Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2831

    Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis

    C/2023/9700

    IO L, 2023/2831, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2831/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2831/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2831

    15.12.2023

    RIALACHÁN (AE) 2023/2831 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Nollaig 2023

    maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le catagóirí áirithe de státchabhair chothrománach (1), agus go háirithe Airteagal 2(1) de,

    Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um státchabhair,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is éard atá i státchabhair cistiú stáit a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus nach mór fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 109 den Chonradh, féadfaidh an Chomhairle catagóirí cabhrach atá díolmhaithe ón gceanglas fógra sin a chinneadh. I gcomhréir le hAirteagal 108(4) den Chonradh, féadfaidh an Coimisiún rialacháin a ghlacadh maidir leis na catagóirí sin státchabhrach. I Rialachán (AE) 2015/1588, chinn an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 109 den Chonradh, go bhféadfadh cabhair de minimis (is é sin, cabhair a dheonaítear don ghnóthas céanna thar thréimhse shonrach ama nach sáraíonn méid socraithe áirithe) a bheith ar cheann de na catagóirí sin. Ar an mbonn sin, meastar nach gcomhlíonann cabhair de minimis na critéir uile a leagtar síos in Airteagal 107(1) den Chonradh agus, dá bhrí sin, níl sí faoi réir an nós imeachta um fhógra a thabhairt.

    (2)

    Tá soiléiriú tugtha ag an gCoimisiún, i roinnt mhaith cinntí, ar choincheap na cabhrach de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh. Luaigh an Coimisiún freisin a bheartas maidir le huasteorainn de minimis faoinar féidir a mheas nach bhfuil feidhm ag Airteagal 107(1) den Chonradh. Rinne sé amhlaidh ar dtús san fhógra uaidh ar an riail de minimis maidir le státchabhair (2) agus ina dhiaidh sin sna Rialacháin (CE) Uimh. 69/2001 (3), (CE) Uimh. 1998/2006 (4) agus (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún (5). Tagann an Rialachán seo in ionad Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ar dhul in éag dó.

    (3)

    I bhfianaise na taithí a fuarthas agus Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 á chur i bhfeidhm, is iomchuí an uasteorainn maidir le cabhair de minimis a mhéadú go dtí EUR 300 000, cabhair is féidir le gnóthas aonair a fháil in aghaidh an Bhallstáit thar aon tréimhse 3 bliana. Léiríonn an uasteorainn sin an boilsciú a bhí ann ó tháinig Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 i bhfeidhm agus na forbairtí measta le linn thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo. Tá gá leis an uasteorainn sin chun a áirithiú go bhféadfar a mheas maidir le haon bheart a thagann faoin Rialachán seo nach ndéanann sé an iomaíocht a shaobhadh nó nach baol é go saobhfaí an iomaíocht.

    (4)

    Chun críocha na rialacha maidir leis an iomaíocht a leagtar síos sa Chonradh is éard atá i ngnóthas aon eintiteas, bíodh sé ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach, atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch, gan beann ar stádas dlíthiúil an eintitis agus an dóigh a ndéantar é a mhaoiniú (6). Shoiléirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás eintiteas ‘ar leis scairshealbha rialaithe i gcuideachta’ agus ‘a fheidhmíonn an rialú sin go hiarbhír trí bheith páirteach go díreach nó go hindíreach ina bhainistiú’ nach mór é a mheas go bhfuil sé rannpháirteach i ngníomhaíocht eacnamaíoch na cuideachta sin. Dá bhrí sin, ní mór a mheas gur gnóthas é an t-eintiteas de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh (7). Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpaigh go bhfuil gach eintiteas atá faoi rialú ag an aon eintiteas amháin (ar bhonn dlíthiúil nó de facto) le meas mar ghnóthas aonair (8).

    (5)

    Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart a thabhairt sa Rialachán seo liosta uileghabhálach soiléir de chritéir lena gcinnfear ar cheart dhá fhiontar nó níos mó in aon Bhallstát amháin a mheas mar ghnóthas aonair. Roghnaigh an Coimisiún critéir atá iomchuí chun críocha an Rialacháin seo as measc na gcritéar seanbhunaithe chun ‘fiontair chleamhnaithe’ a shainiú atá mar chuid den sainmhíniú ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (9) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (10). Ba cheart na critéir a bheith infheidhme, i bhfianaise raon feidhme an Rialacháin seo, maidir le FBManna agus gnóthais mhóra araon agus ba cheart a áirithiú leis na critéir go meastar gur gnóthas aonair amháin é grúpa fiontar cleamhnaithe maidir leis an riail de minimis a chur i bhfeidhm. Fiontair nach bhfuil aon ghaol eatarthu seachas go bhfuil nasc díreach ag gach ceann acu leis an gcomhlacht nó na comhlachtaí poiblí céanna, níor cheart caitheamh leo mar fhiontair chleamhnaithe, áfach. Dá bhrí sin, cás sonrach na bhfiontar atá á rialú ag an gcomhlacht poiblí céanna nó ag na comhlachtaí poiblí céanna, a bhféadfadh cumhacht neamhspleách cinnteoireachta a bheith ag na fiontair iontu, ba cheart an cás sin a chur san áireamh.

    (6)

    I bhfianaise na rialacha speisialta atá i bhfeidhm in earnálacha táirgthe phríomhúil, go háirithe táirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta, agus táirgeadh príomhúil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, agus i bhfianaise an bhaoil go gcomhlíonfaí critéir Airteagal 107(1) den Chonradh le méideanna cabhrach faoin uasteorainn a leagtar síos sa Rialachán seo, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na hearnálacha sin.

    (7)

    I bhfianaise na gcosúlachtaí idir próiseáil agus margú táirgí talmhaíochta agus táirgí neamhthalmhaíochta, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le próiseáil agus margú táirgí talmhaíochta, má chomhlíontar coinníollacha áirithe. Gníomhaíochtaí ar an bhfeirm is gá chun táirge a ullmhú don chéad díolachán (mar shampla, gránbharra a bhaint, a ghearradh agus a bhualadh, nó uibheacha a phacáil) nó an chéad díolachán le hathdhíoltóirí nó le próiseálaithe a mheas mar phróiseáil agus mar mhargú i ndáil leis sin, agus níor cheart dá bhrí sin an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir leis na gníomhaíochtaí sin.

    (8)

    Ar an gcaoi chéanna, i bhfianaise chineál na ngníomhaíochtaí a bhaineann le próiseáil agus margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, agus na cosúlachtaí idir na gníomhaíochtaí sin agus gníomhaíochtaí próiseála agus margaíochta eile, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gnóthais atá gníomhach i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. I ndáil leis sin, gníomhaíochtaí ar an bhfeirm nó gníomhaíochtaí ar bord is gá chun ainmhí nó planda a ullmhú le haghaidh an chéad díola (lena n-áirítear gearradh, filléadú nó reo), nó an chéad díol le hathdhíoltóirí nó le próiseálaithe, níor cheart a mheas gur próiseáil nó margú iad na gníomhaíochtaí sin, agus níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na gníomhaíochtaí sin.

    (9)

    Chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a luaithe atá reachtaíocht curtha i bhfeidhm ag an Aontas maidir le comheagraíocht an mhargaidh in earnáil na talmhaíochta, go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit gan aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ón gcomheagraíocht sin nó eisceachtaí a chruthú ina leith (11). Mar gheall air sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán maidir le cabhair a bhfuil a méideanna socraithe ar bhonn phraghas nó mhéid na dtáirgí ceannaithe nó curtha ar an margadh. Níor cheart feidhm a bheith aige ach oiread maidir le cabhair atá ceangailte le hoibleagáid an chabhair a roinnt le táirgeoirí príomhúla talmhaíochta. Tá feidhm ag na prionsabail sin in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe freisin.

    (10)

    Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cabhair le haghaidh onnmhairiúcháin nó cabhair a thugtar ar choinníoll go n-úsáidtear táirgí nó seirbhísí intíre de rogha ar tháirgí allmhairithe. Go háirithe, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le cabhair lena maoinítear bunú agus oibriú líonra dáileacháin i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha. Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le Rialachán (CE) Uimh. 1998/2006 ‘nach n-eisiatar gach cabhair a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar onnmhairí, agus nach n-eisiatar ach an chabhair sin a bhfuil sé mar chuspóir díreach léi, trí bhíthin a cineáil féin, díolacháin a chur chun cinn i Stát eile’ agus ‘nach bhfuil cabhair infheistíochta, ar choinníoll nach bhfuil sí, i bhfoirm amháin nó i bhfoirm eile, arna chinneadh, i bprionsabal agus ina méid, ag cainníocht na n-earraí a onnmhairítear, san áireamh le ‘cabhair do ghníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiú’ de réir bhrí Airteagal 1(1), pointe (d), de Rialachán (CE) Uimh. 1998/2006 agus nach dtagann sí faoi raon feidhme na forála sin, fiú má éascaíonn na hinfheistíochtaí sin forbairt earraí atá ceaptha lena n-onnmhairiú’ (12). Cabhair ar son costais rannpháirtíochta in aontaí trádála nó staidéir nó seirbhísí comhairliúcháin atá ag teastáil chun táirge nua a sheoladh nó chun táirge atá ann cheana a sheoladh ar mhargadh nua i mBallstát eile nó i dtríú tír, ní cabhair le haghaidh onnmhairiúcháin í de ghnáth.

    (11)

    Ba cheart an tréimhse 3 bliana atá le cur san áireamh chun críocha an Rialacháin seo a mheas ar bhonn atrátha. I gcás gach deontais nua de chabhair de minimis, ní mór méid iomlán na cabhrach de minimis a deonaíodh le 3 bliana anuas a chur san áireamh.

    (12)

    I gcás ina bhfuil gnóthas gníomhach in aon cheann de na hearnálacha a eisítear ó raon feidhme an Rialacháin seo agus go bhfuil an gnóthas sin gníomhach in earnálacha eile nó go ndéanann sé gníomhaíochtaí eile freisin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na hearnálacha nó gníomhaíochtaí eile sin, ar choinníoll go ndéanfaidh an Ballstát lena mbaineann, trína bhrath ar bhealaí cuí, cuir i gcás, trí ghníomhaíochtaí a dheighilt nó costais a dheighilt, a áirithiú nach rachaidh an chabhair de minimis chun tairbhe do na gníomhaíochtaí sna hearnálacha a eisítear. Ba cheart an prionsabal céanna a bheith i bhfeidhm i gcás ina bhfuil gnóthas gníomhach in earnálacha a bhfuil feidhm ag uasteorainneacha de minimis níos ísle maidir leo. Mura féidir le gnóthas a áirithiú maidir le na gníomhaíochtaí in earnálacha a bhfuil feidhm ag uasteorainneacha de minimis níos ísle maidir leo, nach mbainfidh na gníomhaíochtaí sin tairbhe ach as cabhair de minimis suas leis na huasteorainneacha sin atá níos ísle, ba cheart feidhm a bheith ag an uasteorainn is ísle maidir le gníomhaíochtaí uile an ghnóthais.

    (13)

    Ba cheart rialacha a Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha lena áirithiú nach féidir dul timpeall ar uasteorainneacha na cabhrach a leagtar amach sna rialacháin nó sna cinntí ábhartha ón gCoimisiún maidir le Státchabhair. Ba cheart rialacha soiléire maidir le carnadh a bhunú freisin.

    (14)

    Ní eisiatar sa Rialachán seo gur féidir a mheas nach bhfuil beart ina státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh ar fhoras nach foras a leagtar amach sa Rialachán seo, mar shampla i gcás ina gcomhlíonann an beart prionsabal oibreoir an gheilleagair mhargaidh nó i gcás nach mbaineann an beart le hacmhainní Stáit a aistriú. Go háirithe, ní státchabhair maoiniú ón Aontas atá á bhainistiú go lárnach ag an gCoimisiún agus nach bhfuil go díreach nó go hindíreach faoi riail an Bhallstáit agus níor cheart é a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil an uasteorainn a leagtar síos sa Rialachán seo sáraithe.

    (15)

    Ní chuimsítear leis an Rialachán seo gach cás nach bhféadfadh aon éifeacht a bheith ag beart ar thrádáil idir na Ballstáit agus nach bhféadfadh sé iomaíocht a shaobhadh ná bagairt a dhéanamh ar an iomaíocht a shaobhadh. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina soláthraíonn tairbhí earraí nó seirbhísí do limistéar teoranta (mar shampla i réigiún oileánach nó i réigiún forimeallach) laistigh de Bhallstát agus nach dócha go meallfadh an tairbhí sin custaiméirí ó Bhallstáit eile, agus nach bhféadfaí a thuar go mbeadh mórán tionchair ag an mbeart ar choinníollacha na n-infheistíochtaí nó na bunaíochta trasteorann. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar bhearta den chineál sin ar bhonn cás ar chás.

    (16)

    Ar mhaithe leis an trédhearcacht, an chóir chomhionann agus an faireachán éifeachtach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cabhair de minimis ar ina leith is féidir an choibhéis deontais chomhláin ex ante chruinn a ríomh gan aon ghá le tabhairt faoi mheasúnú riosca (‘cabhair thrédhearcach de minimis’). Is féidir ríomh cruinn den sórt sin a dhéanamh, mar shampla, le haghaidh deontas, fóirdheontais ráta úis, díolúintí ó cháin a bhfuil caidhp orthu nó ionstraimí eile a sholáthraíonn caidhp lena n-áirithítear nach sáraítear an uasteorainn ábhartha. Is éard a chiallaíonn caidhp a sholáthar nach mór don Bhallstát, a fhad nach eol méid beacht na cabhrach, toimhde a dhéanamh gurb ionann an méid agus an chaidhp le haghaidh an bhirt ionas go n-áiritheofar nach sáraíonn roinnt bearta cabhrach le chéile an uasteorainn a leagtar amach sa Rialachán seo agus chun na rialacha maidir le carnadh a chur i bhfeidhm.

    (17)

    Ar mhaithe leis an trédhearcacht, an chóir chomhionann agus cur i bhfeidhm ceart na huasteorann de minimis, ba cheart na Ballstáit uile an modh céanna ríofa a chur i bhfeidhm maidir le ríomh mhéid iomlán na cabhrach arna deonú. Chun an ríomh sin a éascú, ba cheart méideanna cabhrach nach deontas airgid thirim iad a iompú ina gcoibhéis deontais chomhláin. Chun coibhéis deontais chomhláin a ríomh maidir le cineálacha trédhearcacha de chabhair seachas deontais agus cabhair atá iníoctha i dtráthchodanna, is gá úsáid a bhaint as rátaí úis an mhargaidh atá i réim tráth a dheonaítear an chabhair sin. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach, trédhearcach agus simplí rialacha státchabhrach a éascú, is iad na rátaí margaidh is infheidhme chun críocha an Rialacháin seo na rátaí tagartha a shocraítear i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú an mhodha chun na rátaí tagartha agus lascaine a shocrú (13).

    (18)

    An chabhair ab éard atá inti iasachtaí, lena n-áirítear cabhair maoinithe riosca de minimis i bhfoirm iasachtaí, ba cheart a mheas gur cabhair thrédhearcach de minimis í más rud é gur ríomhadh an choibhéis deontais chomhláin ar bhonn rátaí úis an mhargaidh tráth a dheonaítear an chabhair. Chun an chaoi a gcaitear le hiasachtaí beaga ar gearr a bhfad a shimpliú, is gá riail shoiléir a leagan amach atá furasta a chur i bhfeidhm agus lena gcuirtear san áireamh méid na hiasachta agus a fad. Iasachtaí atá urraithe le hurrús comhthaobhach a chumhdaíonn 50 % ar a laghad den iasacht agus nach mó iad ná EUR 1 500 000 agus nach mó a dtréimhse ná 5 bliana nó nach mó iad ná EUR 750 000 agus nach mó a dtréimhse ná 10 mbliana, féadfar a mheas go bhfuil coibhéis deontais chomhláin acu nach sáraíonn an uasteorainn de minimis. Tá sé sin bunaithe ar thaithí an Choimisiúin agus léiríonn sé an boilsciú a bhí ann ó tháinig Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 i bhfeidhm agus an t-athrú measta ar an mboilsciú le linn thréimhse cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. I ngeall ar na deacrachtaí a bhaineann leis an gcoibhéis deontais chomhláin a dhéanamh amach i gcás cabhair a dheonaítear do ghnóthais nach mbeidís in ann an iasacht a aisíoc (mar shampla, toisc go bhfuil an gnóthas faoi réir comhimeachtaí dócmhainneachta nó toisc go gcomhlíonann sé na critéir faoina dhlí náisiúnta maidir le cur i gcomhimeachtaí dócmhainneachta arna iarraidh sin dá chreidiúnaithe), níor cheart feidhm a bheith ag an riail sin maidir leis na gnóthais sin.

    (19)

    Níor cheart a mheas gur cabhair thrédhearcach de minimis í an chabhair ab éard atá inti instealltaí caipitil, ach amháin mura sáraíonn méid iomlán an insteallta phoiblí an uasteorainn de minimis. Níor cheart a mheas gur cabhair thrédhearcach de minimis í an chabhair ab éard atá inti bearta um maoiniú riosca i bhfoirm infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais, dá dtagraítear sna treoirlínte um maoiniú riosca (14), ach amháin má sholáthraíonn an beart i gceist caipiteal nach sáraíonn an uasteorainn de minimis.

    (20)

    Ba cheart a mheas gur cabhair thrédhearcach í an chabhair ab éard atá inti ráthaíochtaí, lena n-áirítear cabhair um maoiniú riosca de minimis i bhfoirm ráthaíochtaí, más rud é gur ríomhadh an choibhéis deontais chomhláin ar bhonn préimheanna tearmainn a leagtar síos i bhfógra ón gCoimisiún don chineál gnóthais atá i gceist (15). Ba cheart a leagadh amach sa Rialachán seo rialacha soiléire lena gcuirtear san áireamh méid na buniasachta agus fad na ráthaíochta araon. Trí rialacha soiléire a leagan amach, ba cheart go gcuideofaí chun simpliú a dhéanamh ar an gcaoi a gcaitear le ráthaíochtaí gearrthéarmacha lena n-urraítear suas le 80 % d’iasacht atá réasúnta beag, i gcás ina dtabhóidh an t-iasachtóir agus an ráthóir caillteanais go comhréireach agus ar an mbealach céanna, agus ina laghdódh na glan-aisghabhálacha a ghintear ó aisghabháil na hiasachta ó na hurrúis a thug an t-iasachtaí na caillteanais a sheas an t-iasachtóir agus an ráthóir go comhréireach. Níor cheart feidhm a bheith ag an riail sin maidir le ráthaíochtaí ar idirbhearta foluiteacha nach iasacht iad, ráthaíochtaí ar idirbhearta cothromais mar shampla. Bunaithe ar thaithí an Choimisiúin agus i bhfianaise an bhoilscithe a bhí ann ó tháinig Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 i bhfeidhm agus ar an bhforbairt mheasta ar an mboilsciú le linn thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo, ba cheart a mheas go bhfuil coibhéis deontais chomhláin ag an ráthaíocht nach sáraíonn an uasteorainn de minimis i gcás (i) nach dtéann an ráthaíocht thar 80 % den bhuniasacht; (ii) nach mó an méid a ráthaítear ná EUR 2 250 000; agus (iii) nach faide ná 5 bliana fad na ráthaíochta. Beidh an rud céanna i gceist i gcás (i) nach sáraíonn an ráthaíocht 80 % den bhuniasacht; (ii) nach sáraíonn an méid a urraítear EUR 1 125 000; agus (iii) nach sáraíonn fad na ráthaíochta 10 mbliana.

    (21)

    Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit modheolaíocht a úsáid chun coibhéis deontais chomhláin na ráthaíochtaí a ríomh, ar modheolaíocht í a cuireadh in iúl don Coimisiún faoi Rialachán eile de chuid an Choimisiúin sa réimse den státchabhair a bhí infheidhme an tráth sin agus má ghlac an Coimisiún leis go raibh sé ag teacht leis an bhFógra Ráthaíochta (16), nó aon fhógra comharbachta. Ní féidir leis na Ballstáit é sin a dhéanamh ach amháin má dhíríonn an mhodheolaíocht ar glacadh léi go sainráite ar an gcineál ráthaíochtaí agus ar an gcineál idirbheart foluiteach atá i gceist mar chuid de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    (22)

    I gcás ina soláthraítear scéim cabhrach de minimis trí idirghabhálaithe airgeadais, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfaigheann na hidirghabhálaithe sin aon státchabhair. Chun é sin a dhéanamh is féidir, mar shampla, (i) tabhairt ar idirghabhálaithe airgeadais a bhaineann tairbhe as ráthaíocht Stáit préimh atá oiriúnach don mhargadh a íoc, (ii) aon bhuntáiste a chur ar aghaidh ina iomláine chuig na tairbhithe deiridh, nó (iii) cloí leis an uasteorainn de minimis agus le coinníollacha an Rialacháin seo ag leibhéal na n-idirghabhálaithe. Chun an chaoi a gcaitear le hidirghabhálaithe airgeadais a chuireann scéimeanna cabhrach de minimis chun feidhme a shimpliú, i gcás ina mbraitheann Ballstáit ar rogha (iii), ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le riail shoiléir atá furasta a chur i bhfeidhm agus lena gcuirtear san áireamh méid foriomlán na n-iasachtaí a bhaineann le cabhair de minimis a d’eisigh an t-idirghabhálaí airgeadais thar thréimhse 3 bliana. Bunaithe ar thaithí an Choimisiúin, is féidir a mheas, maidir le hidirghabhálaithe airgeadais a dheonaíonn iasachtaí ráthaithe agus a oibríonn sásra chun an buntáiste atá sa ráthaíocht a chur ar aghaidh chuig na tairbhithe deiridh, go bhfaigheann siad coibhéis deontais chomhláin nach sáraíonn an uasteorainn de minimis má tá méid iomlán punainne na n-iasachtaí ráthaithe de minimis níos lú ná EUR 10 milliún, nó más lú ná EUR 40 milliún méid punainne iomlán na n-iasachtaí de minimis ráthaithe agus ina bhfuil méideanna iasachta de minimis aonair níos lú ná EUR 100 000, ar choinníoll go bhfuil an scéim de minimis ar fáil ar théarmaí comhionanna d’idirghabhálaithe airgeadais a oibríonn sa Bhallstát lena mbaineann.

    (23)

    Nuair a fhaightear fógra ó Bhallstát, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar bheart, nach deontas, iasacht, ráthaíocht, instealladh caipitil, nó beart um maoiniú riosca i bhfoirm infheistíocht cothromais nó cuasachothromais, díolúintí ó cháin a bhfuil caidhp orthu nó ionstraimí eile a dhéanann foráil maidir le caidhp atá i gceist leis é, lena dhéanamh amach arb é an toradh a bheadh ar an mbeart sin coibhéis deontais chomhláin nach sáraíonn an uasteorainn de minimis agus, dá bhrí sin, a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

    (24)

    Tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha státchabhrach agus go bhfuil siad i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ba cheart do na Ballstáit cur i gcrích an chúraim seo a éascú trí na huirlisí riachtanacha a bheith i bhfeidhm lena áirithiú nach sáróidh méid iomlán na cabhrach de minimis a dheonaítear do ghnóthais aonair de réir na rialach de minimis an uasteorainn fhoriomlán is ceadmhach. Ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar an gcabhair a dheonaítear lena áirithiú nach sáraítear an uasteorainn a leagtar síos sa Rialachán seo agus go gcomhlíontar na rialacha maidir le carnadh. Chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit faisnéis iomlán a sholáthar maidir le cabhair de minimis a dheonaítear i gclár lárnach ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, ón 1 Eanáir 2026 ar a dhéanaí, agus ba cheart dóibh a sheiceáil nach sáraíonn aon deonú nua cabhrach an uasteorainn a leagtar síos sa Rialachán seo. Cuideoidh an clár lárnach leis an ualach riaracháin ar ghnóthais a laghdú. Ní bheidh ceangal ar ghnóthais a thuilleadh, faoin Rialachán seo, aon chabhair de minimis eile a fhaightear a rianú agus a dhearbhú, chomh fada is atá sonraí sa chlár lárnach ar feadh tréimhse 3 bliana. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh rialú ar chomhlíonadh na huasteorann a leagtar síos sa Rialachán seo bunaithe i bprionsabal ar an bhfaisnéis a áireofar sa chlár lárnach.

    (25)

    Féadfaidh gach Ballstát clár lárnach náisiúnta a chur ar bun. Féadfar leanúint de chláir lárnacha náisiúnta atá ann cheana agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a úsáid. Bunóidh an Coimisiún clár lárnach ar leibhéal an Aontais a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.

    (26)

    Ós rud é gur fadhb d’fhormhór na FBManna iad an t-ualach riaracháin agus bacainní rialála agus go bhfuil sé mar aidhm ag an gCoimisiún laghdú 25 % a dhéanamh ar an ualach a eascraíonn as ceanglais tuairiscithe (17), ba cheart aon chlár lárnach a bhunú ar bhealach a laghdódh an t-ualach riaracháin. Féadfar dea-chleachtais riaracháin, amhail iad siúd a leagtar síos sa Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach (18), a úsáid mar thagairt chun an clár lárnach ar leibhéal an Aontais agus na cláir lárnacha náisiúnta a bhunú agus a oibriú.

    (27)

    Is é is aidhm do rialacha trédhearcachta comhlíonadh níos fearr, cuntasacht níos fearr, athbhreithniú piaraí agus, ar deireadh, caiteachas poiblí níos éifeachtaí a áirithiú. Ainm tairbhí na cabhrach a fhoilsiú i gclár lárnach, déantar é sin ar mhaithe le leas dlisteanach na trédhearcachta trí fhaisnéis a sholáthar don phobal maidir le húsáid cistí Stáit. Ní chuireann sé isteach go míchuí ar cheart na dtairbhithe maidir lena sonraí pearsanta a chosaint fad is a chomhlíonann an foilsiú i gclár lárnach na sonraí pearsanta rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí (19). Ba cheart go mbeadh rogha ag na Ballstáit iontrálacha sonracha a anaithnidiú i gcás inar gá chun rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh.

    (28)

    Ba cheart go leagfadh an Rialachán seo sraith coinníollacha síos faoina bhféadtar a mheas maidir le haon bheart a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo nach ndéanann sé an iomaíocht a shaobhadh ná nach baol go saobhfaidh sé an iomaíocht. Ar an gcúis sin, ba cheart go gcumhdódh an Rialachán freisin cabhair a deonaíodh roimh a theacht i bhfeidhm má chomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach ann. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart tacaíocht a chomhlíon na critéir i Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 a deonaíodh idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2023 a mheas mar thacaíocht atá díolmhaithe ó fhógra a thabhairt faoi Airteagal 108(3) den Chonradh.

    (29)

    Ag féachaint dá mhinice a bhíonn sé riachtanach de ghnáth an beartas státchabhrach a athbhreithniú, ba cheart teorainn a bheith le tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    (30)

    Dá rachadh tréimhse cur chun feidhme an Rialachán seo in éag gan síneadh a bheith curtha léi, ba cheart tréimhse coigeartaithe 6 mhí a bheith ag na Ballstáit le haghaidh cabhair de minimis a chumhdaítear leis an Rialachán seo,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Raon Feidhme

    1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair a dheonaítear do ghnóthais i ngach earnáil, seachas:

    (a)

    cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

    (b)

    cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, i gcás ina socraítear méid na cabhrach ar bhonn phraghas nó chainníocht na dtáirgí a cheannaítear nó a chuirtear ar an margadh;

    (c)

    cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta;

    (d)

    cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach san i bpróiseáil agus margú táirgí talmhaíochta, sna cásanna seo a leanas:

    (i)

    i gcás ina socraítear méid na cabhrach ar bhonn phraghas nó cainníocht na dtáirgí sin a cheannaítear ó tháirgeoirí tosaigh nó a chuireann na gnóthais lena mbaineann ar an margadh;

    (ii)

    i gcás ina bhfuil an chabhair coinníollach ar bheith curtha ar aghaidh go páirteach nó go hiomlán chuig táirgeoirí príomhúla;

    (e)

    cabhair a dheonaítear do ghníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiú chuig tríú tíortha nó chuig Ballstáit, is é sin cabhair a bhaineann go díreach leis na cainníochtaí a onnmhairítear, le bunú agus le hoibriú líonra dáileacháin, nó le caiteachas reatha eile a bhaineann leis an ngníomhaíocht onnmhairiúcháin;

    (f)

    cabhair atá ag brath ar úsáid earraí agus seirbhísí intíre de bhreis ar earraí agus seirbhísí allmhairithe.

    2.   I gcás ina bhfuil gnóthas gníomhach in aon cheann de na hearnálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b), (c) nó (d), agus ina bhfuil sé gníomhach freisin i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó ina bhfuil gníomhaíochtaí eile aige atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair a dheonaítear i dtaca leis na hearnálacha nó gníomhaíochtaí áirithe sin, ar choinníoll go n-áirithíonn an Ballstát lena mbaineann, trína bhrath ar bhealaí cuí amhail deighilt gníomhaíochtaí nó deighilt cuntas, nach dtéann an chabhair de minimis a dheonaítear de réir an Rialacháin sin chun tairbhe do na gníomhaíochtaí sna hearnálacha nach bhfuil laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn ‘táirgí talmhaíochta’ táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, cé is moite de na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20);

    (b)

    ciallaíonn ‘táirgeadh príomhúil talmhaíochta’ táirgeadh táirgí de bhunús na hithreach agus na feirmeoireachta stoic, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, gan aon oibríocht eile a dhéanamh lena n-athraítear cineál na dtáirgí sin;

    (c)

    ciallaíonn ‘próiseáil táirgí talmhaíochta’ aon oibríocht ar tháirge talmhaíochta as a dtagann táirge ar táirge talmhaíochta é freisin, cé is moite de ghníomhaíochtaí ar an bhfeirm is gá chun táirge ainmhí nó planda a ullmhú le haghaidh an chéad díola;

    (d)

    ciallaíonn ‘margú táirgí talmhaíochta’ táirge talmhaíochta a choimeád nó a thaispeáint d’fhonn é a dhíol, a thairiscint lena dhíol, a sheachadadh nó a chur ar an margadh ar aon mhodh eile, cé is moite den chéad díol a dhéanann táirgeoir príomhúil le hathdhíoltóirí nó le próiseálaithe agus aon ghníomhaíocht lena n-ullmhaítear táirge le haghaidh an chéad díola sin; measfar gur margú táirge talmhaíochta é an táirgeoir príomhúil táirge talmhaíochta a dhíol le tomhaltóirí deiridh más in áitreabh ar leithligh a áirithítear chun na críche sin a dhéantar an díolachán sin;

    (e)

    ciallaíonn ‘táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe’ táirgí a shainmhínítear in Airteagal 5, pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;

    (f)

    ciallaíonn ‘táirgeadh príomhúil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe’ gach oibríocht a bhaineann le hiascaireacht, tógáil nó saothrú na n-orgánach uisceach, chomh maith le gníomhaíochtaí ar an bhfeirm nó ar bord is gá chun ainmhí nó planda a ullmhú le haghaidh an chéad díola, lena n-áirítear gearradh, filléadú nó reo, agus an chéad díol le hathdhíoltóirí nó le próiseálaithe;

    (g)

    ciallaíonn ‘próiseáil agus margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe’ gach oibríocht, lena n-áirítear láimhseáil, cóireáil agus claochlú, a dhéantar tar éis am an tabhairt i dtír – nó am na buainte i gcás an dobharshaothraithe — agus arb é is toradh uirthi táirge próiseáilte, chomh maith le dáileadh an táirge sin;

    (h)

    ciallaíonn ‘idirghabhálaí airgeadais’ aon institiúid airgeadais, beag beann ar a foirm agus ar a húinéireacht, a oibríonn ar bhonn brabúis; ní mheastar go dtagann bainc nó institiúidí poiblí le haghaidh spreagadh faoin sainmhíniú sin i gcás ina ngníomhaíonn siad mar údaráis deonúcháin agus nach ndéantar aon tras-fhóirdheonú ar na gníomhaíochtaí ar a bpriacal agus ar a gcuntas féin.

    2.   ciallaíonn ‘gnóthas aonair’, chun críocha an Rialacháin seo, na fiontair uile a bhfuil ar a laghad ceann amháin de na gaoil seo a leanas eatarthu:

    (a)

    is ag fiontar amháin atá tromlach de chearta vótála na scairshealbhóirí nó de chearta vótála na gcomhaltaí i bhfiontar eile;

    (b)

    is ag fiontar amháin atá an ceart tromlach de chomhaltaí comhlachta riaracháin nó bainistíochta nó maoirseachta fiontair eile a cheapadh nó a chur as a bpost;

    (c)

    is ag fiontar amháin atá an ceart tionchar ceannasach a bheith aige ar fhiontar eile de bhun conradh arna dhéanamh leis an bhfiontar sin nó de bhun foráil ina mheamram comhlachais nó ina airteagail chomhlachais;

    (d)

    is ag gnóthas amháin, ar scairshealbhóir nó comhalta de chuid gnóthais eile é, atá an smacht, de bhun comhaontú le scairshealbhóirí nó comhaltaí eile den fhiontar sin, ar thromlach chearta vótála na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí san fhiontar sin.

    Measfar gur gnóthas aonair iad fiontair a bhfuil aon cheann de na gaoil dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) eatarthu trí ghnóthas amháin eile nó níos mó.

    Airteagal 3

    Cabhair de minimis

    1.   Measfar nach gcomhlíonann bearta cabhrach na critéir uile a leagtar amach in Airteagal 107(1) den Chonradh, agus dá bhrí sin ní bheidh siad faoi réir an cheanglais maidir le fógra a thabhairt in Airteagal 108(3) den Chonradh, má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

    2.   Méid iomlán na cabhrach de minimis a dheonófar in aghaidh an Bhallstáit do ghnóthas aonair, ní bheidh sé níos airde ná EUR 300 000 thar aon tréimhse 3 bliana.

    3.   Measfar an chabhair de minimis a bheith deonaithe an tráth a thugtar an ceart dlíthiúil don ghnóthas, de réir an chórais dlí náisiúnta is infheidhme, an chabhair a fháil gan beann ar an dáta a íocfar an chabhair de minimis leis an ngnóthas.

    4.   Beidh feidhm ag an uasteorainn a leagtar síos i mír 2 gan beann ar fhoirm na cabhrach de minimis ná ar an gcuspóir a shaothraítear leis an gcabhair sin agus cibé acu a mhaoinítear an chabhair atá deonaithe ag an mBallstát go hiomlán nó go páirteach as acmhainní de thionscnamh an Aontais.

    5.   Chun críocha na huasteorann a leagtar síos i mír 2, is mar dheontas airgid a shloinnfear an chabhair. Is figiúirí comhlána a bheidh sna figiúirí ar fad a úsáidfear, is é sin, sula ndéanfar aon cháin nó muirear eile a asbhaint. I gcás ina ndeonaítear cabhair i bhfoirm nach deontas í, beidh méid na cabhrach comhionann le coibhéis deontais chomhláin na cabhrach.

    6.   An chabhair is iníoctha i dtráthchodanna éagsúla, déanfar í a lascainiú go dtí a luach tráth a deonaithe. Is é an ráta úis a úsáidfear chun críoch lascainithe an ráta lascaine is infheidhme tráth a dheonaítear an chabhair.

    7.   I gcás ina sárófaí an uasteorainn a leagtar síos i mír 2 dá ndeonófaí cabhair nua de minimis, ní bhainfear tairbhe as an Rialachán seo maidir leis an gcabhair nua sin.

    8.   I gcás cumasc agus éadálacha, déanfar an chabhair de minimis ar fad a deonaíodh roimhe sin d’aon cheann de na gnóthais a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an sáraíonn aon chabhair de minimis nua a dheonaítear don ghnóthas nua nó don ghnóthas éadála an uasteorainn a leagtar síos i mír 2. An chabhair de minimis a dheonófar go dleathach roimh an gcumasc nó roimh an éadáil, leanfaidh sí de bheith dleathach.

    9.   Má scoiltear aon ghnóthas amháin ina dhá ghnóthas nó níos mó, déanfar an chabhair de minimis a deonaíodh roimh an scoilt a leithdháileadh ar an ngnóthas a bhain tairbhe aisti, arb é, i bprionsabal, an gnóthas atá ag glacadh air féin na gníomhaíochtaí ar ina leith a caitheadh an chabhair de minimis. Murar féidir leithdháileadh den sórt sin a dhéanamh, leithdháilfear an chabhair de minimis go comhréireach ar bhonn an luacha de réir na leabhar atá ar chaipiteal cothromais na ngnóthas nua ar dháta éifeachtach na deighilte.

    Airteagal 4

    Coibhéis deontais chomhláin a ríomh

    1.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le cabhair ar féidir coibhéis deontais chomhláin na cabhrach ex ante a ríomh go beacht ina leith gan aon ghá le measúnú riosca a dhéanamh (‘cabhair de minimis thrédhearcach’).

    2.   Measfar gur cabhair thrédhearcach de minimis í an chabhair ab éard atá inti deontais nó fóirdheontais úis.

    3.   Measfar gur cabhair thrédhearcach de minimis í cabhair ab éard atá inti iasachtaí más rud é:

    (a)

    nach bhfuil an tairbhí faoi réir imeachtaí dócmhainneachta comhchoiteanna ná nach gcomhlíonann sé na critéir faoina dhlí náisiúnta féin a chuirfeadh faoi réir imeachtaí dócmhainneachta comhchoiteanna é ar iarratas óna chreidiúnaithe. I gcás gnóthais mhóra, beidh staid an tairbhí inchurtha le rátáil creidmheasa B- ar a laghad; agus is fíor ceann amháin ar a laghad de cheachtar thíos

    (b)

    má tá an iasacht urraithe le comhthaobhacht a chumhdaíonn 50 % ar a laghad den iasacht agus gur fiú EUR 1 500 000 thar 5 bliana nó EUR 750 000 thar 10 mbliana an iasacht; más fiú níos lú ná an méid sin an iasacht, nó má dheonaítear í ar feadh tréimhse níos giorra ná 5 nó 10 mbliana faoi seach, ríomhfar coibhéis deontais chomhláin na hiasachta sin mar chion comhfhreagrach den uasteorainn ábhartha a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo; nó

    (c)

    gur ríomhadh an choibhéis deontais chomhláin bunaithe ar an ráta tagartha b’infheidhme tráth a deonaíodh an deontas.

    4.   Ní mheasfar an chabhair ab éard atá inti instealltaí caipitil mar chabhair thrédhearcach de minimis ach amháin sa chás nach sáraíonn méid iomlán an insteallta phoiblí an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2).

    5.   An chabhair ab éard atá inti bearta cabhrach um maoiniú riosca i bhfoirm infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais, ní mheasfar gur cabhair thrédhearcach de minimis í ach amháin sa chás nach sáraíonn an caipiteal a tugadh do ghnóthas aonair an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2).

    6.   Measfar gur cabhair thrédhearcach de minimis í cabhair ab éard atá inti ráthaíochtaí más rud é:

    (a)

    nach bhfuil an tairbhí faoi réir imeachtaí dócmhainneachta comhchoiteanna ná nach gcomhlíonann sé na critéir faoina dhlí náisiúnta féin a chuirfeadh faoi réir imeachtaí dócmhainneachta comhchoiteanna é ar iarratas óna chreidiúnaithe. I gcás gnóthais mhóra, beidh staid an tairbhí inchurtha le rátáil creidmheasa B- ar a laghad; agus is fíor ceann amháin ar a laghad de cheachtar thíos

    (b)

    nach sáraíonn an ráthaíocht 80 % den bhuniasacht gach tráth, go dtabhaíonn an t-iasachtóir agus an ráthóir caillteanais go comhréireach agus ar an mbealach céanna, go ndéanann na glan-aisghabhálacha a ghintear ó aisghabháil na hiasachta ó na hurrúis a thug an t-iasachtaí na caillteanais a sheas an t-iasachtóir agus an ráthóir a laghdú go comhréireach, agus gurb é EUR 2 250 000 an méid a ráthaítear agus 5 bliana fad na ráthaíochta nó gurb é EUR 1 125 000 an méid a ráthaítear agus 10 mbliana fad na ráthaíochta; má tá an méid a ráthaítear níos lú ná na méideanna sin nó más tréimhse níos giorra ná 5 bliana nó 10 mbliana fad na ráthaíochta faoi seach, ríomhfar coibhéis deontais chomhláin na ráthaíochta sin mar chion comhfhreagrach den uasteorainn ábhartha a leagtar síos in Airteagal 3(2); nó

    (c)

    má ríomhadh an choibhéis deontais chomhláin bunaithe ar phréimheanna tearmainn a leagtar síos i bhfógra ón gCoimisiún; nó

    (d)

    roimh an gcur chun feidhme,

    (i)

    gur cuireadh an mhodheolaíocht a úsáideadh chun coibhéis deontais chomhláin na ráthaíochta a ríomh in iúl don Coimisiún faoi Rialachán eile de chuid an Choimisiúin sa réimse den státchabhair a bhí infheidhme an tráth sin agus má ghlac an Coimisiún leis go raibh sé ag teacht leis an bhFógra Ráthaíochta, nó aon fhógra comharbachta; agus

    (ii)

    go dtugann an mhodheolaíocht sin aghaidh go sainráite ar an saghas ráthaíochta agus ar an saghas idirbhirt fholuitigh atá i gceist i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    7.   Measfar gur cabhair thrédhearcach de minimis í aon chabhair arna fáil ag idirghabhálaí airgeadais a chuireann chun feidhme scéim cabhrach de minimis amháin nó níos mó, a bheidh ar fáil ar théarmaí comhionanna d’idirghabhálaithe airgeadais atá ag feidhmiú sa Bhallstát lena mbaineann, más rud é:

    (a)

    go gcuireann an t-idirghabhálaí airgeadais an buntáiste a fhaightear tríd na ráthaíochtaí stáit ar aghaidh chuig na tairbhithe trí iasachtaí sinsearacha nua a chur ar fáil do na tairbhithe sin ar rátaí úis níos ísle nó le ceanglais chomhthaobhachta níos ísle agus nach dtéann aon ráthaíocht thar 80 % den bhuniasacht; agus

    (b)

    go ndéantar na hiasachtaí de minimis ráthaithe a thabhairt do thairbhithe atá i staid atá inchomparáide le rátáil creadmheasa B- ar a laghad agus gurb é méid iomlán na n-iasachtaí sin:

    (i)

    níos lú ná EUR 10 milliún; nó,

    (ii)

    níos lú ná EUR 40 milliún agus nach sáraíonn aon iasacht de minimis ráthaithe ar leith EUR 100 000.

    Má tá níos lú ná EUR 10 milliún d’iasachtaí de minimis ag idirghabhálaí airgeadais, mar a leagtar amach i bpointe (b)(i), nó EUR 40 milliún, mar a leagtar amach i bpointe (b)(ii), an ollchoibhéis deontais chomhláin is inchurtha i leith gach méid déanfar í a ríomh mar chion comhfhreagrach den uasteorainn ábhartha a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

    8.   Aon chabhair arb éard atá inti ionstraimí eile, measfar gur cabhair thrédhearcach de minimis í má dhéantar foráil san ionstraim maidir le caidhp lena n-áirithítear nach sáraítear an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

    Airteagal 5

    Carnadh

    1.   Is féidir cabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo a charnadh le cabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2832 ón gCoimisiún (21).

    2.   Is féidir cabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo a charnadh le cabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 1408/2013 (22) agus (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún (23) go dtí an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán sin.

    3.   Cabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní dhéanfar í a charnadh le Státchabhair i ndáil leis na costais incháilithe chéanna nó i ndáil le Státchabhair don bheart céanna um maoiniú riosca más rud é go mbeadh mar thoradh ar an gcarnadh sin déine cabhrach nó méid cabhrach a sháraíonn an méid a shonraítear i saintosca gach cáis trí rialachán blocdhíolúine nó trí chinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún. An chabhair de minimis nach ndeonaítear le haghaidh costais incháilithe shonracha nó nach bhfuil inchurtha ina leith, is féidir í a charnadh le státchabhair eile a dheonaítear trí rialachán blocdhíolúine nó trí chinneadh atá glactha ag an gCoimisiún.

    Airteagal 6

    Faireachán agus tuairisciú

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, go gclárófar an fhaisnéis maidir leis an gcabhair de minimis a dheonaítear i gclár lárnach ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Cuimseoidh an fhaisnéis sa chlár lárnach céannacht an tairbhí, méid na cabhrach, dáta an deonaithe, an t-údarás deonúcháin, an ionstraim chabhrach, agus an earnáil lena mbaineann ar bhonn aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas (‘aicmiú NACE’). Cuirfear an clár lárnach ar bun ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar an bhfaisnéis agus, an tráth céanna, a áiritheoidh go gcomhlíonfar rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear trí iontrálacha sonracha a anaithnidiú i gcás inar gá.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a liostaítear i mír 1 a chlárú sa chlár lárnach maidir leis an gcabhair de minimis a dheonaíonn aon údarás laistigh den Bhallstát lena mbaineann laistigh de 20 lá oibre tar éis dheonú na cabhrach. Faisnéis den sórt sin maidir le cabhair de minimis arna fáil ag idirghabhálaithe airgeadais atá ag cur chun feidhme scéimeanna cabhrach de minimis déanfar í a chlárú laistigh de 20 lá oibre ón tráth a fhaightear an tuairisc de bhun mhír 5. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun cruinneas na sonraí atá sa chlár lárnach a áirithiú.

    3.   Coinneoidh na Ballstáit taifid ar an bhfaisnéis chláraithe maidir le cabhair de minimis go ceann 10 mbliana ón dáta a deonaíodh an chabhair.

    4.   Ní dheonóidh Ballstát an chabhair de minimis nua i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin tar éis a sheiceáil dó nach méadóidh an chabhair de minimis nua méid iomlán na cabhrach de minimis arna deonú don ghnóthas lena mbaineann go leibhéal atá os cionn na huasteorann a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo agus go gcomhlíontar na coinníollacha uile sa Rialachán seo.

    5.   Chun mír 1 a chur i bhfeidhm, déanfaidh idirghabhálaithe airgeadais atá ag cur chun feidhme scéimeanna cabhrach de minimis an méid cabhrach de minimis arna fháil acu a thuairisciú ar bhonn ráithiúil don Bhallstát laistigh de 10 lá ó dheireadh na ráithe sin. An lá deireanach den ráithe a bheidh i lá an deonaithe.

    6.   Déanfaidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as clár lárnach ar an leibhéal náisiúnta sonraí comhiomlánaithe maidir le cabhair de minimis a deonaíodh don bhliain roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain. Áireofar sna sonraí comhiomlánaithe líon na dtairbhithe, méid foriomlán na cabhrach de minimis a deonaíodh agus méid foriomlán na cabhrach de minimis a deonaíodh in aghaidh na hearnála (trí ‘aicmiú NACE’ a úsáid). Is le haghaidh cabhair de minimis a dheonaítear ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2026 a bheidh na chéad sonraí a chuirtear isteach. Féadfaidh na Ballstáit tuairisciú chuig an gCoimisiún ar thréimhsí níos luaithe i gcás ina bhfuil na sonraí comhiomlánaithe ar fáil.

    7.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann ar fáil don Choimisiún, laistigh de 20 lá oibre nó laistigh de thréimhse is faide a leagfar amach san iarratas, gach faisnéis is gá, dar leis an gCoimisiún, chun measúnú a dhéanamh an bhfuil coinníollacha an Rialacháin seo comhlíonta, go háirithe maidir le méid iomlán na cabhrach de minimis atá faighte ag aon ghnóthas de réir bhrí an Rialacháin seo nó de réir brí rialachán de minimis eile.

    Airteagal 7

    Forálacha idirthréimhseacha

    1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair a dheonaítear sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm, má chomhlíonann an chabhair na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

    2.   Aon chabhair de minimis aonair a deonaíodh idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2023 agus a chomhlíonann coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013, measfar nach gcomhlíonann sí na critéir ar fad in Airteagal 107(1) den Chonradh agus beidh sí, dá bhrí sin, díolmhaithe ón gceanglas in Airteagal 108(3) den Chonradh fógra a thabhairt.

    3.   Ag deireadh thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo, féadfar aon chabhair de minimis a chomhlíonann coinníollacha an Rialacháin seo a dheonú go bailí go ceann tréimhse 6 mhí eile.

    4.   Go dtí go mbeidh an clár lárnach curtha ar bun agus go gcumhdóidh sé tréimhse 3 bliana, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát cabhair de minimis a dheonú do ghnóthas i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an Ballstát sin an gnóthas ar an eolas, i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach, faoi mhéid na cabhrach arna shloinneadh mar choibhéis deontais chomhláin agus a chineál de minimis, ag tagairt go díreach don Rialachán seo. I gcás ina ndeonaítear cabhair de minimis i gcomhréir leis an Rialachán seo do ghnóthais éagsúla ar bhonn scéime agus má dheonaítear méideanna éagsúla cabhrach aonair do na gnóthais sin faoin scéim sin, is féidir don Bhallstát lena mbaineann roghnú a oibleagáid a chomhlíonadh trí bhíthin méid a chur in iúl do na gnóthais a chomhfhreagraíonn don uasmhéid cabhrach atá le deonú faoin scéim sin. I gcásanna den sórt sin, bainfear úsáid as an tsuim shocraithe lena chinneadh an gcomhlíontar an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. Sula ndeonóidh an Ballstát an chabhair, gheobhaidh sé dearbhú ón ngnóthas lena mbaineann, i scríbhinn nó go leictreonach, faoi aon chabhair de minimis eile atá faighte a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo nó ag rialacháin de minimis eile maidir leis thar aon tréimhse 3 bliana.

    Airteagal 8

    Teacht i bhfeidhm agus tréimhse a churtha chun feidhme

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.

    Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2030.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 248, 24.9.2015, lch. 1.

    (2)  Fógra ón gCoimisiún i dtaca leis an riail de minimis le haghaidh státchabhrach (IO C 68, 6.3.1996, lch. 9).

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 69/2001 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2001 maidir le hAirteagail 87 agus 88 de Chonradh CE a chur i bhfeidhm i ndáil le cabhair de minimis (IO L 10, 13.1.2001, lch. 30).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 1998/2006 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2006 maidir le hAirteagail 87 agus 88 den Chonradh a chur i bhfeidhm i ndáil le cabhair de minimis (IO L 379, 28.12.2006, lch. 5)

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis (IO L 352, 24.12.2013, lch. 1).

    (6)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Eanáir 2006, Ministero dell’Economia e delle Finanze v Cassa di Risparmio di Firenze and Others, C-222/04, ECLI:EU:C:2006:8, mír 107.

    (7)  Ibid, míreanna 112 agus 113.

    (8)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 13 Meitheamh 2002, An Ísiltír v an Coimisiún, C-382/99, ECLI:EU:C:2002:363.

    (9)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

    (10)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

    (11)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 12 Nollaig 2002, An Fhrainc v An Coimisiún, C-456/00, ECLI:EU:C:2002:753, mír 31.

    (12)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 28 Feabhra 2018, ZPT AD v Narodno sabranie na Republika Bulgaria agus Eile, C-518/16, ECLI:EU:C:2018:126, míreanna 55 agus 56.

    (13)   Communication from the Commission on the revision of the method for setting the reference and discount rates [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an modh chun na rátaí tagartha agus lascaine a shocrú] (IO C 14, 19.1.2008, lch. 6).

    (14)   Communication from the Commission – Guidelines on State aid to promote risk finance investments [Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn] (IO C 508, 16.12.2021, lch. 1).

    (15)  Mar shampla, an Fógra ón gCoimisiún maidir le hAirteagail 87 agus 88 de Chonradh CE maidir le Státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí a chur i bhfeidhm (IO C 155, 20.6.2008, lch. 10).

    (16)  Fógra ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 87 agus 88 de Chonradh CE maidir le Státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí (IO C 155, 20.6.2008, lch. 10).

    (17)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Pacáiste Faoisimh do FBManna (COM(2023) 535 final).

    (18)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).

    (19)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1); Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (20)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

    (21)  Rialachán (AE) Uimh. 2023/2832 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (IO L, 2023/2832, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2832/oj)

    (22)  Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis san earnáil talmhaíochta (IO L 352, 24.12.2013, lch. 9).

    (23)  Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún 27 Meitheamh 2014 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 190, 28.6.2014, lch. 45).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2831/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top