Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R0818R(04)

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726, Rialachán (AE) 2018/1862 agus Rialachán (AE) 2019/816 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 135 an 22 Bealtaine 2019)

ST/14656/2022/INIT

IO L 335, 29.12.2022, p. 112–112 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/818/corrigendum/2022-12-29/oj

29.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/112


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726, Rialachán (AE) 2018/1862 agus Rialachán (AE) 2019/816

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 135 an 22 Bealtaine 2019 )

1.

Ar leathanach 99, in Airteagal 7(1) Article 7(1), sa chéád fhomhír:

in ionad:

“1.   Beidh úsáid ESP forchoimeádta do na húdaráis sna Ballstáit agus do na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil rochtain acu ar cheann amháin ar a laghad de na córais faisnéise AE i gcomhréir leis na hionstraimí dlí lena rialaítear na córais faisnéise AE, ar CIR, agus ar MID i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar shonraí Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 nó ar bhunachair sonraí Interpol i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta lena riailítear an rochtain sin.”,

léitear:

“1.   Beidh úsáid ESP forchoimeádta do na húdaráis sna Ballstáit agus do na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil rochtain acu ar cheann amháin ar a laghad de na córais faisnéise AE i gcomhréir leis na hionstraimí dlí lena rialaítear na córais faisnéise AE, ar CIR, agus ar MID i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar shonraí Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 nó ar bhunachair sonraí Interpol i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta lena riailítear an rochtain sin.”.

2.

Ar leathanach 100, in Airteagal 7(3):

in ionad:

“3.   Féadfaidh na húdaráis sna Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 ESP a úsáid chun sonraí a bhaineann le daoine nó a ndoiciméid taistil a chuardach in SIS Láir dá dtagraítear i Rialacháin (AE) 2018/1860 agus (AE) 2018/1861.”,

léitear:

“3.   Féadfaidh na húdaráis sna Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 ESP a úsáid chun sonraí a bhaineann le daoine nó a ndoiciméid taistil a chuardach in SIS Láir dá dtagraítear i Rialacháin (AE) 2018/1862.”.


Top