This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0636
Council Decision (CFSP) 2022/636 of 13 April 2022 amending Decision (CFSP) 2022/338 on an assistance measure under the European Peace Facility for the supply to the Ukrainian Armed Forces of military equipment, and platforms, designed to deliver lethal force
Cinneadh (CBES) 2022/636 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh
Cinneadh (CBES) 2022/636 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh
ST/8044/2022/INIT
IO L 117, 19.4.2022, p. 34–35
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
19.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 117/34 |
CINNEADH (CBES) 2022/636 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Aibreán 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 28 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/338 (1), lenar bunaíodh beart cúnaimh ag a bhfuil méid tagartha airgeadais EUR 450 000 000 atá beartaithe chun soláthar trealaimh mhíleata, agus ardán míleata, a ceapadh chun fórsa marfach a sheachadadh, d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a chumhdach. |
(2) |
An 23 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/471 (2) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 900 000 000. |
(3) |
I bhfianaise an fhogha armtha leanúnach arna thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, ba cheart EUR 450 000 000 breise a chur leis an méid tagartha airgeadais, agus ba cheart síneadh 24 mhí a chur le fad an bhirt cúnaimh. |
(4) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2022/338 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Mairfidh an Beart Cúnaimh 60 mí ó ghlacadh an Chinnidh seo.”; |
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. EUR 1 350 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.”; |
(3) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar thograí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 1 350 000 000. Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an riarthóir um bearta cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2022 agus sna buiséid do na blianta ina dhiaidh sin a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh.”; |
(4) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Beidh an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2022 agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle. Le 66 faoin gcéad ar a laghad den mhéid tagartha airgeadais, cumhdófar caiteachas arna thabhú amhail ón 11 Márta 2022.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(1) Cinneadh (CBES) 2022/338 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 60, 28.2.2022, lch. 1).
(2) Cinneadh (CBES) 2022/471 ón gComhairle an 23 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 96, 24.3.2022, lch. 43).