Kies de experimentele functies die u wilt uitproberen

Dit document is overgenomen van EUR-Lex

Document 32022D2544

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2022/2544 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 lena mbunaítear na socruithe maidir le riar agus cur chun feidhme oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais an Aontais faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe agus oibríochtaí gaolmhara iasachtaithe

    C/2022/9700

    IO L 328, 22.12.2022, blz. 109–122 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Juridische status van het document Niet meer van kracht, Datum einde geldigheid: 18/12/2023; Arna aisghairm le 32023D2825

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2544/oj

    22.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 328/109


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE, Euratom) 2022/2544 ÓN gCOIMISIÚN

    an 19 Nollaig 2022

    lena mbunaítear na socruithe maidir le riar agus cur chun feidhme oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais an Aontais faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe agus oibríochtaí gaolmhara iasachtaithe

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

    Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 220a de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE, Euratom) 2022/2434 (2), leasaíodh Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (“an Rialachán Airgeadais”) tríd an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a bhunú mar mhodh cistiúcháin aonair chun oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais a dhéanann an Coimisiún a chur chun feidhme. Beidh feidhm ag Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais maidir le cláir cúnaimh airgeadais a dtiocfaidh na bunghníomhartha ina leith i bhfeidhm an 9 Samhain 2022 nó ina dhiaidh sin. Ní bheidh feidhm ag an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe maidir le cláir atá ann cheana, faoinar cheart leanúint d’oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe a dhéanamh faoin modh traidisiúnta “droim le droim”, i gcomhréir le hAirteagal 220 den Rialachán Airgeadais. Féadfaidh feidhm a bheith ag an modh “droim le droim” freisin, mar eisceacht air sin, maidir le cláir nua cúnaimh airgeadais agus beidh feidhm aige maidir le haon chlár de chuid Euratom.

    (2)

    De bhun Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais, tá an Coimisiún leis na socruithe is gá a bhunú chun an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a chur chun feidhme. Ba cheart go n-áireofaí ar na socruithe sin creat rialachais, nósanna imeachta um bainistiú riosca agus modheolaíocht leithdháilte costas, lenar cheart a áirithiú gurb í an tír is tairbhí a iompróidh na costais uile a thabhóidh an tAontas a bhaineann le cúnamh airgeadais. Is gá, dá bhrí sin, na socruithe is infheidhme maidir le hoibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais a dhéanann an Coimisiún faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe agus maidir leis na hoibríochtaí iasachtaithe gaolmhara a bhunú.

    (3)

    Den chéad uair, chuir an Coimisiún an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí iasachtaíochta i gcomhthéacs NextGenerationEU (“NGEU”), ionstraim shealadach an Aontais chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch ó ghéarchéim COVID-19. Leis sin, bhíothas in ann cistí a shlógadh go rathúil le haghaidh tacaíocht agus iasachtaí neamh-inaisíoctha faoi Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus cláir eile de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (4).

    (4)

    Bunaíodh an tsamhail rialachais agus na próisis is gá chun an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a chur chun feidhme faoi NGEU i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 2502 ón gCoimisiún (5). Áirítear ar na socruithe sin, i measc nithe eile, creat rialachais agus nósanna imeachta um bainistiú riosca agus um chomhlíontacht. Forbraíodh modheolaíocht leithdháilte costas i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1095 ón gCoimisiún (6). Is iomchuí na socruithe le haghaidh chur chun feidhme na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe de bhun Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais a bhunú ar an tsamhail rialachais le haghaidh NGEU.

    (5)

    Cé gur cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo go príomha maidir le hoibríochtaí a dhéantar faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe, is iomchuí cuid de na socruithe a leagtar síos ann a leathnú chun oibríochtaí a dhéantar faoin modh “droim le droim” a chumhdach. D’áiritheofaí leis an gcur chuige sin comhsheasmhacht idir na cláir éagsúla, a mhéid is infheidhme. Ráthófaí leis freisin go gcumhdófaí na hoibríochtaí uile leis an gcaighdeán ab airde rialacha, i gcomhréir le prionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais. Ba cheart é sin a bheith amhlaidh i gcás socruithe a bhaineann le nósanna imeachta um bainistiú riosca agus um chomhlíontacht.

    (6)

    Ba cheart go leagfaí amach i gcinneadh bliantúil iasachtaíochta gnéithe na n-oibríochtaí iasachtaíochta atá beartaithe faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe thar thréimhse bliana amháin. Go háirithe, ba cheart méid na n-oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais atá le déanamh a chinneadh leis d’fhonn neamhchosaint fhoriomlán bhuiséad an Aontais agus na dtairbhithe iasachtaí a chumadh. Chuige sin, ba cheart na nithe seo a leanas a shocrú leis: raon le haghaidh uasmhéideanna eisiúna an chistithe fhadtéarmaigh chun gach críche, uasmhéid gan íoc an chistithe ghearrthéarmaigh, meánaibíocht uasta chistiú fadtéarmach an Aontais, teorainn ar an méid críochnaitheach gan íoc in aghaidh na heisiúna agus, más infheidhme, uasmhéid eisiúintí an Choimisiúin is féidir a shealbhú ar a shon féin agus is féidir a úsáid mar fhoinse cistiúcháin bhreise nó chun tacú leis an margadh tánaisteach.

    (7)

    Chun a áirithiú go mbeidh na cistí is gá ar fáil chun gealltanais faoi na cláir ghaolmhara cúnaimh airgeadais a chomhlíonadh de réir mar a bheidh siad le híoc, ba cheart oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a dhéanamh ar bhonn pleananna cistiúcháin leathbhliantúla. Dhéanfadh na pleananna cistiúcháin na hoibríochtaí sin a chumadh le linn na tréimhse sin trí thagairt a dhéanamh do na híocaíochtaí nach mór a dhéanamh chun na cláir ghaolmhara a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, le bunú an phlean cistiúcháin, ba cheart a áirithiú go mbeidh nasc díreach ann leis na riachtanais íocaíochta chun na gealltanais chaiteachais a rinneadh faoi na bunghníomhartha comhfhreagracha a chomhlíonadh. Ba cheart an plean cistiúcháin a bhunú ar bhonn na dteorainneacha a leagtar amach sa chinneadh bliantúil iasachtaíochta. Is é an plean cistiúcháin an bonn chun rannpháirtithe margaidh a chur ar an eolas faoi na pleananna cistiúcháin táscacha sa tréimhse atá le teacht.

    (8)

    Trí uasmhéid táscach iasachtaíochta a shocrú lena gcumhdaítear, de ghnáth, tréimhse 6 mhí, agus trí phríomhpharaiméadair áirithe eile de na hoibríochtaí atá beartaithe a bhunú, d’áiritheofaí leis an bplean cistiúcháin tuilleadh intuarthachta maidir le heisiúintí, agus an tráth céanna, choinneofaí solúbthacht ar bun agus dhéanfaí foráil maidir le trédhearcacht sna margaí. Tá gá ag an mbonn infheisteoirí spriocdhírithe le faisnéis faoi eisiúintí atá ar na bacáin mar aon le léiriú ar an amlíne chun pleanáil infheistíochta a ullmhú ar a dtaobh féin.

    (9)

    Ba cheart an cinneadh bliantúil iasachtaíochta agus an plean cistiúcháin a bheith ina mbonn d’fhaisnéis ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 220a(2) den Rialachán Airgeadais, mar aon le bheith ina mbonn chun cumarsáid a dhéanamh leis na margaí agus leis an bpobal. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le gach gné dá straitéis iasachtaíochta agus bainistithe fiachais, ar bhealach cuimsitheach agus ar bhonn tráthrialta, de bhun Airteagal 220a(2) den Rialachán Airgeadais.

    (10)

    Braitheann an sainmhíniú ar phleananna cruinne fóinteacha cistiúcháin faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe ar oifigigh údarúcháin atá freagrach as cur chun feidhme na gclár cúnaimh airgeadais faisnéis a chur in iúl go tráthrialta tráthúil laistigh de na tráthchláir agus na méideanna maidir le híocaíochtaí a bhfuil coinne leo a fhormheas. Is trí uirlis réamhaisnéise airgeadais an Choimisiúin ba cheart an fhaisnéis sin a chur in iúl d’Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, ós rud é gurb í an tseirbhís atá freagrach as na pleananna cistiúcháin a shainiú agus a chur chun feidhme.

    (11)

    Leis an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe, ba cheart féachaint leis na dálaí airgeadais is buntáistí le haghaidh an Aontais a fháil, trí phleanáil fhónta agus forghníomhú rianúil idirbheart leis na téarmaí is fearr is féidir sna dálaí margaidh atá i réim. I bhfianaise an ghá cistiú a bhailiú chun gur féidir eisíocaíochtaí a dhéanamh leis na cláir faoi seach, tá rogha theoranta ag an gCoimisiún a mhéid a bhaineann le huainiú idirbheart margaidh. Chuirfeadh an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe raon níos leithne teicnící cistiúcháin ar fáil don Choimisiún, lena n-áirítear maoiniú gearrthéarmach, lenarbh fhéidir leis riosca forghníomhaithe margaidh a laghdú nuair is gá chun cistí a bhailiú in imthosca margaidh níos diúltaí.

    (12)

    Ba cheart a áireamh ar ionstraimí cistiúcháin faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe, inter alia, raon bannaí tagarmhairc agus Billí AE. Ba cheart oibríochtaí iasachtaíochta faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a eagrú mar cheantanna, idirbhearta sindeacáite nó láithrithe príobháideacha, cibé acu is iomchuí i bhfianaise mhéid agus chineál na n-oibríochtaí.

    (13)

    Ba cheart a áireamh sa straitéis cistiúcháin éagsúlaithe an cumas ionstraimí gearrthéarmacha a eisiúint agus maolán leachtachta a choinneáil ar bun, rud a chuirfeadh é ar a chumas don Choimisiún neamhréireanna ó thaobh ama de idir iasachtaíocht agus eisíocaíochtaí a ionsú, agus iarraidh ar eisíocaíocht a chomhlíonadh i gcás coinníollacha cistiúcháin diúltacha. Ba cheart oibríochtaí iasachtaíochta gearrthéarmaí trí Bhillí AE a chur chun feidhme trí cheantanna rialta chun solúbthacht agus éifeachtúlacht a sholáthar. Ba cheart na ceantanna sin a eagrú ar bhealach lena n-áiritheofar stádas trédhearcach intuartha eisitheora an Aontais agus cóir chomhionann na rannpháirtithe.

    (14)

    Le hoibríochtaí bainistithe fiachais faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe, is féidir rioscaí ráta úis agus rioscaí eile airgeadais a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Is iomchuí, dá bhrí sin, úsáid díorthach amhail babhtálacha a cheadú chun rioscaí ráta úis nó rioscaí eile airgeadais a bhainistiú i ndáil le hiasachtaí do na tíortha is tairbhithe, agus prionsabal an iarmhéid bhuiséadaigh á urramú i gcónaí, nó idirbhearta margaidh airgid urraithe nó idirbhearta urraithe nó neamhurraithe margaidh airgid a dhéanamh le hoifigí bainistithe fiachais na mBallstát, institiúidí fornáisiúnta, gníomhaireachtaí náisiúnta earnála poiblí, institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil seasamh creidmheasa iomchuí acu nó contrapháirtithe lárnacha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart an Coimisiún a údarú freisin a bhannaí féin a cheannach ar ais agus/nó a shealbhú chun leachtacht a bhainistiú agus tacú le leachtacht sa mhargadh le haghaidh bhannaí an Aontais.

    (15)

    Ba cheart oibríochtaí iasachtaithe a dhéanamh i gcomhréir leis an mbunghníomh ábhartha agus leis na comhaontuithe iasachta comhfhreagracha. Is iomchuí coinníollacha íosta a leagan síos faoina n-eisíocfar iasachtaí. Ba cheart a áirithiú freisin gurb iad na tíortha is tairbhithe a iompróidh na costais uile a bhaineann leis an iasacht agus a thabhóidh an tAontas i gcomhréir le modheolaíocht arna leagan síos ag an gCoimisiún i gcinneadh ar leithligh arna comhlánú ag treoirlínte mionsonraithe maidir le costais den sórt sin a ríomh.

    (16)

    Ba cheart an deis a thairiscint do thíortha is tairbhithe a iarraidh ar an gCoimisiún iasachtaí a shocrú ar ráta úis seasta fálaithe. Leis sin, cheanglófaí ar an gCoimisiún ionstraimí airgeadais amhail babhtálacha rátaí úis a úsáid chun iasachtaí ar ráta seasta a thairiscint. Ba cheart don tír is tairbhí na costais a bhaineann le bainistiú rioscaí le díorthaigh a iompar.

    (17)

    Oibríochtaí iasachtaíochta faoi chláir cúnaimh airgeadais atá ann cheana, déantar iad faoi “Chlár Eisiúna Fiachais AE-Euratom” a bunaíodh in 2019 agus a tugadh cothrom le dáta in 2021 (“an Clár Eisiúna Fiachais”). Áirítear leis sin, inter alia, Ciorclán Tairisceana ina bhfuil an fhaisnéis uile a bhfuil gá ag na margaí léi de réir na reachtaíochta is infheidhme, agus socruithe oibríochtúla agus conarthacha le contrapháirtithe atá ríthábhachtach maidir le gníomhaíochtaí iasachtaíochta. Ba cheart oibríochtaí iasachtaíochta faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a dhéanamh faoin gClár Eisiúna Fiachais, tar éis na leasuithe is gá a thabhairt isteach sa doiciméadacht atá ann cheana.

    (18)

    Chun oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a chur chun feidhme, ba cheart acmhainneachtaí oibríochtúla iomchuí a bhunú, lena n-áirítear acmhainneachtaí socraithe idirbheart, ardán ceantála, agus an deis dul i muinín idirbhearta athcheannaigh agus babhtálacha.

    (19)

    Chun oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe agus oibríochtaí gaolmhara iasachtaithe a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún cuntais thiomnaithe a oscailt chun críoch na n-oibríochtaí sin agus chun na críche sin amháin. Na breithnithe a bhaineann le cuntais oibríochtaí NGEU, ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis na cuntais sin freisin. Go háirithe, chun aghaidh a thabhairt ar an riosca leachtachta a eascraíonn as na hoibríochtaí sin, ba cheart sainsealúchais slána airgid stuamachta a bhunú le haghaidh íocaíochtaí. An ceanglas maolán airgid stuamachta tiomnaithe den sórt sin a shealbhú, is cuid lárnach agus fíor-riachtanach den chur chuige bainistithe riosca le haghaidh straitéis cistiúcháin éagsúlaithe é. Chun a áirithiú nach mbeidh na sealúchais airgid chriticiúla sin faoi réir aon riosca contrapháirtí a eascraíonn as cliseadh na hinstitiúide lena gcoimeádtar na cúlchistí sin, tá sé ríthábhachtach na sealúchais airgid stuamachta sin a shealbhú i mbanc ceannais. Ba cheart na sealúchais airgid sin a choinneáil i gcuntas tiomnaithe in BCE agus ba cheart iad a choinneáil ag an leibhéal is ísle is gá chun íocaíochtaí atá ar na bacáin a chomhlíonadh le linn tréimhse ghearrthéarmach, ach féadfar méideanna éagsúla a bheith iontu de réir an sceidil eisiúna agus eisíocaíochta. Ba cheart conradh maidir le seirbhísí gníomhaireachta fioscaí a thabhairt i gcrích le BCE lenar féidir na costais ghaolmhara a chumhdach.

    (20)

    Ina theannta sin, ba cheart a áirithiú, le creat bainistithe riosca agus comhlíontachta le haghaidh oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe, cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus go ndéanfar na gníomhaíochtaí uile ar bhealach atá comhsheasmhach leis na caighdeáin is airde sláine, ionracais agus bainistithe fhónta airgeadais agus riosca. Chuige sin, ba cheart ról an Phríomhoifigigh Riosca a bunaíodh roimhe seo faoi Chinneadh C(2021) 2502 ón gCoimisiún a leathnú chun go mbeidh feidhm aige maidir le gach oibríocht faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe faoin gCinneadh seo. Ba cheart go dtacódh an Coiste um Riosca agus um Chomhlíontacht leis an bPríomhoifigeach Riosca agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige.

    (21)

    Ba cheart don Phríomhoifigeach Riosca, i gcomhréir le dea-chleachtais agus le caighdeáin idirnáisiúnta aitheanta, Beartas um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht a tharraingt suas ina bhfuil treoirlínte maidir le riosca agus comhlíontacht chun na hoibríochtaí a chur chun feidhme ar bhealach atá go hiomlán neamhspleách.

    (22)

    Go háirithe, ba cheart don Phríomhoifigeach Riosca a áirithiú go gcloíonn oibríochtaí leis an mBeartas um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht agus go ndéantar rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí sin a shainaithint, a thuiscint, a bhainistiú agus a thuairisciú don Phríomhoifigeach Riosca. Agus na cúraimí sin á ndéanamh, ba cheart d’Oifigeach um Chomhlíontacht tacú leis an bPríomhoifigeach Riosca, agus ba cheart don Oifigeach um Chomhlíontacht sin tuairisciú go díreach don Phríomhoifigeach Riosca i dtaca le hábhair maidir le comhréireacht le rialacha, nósanna imeachta agus cosc ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta.

    (23)

    Chun a áirithiú go mbeidh na socruithe is infheidhme maidir leis na hoibríochtaí uile a chuirtear chun feidhme tríd an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe aonfhoirmeach, is iomchuí Cinneadh C(2021) 2502 a aisghairm.

    (24)

    Maidir leis na hoibríochtaí iasachtaíochta atá ar na bacáin faoin ionstraim chun tacaíocht a sholáthar don Úcráin (7), chun a áirithiú go dtairbheoidh siad den straitéis cistiúcháin éagsúlaithe, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL 1

    ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.   Bunaítear leis an gCinneadh seo na socruithe maidir le cur chun feidhme na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe le haghaidh oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais a thagann faoi raon feidhme Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais, agus maidir le cur chun feidhme na n-oibríochtaí iasachtaithe gaolmhara.

    2.   Beidh feidhm ag Caibidil 4 freisin maidir le hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe a dhéantar de réir an mhodha “droim le droim”.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “oibríochtaí iasachtaíochta” oibríochtaí ar na margaí, go háirithe eisiúintí fiachais chun iasachtaí a fháil, lena n-áirítear iasachtaíocht tar-rollta;

    (2)

    ciallaíonn “oibríochtaí bainistithe fiachais” oibríochtaí margaidh a bhaineann leis an bhfiachas a eascraíonn as oibríochtaí iasachtaíochta chun struchtúr an fhiachais gan íoc a bharrfheabhsú, chun rioscaí ráta úis, rioscaí leachtachta agus rioscaí eile airgeadais a mhaolú agus oibríochtaí chun tacú le leachtacht ar an margadh tánaisteach;

    (3)

    ciallaíonn “oibríochtaí iasachtaithe” oibríochtaí a bhaineann le cur chun feidhme iasachtaí agus línte creidmheasa le haghaidh cúnamh airgeadais faoi Airteagal 220 den Rialachán Airgeadais;

    (4)

    ciallaíonn “eisíocaíocht” fáltais a fhaightear trí oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais a chur ar aghaidh chun tacaíocht in-aisíoctha nó neamh-inaisíoctha do thairbhí a mhaoiniú;

    (5)

    ciallaíonn “oifigeach údarúcháin an chláir” an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Inmheánacha a bunaíodh le Cinneadh C(2018) 5120 ón gCoimisiún (8), as línte buiséid cláir cúnaimh airgeadais agus cláir arna mhaoiniú faoi Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/2094 a chur chun feidhme, a mhéid a chuirtear na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán sin chun feidhme leis;

    (6)

    ciallaíonn “babhtáil” babhtáil mar a shainmhínítear i Roinn 1, pointe 10, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 ón gCoimisiún (9);

    (7)

    ciallaíonn “díorthaigh” díorthaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

    (8)

    ciallaíonn “idirbheart athcheannaigh” nó “idirbheart athcheannaigh droim ar ais” idirbheart athcheannaigh nó idirbheart athcheannaigh droim ar ais mar a shainmhínítear in Airteagal 3(9) de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

    (9)

    ciallaíonn “idirbheart ceannaigh-aisdíola” nó “idirbheart aischeannaigh díola” idirbheart ceannaigh-aisdíola agus idirbheart aischeannaigh díola mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) 2015/2365;

    (10)

    ciallaíonn “idirbheart sindeacáite” idirbheart trína dtairgeann grúpa iasachtóirí, ar a dtugtar sindeacáit, maoiniú d’iasachtaí aonair;

    (11)

    ciallaíonn “ceant” próiseas eisiúna urrúis fiachais an Aontais agus Euratom bunaithe ar thairiscintí iomaíocha trí ardán ceantála;

    (12)

    Ciallaíonn “cistiú fadtéarmach” cistiú trí bhíthin oibríochtaí iasachtaíochta ar feadh téarma is faide ná bliain amháin cé is moite de na méideanna arna sealbhú ar a shon féin;

    (13)

    ciallaíonn “cistiú gearrthéarmach” cistiú trí bhíthin oibríochtaí iasachtaíochta ar feadh téarma atá cothrom le nó níos lú ná bliain amháin agus úsáid idirbheart neamhurraithe margaidh airgid agus idirbheart urraithe margaidh airgid trí úsáid a bhaint as urrúis arna sealbhú ar a shon féin.

    Caibidil 2

    Oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe

    ROINN 1

    Straitéis cistiúcháin

    Airteagal 3

    Cinneadh bliantúil iasachtaíochta

    1.   Glacfaidh an Coimisiún creatchinneadh iasachtaíochta ina socrófar na huasteorainneacha le haghaidh na n-oibríochtaí iasachtaíochta agus na n-oibríochtaí bainistithe fiachais, lena gcumhdófar tréimhse bliana (“cinneadh bliantúil iasachtaíochta”).

    2.   Leagfar na paraiméadair chistiúcháin seo a leanas amach sa chinneadh bliantúil iasachtaíochta:

    (a)

    uasmhéid bliantúil an chistithe fhadtéarmaigh bunaithe ar mhéideanna ionchasacha na n-eisíocaíochtaí atá beartaithe agus na riachtanas athmhaoinithe;

    (b)

    uasmhéid an chistithe ghearrthéarmaigh gan íoc, lena n-áirítear trí eisiúint Bhillí AE, úsáid idirbheart neamhurraithe margaidh airgid, bunaithe ar na riachtanais ionchasacha le haghaidh bainistiú leachtachta, cistiú sealadach agus, i gcás inarb ábhartha, úsáid idirbheart neamhurraithe margaidh airgid ina n-úsáidtear eisiúintí dílse arna sealbhú ar a shon féin lena n-áirítear chun tacú leis an margadh tánaisteach i mbannaí AE;

    (c)

    an t-uasmhéid críochnaitheach gan íoc in aghaidh na heisiúna lena léirítear an riosca comhchruinnithe tráth na haibíochta;

    (d)

    meánaibíocht uasta an chistithe fhadtéarmaigh;

    (e)

    más iomchuí, uasmhéid na n-eisiúintí dílse gan íoc is féidir a shealbhú ar shon an Choimisiúin féin agus is féidir a úsáid le haghaidh idirbhearta urraithe margaidh airgid nó chun tacú leis an margadh tánaisteach i mbannaí AE.

    3.   Cuirfear na tosca seo a leanas san áireamh agus an cinneadh bliantúil iasachtaíochta á ullmhú:

    (a)

    na ceanglais a eascraíonn as na bunghníomhartha bunúsacha, go háirithe na bunghníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais;

    (b)

    na hoibleagáidí íocaíochta chun fiachas gan íoc a sheirbhísiú agus chun an phríomhshuim a aisíoc, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil agus an clárú airgeadais á chur san áireamh;

    (c)

    an chomhoiriúnacht do na teorainneacha a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 agus, de réir mar is iomchuí, i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (12), agus do theorainneacha an uasfhaid nó na meánaibíochta uasta a leagtar amach sa bhunghníomh bunúsach. I dtaca le NGEU, is éard a bheidh sna teorainneacha sin na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 6 de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 i gcás na huasteorann acmhainní dílse breise mar atá 0,6 pointe céatadáin de OINanna na mBallstát, agus an teorainn a leagtar amach in Airteagal 5(2), an tríú fomhír, den Chinneadh sin i gcás iasachtaíocht ó bhuiséad an Aontais a bheartaítear a aisíoc;

    (d)

    na haibíochtaí iasachta a leagtar amach sna comhaontuithe iasachta arna dtabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an tír is tairbhí;

    (e)

    tosca eile atá ábhartha chun na hoibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais a chinneadh.

    4.   Glacfar an cinneadh bliantúil iasachtaíochta roimh thús na tréimhse a gcumhdaítear leis.

    5.   Féadfar an cinneadh bliantúil iasachtaíochta a leasú go háirithe i gcás ina bhfuil riosca tromchúiseach ann nach bhféadfaí an mheánaibíocht uasta a urramú mar gheall ar eisiúintí mhéideanna an chistithe fhadtéarmaigh a thearc-fhorghníomhú nó i gcás athrú ar cheann amháin nó níos mó de na tosca dá dtagraítear i mír 3.

    6.   Cuirfidh an Coimisiún an cinneadh bliantúil iasachtaíochta in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    Airteagal 4

    Plean cistiúcháin

    1.   Socrófar sa phlean cistiúcháin sprioc tháscach maidir leis na cistí atá le bailiú trí oibríochtaí iasachtaíochta agus le bainistiú trí oibríochtaí bainistithe fiachais, plean lena gcumhdófar tréimhse 6 mhí de ghnáth.

    2.   Léireofar sa phlean cistiúcháin na hoibríochtaí iasachtaíochta atá beartaithe agus, de réir mar a bheidh, na hoibríochtaí bainistithe fiachais, atá le déanamh faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe. Laistigh de na teorainneacha a leagtar amach sa chinneadh bliantúil iasachtaíochta agus na tosca dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus na coinníollacha airgeadais sa bhunmhargadh agus sa mhargadh tánaisteach á gcur san áireamh, áireofar sa phlean cistiúcháin, inter alia, na paraiméadair chistiúcháin seo a leanas:

    (a)

    uasmhéid ionchasach an chistithe ghearrthéarmaigh agus fhadtéarmaigh le haghaidh na tréimhse;

    (b)

    meánaibíocht ualaithe uasta an chistithe fhadtéarmaigh atá le déanamh;

    (c)

    cuimse uachtair ar an meánleachtacht ionchasach a bheidh ar fáil mar chúlchiste chun freastal ar riachtanais íocaíochta le haghaidh na tréimhse atá beartaithe;

    (d)

    más iomchuí, uasmhéid na n-eisiúintí dílse gan íoc is féidir a shealbhú ar shon an Choimisiúin féin agus is féidir a úsáid le haghaidh idirbhearta urraithe margaidh airgid nó chun tacú leis an margadh tánaisteach.

    Agus an plean cistiúcháin á bhunú, cuirfear tuairim an Phríomhoifigigh Riosca dá dtagraítear in Airteagal 18(2)(a) san áireamh go cuí.

    3.   Glacfar an plean cistiúcháin roimh thús na tréimhse a gcumhdaítear leis.

    4.   Féadfar an plean cistiúcháin a leasú i gcás athrú substaintiúil ar cheann amháin nó níos mó de na tosca dá dtagraítear in Airteagal 3(3).

    5.   Ar bhonn an phlean cistiúcháin a ghlacfar, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas.

    Airteagal 5

    Riachtanais eisíocaíochta réamh-mheasta a chur in iúl chun an plean cistiúcháin a ullmhú agus a chur chun feidhme

    1.   Bunófar an plean cistiúcháin ar bhonn faisnéis atá cothrom le dáta, a sholáthróidh oifigigh údarúcháin na gclár d’Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, maidir le sceideal na n-íocaíochtaí a bhfuil coinne leo le linn na tréimhse 6 mhí atá i gceist. A mhéid is féidir, beidh an fhaisnéis a sholáthrófar cruinn agus iontaofa.

    2.   Mí amháin roimh ghlacadh an phlean cistiúcháin, soláthróidh oifigigh údarúcháin na gclár réamh-mheastachán mionsonraithe ar riachtanais eisíocaíochta na gclár faoi seach.

    3.   A mhéid is féidir, soláthróidh oifigigh údarúcháin na gclár nuashonruithe rialta cruinne iontaofa den fhaisnéis arna soláthar i leith eisíocaíochtaí réamh-mheasta, lena n-áirítear athruithe ar na hamlínte maidir leis na nósanna imeachta um fhormheasanna íocaíochta a thabhairt i gcrích.

    4.   Chun faisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna 1 go 3 den Airteagal seo a chur in iúl, úsáidfidh oifigigh údarúcháin na gclár an córas leictreonach chun faisnéis faoi riachtanais eisíocaíochta réamh-mheasta a chur in iúl agus a thabhairt cothrom le dáta, córas dá bhforáiltear in Airteagal 11(2)(h).

    Airteagal 6

    Cur chun feidhme na n-oibríochtaí iasachtaíochta agus na n-oibríochtaí bainistithe fiachais

    1.   Déanfar na hoibríochtaí iasachtaíochta aonair i gcomhréir leis an nuashonrú is déanaí is infheidhme den phlean cistiúcháin le haghaidh na tréimhse atá i gceist.

    Ar bhonn na nuashonruithe rialta, dá bhforáiltear faoi Airteagal 5(3), den fhaisnéis faoi na méideanna agus na hamlínte a bhfuil coinne leo i dtaobh na n-eisíocaíochtaí a fhormheasfaidh oifigigh údarúcháin na gclár, eiseoidh Ard-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid treoracha rialta maidir leis na méideanna atá le bailiú trí eisiúint fiachais.

    2.   Déanfar na méideanna a dtabharfar treoracha ina leith a bhailiú tríd an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a shainmhínítear in Airteagal 7 a chur i bhfeidhm, agus paraiméadair chistiúcháin an phlean cistiúcháin a leagtar amach in Airteagal 4(2) á n-urramú an tráth céanna.

    Leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus na hoibríochtaí bainistithe fiachais, urramófar prionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais, a n-áirítear ann leithscaradh iomchuí ról agus freagrachtaí, sreabha faisnéise agus tuairiscithe a bhfuil sé d’aidhm acu formhaoirseacht agus cuntasacht neamhspleách a ráthú, agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart uile. Déanfar na hoibríochtaí sin i gcomhréir le dea-chleachtas sa mhargadh agus urraim á tabhairt do choinbhinsiúin an mhargaidh.

    Airteagal 7

    Straitéis cistiúcháin éagsúlaithe

    1.   Agus an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe á cur chun feidhme, cuirfidh seirbhísí an Choimisiúin na prionsabail seo a leanas i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais, chun an cistiú is gá a fháil ar iasacht chun riachtanais na gclár ábhartha le haghaidh tacaíocht in-aisíoctha agus neamh-inaisíoctha a chomhlíonadh in am trátha, agus chun an fiachas a thiocfaidh as sin a bhainistiú ar bhealach chomh héifeachtúil agus chomh gasta is féidir, agus an tráth céanna féachaint leis na dálaí airgeadais is buntáistí a fháil faoi dhálaí reatha an mhargaidh le haghaidh bhuiséad an Aontais agus na dtíortha is tairbhithe, agus ina theannta sin, agus é d’aidhm aici láithreacht tráthrialta sa mhargadh caipitil a bhaint amach:

    (a)

    féadfar oibríochtaí iasachtaíochta agus oibríochtaí bainistithe fiachais a dhéanamh ar an mbunmhargadh, ar an margadh tánaisteach agus ar mhargaí airgid;

    (b)

    eagrófar oibríochtaí iasachtaíochta trí shraith iasachtaí aonair a bhfuil aibíochtaí éagsúla acu, ó chistiú gearrthéarmach go cistiú fadtéarmach;

    (c)

    féadfar oibríochtaí iasachtaíochta a eagrú trí mheascán d’idirbhearta sindeacáite agus ceantanna, agus de láithrithe príobháideacha, a bhraitheann sa dá chás ar sheirbhísí institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta ar comhaltaí iad de líonra na bpríomhdhéileálaithe a bunaíodh faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2021/625 ón gCoimisiún (13);

    (d)

    féadfar an fiachas a thiocfaidh as sin a thar-rolladh ar mhaithe le bainistiú aibíochta;

    (e)

    déanfar neamhréireanna sreabhaidh airgid agus riosca leachtachta a bhainistiú trí bhearta bainistithe leachtachta gearrthéarmaí ar mhéideanna arna sealbhú i gcuntas tiomnaithe trí úsáid a bhaint as idirbhearta urraithe agus neamhurraithe margaidh airgid.

    2.   I gcás inar gá, chun bainistiú níos fearr a áirithiú ar rioscaí ráta úis agus ar rioscaí eile airgeadais a eascraíonn as forghníomhú na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe, féadfaidh seirbhísí an Choimisiúin úsáid a bhaint freisin as oibríochtaí bainistithe fiachais arb éard a d’fhéadfadh a bheith iontu úsáid a bhaint as díorthaigh amhail babhtálacha chun rioscaí ráta úis nó rioscaí eile airgeadais a bhainistiú, nó a d’fhéadfadh a bheith i gceist leo idirbhearta urraithe nó neamhurraithe margaidh airgid a dhéanamh le hoifigí bainistithe fiachais na mBallstát, institiúidí fornáisiúnta, gníomhaireachtaí náisiúnta earnála poiblí, institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil seasamh creidmheasa iomchuí acu agus contrapháirtithe lárnacha. Chun na críche sin, féadfaidh seirbhísí an Choimisiúin a bhannaí féin a cheannach ar ais agus a shealbhú. Go háirithe, ní fhéadfar babhtálacha a úsáid ach amháin chun rioscaí ráta úis atá ar thíortha a thairbhíonn d’iasachtaí a fhálú. Is é tairbhí na hoibríochta bainistithe riosca a iompróidh na costais chun rioscaí le díorthaigh a bhainistiú.

    ROINN 2

    Oibríochtaí iasachtaithe

    Airteagal 8

    Oibríochtaí iasachtaithe

    Déanfar cur chun feidhme na n-oibríochtaí iasachtaithe i gcomhréir leis na rialacha sonracha a leagtar síos sa bhunghníomh ábhartha, mar aon leis na coinníollacha a leagtar síos sna comhaontuithe iasachta arna dtabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an tír is tairbhí i gcomhréir leis an mbunghníomh ábhartha.

    Airteagal 9

    Eisíocaíochtaí agus dlús a chur leis an iasacht

    Déanfar tráthchodanna nó tráinsí iasachta a eisíoc ar bhealach chomh héifeachtúil agus chomh gasta is féidir, faoi réir cistiú a bheith ar fáil. Beidh gealltanas neamhchoinníollach agus neamh-inchúlghairthe ón tír is tairbhí sna comhaontuithe iasachta go n-iompróidh sí na costais uile a bhaineann leis an iasachtaíocht, lena n-áirítear costais riaracháin, agus go n-aisíocfaidh sí an phríomhshuim agus an t-ús agus féadfar úsáid díorthach, go háirithe babhtálacha, a cheadú sna comhaontuithe sin.

    Beidh clásal luasghéaraithe sna comhaontuithe iasachta faoi Rialachán (AE) 2021/241 lena dtugtar teidlíocht don Choimisiún aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, inter alia, i gcomhréir le hAirteagail 22(5) agus 24(9) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le haghaidh aisghabháil réamh-mhaoinithe nach bhfuil imréitithe.

    Airteagal 10

    Costais na hiasachta

    Is iad na tíortha is tairbhithe a iompróidh gach costas, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann le rioscaí ráta úis agus rioscaí eile airgeadais a bhainistiú, a thabhóidh an tAontas i ndáil le cistí a fháil ar iasacht le haghaidh na n-iasachtaí, i gcomhréir le hAirteagal 220 den Rialachán Airgeadais agus leis na bunghníomhartha ábhartha agus déanfar iad a ríomh i gcomhréir le modheolaíocht arna leagan síos ag an gCoimisiún i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2545 ón gCoimisiún (14) , arna comhlánú le treoirlínte sonracha, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne.

    Is í an tír is tairbhí a iompróidh aon chostas a thabhóidh an tAontas mar gheall ar dhíorthaigh.

    Seolfar sonrasc i leith na gcostas chuig an tír is tairbhí go tráthrialta.

    ROINN 3

    Cur chun feidhme agus tuairisciú

    Airteagal 11

    Acmhainneachtaí oibríochtúla a bhunú

    1.   Le cur chun feidhme na n-oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe agus le cur chun feidhme na n-oibríochtaí iasachtaithe gaolmhara, áireofar bunú agus bainistiú na n-acmhainneachtaí oibríochtúla lena n-áiritheofar go gcloífidh na córais a chuirfear i bhfeidhm le bainistiú fónta airgeadais agus go mbeidh siad faoi réir bainistiú stóinsithe riosca agus doiciméadú ar phróisis agus ar chinntí.

    2.   Áireofar na nithe seo a leanas go háirithe sna hacmhainneachtaí oibríochtúla sin:

    (a)

    comhaontuithe a chaibidliú, a athbhreithniú agus a shíniú le hinstitiúidí creidmheasa poiblí nó príobháideacha agus le taisclanna lárnacha urrús náisiúnta nó idirnáisiúnta riachtanacha chun socrú idirbhirt a thabhairt i gcrích;

    (b)

    doiciméadacht na hiasachta a athbhreithniú, a leasú, a athrú, a athdhréachtú agus a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear an doiciméadacht faoin gClár Eisiúna Fiachais;

    (c)

    socruithe agus rialacha a bhunú maidir le ceantanna a eagrú, lena n-áirítear comhaontuithe le soláthraithe seachtracha córas agus formhaoirseacht leanúnach ar fheidhmíocht ceantanna;

    (d)

    idirbhearta aonair iasachtaíochta a chur chun feidhme trí idirbhearta sindeacáite, ceantanna agus láithrithe príobháideacha;

    (e)

    ríomh na gcostas arna dtabhú i gcomhréir leis an modheolaíocht atá le leagan síos ag an gCoimisiún i dtreoirlínte sonracha a bheidh le muirearú ar bhuiséad an Aontais agus ar na tíortha is tairbhithe i gcomhthéacs oibríochtaí iasachtaithe;

    (f)

    socruithe a bhunú agus comhaontuithe a chaibidliú, a athbhreithniú agus a shíniú, lena n-áirítear comhaontuithe le contrapháirtithe agus le soláthraithe córais trádála, socruithe agus comhaontaithe is gá chun na hidirbhearta agus na hionstraimí seo a leanas a dhéanamh:

    (i)

    idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta athcheannaigh droim ar ais, idirbhearta ceannaigh-aisdíola nó idirbhearta aischeannaigh díola agus idirbhearta eile a n-eascraíonn dliteanais astu;

    (ii)

    díorthaigh, amhail babhtálacha, chun rioscaí a bhainistiú agus a fhálú chun críche iasachtaí, agus chun na críche sin amháin.

    (g)

    idirbhearta margaidh thánaistigh agus idirbhearta neamhurraithe agus urraithe margaidh airgid a dhéanamh, lena n-áirítear na hidirbhearta sin dá dtagraítear i bpointí (f)(i) agus (ii) thuas;

    (h)

    an córas leictreonach chun faisnéis faoi riachtanais eisíocaíochta réamh-mheasta a chur in iúl agus a thabhairt cothrom le dáta, dá dtagraítear in Airteagal 5(4), a bhunú agus a bhainistiú.

    Airteagal 12

    Tuairisciú ar chur chun feidhme oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe

    Bunóidh an Coimisiún tuarascáil dhá uair in aghaidh na bliana maidir le gach gné dá straitéis iasachtaíochta agus bainistithe fiachais, amhail an bunús dlí, méideanna gan íoc bannaí agus billí, próifíl aibíochta, deontais agus iasachtaí a eisíocadh, sceideal aisíocaíochta na n-iasachtaí a eisíocadh, costas an chistithe agus an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún a eisiúint sa seimeastar atá le teacht. Cuirfear an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

    CAIBIDIL 3

    CUNTASAÍOCHT AGUS AN TOIFIGEACH CUNTASAÍOCHTA

    Airteagal 13

    Cuntas chun fáltais a bhainistiú

    1.   Is trí chuntas a osclóidh Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin a dhéanfar na fáltais a bhaineann leis na hoibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe a bhainistiú. Déanfaidh an tOifigeach Cuntasaíochta bainistiú an chuntais seo a tharmligean chuig seirbhísí ábhartha in Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid a dhéanfaidh é a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha, na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar amach sa Chinneadh seo.

    2.   Is in BCE a bheidh an cuntas sin ar bhonn conradh maidir le seirbhísí gníomhaireachta fioscaí. Úsáidfear é le haghaidh sealúchais airgid stuamachta thiomnaithe a chuirfear in oiriúint do mhéideanna na n-íocaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

    Airteagal 14

    Cuntasaíocht le haghaidh oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe

    Beidh an tOifigeach Cuntasaíochta freagrach as cuntasaíocht iomchuí a áirithiú maidir le gach oibríocht iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta an Aontais agus le Teideal XIII den Rialachán Airgeadais.

    Airteagal 15

    Ráitis airgeadais a bhunú

    1.   Beidh an tOifigeach Cuntasaíochta freagrach as ráitis airgeadais bhliantúla a ullmhú i leith gach oibríochta iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta an Aontais agus ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh oifigigh údarúcháin na gclár.

    2.   Beidh na ráitis airgeadais sin ina gcuid de chuntais bhliantúla chomhdhlúite bhuiséad an Aontais.

    CAIBIDIL 4

    BAINISTIÚ RIOSCA AGUS COMHLÍONTACHT

    Airteagal 16

    Ról an Phríomhoifigigh Riosca le haghaidh oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe

    1.   Beidh Príomhoifigeach Riosca ann le haghaidh oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe, a leagtar a chumhachtaí agus a fheidhmeanna síos sa chinneadh seo.

    2.   Is é ról an Phríomhoifigigh Riosca a áirithiú go gceaptar agus go gcuirtear chun feidhme na córais agus na próisis a úsáidtear chun na hoibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe ar bhealach lena n-áirithítear, a mhéid is féidir, cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus bainistiú fónta airgeadais na n-oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe.

    3.   Déanfar ról an Phríomhoifigigh Riosca a fheidhmiú go neamhspleách ar na feidhmeanna agus ar na cúraimí a bhaineann le pleanáil, cur chun feidhme, forghníomhú agus cuntasaíocht na n-oibríochtaí. Beidh neamhspleáchas ag an bPríomhoifigeach Riosca agus na cúraimí agus na freagrachtaí a dtugtar tuairisc orthu sa Chaibidil seo á ndéanamh aige agus soláthrófar na hacmhainní is gá dó.

    4.   Tuairisceoidh an Príomhoifigeach Riosca go díreach do Chomhalta an Choláiste atá freagrach as an mBuiséad i dtaca leis na freagrachtaí a leagtar amach sa Chaibidil seo.

    5.   Tuairisceoidh ball foirne ar cuireadh ról an Oifigigh um Chomhlíontacht de chúram air nó uirthi go díreach don Phríomhoifigeach Riosca maidir le hábhair a leagtar amach in Airteagal 17(4).

    Airteagal 17

    Beartas um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht a bhunú

    1.   Déanfaidh an Príomhoifigeach Riosca Beartas um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht a tharraingt suas lena sainaithneofar na príomhrioscaí do leasanna airgeadais an Aontais a eascraíonn as cur chun feidhme na n-oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh an Príomhoifigeach Riosca na prionsabail maidir le haitheantas agus measúnú riosca san áireamh, ar dá réir a shainaithnítear na príomhrioscaí agus a dhéantar measúnú leanúnach orthu le córas rialaithe inmheánach éifeachtach.

    2.   Socrófar sa Bheartas um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht na cuspóirí riosca straitéiseacha agus soláthrófar ann an creat uileghabhálach le haghaidh na dtreoirlínte bainistithe riosca is infheidhme maidir le hoibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe.

    3.   Sainaithneofar sa Bheartas um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht na rioscaí gaolmhara uile, lena n-áirítear rioscaí leachtachta, margaidh, cistiúcháin, creidmheasa, contrapháirtí agus oibríochtúla, a eascraíonn as cur chun feidhme na n-oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe. I gcás gach riosca, socrófar sa Bheartas um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht an inghlacthacht riosca ardleibhéil, na modheolaíochtaí ginearálta chun an neamhchosaint ar riosca a thomhas, na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe chomh maith leis an sásra méadúcháin a bheidh le húsáid i gcás sáruithe nó neamhchomhlíontachta. Fíorófar leis stóinseacht na nósanna imeachta is gá chun ionracas, sláine agus trédhearcacht na n-oibríochtaí sin a áirithiú agus cuirfidh sé teorainn le haon riosca airgeadais nó oibríochtúil go hiomchuí.

    4.   Áireofar sa Bheartas um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht na rialacha agus na nósanna imeachta seo a leanas:

    (a)

    rialacha agus nósanna imeachta atá le hurramú ag daoine atá freagrach as cur chun feidhme agus forghníomhú oibríochtúil na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe, agus;

    (b)

    rialacha agus nósanna imeachta chun cosc a chur ar sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, forghníomhú oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe ag eintitis atá ionchorpraithe nó bunaithe i ndlínsí a liostaítear faoin mbeartas ábhartha maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha nó a shainaithnítear mar thíortha ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), nó nach gcomhlíonann go héifeachtach caighdeáin chánach an Aontais nó caighdeáin chánach atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise, sáruithe ar chórais smachtbhannaí agus neamhrialtachtaí eile airgeadais atá ábhartha.

    5.   Déanfar athbhreithniú ar an mBeartas um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht uair sa bhliain ar a laghad agus déanfar é a athbhreithniú más gá.

    6.   Cuirfidh an Príomhoifigeach Riosca an Beartas um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht faoi bhráid Chomhalta an Choláiste atá freagrach as an mBuiséad lena fhormheas.

    Airteagal 18

    Ról an Phríomhoifigigh Riosca

    1.   Déanfaidh an Príomhoifigeach Riosca faireachán ar an mBeartas um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht chun a áirithiú go gcuirtear chun feidhme é ar bhealach cuimsitheach comhsheasmhach.

    2.   Déanfaidh an Príomhoifigeach Riosca na cúraimí seo a leanas go háirithe:

    (a)

    tuairim a eisiúint maidir leis an dréachtphlean cistiúcháin;

    (b)

    athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha inmheánacha agus ar threoirdhoiciméid arna n-eisiúint ag Ard-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid le haghaidh chur chun feidhme an Chinnidh seo i dtaca le comhsheasmhacht leis an mBeartas um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht, ar rialacha inmheánacha agus treoirdhoiciméid iad a bhféadfaidh sé a iarraidh iad a mhodhnú;

    (c)

    comhlíonadh leanúnach próiseas stóinsithe maidir le rioscaí a shainaithint, a chainníochtú agus faireachán a dhéanamh orthu a bhunú agus a fhormhaoirsiú;

    (d)

    sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar an mBeartas um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht nó ar threoirlínte, beartais agus teorainneacha eile a bhaineann le riosca a shainaithint agus bearta a mholadh a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcás sáruithe nó neamhchomhlíontachta.

    Airteagal 19

    Tuairisciú ag an bPríomhoifigeach Riosca

    1.   Tuairisceoidh an Príomhoifigeach Riosca go tráthrialta ar rioscaí ábhartha agus ar chomhlíonadh na rialacha agus na nósanna imeachta a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 17(4) do Chomhalta an Choláiste atá freagrach as an mBuiséad, don Choiste um Riosca agus um Chomhlíontacht, d’Ard-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid agus don Oifigeach Cuntasaíochta. Soláthróidh an Príomhoifigeach Riosca faisnéis rialta freisin faoi rioscaí agus teorainneacha do dhaoine atá freagrach as forfheidhmiú oibríochtúil na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe.

    Déanfaidh Ard-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid na bearta is gá gan moill mhíchuí chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí sin agus tabharfaidh sé mínithe ar na bearta a rinneadh don Phríomhoifigeach Riosca.

    Agus an Príomhoifigeach Riosca ag tuairisciú do Chomhalta an Choláiste atá freagrach as an mBuiséad, féadfaidh sé, de réir mar is iomchuí, an Comhalta sin a chur ar an eolas faoi na torthaí dá dtagraítear sa dara fomhír agus faoi phléití an Choiste um Riosca agus um Chomhlíontacht.

    2.   Tuairisceoidh an Príomhoifigeach Riosca don Choimisiún uair sa bhliain ar chur chun feidhme an Bheartais um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht.

    Airteagal 20

    Ról an Choiste um Riosca agus um Chomhlíontacht

    1.   Bunófar Coiste um Riosca agus um Chomhlíontacht chun tacú leis an bPríomhoifigeach Riosca agus freagrachtaí an oifigigh sin á gcomhlíonadh aige.

    2.   Maidir leis an gCoiste um Riosca agus um Chomhlíontacht:

    (a)

    rachaidh an Príomhoifigeach Riosca i gcomhairle leis maidir leis an mBeartas um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht;

    (b)

    tacóidh sé leis an bPríomhoifigeach Riosca agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 18(2), pointí (a), (b) agus (c) á ndéanamh;

    (c)

    glacfaidh sé páirt i meastóireacht, faireachán agus formheas a dhéanamh ar chleachtais maidir le cur chun feidhme an Bheartais um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht agus a bhaineann le bainistiú riosca na n-oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe;

    (d)

    tacóidh sé leis an bPríomhoifigeach Riosca agus measúnú a dhéanamh ar neamhchosaintí ar riosca atá ag teacht chun cinn i ndáil le hoibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe, agus cuirfidh an Príomhoifigeach Riosca é ar an eolas faoi dhul thar theorainneacha a socraíodh chun rioscaí nó neamhchomhlíonadh an Bheartais um Riosca Ardleibhéil agus um Chomhlíontacht, agus neamhchomhlíonadh treoirlínte, beartas agus teorainneacha eile a bhaineann le riosca a laghdú.

    Airteagal 21

    Comhaltaí agus eagrúchán an Choiste um Riosca agus um Chomhlíontacht

    1.   Is iad na daoine seo a leanas a bheidh ina gcomhaltaí den Choiste um Riosca agus um Chomhlíontacht: an Príomhoifigeach Riosca, Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin, an tOifigeach um Chomhlíontacht, beirt bhall foirne d’Ard-Stiúrthóireachtaí a bhfuil eolas faoi bhainistiú riosca agus faoi mhaoirseacht ar mhargaí airgeadais i gceist lena bhfeidhmeanna, agus beirt bhall foirne d’Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid arna n-ainmniú ag Ard-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid.

    2.   Tabharfaidh an Príomhoifigeach Riosca cuireadh do bheirt saineolaithe seachtracha chuig cruinnithe den Choiste um Riosca agus um Chomhlíontacht. Tabharfaidh na saineolaithe seachtracha tuairimí agus glacfaidh siad páirt i bpléití ach ní bheidh cearta vótála acu maidir le hábhair a thugtar os comhair an Choiste.

    3.   Is ar bhonn comhthola a ghlacfaidh an Coiste um Riosca agus um Chomhlíontacht seasaimh i gcás inar féidir, nó, nuair nach féidir an chomhthoil a bhaint amach, ar bhonn thromlach simplí a chomhaltaí. I gcás comhionannas vótaí, is é vóta an Phríomhoifigigh Riosca a bheidh cinntitheach.

    4.   Glacfaidh an Coiste um Riosca agus um Chomhlíontacht a rialacha nós imeachta.

    CAIBIDIL 5

    FORÁIL IDIRTHRÉIMHSEACH AGUS CHRÍOCHNAITHEACH

    Airteagal 22

    Aisghairm

    Aisghairtear Cinneadh C(2021) 2502.

    Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo.

    Airteagal 23

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE, Euratom) 2022/2434 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a mhéid a bhaineann le straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a bhunú mar mhodh ginearálta iasachtaíochta (IO L 319, 13.12.2022, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

    (4)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena mbunaítear na socruithe is gá chun na hoibríochtaí iasachtaíochta a riar faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle agus maidir leis na hoibríochtaí iasachtaithe a bhaineann le hiasachtaí a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1095 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2021 lena mbunaítear an mhodheolaíocht chun costais a leithdháileadh a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais faoi NextGenerationEU (IO L 236, 5.7.2021, lch. 75).

    (7)  Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais +) (IO L 322, 16.12.2022, lch.1).

    (8)  Cinneadh C(2018) 5120 final ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2018 maidir leis na Rialacha Inmheánacha i dtaca le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (roinn an Choimisiúin Eorpaigh) le cur faoi bhráid ranna an Choimisiúin.

    (9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála maidir le ceanglais trédhearcachta le haghaidh ionaid trádála agus gnólachtaí infheistíochta i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthach (IO L 87, 31.3.2017, lch. 229).

    (10)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

    (11)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

    (12)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

    (13)  Cinneadh (AE, Euratom) 2021/625 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le bunú líonra na bpríomhdhéileálaithe agus sainiú na gcritéar incháilitheachta le haghaidh príomhshainorduithe agus comh-phríomhshainorduithe le haghaidh idirbhearta sindeacáite chun críoch gníomhaíochtaí iasachtaíochta ag an gCoimisiún thar ceann an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO L 131, 16.4.2021, lch. 170).

    (14)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2022/2545 an 19 Nollaig 2022 (féach leathanach 123 den Iris Oifigiúil).

    (15)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).


    Naar boven