ceirtleánaithe nó ná bídís; carbón freangáin

    2707 30

    Xileol (xiléiní)

    2708

    Pic agus cóc pice, a fhaightear ó tharra guail nó ó tharraí mianracha eile

    2710

    Olaí peitriliam agus olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha (seachas cinn amha); ullmhóidí ina bhfuil >= 70 % de réir meáchain olaí peitriliam olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha, agus inarb iad na holaí sin bun-chomhábhair na n-ullmhóidí, nach bhfuil sonraithe in áit eile; olaí dramhaíola ina gcuimsítear peitriliam nó mianraí biotúmanacha go príomha

    2712

    Glóthach pheitriliam, céir phairifín, céir pheitriliam mhicricriostalta, céir ola, ózaiceirít, céir ligníte, céir mhóna, céaracha mianraí eile, agus táirgí comhchosúla a fhaightear trí shintéis nó trí phróisis eile, bídís daite nó ná bídís

    2715

    Maisteoga biotúmanacha, ciorruithe agus meascáin bhiotúmanacha eile atá bunaithe ar asfalt nádúrtha, ar bhiotúman nádúrtha, ar bhiotúman peitriliam, ar tharra mianrach nó ar phic tarra mhianrach – Eile

    Ex 2804

    Hidrigin agus neamh-mhiotail eile (seachas tearcgháis)

    2806

    Clóiríd hidrigine (aigéad hidreaclórach); aigéad clórasulfarach

    2811 29

    Comhdhúile ocsaigine neamhorgánacha eile de neamh-mhiotail – Eile

    2813 10

    Déshuilfíd charbóin

    2814

    Amóinia, í ainhidriúil nó i dtuaslagán uiscí

    2815 12

    Hiodrocsaíd sóidiam (sóid loiscneach) – I dtuaslagán uiscí (buac shóide nó sóid leachtach)

    2818 30

    Hiodrocsaíd alúmanaim

    2819

    Ocsaídí agus hiodrocsaídí cróimiam

    2820

    Ocsaídí mangainéise

    2825

    Hiodraisín agus hiodrocsalaimín agus a gcuid salann neamhorgánach bunúis neamhorgánacha, ocsaídí, hiodrocsaídí agus sárocsaídí as miotail, nach sonraítear in aon áit eile

    2827 31

    Clóirídí eile – De mhaignéisiam

    2827 35

    Clóirídí eile – De nicil

    2828

    Hipeachlóirítí; hipeachlóirít chalciam tráchtála; clóirítí; hipeabhróimítí

    2829 11

    Clóirídí – De shóidiam

    2832 20

    Suilfítí (seachas sóidiam)

    2833 24

    Suilfítí de nicil

    2833 30

    Alúim

    2834 10

    Nítrítí

    2836 30

    Hidrigincarbónáit sóidiam (décharbónáit sóidiam)

    2836 50

    Carbónáit chailciam

    2839

    Sileacáití; sileacáití miotail alcaile tráchtála

    2840 30

    Sárocsabóráití (sárbhóráití)

    2841 50

    Crómáití agus déchrómáití eile; sárocsachrómáití

    2841 80

    Tungstáití (volframáití)

    2843

    Miotail chollóideacha lómhara; comhdhúile orgánacha nó neamhorgánacha as miotail lómhara, bídís sainithe ó thaobh ceimice nó ná bídís; malgaim as miotail lómhara

    2847

    Sárocsaíd hidrigine, bíodh sí soladaithe le húiré nó ná bíodh

    2901

    Hidreacarbóin neamhchioglacha

    2902

    Hidreacarbóin chioglacha

    2903

    Díorthaigh halaiginithe hidreacarbón

    2904

    Díorthaigh shulfónaithe, níotráitithe nó níotrasaithe de hidreacarbóin, bídís halaiginithe nó ná bídís

    2905 13

    Bútan-1-ól (alcól n-búitile)

    2905 16

    Ochtanól (alcól ochtaile) agus isiméirí de sin

    2905 19

    Alcóil aonhidreacha sháithithe – Eile

    2905 31

    Gliocól eitiléine (eatáindé-ól)

    2905 41

    2-Eitil-2-(hiodrocsaimeitil)própán-1,3-dé-ól (trímheitiolprópán)

    2905 59

    Alcóil pholaihidreacha eile – Eile

    2906

    Alcóil chioglacha agus a ndíorthaigh halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe

    2907

    Feanóil; feanól-alcóil

    2909

    Éitir, éitearalcóil, éitear-fheanóil, éitearalcól-fheanóil, sárocsaídí alcóil, sárocsaíd éitir, sárocsaídí céatóin (bídís sainithe ó thaobh ceimice nó ná bídís), agus a gcuid díorthach halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe

    2910

    Eapocsaídí, eapocsa-alcóil, eapocsaifeanóil agus eapocsai-éitir, ag a bhfuil fáinne tríbhallach, agus a ndíorthaigh halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe

    2911

    Aicéatail agus leathaicéatail, bíodh feidhm ocsaigine eile acu nó ná bíodh, agus a ndíorthaigh halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe

    2912

    Aildéid, bíodh feidhm ocsaigine acu nó ná bíodh; polaiméirí cioglacha d’aildéid; paraformaildéad

    2914 11

    Aicéatón

    2914 61

    Antracuineon

    2915 13

    Eistir aigéid fhormaigh

    2915 90

    Aigéid mhonacarbocsaileacha neamhchioglacha sháithithe agus a n-ainhidrídí, a hailídí, a sárocsaídí agus a sárocsa-aigéid; a gcuid díorthach halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe – Eile

    2916

    Aigéid mhonacarbocsaileacha neamhchioglacha neamhsháithithe, aigéid mhonacarbocsaileacha chioglacha, a n-ainhidrídí, a hailídí, a sárocsaídí agus a sárocsa-aigéid; a ndíorthaigh halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe

    2917 33

    Ortataláití dénaoinile nó dédheicile

    2920 11

    Paraitión (ISO) agus paraitión-meitil (ISO) (meitil-paraitión)

    2921 22

    Heicsimeitiléindé-aimín agus shalainn

    2921 41

    Anailín agus a shalainn

    2922 11

    Mona-eatánólaimín agus a shalainn

    2922 43

    Aigéad antrainileach agus a shalainn

    2923 20

    Leicitin agus fosfaimínilipidí eile

    2930 40

    Meitiainín

    2933 54

    Díorthaigh eile de mhalóiniolúiré (aigéad barbatúrach); salainn díobh sin

    2933 71

    6-Heacsánlachtam (eipsealón-capralachtam)

    3201

    Eastóscáin súdaireachta de bhunadh plandúil; tainniní agus a gcuid salann, éitir, eistir agus díorthaigh eile

    3202

    Substaintí súdaireachta orgánacha sintéiseacha; substaintí súdaireachta neamhorgánacha; ullmhóidí súdaireachta, bíodh substaintí súdaireachta nádúrtha iontu nó ná bíodh; ullmhóidí einsímeacha le haghaidh réamhshúdaireachta

    3203

    Ábhar dathúcháin de bhunadh plandúil nó ainmhíoch, lena n-áirítear eastóscáin súdaireachta (ach gan dubh ainmhí san áireamh), bídís sainithe ó thaobh ceimice nó ná bídís; ullmhóidí bunaithe ar ábhar dathúcháin de bhunadh plandúil nó ainmhíoch, de chineál a úsáidtear chun fabraicí a dhathú nó chun ullmhóidí datháin a tháirgeadh (ach gan ullmhóidí faoi cheannteidil 3207 , 3208 , 3209 , 3210 , 3213 agus 3215 a áireamh) – Eile

    3204 90

    Ábhair dhathúcháin orgánacha shintéiseacha, bídís sainithe ó thaobh ceimice nó ná bídís; ullmhóidí mar atá sonraithe i nóta 3 a ghabhann leis an gcaibidil seo bunaithe ar ábhar dathúcháin orgánach sintéiseach; táirgí orgánacha sintéiseacha de chineál a úsáidtear mar oibreáin ghealaithe fhluaraiseacha nó mar lúmanafóir, bídís sainithe ó thaobh ceimice nó ná bídís

    3205

    Lochanna datha (seachas laicear agus péinteanna Síneacha nó Seapánacha); ullmhóidí bunaithe ar lochanna datha, de chineál a úsáidtear chun fabraicí a dhathú nó chun ullmhóidí datháin a tháirgeadh (ach gan ullmhóidí faoi cheannteidil 3207 , 3208 , 3209 , 3210 , 3213 agus 3215 a áireamh)

    3206 41

    Ultramairín agus ullmhóidí bunaithe ar ultramairín, de chineál a úsáidtear chun aon ábhar a dhathú nó chun ullmhóidí datháin a tháirgeadh (ach gan ullmhóidí faoi cheannteidil 3207 , 3208 , 3209 , 3210 , 3213 agus 3215 a áireamh)

    3206 49

    Ábhar dathúcháin neamhorgánach nó mianrach, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile; ullmhóidí bunaithe ar ábhar dathúcháin neamhorgánach nó mianrach, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile, de chineál a úsáidtear chun aon ábhar a dhathú nó ullmhóidí datháin táirge (ach gan ullmhóidí faoi cheannteidil 3207 , 3208 , 3209 , 3210 , 3213 agus 3215 agus táirgí neamhorgánacha de chineál a úsáidtear mar lúmanafóir a áireamh) – Eile

    3207

    Líocha ullmhaithe, teimhneoirí ullmhaithe agus dathanna ullmhaithe, cruain agus glónraí inghloinithe, eingeobanna, lonruithe leachtacha agus ullmhóidí comhchosúla, den chineál a úsáidtear sa tionscal ceirmeach, cruanta nó gloine; friochtachán gloine, i bhfoirm púdair, gráinníní nó calóg

    3208

    Péinteanna agus vearnaisí (lena n-áirítear cruain agus laicir) atá bunaithe ar pholaiméirí sintéiseacha nó polaiméirí nádúrtha atá modhnaithe ó thaobh ceimice de, iad easraithe nó tuaslagtha i meán neamh-uisceach; tuaslagáin táirgí atá faoi cheannteidil 3901 go 3913 i dtuaslagóirí orgánacha so-ghalaithe, ina bhfuil > 50 % tuaslagóir de réir meáchain (seachas tuaslagáin collódiain)

    3209

    Péinteanna agus vearnaisí (lena n-áirítear cruain agus laicir) atá bunaithe ar pholaiméirí sintéiseacha nó polaiméirí nádúrtha a mhodhnaítear ar bhun ceimice, easraithe nó tuaslagtha i meán uiscín

    3210

    Péinteanna agus vearnaisí eile (lena n-áirítear cruain, laicir agus leamhaol); líocha uisce ullmhaithe de chineál a úsáidtear chun leathar a bhailchríochnú

    3212 90

    Líocha (lena n-áirítear púdair mhiotalacha agus calóga miotalacha), easraithe i meán neamhuisceach, i bhfoirm leachtach nó taois, de chineál a úsáidtear agus péinteanna (cruain san áireamh) á monarú; scragaill stampála; ruaimeanna agus ábhar eile dathúcháin a chuirtear i bhfoirmeacha nó i bpacáiste lena miondíol – Eile

    3214

    Puití gloineadóra, puití beangúcháin, stroighin roisíneach, comhdhúile calctha agus maisteoga eile; líonta péintéirí; ullmhóidí neamh-theasfhulangacha le haghaidh dromchlú aghaidheanna, ballaí faoi dhíon, urlár, síleálacha nó a leithéidí

    3215 11

    Dúch priontála – Dubh

    3215 19

    Dúch priontála – Eile

    3403

    Ullmhóidí bealaithe (lena n-áirítear ullmhóidí ola gearrtha, ullmhóidí scaoilte boltaí nó cnónna, ullmhóidí frithmheirgithe nó frithchreimthe agus ullmhóidí scaoilte múnlaí, bunaithe ar bhealaí) agus ullmhóidí scaoilte múnlaí atá bunaithe ar bhealaí; Ullmhóidí teicstíle bealaithe agus ullmhóidí de chineál a úsáidtear chun ola nó ramhar ábhair theicstíle, leathar, fionnadhsheithí agus ábhair eile a chóireáil (seachas ullmhóidí ina bhfuil, mar chomhábhair bhunúsacha, cion meáchain >= 70 % d’olaí peitriliam nó d’olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha de réir meáchain)

    3505 10

    Deistriní agus stáirsí modhnaithe eile

    3506 99

    Gliúnna sainullmhaithe agus greamacháin eile shainullmhaithe, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; táirgí atá oiriúnach lena n-úsáid mar ghliúnna nó greamacháin, atá cóirithe lena miondíol mar ghliúnna nó greamacháin, nach mó a nglanmheáchan ná 1 kg – Eile

    3701 20

    Scannán inphriontáilte ar an toirt

    3701 91

    Le haghaidh fótagrafaíocht dhaite (polachróm)

    3702

    Scannán fótagrafach i bhfoirm rollaí, iad íograithe, neamhnochtaithe, d'aon ábhar seachas páipéar, cairtchlár nó teicstílí; scannán inphriontáilte ar an toirt i bhfoirm rollaí, iad íograithe, neamhnochtaithe

    3703

    Páipéar agus cairtchlár fótagrafach agus teicstílí fótagrafacha, iad íograithe, neamhnochtaithe

    3705

    Plátaí fótagrafacha agus scannán fótagrafach, nochta agus réalta (gan táirgí déanta as páipéar, cairtchlár ná teicstílí, scannáin chineamatagrafacha agus plátaí priontála réidh le húsáid a áireamh)

    3706

    Scannáin chineamatagrafacha, iad nocht agus forbartha, bíodh fuaimrian ionchorpraithe iontu nó ná bíodh nó bíodh nach bhfuil iontu ach an fuaimrian

    3801 20

    Graifít chollóideach nó leathchollóideach

    3806 20

    Salainn róisín, salainn ó aigéid roisín nó ó dhíorthaigh de róisín nó d’aigéid roisín, (seachas salainn ó aduchtanna róisín)

    3807

    Tarra adhmaid; olaí tarra adhmaid; créasóid adhmaid; nafta adhmaid; pic ghlasrúil; pic ghrúdaireachta agus ullmhóidí comhchosúla atá bunaithe ar róisín, ar aigéid roisín nó ar phic ghlasrúil (gan pic bhurgúin, pic bhuí, pic stéirine, pic aigéid shailligh, pic tarra shailligh agus pic ghlicrín a áireamh)

    3809

    Oibreáin bhailchríche, iompróirí ruaimeanna chun dlús a chur leis an ruaimniú nó le daingniú na ruaimeachán agus táirgí eile agus ullmhóidí eile, amhail cóirithe agus buanaitheoirí de chineál a úsáidtear sa tionscal teicstíle, páipéir nó leathair nó i dtionscail chomhchosúla, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile,

    3810

    Ullmhóidí picile miotail; floscanna agus ullmhóidí cúnta eile le haghaidh sádrála, prásála nó táthú; púdair agus taois sádrála, phrásála nó tháthúcháin ina bhfuil miotal agus ábhair eile; ullmhóidí de chineál a úsáidtear mar bhratú nó mar chroíthe le haghaidh leictreoidí nó slata táthúcháin

    3811

    Ullmhóidí frithchnagarnaigh, coscairí ocsaídiúcháin, coscairí guma, feabhsaitheoirí slaodachta, ullmhóidí frithchreimneacha agus breiseáin ullmhaithe eile, le haghaidh olaí mianracha, lena n-áirítear gásailín, nó le haghaidh leachtanna eile a úsáidtear chun na gcríoch céanna le holaí mianracha

    3812

    Brostaitheoirí rubair ullmhaithe; plaisteacháin chomhdhúile le haghaidh rubair nó plaisteach, nach bhfuil sonraithe ná airithe in aon áit eile; ullmhóidí frith-ocsaídiúcháin agus cobhsaitheoirí eile comhdhúile le haghaidh rubair nó plaisteach

    3813

    Ullmhóidí agus lánáin do mhúchtóirí dóiteáin; gránáidí lánáin múchta dóiteáin (seachas gairis múchta dóiteáin atá iomlán nó folamh, bídís iniompartha nó ná bídís, táirgí neamhsonraithe nach bhfuil measctha go ceimiceach le hairíonna múchta dóiteáin i bhfoirmeacha eile)

    3814

    Tuaslagóirí agus caolaitheoirí comhchodacha orgánacha, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; ullmhóidí díothaithe péinte nó vearnaise (seachas díobhach vearnais ingne)

    3815

    Tionscnóirí imoibriúcháin, brostaitheoirí imoibriúcháin agus ullmhóidí catalaíocha, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile (seachas brostaitheoirí rubair)

    3816

    Stroighin, moirtéal agus coincréit atá teasfhulangach, agus cumaisc chomhchosúla, seachas na táirgí atá faoi cheannteideal 3801

    3817

    Ailcilbeinséiní measctha agus ailciolnaftailéiní measctha arna dtáirgeadh trí ailciliú beinséine agus naftailéine (seachas isiméirí measctha de hidreacarbóin thimthriallacha)

    3819

    Sreabháin coscán hiodrálach agus leachtanna eile ullmhaithe le haghaidh traiseoladh hiodrálach nach bhfuil olaí peitriliam nó olaí mianraí bitiúmanacha iontu, nó ina bhfuil, de réir meáchain, < 70 % de na holaí sin

    3820

    Ullmhóidí frithreoite agus sreabháin ullmhaithe dí-oighrithe (seachas breiseáin ullmhaithe le haghaidh olaí mianracha a úsáidtear chun na gcríoch céanna mar olaí mianracha)

    3823 13

    Aigéid shailleacha ó roisín leachtach, tionsclaíoch

    3827 90

    Meascáin ina bhfuil díorthaigh halaiginithe de mheatán, d’eatán nó de phrópán (gan iad sin faoi fho-cheannteidil 3824.71.00 go 3824.78.00 a áireamh)

    3824 81

    meascáin agus ullmhóidí ina bhfuil ocsaíorán (ocsaíd eitiléine)

    3824 84

    meascáin agus ullmhóidí ina bhfuil aildrin (ISO), camfaclór (ISO) (tocsaiféin), clórdán (ISO), clóradeacón (ISO), DDT (ISO) (clóifeineatán (INN), 1,1,1-tríchlóra–2,2 -bis(p-clóraifeinil)eatán), díldrin (ISO, INN), ionsulfán (ISO), eindrin (ISO), heipteaclór (ISO) nó miréis (ISO)

    3824 99

    táirgí agus ullmhóidí ceimiceacha ó na tionscail cheimiceacha nó ó na tionscail ghaolmhara, lena n-áirítear iad siúd ina bhfuil meascáin de tháirgí nádúrtha, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile

    3825 90

    táirgí iarmharacha ó na tionscail cheimiceacha nó ó na tionscail ghaolmhara, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile (seachas dramhaíl)

    3826

    bithdhíosal agus meascáin atá déanta as, nach bhfuil olaí peitriliam nó olaí a fhaightear ó mhianraí bitiúmanacha iontu nó ina bhfuil, de réir meáchain, níos lú ná 70 % de na holaí sin

    3901 40

    comhpholaiméirí olaifín alfa-eitiléine a bhfuil sainmheáchan < 0,94 inti, i bhfoirmeacha príomhúla

    3902 20

    poiliseabúitiléin, i bhfoirmeacha príomhúla

    3902 30

    comhpholaiméirí próipiléine, i bhfoirmeacha príomhúla

    3902 90

    polaiméirí de phróipiléin nó d’olaifíní eile, i bhfoirmeacha príomhúla (seachas polapróipiléin, poiliseabúitiléin agus comhpholaiméirí próipiléine)

    3903 19

    polaistiréin, i bhfoirmeacha príomhúla (gan iad sin atá insínte a áireamh)

    3903 90

    polaiméirí stiréine, i bhfoirmeacha príomhúla (seachas polaistiréin, comhpholaiméirí stiréin aicrilinítríle (SAN) agus stiréin bhútaidhé-éine aicrilinítríle (ABS))

    3904 10

    ‘clóiríd pholaivinile’, i bhfoirmeacha príomhúla, nach bhfuil measctha le haon substaintí eile

    3904 50

    polaiméirí clóiríd vinilídéine, i bhfoirmeacha príomhúla

    3905

    Polaiméirí de chlóiríd vinile nó d'olaifíní halaiginithe eile, i bhfoirmeacha príomhúla; polaiméirí aicrileacha eile, i bhfoirmeacha príomhúla

    3906

    Polaiméirí aicrileacha, i bhfoirmeacha príomhúla

    3907 21

    Polai-éatair, i bhfoirmeacha príomhúla (seachas pola-aicéatail agus earraí faoi cheannteideal 3002 10)

    3907 40

    Polacarbónáití, i bhfoirmeacha príomhúla

    3907 70

    Pola (aigéad lachtach), i bhfoirmeacha príomhúla

    3907 91

    poileistir aillile neamhsháithithe nó poileistir neamhsháithithe eile, i bhfoirmeacha príomhúla (seachas polacharbonáití, roisíní ailcíde, pola(teireataláit eitiléine) agus pola(aigéad lachtach))

    3908

    Polaimídí, i bhfoirmeacha príomhúla

    3909 20

    Roisíní mealaimín, i bhfoirmeacha príomhúla

    3909 39

    Aimínea-roisíní, i bhfoirmeacha príomhúla (seachas roisíní úiré, roisíní tia-úiré agus roisíní mealaimín agus MDI)

    3909 40

    Roisíní fionólacha, i bhfoirmeacha príomhúla

    3909 50

    Polúireatáin, i bhfoirmeacha príomhúla

    3910

    Sileacóin i bhfoirmeacha príomhúla

    3911 90

    Polasuilfídí, polasulfóin agus polaiméirí agus réamhpholaiméirí eile arna dtáirgeadh trí shintéis cheimiceach, nach sonraítear in aon áit eile, i bhfoirm phríomhúil

    3912

    Ceallalós agus na díorthaigh a bhaintear as, nach sonraítear ná nach n-áirítear in aon áit eile, i bhfoirmeacha príomhúla

    3915 20

    Dramhaíl, dramh bearrtha agus fuíoll, as polaiméirí stiréine

    3917

    Feadáin, píopaí agus píobáin agus feistis dóibh (mar shampla ailt, uillinneacha, feirí), iad déanta as plaistigh

    3920 10

    Plátaí, leatháin, scannán, scragall agus stiallacha, as polaiméirí eitiléine neamhcheallacha, nach bhfuil treisithe, lannaithe, faoi thacú nó i gcumasc comhchosúil le hábhair eile, gan ábhar taca, atá neamhshaoirsithe nó dromchla-shaoirsithe amháin, nó atá go díreach gearrtha ina gcearnóga nó ina ndronuilleoga (gan táirgí féinghreamaitheacha, ná clúdaigh urláir, bhalla agus síleála faoi cheannteideal 3918 a áireamh)

    3920 61

    Plátaí, leatháin, scannán, scragall agus stiallacha, as polacharbonáití neamhcheallacha, nach bhfuil treisithe, lannaithe, faoi thacú nó i gcumasc comhchosúil le hábhair eile, gan ábhar taca, atá neamhshaoirsithe nó dromchla-shaoirsithe amháin, nó atá go díreach gearrtha ina gcearnóga nó ina ndronuilleoga (seachas iad sin atá déanta as polai(meataicrioláit mheitile), agus gan táirgí féinghreamaitheacha, ná clúdaigh urláir, bhalla agus síleála faoi cheannteideal 3918 a áireamh)

    3920 69

    Plátaí, leatháin, scannán, scragall agus stiallacha, as poileistir neamhcheallacha, nach bhfuil treisithe, lannaithe, faoi thacú nó i gcumasc comhchosúil le hábhair eile, gan ábhar taca, atá neamhshaoirsithe nó dromchla-shaoirsithe amháin, nó atá go díreach gearrtha de réir cruth dronuilleogach, nó cruth cearnógach (seachas polacharbonáití, pola(teireataláit eitiléine) agus poileistir neamhsháithithe eile, táirgí féinghreamaitheacha, agus clúdaigh urláir, bhalla agus síleála faoi cheannteideal 3918 )

    3920 73

    Plátaí, leatháin, scannán, scragall agus stiallacha, as aicéatáití ceallalóis neamhcheallacha, nach bhfuil treisithe, lannaithe, faoi thacú nó i gcumasc comhchosúil le hábhair eile, gan ábhar taca, atá neamhshaoirsithe nó dromchla-shaoirsithe amháin nó go díreach gearrtha ina gcearnóga nó ina ndronuilleoga (gan táirgí féinghreamaitheacha, ná clúdaigh urláir, bhalla agus síleála faoi cheannteideal 3918 a áireamh)

    3920 91

    Plátaí, leatháin, scannán, scragall agus stiallacha, as bútaral polaivinile neamhcheallach, nach bhfuil treisithe, lannaithe, faoi thacú nó i gcumasc comhchosúil le hábhair eile, gan ábhar taca, atá neamhshaoirsithe nó dromchla-shaoirsithe amháin nó go díreach gearrtha ina gcearnóga nó ina ndronuilleoga (gan táirgí féinghreamaitheacha, ná clúdaigh urláir, bhalla agus síleála faoi cheannteideal 3918 a áireamh)

    3921 19

    plátaí, leatháin, scannán, scragall agus stiallacha, as plaisteach ceallach, atá neamhshaoirsithe nó dromchla-shaoirsithe amháin nó go díreach gearrtha ina gcearnóga nó ina ndronuilleoga (gan iad sin as polaiméirí stiréine, clóiríd vinile, polúireatáin agus ceallalós athghinte, agus táirgí féinghreamaitheacha, ná clúdaigh urláir, bhalla agus síleála faoi cheannteideal 3918 agus baic steiriúla máinliachta nó baic ar ghreamacháin déidliachta faoi fho-cheannteideal 3006.10.30 a áireamh)

    3922 90

    bideteanna, pannaí leithris, sistéil shruthlaithe agus earraí sláintíocha comhchosúla, as plaistigh (seachas folcadáin, cithfholcadáin, doirtil, báisíní níocháin, suíocháin agus clúdaigh leithris)

    3925 20

    doirse, fuinneoga agus na frámaí a ghabhann leo, agus tairseacha i gcomhair doirse, as plaistigh

    4002

    Rubar sintéiseach agus faictís a fhaightear ó olaí, i bhfoirmeacha príomhúla nó ina phlátaí; meascáin de rubar nádúrtha, balata, gutta-percha, guayule, chicle nó de chineálacha comhchosúla rubair nádúrtha le rubar sintéiseach nó le faicís, i bhfoirmeacha príomhúla nó i bplátaí, leatháin nó stiall

    4005

    Rubar comhshuite, neamhbholcánaithe i bhfoirmeacha príomhúla nó i bplátaí, i leatháin nó i stiallacha

    4006 10

    Stiallacha ‘traipéasóideacha’ de rubar neamhbholcánaithe, le haghaidh atráchtadh bonn rubair

    4008 21

    Plátaí, leatháin agus stiallacha, as rubar neamhcheallach

    4009 12

    Feadáin, píopaí agus píobáin, as rubar bolcánaithe (seachas rubar crua), nach bhfuil treisithe nó i gcumasc ar bhealach eile le hábhair eile, le feistis

    4009 41

    Feadáin, píopaí agus píobáin, as rubar bolcánaithe (seachas rubar crua), athneartaithe nó comhcheangailte ar bhealach eile le hábhair seachas ábhair mhiotail nó teicstíleacha, gan feistis

    4010

    Criosanna nó beilteanna iompair nó tarchurtha, den rubar bolcánaithe

    4011 20

    Boinn neomatacha nua, déanta as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna agus ar leoraithe

    4011 80

    Boinn neomatacha nua, atá déanta as rubar, de chineál a úsáidtear ar fheithiclí agus meaisíní talmhaíochta nó foraoiseachta

    4012

    Boinn atráchtaithe nó chaite aeir, as rubar; boinn sholadacha nó chúisín, tráchta boinn agus flapaí boinn, as rubar

    4016 93

    Gaiscéid, leicneáin agus séalaí eile, as rubar bolcánaithe (seachas rubar crua agus rubar ceallach)

    4407

    Adhmad sáfa nó scealptha ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte nó ná bíodh, le tiús > 6 mm

    4408 10

    Leatháin le haghaidh athchraicinn, lena n-áirítear na cinn a fhaightear trí adhmad lannaithe a shliseadh, le haghaidh sraithadhmad buaircíneach nó le haghaidh adhmaid buaircíneach lannaithe chomhchosúil agus adhmaid buaircíneach eile, sáfa ar a fhad, sliste nó scafa, bíodh sé plánáilte, greanáilte, scarshiúntaithe nó ceannsiúntáilte nó ná bíodh, le tiús <= 6 mm

    4411 13

    Clár snáithíneach meándlúis (MDF) adhmaid, ar tiús > 5 mm ach <= 9 mm

    4411 94

    Clár snáithíneach adhmaid nó ábhar ligneach eile, bíodh sé ceirtleánaithe le roisíní nó le hoibreáin nasctha orgánacha eile nó ná bíodh, ag a bhfuil dlús <= 0.5 g/cm3 (seachas snáithíneach meándlúis (MDF); clár cáithníní, bíodh sé nasctha le leathán cláir snáithínigh amháin nó níos mó, nó ná bíodh; adhmad lannaithe ag a bhfuil sraith de shraithadhmad; painéil cheallacha adhmaid a bhfuil an dá thaobh ina gclár snáithíneach; cairtchlár; comhpháirteanna troscáin inaitheanta)

    4412

    Sraithadhmad, painéil veinírithe agus adhmad lannaithe comhchosúil eile

    4416

    Cascaí, bairillí, dabhcha, tobáin agus codanna tháirgí cúipéara eile, déanta as adhmad, lena n-áirítear na cláir

    4418 40

    Comhlra adhmaid le haghaidh obair tógála coincréite (seachas sraithadhmad bordáil)

    4418 60

    Cuaillí agus bíomaí, as adhmad

    4418 79

    Painéil urláir, cóimeáilte, d’adhmad seachas bambú (seachas painéil ilchisealacha agus painéil d’urláir mhósáice)

    4503

    Earraí atá déanta as corc aiceanta

    4504

    Corc ceirtleánaithe (a bhfuil táthshubstaint aige nó nach bhfuil) agus earraí atá déanta as corc ceirtleánaithe:

    4701

    Laíon meicniúil adhmaid, nach bhfuil cóireáilte go ceimiceach

    4703

    Laíon adhmaid ceimiceach, sóid nó sulfáit (seachas gráid dhíscaoilte)

    4704

    Laíon adhmaid ceimiceach, sóid nó sulfáit (seachas gráid dhíscaoilte)

    4705

    Laíon adhmaid a fhaightear trí phróiseas laíonála meicniúil agus próiseas laoínála ceimiceach a úsáid le chéile

    4706

    Laíon snáithíní a fhaightear ó pháipéar slánaithe nó cairtchlár slánaithe (atá déanta as dramhaíl agus fuíoll) nó laíon atá déanta as ábhair eile de cheallalóis snáithíneach

    4707

    Páipéar slánaithe nó cairtchlár slánaithe (atá déanta as dramhaíl agus fuíoll)

    4802 20

    páipéar agus cairtchlár de chineál a úsáidtear mar bhonn do pháipéar fótamhothálach, teas-íogair nó leictreamhothálach agus do chairtchlár fótamhothálach, teas-íogair nó leictreamhothálach, neamhbhrataithe, i rollaí nó i leatháin chearnacha nó dhronuilleogacha, de thoise ar bith

    4802 40

    bonn ballapháipéir, neamhbhrataithe

    4802 58

    páipéar neamhbhrataithe agus cairtchlár neamhbhrataithe, de chineál a úsáidtear chun críocha scríbhneoireachta, clódóireachta nó chun críocha eile grafaice, agus pollchartaí neamhphollta agus páipéar téip-phollta, i rollaí nó i mbileoga cearnacha nó dronuilleogacha, ar thomhas ar bith, gan snáithíní a bheith iontu a fhaightear trí phróiseas meicniúil nó ceimiceach-meicniúil nó arb é atá ann <= 10 % ar meáchan den chion iomlán snáithíní, arb é > 150 g/m2, n.e.s. an meáchan atá iontu.

    4802 61

    páipéar neamhbhrataithe agus cairtchlár neamhbhrataithe, de chineál a úsáidtear chun críoch scríbhneoireachta, clódóireachta nó chun críoch grafach eile, agus pollchartaí neamhphollta agus páipéar téip-phollta, i rollaí d’aon mhéid, ar snáithíní iad > 10 % de réir meáchain den ábhar comhiomlán snáithíneach a fhaightear trí phróiseas meicniúil nó próiseas ceimiceach-meicniúil.

    4804

    Craftpháipéar neamhbhrataithe agus cairtchlár, i rollaí de leithead > 36 cm nó i mbileoga cearnacha nó dronuilleogacha le taobh amháin > 36 cm agus an taobh eile > 15 cm ina riocht neamhfhillte (seachas earraí de cheannteidil 4802 ná 4803 )

    4805

    Páipéar agus cairtchlár eile, neamhbhrataithe, i rollaí de leithead > 36 cm nó i mbileoga cearnacha nó dronuilleogacha le taobh amháin > 36 cm agus an taobh eile > 15 cm i staid neamhfhillte, neamhshaoirsithe seachas mar a shonraítear i nóta 3 a ghabhann leis an gcaibidil seo, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile.

    4806

    Pár atá déanta as glasraí, páipéir ghréiscdhíonacha, rianpháipéir, gloine agus páipéir eile atá glónraithe, trédhearcach nó tréshoilseach, i rollaí ar leithead > 36 cm nó i leatháin chearnacha nó dhronuilleogacha le taobh amháin > 36 cm agus an taobh eile > 15 cm sa riocht neamhfhillte

    4807

    páipéar agus cairtchlár cumaisc (a dhéantar trí shraitheanna cothroma de pháipéar nó de chairtchlár a ghreamú mar aon le greamaitheach), nach bhfuil brataithe ná tuilithe, bídís treisithe go hinmheánach nó ná bídís, i rollaí ar leithead > 36 cm nó i leatháin chearnacha nó dhronuilleogacha le taobh amháin > 36 cm agus an taobh eile > 15 cm sa staid neamhfhillte

    4808

    Páipéar roctha agus cairtchlár, (gona leatháin chothroma éadain gliúáilte orthu nó gan sin gliúáilte orthu) i bhfoirm síprise, creaptha, cabhartha nó pollta, i rollaí ar leithead > 36 cm nó i mbileoga cearnógacha nó dronuilleogacha le taobh amháin > 36 cm agus an taobh eile > 15 cm ina riocht neamhfhillte (seachas earraí faoi cheannteideal 4803 )

    4809

    Páipéar carbóin, páipéar féinchóipeála, agus páipéir chóipeála nó aistrithe eile, páipéar brataithe nó tuilithe le haghaidh stionsail do ghléasanna cóipeála nó do sheachphlátaí, bídís priontáilte nó ná bídís, i rollaí atá ar leithead > 36 cm nó i leatháin chearnacha nó dhronuilleogacha ar thaobh amháin > 36 cm agus an taobh eile > 15 cm ina riocht neamhfhillte

    4810

    Páipéar agus cairtchlár, atá brataithe ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh le caoilín (cré shíneach) nó le substaintí neamhorgánacha eile, a bhfuil ceanglóir ann nó nach bhfuil, agus nach bhfuil aon bhratú eile orthu, bídís éadandaite, éadanmhaisithe nó clóite nó ná bídís, i rollaí nó i mbileoga cearnógacha ní dronuilleogacha, ar thomhas ar bith (seachas gach páipéar agus cairtchlár brataithe eile)

    4811 10

    Páipéar agus cairtchlár tarra, biotúmanaithe nó asfaltaithe, i rollaí nó i leatháin chearnacha nó dhronuilleogacha, ar thomhas ar bith

    4811 51

    Páipéar agus cairtchlár, éadandaite, éadanmhaisithe nó clóite, brataithe, tuilithe nó clúdaithe le roisíní saorga nó plaistigh shaorga, i rollaí nó i mbileoga cearnacha nó dronuilleogacha, ar thomhas ar bith, tuartha agus meáchan > 150 g/m2 (seachas greamacháin)

    4811 59

    Páipéar agus cairtchlár, éadandaite, éadanmhaisithe nó clóite, brataithe, tuilithe nó clúdaithe le roisíní saorga nó plaistigh shaorga, i rollaí nó i mbileoga cearnacha nó dronuilleogacha, ar thomhas ar bith (seachas tuartha agus meáchan > 150 g/m2, agus greamacháin)

    4811 60

    Páipéar agus cairtchlár atá brataithe, tuilithe nó clúdaithe le céir, céir phairifín, stéirin, ola nó gliocról, i rollaí nó i leatháin chearnacha nó dhronuilleogacha, ar thomhas ar bith (seachas earraí faoi cheannteidil 4803 , 4809 agus 4818 )

    4811 90

    Páipéar, cairtchlár, flocas ceallalóise agus uigí de cheallalós bog, brataithe, tuilithe, clúdaithe, éadandaite, éadanmhaisithe nó clóite, i rollaí nó i leatháin chearnacha nó dhronuilleogacha, ar thomhas ar bith (seachas earraí faoi cheannteidil 4803 , 4809 , 4810 agus 4818 , agus faoi fho-cheannteideal 4811.10 go 4811.60)

    4814 90

    Ballapháipéar agus clúdaigh balla páipéir chomhchosúla, agus páipéar trédhearcach fuinneog, (seachas clúdaithe páipéir balla a bhfuil a n-aghaidh brataithe nó clúdaithe ina bhfuil sraith de phlaistigh atá snaithíneach, cabhartha, daite, a bhfuil dearadh clóite uirthi nó atá maisithe ar bhealach eile)

    4819 20

    Cartáin infhillte, boscaí infhillte agus cásanna infhillte, as páipéar neamhroctha nó as cairtchláir neamhroctha

    4822

    Eiteáin, spóil, próistí agus tacaí comhchosúla, as laíon adhmaid, as páipéar nó as páipéarchlár bídís pollta nó cruaite nó ná bídís

    4823

    Páipéar, cairtchlár, flocas ceallalóise agus uigí de shnáithíní ceallalóise, i stiallacha nó i rollaí de leithead <= 36 cm i leatháin dhronuilleogacha nó chearnógacha nach bhfuil a bhfuil aon imeall de > 36 cm ina riocht neamhfhillte, nó gearrtha de réir crutha seachas dronuilleogach nó cearnógach, agus nithe de laíon páicair, páipéar, cairtchlár, flocas ceallalóise nó uigí de shnáithíní ceallalóise, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    4906

    Pleananna agus líníochtaí chun críocha ailtireachta, tionsclaíochta, tráchtála, topagrafaíochta nó críoch comhchosúil, ar bunábhair a tarraingíodh de láimh iad; téacsanna lámhscríofa; macasamhlacha fótagrafacha ar pháipéar íograithe agus cóipeanna carbóin den mhéid réamhráite

    5105

    Olann agus fionnadh ainmhíoch mín nó garbh, cardáilte nó cíortha (lena n-áirítear olann chíortha ina bloghanna)

    5106

    Snáth olla cardáilte (seachas olann atá cóirithe lena miondíol)

    5107

    Snáth olla cíortha (nach bhfuil cóirithe lena mhiondíol)

    5112

    Fabraicí fite ina bhfuil olann cíortha nó fionnadh ainmhíoch mín cíortha (seachas fabraicí le haghaidh úsáidí teicniúla faoi cheannteideal 5911 )

    5205

    Snáth cadáis (seachas snáithe fuála), >= 85 % cadás ann de réir meáchain (nach bhfuil cóirithe lena mhiondíol)

    5206 42

    Snáth iolrach (fillte) cadáis nó snáth cáblaithe cadáis ina bhfuil den chuid is mó, ach atá < 85 % de chadás de réir meáchain, snátha cíortha ina bhfuil dlús líneach 232,56 deiciteics go < 714,29 deiciteics (> mn 14 go mn 43) in aghaidh an tsnátha shingil (seachas snáithe fuála agus snáth fuála atá cóirithe lena mhiondíol)

    5209 11

    Fabraicí fite pléineáilte cadáis, ina bhfuil >= 85 % cadás de réir meáchain agus dar meáchan > 200 g/m2, neamhthuartha

    5211

    Fabraicí fite cadáis, ina bhfuil cadás don chuid is mó ach < 85 % cadáis de réir meáchain, agus iad measctha go príomha nó go leithleach le snáithíní de dhéantús an duine agus arb é a meáchan > 200 g/m2

    5308

    Snáth as snáithíní teicstíle plandúla eile; snáth páipéir

    5402 63

    Snáth filiméadach (fillte) nó snáth cáblaithe as polapróipiléin, lena n-áirítear aonfhiliméad < 67 deiciteics (seachas snáithe fuála, snáth atá cóirithe lena mhiondíol agus snáth uigithe)

    5403

    Snáth filiméadach saorga, lena n-áirítear aonfhiliméad saorga < 67 deiciteics (seachas snáithe fuála agus snáth atá cóirithe lena mhiondíol)

    5404

    monafhiliméad sintéiseach >= 67 deiciteics agus le toise trasghearrthach de <= 1 mm; stiall agus a leithéid, e.g. tuí saorga, as ábhar teicstíle sintéiseach, ar leithead dealraitheach < = 5 mm

    5407 30

    fabraicí fite as snáth filiméid sintéiseach, lena n-áirítear aonfhiliméad de >= 67 ndeiciteics agus a bhfuil toise trasghearrthach de <= 1 mm acu, arb é atá iontu sraitheanna de shnáthanna comhthreomhara teicstíle atá forshuite ar a chéile ag géaruillinn nó ar dheis, agus na sraitheanna á nascadh ag codanna de na snáthanna le greamachán nó le nascadh teirmeach

    5501

    Barrach filiméid shintéiseach mar atá sonraithe i nóta 1, Caibidil 55

    5502

    Barrach filiméid shaorga mar atá sonraithe i nóta 1, Caibidil 55

    5503

    Snáithíní stáplacha sintéiseacha, nach bhfuil cardáilte, cíortha ná próiseáilte ar bhealach eile lena sníomh

    5504 90

    Snáithíní stáplacha saorga, nach bhfuil cardáilte, cíortha ná próiseáilte ar bhealach eile lena sníomh (seachas snáithíní as réón vioscóis)

    5506

    Snáithíní stáplacha sintéiseacha, nach bhfuil cardáilte, cíortha ná próiseáilte ar bhealach eile lena sníomh

    5507

    Snáithíní stáplacha saorga, nach bhfuil cardáilte, cíortha ná próiseáilte ar bhealach eile lena sníomh

    5512 21

    Fabraicí fite ina bhfuil >= 85 % de shnáithíní stáplacha aicrileach nó snáithíní stáplacha modaicrileacha de réir meáchain, neamhthuartha nó tuartha

    5512 99

    Fabraicí fite ina bhfuil >= 85 % de shnáithíní stáplacha sintéiseacha de réir meáchain, iad daite, déanta as snáth de dhathanna éagsúla nó priontáilte (seachas iad siúd as snáithíní stáplacha as aicrileach, modaicrileach nó poileistir)

    5516

    Fabraicí fite as snáithíní stáplacha saorga

    5601 29

    Flocas ábhar teicstíle agus earraí atá déanta as (seachas cadás nó snáithíní de dhéantús an duine; tuáillí sláinteachais agus súitíní, naipcíní agus líneálacha naipcín do bhabaithe agus earraí sláinteachais comhchosúla, as flocas agus earraí díobh, atá tuilithe nó clúdaithe le substaintí íocleasaithe nó atá cóirithe chun críoch míochaine, máinliachta, déidliachta nó tréidliachta, nó atá tuilithe, brataithe nó clúdaithe le cumhráin, smideadh, gallúnach, gníomhaithe glantacháin, etc.)

    5601 30

    Flocas agus deannach teicstíle agus brutha muilinn

    5604

    Snáth agus corda rubair atá clúdaithe le teicstíl; snáth teicstíle, stiall agus a leithéid atá faoi cheannteideal 5404 agus 5405 , atá tuilithe, brataithe, clúdaithe nó cumhdaithe le rubar nó le plaistigh (seachas cnó bréige, snáithe agus corda le ceangaltáin duáin éisc nó cóirithe ar bhealach eile mar líne iascaireachta)

    5605

    Snáth miotalaithe, bíodh sé galúnaithe nó ná bíodh, ar snáth teicstíle é, nó stiall nó a leithéid atá faoi cheannteideal 5404 nó 5405 , as snáithíní teicstíle, i gcomhcheangal le miotal i bhfoirm snáithe, stiall nó púdair nó clúdaithe le miotal (seachas snáth atá monaraithe as meascán snáithíní teicstíle agus snáithíní miotail, a bhfuil airíonna frithstatacha acu; snáthanna atá treisithe le sreang mhiotail; earraí de chineál ciumhsóg)

    5607 41

    sreangán ceanglóra nó burlála, as poileitiléin nó as polapróipiléin

    5801 27

    fabraicí caitíneacha dlúith, as cadás (seachas tuáille gibíneach agus fabraicí fite súiteacha comhchosúla, fabraicí teicstíle stothacha agus fabraicí fite cúnga atá faoi cheannteideal 5806 )

    5803

    Uige (seachas fabraicí fite cúnga atá faoi cheannteideal 5806 )

    5806 40

    Fabraicí cúnga arb é atá iontu dlúth gan inneach a chóimeáiltear le greamaitheach (bolducs), ar leithead <= 30 cm

    5901

    Fabraicí teicstíle atá brataithe le guma nó substaintí amáláiseacha, de chineál a úsáidtear do chlúdaigh sheachtracha leabhar, do mhonarú boscaí agus earraí cairtchláir nó a leithéidí; rianéadach; canbhás ullmhaithe péinteála; bucram agus fabraicí teicstíle righnithe comhchosúla de chineál a úsáidtear le haghaidh bunsraitheanna hataí (seachas fabraicí atá brataithe le fabraicí plaisteacha)

    5905

    Clúdaigh bhalla teicstíle

    5908

    Buaicis teicstíle, fite, trilsithe nó cniotáilte, do lampaí, do shoirn, do lastóirí, do choinnle nó a leithéid; cochaill gáis ghealbhruthaigh agus fabraic fheadánach chniotáilte cochaill gáis díobh, bídís tuilte nó ná bídís (seachas buaicis chéaracha den chineál téipe, fiús agus fiús madhmtha, buaicis i bhfoirm snáth teicstíle agus buaiceanna snáithíní gloine)

    5910

    Criosanna nó beilteanna tarchurtha nó iompair, d’ábhar teicstíle, bídís tuilithe, brataithe, clúdaithe nó lannaithe le plaistigh nó ná bíodh, nó treisithe le miotal nó le hábhar eile (seachas iad siúd atá ar tiús < 3 mm agus a bhfuil fad éiginnte nó gearrtha neamhchinntithe acu ar fad amháin, agus iad siúd atá tuilithe, brataithe, clúdaithe nó lannaithe le rubar nó atá déanta as snáth nó corda atá tuilithe nó brataithe le rubar)

    5911 10

    Fabraicí teicstíle, feilt agus fabraicí fite feilt-líneáilte, brataithe, clúdaithe nó lannaithe le rubar, le leathar nó le hábhar eile, de chineál a úsáidtear le haghaidh carda-éadaí, agus fabraicí comhchosúla de chineál a úsáidtear chun críoch teicniúil eile, lena n-áirítear fabraicí cúnga as veilbhit atá tuilte le rubar, chun fearsaidí fíodóireachta (bíomaí fíodóireachta) a chlúdach

    5911 31

    Fabraicí agus feilteanna teicstíle, éigríochta nó feistithe le gléasanna nasctha, de chineál a úsáidtear i meaisíní déanta páipéir nó i meaisíní comhchosúla, e.g. le haghaidh laíon páipéir nó stroighin aispeiste, meá < 650 g/m2

    5911 32

    Fabraicí agus feilteanna teicstíle, éigríochta nó feistithe le gléasanna nasctha, de chineál a úsáidtear i meaisíní déanta páipéir nó i meaisíní comhchosúla, e.g. le haghaidh laíon páipéir nó stroighin aispeiste, meáchan >= 650 g/m2

    5911 40

    Éadach scagtha de chineál a úsáidtear i bhfáisceáin ola nó chun críoch comhchosúil, lena n-áirítear éadach as gruaig dhaonna

    6001 99

    Fabraicí caitíneacha, cniotáilte nó cróiseáilte (seachas cadás nó snáithíní de dhéantús an duine agus fabraicí ‘caitín fada’)

    6003

    Fabraicí cniotáilte nó cróiseáilte as snáithíní saorga, ar leithead <= 30 cm (seachas iad siúd a bhfuil iontu de réir meáchain >=5 % de shnáth leaistiméireach nó de shnáithe rubair, agus fabraicí caitíneacha, lena n-áirítear ‘caitín fada’, fabraicí carn lúb, lipéid, suaitheantais agus earraí comhchosúla, fabraicí cniotáilte nó cróiseáilte, brataithe, clúdaithe nó lannaithe)

    6005 36

    fabraicí cniotála dlúth neamhthuartha nó tuartha as snáithíní sintéiseacha (lena n-áirítear iad siúd atá déanta ar mheaisíní cniotála galúin), ar leithead > 30 cm (seachas iad siúd a bhfuil iontu de réir meáchain >= 5 % d’abhras leaistiméireach nó snáithe rubair, agus fabraicí caitíneacha, lena n-áirítear iad siúd atá déanta ar mheaisíní cniotála galúin, fabraicí caitín lúbaithe, lipéid, suaitheantais agus earraí comhchosúla, agus fabraicí cniotáilte nó cróiseáilte, tuilithe, brataithe, clúdaithe nó lannaithe)

    6005 44

    Fabraicí cniotála dlúith priontáilte as snáithíní saorga (lena n-áirítear iad siúd atá déanta ar mheaisíní cniotála galúin), ar leithead > 30 cm (seachas iad siúd a bhfuil iontu de réir meáchain >= 5 % de shnáth leaistiméireach nó de shnáithe rubair, agus fabraicí caitíneacha, lena n-áirítear ‘caitín fada’, fabraicí carn lúb, lipéid, suaitheantais agus earraí comhchosúla, agus fabraicí cniotáilte nó cróiseáilte, tuilithe, brataithe, clúdaithe nó lannaithe)

    6006 10

    Fabraicí, cniotáilte nó cróiseáilte, atá ar leithead > 30 cm, as olann nó as fionnadh ainmhíoch mín (seachas fabraicí cniotála dlúith (lena n-áirítear iad siúd atá déanta ar mheaisíní cniotála galúin), iad siúd a bhfuil cion meáchain >= 5 % d’abhras leaistiméireach nó snáithe rubair iontu, agus fabraicí caitíneacha, lena n-áirítear ‘caitín fada’, fabraicí carn lúb, lipéid, suaitheantais agus earraí comhchosúla, agus fabraicí cniotáilte nó cróiseáilte, tuilithe, brataithe, clúdaithe nó lannaithe)

    6309

    Éadaí agus gabhálais éadaigh chaite, pluideanna agus rugaí taistil, línéadach tí agus earraí le haghaidh fearastú intí, de gach cineál ábhair theicstíle, lena n-áirítear gach saghas coisbhirt agus ceannbheart, ar a dtaispeántar comharthaí de chaitheamh suntasach agus i láthair i mbulc nó i gcornaí, saic nó in ábhair phacála dá samhail (seachas cairpéid, clúdaigh urláir eile agus taipéisí)

    6802 92

    Cloch chailcreach, i bhfoirm ar bith (seachas marmar, trabhairtín agus albastar, tíleanna, ciúbanna agus earraí comhchosúla faoi fho-cheannteideal 6802.10, seodra bréige, cloig, lampaí agus feistis soilsithe agus páirteanna díobh, dealbha bunaidh agus dealbhóireacht, seiteoga, clocha grinneall agus leaca)

    6804 23

    Clocha muilte, clocha meilte, rothaí meilte agus a leithéidí, gan creatlacha, chun géarú, snasú, fíorú nó gearradh a dhéanamh ar chloch nádúrtha (seachas scríobaigh nó ceirmigh cheirtleánaithe nádúrtha ceirtleánaithe, slíogarta cumhraithe, clocha géaraithe nó snasaithe láimhe, agus rothaí meilte etc. go sonrach d’innill druileála fiaclóireachta)

    6806

    Olann slaige, olann charraige agus cineálacha olann comhchosúla; veirmicilít scafa, créanna fairsingithe, slaig chúrtha agus ábhair mhianracha fhairsingithe chomhchosúla; meascáin agus earraí déanta as ábhair mhianracha lena ndéantar insliú ó thaobh teasa, insliú ó thaobh fuaime agus maolú fuaime, seachas iad sin faoi cheannteideal 6811 nó faoi cheannteideal 6812 nó faoi Chaibidil 69

    6807

    Earraí déanta as asfalt nó as ábhair chomhchosúla, e.g. bitiúman peitriliam nó pic tarra guail

    6809 19

    Cláir, leatháin, painéil, tíleanna agus earraí comhchosúla, as plástar nó as comhdhéanaimh atá bunaithe ar phlástar (seachas páipéar nó cairtchlár amháin, atá os comhair nó treisithe le páipéar nó cairtchlár amháin, agus le hearraí ceirtleánaithe plástair le haghaidh insliú teasa, insliú fuaime nó ionsú fuaime)

    6810 91

    Comhpháirteanna struchtúrtha réamhdhéanta le haghaidh tógáil nó innealtóireacht shibhialta stroighne, coincréite nó cloiche saorga, bídís treisithe nó ná bídís

    6811

    Earraí as stroighin aispeiste, as stroighin shnáithíneach cheallalóis nó a leithéidí

    6813

    Ábhar frithchuimilteach agus earraí déanta as sin e.g. shampla, leatháin, rollaí, stiallacha, teascáin, dioscaí, leicneáin, pillíní), nach bhfuil feistithe, do choscáin, do chrága nó a leithéidí, ar bhonn aispeiste, ar bhonn ábhar mianrach eile nó ar bhonn cheallalóis, bídís comhcheangailte le teicstíl nó le hábhair eile nó ná bídís (seachas ábhar frithchuimilte suite)

    6814 90

    Míoca oibrithe agus earraí míoca (seachas inslitheoirí leictreacha, feistis inslithe, friotóirí agus toilleoirí, gloiní cosanta míoca agus a ngloiní, míoca i bhfoirm maisiúcháin crann Nollag, agus plátaí, leatháin agus stiallacha míoca ceirtleánaithe nó athdhéanta, bídís ar thacaí nó ná bídís)

    6901

    Brící, bloic, tíleanna agus earraí ceirmeacha eile as lón siliciúil iontaise, e.g. kieselguhr, triopoilít nó diatóimít, nó as nó créanna siliciúla comhchosúla

    6904 10

    Brící tógála (seachas iad siúd ó bhéilí siliciúla iontaise nó créanna siliciúla comhchosúla, agus brící teasfhulangacha atá faoi cheannteideal 6902 )

    6905

    Tíleanna díonadóireachta, potaí simléir, cochaill, líneálaigh simléir, maisiúcháin ailtireachta agus earraí ceirmeacha eile le haghaidh na tógála

    6906 00

    Píopaí ceirmeacha, seoladáin, feistis ghasta agus phíobáin (seachas min shiliciúla iontaise nó créanna siliciúla comhchosúla eile, earraí teasfhulangacha ceirmeacha, líneálaigh simléir, píopaí a monaraíodh go sonrach do shaotharlanna, feadánra agus feistis inslithe agus píobánra eile chun críoch leictriteicniúil)

    6907 22

    Leaca agus pábháil ceirmeacha, tíleanna teallaigh nó balla, de chomhéifeacht ionsúcháin uisce de réir meáchain > 0,5 % ach < = 10 % (seachas ciúbanna mósáice agus ceirmigh bailchríche)

    6907 40

    Ceirmigh bailchríche

    6909 90

    Umair cheirmeacha, tobáin agus gabhdáin cheirmeacha chomhchosúla a úsáidtear sa talmhaíocht; potaí, crúscaí agus earraí comhchosúla ceirmeacha de chineál a úsáidtear chun earraí a iompar nó a phacáil (seachas soithí stórála ilchuspóireacha do shaotharlanna, coimeádáin le haghaidh siopaí agus earraí tí)

    7002

    Gloine i liathróidí (seachas micrisféir faoi cheannteideal 7018 ) slata nó feadáin, neamhshaoirsithe

    7003

    Gloine theilgthe agus gloine rollta, ina leatháin nó ina bpróifílí, bíodh brat ionsúiteach, frithchaiteach nó neamh-fhrithchaiteach léi nó ná bíodh, ach í neamhshaoirsithe seachas sin

    7004

    Leatháin, as gloine tharraingthe nó as gloine shéidte, bíodh brat ionsúiteach, frithchaiteach nó neamh-fhrithchaiteach orthu nó ná bíodh, ach gan aon saoirsiú thairis sin

    7005

    Gloine ar snámh agus gloine snoite nó snasta, ina leatháin nó ina bpróifílí, bíodh brat ionsúiteach, frithchaiteach nó neamh-fhrithchaiteach léi nó ná bíodh, ach í neamhshaoirsithe seachas sin

    7007 11

    Gloine sábháilteachta (faghartha) dian, de mhéid agus de chruth atá oiriúnach lena cur isteach i mótarfheithiclí, aerárthaí, spásárthaí, soithí agus feithiclí eile

    7007 29

    Gloine sábháilteachta lannaithe (seachas gloine mhéide agus cruth atá oiriúnach lena cur isteach i mótarfheithiclí, aerárthaí, spásárthaí, soithí nó feithiclí eile, aonaid inslithe ilbhallaí)

    7011 10

    Clúdaigh ghloine, lena n-áirítear bolgáin agus feadáin, oscailte, agus páirteanna gloine díobh gan feistis, le haghaidh soilsiú leictreach

    72

    Iarann agus cruach

    7301

    Bratphíleáil iarainn nó cruach, bídís druileáilte nó pollta, bídís déanta as nithe cóimeáilte nó ná bídís; uillinneacha, cruthanna agus cónaisc agus táthú déanta orthu, iad déanta as iarann nó as cruach

    7302

    Ábhar tógála iarainn nó cruach le haghaidh na n-iarnród nó le haghaidh trambhealaí, lena n-áirítear na nithe seo a leanas: ráillí, ráillí cosanta agus ráillí mantacha, lanna aistrithe treo, froganna trasnála, slata pointe agus píosaí eile le haghaidh na trasnála, trasnáin ‘trascheangail’, lioscáin, teangacha ladhróige, dingeacha teanga ladhróige, bonnphlátaí ‘bunphlátaí’, fáiscíní ráille, plátaí leaba, ceangail agus ábhar speisialaithe eile chun ráillí a cheangal nó a dheisiú

    7303

    Feadáin, píobáin agus próifílí tolla déanta as iarann teilgthe

    7304

    Feadáin, píobáin agus próifílí tolla gan uaim, iad déanta as cruach nó as iarann (seachas iarann teilgthe)

    7305

    Feadáin agus píobáin, nach sonraítear in aon áit eile (iad táite, mar shampla, sin nó iad seamaithe nó dúnta ar bhealach eile den chineál sin), arb é an trasghearradh ciorclach atá iontu, iad níos mó ná 406,4 mm ar an trastomhas seachtrach, agus iad déanta as iarann nó cruach

    7306

    Feadáin, píobáin agus próifílí tolla eile atá déanta as iarann nó cruach (a bhfuil a séama oscailte nó táthaithe, iad séamaithe nó dúnta ar bhealach eile den chineál sin, mar shampla), nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    7307

    Feistis feadáin nó píobáin (mar shampla, cúplálacha, uillinneacha, muinchillí), agus iad déanta as iarann nó as cruach

    7308

    Foirgnimh agus codanna d’fhoirgnimh as iarann nó as cruach (mar shampla droichid agus codanna droichid, geataí loic, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha doirse, comhlaí, balastráidí, piléir, agus colúin), plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna, cónaisc, feadáin agus a leithéidí, arna n-ullmhú lena n-úsáid i bhfoirgnimh iarainn nó chruach (seachas foirgnimh réamhdhéanta faoi cheannteideal 9406 )

    7309

    Taiscumair, umair, dabhcha agus taisceadáin eile den chineál sin, iad déanta as iarann nó as cruach, le haghaidh aon ábhair (seachas gás comhbhrúite nó leachtaithe), a bhfuil toilleadh is mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

    7310

    Taiscumair, umair, dabhcha, boscaí agus coimeádáin chomhchosúla, atá déanta as iarann nó cruach, le haghaidh aon ábhair (seachas gás comhbhrúite nó leachtaithe), a bhfuil toilleadh <= 300 l iontu, nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bídís, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    7311

    Coimeádáin iarainn nó chruach, le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe (seachas coimeádáin atá tógtha nó feistithe go sonrach le haghaidh cineál amháin iompair nó níos mó)

    7314 12

    Bannaí éigríochta de shreang cruach dhosmálta, le haghaidh innealra

    7318 24

    Leicníní agus pionnaí leicnín, as iarann nó cruach

    7320 20

    Spriongaí héiliciúla, as iarann nó as cruach (seachas spriongaí bíseacha cothroma, spriongaí cloig agus uaireadóra, spriongaí le haghaidh bataí agus cosa fearthainne nó parasóil, agus ionsúirí turrainge de Roinn 17)

    7322 90

    Radaitheoirí le haghaidh téamh lárnach, gan iad téite go leictreach, agus codanna de na radaitheoirí sin, iad déanta as iarann nó as cruach, téiteoirí aeir agus dáileoirí aeir the (lena n-áirítear dáileoirí lenar féidir aer úr nó aer cóirithe a dháileadh freisin), gan iad téite go leictreach, ina bhfuil fean nó séidire ar inneall, agus codanna díobh sin, iad déanta as iarann nó as cruach

    7324 29

    Folcadáin leatháin chruach

    7407

    Barraí, slata agus próifílí copair

    7408

    Sreang chopair

    7409

    Plátaí, leatháin agus stiallacha copair, ar mó ná 0,15 mm a dtiús

    7411

    Feadáin agus píobáin chopair

    7412

    Feistis feadáin nó píobáin chopair (mar shampla cúplálacha, uillinneacha, muinchillí)

    7413

    Sreang dhualach, cáblaí, bandaí trilseacha agus a leithéid, iad déanta as copar (nach bhfuil inslithe go leictreach)

    7415 21

    Leicneáin, (lena n-áirítear leicneáin sprionga agus leicneáin ghlasa earraigh) as copar

    7505

    Barraí, slata, próifílí agus sreang nicile

    7506

    Plátaí agus leatháin nicile, stiallacha agus duilleoga nicile

    7507

    Feadáin, píobáin agus feistis feadáin nó píobáin (mar shampla, cúplálacha, uillinneacha, muinchillí)

    7508

    Earraí eile nicile

    7605

    Sreang alúmanaim

    7606

    Plátaí, leatháin agus stiallacha alúmanaim, atá níos mó ná 0,2 mm ar tiús

    7607 20

    Scragall alúmanaim, tacaithe, de thiús (seachas aon ábhar taca) de < = 0,2 mm (seachas scragall stampála atá faoi cheannteideal 3212 , agus scragall atá déanta suas mar ábhar maisiúcháin crann)

    7608

    Feadáin agus píobáin alúmanaim

    7609

    Feistis feadáin nó píobáin alúmanaim (mar shampla cúplálacha, uillinneacha, muinchillí)

    7610

    Foirgnimh agus codanna d’fhoirgnimh iarainn nó cruach (e.g., droichid agus codanna droichid, geataí loic, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha doirse, comhlaí, balastráidí) piléir, colúin, plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna, cónaisc, feadáin agus a leithéidí, arna n-ullmhú lena n-úsáid i bhfoirgnimh iarainn nó chruach (seachas foirgnimh réamhdhéanta faoi cheannteideal 9406 ); plátaí alúmanaim, slata, próifílí, feadáin agus a leithéid sin agus iad ullmhaithe le húsáid i struchtúir, de dhéanamh alúmanaim

    7611

    Taiscumair, umair, dabhcha agus coimeádáin chomhchosúla, as alúmanam, le haghaidh aon ábhair (seachas gás comhbhrúite nó leachtaithe), a bhfuil toilleadh > 300 l iontu, nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bídís (seachas coimeádáin atá déanta nó feistithe go sonrach le haghaidh cineál amháin nó níos mó iompair)

    7612

    Cascaí, drumaí, cannaí boscaí agus coimeádáin chomhchosúla, lena n-áirítear coimeádáin fheadáin dhochta atá déanta as alúmanaim, le haghaidh aon ábhair (seachas gás comhbhrúite nó leachtaithe), a bhfuil toilleadh <= 300 l iontu, nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bídís, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    7613

    Taisceadáin alúmanaim le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe

    7616 10

    Tairní, greamanna, stáplaí (seachas iad siúd atá faoi cheannteideal 8305 ), scriúnna, boltaí, cnónna, crúcaí scriú, seamanna, leicníní, pionnaí leicnín, leicneáin agus earraí comhchosúla eile

    7804

    Plátaí agus leatháin luaidhe, stiallacha agus duilleoga luaidhe; púdair agus calóga luaidhe

    7905

    Plátaí, leatháin, stiallacha agus duilleoga since

    8001

    Stán neamhshaoirsithe

    8003

    Barraí, slata, próifílí agus sreang stáin

    8007

    Earraí stáin

    8101 10

    Púdair thungstain

    8102

    Molaibdéineam agus earraí molaibdéinim, lena n-áirítear fuíoll agus dramhaíl

    8105 90

    Earraí cóbailt

    8109

    Siorcóiniam agus earraí siorcóiniam, lena n-áirítear an fuíoll agus an dramhaíl

    8202 20

    Lanna le haghaidh sábh banda de tháirmhiotal

    8207

    Uirlisí inmhalartaithe le haghaidh uirlisí láimhe, bídís cumhachtoibrithe nó ná bíodh, nó le haghaidh meaisín-uirlisí (mar shampla le haghaidh brú, stampáil, puinseáil, tapáil, snáithiú, druileáil, tolladh, bróisteáil, muilleáil, deileadóireacht nó tiomáint scriúnna), lena n-áirítear díslí le haghaidh miotal a tharraingt nó a easbhrú, agus uirlisí chun clocha a dhruileáil agus an talamh a tholladh

    8208 10

    Sceana agus lanna gearrtha, do mheaisíní nó d’fhearais mheicniúla – le haghaidh miotalóireachta

    8208 20

    Sceana agus lanna gearrtha, do mheaisíní nó d’fhearais mheicniúla – le haghaidh adhmadóireachta

    8208 30

    Sceana agus lanna gearrtha, do mheaisíní nó d’fhearais mheicniúla – a úsáidtear sa tionscal bia

    8208 90

    Sceana agus lanna gearrtha, do mheaisíní nó d’fhearais mheicniúla – eile

    8301 20

    Glais, iad déanta as táirmhiotail, a úsáidtear do mhótarfheithiclí

    8301 70

    Eochracha arna gcur i láthair ceann ar cheann

    8302 30

    Gléasadh, feistiú agus earraí comhchosúla eile atá oiriúnach le haghaidh mótarfheithiclí

    8307

    Feadánra solúbtha as táirmhiotal, bíodh feistis air nó ná bíodh

    8309

    Stopalláin, caidhpeanna agus claibíní, lena n-áirítear coirc chorónacha, scriú-chlaibíní agus stopalláin doirte, capsúil do bhuidéil, dalláin shnáithithe, clúdaigh dallán, séalaí agus comhghabhálais phacála eile, déanta as táirmhiotal

    8402

    Coirí a ghineann gal uisce nó gala eile (seachas coirí uisce te le haghaidh téimh lárnaigh lenar féidir gal uisce a ghiniúint faoi lagbhrú freisin); coirí uisce fhorthéite; páirteanna díobh

    8404

    Gléasra cúnta lena úsáid le coirí atá faoi cheannteideal 8402 nó 8403 , e.g. barainneoirí, forthéiteoirí, easbhainteoirí súiche agus aisghabhálaithe gáis; comhdhlúthadáin gaile uisce nó córais cumhachta gaile eile; páirteanna díobh

    8405

    Gineadóirí gáis táirgeora nó gáis uisce, gona n-íontóirí nó gan íontóirí; gineadóirí gáis; aicéitiléine agus gineadóirí gáis comhchosúla a úsáideann próiseas uisce, gona n-íontóirí nó gan íontóirí; páirteanna díobh (seachas oighinn chóic, gineadóirí gáis comhchosúla a úsáideann próiseas leictrealaíoch agus lampaí cairbíde)

    8406

    Tuirbíní gaile uisce agus tuirbíní gaile eile; páirteanna díobh

    8407 21

    Innill transaim spréachadhainte le haghaidh cumhachta tiomána muirárthaí

    8407 29

    Innill loiní frithingeacha spréachadhainte nó innill rothlaigh spréachadhainte le haghaidh cumhachta tiomána muirárthaí (seachas innill transaim)

    8408

    inneall loiní dócháin inmheánaigh adhainte comhbhrú (inneall díosail nó leathdhíosail)

    8409 99

    Páirteanna atá oiriúnach le húsáid le hinnill loiní dócháin inmheánaigh adhainte comhbhrú (inneall díosail nó leathdhíosail), nach bhfuil sonraithe in aon áit eile.

    8410

    Tuirbíní hiodrálacha, rothaí uisce, maille leis na rialtáin a ghabhann leo ( seachas innill chumhachta hiodrálacha agus mótair faoi cheannteideal 8412 )

    8412

    Innill agus mótair (gan tuirbíní gaile, inneall loiní dócháin inmheánaigh, tuirbíní hiodrálacha, rothaí uisce, innill turba-scairde, innil turba-liáin, agus gástuirbíní); páirteanna díobh

    8413

    Caidéil le haghaidh leachtanna, bídís feistithe le feiste tomhais nó ná bídís; ardaitheoirí leachta Ardaitheoirí leachta páirteanna díobh

    8414 10

    Caidéil folúis

    8414 90

    Caidéil aeir nó folúis, comhbhrúiteoirí agus gaothráin aeir nó gáis eile; cochaill aerála nó athchúrsála lena gcuimsítear gaothrán, bídís feistithe le scagairí nó ná bíodh; caibinéid sábháilteachta bitheolaíochta nach sceitheann gás, bídís feistithe le scagairí nó ná bídís – Páirteanna

    8415 83

    Meaisíní aerchóirithe eile, ina bhfuil gaothrán mótarthiomáinte agus eilimintí chun an teocht agus taise an aeir a athrú, lena n-áirítear na meaisíní nach féidir taise an aeir a rialú ann ar leithligh – nach gcuimsítear aonad cuisniúcháin leo

    8416

    Dóirí foirnéise i gcomhair breosla leachtach, i gcomhair breosla soladach mionaithe nó i gcomhair gáis; stócálaithe meicniúla gona ngrátaí meicniúla, gona scaoilteoirí luatha meicniúla agus fearais chomhchosúla; páirteanna díobh

    8417

    Foirnéisí agus oighinn thionsclaíocha, lena n-áirítear loisceoirí, neamhleictreacha

    8419 19

    Téitheoirí uisce meandracha nó stórála, neamhleictreach (seachas téitheoirí uisce gáis meandracha agus coirí nó téitheoirí uisce do théamh lárnach)

    8419 40

    Gléasra driogtha nó ceartaithe

    8419 50

    Aonaid theasmhalartaithe (seachas iad siúd a úsáidtear le coirí)

    8419 89

    Innealra, gléasra nó trealamh saotharlainne, bíodh sé téite go leictreach nó ná bíodh, le haghaidh cóireáil ábhar trí phróiseas lena mbaineann athrú teochta mar théamh, cócaireacht, róstadh, steiriliú, paistéaradh, gail, triomú, galú, gal a dhéanamh, comhdhlúthú nó fuarú, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile (seachas innealra nó gléasra de chineál a úsáidtear chun críocha baile agus foirnéisí, oighinn agus trealamh eile faoin cheannteideal 8514 )

    8419 90

    Páirteanna de threalamh, innealra agus trealamh saotharlainne, bídís téite go leictreach nó ná bídís, chun ábhair a chóireáil trí phróiseas lena mbaineann athrú teochta, agus de phrapthéitheoirí nó taiscthéitheoirí uisce neamhleictreacha, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile.

    8420 99

    Páirteanna de mheaisíní cleandrála nó de mheaisíní rollta eile, seachas i gcomhair miotal nó gloine, maille leis na sorcóirí a ghabhann leo – Eile

    Ex 8421

    Lártheifneoirí, lena n-áirítear triomadóirí lártheifeacha (seachas iad siúd do dheighilt iseatóp); innealra agus gléasra scagacháin nó íonúcháin, i gcomhair leachtanna nó gás (seachas innealra agus gléasra le haghaidh nó deochanna eile, agus seachas duáin shaorga); páirteanna díobh

    8424 89

    Fearais mheicniúla, bídís oibrithe de láimh nó ná bíodh, i gcomhair leachtanna nó púdair a theilgean, a easrú nó a spraeáil nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8424 90

    Páirteanna de mhúchtóirí dóiteáin, gunnaí spraeála agus fearais chomhchosúla, meaisíní greanroiste nó galroiste agus meaisíní comhchosúla scairde starracha chun leachtanna nó púdair a theilgean, a scairdeadh nó a spraeáil nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8425 11

    Tácla agus crocha ulóige seachas crocha scipe nó crocha de chineál a úsáidtear chun feithiclí faoi thiomáint mótair leictrigh a ardú

    8425 31

    Crainn tochrais agus tochaird arna gcumhachtú le mótar leictreach

    8426

    Deiricí long; craenacha, lena n-áirítear craenacha cábla; frámaí tógála inaistrithe, iompróirí gabhalscartha agus trucailí oibreacha a bhfuil craein feistithe orthu

    8427

    Forcardaitheoirí; trucailí oibreacha eile atá feistithe le trealamh ardaithe nó láimhseála (seachas iompróir gabhalscartha agus trucailí oibreacha atá feistithe le craen)

    8428 20

    Ardaitheoirí agus iompróirí neomatacha

    8428 31

    Ardaitheoirí agus iompróirí buan-aicsin eile le haghaidh earraí nó ábhar, lena n-úsáid faoi thalamh (seachas ardaitheoirí agus iompróirí neomatacha)

    8428 32

    Ardaitheoirí agus iompróirí buan-aicsin eile, le haghaidh earraí nó ábhar – Eile, de chineál buicéid

    8428 33

    Ardaitheoirí agus iompróirí buan-aicsin eile, le haghaidh earraí nó ábhar – Eile, de chineál creasa

    8428 39

    Ardaitheoirí agus iompróirí buan-aicsin eile le haghaidh earraí nó ábhar (seachas iad siúd atá lena n-úsáid faoi thalamh agus cineálacha buicéad, creasa iompair nó neomatacha)

    8428 70

    Róbotanna tionsclaíocha

    8428 90

    Innealra eile

    8429

    Ollscartairí, claonscartairí, grádóirí, leibhéalaithe, scríobairí, sluaistí meicniúla, tochaltóirí, lódairí sluaisteacha, meaisíní sactha agus rollóirí bóthair, iad féin ghluaiste

    8430

    Innealra grádaithe, leibhéalaithe, scríobtha, tochailte, sactha, balctha, asbhainte nó tollta, le haghaidh cré, mianraí nó mianta; sáiteoirí píle agus asbhainteoirí píle, nach sonraítear in aon áit eile; céachtaí sneachta agus séidirí sneachta

    8431 20

    Páirteanna d’fhorcardaitheoirí agus de thrucailí oibreacha eile atá feistithe le trealamh ardaithe nó láimhseála, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile.

    8431 39

    Páirteanna d’innealra faoi cheannteideal 8428 , nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8431 41

    Buicéid, sluaistí, alpairí agus greamáin le haghaidh innealra faoi cheannteideal 8426 , 8429 agus 8430

    8431 49

    Páirteanna d’innealra faoi cheannteideal 8426 , 8429 agus 8430 , nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8439 10

    Innealra le haghaidh laíon d’ábhar snáithíneach ceallúlósach a dhéanamh

    8439 30

    Innealra le haghaidh páipéar nó cairtchlár a chríochnú

    8440 90

    Innealra leabharcheangail, lena n-áirítear meaisíní fuála leabhar – Páirteanna

    8441 30

    Meaisíní le haghaidh cartáin, boscaí, cásanna, feadáin, drumaí nó coimeádáin chomhchosúla a dhéanamh, seachas trí mhúnlú

    8442 40

    Páirteanna den innealra, den ghléasra nó den trealamh thuasluaite

    8443 13

    Innealra priontála seach-churtha eile

    8443 15

    Innealra priontála litirphreasa, seachas an cineál a bhaineann an t-ábhar de spól, gan priontáil fhleisceagrafach san áireamh

    8443 16

    Innealra priontála fleisceagrafaí

    8443 17

    Innealra greanphriontála

    8443 19

    Innealra clódóireachta a úsáidtear le haghaidh clódóireachta trí bhíthin plátaí, sorcóirí agus comhpháirteanna clódóireachta eile faoi cheannteideal 8442 (seachas meaisíní heicteagraf nó dúblála stionsail, meaisíní breactha seoltaí agus meaisíní clódóireachta oifige eile faoi cheannteideal 8469 go 8472 , meaisíní scairdphrintéirí dúigh agus innealra priontála seach-churtha, fleisceagrafach, litirphreasa agus innealra clódóireachta greanphriontál)

    8443 91

    Páirteanna agus gabhálais clódóireachta a úsáidtear i gcomhair clódóireachta le plátaí, sorcóirí agus comhpháirteanna clódóireachta eile faoi cheannteideal 8442

    8444

    Meaisíní i gcomhair ábhair theicstíle de dhéantús an duine a easbhrú, a tharraingt, a uigeachtú nó a ghearradh

    8448

    Meaisíní cúnta le húsáid le meaisíní atá faoi cheannteidil 8444 , 8445 , 8446 nó 8447 (e.g. dobaithe, jacquardanna, stopanna uathoibríocha, meicníochtaí athraithe tointeálacha); páirteanna agus gabhálais atá oiriúnach le húsáid le meaisíní faoin gceannteideal seo nó faoi cheannteidil 8444 , 8445 , 8446 , 8447 amháin nó go príomha (e.g. fearsaidí agus eitleoirí fearsaide, cardáil éadaí, cíortha, siní easbhrúite, tointeálacha, úimeacha agus frámaí úma, snáthaidí osánachta)

    8451 10

    Meaisíní tirimghlanta

    8451 29

    Meaisíní triomaithe – Eile

    8451 30

    Meaisíní smúdála agus preasanna (lena n-áirítear preasanna comhleáite)

    8451 90

    Innealra (seachas meaisíní faoi cheannteideal 8450 ) le haghaidh snáitheanna teicstíle, fabraicí nó earraí teicstíle réamhdhéanta a ní, a ghlanadh, a fháisceadh, a thriomú, a smúdáil, a phreasáil (lena n-áirítear preasanna comhleáite), a thuar, a dhathú, a ghléasadh faoi threiscín, a chríochnú, a chlúdach nó a thuile agus meaisíní le haghaidh taos a chur ar bhonn fabraice nó tacú eile a úsáidtear i ndéantús clúdaigh urláir mar líonóil; meaisíní le haghaidh fabraicí teicstíle a thochras, a dhíthochras, a fhilleadh, a ghearradh nó a scealpadh – Páirteanna

    8453

    Innealra le haghaidh ullmhúchán, súdaireacht nó oibriú seithí, craicne nó leathair nó le haghaidh coisbheart nó earraí eile seithí, craicne nó leathair a dhéanamh nó a dheisiú, (seachas meaisíní triomaithe, gunnaí spraeála, meaisíní le haghaidh an fionnadh a bhaint de mhuca, meaisíní fuála agus preasanna ilchuspóireacha); páirteanna díobh

    8454

    Tiontairí, ladair, múnlaí tinní agus meaisíní teilgthe, de chineál a úsáidtear sa mhiotalóireacht nó i dteilgcheártaí miotail; páirteanna díobh

    8455 22

    Muilte fuar-rollúcháin le haghaidh miotail (seachas muilte feadáin)

    8455 30

    Rollaí le haghaidh muilte rollúcháin miotail

    8456

    Meaisín-uirlisí le haghaidh ábhar a shaoirsiú trí ábhar a bhaint, le próisis léasair nó solais nó léis fótóin eile, léis ultrasonaigh, díluchtaithe leictrigh, leictricheimiceacha, léis leictreoin, léis ianaigh nó stua-phlasmacha; meaisíní gearrtha scaird uisce

    8457

    Ionaid mheaisínithe, meaisíní tógála seasta ‘stáisiún singil’ agus meaisíní aistrithe ilstáisiúin, chun miotal a oibriú

    8458

    Deileanna (lena n-áirítear ionaid deileadóireachta) le miotail a bhaint

    8459

    Uirlisí meaisíní, lena n-áirítear meaisíní ceann aonaid, le haghaidh druileála, tollta, muilleála, snáithithe, nó tapála (seachas deil agus ionaid deilte atá faoi cheannteideal 8458 , meaisíní gearrtha giair atá faoi cheannteideal 8461 agus meaisíní lámhoibrithe)

    8460

    Meaisín-uirlisí le haghaidh miotal nó miotail cheirmeacha a dhíbhurrú, a fhaobhrú, a líomhadh, a mhíniú, a rádalú, a shnasú nó a chríochnú ar bhealach eile trí bhíthin clocha meilte, scríobaigh nó táirgí snasta, (seachas meaisíní gearrtha giair, meilte giair nó críochnaithe giair atá faoi cheannteideal 8461 agus meaisíní lena n-úsáid sa láimh)

    8461

    Meaisín-uirlisí le haghaidh plánáil, múnlú, déanamh sliotán, bróitseáil, gearradh giair, meilt giair nó críochnú giair, sábhadh, teascadh agus uirlisí meaisín eile a oibríonn trí mhiotal nó miotail cheirmeacha a bhaint, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile

    8462

    Meaisín-uirlisí (lena n-áirítear preasanna) le haghaidh miotal a oibriú trína ghaibhniú, a ghreadadh nó stampáil dísle (seachas muilte rollála); meaisín-uirlisí (lena n-áirítear preasanna, línte scáinte agus línte scoite) le haghaidh miotal a oibriú trí lúbadh, filleadh, díriú, leacú, fiar, puinseáil, eangú nó miotú (binsí tarraingthe as an áireamh); preasanna chun miotal nó cairbídí miotail a shaoirsiú, nár sonraíodh i gceannteidil roimh seo

    8463

    Meaisín-uirlisí chun miotal a shaoirsiú, cairbídí miotail nó ceirméidí sintéaraithe, gan ábhar a bhaint (seachas fáisceáin ghaibhnithe, fhillteacha, dhírithe agus chothromaithe, meaisíní fiartha, meaisíní puinseála nó eangaithe, fáisceáin agus meaisíní lena n-oibriú sa lámh)

    8464

    Meaisín-uirlisí le haghaidh oibriú cloiche, earraí ceirmeacha, coincréite, stroighne aispeiste nó ábhair mhionracha chomhchosúla nó le haghaidh oibriú fuar gloine

    8465

    Meaisín-uirlisí (lena n-áirítear meaisíní le haghaidh tairneála, stáplála, gliúála nó cóimeála eile) le haghaidh adhmad, corc, cnámh, rubar crua, plaistigh chrua nó ábhair chrua chomhchosúla a oibriú

    8466

    Páirteanna agus gabhálais atá oiriúnach le húsáid leis na meaisíní amháin nó go príomha atá faoi cheannteidil 8456 go 8465 , nó chuige sin amháin, lena n-áirítear coinneálaithe saothair nó uirlise, cinn dísle féinoscailte, cinn a scoilteann agus ceangaltáin speisialta eile le haghaidh na meaisíní, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile; coinneálaithe uirlise d’aon chineál uirlise le haghaidh oibriú i ngreim láimhe

    8467

    Uirlisí le haghaidh oibriú i ngreim láimhe, neomatach, hiodrálach nó le mótar féinchuimsithe leictreach nó neamhleictreach páirteanna díobh

    8468

    Innealra agus gaireas le haghaidh sádrála, prásála nó táthaithe, bíodh sé in ann gearradh nó ná bíodh (seachas iad siúd faoi cheannteideal 8515 ); meaisíní agus fearais a oibríonn le gás chun faghairt a chur ar dhromchlaí; páirteanna díobh

    Ex 8471

    Meaisíní próiseála sonraí uathoibríocha agus aonaid díobh; léitheoirí maighnéadacha nó optúla, meaisíní le sonraí a thras-scríobh ar mheáin sonraí i bhfoirm chódaithe agus meaisíní le haghaidh sonraí mar seo a phróiseáil, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile, gan aonaid eile meaisíní próiseála sonraí uathoibríocha faoi chód AC 8471 80 san áireamh agus gan aonaid eile meaisíní próiseála sonraí uathoibríocha nach sonraítear aon áit eile a chomhfhreagraíonn do chód AC 8471 70 98 san áireamh.

    8472 10

    Meaisíní dúblála

    8472 30

    Meaisíní le haghaidh postas a shórtáil nó a fhilleadh nó postas a chur isteach i gclúdaigh nó i mbandaí, meaisíní le haghaidh postas a oscailt, a dhúnadh nó a shéalú, agus meaisíní le haghaidh stampaí poist a ghreamú nó a chealú

    8473

    Páirteanna agus gabhálais (seachas clúdaigh, cásanna iompair agus a leithéidí) atá oiriúnach le húsáid leis na meaisíní atá faoi cheannteidil 8470 go 8472

    8474

    Innealra le cré, cloch, mianta nó substaintí mianracha eile, i bhfoirm sholadach (lena n-áirítear i bhfoirm púdair nó taois) a shórtáil, a chriathrú, a scaradh, a ní, a bhrú, a mheilt, a mheascadh nó a fhuineadh; innealra i gcomhair breoslaí soladacha mianracha, taos ceirmeach, ábhair plástrála nó táirgí mianracha eile i bhfoirm púdair nó taois a cheirtleánú nó a mhúnlú; meaisíní le haghaidh múnlaí teilgcheárta a dhéanamh de ghaineamh; páirteanna díobh

    8475

    Meaisíní le haghaidh lampaí, feadáin nó comhlaí nó splancbholgáin, leictreacha nó leictreonacha i gclúdaigh ghloine a chóimeáil; meaisíní le haghaidh saoirsiú te nó monarú; a dhéanamh ar ghloine nó earraí gloine (seachas foirnéisí agus gaireas téimh chun gloine threisithe a mhonarú); páirteanna díobh

    8477

    Innealra le haghaidh rubar nó plaistigh a shaoirsiú le haghaidh táirgí a dhéanamh as na hábhair seo, nach bhfuil sonraithe nó san áireamh in aon áit eile sa chaibidil seo, páirteanna díobh

    8479 10

    Innealra le haghaidh oibreacha poiblí, tógáil agus a leithéid

    8479 30

    Preasanna le haghaidh déantús clár gráinníní nó clár tógála snáithíní d’adhmad nó d’ábhair eile a bhfuil mianach adhmaid iontu, agus innealra eile le hadhmad nó corc a chóireáil

    8479 50

    Róbotanna tionsclaíocha, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile

    8479 81

    Innealra le haghaidh miotal a chóireáil, lena n-áirítear castóirí cornaí sreinge leictrí, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile (seachas róbait thionsclaíocha, foirnéisí, triomadóirí, spraeghunnaí agus a leithéidí, trealamh glanta ardbhrú agus scairdghlantóirí eile, muilte nó meaisíní rollta, meaisín-uirlisí agus meaisíní déanta rópa nó cábla)

    8479 82

    Meaisíní chun meascadh, fuineadh, brú, meilt, scagadh, criathrú, homaiginiú, eibliú nó suaitheadh a dhéanamh, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile (seachas róbotanna tionsclaíocha)

    8479 89

    meaisíní agus fearais mheicniúla, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8479 90

    Meaisíní agus fearais mheicniúla a bhfuil feidhmeanna ar leith acu nach bhfuil sonraithe, nó nach bhfuil san áireamh in aon áit eile i gCaibidil 84 – Páirteanna

    8480

    Boscaí múnlaithe le haghaidh teilgcheárta miotail boinn múnlaithe; patrúin múnlaithe; múnlaí le haghaidh miotail (gan múnlaí tinne a áireamh), cairbídí miotail, gloine, ábhair mhianracha, rubair nó plaistigh

    8481 10

    Comhlaí laghdaithe brú

    8481 20

    Comhlaí le haghaidh tarchuir ola-hiodrálacha nó neomatacha

    8481 30

    Comhlaí seiceála (neamh-fhillte) le haghaidh píopaí, blaoscanna coire, umar, dabhcha nó a leithéidí

    8481 40

    Comhlaí sábháilteachta nó fuascailte

    8482

    Imthacaí gránacha nó rollacha (seachas liathróidí cruach atá faoi cheannteideal 7326 ); páirteanna díobh

    8483

    Fearsaidí tarchuir, lena n-áirítear ceamfhearsaidí agus cromfhearsaidí, agus cromáin; cásálacha imthacaí agus imthaca loma fearsaide le haghaidh innealra; giair agus giaráil; scriúnna gránacha nó rollacha, giarbhoscaí agus athraitheoirí luais eile, lena n-áirítear tiontairí casmhóiminte; rothaí lústair agus ulóga, lena n-áirítear bloic ulóg, crága agus cúpláin fearsaide, lena n-áirítear ailt uilíocha; páirteanna díobh; páirteanna díobh

    8484

    Gaiscéid agus ailt chomhchosúla leathánra mhiotail comhcheangailte le hábhar eile a bhfuil dhá shraith nó níos mó miotail ann; foirne nó ilchnuasaigh gaiscéad agus alt comhchosúil, a bhfuil comhdhéanamh neamhchosúil acu, curtha i máilíní, i gclúdaigh nó i bpacáil comhchosúil; séalaí meicniúla

    8485

    Meaisíní chun breiseáin a mhonarú

    8486

    Meaisíní agus gléasra de chineál a úsáidtear go príomha le haghaidh peileanna nó sliseoga leathsheoltóirí, gairis leathsheoltóirí, ciorcaid leictreonacha chomhtháite nó painéil chothroma chun taispeána, nó chuige sin amháin; Meaisíní agus gléasra a shonraítear i nóta 9 c a ghabhann le Caibidil 84; páirteanna agus gabhálais díobh, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8487

    Páirteanna innealra, nach bhfuil nascóirí leictreacha, inslitheoirí, cornaí iontu, teagmhálacha nó gnéithe leictreacha eile iontu, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile i gCaibidil 84

    8501

    Mótair leictreacha agus gineadóirí (seachas foirne ginte)

    8502

    Foirne ginte leictreachais agus tiontairí rothlacha

    8503

    Páirteanna atá oiriúnach le húsáid leis na meaisíní atá faoi cheannteideal 8501 nó 8502 amháin nó go príomha:

    8504 32

    Claochladáin, a bhfuil acmhainn láimhseála cumhachta iontu > 1 kVA ach <= 16 kVA (seachas claochladáin thréleictreacha leachtacha)

    8504 33

    Claochladáin a bhfuil acmhainn láimhseála cumhachta iontu is mó ná 16 kVA ach nach mó ná 500 kVA

    8504 34

    Claochladáin a bhfuil acmhainn láimhseála cumhachta iontu is mó ná 500 kVA

    8505

    Leictreamaighnéid (seachas chun críche úsáide leighis); buanmhaighnéid agus earraí arna gceapadh le bheith ina mbuanmhaighnéid tar éis iad a mhaighnéadú; smutáin, clampaí agus gairis coinneála comhchosúla leictreamaighnéadacha nó buanmhaighnéadacha; cúpláin, crága agus coscáin leictreamaighnéadacha; cinn tógála leictreamaighnéadacha; páirteanna díobh

    8506

    Cealla príomhúla agus ceallraí príomhúla páirteanna díobh

    8507

    Taisc-chealla leictreacha, lena n-áirítear na scarthóirí a ghabhann leo, bídís dronuilleogach nó ná bídís (cearnógach san áireamh) páirteanna díobh

    8511

    Fearais adhainte nó tosaithe leictreacha de chineál a úsáidtear le hinnill dócháin inmheánaigh lena mbaineann spréach-adhaint nó brú-adhaint (e.g. maignéatónna adhainte, maignéató-dineamónna, cornaí adhainte, spréachphlocóidí agus plocóidí téitheora agus mótair dúisithe); gineadóirí e.g. mar shampla, dineamónna, ailtéarnóirí agus gearrthóga de chineál a úsáidtear i gcomhpháirt le hinnill mar seo; páirteanna díobh

    8512 20

    Trealamh leictreach soilsithe nó comharthaíochta sofheicthe do mhótarfheithiclí (seachas lampaí faoi cheannteideal 8539 )

    8512 90

    Páirteanna de threalamh leictreach soilsithe nó comharthaíochta, glantóirí gaothscátha, díreoáin agus dínéaltóirí de chineál a úsáidtear do rothair agus do mhótarfheithiclí, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile.

    Ex 8514

    Foirnéisí agus oighinn leictreacha tionsclaíochta nó saotharlainne (lena n-áirítear iad siúd a fheidhmíonn trí ionduchtú nó caillteanas tréleictreach), seachas oighinn bácúis nó brioscaí de líne 85141910; trealamh tionsclaíochta nó saotharlainne eile le haghaidh cóireáil teasa ábhar trí ionduchtú nó caillteanas tréleictreach

    8515

    Meaisíní leictreacha agus gléasra leictreach (lena n-áirítear gás a théitear go leictreach), léasair nó léis solais nó fótóin eile, ultrasonacha, léis leictreoin, bíogtha maighnéadaigh nó sádrála stua-phlasmaí, brásála nó táthúcháin, bídís ábalta gearradh nó ná bídís; meaisíní agus gairis leictreacha le haghaidh spraeáil the miotal nó miotal ceirmeach; páirteanna díobh

    8516 80

    Friotóirí téimh leictreacha (seachas friotóirí as gual agus graifít cheirtleánaithe)

    8517 61

    Bunstáisiúin ghairis chun guth, íomhánna nó sonraí eile a tharchur nó a ghlacadh

    8523 51

    Gléasanna stórála sonraí soladstaide, do-ghalaithe chun sonraí a thaifeadadh ó fhoinse sheachtrach (seachas earraí faoi Chaibidil 37)

    8525

    Gairis tarchurtha le haghaidh craoltóireacht raidió nó teilifíse, bíodh gaireas glactha nó gaireas taifeadta nó atáirgthe fuaime mar chuid díobh nó ná bíodh; ceamaraí teilifíse, ceamaraí digiteacha agus fístaifeadáin cheamara

    8526

    Gléasra radair, gléasra cúnta radloingseoireachta agus gléasra cianrialaithe raidió

    8527 21

    Glacadóirí craolta raidió nach féidir oibriú gan foinse sheachtrach cumhachta, de chineál a úsáidtear i mótarfheithiclí, comhcheangailte le gléasra taifeadta nó atáirgthe fuaime

    8528 49

    Monatóirí feadáin ga-chatóidí (CRT) (seachas monatóirí ríomhaire, ag a bhfuil glacadóir teilifíse)

    8530

    Trealamh comharthaíochta, sábháilteachta nó rialaithe tráchta leictreach le haghaidh iarnród, trambhealaí, bóithre, uiscebhealaí intíre, áiseanna páirceála, fearais chalaphoirt nó aerpháirceanna (seachas trealamh meicniúil nó leictrimheicniúil faoi cheannteideal 8608 ); páirteanna díobh

    8532 10

    Toilleoirí daingnithe arna ndearadh le húsáid i gciorcaid 50/60 hz agus a bhfuil toilleadh freasaitheach láimhseála cumhachta iontu >= 0,5 kvar (toilleoirí cumhachta)

    8532 29

    Toilleoirí leictreacha seasta (seachas toilleoirí tantalaim, leictrealaíocha alúmanaim, ceirmeacha, páipéir, plaisteacha agus cumhachta)

    8532 30

    Toilleoirí leictreacha (réamhshocraithe) inathraithe nó inchoigeartaithe

    8532 90

    Páirteanna de thoilleoirí leictreacha (réamhshocraithe), seasta, inathraithe nó inchoigeartaithe, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile.

    8533 29

    Friotóirí seasta eile – Eile

    8533 90

    Páirteanna de fhriotóirí leictreacha, lena n-áirítear réastait agus poitéinsiméadair, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8534

    Ciorcaid phriontáilte

    8535

    Gléasra leictreonach le haghaidh ciorcaid leictreonacha a lascadh nó a chosaint, nó le haghaidh naisc a dhéanamh le ciorcaid leictreacha nó laistigh díobh, e.g. lasca, fiúsanna, coscairí tintrí, teorantóirí voltais, sochtóirí borrtha, plocóidí agus nascóirí eile, comhchumair, le haghaidh voltas > 1 000 V (seachas deasca rialaithe, caibinéid rialaithe, painéil rialaithe, etc. faoi cheannteideal 8537 )

    8538

    Páirteanna atá oiriúnach le húsáid leis an ngaireas faoi cheannteidil 8535 , 8536 nó 8537 amháin nó go príomha

    8539 29

    Lampaí filiméid, leictreacha (seachas lampaí halaigine tungstain, lampaí de chumhacht <= 200 W agus le haghaidh voltas > 100 V agus lampaí ultraivialait nó infridhearga)

    8539 39

    Lampaí díluchtaithe (seachas lampaí fluaraiseacha teochatóideacha, lampaí gaile mearcair nó sóidiam, lampaí miotail hailíde agus lampaí ultraivialait)

    8539 41

    Stua-lampaí

    8539 51

    Modúil dé-óide astaithe solais (LED)

    8539 52

    Lampaí dé-óidí astaithe solais (LED)

    8540

    Comhlaí agus feadáin teirmianacha, catóide fuaire nó fótacatóide e.g.comhlaí agus feadáin folúis nó gaile nó gáslíonta, comhlaí agus feadáin coigeartaithe stuamhearcair, feadáin gha-chatóideacha, feadáin ceamara teilifíse; páirteanna díobh

    8541 30

    Tíreastóirí, DIACanna agus TRIACanna (seachas gairis leathsheoltóra fhótamhothálacha)

    8541 41

    Dé-óidí astaithe solais (LED)

    8541 42

    Cealla fótavoltacha nach bhfuil cóimeáilte ina módúil ná cóirithe ina bpainéil

    8541 43

    Cealla fótavoltacha atá cóimeáilte ina módúil nó cóirithe ina bpainéil

    8543 10

    Luasaire cáithníní

    8543 20

    Gineadóirí comhartha, de chineál leictreach

    8543 30

    Meaisíní agus gléasra le haghaidh leictreaphlátála, leictrealaithe nó leictreafóiréise

    8544 11

    Sreang le casadh chun críoch leictreach, de chopar, inslithe

    8544 30

    Foirne sreangaithe adhainte agus foirne eile sreangaithe d’fheithiclí, aerárthaí nó longa

    8544 49

    Seoltóirí leictreacha, le haghaidh voltas <= 1 000 V, inslithe, nach bhfuil feistithe le nascóirí, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8544 60

    Seoltóirí leictreacha, le haghaidh voltas > 1 000 V, inslithe, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile.

    8544 70

    Cáblaí snáithín optúil, déanta de shnáithíní i dtruaillí ar leith, bíodh seoltóirí leictreacha iontu nó ná bíodh nó bídís feistithe le nascóirí nó ná bídís

    8545 20

    Scuaba carbóin chun críoch leictreach

    8547

    Feistis inslithe le haghaidh meaisíní leictreacha, fearais nó trealamh, ar feistis iad nach bhfuil iontu ach ábhar inslithe seachas aon mhion-chomhpháirt miotail (e.g. soicéid snáithithe) a cuireadh san áireamh le linn a mhúnlaithe chun críocha cóimeála amháin, (seachas inslitheoirí atá faoi cheannteideal 8546 ); feadánra seolphíobáin leictreach agus ailt dóibh, déanta de tháirmhiotail líneáilte le hábhar inslithe

    8549

    Fuíoll agus drámh cealla príomhúla, ceallraí príomhúla agus taisc-cheallraí leictreacha

    8602

    Innill fhéinghluaiste iarnróid (seachas iad sin a chumhachtaítear ó fhoinse sheachtrach leictreachais nó le taisc-chealla leictreacha); gualcharranna

    8604

    Feithiclí cothabhála nó deisithe iarnróid nó trambhealaigh, bídís féinghluaiste nó ná bídís (mar shampla, ceardlanna, craenacha, calcóirí ballasta, ailínitheoirí rianta, cóistí tástála agus feithiclí iniúchta rianta)

    8606

    Veaineanna agus vaigíní earraí iarnróid nó trambhealaigh (seachas veaineanna féinghluaiste agus veaineanna bagáiste agus cóistí postoifige)

    8701 21

    Tarracóirí bóthair do leathleantóirí – Gan ach inneall loiní dócháin inmheánaigh adhainte comhbhrú (díosal nó leathdhíosal)

    8701 22

    Tarracóirí bóthair do leathleantóirí – Ina bhfuil inneall loiní dócháin inmheánaigh adhainte comhbhrú (díosal nó leathdhíosal) agus mótar leictreach araon mar mhótair tiomána

    8701 23

    Tarracóirí bóthair do leathleantóirí – Ina bhfuil inneall loiní dócháin inmheánaigh spréachadhainte agus mótar leictreach araon mar mhótair le haghaidh tiomána

    8701 24

    Tarracóirí bóthair le haghaidh leathleantóirí – Gan ach mótar leictreach le haghaidh tiomána

    8701 30

    Tarracóirí snámhaíola (seachas tarracóirí arna rialú ag coisithe)

    8703 10

    feithiclí chun <10 nduine a iompar ar an sneachta; cairríní gailf agus feithiclí comhchosúla

    Ex 8703 23

    Gluaisteáin agus mótarfheithiclí eile atá deartha go príomha chun <10 duine a iompar, lena n-áirítear vaigíní stáisiúin agus gluaisteáin rásaíochta nach bhfuil iontu ach inneall loiní dócháin inmheánaigh adhainte frithingeach ar > 1 900 cm3 ach <= 3 000 cm3 a dtoilleadh sorcóra (seachas otharcharranna)

    Ex 8703 24

    Gluaisteáin agus mótarfheithiclí eile atá deartha go príomha chun <10 duine a iompar, lena n-áirítear vaigíní stáisiúin agus gluaisteáin rásaíochta nach bhfuil iontu ach inneall loiní dócháin inmheánaigh adhainte frithingeach ar > 3 000 cm3 a dtoilleadh sorcóra (seachas otharcharranna)

    Ex 8703 32

    Gluaisteáin agus mótarfheithiclí eile atá deartha go príomha chun <10 duine a iompar, lena n-áirítear vaigíní stáisiúin agus gluaisteáin rásaíochta nach bhfuil iontu ach inneall díosail ar > 1 900 cm3 ach <= 2 500  cm3 a dtoilleadh sorcóra (seachas otharcharranna)

    Ex 8703 33

    Gluaisteáin agus mótarfheithiclí eile atá deartha go príomha chun <10 duine a iompar, lena n-áirítear vaigíní stáisiúin agus gluaisteáin rásaíochta nach bhfuil iontu ach inneall díosail ar > 2 500  cm3 a dtoilleadh sorcóra (seachas otharcharranna)

    8703 40

    Gluaisteáin agus mótarfheithiclí eile atá deartha go príomha chun <10 duine a iompar, lena n-áirítear vaigíní stáisiúin agus gluaisteáin rásaíochta a bhfuil iontu inneall loiní dócháin inmheánaigh adhainte frithingeach agus mótar leictreach ar aon mar mhótair le haghaidh tiomána (seachas feithiclí hibrideacha inluchtaithe)

    8703 50

    Gluaisteáin agus mótarfheithiclí eile atá deartha go príomha chun <10 duine a iompar, lena n-áirítear vaigíní stáisiúin agus gluaisteáin rásaíochta a bhfuil iontu inneall díosail agus mótar leictreach ar aon mar mhótair le haghaidh tiomána (seachas feithiclí hibrideacha inluchtaithe)

    8703 60

    Gluaisteáin agus mótarfheithiclí eile atá deartha go príomha chun <10 duine a iompar, lena n-áirítear vaigíní stáisiúin agus gluaisteáin rásaíochta a bhfuil iontu inneall loiní dócháin inmheánaigh adhainte frithingeach agus mótar leictreach ar aon mar mhótair le haghaidh tiomána, ar féidir iad a luchtú trína gceangal le foinse sheachtrach cumhachta leictreachais

    8703 70

    Gluaisteáin agus mótarfheithiclí eile atá deartha go príomha chun <10 duine a iompar, lena n-áirítear vaigíní stáisiúin agus gluaisteáin rásaíochta a bhfuil iontu inneall díosail agus mótar leictreach ar aon mar mhótair le haghaidh tiomána, ar féidir iad a luchtú trína gceangal le foinse sheachtrach cumhachta leictreachais

    8703 80

    Gluaisteáin agus mótarfheithiclí eile atá deartha go príomha chun <10 duine a iompar, lena n-áirítear vaigíní stáisiúin agus gluaisteáin rásaíochta nach bhfuil iontu ach mótar leictreach le haghaidh tiomána

    8703 90

    Gluaisteáin agus mótarfheithiclí eile atá deartha go príomha chun <10 duine a iompar, lena n-áirítear vaigíní stáisiúin agus gluaisteáin rásaíochta nach bhfuil iontu ach inneall seachas inneall loiní dócháin inmheánaigh adhainte le haghaidh tiomána

    Ex 8704

    Mótarfheithiclí chun earraí a iompar, lena n-áirítear fonnadh le hinneall agus cábán, seachas feithiclí de chód AC 8704 21 91 agus 8704 21 99 ina bhfuil inneall nach mó ná 1 900  cm3 a dtoilleadh sorcóra

    8705

    Mótarfheithiclí sainchuspóireacha, (seachas iad siúd atá ceaptha go príomha chun daoine nó earraí a iompar) e.g. leoraithe deisithe, leoraithe craenach, feithiclí comhraicthe dóiteáin, leoraithe measctha coincréite, leoraithe scuabadóra bóthair, leoraithe spraeála, ceardlanna taistil, aonaid raideolaíocha taistil

    8709 90

    Trucailí monarchan, de chineál féinghluaiste, nach bhfuil trealamh tógála nó láimhseála feistithe orthu, den chineál a úsáidtear i monarchana, trádstórais, limistéir duganna nó aerfoirt do ghearriompar earraí; tarracóirí den chineál a úsáidtear ar ardáin stáisiúin iarnróid; páirteanna de na feithiclí thuasluaite – Páirteanna

    8716 20

    Leantóirí agus leathleantóirí féinluchtaithe nó féin-díluchtaithe chun críoch talmhaíochta

    8716 39

    Leantóirí agus leathleantóirí eile chun earraí a iompar – Eile

    8716 90

    Páirteanna de leantóirí agus leathleantóirí agus feithiclí eile nach dtiomáintear go meicniúil, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile.

    8903

    Luaimh agus soithí eile le haghaidh áineasa nó spórt; báid iomraimh agus canúnna

    8904

    Tugaí agus brúshoithí

    8905

    Soithí éadroma, raftaí dóiteáin, dreidirí, craenacha snámhacha agus soithí eile ar fofheidhm dá bpríomhfheidhm í a n-inseoltacht; guanna snámhacha, ardáin druileála nó táirgthe de chineál snámhach nó intumtha

    9001 10

    Snáithíní optúla, cuail agus cáblaí snáithíní optúla (seachas na cinn déanta as snáithíní i dtruaillí ar leith atá faoi cheannteideal 8544 )

    9002 11

    Lionsaí oibiachtúla do cheamaraí, teilgeoirí nó méadaitheoirí nó laghdaitheoirí fótagrafacha

    9002 19

    Lionsaí oibiachtúla (seachas do cheamaraí, teilgeoirí nó méadaitheoirí nó laghdaitheoirí fótagrafacha)

    9005

    Déshúiligh, leathshúiligh, teileascóip optúla eile agus feistí díobh; ionstraimí réalteolaíochta eile agus feistí díobh (seachas ionstraimí radairéalteolaíochta agus ionstraimí nó gléasra eile a shonraítear in áit eile)

    9007

    Ceamaraí agus teilgeoirí cineamatagrafacha, bíodh gléasra taifeadta nó atáirgthe fuaime ina gcuid díobh nó ná bíodh (seachas trealamh físe)

    9010

    Gaireas agus trealamh le haghaidh saotharlanna fótagrafacha nó cineamatagrafacha, nach sonraítear in aon áit eile i gCaibidil 90; scóip chlaonchló; scáileáin teilgthe

    9013

    Léasair, seachas dé-óidí léasair fearais agus uirlisí optúla eile, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile i gCaibidil 90

    9014

    Compáis threo-aimsithe; ionstraimí agus fearais loingseoireachta eile (seachas trealamh loingseoireachta raidió); páirteanna díobh

    9015

    Suirbhéireacht (lena n-áirítear suirbhéireacht fhótaghram-mhéadrach), uirlisí agus fearais hidreagrafacha, aigéaneolaíocha, hidreolaíocha, mheitéareolaíocha nó gheoifisiceacha, (seachas compáis) ; raonaimsitheoirí

    9024

    Meaisíní agus fearais chun cruas, neart, in-chomhbhrúiteacht, leaisteachas nó saintréithe meicniúla eile ábhar a thástáil (miotail, adhmad, teicstílí, páipéar, plaistigh, mar shampla); páirteanna díobh

    9025 90

    páirteanna agus gabhálais do hidriméadair, agus ionstraimí snámhacha cosúla, teirmiméadair, piriméadair, baraiméadair, taismhéadair agus sícriméadair, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    9026

    Uirlisí agus gléasra chun sreabhadh, leibhéal, brú nó athróga eile leachtanna nó gás a thomhas nó a sheiceáil (sreabhmhéadair, tomhsairí leibhéil, manaiméadair, méadair teasa, mar shampla), gan na huirlisí agus na gléasra a áireamh atá faoi cheannteidil 9014 , 9015 , 9028 nó 9032

    9027

    Uirlisí agus gléasra le haghaidh anailís fhisiceach nó cheimiceach, (mar shampla, polaraiméadair, athraonmhéadair, speictriméadair, gléasra anailíse gáis nó deataigh); uirlisí agus gléasra chun slaodacht, póiriúlacht, méadú, teannas dromchla nó a leithéidí a thomhas nó a sheiceáil; uirlisí agus gléasra chun cainníochtaí teasa, fuaime nó solais a thomhas nó a sheiceáil, (lena n-áirítear nochtmhéadair); micreatóim

    9029

    Áiritheoirí imrothlúcháin, áiritheoirí táirgeachta, tacsaiméadair, odaiméadair, peidiméadair agus a leithéidí (seachas méadair gháis, leachta agus leictreachais); luasmhéadair agus tacaiméadair, (seachas na cinn atá faoi cheannteideal 9014 nó 9015 ); stróbascóip

    9030

    Ascalascóip, anailíseoirí speictrim agus uirlisí agus gléasra eile chun cainníochtaí leictreachais a thomhas nó a sheiceáil (seachas na méadair atá faoi cheannteideal 9028 ); uirlisí agus gléasra chun radaíocht ianúcháin alfa, béite, gáma, X-ghathach, chosmach nó radaíocht ianúcháin eile a thomhas nó a bhrath

    9031

    Ionstraimí tomhais nó seiceála, fearais agus meaisíní nach sonraítear in aon áit eile i gCaibidil 90; teilgeoirí próifíle

    9032 81

    Ionstraimí agus gaireas uathoibríoch eile rialála nó rialaithe – hiodrálach nó neomatach – Eile

    9401 10

    Suíocháin aerárthaigh

    9401 20

    Suíocháin do mhótarfheithiclí

    9403 30

    Troscán adhmaid de chineál a úsáidtear in oifigí

    9406

    Foirgnimh réamhdhéanta

    9503 00 75

    Bréagáin phlaisteacha agus múnlaí plaisteacha, ina n-ionchorpraítear mótar, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile faoi cheannteideal 9503

    9503 00 79

    Bréagáin agus múnlaí, nach bhfuil déanta as plaisteach ina n-ionchorpraítear mótar, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile faoi cheannteideal 9503

    9606

    Cnaipí, brúfháiscíní, smeachdhúntóirí agus brústodaí, múnlaí cnaipe agus páirteanna eile de na hearraí sin; bánáin chnaipe (seachas scoráin muinchille)

    9608 91

    Goba pinn agus pointí gob

    9612 20

    As snáithíní saorga, ar lú ná 30 mm ar leithead iad, curtha go buan i gcartúis phlaisteacha nó miotail de chineál a úsáidtear i gclóscríobháin uathoibríocha, i dtrealamh próiseála sonraí uathoibríoch agus in innill eile

    Ex 98

    Gléasraí iomlána tionsclaíocha, seachas gléasraí chun bia agus deochanna, cógaisíocht, cógais agus feistí leighis a tháirgeadh

    ’.

    IARSCRÍBHINN V

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn XXIX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

    ‘IARSCRÍBHINN XXIX

    Liosta de na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 3n(6)(c)

    Raon feidhme na díolúine

    An dáta cur i bhfeidhm

    An dáta éaga

    An t-iompar ar shoitheach go dtí an tSeapáin, an cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis an iompar sin, d’amhola a thagann faoi AC 2709 00 arna meascadh le comhdhlúthán, ar de thionscnamh Thionscadal Sakhalin-2 (Сахалин-2) é, atá lonnaithe sa Rúis

    5 Nollaig 2022

    28 Meitheamh 2024

    ’.

    IARSCRÍBHINN VI

    Cuirtear na hIarscríbhinní seo a leanas isteach i Rialachán (AE) 833/2014:

    ‘IARSCRÍBHINN XXIIIA

    Liosta earraí dá dtagraítear in Airteagal 3k(3aa)

    Cód AC

    Tuairisc

    2825

    Bunanna neamhorgánacha, ocsaídí, hiodrocsaídí agus sárocsaídí eile de mhiotal, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile; Hiodraisín agus hiodrocsalaimín agus a gcuid salann neamhorgánach

    2905 31

    Gliocól eitiléine (eatáindé-ól)

    3812 10

    Brostaitheoirí rubair ullmhaithe

    3812 31

    Meascáin d’olagaiméirí de 2,2,4-trímheitil–1,2 -déhidreacuineoilín (TMQ)

    3812 39

    Ullmhóidí frith-ocsaídiúcháin agus cobhsaitheoirí eile comhdhúile le haghaidh rubair nó plaisteach (seachas meascáin d’olagaiméirí de 2,2,4-trímheitil–1,2 -déhidreaquinoline (TMQ))

    3816 00 90

    Stroighin, moirtéal agus coincréit atá teasfhulangach, agus cumaisc chomhchosúla (seachas meascán pulctha dolaimíte), seachas na táirgí atá faoi cheannteideal 3801

    3910

    Sileacóin i bhfoirmeacha príomhúla

    3911 90

    Polasulfídí, polasulfóin agus táirgí eile atá sonraithe i nóta 3 a ghabhann leis an gcaibidil seo, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile, i bhfoirmeacha príomhúla, seachas pola(1,3-feiniléin mheitilfosfónáit)

    3912 12

    Aicéatáití ceallalóis de chineál plaistithe, i bhfoirmeacha príomhúla

    3912 20

    Níotráití ceallalóis, lena n-áirítear collóidiain, i bhfoirmeacha príomhúla

    3912 31

    Ceallalós carbocsaimeitile agus a chuid salann, i bhfoirmeacha príomhúla

    3912 39

    Éitir ceallalóis, i bhfoirmeacha príomhúla (seachas ceallalós carbocsaimeitile agus a chuid salann)

    3917 22

    Feadáin, píobáin agus osáin dhochta, as polaiméirí próipiléine

    3917 29

    Feadáin, píobáin agus osáin dhochta, as polaiméirí eitiléine

    4011 80

    Boinn neomatacha nua, as rubar, de chineál a úsáidtear ar fheithiclí agus meaisíní tógála, mianadóireachta nó tionsclaíochta

    7201

    Muciarann agus spiegeleisen ina mhuc-bharraí, ina bhloic nó i bhfoirmeacha príomhúla eile

    7202 11

    Fearó-mhangainéis ina bhfuil níos mó ná 2 % de charbón de réir meáchain

    7202 19

    Fearó-mhangainéis nach bhfuil níos mó ná 2 % carbón ann de réir meáchain

    7202 21

    Fearó-shileacan ina bhfuil níos má ná 55 % de shileacan de réir meáchain

    7202 29

    Fearó-shileacan nach bhfuil níos mó ná 55 % de shileacan de réir meáchain ann

    7202 30

    Fearó-shileacómangainéis

    7202 41

    Fearó-chróimiam ina bhfuil níos mó ná 4 % de charbón de réir meáchain

    7202 49

    Fearó-chróimiam nach bhfuil níos mó ná 4 % de charbón de réir meáchain ann

    7202 50

    Fearó-shileacócróiniam

    7202 60

    Fearónicil

    7202 70

    Fearó-mholaibdéineam

    7202 80

    Fearó-thungstan agus fearó-shileacótungstan

    7202 91

    Fearó-thíotáiniam agus fearó-shilicóthíotáiniam

    7202 93

    Fearó-niabiam

    7202 99

    Fearó-chóimhiotail eile

    7203

    Táirgí feiriúla a fhaightear trí iarnmhian agus táirgí eile feiriúla spúinseacha a laghdú go díreach, i gcnapanna, i millíní nó i bhfoirmeacha eile den chineál céanna; iarann a bhfuil íos-íonacht 99,94 % de réir meáchain ann, i gcnapanna, i millíní nó i bhfoirmeacha eile den chineál céanna

    7204

    Fuíollábhar iarainn agus dramhiarann; athleá ar dhramhuingí iarainn agus cruach

    7205

    Gráiníní agus púdair de mhuciarann, spiegeleisen, d’iarann nó de chruach

    7206

    Iarann agus cruach nach cóimhiotal í in uingí nó i bhfoirmeacha príomhúla eile (gan dramhuingí lena n-athleá, táirgí a fhaightear trí theilgean leanúnach agus iarann faoi cheannteideal 7203 a áireamh)

    7214

    Barraí agus slata eile as iarann nó as cruach nach cóimhiotal í, iad gaibhnithe, teo-rollta, teo-tharraingthe nó teo-easbhrúite, agus gan aon saoirsiú thairis sin déanta orthu, lena n-áirítear an chuid a gcuirtear casadh iontu tar éis a rollta, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile.

    7215 10

    Barraí agus slata, as cruach shoghearrtha nach cóimhiotal í, gan aon saoirsiú thairis sin déanta orthu seachas iad a bheith fuarfhoirmithe nó fuarchríochnaithe, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile.

    7215 90

    Barraí agus slata, as iarann nó cruach nach cóimhiotal í, gan saoirsiú thairis sin déanta orthu seachas iad a bheith fuarfhoirmithe nó fuarchríochnaithe, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile.

    7217

    Sreang iarainn nó sreang de chruach nach cóimhiotal í

    7221

    Barraí agus slata, iad teo-rollta, iad ina gcornaí atá corntha go mírialta, as cruach dhosmálta

    7222 11

    Barraí agus slata, teo-rollta, teo-tharraingthe nó easbhrúite, as cruach dhosmálta, gan aon saoirsiú thairis sin déanta orthu, agus trasghearradh ciorclach acu

    7222 19

    Barraí agus slata, teo-rollta, teo-tharraingthe nó easbhrúite (gan trasghearradh ciorclach acu, as cruach dhosmálta a áireamh) agus gan aon saoirsiú thairis sin déanta orthu

    7222 20

    Barraí agus slata cruach dosmálta eile, fuarfhoirmithe nó fuarchríochnaithe agus gan aon saoirsiú thairis sin déanta orthu

    7222 40

    Uillinneacha, cruthanna agus cónaisc déanta as cruach dhosmálta

    7223

    Sreang de chruach dhosmálta

    7227

    Barraí agus slata, iad teo-rollta, iad ina gcornaí atá corntha go mírialta, iad déanta as cruach chóimhiotail de chineál eile

    7229 20

    Sreang as cruach shileacómangainéise

    7301 10

    Bratphíleáil iarainn nó cruach, bíodh sí druileáilte, pollta nó déanta as nithe cóimeáilte nó ná bíodh

    7302

    Ábhair tógála iarainn nó cruach le haghaidh iarnróid nó trambhealaigh, lena n-áirítear: ráillí, ráillí cosanta agus ráillí fiaclacha, lanna aistrithe, froganna, slata pointe agus píosaí eile trasbhealaigh, trasnáin (trascheangail), lioscáin, teangacha ladhróige, dingeacha teanga ladhróige, bonnphlátaí (bunphlátaí), fáiscíní ráille, leabaphlátaí, ceangail agus ábhar speisialaithe eile chun ráillí a cheangal nó a dheisiú

    7303

    Feadáin, píobáin agus tollphróifílí déanta as iarann teilgthe

    7304 11

    Píobán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis, gan uaim, as cruach dhosmálta

    7304 19

    Píobán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis, gan uaim, as cruach dhosmálta (seachas táirgí déanta as cruach dhosmálta nó as iarann teilgthe)

    7304 22

    Píobán druilire, gan uaim, as cruach dhosmálta, de chineál a úsáidtear chun ola agus gás a dhruileáil

    7304 23

    Píobán druilire, gan uaim, de chineál a úsáidtear chun druileáil le haghaidh ola nó gáis, as iarann nó as cruach (seachas táirgí déanta as cruach dhosmálta nó as iarann teilgthe)

    7304 29

    Cásáil agus feadánra, gan uaim, as iarann nó as cruach, de chineál a úsáidtear chun druileáil le haghaidh ola nó gáis (seachas táirgí atá déanta as cruach dhosmálta nó iarann teilgthe)

    7304 31

    Feadáin, píopaí agus tollphróifílí, gan uaim, de thrasghearradh ciorclach, as iarann nó cruach nach cóimhiotal í, fuartharraingthe nó fuar-rollta (fuarlaghdaithe)

    7304 39

    Feadáin, píobáin agus tollphróifílí, gan uaim, de thrasghearradh ciorclach, as iarann nó cruach nach cóimhiotal í, nach bhfuil fuartharraingthe ná fuar-rollta (fuarlaghdaithe) (seachas táirgí atá déanta as iarann teilgthe, píopán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis, cásáil agus feadánra de chineál a úsáidtear chun druileáil le haghaidh ola agus gáis)

    7304 41

    Feadáin, píobáin agus tollphróifílí, gan uaim, de thrasghearradh ciorclach, as cruach dhosmálta, fuartharraingthe nó fuar-rollta (fuarlaghdaithe) (seachas píobán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis, cásáil agus feadánra de chineál a úsáidtear chun druileáil le haghaidh ola agus gáis)

    7304 49

    Feadáin, píobáin agus tollphróifílí, gan uaim, de thrasghearradh ciorclach, as cruach dhosmálta, nach bhfuil fuartharraingthe nó fuar-rollta (fuarlaghdaithe) (seachas píobán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis nó a úsáidtear chun druileáil le haghaidh ola nó gáis)

    7304 51

    Feadáin, píobáin agus tollphróifílí, gan uaim, de thrasghearradh ciorclach, as cruach chóimhiotail nach cruach dhosmálta í, nach bhfuil fuartharraingthe nó fuar-rollta (fuarlaghdaithe) (seachas píobán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis, cásáil agus feadánra de chineál a úsáidtear chun druileáil le haghaidh ola)

    7304 59

    Feadáin, píobáin agus tollphróifílí, gan uaim, de thrasghearradh ciorclach, as cruach chóimhiotail nach cruach dhosmálta í, nach bhfuil fuartharraingthe nó fuar-rollta (fuarlaghdaithe) (seachas píobán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis, cásáil agus feadánra de chineál a úsáidtear chun druileáil le haghaidh ola)

    7304 90

    Feadáin, píobáin agus tollphróifílí, gan uaim, de thrasghearradh neamhchiorclach, iad déanta as iarann nó cruach (seachas táirgí iarainn theilgthe)

    7305 12

    Píobán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis, a bhfuil trasghearradh ciorclach agus trastomhas seachtrach is mó ná 406,4 mm aige, é déanta as iarann nó as cruach, táthaithe ar a bhfad (seachas táirgí atá tumtha agus stuatháthaithe ar a bhfad)

    7305 19

    Píobán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis, a bhfuil trasghearradh ciorclach agus trastomhas seachtrach is mó ná 406,4 mm aige, é déanta as iarann nó as cruach, (seachas táirgí atá táthaithe ar a bhfad)

    7305 20

    Cásáil de chineál a úsáidtear chun druileáil le haghaidh ola agus gáis, a bhfuil trasghearradh ciorclach agus trastomhas seachtrach is mó ná 406,4 mm aici, as iarainn nó cruach

    7305 31

    Feadáin agus píobáin a bhfuil trasghearradh ciorclach agus trastomhas seachtrach is mó ná 406.4 mm acu, iad déanta as iarann nó as cruach, iad táthaithe ar a bhfad

    7305 90

    Feadáin agus píobáin a bhfuil trasghearradh ciorclach agus trastomhas seachtrach is mó ná 406,4 mm acu, iad déanta as iarann nó cruach, iad táthaithe (seachas píobán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis agus cásáil de chineál a úsáidtear chun druileáil le haghaidh ola nó gáis)

    7306 11

    Píopán líne de chineál a úsáidtear do phíblínte ola nó gáis, é táthaithe, as cruach dhosmálta, a bhfuil trasghearradh ciorclach aige de thrastomhas seachtrach nach mó ná 406.4 mm, nó a bhfuil trasghearradh neamhchiorclach aige

    7306 19

    Píobán líne de chineál a úsáidtear do phíblínte ola nó gáis, as iarann nó as cruach, a bhfuil trasghearradh ciorclach aige de thrastomhas seachtrach nach mó ná 406.4 mm, nó a bhfuil trasghearradh neamhchiorclach aige (seachas táirgí táthaithe as cruach dhosmálta)

    7306 21

    Píopán líne agus feadánra de chineál a úsáidtear chun druileáil le haghaidh ola nó gáis, é táthaithe, as cruach dhosmálta, a bhfuil trasghearradh ciorclach aige de thrastomhas seachtrach nach mó ná 406,4 mm, nó a bhfuil trasghearradh neamhchiorclach aige

    7306 29

    Cásáil agus feadánra de chineál a úsáidtear chun druileáil le haghaidh ola nó gáis, iad táthaithe, as iarainn nó cruach, a bhfuil trastomhas seachtrach nach mó ná 406,4 mm acu (seachas táirgí táthaithe as cruach dhosmálta)

    7306 30

    Feadáin agus píobáin a bhfuil trasghearradh ciorclach agus trastomhas seachtrach nach mó ná 406,4 mm acu, iad déanta as iarann nó cruach, iad táthaithe (seachas píobán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis agus cásáil de chineál a úsáidtear chun druileáil le haghaidh ola nó gáis)

    7306 40

    Feadáin, píobáin agus tollphróifílí, táthaithe, a bhfuil trasghearradh ciorclach agus trastomhas seachtrach nach mó ná 406,4 mm acu , as cruach dhosmálta (seachas píobán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis, agus cásáil agus feadánra de chineál a úsáidtear chun druileáil le haghaidh ola agus gáis)

    7306 61

    Feadáin, píobáin agus tollphróifilí, táthaithe, a bhfuil trasghearradh cearnógach nó dronuilleogach acu, as iarann nó cruach (seachas píobán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis agus cásáil agus feadánra úsáidtear chun druileáil le haghaidh ola nó gáis)

    7306 69

    Feadáin, píobáin agus tollphróifilí, táthaithe, a bhfuil trasghearradh eile seachas ciorclach, dronuilleogach nó cearnógacha acu, as iarann nó cruach (seachas píobán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis, agus cásáil agus feadánra de chineál a úsáidtear chun druileáil le haghaidh ola nó gáis)

    7306 90

    Feadáin, píobáin agus tollphróifílí as iarann nó as cruach

    7411 10

    Feadáin agus píobáin as copar mínghlanta

    7411 21

    Feadáin agus píobáin as bun-chóimhiotail chopair-since (prás)

    7411 22

    Feadáin agus píobáin déanta as bun-chóimhiotail chopar-nicile (coprainicil) nó bun-chóimhiotail chopar-nicil-since (airgead nicile)

    7413

    Sreang dhualach, cáblaí, bandaí trilseacha agus a leithéid, iad déanta as copar, gan a bheith inslithe go leictreach

    7606 11

    Plátaí, leatháin agus stiallacha, déanta as alúmanam nach cóimhiotal é, ar tiús is nó ná 0,2 mm, cearnógach nó dronuilleogach (seachas plátaí, leatháin agus stiall leathnaithe)

    7606 12

    Plátaí, leatháin agus stiallacha, déanta as cóimhiotail alúmanaim, ar tiús is mó ná 0,2 mm, cearnógach nó dronuilleogach (seachas plátaí, leatháin agus stiall leathnaithe)

    7606 91

    Plátaí, leatháin agus stiallacha, déanta as alúmanam nach cóimhiotal é, ar tiús is mó ná 0,2 mm (seachas iad siúd atá cearnógach nó dronuilleogach)

    7608

    Feadáin agus píobáin alúmanaim

    7609

    Feistis feadáin nó píobáin alúmanaim (mar shampla, cúplálacha, uillinneacha, muinchillí)

    8207 13

    Uirlisí carraigdhruileála nó uirlisí tollta cré, iad inmhalartaithe, arb as ceirméid a bpáirteanna oibríocha

    8207 19

    Uirlisí carraigdhruileála nó uirlisí tollta cré, iad inmhalartaithe, agus páirteanna lena n-aghaidh, arb as ábhair seachas ceirméid a bpáirteanna oibríocha

    8207 20

    Díslí inmhalartaithe le haghaidh miotal a tharraingt nó a easbhrú

    8207 30

    Uirlisí inmhalartaithe le haghaidh brú, stampáil nó puinseáil

    8207 40

    Uirlisí tapála nó snáithithe, inmhalartaithe

    8207 50

    Uirlisí druileála, inmhalartaithe (seachas druileáil carraige)

    8207 70

    Uirlisí inmhalartaithe muilleála

    8207 80

    Uirlisí inmhalartaithe deileadóireachta

    8207 90

    Uirlisí inmhalartaithe le haghaidh uirlisí láimhe, bídís cumhachtoibrithe nó ná bíodh, nó le haghaidh meaisín-uirlisí, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8412 31

    Innill agus mótair neomatacha, a oibríonn go líneach (sorcóirí)

    8412 80

    Innill agus mótair (seachas tuirbíní gaile uisce, inneall loiní dócháin inmheánaigh, tuirbíní hiodrálacha, rothaí uisce, gástuirbíní, innill fhreasaithe, innill agus mótair hiodrálacha, innill agus mótair neomatacha)

    8413 20

    Caidéil láimhe le haghaidh leachtanna (seachas iad siúd atá faoi fho-cheannteideal 8413 11 agus 8413 19 )

    8413 40

    Caidéil choincréite

    8413 82

    Leacht-ardaitheoirí

    8413 92

    Páirteanna leacht-ardaitheoirí

    8417 10

    Foirnéisí agus oighinn thionsclaíocha nó saotharlainne, neamhleictreacha, le mianta, pirítí nó miotail a róstadh, a leá nó le cóireáil teasa de chineál eile a dhéanamh orthu

    8430 20

    Céachtaí sneachta agus séidirí sneachta (seachas iad siúd atá suite ar vaigíní iarnróid, ar fhonnaidh mótarfheithiclí nó leoraithe)

    8430 31

    Gearrthóirí féinghluaiste guail nó carraige agus innealra tollánaithe

    8430 61

    Innealra sactha nó balctha (nach féinghluaiste)

    8456 11

    Meaisín-uirlisí chun aon ábhar a shaoirsiú trí ábhar a bhaint, a oibrítear le léasair

    8456 12

    Meaisín-uirlisí chun aon ábhar a shaoirsiú trí ábhar a bhaint, a oibrítear le próisis léasacha solais nó léasacha fótón seachas le léasair

    8456 30

    Meaisín-uirlisí chun aon ábhar a shaoirsiú trí ábhar a bhaint, a oibrítear le próisis díluchtaithe leictrigh

    8456 50

    Meaisíní gearrtha scaird uisce

    8456 90

    Meaisín-uirlisí chun aon ábhar a shaoirsiú trí ábhar a bhaint, a oibrítear trí phróisis leictriceimiceacha, léis leictreon nó léis ianaigh

    8461 50

    Meaisíní sábhadóireachta nó gearrtha, chun miotail nó ceirméid a shaoirsiú

    8467

    Uirlisí le haghaidh oibriú i ngreim láimhe, neomatach, hiodrálach nó le mótar féinchuimsithe leictreach nó neamhleictreach

    8474 20

    Meaisíní brúite nó meilte le haghaidh substaintí soladacha mianracha

    8474 32

    Meaisíní chun substaintí mianracha a mheascadh le biotúman

    8480 10

    Boscaí múnlaithe le haghaidh teilgcheárta miotail

    8480 41

    Múnlaí de chineálacha insteallta nó comhbhrúite le haghaidh miotail nó cairbídí miotail

    8480 49

    Múnlaí le haghaidh miotail nó cairbídí miotail

    8480 50

    Múnlaí le haghaidh gloine

    8480 79

    Múnlaí le haghaidh rubair nó plaisteach (seachas iad siúd de chineál insteallta nó comhbhrúite)

    8485

    Meaisíní chun breiseáin a mhonarú

    8501 10

    Mótair a bhfuil aschur acu nach mó ná 37.5 W

    8501 32

    Mótair SD agus gineadóirí SD seachas gineadóirí fótavoltacha ar mó a n-aschur ná 750 kW ach nach mó ná 75 kW é

    8501 34

    Mótair SD agus gineadóirí SD seachas gineadóirí fótavoltacha ar mó a n-aschur ná 375 kW

    8501 40

    Mótair SA, aon phas, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8501 51

    Mótair SA, ilphasanna, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile agus nach mó a n-aschur ná 750 W

    8501 52

    Mótair SA, ilphasanna, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile agus ar mó a n-aschur ná 750 w ach nach mó ná 75 kW é

    8501 71

    Gineadóirí fótavoltacha SD, nach mó a n-aschur ná 50 W

    8501 72

    Gineadóirí fótavoltacha SD, ar mó a n-aschur ná 50 W

    8501 80

    Gineadóirí SA fótavoltacha

    8506 10

    Cealla príomhúla agus ceallraí príomhúla dé-ocsaíde mangainéise

    8506 30

    Cealla príomhúla agus ceallraí príomhúla d’ocsaíd mhearcarach

    8506 40

    Cealla príomhúla agus ceallraí príomhúla ocsaíde airgid

    8506 50

    Cealla príomhúla agus ceallraí príomhúla eile

    8506 80

    Cealla príomhúla agus ceallraí príomhúla, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8507 50

    Taisc-cheallraí leictreacha hidríde nicile-miotail

    8507 60

    Taisc-cheallraí leictreacha ian-litiam

    8507 80

    Taisc-cheallraí leictreacha (seachas taisc-cheallraí luaidhe-aigéadacha, nicile-caidmiam, hidríde nicile-miotail agus ian-litiam)

    8507 90

    Plátaí, deighilteoirí agus codanna eile de thaisc-cheallraí leictreacha

    8515 31

    Meaisíní agus gairis lán-uathoibríocha nó leath-uathoibríocha chun miotail a stuatháthú (lena n-áirítear stua plasma)

    8515 39

    Meaisíní agus gairis chun miotail a stuatháthú (lena n-áirítear stua plasma), seachas cinn lán-uathoibríocha nó leath-uathoibríocha

    8515 80

    Meaisíní agus gairis leictreacha le haghaidh léasair nó léis solais nó fótóin eile, ultrasonaigh, léis leictreoin, sádrála bíge mhaighnéadaigh, prásála nó táthúcháin, bíodh siad in ann gearradh nó ná bíodh; meaisíní agus gairis leictreacha chun miotail nó ceirméid a theo-spraeáil

    8515 90

    Comhpháirteanna de mheaisíní agus de ghairis chun miotail nó ceirméid a phrásáil, a shádráil, a tháthú nó a theo-spraeáil

    8904

    Tugaí agus brúshoithí

    8905

    Soithí éadroma, raftaí dóiteáin, dreidirí, craenacha snámhacha agus soithí eile ar fofheidhm dá bpríomhfheidhm í a n-inseoltacht; duganna snámhacha, ardáin snámhacha nó intumtha druileála nó táirgthe

    9013 20

    Léasair, seachas dé-óidí léasair

    9013 90

    Compháirteanna agus gabhálais do léasair seachas dé-óidí léasair, fearais agus ionstraimí optúla eile nach bhfuil sonraithe in aon áit eile i gCaibidil 90

    9027 20

    Crómatagraif agus uirlisí leictreafóiréise

    9027 30

    Speictriméadair, speictreafótaiméadair agus speictreagraif a úsáideann radaíochtaí optúla, ar nós UV, infheicthe, IR

    9027 50

    Uirlisí agus gairis a úsáideann radaíochtaí optúla (UV, infheicthe, IR) (seachas speictriméadair, speictreafótaiméadair, speictreagraif, agus gairis anailíse gáis nó deataigh)

    9027 90

    Micreatóim; comhpháirteanna agus gabhálais

    9030 10

    Ionstraimí agus gairis chun radaíochtaí ianúcháin a thomhas nó a bhrath

    9030 20

    Ascalascóip agus ascalagraif

    9030 31

    Ilmhéadair le haghaidh voltais, srutha, friotaíochta nó cumhacht leictreach, nach bhfuil gaireas taifeadta iontu

    9030 33

    Ionstraimí agus gairis chun voltas, sruth, friotaíocht nó cumhacht leictreach a thomhas nó a sheiceáil, ina bhfuil gaireas taifeadta (seachas ilmhéadair)

    9030 84

    Ionstraimí agus gairis chun cainníochtaí leictreacha a thomhas nó a sheiceáil, ina bhfuil gaireas taifeadta, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile (seachas gairis atá deartha go sonrach le haghaidh teileachumarsáide, ilmhéadair, ascalascóip agus ascalagraif, agus gairis chun sliseoga nó gléasra leathsheoltóirí a thomhas nó a sheiceáil)

    9030 90

    Comhpháirteanna agus gabhálais le haghaidh ionstraimí agus gairis chun cainníochtaí leictreacha a thomhas nó a sheiceáil nó le haghaidh uirlisí agus gairis chun radaíochtaí alfa, béite, gáma, X-ghathanna, cosmacha nó radaíochtaí ianúcháin eile a thomhas nó a bhrath

    IARSCRÍBHINN XXIIIB

    Liosta earraí dá dtagraítear in Airteagal 3k(3ab)

    Cód AC

    Tuairisc

    3917 21

    Feadáin, píobáin agus osáin dhochta, as polaiméirí eitiléine

    3917 39

    Feadáin, píobáin agus píobáin sholúbtha, as plaistigh, le feisteas nó gan feisteas, treisithe nó comhcheangailte ar bhealach eile le hábhair eile (seachas iad siúd a bhfuil íosbhrú pléasctha 27,6 MPa acu)

    3917 40

    Feistis feadáin, píopaí agus osáin (mar shampla, ailt, uillinneacha, feirí), iad déanta as plaistigh

    7305 11

    Píobán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis, a bhfuil trasghearradh ciorclach agus trastomhas seachtrach is mó ná 406,4 mm aige, é déanta as iarann nó as cruach, tumtha agus stuatháthaithe ar a bhfad

    7307 11

    Feistis feadáin nó píobáin, as iarann teilgthe neamh-intuargainte

    7307 19

    Feistis theilgthe feadáin nó píobáin, as iarann nó as cruach (seachas táirgí iarainn theilgthe neamh-intuargainte)

    7307 21

    Feirí as cruach dhosmálta (seachas táirgí teilgthe)

    7307 23

    Píobán buntáthaithe nó feistis feadáin as cruach dhosmálta (seachas táirgí teilgthe)

    7307 29

    Feistis feadáin nó phíobáin déanta as cruach dhosmálta (seachas táirgí teilgthe, feirí, uillinneacha, lúba agus muinchillí snáithithe agus feistis bhuntáthaithe)

    7307 91

    Feirí as iarann nó as cruach (seachas táirgí teilgthe nó táirgí cruach dosmálta)

    7307 92

    Uillinneacha, lúba agus muinchillí snáithithe, as iarann nó cruach (seachas táirgí teilgthe nó táirgí cruach dosmálta)

    7307 93

    Feistis bhuntáthaithe as iarann nó cruach (seachas táirgí teilgthe nó táirgí cruach dosmálta)

    7307 99

    Feistis feadáin nó phíobáin, as iarann nó cruach (seachas táirgí teilgthe nó táirgí cruach dosmálta; feirí; uillinneacha, lúba agus muinchillí snáithithe; feistis bhuntáthaithe)

    7412

    Feistis feadáin nó píobáin chopair (mar shampla, cúplálacha, uillinneacha, muinchillí)

    8412 90

    Comhpháirteanna innill agus mótair (seachas tuirbíní gaile, inneall loiní dócháin inmheánaigh, tuirbíní hiodrálacha, rothaí uisce, gástuirbíní ná le haghaidh innill nó mótair thurba-scairde)

    8413 70

    Caidéil lártheifeacha, caidéil chumhacht-thiomáinte (seachas iad siúd faoi fho-cheannteideal 8413 11 agus 8413 19 , caidéil bhreosla, bhealaithe nó fuaraithe le haghaidh innill loine dócháin inmheánaigh, caidéil choincréite, caidéil fhrithingeacha dhearbh-dhíláithriúcháin agus caidéil rothlaigh dhearbh-dhíláithriúcháin)

    8413 91

    Páirteanna caidéal le haghaidh leachtanna

    8417 80

    Foirnéisí agus oighinn thionsclaíocha nó saotharlainne, neamhleictreacha, lena n-áirítear loisceoirí (seachas iad siúd a úsáidtear le mianta, pirítí nó miotail a róstadh, a leá nó le cóireáil teasa de chineál eile a dhéanamh orthu agus seachas oighinn bhácála nó oighinn brioscaí)

    8417 90

    Páirteanna d’fhoirnéisí tionsclaíocha nó saotharlainne, neamhleictreacha, lena n-áirítear loisceoirí

    8430 41

    Innealra féinghluaiste tollta nó suncála chun cré a tholladh nó mianraí nó mianta a eastóscadh (seachas iad siúd atá suite ar vaigíní iarnróid nó trambhealaigh, ar fhonnaidh mótarfheithiclí nó leoraithe agus innealra tollánaithe)

    8430 49

    Innealra tollta nó suncála chun cré a tholladh nó chun mianraí nó mianta a bhaint, nach bhfuil féinghluaiste agus nach bhfuil hiodrálach (seachas innealra tollánaithe agus uirlisí lámhoibrithe)

    8465 10

    Meaisíní chun adhmad, corc, cnámh, rubar crua, plaistigh chrua nó ábhair chrua chomhchosúla a shaoirsiú, ar féidir leo cineálacha éagsúla oibríochtaí meaisínithe a dhéanamh gan athrú uirlisí ó oibríocht go hoibríocht

    8465 91

    Uirlisí sábhadóireachta chun adhmad, corc, cnámh, rubar crua, plaistigh chrua nó ábhair chrua chomhchosúla a shaoirsiú

    8465 92

    Meaisíní plánála, muilleála nó múnlaithe (trí ghearradh), chun adhmad, corc, cnámh, rubar crua, plaistigh chrua nó ábhair chrua chomhchosúla a shaoirsiú

    8465 95

    Meaisíní druileála nó moirtisithe chun adhmad, corc, cnámh, rubar crua, plaistigh chrua nó ábhair chrua chomhchosúla a shaoirsiú

    8465 99

    Uirlisí meaisín chun adhmad, corc, cnámh, rubar crua, plaistigh chrua nó ábhair chrua chomhchosúla a shaoirsiú, nach bhfuil sonraithe aon áit eile

    8474 90

    Codanna d’innealra chun substaintí mianracha a shaoirsiú faoi cheannteideal 8474

    8480 71

    Múnlaí de chineál insteallta nó comhbhrúite le haghaidh rubair nó plaisteach

    ’.

    IARSCRÍBHINN VII

    Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

    ‘IARSCRÍBHINN XXXVI

    Liosta na dtíortha comhpháirtíochta chun iarann agus cruach a allmhairiú dá dtagraítear in Airteagal 3g(1)

    AN EILVÉIS

    AN IORUA

    ’.

    IARSCRÍBHINN VIII

    Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

    ‘IARSCRÍBHINN XXXVII

    Liosta na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3k(1a)

    Cód AC

    Tuairisc

    8409 99

    Páirteanna atá oiriúnach le húsáid le hinnill loiní dócháin inmheánaigh adhainte comhbhrú (inneall díosail nó leathdhíosail), nach bhfuil sonraithe in aon áit eile.

    8412 21

    Innill agus mótair den chumhacht hiodrálach, (sorcóirí) a oibríonn go líneach

    8413 50

    caidéil fhrithingeacha dearbh-dhíláithriúcháin i gcomhar leachtanna, cumhacht-thiomáinte, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8421 23

    Scagairí ola nó peitril i gcomhair innill dócháin inmheánaigh

    8421 31

    Scagairí aeir intógála i gcomhair innill dócháin inmheánaigh

    8428 39

    Ardaitheoirí agus iompróirí buan-aicsin eile le haghaidh earraí nó ábhar (seachas iad siúd atá lena n-úsáid faoi thalamh agus cineálacha buicéad, creasa iompair nó neomatacha)

    8429 59

    Sluaistí, tochaltóirí agus lódairí sluaisteacha meicniúla féinghluaiste (seachas innealra ag a bhfuil forstruchtúr rothlach 360 ° agus lódairí sluaisteacha tosaigh)

    8431 39

    Páirteanna atá oiriúnach le húsáid leis an innealra faoi cheannteideal 8428 amháin nó go príomha, (seachas páirteanna d’ardaitheoirí, de chrocha scipe ná de staighrí creasa) nach bhfuil sonraithe in aon áit eile

    8471 30

    Meaisíní uathoibríoch iniompartha próiseála sonraí, nach mó a meáchan ná10 kg, ina bhfuil ar a laghad láraonad próiseála, méarchlár agus scáileán

    8471 70

    Aonaid stórála le haghaidh meaisíní próiseála sonraí uathoibríocha

    8481 20

    Comhlaí le haghaidh tarchur ola-hiodrálach nó neomatach

    8502 20

    Foirne ginte ina bhfuil innill loine dócháin inmheánaigh lena mbaineann spréach-adhaint

    8507 10

    Taisc-cheallraí luaidhe-aigéadacha de chineál a úsáidtear chun innill loiní a thosú

    8705 10

    Leoraithe craenach

    ’.

    IARSCRÍBHINN IX

    Cuirtear na hIarscríbhinní seo a leanas le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

    ‘IARSCRÍBHINN XXXVIIIA

    Liosta na n-earraí agus na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 3p

    Cuid A

     

    Cód AC

    Tuairisc

     

    7102 10

    Diamaint neamhshórtáilte

     

    7102 31

    Diamaint neamhthionsclaíocha, neamhshaoirsithe nó sáfa, scoilte nó snoite go garbh

     

    7102 39

    Diamaint neamhthionsclaíocha, seachas diamaint neamhshaoirsithe nó sáfa, scoilte nó snoite go garbh

    Cuid B

     

    7104 21

    Diamaint shintéiseacha nó athdhéanta, neamhshaoirsithe nó sáfa go garbh nó cruth garbh orthu

     

    7104 91

    Diamaint shintéiseacha nó athdhéanta, seachas diamaint neamhshaoirsithe nó sáfa go garbh nó cruth garbh orthu

    Cuid C

    Ex

    7113

    Earraí seodra agus codanna díobh, agus codanna de mhiotal lómhar nó de mhiotal atá cumhdaithe le miotal lómhar, ina bhfuil diamaint

    Ex

    7114

    Earraí gaibhne óir nó gaibhne geala agus codanna díobh, déanta as miotal lómhar nó as miotal cumhdaithe le miotal lómhar, ina bhfuil diamaint

    Ex

    7115 90

    Earraí eile as miotal lómhar nó as miotal cumhdaithe le miotal lómhar, lena n-ionchorpraítear diamaint, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile, seachas catalaígh phlatanaim i bhfoirm éadach sreinge nó greille

    Ex

    7116 20

    Earraí déanta as péarlaí nádúrtha nó saothraithe, clocha lómhara nó leathlómhara (nádúrtha, sintéiseach nó athdhéanta), ina bhfuil diamaint

    Ex

    9101

    Uaireadóirí láimhe, uaireadóirí póca agus uaireadóirí eile, lena n-áirítear stopuaireadóirí, ina bhfuil diamaint, a bhfuil cás miotail lómhair ag gabháil leo nó cás miotail atá cumhdaithe le miotal lómhar

    IARSCRÍBHINN XXXVIIIB

    An t-údarás um fhíorú diamaint dá dtagraítear i mír 8 d’Airteagal 3p

    Federal Public Service Economy at the Diamond Office

    Hoveniersstraat 22

    B-2018 Antwerpen

    An Bheilg

    ’.

    IARSCRÍBHINN X

    Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

    ‘IARSCRÍBHINN XXXIX

    Liosta bogearraí dá dtagraítear in Airteagal 5n(2b)

    Bogearraí chun fiontair a bhainistiú, i.e. córais a dhéanann ionadaíocht dhigiteach ar na próisis go léir a tharlaíonn i bhfiontar agus a stiúrann iad, lena n-áirítear:

    pleanáil acmhainní fiontraíochta (PAF),

    bainistíocht caidreamh custaiméirí (CRM),

    faisnéis ghnó (FG),

    bainistiú an tslabhra soláthair (BSS),

    stóras sonraí fiontair (SSF),

    córas bainistíochta cothabhála ríomhairithe (CBCR),

    bogearraí bainistíochta tionscadal,

    bainistíocht saolré táirge (BST),

    comhpháirteanna tipiciúla de na sraitheanna thuasluaite, lena n-áirítear bogearraí le haghaidh cuntasaíochta, bainistiú flíteanna, lóistíochta agus acmhainní daonna.

    Bogearraí Dearaidh agus Monaraíochta a úsáidtear i réimsí na hailtireachta, na hinnealtóireachta, na tógála, na monaraíochta, na meán, an oideachais agus na siamsaíochta, lena n-áirítear:

    samhaltú faisnéise foirgneamh (SFF),

    dearadh ríomhchuidithe (DRC),

    monaraíocht ríomhchuidithe (MRC),

    innealtóireacht le hordú (IO)

    comhpháirteanna tipiciúla de na sraitheanna thuasluaite.

    ’.

    IARSCRÍBHINN XI

    Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

    ‘IARSCRÍBHINN XL

    Liosta na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 12g

    8542.31 Ciorcaid iomlánaithe leictreonacha: Próiseálaithe agus rialaitheoirí, bídís nó ná bídís comhcheangailte le cuimhní, tiontairí, ciorcaid loighce, aimplitheoirí, ciorcaid chloig agus uainiúcháin, nó ciorcaid eile

    8542.32 Ciorcaid iomlánaithe leictreonacha: Cuimhní

    8542.33 Ciorcaid iomlánaithe leictreonacha: Aimplitheoirí

    8542.39 Ciorcaid iomlánaithe leictreonacha: Eile

    8517.62 Meaisíní le haghaidh guth, íomhánna nó sonraí eile a ghlacadh, a thiontú agus a tharchur nó a athchruthú, lena n-áirítear gléasra lasctha agus ródaithe

    8526.91 Gléasra cúnta radloingseoireachta

    8532.21 Toilleoirí seasta eile: Toilleoirí tantalaim

    8532.24 Toilleoirí seasta tantalaim eile: Toileoirí tréleictreacha ceirmeacha, ilsraitheacha

    8548.00 Páirteanna leictreacha d’innealra nó de ghléasra, nach bhfuil sonraithe ná áirithe aon áit eile i gCaibidil 85

    8471.50 Aonaid phróiseála eile seachas iad sin faoi cheannteideal 8471 41 nó 8471 49 , bíodh nó ná bíodh ceann amháin nó péire de na cineálacha aonaid seo a leanas sa chásáil chéanna leo: aonaid stórála, aonaid ionchuir, aonaid aschuir

    8504.40 Tiontairí statacha

    8517.69 Gléasra eile le haghaidh guth, íomhánna nó sonraí eile a tharchur nó a ghlacadh, lena n-áirítear gléasra le haghaidh cumarsáide i líonra le sreang nó gan sreang

    8525.89 Ceamaraí teilifíse, ceamaraí digiteacha agus fístaifeadáin cheamara eile

    8529.10 Aeróga agus frithchaiteoirí aeróige de gach cineál; páirteanna atá oiriúnach le húsáid leo

    8529.90 Páirteanna eile atá oiriúnach le húsáid leis an ngléasra atá faoi cheannteidil 8524 go dtí 8528

    8536.69 Plocóidí agus soicéid le haghaidh voltas nach mó ná 1 000 V

    8536.90 Gléasra eile chun ciorcaid leictreonacha a lascadh, nó chun naisc a dhéanamh le ciorcaid leictreacha nó laistigh díobh le haghaidh voltas nach mó ná 1 000 V (seachas fiúsanna, scoradáin chiorcaid uathoibríocha agus gléasra eile le haghaidh ciorcaid leictreacha, athsheachadáin agus lasca eile, cróite lampaí, plocóidí agus soicéid a chosaint)

    8541.10 Dé-óidí, seachas dé-óidí fótamhothálacha nó dé-óidí astaithe solais (LED)

    8541.21 Trasraitheoirí, seachas trasraitheoirí fótamhothálacha ag a bhfuil ráta ídithe is lú ná 1 W

    8541.29 Trasraitheoirí eile, seachas trasraitheoirí fótamhothálacha

    8541.30 Tíreastóirí, DIACanna agus TRIACanna (seachas gairis leathsheoltóra fhótamhothálacha)

    8541.49 Gléasanna leathsheoltóra fótamhothálacha (seachas gineadóirí agus cealla fótavoltacha)

    8541.51 Gléasanna leathsheoltóra eile: Trasduchtóirí bunaithe ar leathsheoltóir

    8541.59. Gléasanna leathsheoltóra eile

    8541.60 Criostail phísileictreacha shuite

    8482.10 Imthacaí gránacha

    8482.20 Imthacaí rollacha barrchaolaithe, lena n-áirítear cóimeálacha cónrollóirí agus rollóirí barrchaolaithe

    8482.30 Imthacaí rollacha sféaracha

    8482.50 Imthacaí sorcóireacha rollacha eile, lena n-áirítear cóimeálacha cáis agus rollóirí

    8807.30 Páirteanna eile d’eitleáin, héileacaptair agus aerárthaí gan foireann

    9013.10 Treoracha teileascópacha le feistiú ar airm; peireascóip; teileascóip atá deartha chun bheith ina gcodanna de mheaisíní, fearais, uirlisí nó gléasra a bhaineann leis an gcaibidil seo nó le Roinn XVI

    9013.80 Gairis, fearais agus uirlisí optúla eile

    9014.20 Uirlisí agus fearais le haghaidh aerloingseoireachta nó loingseoireacht spáis (seachas compáis)

    9014.80 ionstraimí agus fearais loingseoireachta eile

    8471.80 Aonaid le haghaidh meaisíní próiseála sonraí uathoibríocha (seachas aonaid phróiseála, aonaid ionchuir nó aschuir agus aonaid stórála)

    8486.10 Meaisíní agus gléasra le haghaidh búil nó sliseoga a dhéanamh

    8486.20 Meaisíní agus gléasra le haghaidh gairis leathsheoltóirí nó ciorcaid leictreonacha chomhtháite a dhéanamh

    8486.40 Meaisíní agus gléasra a shonraítear i nóta 11(C) a ghabhann leis an gcaibidil seo

    8534.00 Ciorcaid phriontáilte

    8543.20 Gineadóirí comharthaí

    9027.50 Uirlisí agus gléasra eile ina bhfuil radaíochtaí optúla (ultraivialait, infheicthe, infridhearg) in úsáid iontu

    9030.20 Ascalascóip agus ascalagraif

    9030.32 Ilmhéadair ina bhfuil gaireas taifeadta

    9030.39 Ionstraimí agus gaireas chun voltas, sruth, friotaíocht nó cumhacht leictreach a thomhas nó a sheiceáil ina bhfuil gaireas taifeadta

    9030.82 Ionstraimí agus gléasra chun sliseoga nó gairis leathsheoltóra a thomhas nó a sheiceáil

    ’.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2878/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top