This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0912
Council Decision (EU) 2023/912 of 25 April 2023 on the conclusion, on behalf of the Union, of the Agreement between the European Union and the United States of America pursuant to Article XXVIII of the General Agreement on Tariffs and Trade (GATT) 1994 relating to the modification of concessions on all the tariff rate quotas included in the EU Schedule CLXXV as a consequence of the United Kingdom’s withdrawal from the European Union
Cinneadh (AE) 2023/912 ón gComhairle an 25 Aibreán 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
Cinneadh (AE) 2023/912 ón gComhairle an 25 Aibreán 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
ST/11723/2022/INIT
IO L 119, 5.5.2023, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/912/oj
5.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 119/1 |
CINNEADH (AE) 2023/912 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Aibreán 2023
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint do Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/1665 (2),ón gComhairle, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, síníodh an Comhaontú sin thar ceann an Aontais an 17 Eanair 2023, faoi réir a thabhairt i gcrích dáta is faide anonn. |
(2) |
Is é is cuspóir don Chomhaontú foráil a dhéanamh maidir le cionroinnt na gcuótaí ráta taraife a áirítear i Sceideal CLXXV AE den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, de bhun Airteagal XXVIII de CGTT 1994. |
(3) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach a fhormheas thar ceann an Aontais (3).
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) den Chomhaontú (4).
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Aibreán 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. KULLGREN
(1) Toiliú an 15 Márta (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2022/1665 an 26 Mean Fómhair ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (IO L 251, 29.9.2022, lch. 1).
(3) Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe in IO L 3
(4) Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh