Choisissez les fonctionnalités expérimentales que vous souhaitez essayer

Ce document est extrait du site web EUR-Lex

Document 32021D1212

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1212 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 maidir le foláirimh a fhógraítear de bharr bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus maidir le rianú teagmhálaithe a dhéanamh ar dhaoine a nochtadh a shainaithnítear i gcomhthéacs líonadh isteach Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/5595

    IO L 263, 23.7.2021, p. 32–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Statut juridique du document En vigueur

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1212/oj

    23.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 263/32


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1212 ÓN gCOIMISIÚN

    an 22 Iúil 2021

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 maidir le foláirimh a fhógraítear de bharr bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus maidir le rianú teagmhálaithe a dhéanamh ar dhaoine a nochtadh a shainaithnítear i gcomhthéacs líonadh isteach Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/858 ón gCoimisiún (2), leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 (3) trí bhonneagar teicniúil a bhunú chun gur féidir sonraí pearsanta a bhailítear trí fhoirm aimsithe paisinéirí (“PLF”) a mhalartú ar bhealach slán tráthúil éifeachtach idir údaráis inniúla an Chórais Luathrabhaidh agus Freagartha (“EWRS”) de chuid na mBallstát – bonneagar ar a dtugtar an “t-ardán malartaithe PLF”. Leis an mbonneagar teicniúil sin is féidir faisnéis a tharchur ó chórais PLF dhigiteacha náisiúnta na mBallstát atá ann cheana chuig údaráis inniúla eile de chuid EWRS ar bhealach idir-inoibritheach agus uathoibríoch.

    (2)

    Le hardán malartaithe PLF, is féidir le húdaráis inniúla EWRS sna Ballstáit tacair dhea-shainithe sonraí a mhalartú, tacair a bhailítear trí PLFanna, chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 a dhéanamh ar dhaoine a nochtadh agus chun na críche sin amháin. Ina theannta sin, ar an ardán sin is féidir sonraí eipidéimeolaíocha teoranta eile is gá le haghaidh rianú teagmhálaithe a mhalartú, i gcomhréir le prionsabal íoslaghdaithe na próiseála sonraí pearsanta.

    (3)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253, ní cheadaítear malartú sonraí pearsanta faoi láthair maidir le daoine a bhfuil PLF líonta isteach acu agus a bhí i ndlúth-theagmháil (4) le paisinéir ionfhabhtaithe a bhfuil PLF líonta isteach aige freisin, cé go bhfuil malartú na sonraí sin riachtanach chun rianú éifeachtach teagmhálaithe a dhéanamh tar éis cás dearfach COVID-19 a shainaithint agus a cheanglaítear faoi Airteagal 9(1) de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE.

    (4)

    Is gá sonraí a mhalartú a bhaineann leis na daoine sin a nochtadh i gcás ina bhfanfaidh na daoine sin ar feadh tréimhse theoranta i gceann scríbe ar leith agus, dá thoradh sin, i gcás nach mbeidh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit is ceann scríbe in ann dul i dteagmháil leis na daoine sin agus iad a thástáil le linn dóibh a bheith ag fanacht ann. Tá gá leis an malartú sonraí sin freisin i gcás ina mbeidh údaráis EWRS an Bhallstáit chónaithe inniúil chun dul i dteagmháil leis na daoine a nochtadh agus chun tuilleadh treoracha a thabhairt dóibh. Sna cásanna sin, agus ar choinníoll go bhfuil PLFanna líonta isteach ag na daoine sin freisin, ba cheart don Bhallstát a d’aithin paisinéir atá ionfhabhtaithe agus a thionscain na bearta rianaithe teagmhálaithe leas a bhaint as an ardán malartaithe PLF chun foláirimh a chur chuig Ballstáit an chéad imeachta nó an imeachta deiridh, nó chuig Ballstát cónaithe na ndaoine sin a nochtadh. Ba cheart na sonraí pearsanta atá le malartú i gcásanna den sórt sin a bheith teoranta do shonraí aitheantais agus teagmhála.

    (5)

    Chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann le paisinéirí ionfhabhtaithe agus na sonraí pearsanta a bhaineann le daoine a nochtadh a aithint go soiléir óna chéile, ba cheart d’údaráis inniúla EWRS a chur in iúl an dtagraíonn na sonraí malartaithe do phaisinéir atá ionfhabhtaithe nó do dhuine a nochtadh.

    (6)

    Ba cheart malartú sonraí pearsanta daoine a nochtadh a bheith faoi réir na gceanglas céanna maidir le cosaint sonraí pearsanta agus atá i bhfeidhm maidir le malartú sonraí pearsanta na bpaisinéirí atá ionfhabhtaithe.

    (7)

    Níor cheart d’údaráis inniúla EWRS na sonraí atá acu a chomhroinnt, i ndáil leis na céimeanna turais ar ina leith a bhailíonn na Ballstáit faisnéis ina gcuid PLFanna, ach amháin i gcás inar gá sin chun daoine a nochtadh a shainaithint. Ba cheart a shoiléiriú nach bhfuil aon oibleagáid ar na Ballstáit faisnéis a bhailiú i leith gach céime den turas.

    (8)

    D’fhéadfadh sé nach mbeadh córais náisiúnta PLF na mBallstát ar fáil go sealadach i gcásanna áirithe, mar shampla, mar gheall ar bhriseadh teicniúil. Sna cásanna sin, ba cheart údaráis inniúla EWRS a bheith in ann an tacar céanna sonraí pearsanta a mhalartú tríd an ardán malartaithe PLF, ar sonraí iad a thagann as foinsí eile seachas as a gcuid PLFanna náisiúnta, eadhon ó na hiompróirí, ón bpaisinéir ionfhabhtaithe nó ó dhaoine a nochtadh. Ba cheart bailiú sonraí pearsanta ó na foinsí sin a bheith bunaithe ar an dlí náisiúnta agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chomhlíonadh.

    (9)

    Sainítear in Iarscríbhinn I de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/858 an tacar íosta sonraí PLF atá le bailiú trí bhíthin an PLF náisiúnta, rud atá riachtanach le haghaidh rianú éifeachtach teagmhálaithe trasteorann bunaithe ar shonraí PLF. Ba cheart a shoiléiriú in Iarscríbhinn I nach bhfuil gá leis an áit imeachta agus an áit teachta, ná leis an am imeachta, i gcás inar féidir an fhaisnéis sin a fháil ó uimhir aitheantais na modhanna iompair, mar is leor an fhaisnéis sin chun críche rianaithe teagmhálaithe.

    (10)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 a leasú dá réir sin.

    (11)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 13 Iúil 2021.

    (12)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte arna bhunú le hAirteagal 18 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 2a(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “Faoi EWRS bunaítear ardán chun sonraí PLF faoi phaisinéirí atá ionfhabhtaithe agus daoine a nochtadh a mhalartú go slán chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 a dhéanann údaráis inniúla EWRS ar dhaoine a nochtadh, agus chun na críche sin amháin, mar chomhlánú ar an bhfeidhmiúlacht teachtaireachtaí roghnaíocha atá sa chóras sin cheana féin.”;

    (2)

    leasaítear Airteagal 2b mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    “1.   Agus fógra á thabhairt acu faoi fholáireamh san ardán malartaithe PLF, déanfaidh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit ina sainaithnítear an paisinéir atá ionfhabhtaithe na sonraí PLF seo a leanas a tharchur chuig údaráis inniúla EWRS Bhallstát chéad imeachta an phaisinéara nó áit chónaithe an phaisinéara, i gcás nach ionann an áit chónaithe agus áit chéad imeachta, nó chuig Ballstát imeachta deiridh an phaisinéara atá ionfhabhtaithe, i gcás nach n-éileoidh an Ballstát ach PLF a líonadh isteach le haghaidh chéim dheiridh an turais:”;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    “1a.   Déanfaidh údaráis inniúla EWRS na sonraí PLF dá dtagraítear i mír 1 maidir leis na daoine a nochtadh a tharchur freisin, tríd an ardán malartaithe PLF, chuig údaráis inniúla EWRS Bhallstáit chéad imeachta nó cónaithe na ndaoine sin, nó chuig Ballstát imeachta deiridh an phaisinéara atá ionfhabhtaithe i gcás nach n-éileoidh an Ballstát ach PLF a líonadh isteach le haghaidh chéim dheiridh an turais, ar choinníoll gur bailíodh na sonraí sin i gcomhthéacs na mbeart rianaithe teagmhálaithe a rinneadh tar éis paisinéir ionfhabhtaithe a shainaithint, agus ar choinníoll gur gá iad a tharchur chun críche rianaithe teagmhálaithe.

    1b.   Déanfaidh údaráis inniúla EWRS atá ag tarchur na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 1a a chur in iúl cibé acu an ndéanann siad tagairt do phaisinéir atá ionfhabhtaithe nó do dhuine a nochtadh.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Féadfaidh údaráis inniúla EWRS Bhallstát chéad imeachta nó imeachta deiridh an phaisinéara atá ionfhabhtaithe nó an duine a nochtadh na sonraí PLF a fhaightear a tharchur chuig Ballstát imeachta seachas an Ballstát atá dearbhaithe sa PLF mar Bhallstát an imeachta, i gcás ina mbeidh faisnéis bhreise ann a thugann le fios gur cheart don Bhallstát sin an rianú teagmhálaithe a dhéanamh.”;

    (d)

    leasaítear mír 3 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    “Más gá chun daoine a nochtadh a shainaithint, agus fógra á thabhairt acu faoi fholáireamh san ardán malartaithe PLF, déanfaidh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit ina sainaithnítear an paisinéir atá ionfhabhtaithe na sonraí PLF seo a leanas a tharchur, i ndáil le gach céim de thuras an phaisinéara sin atá ar fáil, chuig údaráis inniúla EWRS na mBallstát uile:”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

    “(a)

    áit imeachta gach aistir lena mbaineann, mura féidir an áit a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi phointe (e);

    (b)

    ceann scríbe gach aistir lena mbaineann, mura féidir an áit sin a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi phointe (e);”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    “(g)

    am imeachta gach aistir lena mbaineann, mura féidir an t-am a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi phointe (e);”;

    (e)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “6.   I gcás nach mbeidh fáil ar chóras náisiúnta PLF Ballstáit go sealadach, féadfaidh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit a bhailigh na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1, mír 3 agus mír 5 ó na hiompróirí, ón bpaisinéir atá ionfhabhtaithe nó ón duine a nochtadh, ar bhonn an dlí náisiúnta, na sonraí sin a tharchur tríd an ardán malartaithe PLF chun críoch rianaithe teagmhálaithe, le linn na tréimhse sealadaí nach mbeidh fáil ar an gcóras PLF.”.

    (3)

    leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Iúil 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 293, 5.11.2013, lch. 1.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/858 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 maidir le foláirimh a fhógraítear de bharr bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus maidir le rianú teagmhálaithe paisinéirí a shainaithnítear trí Fhoirmeacha Aimsithe Paisinéirí (IO L 188, 28.5.2021, lch. 106).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2017 lena leagtar síos nósanna imeachta chun fógra a thabhairt faoi fholáirimh mar chuid den chóras luathrabhaidh agus freagartha a bunaíodh i ndáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus chun freagairtí ar na bagairtí sin a mhalartú, a cheadú agus a chomhordú de bhun Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 37, 14.2.2017, lch. 23).

    (4)  Tá treoraíocht tugtha ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (“ECDC”) maidir leis an sainmhíniú ar dhlúth-theagmhálaí. Féach doiciméad ECDC ar Contact tracing: public health management of persons, including healthcare workers, who have had contact with COVID-19 cases in the European Union – third update [Rianú teagmhálaithe: bainistiú sláinte poiblí daoine, lena n-áirítear oibrithe cúraim sláinte, a bhí i dteagmháil le cásanna COVID-19 san Aontas Eorpach – an tríú nuashonrú], dar dáta an 18 Samhain 2020.

    (5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 mar a leanas:

    (1)

    scriostar pointe (7);

    (2)

    leasaítear pointe (8) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    “(8) an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach céim de thuras ar ina leith a éilíonn an Ballstát PLF a líonadh isteach:”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fophointe (a) agus fhophointe (b):

    “(a)

    an áit imeachta, mura féidir an áit a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi fhophointe (f);

    (b)

    an ceann scríbe, mura féidir an áit a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi fhophointe (f);”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (e):

    “(e)

    am imeachta, mura féidir an t-am a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi fhophointe (f);”.


    Haut