This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0994
Council Decision (CFSP) 2023/994 of 22 May 2023 on the consequences of Denmark informing the other Member States that it no longer wishes to avail itself of Article 5 of Protocol No 22 on the position of Denmark, and amending Decision (CFSP) 2021/509 establishing a European Peace Facility and Decision 2014/401/CFSP on the European Union Satellite Centre
Cinneadh (CBES) 2023/994 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2023 maidir leis na hiarmhairtí a ghabhann leis an Danmhairg a bheith tar éis a chur in iúl do na Ballstáit eile nach mian léi leas a bhaint a thuilleadh as Airteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána agus Cinneadh 2014/401/CBES maidir le Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh
Cinneadh (CBES) 2023/994 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2023 maidir leis na hiarmhairtí a ghabhann leis an Danmhairg a bheith tar éis a chur in iúl do na Ballstáit eile nach mian léi leas a bhaint a thuilleadh as Airteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána agus Cinneadh 2014/401/CBES maidir le Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh
ST/9047/2023/INIT
IO L 135, 23.5.2023, p. 120–122
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
23.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 135/120 |
CINNEADH (CBES) 2023/994 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Bealtaine 2023
maidir leis na hiarmhairtí a ghabhann leis an Danmhairg a bheith tar éis a chur in iúl do na Ballstáit eile nach mian léi leas a bhaint a thuilleadh as Airteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána agus Cinneadh 2014/401/CBES maidir le Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1), Airteagal 31(1), Airteagal 41(2), Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go dtí an 30 Meitheamh 2022, ní raibh an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú, glacadh ná cur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais bunaithe ar Airteagal 26(1), Airteagal 42, agus Airteagail 43 go 46 de CAE a raibh impleachtaí cosanta acu. Go dtí an dáta céanna, níor rannchuidigh an Danmhairg le maoiniú an chaiteachais oibríochtúil a thig ó na bearta sin agus níor chuir sí cumais mhíleata ar fáil don Aontas. |
(2) |
An 1 Meitheamh 2022, reáchtáladh reifreann sa Danmhairg maidir le cúlghairm na díolúine i gcinntí agus i ngníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil impleachtaí cosanta acu a a leagtar síos in Airteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22. |
(3) |
An 20 Meitheamh 2022, trí bhíthin litreach óna hAire Gnóthaí Eachtracha, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Phrótacal Uimh. 22, chuir an Danmhairg in iúl do na Ballstáit eile nach mian léi leas a bhaint a thuilleadh as Airteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 ón 1 Iúil 2022. |
(4) |
De bhun Airteagal 7 de Phrótacal Uimh 22, ón 1 Iúil 2022, cuireann an Danmhairg i bhfeidhm go hiomlán na bearta ábhartha uile a bhí i bhfeidhm ar an dáta sin arna nglacadh i gcreat an Aontais agus tá an seasamh céanna aici agus atá ag na Ballstáit eile a mhéid a bhaineann le dréachtú, glacadh agus cur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil impleachtaí cosanta acu. Ón dáta céanna, tá an seasamh céanna ag an Danmhairg agus atá ag na Ballstáit eile a mhéid a bhaineann lena rannchuidiú le maoiniú caiteachais a thig ó na bearta sin agus a mhéid a bhaineann le cumais mhíleata a chur ar fáil don Aontas. |
(5) |
Dá réir sin, ón 1 Iúil 2022, cuireann an Danmhairg na cinntí arna nglacadh ag an gComhairle i bhfeidhm ar bhonn na n-airteagal ábhartha de Theideal V, Caibidil 2, CAE. Ar an gcaoi chéanna, ón dáta sin, cuireann an Danmhairg i bhfeidhm na cinntí arna nglacadh ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála de bhun Airteagal 38, an tríú mír, CAE a bhaineann le rialú polaitiúil agus stiúradh straitéiseach na n-oibríochtaí bainistíochta géarchéime, dá dtagraítear in Airteagail 42 agus 43 CAE, a bhfuil impleachtaí cosanta acu. |
(6) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú laistigh den Aontas, ba cheart a shoiléiriú, ón 1 Iúil 2022, nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag gach tagairt d’Airteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 i gcinntí ón gComhairle arna nglacadh faoi Theideal V, Caibidil 2 CAE agus atá i bhfeidhm ar an dáta sin. |
(7) |
Ar an gcúis chéanna, ba cheart forálacha ábhartha i gcinntí ón gComhairle arna nglacadh faoi Theideal V, Caibidil 2, CAE agus atá i bhfeidhm tráth glactha an Chinnidh seo, agus lena gcuirtear Airteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 chun feidhme, a scriosadh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Mar iarmhairt ar an Danmhairg a chur in iúl do na Ballstáit eile nach mian léi, ón 1 Iúil 2022, leas a bhaint a thuilleadh as Airteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge:
— |
Ón 1 Iúil 2022, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag aon tagairt do sheasamh na Danmhairge atá bunaithe ar Airteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 i gcinntí arna nglacadh ag an gComhairle de bhun Theideal V, Caibidil 2, CAE; |
— |
Ón 1 Iúil 2022, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag aon tagairt do sheasamh na Danmhairge bunaithe ar Airteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 i gcinntí arna nglacadh ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála de bhun Airteagal 38, an tríú mír, CAE maidir le rialú polaitiúil agus stiúradh straitéiseach na n-oibríochtaí bainistíochta géarchéime dá dtagraítear in Airteagail 42 agus 43 CAE, a bhfuil impleachtaí cosanta acu. |
Airteagal 2
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 5, scriostar mír 4; |
(2) |
in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Na leithreasuithe íocaíochta sa chuid ghinearálta den bhuiséad le haghaidh caiteachas tacaíochta agus ullmhúcháin ar oibríochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 18(3), cumhdófar iad le rannchuidithe ó na Ballstáit.’ |
(3) |
in Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mjír 1: ‘1. Maoineofar costais choiteanna le haghaidh fhreachnaimh an Aontais trí bhíthin na Saoráide de réir na rialacha agus na nósanna imeachta atá comhchosúil leo sin le haghaidh na n-oibríochtaí lena rannchuidíonn na Ballstáit uile.’ |
(4) |
in Airteagal 52, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7: ‘7. Nuair a chinnfear go gcoinneoidh an tSaoráid an trealamh arna chómhaoiniú le haghaidh oibríochta, féadfaidh na Ballstáit is rannchuiditheoirí cúiteamh airgeadais a iarraidh ó na Ballstáit eile. Glacfaidh an Coiste na cinntí iomchuí ar bhonn moladh ón riarthóir um oibríochtaí.’ |
Airteagal 3
Leasaítear Cinneadh 2014/401/CBES ón gComhairle (2) mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 3: ‘3. Is éard a bheidh in ioncam SATCEN ranníocaíochtaí ó na Ballstáit de réir scála an ollioncaim náisiúnta, íocaíochtaí a dhéantar mar luach saothair as seirbhísí arna soláthar agus ioncam ilghnéitheach.’ |
(2) |
Scriostar Airteagal 17. |
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. FORSSELL
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).
(2) Cinneadh 2014/401/CBES ón gComhairle an 26 Meitheamh maidir le Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2001/555/CBES maidir le Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh a bhunú (IO L 188, 27.6.2014, lch. 73).