This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0456
Council Decision (EU) 2023/456 of 21 February 2023 on the position to be adopted, on behalf of the European Union, within the EEA Joint Committee, as regards the amendment to Annex XI (Electronic communication, audiovisual services and information society) and Protocol 37 containing the list provided for in Article 101 of the EEA Agreement (Text with EEA relevance)
Cinneadh (AE) 2023/456 ón gComhairle An 21 Feabhra 2023. maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh (AE) 2023/456 ón gComhairle An 21 Feabhra 2023. maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
ST/11848/2022/INIT
IO L 67, 3.3.2023, p. 43–46
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
3.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 67/43 |
CINNEADH (AE) 2023/456 ÓN gCOMHAIRLE
An 21 Feabhra 2023.
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. |
(2) |
De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, is féidir le Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 (“Prótacal 37” a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú). |
(3) |
Tá Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XI agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh i gceangal, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE, bunófar é ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhrusséil an 21 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(3) Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2022/622/CE, (IO C 196, 12.6.2019, lch. 16).
DRÉACHT
CINNEADH Uimh […] Ó CHOMHCHOISTE LEE
an …
lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2002/622/CE (1) le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Le Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019, aisghairtear Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún (2), Cinneadh atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá, dá bharr sin, le haisghairm faoi Chomhaontú LEE. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XI agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 5ch (Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:
“32019 D 0612(01): Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2002/622/CE, (IO C 196, 12.6.2019, lch. 16).
Léifear forálacha an Chinnidh, chun críocha an Chomhaontaithe reatha, agus an t-oiriúnú seo a leanas orthu:
(a) |
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(4) maidir le Stáit CSTE. Módúlachtaí maidir le comhlachas Stáit CSTE i gcomhréir le hAirteagal 101 den Chomhaontú seo: Glacfaidh Stáit CSTE páirt iomlán sa Ghrúpa um Beartas Speictrim Raidió agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu ann agus a bhíonn ag na Ballstáit den Aontas, cé is moite den cheart vótála. Ní bheidh comhaltaí ó Stáit CSTE incháilithe le haghaidh Chathaoirleacht an Ghrúpa um Beartas Speictrim Raidió ná a fhoghrúpaí” |
Airteagal 2
I bpointe 16 de Phrótacal 37, cuirtear na focail “Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019” in ionad na bhfocal “Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún”.
Airteagal 3
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 san Íoslainnis agus san Ioruais, atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 5
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rúnaithe
Chomhchoiste LEE
(1) IO C 196, 12.6.2019, lch. 16.
(2) IO L 198, 27.7.2002, lch. 49.
(*) [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]