EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2114

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2114 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena forlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an triail eolais iontrála agus an t-ionsamhlú ar an gcumas caillteanas a sheasamh le haghaidh infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha i dtionscadail sluachistiúcháin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/4849

IO L 287, 8.11.2022, p. 26–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2114/oj

8.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 287/26


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2114 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Iúil 2022

lena forlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an triail eolais iontrála agus an t-ionsamhlú ar an gcumas caillteanas a sheasamh le haghaidh infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha i dtionscadail sluachistiúcháin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 21(8), an ceathrú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a áirithiú go ndéanann soláthraithe seirbhís sluachistiúcháin an triail eolais iontrála le haghaidh infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2020/1503 ar bhealach comhchuibhithe, is gá rialacha comhchoiteanna a leagan síos maidir leis an measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil na seirbhísí sluachistiúcháin a thairgtear iomchuí le haghaidh na n-infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha agus cé acu díobh atá iomchuí lena n-aghaidh.

(2)

Chun a áirithiú go bhfionnann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go dtuigeann infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha an leibhéal riosca a bhaineann le hinfheistíochtaí sluachistiúcháin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin bearta réasúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a bhailítear ó infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha iontaofa agus go léirítear inti go cruinn eolas, scileanna, taithí agus staid airgeadais, cuspóirí infheistíochta agus tuiscint bhunúsach na n-infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha sin maidir leis na rioscaí lena mbaineann.

(3)

Ba cheart infheisteoirí a chur ar an eolas go soiléir agus ar bhealach aonfhoirmeach maidir leis na rioscaí a thabhóidís dá gcinnfidís infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí sluachistiúcháin. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rabhadh riosca comhchuibhithe a eisiúint, dá bhrí sin, d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha a dteipeann orthu sa triail eolais iontrála agus ceanglais shonracha á leanúint acu maidir leis an gcaoi ar cheart an rabhadh a léiriú d’infheisteoirí den sórt sin.

(4)

Chun cosaint infheisteoirí a chur chun cinn agus chun a áirithiú go ndéantar an t-ionsamhlú ar chumas na n-infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha caillteanas a sheasamh go leordhóthanach, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin uirlis ríofa ar líne a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin arb é is aidhm dó cabhrú le hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha ionsamhlú a dhéanamh ar a gcumas caillteanas a sheasamh. Mar sin féin, de dheasca chineál íogair na faisnéise atá le soláthar ag infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha in uirlis ríofa ar líne den sórt sin, ba cheart an uirlis sin a bhunú ar bhealach lena gcuirtear cosc ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis a chuir na hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha isteach nó an fhaisnéis a thaifeadadh.

(5)

Chun a áirithiú nach féidir an fhaisnéis a sholáthraíonn infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha san uirlis ríofa ar líne a bhailiú gan a gcead sainráite, ba cheart an uirlis sin a bhunú ar bhealach lena gcuirtear cosc ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin athrú a dhéanamh ar thoradh an ionsamhlaithe arna ndéanamh ag infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha nó cur isteach ar an toradh sin. Thairis sin, chun infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha a chosaint agus go háirithe chun é a chur ar a gcumas dóibh seiceáil go bhfuil an fhaisnéis a chuir siad isteach ceart agus cruinn, níor cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin toradh an ionsamhlaithe ar an gcumas caillteanas a sheasamh a bhailiú go díreach ach, ina ionad sin, ba cheart d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha é a roinnt go toilteanach a luaithe a mheasann siad go léirítear go leordhóthanach i dtoradh an ionshamhlaithe a gcumas caillteanas a sheasamh.

(6)

Chun solúbthacht a áirithiú maidir leis an mbealach a ndéantar an t-ionsamhlú ar an gcumas caillteanas a sheasamh, ba cheart infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha a bheith in ann an fhéidearthacht a thabhairt d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha ionsamhlú a dhéanamh ar a gcumas caillteanas a sheasamh trí mhodh difriúil gan an uirlis ríofa ar líne a úsáid, ar choinníoll go dtabharfar an fhéidearthacht sin sa bhreis ar an uirlis ríofa ar líne a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

(7)

Chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir leis an ionsamhlú ar chumas infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha caillteanas a sheasamh, ba cheart rialacha a leagan síos maidir leis an gcaoi ar cheart glanfhiúchas infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha a ríomh, bunaithe ar a n-ioncam bliantúil, a sócmhainní leachtacha iomlána agus a gceangaltais bhliantúla airgeadais.

(8)

I bhfianaise na rioscaí a bhaineann le cuir chuige éagsúla, agus na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr na n-éagsúlachtaí sin ar fhiúntas an ionsamhlaithe ar chumas infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha caillteanais a sheasamh, is iomchuí a shonrú, le leibhéal mionsonraithe leordhóthanach, an chaoi ar cheart ríomh a dhéanamh ar gach ceann de na comhpháirteanna a úsáidtear chun an glanfhiúchas a ríomh agus dáta chomhchoiteann a bhunú chun na comhpháirteanna éagsúla a luacháil.

(9)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi bhráid an Choimisiúin, agus a forbraíodh i ndlúthchomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach.

(10)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(11)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3)agus thug sé tuairim uaidh an 1 Meitheamh 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Measúnú ar oiriúnacht seirbhísí sluachistiúcháin

1.   Agus measúnú á dhéanamh acu i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2020/1503, ar cé acu atá nó nach bhfuil na seirbhísí sluachistiúcháin a thairgtear iomchuí le haghaidh infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha agus cé acu díobh atá iomchuí lena n-aghaidh, cuirfidh soláthraithe seirbhís sluachistiúcháin an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

an bhfuil an taithí agus an t-eolas is gá ag an infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach chun na rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh trí chéile a thuiscint;

(b)

an bhfuil an taithí agus an t-eolas is gá ag an infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach chun na rioscaí a bhaineann leis na cineálacha infheistíochta a thairgtear ar an ardán sluachistiúcháin a thuiscint.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b), déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin measúnú ar thuiscint an infheisteora neamhshofaisticiúil ionchasaigh maidir le cad is seirbhís sluachistiúcháin ann agus na rioscaí a bhaineann léi.

Airteagal 2

Faisnéis atá le hiarraidh i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2020/1503

1.   An fhaisnéis atá le hiarraidh ag soláthraithe seirbhís sluachistiúcháin ó infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha maidir lena dtaithí agus a dtuiscint bhunúsach ar na rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh, áireofar inti, a mhéid a bheidh iomchuí maidir le nádúr, scála agus castacht na seirbhíse sluachistiúcháin a thairgtear agus cineál na hinfheistíochta atá beartaithe, na nithe seo leanas:

(a)

na cineálacha seirbhísí infheistíochta agus infheistíochtaí airgeadais a bhfuil an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach eolach orthu;

(b)

cineál, líon agus minicíocht na n-idirbheart a rinne an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach roimhe seo in urrúis inaistrithe, in ionstraimí a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin nó in iasachtaí, lena n-áirítear i ngnólachtaí luathchéime nó céime forbartha, agus an tréimhse ama ina ndearnadh na hidirbhearta sin;

(c)

leibhéal oideachais agus gairm nó iarghairm ábhartha an infheisteora neamhshofaisticiúil ionchasaigh, lena n-áirítear aon taithí ghairmiúil nó scileanna a fuarthas i ndáil le hinfheistíochtaí sluachistiúcháin.

2.   An fhaisnéis atá le hiarraidh ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ó infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha maidir lena gcuspóirí infheistíochta, áireofar inti, i gcás inarb ábhartha i ndáil leis an gcineál seirbhíse sluachistiúcháin a thairgtear, an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis maidir le tréimhse shealbhaíochta ionchasach infheistíochtaí na n-infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha;

(b)

próifíl riosca na n-infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha agus a dtosaíochtaí maidir le hinbhuanaitheacht infheistíochtaí;

(c)

na spriocanna maidir le hinfheistíocht na n-infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha.

3.   Agus staid airgeadais na n-infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha á meas ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, cuirfidh siad torthaí an ionsamhlaithe dá dtagraítear in Airteagal 21(5) de Rialachán (AE) 2020/1503 san áireamh.

Airteagal 3

Iontaofacht na faisnéise a iarrtar i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2020/1503

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin bearta réasúnta chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a bhailítear ó infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2020/1503 iontaofa agus go léirítear inti go cruinn eolas, scileanna, taithí agus staid airgeadais, cuspóirí infheistíochta agus tuiscint bhunúsach na n-infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha maidir leis na rioscaí lena mbaineann.

2.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na bearta seo a leanas:

(a)

infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha a chur ar an eolas maidir leis an tábhacht a bhaineann le faisnéis chruinn agus chothrom le dáta a sholáthar;

(b)

a áirithiú go bhfuil na modhanna a úsáidtear chun faisnéis a bhailiú oiriúnach do spriocanna na n-infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha sin agus go gceaptar iad go hiomchuí lena n-úsáid ag na hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha sin;

(c)

a áirithiú gur dócha go dtuigfeadh infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha na ceisteanna a úsáidtear agus go bhfuil siad beacht a dhóthain chun faisnéis a bhailiú lena léirítear staid na n-infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha go leordhóthanach agus go cruinn.

Airteagal 4

Rabhadh riosca de bhun Airteagal 21(4) de Rialachán (AE) 2020/1503

1.   Agus an rabhadh riosca dá dtagraítear in Airteagal 21(4) de Rialachán (AE) 2020/1503 á eisiúint ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, ní spreagfaidh siad infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha leanúint ar aghaidh leis an infheistíocht.

2.   Beidh an téacs seo a leanas sa rabhadh riosca dá dtagraítear i mír 1:

Le hinfheistíocht a dhéanamh i dtionscadal sluachistiúcháin, baineann an riosca go gcaillfí méid iomlán an airgid a infheistítear.’

3.   Taispeánfar an rabhadh riosca dá dtagraítear i mír 1 d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha ar bhealach atá soléite agus soiléir ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

4.   Beidh an fhuinneog ina dtaispeánfar an rabhadh riosca dá dtagraítear i mír 1 soiléir agus beidh sí fós le feiceáil ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin go dtí go ndearbhaíonn na hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha go bhfuair siad an rabhadh agus go dtuigeann siad é.

Airteagal 5

Ionsamhlú ar an gcumas caillteanais a sheasamh trí uirlis ríofa ar líne a úsáid

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin uirlis ríofa ar líne ar fáil ar a suíomh gréasáin lena gcuirtear ar a gcumas d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha a gcumas caillteanais a sheasamh a ionsamhlú.

2.   Leis an uirlis ar líne dá dtagraítear i mír 1, ríomhfar cumas infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha caillteanais a sheasamh, bunaithe ar an bhfaisnéis a liostaítear in Airteagal 21(5), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2020/1503, arna soláthar ag an infheisteoir neamhshofaisticiúil.

3.   Beidh an uirlis ar líne dá dtagraítear i mír 1 éasca le húsáid agus ní cheanglófar ar infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha léi aon chúram a dhéanamh seachas an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 21(5), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2020/1503 a sholáthar.

4.   Léireoidh an uirlis ar líne dá dtagraítear i mír 1 toradh an ionsamhlaithe ar bhealach atá soiléir agus intuigthe d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha.

5.   Bunófar an uirlis ar líne dá dtagraítear i mír 1ar bhealach nach gcuirfear ar a gcumas do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis a chuireann infheisteoirí ionchasacha isteach de bhun mhír 3 nó taifead a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin nó toradh an ionsamhlaithe dá dtagraítear i mír 4 a athrú nó cur isteach air. Mar sin féin, féadfar gné a leabú san uirlis ar líne lena gcuirtear ar a gcumas d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha toradh an ionsamhlaithe a tharchur chuig an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

Airteagal 6

Ionsamhlú ar an gcumas caillteanais a sheasamh sa bhreis ar an uirlis ríofa ar líne

Anuas ar an uirlis ar líne dá dtagraítear in Airteagal 5(1), féadfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an deis a thabhairt d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha a gcumas caillteanais a sheasamh a ionsamhlú trí mhodh difriúil, ar choinníoll go soláthraíonn an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha an fhaisnéis iomchuí maidir leis an modh a úsáidtear chun a gcumas caillteanais a sheasamh a ionsamhlú.

Airteagal 7

Glanfhiúchas infheisteora neamhshofaisticiúil ionchasaigh a ríomh

Chun críocha an ionsamhlaithe dá dtagraítear in Airteagal 21(5) de Rialachán (AE) 2020/1503, déanfar glanfhiúchas infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

 

Glanfhiúchas = (glanioncam bliantúil + (sócmhainní leachtacha iomlána) - (ceangaltais bhliantúla airgeadais)

Airteagal 8

Glanioncam bliantúil

1.   Déanfar an glanioncam bliantúil dá dtagraítear san fhoirmle a leagtar síos in Airteagal 7 a ríomh mar an ioncam bliantúil iomlán a fhaigheann an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil tar éis na costais agus na muirir ghaolmhara, ranníocaíochtaí sóisialta agus cánacha a asbhaint.

2.   Chun críocha mhír 1, is é a bheidh san ioncam iomlán bliantúil suim aon ioncaim saothair, suim aon úis ar thaiscí bainc nó ar ionstraimí fiachais eile, suim aon íocaíochta díbhinne nó suim aon ioncaim réadmhaoine, i gcás an mhéid seo a leanas:

(a)

le “ioncam saothair”, áireofar pá, sochair dhífhostaíochta agus íocaíochtaí pinsin a fhaigheann an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil, cé is moite d’íocaíochtaí eisceachtúla;

(b)

le “úis ar thaiscí bainc nó ar ionstraimí fiachais eile”, áireofar íocaíochtaí ar thaiscí bainc nó ar ionstraimí fiachais eile a fhaigheann an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil le linn na bliana féilire roimhe sin, cé is moite d’íocaíochtaí eisceachtúla;

(c)

le “íocaíochtaí díbhinne”, áireofar íocaíochtaí a fhaigheann an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach trí scaireanna nó aonaid de scéim comhinfheistíochta nó ionstraimí cothromais eile a shealbhú, cé is moite d’aon ghnóthachan caipitiúil arna réadú tríd an sealbhú sin nó cuid de a dhíol;

(d)

le “ioncam réadmhaoine”, áireofar aon íocaíocht a fhaightear i ndáil le réadmhaoin a fháil ar cíos, cé is moite d’aon ghnóthachan caipitiúil arna réadú tríd an réadmhaoin sin nó cuid di a dhíol.

Airteagal 9

Sócmhainní leachtacha iomlána

1.   Déanfar na sócmhainní leachtacha iomlána dá dtagraítear san fhoirmle a leagtar síos in Airteagal 7 a ríomh mar shuim an airgid iomláin arna shealbhú ag infheisteoir neamhshofaisticiúil ar chuntais coigiltis agus ar chuntais reatha, agus mar shuim luach na sócmhainní is féidir a chomhshó ina n-airgead tirim go héasca, lena n-áirítear:

(a)

táirgí coigiltis is féidir a chomhshó ina n-airgead tirim laistigh de thréimhse uasta 30 lá féilire;

(b)

ionstraimí airgeadais arna gcaibidliú ar mhargadh rialáilte de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4);

(c)

scaireanna agus aonaid de scéimeanna comhinfheistíochta lena dtairgtear cearta fuascailte ar bhonn seachtainiúil ar a laghad.

2.   Ní mheasfar na sócmhainní seo a leanas mar shócmhainní leachtacha:

(a)

réadmhaoin;

(b)

méideanna a íoctar le scéim pinsin chun críoch scoir ceirde;

(c)

scaireanna cuideachta nach féidir a fhuascailt ná a aistriú go héasca, lena n-áirítear infheistíochtaí sluachistiúcháin roimhe seo.

Airteagal 10

Ceangaltais bhliantúla airgeadais

Leis na gceangaltais bhliantúla airgeadais dá dtagraítear san fhoirmle a leagtar síos in Airteagal 7, áireofar gach caiteachas ar thug infheisteoir neamhshofaisticiúil gealltanas ina leith i ndáil le bliain féilire ar leith, lena n-áirítear:

(a)

íocaíochtaí ailiúnais agus tacaíochta leanaí;

(b)

íocaíochtaí cíosa agus morgáiste;

(c)

aisíocaíochtaí iasachtaí;

(d)

íocaíochtaí préimheanna árachais;

(e)

íocaíochtaí speansas fóntas, lena n-áirítear iad siúd a dhéantar chun speansais leictreachais, téimh agus uisce a chumhdach;

(f)

íocaíochtaí seirbhísí síntiúis;

(g)

cáin ioncaim agus cánacha réadmhaoine.

Airteagal 11

Dáta luachála iomlán na sócmhainní leachtacha agus na ngealltanas airgeadais bliantúil

1.   Déanfar iomlán na sócmhainní leachtacha dá dtagraítear in Airteagal 9 agus na ngealltanas airgeadais bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 10 a luacháil amhail ón 31 Nollaig den bhliain féilire roimh an mbliain ina ndéanfar an t-ionsamhlú.

2.   Mar sin féin, i gcás nach léireofaí staid reatha ghlanfhiúchas an infheisteora neamhshofaisticiúil ionchasaigh go cruinn i luacháil a dhéanfaí ar an dáta sin, déanfar an luacháil ar dháta níos déanaí lena gcumasaítear luacháil níos cruinne.

3.   Chun críche mhír 2, d’fhéadfadh aon dáta idir an 31 Nollaig den bhliain féilire roimh an mbliain ina ndéantar an t-ionsamhlú agus an dáta a dhéantar an t-ionsamhlú a bheith i gceist le dáta níos déanaí agus déanfar an luacháil ar iomlán na sócmhainní leachtacha agus an luacháil ar iomlán na ngealltanas airgeadais bliantúil ar an dáta céanna. Agus an dáta sin á chinneadh, measfaidh infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha an gcumasófar luacháil chruinn trí ghlacadh leis an dáta sin mar an dáta tagartha i leith an ghlanfhiúchais, iomlán na sócmhainní leachtacha agus iomlán na ngealltanas airgeadais bliantúil dá dtagraítear san fhoirmle a leagtar síos in Airteagal 7.

4.   Is é a bheidh sa ghlanioncam bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8 ioncam na bliana féilire roimh an mbliain ina ndéantar an t-ionsamhlú. Mar sin féin, i gcás ina ndéantar iomlán na sócmhainní leachtacha agus na ngealltanas airgeadais bliantúil a luacháil trí dháta níos déanaí a úsáid de bhun mhír 2 den Airteagal seo, is é a bheidh sa ghlanioncam bliantúil an t-ioncam a fuarthas le linn an 12 mhí roimh an dáta níos déanaí sin.

Airteagal 12

Toradh an ionsamhlaithe ar an gcumas caillteanas a sheasamh a tharchur

Iarrfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha toradh an ionsamhlaithe a rinneadh de bhun Airteagal 21(5) de Rialachán (AE) 2020/1503 a sholáthar dóibh.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.10.2020, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(4)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE, (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).


Top