EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2532

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2532 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 738/2010 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014, (AE) 2015/1368 agus (AE) 2016/1150 is infheidhme maidir le scéimeanna cabhrach in earnálacha talmhaíochta áirithe

C/2022/8627

IO L 328, 22.12.2022, p. 80–83 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2532/oj

22.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 328/80


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2532 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Nollaig 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 738/2010 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014, (AE) 2015/1368 agus (AE) 2016/1150 is infheidhme maidir le scéimeanna cabhrach in earnálacha talmhaíochta áirithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 31, 38, 54, Airteagal 57, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (c), Airteagal 60, agus Airteagal 174(1), pointe (d), agus Airteagal 223(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagail 58(4), pointí (a) agus (b), 62(2), pointí (a) go (d) agus (h), agus Airteagail 63(5), 64(7), 66(4) agus 106(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos creat dlíthiúil nua le haghaidh an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) chun feabhas a chur ar an mbealach a mbaintear cuspóirí an Aontais amach leis, ar cuspóirí iad a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Sa Rialachán sin sonraítear a thuilleadh cuspóirí sin an Aontais atá le baint amach leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus sainítear ann na cineálacha idirghabhála mar aon le ceanglais choiteanna an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit, agus solúbthacht á fágáil faoi na Ballstáit i gceapadh na n-idirghabhálacha atá le tabhairt ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse idir an 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(2)

Leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/2115 gach cineál idirghabhála in earnálacha talmhaíochta áirithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. De thoradh air sin, le Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) scriostar na forálacha maidir le cabhair in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird, in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil an fhíona, in earnáil na beachaireachta agus in earnáil na leannlusanna a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

(3)

Sa chomhthéacs sin, ghlac an Coimisiún ceanglais bhreise de bhun Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le dearadh na n-idirghabhálacha atá le sonrú sna Pleananna Straitéiseacha CBT, is é sin trí bhíthin Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún (5). Cuirtear an Rialachán Tarmligthe sin in ionad na rialacha a leagtar síos faoi láthair i Rialachán (AE) Uimh. 738/2010 ón gCoimisiún (6), agus i Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014 (7), (AE) 2015/1368 (8), (AE) 2016/1150 (9) agus (AE) 2017/892 (10) ón gCoimisiún freisin.

(4)

Tá forálacha áirithe sna Rialacháin sin a bhaineann le seiceálacha, rialuithe, pionóis, urrúis a mhéid a bhaineann le cabhair in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird, in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na beachaireachta, in earnáil an fhíona agus in earnáil na leannlusanna a glacadh ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

(5)

Le Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), leagtar síos rialacha maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. I gcomhréir leis an gcur chuige a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2021/2115 maidir leis an mbealach a mbaintear cuspóirí an Aontais amach, sa Rialachán sin fágtar níos mó solúbthachta faoi na Ballstáit freisin, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha agus rialuithe atá le déanamh agus leis na pionóis atá le forchur.

(6)

Dá thoradh sin, ba cheart na hAirteagail ábhartha de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis a scriosadh le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) agus (6), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2117 agus i gcomhréir le hAirteagal 104(1) pointe (a)(ii) agus (iii), de Rialachán (AE) 2021/2116, ba cheart go leanfaidís d’fheidhm a bheith acu a mhéid a bhaineann le caiteachas arna thabhú agus le híocaíochtaí arna ndéanamh i leith oibríochtaí arna gcur chun feidhme roimh an 1 Eanáir 2023 laistigh den scéim chabhrach in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus a mhéid a bhaineann le cláir oibríochtúla a leanfaidh de bheith ag feidhmiú go dtí go mbeidh deireadh leo, lena n-áirítear na cláir oibríochtúla sin a fhormheasann na Ballstáit in 2022 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún (12) roimh an 1 Eanáir 2023.

(7)

Ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014 agus (AE) 2015/1368 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2021/2117, ba cheart go leanfaidís d’fheidhm a bheith acu a mhéid a bhaineann le caiteachas arna thabhú agus le híocaíochtaí arna ndéanamh i leith oibríochtaí arna gcur chun feidhme roimh an 1 Eanáir 2023 laistigh de na scéimeanna cabhrach in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird agus in earnáil na beachaireachta, faoi seach.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2021/2117, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 a aisghairm le héifeacht ón 16 Deireadh Fómhair 2023 agus ba cheart go leanfadh sé d’fheidhm a bheith aige a mhéid a bhaineann le caiteachas arna thabhú agus le híocaíochtaí arna ndéanamh i leith oibríochtaí arna gcur chun feidhme roimh an 16 Deireadh Fómhair 2023 laistigh de na cláir thacaíochta in earnáil an fhíona agus a mhéid a bhaineann le caiteachas arna thabhú agus le híocaíochtaí arna ndéanamh i leith oibríochtaí arna gcur chun feidhme de bhun Airteagail 46 agus 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 roimh an 16 Deireadh Fómhair 2025, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2021/2117.

(9)

Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 738/2010 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2021/2117, ba cheart go leanfadh sé d’fheidhm a bheith aige a mhéid a bhaineann le caiteachas arna thabhú agus le híocaíochtaí arna ndéanamh roimh an 1 Eanáir 2023 laistigh den scéim chabhrach in earnáil na leannlusanna.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 agus forálacha idirthréimhseacha

Scriostar Airteagail 2 go 21 agus Airteagail 25 go 35 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 agus Iarscríbhinní I go VI a ghabhann leis an Rialachán sin le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Na hAirteagail agus na hIarscríbhinní sin a scriosadh, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu, áfach:

(a)

a mhéid a bhaineann le caiteachas arna thabhú agus le híocaíochtaí arna ndéanamh i leith oibríochtaí arna gcur chun feidhme roimh an 1 Eanáir 2023 laistigh den scéim chabhrach dá dtagraítear in Airteagail 32 go 38 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(b)

a mhéid a bhaineann le cláir oibríochtúla a leanfaidh de bheith ag feidhmiú go dtí go mbeidh deireadh leo faoi na coinníollacha is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcomhréir le hAirteagal 5(6), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2117 nó a d’fhormheas na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) 2017/891 roimh an 1 Eanáir 2023.

Airteagal 2

Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014, (AE) 2015/1368, (AE) 2016/1150 agus Rialachán (AE) 738/2010 a aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 615/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige, áfach, a mhéid a bhaineann le caiteachas arna thabhú agus le híocaíochtaí arna ndéanamh i leith oibríochtaí arna gcur chun feidhme roimh an 1 Eanáir 2023 laistigh den scéim chabhrach dá dtagraítear in Airteagail 29, 30 agus 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

2.   Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige, áfach, a mhéid a bhaineann le caiteachas arna thabhú agus le híocaíochtaí arna ndéanamh i leith oibríochtaí arna gcur chun feidhme roimh an 1 Eanáir 2023 laistigh den scéim chabhrach dá dtagraítear in Airteagail 55, 56 agus 57 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

3.   Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 le héifeacht ón 16 Deireadh Fómhair 2023.

Mar sin féin, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige, áfach, a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh i leith oibríochtaí arna gcur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 roimh an 16 Deireadh Fómhair 2023 laistigh den scéim cabhrach dá dtagraítear in Airteagail 39 go 52 den Rialachán sin;

(b)

caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh i leith oibríochtaí arna gcur chun feidhme de bhun Airteagail 46 agus 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 roimh an 16 Deireadh Fómhair 2025, ar choinníoll go mbeidh na hoibríochtaí sin curtha chun feidhme go páirteach faoin 15 Deireadh Fómhair 2023 agus go mbeidh an caiteachas arna thabhú cothrom le 30 % ar a laghad den chaiteachas iomlán atá beartaithe acu agus, go mbeidh na hoibríochtaí sin curtha chun feidhme ina n-iomláine faoin 15 Deireadh Fómhair 2025.

4.   Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 738/2010 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige, áfach, a mhéid a bhaineann le caiteachas arna thabhú agus le híocaíochtaí arna ndéanamh roimh an 1 Eanáir 2023 laistigh den scéim chabhrach dá dtagraítear in Airteagail 58, 59 agus 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347 20.12.2013, lch. 671.

(2)  IO L 347 20.12.2013, lch. 549.

(3)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC) (IO L 20, 31.1.2022, lch. 52).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 738/2010 ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2010 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le híocaíochtaí le heagraíochtaí táirgeoirí Gearmánacha in earnáil na leannlusanna (IO L 216, 17.8.2010, lch. 11).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm i leith cláir oibre chun tacú le hearnálacha na hola olóige agus na n-ológ boird (IO L 168, 7.6.2014, lch. 95).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2015 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair in earnáil na beachaireachta (IO L 211, 8.8.2015, lch. 9).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona (IO L 190, 15.7.2016, lch. 23).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte (IO L 138, 25.5.2017, lch. 57).

(11)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).

(12)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pionóis atá le cur i bhfeidhm sna hearnálacha sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (IO L 138, 25.5.2017, lch. 4).


Top