EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0607

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/607 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí aigéid chitrigh a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) den Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

C/2021/2431

IO L 129, 15.4.2021, p. 73–118 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 04/04/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/607/oj

15.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 129/73


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/607 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Aibreán 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí aigéid chitrigh a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) den Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1193/2008 (2) d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí aigéid chitrigh ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (“DPS”, “an tSín” nó “an tír lena mbaineann”) (“na bearta bunaidh”). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, tagrófar dó mar “an t-imscrúdú bunaidh”. Dleacht ad valorem ó 6,6 % go 42,7 % a bhí sna bearta sin.

(2)

Le Cinneadh (2008/899/CE) (3), ghlac an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) le gealltanais i dtaca le praghsanna arna dtáirgeadh ag sé tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne (lena n-áirítear grúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin) in éineacht le Comhlachas Tráchtála Allmhaireoirí agus Onnmhaireoirí Miotal, Mionraí agus Ceimiceán na Síne (“CCCMC”). B’iad seo na táirgeoirí: Anhui BBCA Biochemical Co., Ltd. (COFCO Bio-Chemical Energy (Yushu) Co., Ltd. mar atá sé anois); Laiwu Taihe Biochemistry Co., Ltd.; RZBC Co., Ltd. agus RZBC (Juxian) Co., Ltd.; TTCA Co., Ltd.; Weifang Ensign Industry Co., Ltd. agus Yixing Union Biochemical Co., Ltd. (Jiangsu Guoxin Union Energy Co., Ltd. mar atá sé anois).

(3)

Le Cinneadh 2012/501/AE (4), tharraing an Coimisiún siar an gealltanas arna thairgeadh ag táirgeoir onnmhairiúcháin amháin, i.e Laiwu Taihe Biochemistry Co. Ltd. (“Laiwu Taihe”).

(4)

Le Rialachán (AE) 2015/82 (5) d’fhorchuir an Coimisiún na bearta frithdhumpála cinntitheacha arís ar allmhairí aigéid chitrigh ar de thionscnamh DPS iad tar éis athbhreithniú éaga (an “t-athbhreithniú éaga roimhe seo”).

(5)

De bhun Rialachán (AE) 2016/32 (6), leathnaigh an Coimisiún na bearta ar allmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh na Síne chun allmhairí aigéid chitrigh a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh.

(6)

De bhun Rialachán (AE) 2016/704 (7), tharraing an Coimisiún siar an gealltanas ó dhá chuideachta eile ar bhonn cinntí gur sáraíodh an gealltanas agus go raibh sé neamhphraiticiúil, dhá chinneadh lena dtugtar bonn cirt le tarraingt siar ghlacadh an ghealltanais.

(7)

De bhun Rialachán (AE) 2018/1236 (8), chuir an Coimisiún deireadh leis an imscrúdú maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí allmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh na Síne a imchéimniú trí allmhairí aigéid chitrigh a chur chun bealaigh ón gCambóid, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Cambóide iad nó ná bíodh.

(8)

Is idir 15,3 % agus 42,7 % iad na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair i ndáil le hallmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus tá feidhm ag ráta dleachta 42,7 % maidir le hallmhairí ó gach cuideachta eile.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(9)

Tar éis d’fhógra a bheith foilsithe maidir le dul in éag a bheith ag teacht (9), fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

(10)

Chuir N.V. Citrique Belge S.A. agus Jungbunzlauer Austria AG (“na hiarratasóirí”) an iarraidh ar athbhreithniú isteach an 21 Deireadh Fómhair 2019 thar ceann tháirgeoirí an Aontais atá freagrach as 100 % de tháirgeacht iomlán aigéid chitrigh an Aontais. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar an bhforas gur dócha go leanfaí den dumpáil agus go ndéanfaí díobháil arís do thionscal an Aontais dá rachadh na bearta in éag.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(11)

Tar éis don Choimisiún a chinneadh go raibh fianaise leordhóthanach ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 15(1) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún tús le hathbhreithniú éaga maidir le hallmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh na Síne de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. An 20 Eanáir 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (10) (“an fógra tionscnaimh”).

1.4.   Tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe agus an tréimhse a breithníodh

(12)

Cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019 san imscrúdú ar leanúint nó ar atarlú na dumpála (“tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe”). Sa scrúdú ar threochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go leanfaí den dochar nó an dtarlódh sé arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go dtí deireadh thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe (“an tréimhse a breithníodh”).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(13)

San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Sa bhreis air sin, chuir an Coimisiún na hiarratasóirí, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta, údaráis na Síne, na hallmhaireoirí aitheanta agus na húsáideoirí ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe agus d’iarr sé orthu a bheith páirteach ann.

(14)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála.

1.6.   Sampláil

(15)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go bhféadfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.6.1.   Níor sampláladh táirgeoirí an Aontais

(16)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh ar an dá tháirgeoir aitheanta de chuid an Aontais, N.V. Citrique Belge S.A. agus Jungbunzlauer Austria AG, an ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an fhógra tionscnaimh. D’iarr an Coimisiún freisin ar tháirgeoirí agus ar chomhlachais ionadaíocha eile de chuid an Aontais iad féin a chur in iúl, dá mba ann dóibh, agus ceistneoir a iarraidh. Níor tháinig aon táirgeoir nó aon chomhlachas ionadaíoch eile de chuid an Aontais chun cinn.

1.6.2.   Sampláil allmhaireoirí

(17)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar.

(18)

Sholáthair allmhaireoir neamhghaolmhar amháin an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh sé a bheith san áireamh sa sampla. I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil.

1.6.3.   Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín

(19)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile sa tSín an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Sa bhreis air sin, d’iarr sé ar mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(20)

Sholáthair ceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil.

(21)

San iomlán, níor leor comhobair thairgeoirí onnmhairiúcháin na Síne. Go deimhin, an táirgeoir onnmhairiúcháin is mó sa tSín, Laiwu Taihe, arb é atá freagrach as 53 % de na honnmhairí ón tSín chuig an Aontas, níor chomhoibrigh sé leis an athbhreithniú éaga reatha. Ina ionad sin, bhain an Coimisiún úsáid as sonraí ó na ceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha.

1.7.   Freagraí ar an gceistneoir

(22)

Tráth an tionscnaimh, chuir an Coimisiún na ceistneoirí le haghaidh na dtáirgeoirí, na n-allmhaireoirí, na n-úsáideoirí ón Aontas agus na dtairgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín ar fáil sa chomhad lena n-iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus cuireadh iad ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála chomh maith (11). Ina theannta sin, chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (“Rialtas na Síne”) maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(23)

Fuair an Coimisiún freagraí ar an gceistneoir ó na hiarratasóirí, allmhaireoir amháin, ceithre úsáideoir agus ceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin. Níor fhreagair Rialtas na Síne an ceistneoir maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín.

1.8.   Fíorú

(24)

De bharr ráig phaindéim COVID-19 agus na mbeart a glacadh dá réir chun déileáil leis an ráig mar a shonraítear i bhfógra a foilsíodh i ndáil leis an gcáschomhad (“Fógra COVID – 19” (12)), níorbh fhéidir leis an gCoimisiún cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán ar áitribh na n-eintiteas a chuir freagraí ar an gceistneoir faoina bhráid.

(25)

Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceáil go cianda ar an bhfianaise uile a measadh a bheith riachtanach le haghaidh a chinntí. Rinne an Coimisiún cros-seiceáil go cianda ar na cuideachtaí/páirtithe seo a leanas:

 

Táirgeoirí an Aontais:

S.A. Citrique Belge N.V., Tienen, an Bheilg,

Jungbunzlauer Austria AG, Vín, an Ostair, agus Jungbunzlauer Ladenburg GmbH, Ladenburg, an Ghearmáin;

 

Úsáideoirí:

Reckitt Benckiser (ENA) BV, Schiphol, an Ísiltír,

Henkel AG & Co. KGaA, Düsseldorf, an Ghearmáin;

 

Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín:

COFCO Bio-Chemical Energy (Yushu) Co. Ltd., Changchun, Cúige Jilin, Daon-Phoblacht na Síne,

Jiangsu Guoxin Union Energy Co., Ltd., Yixing, Cúige Jiangsu, Daon-Phoblacht na Síne,

RZBC Group, Rizhao, Cúige Shandong, Daon-Phoblacht na Síne,

Weifang Ensign Industry Co., Ltd., Weifang, Cúige Shandong, Daon-Phoblacht na Síne.

1.9.   Nós imeachta um an ngnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

(26)

Ó tharla gur leordhóthanach an fhianaise a bhí ar fáil ag tús an imscrúdaithe lenar tugadh le fios gurb ann do shaobhadh suntasach sa tSín de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, mheas an Coimisiún gurb iomchuí tús a chur leis an imscrúdú, ag féachaint d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(27)

Dá bhrí sin, chun na sonraí a bhailiú, sonraí is gá le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán amach anseo, san fhógra tionscnaimh d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín an fhaisnéis arna hiarraidh in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an bhfógra tionscnaimh a sholáthar maidir leis na hionchuir a úsáidtear chun aigéad citreach a tháirgeadh. Sholáthair ceithre thairgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne an fhaisnéis ábhartha.

(28)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne freisin chun faisnéis a fháil, faisnéis a mheas an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe i ndáil leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Níor fhreagair Rialtas na Síne an ceistneoir sin, áfach. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíricí a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín.

(29)

San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún freisin ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a sholáthar maidir lena iomchuí atá sé Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Mar fhreagairt ar an bhfógra tionscnaimh, chuir CCCMC a bharúlacha in iúl maidir le ceist an tsaofa shuntasaigh. Rinneadh mionanailís ar na barúlacha sin faoi phointe 3.2 thíos.

(30)

San fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún, i bhfianaise na fianaise atá ar fáil, go bhféadfadh sé gur ghá dó tír ionadaíoch iomchuí a roghnú de bhun Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán, chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa.

(31)

An 5 Márta 2020 d’fhoilsigh an Coimisiún an chéad nóta i ndáil leis an gcomhad maidir le foinsí chun an gnáthluach a chinneadh (“Nóta an 5 Márta 2020”), nóta inar lorg sé tuairimí ó na páirtithe leasmhara i leith na bhfoinsí ábhartha a d’fhéadfadh an Coimisiún úsáid a bhaint astu chun an gnáthluach a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(e), an dara mír, den bhun-Rialachán (13). Sa nóta sin, sholáthair an Coimisiún liosta na dtosca táirgeachta uile amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Sa bhreis air sin, ar bhonn na gcritéar lena dtreoraítear rogha na bpraghsanna nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, ag an gcéim sin, shainaithin an Coimisiún an Bhrasaíl, an Cholóim agus an Téalainn mar thíortha a d’fhéadfadh a bheith ina dtíortha ionadaíocha. An 13 Márta 2020, arna iarraidh sin do CCCMC, nocht an Coimisiún Iarscríbhinn IV a ghabhann le Nóta an 5 Márta 2020 ina raibh sonraí Global Trade Atlas (“GTA”) (14) a bhí ar fáil go poiblí, ar sonraí iad a bheartaigh seirbhísí an Choimisiúin a úsáid le haghaidh na n-ábhar ionchuir agus na seachtháirgí a liostaítear i Nóta an 5 Márta 2020.

(32)

Thug an Coimisiún deis do na páirtithe leasmhara uile a gcuid barúlacha a chur in iúl. Fuair an Coimisiún barúlacha ó cheithre thairgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne, ó CCCMC agus ó na hiarratasóirí. Níor sholáthair Rialtas na Síne aon bharúil.

(33)

Thug an Coimisiún freagra do na barúlacha a fuarthas maidir le Nóta an 5 Márta sa Dara Nóta maidir leis na Foinsí le haghaidh Chinneadh an Ghnáthluacha an 30 Samhain 2020 (“Nóta an 30 Samhain 2020”) (15). Bhunaigh an Coimisiún liosta sealadach tosca táirgeachta freisin agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh sé beartaithe aige, ag an gcéim sin, an Cholóim a úsáid mar thír ionadaíoch faoi Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a chur in iúl agus fuair sé barúlacha ó na hiarratasóirí agus ó CCCMC. Rinneadh mionanailís ar na barúlacha sin faoi phointí 3.3. agus 3.4 thíos.

2.   TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Táirge faoi athbhreithniú

(34)

Is ionann an táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo agus an táirge a bhí faoi réir an imscrúdaithe bunaidh agus an athbhreithnithe éaga roimhe seo, is é sin aigéad citreach agus déhiodráit chiotráite trisóidiam, a thagann faoi láthair faoi chóid CN 2918 14 00 agus ex 2918 15 00 (cód TARIC 2918150011 agus 2918150019) (“an táirge faoi athbhreithniú”).

(35)

Úsáidtear aigéad citreach mar bhogaigéadaitheach agus mar rialtán pH a bhfuil réimse leathan feidhmeanna aige, cuir i gcás glantaigh bhaile, deochanna, bia, táirgí cosmaideacha agus táirgí cógaisíochta. Is iad na príomh-chomhábhair atá ann, siúcra/molás, taipióca, arbhar nó glúcós (a fhaightear ó ghránaigh) agus oibreáin éagsúla le haghaidh choipeadh miocróbach tumtha na gcarbaihiodráití.

2.2.   Táirge comhchosúil

(36)

Mar a suíodh san imscrúdú bunaidh chomh maith leis an athbhreithniú éaga roimhe seo, dheimhnigh imscrúdú an athbhreithnithe éaga seo go bhfuil na bunghnéithe fisiciúla, ceimiceacha agus teicniúla céanna mar aon leis na bunúsáidí céanna ag na táirgí seo a leanas:

an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann sé;

an táirge a táirgeadh agus a díoladh ar mhargadh intíre na tíre lena mbaineann; agus

an táirge arb é tionscal an Aontais a tháirg agus a dhíol san Aontas é.

(37)

Dá bhrí sin, measadh gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

2.3.   Éilimh maidir leis an raon táirge

(38)

Ní bhfuair an Coimisiún éilimh maidir leis an raon táirge. Thug CCCMC dá aire ina bharúlacha maidir leis an tionscnamh go gcumhdaíonn an táirge faoi athbhreithniú, de réir mar a shainmhínítear san fhógra tionscnaimh é, na cineálacha táirge a bhí faoi réir na mbeart bunaidh mar aon leis na cineálacha táirge a cumhdaíodh faoin gcéad athbhreithniú éaga.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Réamhbharúlacha

(39)

I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú le fáil amach an leanfadh an tSín de bheith i mbun dumpála nó an rachadh sí i mbun dumpála arís de thoradh dhul in éag na mbeart atá i bhfeidhm.

(40)

Tuairim agus 72 % d’acmhainneacht táirgthe mheasta na Síne, sin acmhainneacht táirgthe dearbhaithe iomlán na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. I bhfianaise a laghad comhoibre a fuarthas, chuir an Coimisiún Airteagal 18 i bhfeidhm agus is ar na fíricí a bhí ar fáil a bhunaigh sé a thorthaí maidir le margadh aigéid chitrigh na Síne, lena n-áirítear táirgeacht, acmhainneacht agus acmhainneacht spártha.

(41)

Na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, bhí siad bunaithe go háirithe ar fhaisnéis a bhí san iarraidh ar athbhreithniú, bhí na staitisticí bunaithe ar na sonraí a thuairiscigh na Ballstáit don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(6) den bhun-Rialachán (“bunachar sonraí Airteagal 14(6)”) mar aon leis na freagraí samplála a soláthraíodh tráth an tionscnaimh agus na freagraí ar na ceistneoirí. Sa bhreis air sin, bhain an Coimisiún úsáid as foinsí eile sonraí a bhí ar fáil go poiblí amhail bunachair sonraí GTA agus Orbis Bureau van Dijk (16) (“Orbis”).

3.2.   Gnáthluach

(42)

De réir Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán, “beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir”.

(43)

Mar sin féin, sonraítear in Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán gur i gcás ina gcinntear nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gurb ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, faoi réir na rialacha seo a leanas, agus áireofar sa ghnáthluach méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús.

(44)

Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid san imscrúdú reatha gur ar bhonn na fianaise atá ar fáil agus i bhfianaise na heaspa comhoibre a fuarthas ó Rialtas na Síne, b’iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.2.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

3.2.1.1.   Réamhrá

(45)

In Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán sainmhínítear an méid gurb é atá i “saobhadh suntasach an saobhadh sin a tharlaíonn nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna ná na costais a tuairiscíodh, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh, toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstainteach rialtais orthu. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird, inter alia, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

“an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir;

an stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas;

beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir;

maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor;

saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá;

rochtain ar mhaoiniú a dheonaíonn institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó ar dhóigh eile nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an Stát”.

(46)

De réir Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a), tabharfar aird, inter alia, ar an liosta neamh-uileghabhálach de ghnéithe san fhoráil roimhe seo. De bhun Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí sin ar phraghsanna nó ar chostais sa tír óna n-onnmhairítear an táirge faoi athbhreithniú. Go deimhin, ó tharla nach carnach an liosta sin, ní gá aird a thabhairt ar na heilimintí uile chun a chinneadh gurb ann do shaobhadh suntasach. Thairis sin, is féidir féachaint ar na himthosca fíorasacha chun a léiriú gurb ann do cheann amháin nó níos mó d’eilimintí an liosta. Mar sin féin, aon chonclúid maidir le saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a), ní mór í a dhéanamh ar bhonn na fianaise uile atá ar fáil. Agus measúnú foriomlán á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, féadfar aird a thabhairt ar an gcomhthéacs ginearálta agus an suíomh sa tír is onnmhaireoir, go háirithe i gcás ina dtugtar cumhachtaí suntasacha don rialtas, trí eilimintí bunúsacha shocrúcháin eacnamaíocha agus riaracháin na tíre is onnmhaireoir, tionchar a imirt ar an ngeilleagar sa tslí nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna ná na costais sa tír sin.

(47)

De réir fhoráil Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, “i gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin, agus i gcás inarb iomchuí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena dtuairisceofar imthosca an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (b) sa tír sin nó san earnáil sin a ullmhú, a phoibliú agus a thabhairt cothrom le dáta”.

(48)

De bhun na forála sin, d’eisigh an Coimisiún tuarascáil tíre maidir leis an tSín (dá ngairtear “an Tuarascáil” nó “tuarascáil na Síne” anseo feasta) (17), ina léirítear gurb ann d’idirghabháil shubstainteach rialtais ar roinnt leibhéal an gheilleagair, lena n-áirítear saobhadh sonrach ar roinnt príomhthosca táirgeachta (amhail talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhair agus saothar) agus in earnálacha ar leith chomh maith (amhail cruach agus ceimiceáin). Iarradh ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an bhfianaise sa chomhad imscrúdaithe tráth an tionscnaimh, sin nó an fhianaise sin a bhréagnú nó í a fhorlíonadh. Cuireadh an Tuarascáil sa chomhad imscrúdaithe tráth an tionscnaimh.

(49)

San iarraidh ar athbhreithniú a chuir an t-iarratasóir isteach, sa bhreis ar na torthaí sa Tuarascáil a athdhearbhú, go háirithe na torthaí maidir leis an earnáil ceimiceán, bhí faisnéis bhreise ann maidir le himeachtaí frithdhumpála SAM roimhe seo i ndáil leis an aigéad citreach, agus go háirithe na torthaí ó na himeachtaí is déanaí, mar a foilsíodh sa Mheabhrán Saincheisteanna agus Cinnidh le haghaidh Thorthaí Críochnaitheacha an Athbhreithnithe Riaracháin maidir le Dleacht Frithchúitimh: Aigéad Citreach agus Salainn Chiotráite Áirithe, an 7 Nollaig 2015. Luaigh an t-iarratasóir na torthaí maidir leis an méid seo a leanas go háirithe: iasachtaí straitéiseacha (iasachtaí a gcuireann bainc faoi úinéireacht stáit ar fáil do thionscal an aigéid chitrigh a bhfuil rátaí úis acu atá faoi bhun na rátaí tráchtála); cánacha ioncaim laghdaithe (baineann tionscal an aigéid chitrigh leas as cánacha ioncaim laghdaithe agus as creidmheasanna cánach a éileamh i ndáil le ceannach trealaimh intíre); rochtain níos saoire ar amhábhair thánaisteacha, go háirithe ceimiceáin, lena n-áirítear aigéad sulfarach, sóid loiscneach, gual gaile, carbónáit chailciam nó aol; talamh (torthaí maidir le cearta úsáide talún a fuarthas ar phraghas a bhí faoi bhun cúitimh leordhóthanaigh); leictreachas (fuair Roinn Tráchtála SAM amach go bhfuair an chuideachta faoi athbhreithniú leictreachas ar phraghas a bhí faoi bhun cúitimh leordhóthanaigh) mar aon le fóirdheontais i bhfoirm aistrithe dhírigh cistí agus cúitimh cánach comhshaoil.

(50)

Mar a tugadh le fios in aithrisí (23) agus (28) faoi seach, níor chuir Rialtas na Síne barúlacha in iúl nó níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás faoi chaibidil.

(51)

Mar fhreagairt ar thionscnamh an cháis, fuarthas barúlacha maidir leis sin ó CCCMC thar ceann bhalltháirgeoirí comhoibríocha CCCMC.

(52)

Ar dtús, d’áitigh CCCMC nach bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i gcomhréir le dlí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT). Sa chéad dul síos, mhaígh CCCMC nach sainaithnítear i gComhaontú Frithdhumpála EDT (“ADA”) coincheap an tsaofa shuntasaigh in Airteagal 2.2 ADA, airteagal faoina gceadaítear ríomh an ghnáthluacha sa chás nach bhfuil aon díolachán i ngnáthchúrsa na trádála agus sa chás sin amháin. Dúirt CCCMC nach luaitear san Airteagal sin saobhadh suntasach faoina gceadófaí ríomh an ghnáthluacha. Sa dara dul síos, mhaígh CCCMC gur ghá an gnáthluach ríofa a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2.2.1.1 den Chomhaontú Frithdhumpála agus lena léirmhíniú ag Buanchomhlacht Achomhairc EDT in EU – Biodiesel (DS478), fiú dá mbeadh coincheap an tsaofa shuntasaigh i gcomhréir le dlí EDT. Sa tríú dul síos, mhaígh CCCMC, de réir Airteagal 2.2.1, nach féidir caitheamh le díolacháin táirge mar dhíolacháin nach bhfuil de réir ghnáthchúrsa na trádála “ach amháin […] más rud é go ndéantar na díolacháin sin laistigh de thréimhse ama sínithe agus i gcainníochtaí substainteacha agus ar phraghsanna nach bhforálann maidir leis na costais uile a aisghabháil (…)”. Sa cheathrú dul síos, leis an gComhaontú Frithdhumpála ceanglaítear go ndéantar an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó costas díolacháin lena léirítear an praghas nó an leibhéal costais sa tír thionscnaimh. Dá bhrí sin, le praghas ríofa atá bunaithe ar an tír ionadaíoch, ní féidir an praghas agus an leibhéal costais sa tír is onnmhaireoir a léiriú. De réir CCCMC, níl aon fhoráil i ndlí EDT lena gceadaítear úsáid sonraí ó thríú tír.

(53)

Mheas an Coimisiún go bhfuil foráil Airteagal 2(6a) go hiomlán comhsheasmhach le hoibleagáidí EDT an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí-eolaíocht a luann CCCMC. Is é dearcadh an Choimisiúin gur i gcomhréir le tuairim Phainéal agus Bhuanchomhlacht Achomhairc EDT in EU – Biodiesel (DS473), forálacha an bhun-Rialacháin a bhfuil feidhm acu go ginearálta maidir le comhaltaí uile EDT, go háirithe Airteagal 2(5), an dara fomhír, ceadaítear faoi na forálacha sin sonraí ó thríú tír a úsáid, arna gcoigeartú mar is cuí nuair is gá leis an gcoigeartú sin agus nuair atá sé réasúnaithe. Ó tharla gurb ann do shaobhadh suntasach, ní iomchuí úsáid a bhaint as costais agus praghsanna sa tír is onnmhaireoir chun an gnáthluach a ríomh. Sna himthosca sin, beartaítear leis an bhforáil sin go ndéantar na costais táirgthe agus díola a ríomh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, lena n-áirítear na cinn i dtír ionadaíoch iomchuí ina bhfuil leibhéal forbartha mar an gcéanna leis an tír is onnmhaireoir. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don éileamh sin.

(54)

Sa dara dul síos, mhaígh CCCMC nach bhfuil aon fhianaise i leith saobhadh suntasach sa chás atá faoi chaibidil. Ar an gcéad dul síos, mhaígh CCCMC nár leor an fhianaise a sholáthair na hiarratasóirí i leith saobhadh suntasach chun tionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den bhun-Rialachán a éileamh, go háirithe ós rud é go raibh an fhianaise an-ghinearálta agus níor bhain sí le tionscadal an aigéid chitrigh go sonrach. Sa dara dul síos, foilsíodh an Tuarascáil i mí na Nollag 2017 ach baineann tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe le 2019. Dá bhrí sin, ní raibh an fhianaise a bailíodh sa Tuarascáil cothrom le dáta agus níor léirigh sí staid thionscadal an aigéid chitrigh sa chás faoi chaibidil. Sa tríú dul síos, in US – Countervailing Measures (an tSín) (Airteagal 21.5) ba é conclúid an Bhuanchomhlachta Achomhairc “nach mór a shuí gurb ann do shaobhadh suntasach ar phraghsanna mar gheall ar idirghabháil rialtais agus míniú leordhóthanach a thabhairt air” agus “nach mór an cinneadh (…) a dhéanamh ar bhonn cás ar chás”. Dá bhrí sin, mhaígh CCCMC nach raibh an Tuarascáil leordhóthanach mar fhoinse lena húsáid mar fhianaise i leith thionscadal an aigéid chitrigh toisc go ndéantar tuairisc inti ar shaobhadh in earnáil an tionscail ceimiceán i gcoitinne. Sa cheathrú dul síos, d’áitigh CCCMC nach ábhartha imeachtaí frithdhumpála SAM a luaigh na hiarratasóirí sa chás seo ó tharla go mbaineann siad le torthaí a fuarthas roimh thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

(55)

Mar fhreagairt, meabhraíonn an Coimisiún go dtagraítear i bpointe 4.1 den fhógra tionscnaimh do roinnt eilimintí i margadh aigéid chitrigh na Síne chun a fhíorú go raibh an margadh faoi thionchar an tsaofa in earnálacha amhábhar, peitriceimiceán agus ceimiceán na Síne. Mheas an Coimisiún gur leor an fhianaise a liostaíodh san fhógra tionscnaimh chun go mbeadh údar le himscrúdú a thionscnamh ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Thairis sin, na torthaí a fuarthas sna himscrúduithe frithdhumpála a rinne údaráis tíortha eile, cé nach fianaise saofa atá iontu i gcónaí in imscrúduithe frithdhumpála de chuid an Aontais, d’fhéadfadh sé go mbeadh gnéithe ábhartha fianaiseacha iontu a léiríonn go bhfuil mínórmáltachtaí ann i margadh ábhartha na tíre is onnmhaireoir, de réir mar a bhí sa chás seo maidir le tionscadal aigéid chitrigh na Síne.

(56)

Maidir leis an argóint i dtaca leis an Tuarascáil a bheith as dáta, mheabhraigh an Coimisiún nár soláthraíodh aon fhianaise go dtí seo a léiríonn go bhfuil an Tuarascáil as dáta. A mhalairt air sin, thug an Coimisiún dá aire gurbh ábhartha fós le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe iad na príomhdhoiciméid bheartais agus an fhianaise a bhí sa tuarascáil, lena n-áirítear na pleananna cúig bliana ábhartha agus an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an táirge faoi athbhreithniú, agus níor chruthaigh CCCMC ná aon pháirtí eile nárbh amhlaidh an cás.

(57)

Mheabhraigh an Coimisiún thairis sin nár bhain US – Countervailing Measures (an tSín) (DS437) le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, airteagal atá ina bhunús dlí ábhartha le haghaidh chinneadh an ghnáthluacha san imscrúdú seo. Cás fíorasach eile ba ábhar na díospóide sin, agus bhain sé le léirmhíniú Chomhaontú EDT maidir le Fordheontais agus Bearta Frithchúitimh seachas an Comhaontú Frithdhumpála. In aon chás, mar a mhínítear in aithrisí (49) agus (55) thuas, bhain an fhianaise a cuireadh in iúl go soiléir le margadh aigéid chitrigh na Síne agus, dá réir sin, leis an táirge faoi athbhreithniú sa chás faoi chaibidil. Dá bhrí sin, diúltaíodh don éileamh sin.

(58)

Maidir leis an argóint dheireanach ó CCCMC nach ábhartha na torthaí ó imeachtaí frithdhumpála SAM sa chás seo, tugann an Coimisiún faoi deara go raibh torthaí eile seachas torthaí ó imscrúduithe SAM san áireamh san fhianaise a liostaigh an t-iarratasóir san fhógra tionscnaimh, go háirithe roinnt píosaí fianaise ar bhonn na Tuarascála. Measadh gur leor an fhianaise sin chun tionscnamh imscrúdaithe a éileamh ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. De bhrí gur tharla imscrúdú SAM roimh thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe, na barúlacha a sholáthair na hiarratasóirí tráth an tionscnaimh, ba léiriú tacaíochta breise iad ar neamhrialtachtaí i margadh na Síne.

(59)

Thairis sin, chuir CCCMC a bharúlacha isteach i leith an Chéad Nóta maidir leis na Foinsí le haghaidh Chinneadh an Ghnáthluacha. San aighneacht sin, sa chéad dul síos, d’athdhearbhaigh CCCMC na barúlacha a thug sé tráth an tionscnaimh. Sa dara dul síos, mheabhraigh sé nár cheart ach na costais táirgthe agus díola ar cruthaíodh go ndearnadh saobhadh orthu a ionadú le praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Go sonrach, mhaígh CCCMC gur theip ar na hiarratasóirí a chruthú go ndearnadh saobhadh ar na costais saothair sa tSín agus, dá bhrí sin, gur cheart don Choimisiún na costais saothair éifeachtúla a úsáid de réir mar a thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Dúirt CCCMC go raibh sé míréasúnta na costais saothair a ionadú leis na cinn ó thríú tír toisc go raibh siad faoi thionchar roinnt tosca amhail caidreamh idir an soláthar agus an t-éileamh sa mhargadh lena mbaineann, a mhéid a úsáideadh an t-uathoibriú sa phróiseas táirgeachta, agus leibhéal phraghas an tráchtearra sa cheantar ina raibh na táirgeoirí lonnaithe. Dúirt CCCMC freisin go n-athraíonn na costais saothair ní hamháin de réir tíre ach de réir táirgeoirí éagsúla de chuid na Síne chomh maith. Thairis sin, dúirt CCCMC go n-athraíonn na costais fuinnimh de réir roinnt tosca, lena n-áirítear an cineál fuinnimh agus a mhéid atá sé ar fáil sa cheantar, an teicneolaíocht lena ngintear an fuinneamh, an caidreamh idir an soláthar agus an t-éileamh, etc. Dá bhrí sin, ní féidir praghsanna fuinnimh i dtír amháin a úsáid chun leibhéal praghsanna fuinnimh i dtír eile faoi ghnáthchoinníollacha an mhargaidh a léiriú.

(60)

Thug an Coimisiún dá aire gur ón uair a chinntear nach iomchuí praghsanna agus costais sa tír is onnmhaireoir a úsáid de bharr saobhadh suntasach a bheith ann sa tír is onnmhaireoir de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí chun an gnáthluach a ríomh le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a). Faoi Aireagal 2(6a)(a), ceadaítear costais intíre a úsáid i gcás inar suíodh nach ndearnadh saobhadh orthu. Mar sin féin, i bhfianaise na fianaise a bhí ar fáil, níorbh fhéidir a shuí nach ndearnadh saobhadh ar chostais aonair saothair agus fuinnimh agus/nó ar chostais ionchuir eile tháirgeacht agus dhíol an táirge faoi athbhreithniú. Mar a léirítear i ranna 3.2.1.1 go 3.2.1.9, shuigh an Coimisiún gurb ann do shaobhadh suntasach i dtionscadal an aigéid chitrigh agus ní raibh aon fhianaise dheimhneach ann a léirigh nach ndearnadh saobhadh ar thosca táirgthe de chuid táirgeoirí onnmhairiúcháin ar leith.

(61)

In aon chás, ríomhadh na costais saothair agus fuinnimh ar bhonn an mhéid saothair agus fuinnimh faoi seach a úsáidtear sa phróiseas monaraíochta, mar a dhearbhaíonn na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, bhí méid an tsaothair agus an fhuinnimh ag teacht le fíorúsáid na dtosca sin ag táirgeoirí na Síne, agus ní dhearnadh ach costas an tsaothair agus an fhuinnimh a ionadú leis an luach neamhshaofa ón tír ionadaíoch. Cé go bhféadfadh sé a bheith fíor go n-athraíonn costais saothair agus fuinnimh go pointe áirithe de réir ceantair geografacha éagsúla, ní úsáideann an Coimisiún ach amháin na costais nach bhfuil faoi réir saofa i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a). D’fhoilsigh an Coimisiún dhá nóta i ndáil leis an gcomhad maidir leis na tosca táirgeachta, rud a thug neart ama do na páirtithe a gcuid barúlacha a thabhairt, lena n-áirítear béim a leagan ar aon mhínormáltacht a d’fhéadfaí a bheith ann nó aon saincheist eile sa tír ionadaíoch nó sna tíortha ionadaíocha a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm orthu. Sa chomhthéacs sin, níor cheistigh na páirtithe leasmhara leibhéal na gcostas saothair agus/nó fuinnimh sa tír ionadaíoch iomchuí arna leagan amach sa Nóta dar 30 Samhain 2020. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na héilimh sin.

(62)

Sa tríú dul síos, dúirt CCCMC gur cheart de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán measúnú a dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach i gcás gach táirgeora onnmhairiúcháin ar leithligh. Dá bhrí sin, bhí sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar imthosca gach táirgeora de chuid na Síne a sampláladh agus a chinneadh an ndearnadh saobhadh ar aon cheann de na tosca atáirgthe nó díola i gcás gach ceann díobh.

(63)

Thug an Coimisiún dá aire gur ar leibhéal na tíre ar fad a shuitear gurb ann do shaobhadh suntasach lena dtionscnaítear cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, agus dá bhrí sin, tá feidhm aige maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile sa tír sin, mar is amhlaidh sa chás seo. In aon chás, mar a luaitear in aithris (60), faoin bhforáil chéanna sa bhun-Rialachán, foráiltear gur féidir costais intíre a úsáid má shuitear nach bhfuil tionchar ag saobhadh suntasach orthu, agus sna cásanna sin, úsáidtear na costais sin chun an gnáthluach a ríomh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don éileamh sin.

(64)

In aighneachtaí ar leithligh, d’athdhearbhaigh táirgeoirí onnmhairiúcháin Weifang Ensign Industry, RZBC agus Jiangsu Guoxin Union Energy na héilimh a rinne CCCMC i ndáil leis an gcéad nóta. Thairis sin, in aighneacht ó COFCO Bio-Chemical Energy (Yushu), dúirt an táirgeoir onnmhairiúcháin sin go dtéann cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i gcoinne fhoráil Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála.

(65)

Thug an Coimisiún dá aire gur míníodh ceist chomhréireacht Airteagal 2(6a) le dlí EDT cheana féin in aithris (53) thuas.

(66)

Tar éis an nochta, chuir CCCMC agus Weifang Ensign Industry, RZBC agus Jiangsu Guoxin Union Energy (“na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin”) sraith barúlacha isteach maidir le saobhadh suntasach.

(67)

Ar dtús, d’athdhearbhaigh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin an t-éileamh nach bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i gcomhréir le hAirteagail 2.2.1.1 agus 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála agus leis na torthaí a fuarthas sna cásanna EDT seo a leanas: AE – Bithdhíosal (an Airgintín) (Torthaí an Phainéil agus an Bhuanchomhlachta) AE-Bithdhíosal (an Indinéis) (torthaí an Phainéil), an Úcráin – Níotráit Amóiniam (torthaí an Phainéil agus an Bhuanchomhlachta), an Astráil - Cóip-Pháipéar (torthaí an Phainéil) agus AE – Modheolaíochtaí um Coigeartú Costas (torthaí an Phainéil). Déanann na páirtithe seo tagairt shonrach do na torthaí sna tuarascáil dheireanach sin, is é sin nárbh fhoras leordhóthanach é an idirghabháil rialtais/saobhadh margaidh a cuireadh i leith Rialtas na Rúise chun conclúid a dhéanamh nach léiriú réasúnta a bhí i dtaifid na dtairgeoirí onnmhairiúcháin ar na costais a bhaineann le táirgeacht agus díol an táirgthe lena mbaineann.

(68)

Mheabhraigh an Coimisiún nár bhain aon cheann de na cásanna EDT a luaitear thuas le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ná leis na coinníollacha le haghaidh a chur i bhfeidhm. Thairis sin, ní hionann na bunstaideanna fíorasacha sna cásanna sin agus an bunstaid agus na critéir is cúis le cur i bhfeidhm na modheolaíochta faoin bhforáil seo den bhun-Rialachán. Maidir leis an díospóid EDT, AE – Modheolaíochtaí um Choigeartú Costas, mheabhraigh an Coimisiún go ndearna an tAontas agus an Rúis araon achomharc i gcoinne thorthaí an Phainéil, agus dá bhrí sin, ní críochnaitheach na torthaí sin agus, i gcomhréir le cásdlí EDT, níl stádas dlíthiúil acu i gcóras GATT ná EDT, ó tharla nár formhuiníodh iad le cinntí ó na PÁIRTITHE CONARTHACHA IN GATT nó ó Chomhaltaí EDT. In aon chás, measadh go sonrach i dTuarascáil an Phainéil go raibh na forálacha in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán lasmuigh de raon feidhme na díospóide. Chinn an Painéal go bhfuil gné dhifriúil ag na forálacha sin agus nach ionann na himpleachtaí dlíthiúla atá leo agus na cinn atá leis na forálacha faoi Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán, forálacha arbh ábhar iad don díospóid sin, agus ní dhearnadh forálacha Airteagal 2(5) a ionadú le forálacha Airteagal 2(6a) nuair a tugadh isteach iad (18). Dá bhrí sin, níl aon bhaint ag na torthaí a fuarthas sna cásanna a luaitear thuas le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a), ar foráil nua í nach raibh faoi réir aon imeacht EDT roimhe seo agus nach ionadaíonn Airteagal 2(5) ná Airteagal 2(3). Dá bhrí sin, níl aon tábhacht ag baint leis na torthaí sin ó thaobh comhréireacht Airteagal 2(6a) le rialacha EDT ábhartha a mheas. Mar gheall ar na cúiseanna seo, diúltaíodh don éileamh sin.

(69)

Sa dara dul síos, mhaígh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin, d’ainneoin gur cuid lárnach de thorthaí an Aontais maidir leis an gnáthluach faoi Airteagal 2(6a) iad na torthaí EDT dá dtagraítear in aithris (67), níor léirigh an nochtadh aon réasúnú maidir leis an gcaoi a raibh an fhoráil seo i gcomhréir le forálacha Airteagal 2.2.1.1 den Chomhaontú Frithdhumpála agus le forálacha comhfhreagracha Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán. Ina theannta sin, níor léirigh sé aon nasc idir Airteagal 2(6a) agus “staid margaidh ar leith” a d’fhéadfadh a bheith ann, mar a thagraítear dó in Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála agus i bhforálacha comhfhreagracha Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán. Thairis sin, mhaígh CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin gur theip ar an gCoimisiún míniú a thabhairt ar an gcaoi mbeadh údar maith le húsáid na sonraí ó thríú tír ag an gCoimisiún faoi Airteagal 2(5), an dara fomhír, den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, mhaígh CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin gur theip ar an gCoimisiún míniú a thabhairt ar chomhsheasmhacht dhlíthiúil Airteagal 2(6a) le dlí-eolaíochta EDT a luaitear thuas.

(70)

Mheabhraigh an Coimisiún ar dtús go bhfuil feidhm ag forálacha Airteagal 2(5) agus Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán maidir le himscrúduithe frithdhumpála ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha ábhartha na bhforálacha sin faoi seach. Os a choinne sin, baineann forálacha Airteagal 2(6a) le cás sonrach na n-imscrúduithe a dhéantar ar tháirgí de thionscnamh tíortha ina ndearbhaíodh gurb ann do shaobhadh suntasach agus nach iomchuí na costais agus na praghsanna intíre a úsáid chun an gnáthluach a ríomh mar gheall ar an saobhadh suntasach sin. Dá bhrí sin, an nós imeachta a chuirtear i bhfeidhm faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus ábhar an mheasúnaithe, ní hionann iad sin agus na cinn faoi Airteagail 2(3) agus 2(5) den bhun-Rialachán. Ina n-éileamh, glacann CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin leis go bhfuil nasc idir na forálacha in Airteagal 2(6a) agus na forálacha in Airteagail 2(5) agus 2(3) den bhun-Rialachán, agus maíonn siad i ngeall air sin gur cheart don Choimisiún údar dlíthiúil a thabhairt le cur i bhfeidhm na modheolaíochta faoi Airteagal 2(6a), faoi Airteagail 2(5) agus/nó 2(3) den bhun-Rialachán. Ní raibh sa bharúil sin ag CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ach tuairimíocht ó tharla go bhforáiltear in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán nach mór an mhodheolaíocht faoin airteagal sin a chur i bhfeidhm má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha lena chur i bhfeidhm. Ní cheanglaítear leis an bhforáil sin aon anailís dhlíthiúil bhreise a dhéanamh faoi Airteagal 2(3) agus/nó Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán, gan trácht ar an dlí-eolaíocht atá leo, mar a dhearbhaíonn CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin go mícheart. Tá na forálacha sin neamhspleách ar a chéile. Dá bhrí sin, diúltaíodh don éileamh sin.

(71)

Sa tríú dul síos, mhaígh CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin gur i gcás thorthaí an Phainéil in AE –Modheolaíochtaí um Choigeartú Costas maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán, bhí feidhm ag na torthaí sin i dtaca le hAirteagal 2(6a) freisin. Thairis sin, mhaígh CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin nach ndearnadh aon tagairt sa nochtadh do choigeartuithe a rinneadh ar na sonraí ón gColóim chun costais táirgeachta sa tSín a léiriú, rud a bheadh ina chéim riachtanach faoi Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála lena ndéantar foráil maidir le coigeartú a dhéanamh ar aon sonraí ó thríú tír arna n-úsáid ag an údarás imscrúdaithe chun costais táirgeachta sa tír tionscnaimh a léiriú.

(72)

Mar fhreagairt, dúirt an Coimisiún, mar a mhínítear in aithrisí (68) agus (70) cheana féin, na torthaí ó imscrúduithe EDT go dtí seo, lena n-áirítear AE – Modheolaíochtaí um Choigeartú Costas, níor bhain siad go sonrach le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ach le hAirteagal 2(5) den bhun-Rialachán. An rud is tábhachtaí, ní críochnaitheach na torthaí ón díospóid sin toisc go ndearna an tAontas agus an Rúis araon achomharc ina gcoinne agus, dá bhrí sin, de réir chásdlí seasmhach EDT, níl aon stádas dlíthiúil acu i gcóras GATT nó EDT ós rud é nár formhuiníodh iad trí chinntí ó na PÁIRTITHE CONARTHACHA in GATT nó ó Chomhaltaí EDT. Thairis sin, sa tuarascáil sin ón bPainéal, luaitear go sonrach nach ionann an ghné atá ag na forálacha faoi seach, agus nach ionann na himpleachtaí dlíthiúla atá leo agus na cinn atá le hAirteagal 2(6a). Rud atá chomh tábhachtach chéanna, mar a mhínítear in aithris (53) agus mar a mhínítear thuilleadh in aithris (74) thíos, go gceadaítear faoi dhlí-eolaíocht ábhartha EDT, úsáid a bhaint as sonraí ó thríú tír i gcás ina bhfuil údar maith leis sin. Maidir leis na sonraí ón gColóim, bunaíonn CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin a n-éileamh arís ar mheascán de na forálacha in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus in Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán. Mar a mhionsonraítear thíos i Ranna 3.3 go dtí 3.8 den Rialachán seo agus sna nochtaí sonracha, d’úsáid an Coimisiún na sonraí ábhartha ón gColóim (nó ó fhoinsí eile le haghaidh tosca áirithe táirgeachta) ar bhealach atá go hiomlán i gcomhréir le forálacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinneadh coigeartuithe áirithe ar an luach ábhartha chun teacht ar phraghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa chun an gnáthluach a ríomh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don éileamh sin.

(73)

Sa cheathrú dul síos, mhaígh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin gur i bhfianaise thorthaí an Phainéil in AE – Modheolaíochtaí um Choigeartú Costas maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 11(3) den Chomhaontú Frithdhumpála, ní dlisteanach conclúid an Choimisiúin maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, mar a mhínítear in aithrisí 170-186, ná rún an Choimisiúin na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair a choinneáil ar bun. D’áitigh CCCMC agus na trí thairgeoir onnmhairiúcháin ar an gCoimisiún míniú agus réasúnú mionsonraithe a thabhairt lena éileamh dlíthiúil in aithris 53 den Nochtadh, is é sin go bhfuil an mhodheolaíocht atá bunaithe ar Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i gcomhréir leis na forálacha agus an dlí-eolaíocht is infheidhme den Chomhaontú Frithdhumpála.

(74)

Arís eile, cuireann an Coimisiún i dtábhacht nach críochnaitheach na torthaí ón díospóid EDT sin toisc go ndearna an tAontas agus an Rúis araon achomharc ina gcoinne agus, dá bhrí sin, de réir chásdlí seasmhach EDT, níl aon stádas dlíthiúil acu i gcóras GATT nó EDT ós rud é nár formhuiníodh iad trí chinntí ó na PÁIRTITHE CONARTHACHA in GATT nó ó Chomhaltaí EDT. Thairis sin, rialaigh an Painéal go sainráite go raibh Airteagal 2(6a) lasmuigh dá théarmaí tagartha i bhfianaise ghné dhifriúil na forála agus na n-impleachtaí dlíthiúla difriúla a ghabhann leis, i gcomparáid le hAirteagal 2(5). Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (53), is é dearcadh an Choimisiúin gur de réir thorthaí chás EDT EU – Biodiesel (DS473), forálacha an bhun-Rialacháin a bhfuil feidhm acu go ginearálta maidir le Comhaltaí uile EDT, go háirithe Airteagal 2(5), an dara fomhír, ceadaítear faoi na forálacha sin sonraí ó thríú tír a úsáid, arna gcoigeartú mar is cuí nuair is gá leis an gcoigeartú sin agus nuair atá sé réasúnaithe. Ó tharla nach bhfuil aon torthaí sonracha ó Chomhlacht EDT um Réiteach Díospóide maidir leis na forálacha faoi Airteagal 2(6a), mheas an Coimisiún gur i gcás ina meastar gur ábhartha na torthaí ó chás EU-Biodiesel (DS473) sa chomhthéacs difriúil agus sa staid difriúil a thagann faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán frithdhumpála, bheadh na torthaí sin go hiomlán comhsheasmhach in aon chás leis an bhféidearthacht sonraí lasmuigh den tír a úsáid chun luachanna neamhshaofa a fháil i dtír ionadaíoch iomchuí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint sin.

(75)

Sa chúigiú dul síos, mhaígh CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin nach bhfuil aon bhunús dlí in EDT chun ríomh gnáthluacha a chur i bhfeidhm lasmuigh de chreat Chomhaontú Frithdhumpála EDT ó chuaigh Prótacal Aontachas na Síne le EDT in éag i mí na Nollag 2016. Dá bhrí sin, faoina oibleagáidí idirnáisiúnta, tá ceangal ar an Aontas cloí go docht le forálacha Airteagal 2 ADA maidir le cinneadh an ghnáthluacha.

(76)

Mheabhraigh an Coimisiún ag an tús, maidir le himeachtaí frithdhumpála a bhaineann le táirgí ón tSín, go bhfuil feidhm fós, agus an gnáthluach á ríomh, ag na codanna de Roinn 15 de Phrótacal Aontachas na Síne le EDT nach bhfuil imithe in éag, maidir le caighdeán an gheilleagair margaidh agus maidir le húsáid modheolaíochta nach bhfuil bunaithe ar chomparáid dhocht le costais nó praghsanna sa tSín. Thairis sin, mheabhraigh an Coimisiún gur tugadh isteach Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le Rialachán (AE) 2017/2321 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus tagairt á déanamh aige d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh arb é atá ina bhunús dlí leis.. Mar a soiléiríodh freisin in aithris (53), tá forálacha Airteagal 2(6a) go hiomlán comhsheasmhach le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear rialacha ábhartha EDT. Ó tharla nach ndearna an Coimisiún conclúid i Roinn 3.2.1 gurb iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm san imscrúdú seo agus go bhfuil an fhoráil sin go hiomlán comhsheasmhach le rialacha EDT, diúltaíodh don éileamh sin.

(77)

Sa séú dul síos, dúirt CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin go raibh na torthaí san imscrúdú bunaithe i gcoitinne ar Thuarascáil 2017 ón gCoimisiún, tuarascáil nach mbaineann le hearnáil an aigéid chitrigh go sonrach ach, ar bhealach níos ginearálta, leis an earnáil ceimiceán i gcoitinne, le margaí amhábhar réamhtheachtacha agus/nó le gnéithe gheilleagar na Síne agus beartais Rialtas na Síne nach mbaineann go soiléir le hearnáil an aigéid chitrigh. I ndáil leis sin, mhaígh CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin gur de réir thorthaí Bhuanchomhlacht Achomhairc EDT ar SAM– Bearta Frithchúitimh, tá sé de cheangal ar an gCoimisiún cinneadh cás ar chás a dhéanamh maidir le haon saobhadh. Dúirt CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin nár aontaigh siad le ráiteas an Choimisiúin nach ábhartha na torthaí sin ó thaobh an cháis seo toisc go mbaineann siad le Comhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh (“ASCM”). Chuir CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin i dtábhacht go bhfuil na torthaí sin ábhartha freisin sa chás atá faoi chaibidil.

(78)

Mheabhraigh an Coimisiún gur faoi ASCM, tugtar aghaidh ar chomhthéacs an tsaofa ó thaobh dhearcadh sonrach an fhóirdheonaithe a chruthaíonn sé i bhfabhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Iarmhairtí na n-imeachtaí sin is ea cur i bhfeidhm dleachta frithchúitimh arna ríomh go sonrach ar bhonn an mhéid fóirdheonaithe dhíobhálaigh a d’aimsigh údarás imscrúdaithe. Os a choinne sin, i gcomhthéacs na frithdhumpála faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, ní hí cuspóir na hanailíse a shuí an fóirdheontas in-fhrithchúitithe atá sa saobhadh agus an gcomhlíonann sé na coinníollacha ábhartha, ach ina ionad sin táthar ag iarraidh a shuí an suntasach an saobhadh de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), rud a chiallaíonn go mbeadh údar maith le cur i bhfeidhm na modheolaíochta chun an gnáthluach a ríomh, mar a fhoráiltear san fhoráil sin. Ní hionann an bunord dlíthiúil, na cásanna agus an comhthéacs, tá cuspóirí éagsúla acu agus eascraíonn iarmhairtí dlíthiúla éagsúla astu. Dá bhrí sin, choinnigh an Coimisiún a thuairim nach ábhartha na torthaí sa chás a luaitear thuas i gcás an imscrúdaithe reatha agus mar sin dhiúltaigh sé don éileamh sin.

(79)

Maidir leis an argóint nach n-áirítear i dTuarascáil 2017 ón gCoimisiún caibidil shonrach maidir le haigéad citreach, dúirt an Coimisiún nach bhfuil aon nasc idir saobhadh suntasach a bheith ann, rud is cúis le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus caibidil shonrach earnála a bheith ann lena gcumhdaítear an táirge atá faoi imscrúdú. Sa Tuarascáil déantar tuairisc ar chineálacha éagsúla saofa atá ann in DPS, saofaí atá trasghearrthach agus infheidhme ar fud gheilleagar na Síne agus a dhéanann difear do phraghsanna agus/nó comhábhar agus costais táirgeachta an táirge atá faoi imscrúdú. Thairis sin, ní hí an Tuarascáil an t-aon fhoinse fianaise a úsáideann an Coimisiún chun cinneadh a dhéanamh ó tharla gurb ann do ghnéithe imscrúdaithe breise a úsáidtear chun na críche sin. Mar a mhínítear in ranna 3.2.1.2 go dtí 3.2.1.9 thíos, tá tionscal an aigéid chitrigh faoi réir roinnt idirghabhálacha rialtais a ndéantar tuairisc orthu sa Tuarascáil (cuimsiú sna Pleananna Cúig Bliana agus i ndoiciméid eile, saobhadh ar chomhábhar, saobhadh airgeadais etc.), idirghabhálacha a liostaítear agus a ndéantar tagairt dóibh go sainráite sa Rialachán seo. Sa bhreis air sin, in aithrisí (94), (97), (100) agus (101) den Rialachán seo, sonraítear roinnt saofaí atá infheidhme maidir le hearnáil an aigéid chitrigh agus/nó lena chomhábhair agus a ionchuir thar an saobhadh suntasach a luaitear sa Tuarascáil cheana féin. Dálaí an mhargaidh agus na bunbheartais agus na bunphleananna as a n-eascraíonn an saobhadh suntasach, tá siad infheidhme fós maidir le hearnáil an aigéid chitrigh agus maidir leis na costais táirgeachta a ghabhann léi, d’ainneoin gur foilsíodh an Tuarascáil i mí na Nollag 2017. Níor chuir aon pháirtí aon fhianaise dá mhalairt isteach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint sin.

(80)

Sa seachtú dul síos, d’áitigh CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin gur cé gur luaigh an Coimisiún coincheapa treoracha éagsúla de chuid an rialtais agus forálacha cur chun feidhme lena gceadaítear idirghabhálacha agus lena bhféadfaí iad a shainordú sa gheilleagar fiú, theip ar an gCoimisiún a léiriú gurb ann i ndáiríre do shaobhadh suntasach i ngeall ar an méid sin. Dúirt CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin freisin gur de bhun thorthaí SAM – Bearta Frithchúitimh, ba é conclúid an Bhuanchomhlachta Achomhairc “nach mór a shuí gurb ann do shaobhadh suntasach ar phraghsanna mar gheall ar idirghabháil rialtais agus míniú leordhóthanach a thabhairt air” agus “nach mór an cinneadh […] a dhéanamh ar bhonn cás ar chás.” D’áitigh CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin thairis sin nach mór anailís an Choimisiúin ar shaobhadh ar phraghsanna a dhéanamh ar bhonn táirgeoirí ar leith agus ar bhonn cás ar chás, toisc go bhféadfadh sé go dtarlódh idirghabháil rialtais ar leibhéil éagsúla rialtais mar shampla, agus i ndáil le réigiúin éagsúla sa tír, agus sa chaoi sin ní dhéanfaí difear i ngach cuid den tír agus ar an mbealach céanna do tháirgeoirí uile an táirge atá faoi imscrúdú.

(81)

Mheabhraigh an Coimisiún gur de réir Airteagal 2(6a)(b), agus measúnú á dhéanamh aige an ann do shaobhadh suntasach, nach mór don Choimisiún “tionchar féideartha” na n-eilimintí a liostaítear san Airteagal sin a mheas. Léiríonn na torthaí i ranna 3.2.1.2 go dtí 3.2.1.9 den Rialachán seo go bhfuil rochtain fhabhrach ag táirgeoirí aigéid chitrigh na Síne ar mhaoiniú stáit agus gurb ann do shaobhadh ar fud na tíre i ndáil le gach ceann de na sé ghné a thugann le fios gurb ann do shaobhadh, mar a liostaítear in Airteagal 2(6a)(b). Dá bhrí sin, nuair atá measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach faoi Airteagal 2(6a)(b), tá sé ábhartha más ann do shaobhadh den chineál sin san earnáil. Mheabhraigh an Coimisiún freisin, bíodh na táirgeoirí onnmhairiúcháin faoi thionchar idirghabhála dírí ón stát nó ná bíodh, cuir i gcás má fhaigheann siad fordheontais, is dócha go mbeidh tionchar ag idirghabháil dhíreach ón stát ar a gcuid soláthróirí nó ar ghníomhaithe eile a bhfuil baint acu le margaí réamhtheachtacha nó iartheachtacha tháirgeacht an táirgthe atá i gceist, cuir i gcás rochtain fhabhrach ar mhaoiniú, rud eile a léiríonn nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna agus ná costais. Maidir leis an tagairt do thorthaí EDT in SAM – Bearta Frithchúitimh, mar a mhínítear in aithrisí (57) agus (78), athdhearbhaíonn an Coimisiún nach bhfuil siad ábhartha i gcomhthéacs an imscrúdaithe seo toisc go mbaineann siad leis an ionstraim frith-fhóirdheontais, agus in aon chás, ní dhéanann siad difear do na torthaí maidir le saobhadh suntasach a bheith ann faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don éileamh sin.

(82)

Ar deireadh, mhaígh CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin gur theip ar an Nochtadh go leanúnach, ó thaobh na dtagairtí do bheartais nó do phleananna an rialtais i gcoitinne agus ó thaobh na hidirghabhála rialtais a líomhnaíodh in earnáil an aigéid chitrigh go sonrach, cásanna inar tharla fíor-idirghabháil rialtais in oibríochtaí tháirgeoirí aigéid chitrigh na Síne a raibh saobhadh suntasach ar phraghsanna na dtáirgeoirí sin mar thoradh air. Mar shampla, luaigh CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin an plean rialtas a luaitear in aithris (76) den Nochtadh ina spreagtar táirgeoirí aigéid chitrigh chun fiontair níos mó a chruthú trí bhíthin cumasc agus atheagrúchán. Mhaígh CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin nach mbaineann an plean a luaitear thuas ach le cúigí, réigiúin nó limistéir táirgeachta áirithe, rud a chiallaíonn nach mbaineann an spreagadh sin go cuimsitheach leis na táirgeoirí uile ar fud na Síne, rud a éilíonn arís anailís agus nochtadh maidir le tairgeoirí ar leith. Thairis sin, dúirt CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin freisin nach ionann “spreagadh” simplí agus fíor-idirghabháil lena gceanglaítear cumaisc/atheagrúcháin agus gur theip ar an gCoimisiún fíorshamplaí idirghabhála a chur ar fáil. Ar deireadh, mhaígh CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin gur áiríodh sa doiciméad céanna bearta eile amhail cur i bhfeidhm caighdeán cosanta comhshaoil, iarrachtaí maidir le táirgeacht ghlan a fhíorú agus feabhsuithe cuimsitheacha ar chaomhnú fuinnimh agus ar laghdú astaíochtaí, laghdú ar ídiú fuinnimh agus uisce, agus táirgeacht ghlan agus athchúrsáil a chur chun cinn. Bheadh sé sách níos éifeachtúla na bearta sin uile a chur i bhfeidhm dá mbeadh na haonaid táirgeachta níos mó, mar a spreagtar.

(83)

Mheabhraigh an Coimisiún nach dearbhú nó moladh gan bhunús atá sa “spreagadh” sin ón rialtas maidir le gníomhaíochtaí áirithe amhail cumaisc agus atheagrúcháin lena gcruthófar ilchuideachtaí, ach gurb ann i ndáiríre do dhreasachtaí airgeadais a thacaíonn leis na moltaí a dhéanann an rialtas sna pleananna oifigiúla (féach Roinn 3.2.1.8 agus aithris (110) go háirithe). Fiú mura gcuireann rialtas na Síne iallach nó oibleagáid ar na cuideachtaí iad féin a ghrúpáil ina n-eintitis mhóra ar bhonn a phlean, rud nach amhlaidh anseo, in aon chás, tá tairbhí airgeadais áirithe nó coinníollacha fabhracha iasachta ar fáil do na fiontair a chinneann moltaí an phlean a leanúint, agus dá bhrí sin, déantar saobhadh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir a stiúrfadh na cuideachtaí in éagmais na bpleananna sin. In aon chás, léiríonn an anailís agus na torthaí i Ranna 3.2.1.2 go dtí 3.2.1.9 den Rialachán seo go soiléir gurb ann do shaobhadh suntasach in earnáil an aigéid chitrigh agus gur dócha go mbeidh tionchar aige ar sholáthróirí na n-amhábhar do tháirgeoirí an táirge atá i gceist.

(84)

Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún scrúdú ar cé acu an iomchuí nó nach iomchuí úsáid a bhaint as praghsanna agus costais intíre sa tSín i ngeall ar shaobhadh suntasach a bheith ann de réir phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise atá ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise atá sa Tuarascáil ar fianaise í atá ag brath ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. San anailís sin, rinneadh scrúdú ar na hidirghabhálacha substaintiúla rialtais i ngeilleagar na Síne go ginearálta agus ina theannta sin, féachadh ar an suíomh margaidh sonrach san earnáil ábhartha, lena n-áirítear earnáil an táirge faoi athbhreithniú. Ar an mbonn sin, diúltaíodh do na héilimh sin.

3.2.1.2.   Saobhadh suntasach a imríonn tionchar ar phraghsanna agus costais sa tSín

(85)

Is é “geilleagar margaidh sóisialach” an coincheap ar a bhfuil córas eacnamaíoch na Síne bunaithe. Tá an coincheap sin cumhdaithe i mBunreacht na Síne agus cinneann sé rialachas eacnamaíoch na Síne. “Úinéireacht phoiblí shóisialach na modhanna táirgeachta, is é sin, úinéireacht an phobail uile agus úinéireacht chomhchoiteann an lucht saothair” is ea an croíphrionsabal. Tá an geilleagar faoi úinéireacht Stáit ina “ceann feadhnachta ar an ngeilleagar náisiúnta” agus tá sainordú ag an Stát “comhdhlúthú agus fás [an gheilleagair] a áirithiú” (20). Dá réir sin, ní hamháin go bhfuil geilleagar na Síne socraithe ar an iomlán sa chaoi gur féidir leis an Rialtas idirghabhálacha substaintiúla a dhéanamh sa gheilleagar, tá idirghabhálacha den chineál sin sainordaithe go sonrach. Tá coincheap fhorlámhas na húinéireachta poiblí thar an úinéireacht phríobháideach lárnach ar fud an chórais dlí ina iomláine agus leagtar béim air mar phrionsabal ginearálta i ngach píosa lárnacha reachtaíochta. Is sampla cruthanta é dlí maoine na Síne: deirtear inti go bhfuil an tSín ag an gcéad chéim den sóisialachas agus cuirtear cúram chaomhnú an chórais bhunúsaigh eacnamaíoch ar an Stát faoina bhfuil ról ceannasach ag an úinéireacht phoiblí. Glactar le foirmeacha eile úinéireachta agus de réir an dlí ceadaítear dóibh forbairt taobh le húinéireacht an Stáit (21).

(86)

Thairis sin, faoi dhlí na Síne, is í ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne (“PCS”) a fhorbraíonn an geilleagar margaidh sóisialach. Tá struchtúir Stát na Síne agus PCS fite fuaite le chéile ar gach leibhéal (dlíthiúil, institiúideach, pearsanta), rud a chruthaíonn forstruchtúr faoi nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir ról PCS agus ról an Stáit. Mar gheall ar leasú ar Bhunreacht na Síne i mí an Mhárta 2018, cuireadh níos mó béime ar ról PCS trí athdhearbhú a dhéanamh ar a ról i dtéacs Airteagal 1 den Bhunreacht. I ndiaidh na chéad abairte den fhoráil a bhí ann cheana: “is é an córas sóisialach córas bunúsach Dhaon-Phoblacht na Síne”, cuireadh an dara habairt nua isteach mar a leanas: “is í ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne an ghné is mó a shainíonn an sóisialachas a bhfuil saintréithe Síneacha aige” (22) Léiríonn an méid sin an smacht gan cheistiú atá ag PCS ar chóras eacnamaíoch an Síne, smacht atá ag dul i méid i gcónaí. Is gnéithe lárnacha de chóras na Síne iad an cheannaireacht agus an smacht sin agus téann siad i bhfad thar an ngnáthstaid i dtíortha eile ina bhfeidhmíonn an rialtas smacht ginearálta maicreacnamaíoch laistigh de na teorainneacha ina mbíonn fórsaí an mhargaidh shaoir i gceist.

(87)

Téann Stát na Síne i mbun beartas eacnamaíoch crioscaíolach chun spriocanna a shaothrú, spriocanna atá i gcomhréir leis an gclár polaitiúil a shocraíonn PCS seachas spriocanna a léiríonn dálaí eacnamaíocha reatha i margadh saor (23). Is iomaí uirlis eacnamaíoch crioscaíolach a mbaineann údaráis na Síne úsáid aisti, lena n-áirítear córas an phleanála tionscail, an córas airgeadais agus leibhéal na timpeallachta rialála chomh maith.

(88)

Sa chéad dul síos, ar leibhéal an smachta riaracháin ghinearálta, tá treo gheilleagar na Síne á rialú ag córas casta um pleanáil tionscail a bhfuil tionchar aige ar gach gníomhaíocht eacnamaíoch sa tír. Leis na pleananna sin i dteannta a chéile, cumhdaítear maitrís chuimsitheach chasta earnálacha agus beartas trasghearrtha, agus tá siad le fáil ar gach leibhéal rialtais. Is mionsonraithe iad na pleananna ar leibhéal na gcúigí agus leagtar amach spriocanna níos leithne sna pleananna náisiúnta. Sonraítear sna pleananna freisin na modhanna lena dtacófar leis na tionscail/earnálacha ábhartha chomh maith leis na tráthchláir faoinar gá na cuspóirí a ghnóthú. Bíonn spriocanna aschuir sainráite fós le fáil i bpleananna áirithe agus ba ghné choitianta í sin de thimthriallacha pleanála roimhe sin. Faoi na pleananna, luaitear earnálacha agus/nó tionscadail ar leith mar thosaíochtaí (dearfacha nó diúltacha) i gcomhréir le tosaíochtaí an rialtais agus sanntar spriocanna forbartha ar leith dóibh (uasghrádú tionsclaíoch, leathnú idirnáisiúnta etc.). Is gá do na hoibreoirí eacnamaíocha, idir oibreoirí príobháideacha agus oibreoirí faoi úinéireacht Stáit, a gcuid gníomhaíochtaí gnó a chur in oiriúint don mhéid a cheanglaítear leis an gcóras pleanála. Tarlaíonn sé seo ní hamháin mar gheall ar ghné cheangailteach na bpleananna ach toisc go gcloíonn údaráis ábhartha na Síne ar gach leibhéal rialtais le córas na bpleananna agus úsáideann siad a gcumhachtaí dílsithe dá réir, rud a thugann ar na hoibreoirí eacnamaíocha na tosaíochtaí a leagtar amach sna pleananna a chomhlíonadh (féach freisin roinn 3.2.1.5 thíos) (24).

(89)

Sa dara dul síos, maidir le leibhéal leithdháileadh na n-acmhainní airgeadais, tá córas airgeadais na Síne go mór faoi cheannas na mbanc faoi úinéireacht Stáit. Nuair atá a mbeartas iasachta á shocrú agus á chur chun feidhme ag na bainc sin, is gá dóibh a bheith i gcomhréir le cuspóirí bheartas tionscail an rialtais seachas tús áite a thabhairt do na buanna eacnamaíocha atá ag tionscadal áirithe (féach freisin roinn 3.2.1.8 thíos) (25). Tá feidhm ag an méid céanna maidir le gnéithe eile de chóras airgeadais na Síne amhail na stocmhargaí, na margaí bannaí, margaí an chothromais phríobháidigh etc. Ina theannta sin, na codanna eile sin den earnáil airgeadais lasmuigh den earnáil baincéireachta, tá siad socraithe go hinstitiúideach agus go hoibríochtúil ar bhealach nach bhfuil dírithe ar an bhfeidhm is éifeachtúla is féidir a bhaint as na margaí airgeadais ach ar bhealach a áirithíonn smacht an Stáit agus PCS agus a thugann cead dóibh idirghabháil a dhéanamh (26).

(90)

Sa tríú dul síos, ar leibhéal na timpeallachta rialála, is iomaí bealach is féidir leis an Stát idirghabháil a dhéanamh sa gheilleagar. Mar shampla, is minic a úsáidtear na rialacha maidir le soláthar poiblí chun spriocanna beartais a shaothrú seachas éifeachtúlacht eacnamaíoch a shaothrú, rud a bhaineann an bonn de na prionsabail mhargadhbhunaithe sa réimse seo. Sa reachtaíocht is infheidhme, foráiltear go sonrach go ndéanfar an soláthar poiblí a sheoladh chun gnóthú na gcuspóirí a ainmnítear i mbeartais Stáit a éascú. Mar sin féin, níor sainíodh fós nádúr na gcuspóirí sin, rud a fhágann go bhfuil solúbthacht fhairsing ag na comhlachtaí déanta cinntí ó thaobh a léirthuisceana (27). Ar an gcaoi chéanna, i réimse na hinfheistíochta, coinníonn Rialtas na Síne smacht suntasach agus imríonn sé tionchar ar cheann scríbe agus ar mhéid na hinfheistíochta Stáit agus na hinfheistíochta príobháidí araon. Scagadh infheistíochta mar aon le dreasachtaí, srianta agus toirmisc éagsúla a bhaineann leis an infheistíocht, tá siad ina n-uirlisí tábhachtacha ag na húdaráis chun tacú le cuspóirí an bheartais tionscail amhail smacht an Stáit a choinneáil ar phríomhearnálacha nó borradh a chur faoin tionsclaíocht intíre (28).

(91)

San iomlán, tá samhail eacnamaíoch na Síne bunaithe ar aicsímí bunúsacha áirithe, lena bhforáiltear maidir leis an iliomad idirghabhálacha rialtais agus lena spreagtar iad chomh maith. Níl idirghabhálacha suntasacha rialtais den chineál sin i gcomhréir le fórsaí margaidh gan srian, rud a dhéanann saobhadh ar leithdháileadh éifeachtach acmhainní de réir phrionsabail an mhargaidh (29).

3.2.1.3.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán: “an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir.

(92)

Sa tSín, is cuid ríthábhachtach den gheilleagar iad fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht agus/nó maoirseacht bheartais nó faoi threoir an Stáit.

(93)

Áirithíonn na struchtúir atá ag Rialtas na Síne agus ag PCS go leanfar den tionchar atá acu ar fhiontair, go háirithe fiontair atá faoi úinéireacht Stáit. Ní hamháin go bhfuil ról gníomhach ag an Stát (agus ag PCS i mórán gnéithe) i bhfoirmliú agus maoirsiú chur chun feidhme na mbeartas eacnamaíoch ginearálta ag fiontair ar leith atá faoi úinéireacht Stáit, ina theannta sin, éilíonn sé a chearta chun bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht oibríochtúil i bhfiontair faoi úinéireacht Stáit. Déantar é sin de ghnáth trí chaidrí a bhogadh idir údaráis rialtais agus fiontair faoi úinéireacht Stáit, trí chomhaltaí den pháirtí a bheith i láthair ar chomhlachtaí feidhmiúcháin na bhfiontar faoi úinéireacht Stáit agus trí chealla den pháirtí a bheith i láthair i gcuideachtaí (féach freisin roinn 3.2.1.4.) mar aon le múnlú a dhéanamh ar struchtúr corparáideach earnáil na bhfiontar faoi úinéireacht Stáit (30). Mar gheall air sin, tá stádas ar leith ag fiontair faoi úinéireacht Stáit laistigh de gheilleagar na Síne, rud a thugann roinnt tairbhí eacnamaíocha dóibh, go háirithe cosaint ar iomaíochas agus rochtain fhabhrach ar ionchuir ábhartha, le n-áirítear airgeadas (31). Na gnéithe a thugann le fios gurb ann do smacht rialtais ar fhiontair in earnáil an aigéid chitrigh, déantar tuilleadh tuairisce orthu i Roinn 3.2.1.4 thíos.

(94)

Go sonrach, in earnáil an aigéid chitrigh, is léir gurb ann do mhéid áirithe úinéireachta ag Rialtas na Síne. Léirigh an t-imscrúdú gur fiontair faoi úinéireacht stáit iad ar laghad trí cinn de na táirgeoirí onnmhairiúcháin, COFCO, Jiangsu Guoxin Union Energy agus Laiwu Taihe. Thairis sin, de réir an 13ú Plean Cúig Bliana maidir le Próiseáil Gráin agus Ola, moltar do thionscadal an aigéid chitrigh fiontair atá níos mó a chruthú trí bhíthin cumasc agus atheagrúchán (32). Is fianaise i leith idirghabháil rialtais i gcúrsaí tionscail é an moladh sin.

(95)

Leis an leibhéal ard idirghabhála rialtais i dtionscal an aigéid chitrigh agus le leitheadúlacht fiontair faoi úinéireacht stáit san earnáil sin, cuirtear cosc ar tháirgeoirí oibriú faoi dhálaí margaidh, fiú na táirgeoirí sin atá faoi úinéireacht phríobháideach. Go deimhin, fiontair faoi úinéireacht phoiblí agus fiontair faoi úinéireacht phríobháideach araon, tá siad faoi réir maoirseachta beartais agus treorach mar a shonraítear i roinn 3.2.1.5 thíos.

3.2.1.4.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán: An Stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas

(96)

Cé is moite de smacht a fheidhmiú ar an ngeilleagar trí fhiontair faoi úinéireacht stáit agus uirlisí eile, tá Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí. Cé gur féidir a mheas gur léiriú ar na cearta úinéireachta comhfhreagracha é an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomhphearsanra bainistíochta i bhfiontair faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a bhaint mar a fhoráiltear i reachtaíocht na Síne (33), tá tábhacht leis na cealla PCS i bhfiontair, idir fhiontair faoi úinéireacht stáit agus fhiontair faoi úinéireacht príobháideach, mar tríd na cealla sin is féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachtaí na Síne, tá eagraíocht PCS le bunú i ngach cuideachta (ina bhfuil ar a laghad triúr comhaltaí de PCS mar a shonraítear i mBunreacht PCS (34)) agus cuirfidh an chuideachta in áit na coinníollacha is gá le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíochta an pháirtí. San am atá thart, is cosúil nár comhlíonadh an ceanglas sin i gcónaí nó nár cuireadh i bhfeidhm go docht é. Ó bhí 2016 ann ar a laghad, áfach, tá neartú déanta ag PCS ar a chuid éileamh ar chinntí gnó a rialú i bhfiontair faoi úinéireacht stáit mar phrionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir PCS brú ar chuideachtaí príobháideacha chun tús áite a thabhairt don “tírghrá” agus cloí le disciplín an pháirtí (35). In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla páirtí ann i 70 % de na 1,86 milliún cuideachta faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh brú ag méadú ar eagraíochtaí PCS an focal deiridh a bheith acu ar na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí féin (36). Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, maidir le gach earnáil, lena n-áirítear le táirgeoirí an aigéid chitrigh agus le soláthraithe a n-ionchur.

(97)

Go sonrach in earnáil an aigéid chitrigh, mar a luadh cheana, tá roinnt táirgeoirí faoi úinéireacht an Stáit. Thairis sin, léirigh an t-imscrúdú go bhfuil naisc idir an bhainistíocht shinsearach agus CCP agus go mbíonn gníomhaíochtaí tógála páirtí ar siúl i gcúig cinn de na táirgeoirí aigéid chitrigh, lena n-áirítear Cofco, Weifang Ensign, RZBC, Jiangsu Guoxin agus Laiwu Taihe Biochemistry.

(98)

Tá tionchar saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais (féach roinn 3.2.1.8 thíos freisin) agus in amhábhar a sholáthar agus in ionchuir freisin (37). Dá bhrí sin, de bharr láithreachta an Stáit i ngnólachtaí, lena n-áirítear fiontair faoi úinéireacht stáit, in earnáil an aigéid chitrigh agus in earnálacha eile (amhail na hearnálacha airgeadais agus ionchuir), bíonn ar chumas Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais.

3.2.1.5.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán: beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir

(99)

Cinntear treo gheilleagar na Síne ar bhealach suntasach trí chóras pleanála ilchasta lena leagtar amach tosaíochtaí agus lena bhforordaítear na cuspóirí nach mór do na rialtais lárnacha agus áitiúla díriú orthu. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal rialtais agus cumhdaítear leo beagnach gach earnáil eacnamaíoch. Tá na cuspóirí atá leagtha síos ag na hionstraimí pleanála ceangailteach agus déanann na húdaráis ag gach leibhéal riaracháin faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna sin a dhéanann an rialtas chomhfhreagach ag leibhéal níos ísle. Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn ar an gcóras pleanála sa tSín go ndírítear acmhainní ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha straitéiseacha nó mar earnálacha atá tábhachtach ar shlí eile ó thaobh na polaitíochta de, in ionad na hacmhainní sin a leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (38).

(100)

Cé nach príomhthionscal sa tSín é tionscal an aigéid chitrigh ann féin, rialaítear go mór sa tSín na hamhábhair a úsáidtear i dtáirgeacht aigéid citreach. Tá an príomh-amhábhar, arbhar, faoi réir dianrialaithe.

(101)

Tá méideanna móra stoc-chairn arbhair ina seilbh ag an tSín, agus cuireann sé sin ar chumas an rialtais praghsanna an tráchtearra sin a ísliú nó a ardú go saorga trí mhéideanna móra arbhar a cheannach nó a dhíol ar an margadh. Cé gur thosaigh an tSín a dhul i ngleic le fhadhb na gcúltaiscí iomarcacha ábhar in 2016, tá stoc-chairn an-mhór ina seilbh aici i gcónaí, agus bíonn iarmhairt shaobhach ag na stoc-chairn sin ar phraghsanna (39). Thairis sin, tá gnéithe éagsúla de luachshlabhra iomlán an árbhair á rialú ag an rialtas, lena n-áirítear fóirdheontais ar tháirgeacht árbhair (40) agus maoirseacht ar an bpróiseáil: “déanfaidh gach údarás áitiúil an faireachán agus an anailís ar sholáthar agus ar éileamh arbhair sna réimsí ábhartha a leathnú, déanfaidh siad an mhaoirseacht ar chéim tógála thionscadail phróiseála dhoimhne arbhair agus ar chéim iarthógála díobh a neartú, déanfaidh siad an chothromaíocht idir soláthar agus éileamh arbhair a chothú agus slándáil náisiúnta bia a áirithiú” (41). Tá beart rialaithe infheistíochta i bhfeidhm i nDaon-Phoblacht na Síne freisin: “beidh comhdú maidir le tionscadail phróiseála arbhair a thógáil faoi réir bainistíochta comhchuibhithe i gcomhréir le hOrdú Uimh. 673 ón gComhairle Stáit” (42). Tá an fhéidearthacht ann go mbeidh éifeacht saofa ar phraghsanna ag an mbaint atá ag an rialtas leis an slabhra luacha iomlán.

(102)

Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun na cuspóirí beartais phoiblí a chomhlíonadh, ar beartais iad chun tacú le tionscail spreagtha, lena n-áirítear táirgeacht arbhair; is arbhar an príomh-amhábhar a úsáidtear chun an t-aigéad citreach a mhonarú. Cuireann bearta den sórt sin bac ar fhórsaí an mhargaidh a oibriú gan bhac.

3.2.1.6.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán: maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor

(103)

De réir na faisnéise ar chomhaid, ní chomhlíonann córas féimheachta na Síne a chuid phríomhchuspóirí féin go leordhóthanach, mar shampla éilimh agus fiacha a shocrú go cothrom agus cearta de réir dlí creidiúnaithe agus féichiúnaithe chomh maith lena gcuid leasanna a chosaint. Dealraíonn sé gurb é fírinne an scéil go bhfuil go bhfuil dlí féimheachta na Síne bunaithe go foirmiúil ar phrionsabail atá cosúil leis na prionsabail a chuirtear i bhfeidhm i ndlíthe comhfhreagracha i dtíortha eile seachas an tSín, ach go bhfuil an fo-fhorfheidhmiú córasach ina shaintréith den chóras Síneach. Tá líon na bhféimheachtaí fós thar a bheith íseal i gcomparáid le méid gheilleagar na tíre, go háirithe toisc go mbíonn roinnt easnamh ag baint leis na himeachtaí dócmhainneachta, agus go bhfeidhmíonn na himeachtaí sin go héifeachtach mar dhídhreasú i gcomhair comhdú féimheachta. Thairis sin, tá ról láidir agus gníomhach ag an Stát i gcónaí sna himeachtaí dócmhainneachta, agus is minic tionchar díreach aige ar thoradh na n-imeachtaí (43).

(104)

Ina theannta sin, tá easnaimh chóras na gceart maoine soiléir go háirithe maidir le húinéireacht talún agus cearta úsáide talún sa tSín (44). Is leis an Stát Síneach an talamh go léir (talamh tuaithe faoi úinéireacht an phobail agus talamh uirbeach faoi úinéireacht an Stáit). Is ar an Stát agus air sin amháin atá a leithdháileadh ag brath. Tá forálacha dlíthiúla ann a bhfuil sé d”aidhm acu cearta úsáide talún a leithdháileadh ar bhealach trédhearcach agus ar phraghsanna margaidh, mar shampla trí nósanna imeachta tairisceana a thabhairt isteach. Mar sin féin, is minic nach n-urramaítear na forálacha sin, agus faigheann ceannaitheoirí áirithe a dtalamh saor in aisce nó faoi bhun rátaí an mhargaidh (45). Thairis sin, is minic a shaothraíonn na húdaráis spriocanna sonracha polaitiúla, lena n-áirítear cur chun feidhme na bpleananna eacnamaíocha agus talamh á leithdháileadh acu (46).

(105)

Tháinig an Coimisiún ar an réamhchonclúid nach n-oibríonn dlíthe féimheachta, corparáideacha nó maoine na Síne i gceart, rud a fhágann go ngintear saobhadh nuair a choinnítear gnólachtaí dócmhainneacha ar bun agus nuair a leithdháiltear cearta úsáide talún sa tSín. Dála earnálacha eile i ngeilleagar na Síne, tá táirgeoirí aigéid chitrigh faoi réir na ndlíthe sin, agus dá bhrí sin tá siad faoi réir an saobhadh ón mbarr anuas a eascraíonn as iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor. Níor léirigh an t-imscrúdú seo aon rud a chaithfeadh amhras ar na torthaí sin.

(106)

I bhfianaise an méid thuas, chinn an Coimisiún go raibh cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor dlíthe féimheachta agus maoine in earnáil an aigéid chitrigh, lena n-áirítear i ndáil leis an táirge atá faoi athbhreithniú.

3.2.1.7.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán: saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá

(107)

Ní féidir córas pá margadhbhunaithe a fhorbairt go hiomlán sa tSín toisc go gcuirtear bac ar oibrithe agus ar fhostóirí maidir lena gcearta chun comheagrú. Níor dhaingnigh an tSín roinnt coinbhinsiún bunriachtanach de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (“EIS”), go háirithe na coinbhinsiúin sin maidir le saoirse comhlachais agus le cómhargáil (47). Faoin dlí náisiúnta, níl ach eagraíocht ceardchumainn amháin gníomhach. Tá easpa neamhspleáchais ag an eagraíocht sin ó údaráis an Stáit, áfach, agus tá a rannpháirtíocht sa chómhargáil agus sa chosaint ar chearta oibrithe fós buntúsach (48). Thairis sin, tá soghluaisteacht lucht saothair na Síne srianta ag córas clárúcháin na dteaghlach, ar córas é a chuireann srian ar rochtain ar raon iomlán sochar na slándála sóisialta agus sochair eile do chónaitheoirí áitiúla i limistéar áirithe riaracháin. Is é an toradh air sin go hiondúil go bhfaightear oibrithe nach bhfuil an clárúchán cónaithe áitiúil ina seilbh acu i staid fostaíochta leochaileach agus iad ar ioncam níos ísle ná sealbhóirí cláraithe cónaithe (49). Cuireann na torthaí sin saobhadh ar chostais pá sa tSín.

(108)

Níor cuireadh aon fhianaise isteach nach bhfuil earnáil an aigéid chitrigh faoi réir chóras na Síne maidir le dlí an tsaothair a dtugtar tuairisc air. Dá bhrí sin, bíonn tionchar díreach ag saobhadh na gcostas pá ar earnáil an aigéid chitrigh (nuair a tháirgtear an táirge faoi athbhreithniú nó an príomh-amhábhar chun é a tháirgeadh) agus tionchar indíreach chomh maith (nuair a bhíonn rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna atá i bhfeidhm sa tSín).

3.2.1.8.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán: rochtain ar mhaoiniú a dheonaíonn institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó ar dhóigh eile nach bhfuil an gníomhú go neamhspleách ar an Stát

(109)

Tá rochtain chaipirteal le haghaidh gníomhaithe corparáideacha sa tSín faoi réir saobhadh éagsúil.

(110)

Ar an gcéad dul síos, is é príomhthréith chóras airgeadais na Síne seasamh láidir na mbanc atá faoi úinéireacht an Stáit (50), a chuireann san áireamh, agus rochtain á deonú acu ar mhaoiniú, critéir eile seachas inmharthanacht eacnamaíoch an tionscadail. Ar an dóigh céanna le fiontair neamhairgeadais faoi úinéireacht stáit, tá nasc ann fós idir na bainc agus an Stát, ní hamháin trí úinéireacht ach freisin trí chaidrimh phearsanta (is é PCS a cheapann príomhfheidhmeannaigh na n-institiúidí airgeadais faoi úinéireacht Stáit ar deireadh) (51) agus, arís díreach cosúil le fiontair neamhairgeadais faoi úinéireacht stáit, cuireann na bainc beartais phoiblí chun feidhme go rialta arna gceapadh ag an rialtas. Agus an méid sin á dhéanamh acu, comhlíonann na bainc oibleagáid dhlíthiúil fhollasach chun a ngnó a dhéanamh i gcomhréir le riachtanais na forbartha náisiúnta eacnamaíche agus sóisialta agus faoi threoir bheartais thionsclaíocha an Stáit (52). Ag cur leis an méid sin, tá rialacha breise ann cheana a dhíríonn maoiniú ar earnálacha ainmníonn an rialtas mar earnálacha atá le spreagadh nó atá tábhachtach ar bhealach eile (53).

(111)

Cé go n-aithnítear go dtagraítear le forálacha dlíthiúla éagsúla don ghá atá ann gnáthiompar baincéireachta agus rialacha stuamachta a urramú amhail an gá atá le hacmhainneacht creidmheasa an iasachtaí a scrúdú, tá faisnéis dhobhréagnaithe ann, lena n-áirítear torthaí a rinneadh in imscrúduithe cosanta trádála, a thugann le fios nach bhfuil ach ról tánaisteach ag na forálacha sin i gcur i bhfeidhm na n-ionstraimí dlíthiúla éagsúla.

(112)

Thairis sin, is minic a dhéantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear go mbíonn tionchar ag tábhacht straitéiseach an ghnólachta do Rialtas na Síne ar an measúnú riosca agus ar neart aon ráthaíochta intuigthe ón rialtas. Tugann meastacháin le fios go bhfreagraíonn rátálacha creidmheasa Síneacha go córasach do rátálacha idirnáisiúnta níos ísle (54).

(113)

Ag cur leis an méid sin, tá rialacha breise ann cheana a dhíríonn maoiniú ar earnálacha ainmníonn an rialtas mar earnálacha atá le spreagadh nó atá tábhachtach ar bhealach eile (55). Is é an toradh atá air sin, claonadh i bhfabhar iasachtú le fiontair faoi úinéireacht stáit, le gnólachtaí móra príobháideacha dea-nasctha agus le gnólachtaí i bpríomhearnálacha tionsclaíocha, rud a thugann le fios nach ionann infhaighteacht agus costas caipitil do na gníomhaithe go léir ar an margadh.

(114)

Ar an dara dul síos, coinníodh na costais iasachtaíochta íseal go saorga chun borradh a chur faoin infheistíocht. Dá thoradh sin tá an iomarca úsáide á baint as infheistíocht chaipitil agus tá an toradh ar infheistíocht níos ísle ná riamh. Léirítear é sin leis an bhfás a tháinig le déanaí ar ghiaráil chorparáideach in earnáil an stáit in ainneoin titim ghéar ar bhrabúsacht, rud a thugann le fios nach leanann na sásraí atá ag obair sa chóras baincéireachta gnáthfhreagairtí tráchtála.

(115)

Ar an tríú dul síos, cé gur baineadh amach léirscaoileadh rátaí úis ainmniúil i mí Dheireadh Fómhair 2015, níl comharthaí praghais fós ina dtoradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir, ach tá siad faoi thionchar saobhadh atá spreagtha ag an rialtas. Go deimhin, is ionann sciar an iasachtaithe ar an ráta tagarmhairc nó faoina bhun agus 45 % de gach iasachtú, agus is cosúil go bhfuil géarú tagtha ar an muinín i sochar sprioctha, ós rud é go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an sciar sin ó 2015 in ainneoin go bhfuil na dálaí eacnamaíocha ag dul in olcas. Dá thoradh rátaí úis a bheith íseal go saorga, bíonn tearcphraghsáil ann, agus dá bhrí sin, bíonn ró-úsáid á baint as caipiteal.

(116)

Léiríonn fás foriomlán creidmheasa sa tSín go bhfuil éifeachtúlacht an leithdháilte caipitil ag dul in olcas gan aon chomhartha go bhfuil géarú creidmheasa ann, ar ní é a mbeifí ag súil leis i dtimpeallacht margaidh neamhshaofa. Dá thoradh sin, tá méadú tapa tagtha ar iasachtaí neamhthuillmheacha le blianta beaga anuas. I bhfianaise staid ina bhfuil méadú ag teacht ar fhiachas atá i mbaol, roghnaigh Rialtas na Síne mainneachtainí a sheachaint. Dá bhrí sin, rinneadh saincheisteanna drochfhiachais a láimhseáil trí fhiachas a thar-rolladh, rud a chruthaigh cuideachtaí “zombaí” mar a thugtar orthu, nó trí úinéireacht an fhiachais a aistriú (e.g. trí chumaisc nó trí bhabhtálacha fiachais go cothromas), gan gá go mbeadh an fhadhb fhoriomlán fiachais bainte ná go dtabharfaí aghaidh ar bhunchúiseanna an fhiachais.

(117)

Go bunúsach, in ainneoin na gcéimeanna a glacadh le déanaí chun an margadh a léirscaoileadh, tá saobhadh suntasach atá ina thoradh ar ról forleatach an stáit sna margaí caipitil ina thionchar ar an gcóras creidmheasa corparáideach sa tSín.

(118)

Níor cuireadh aon fhianaise isteach á rá go ndéanfaí earnáil an aigéid chitrigh, agus/nó soláthróirí na hearnála sin, a dhíolmhú ón idirghabháil rialtais thuasluaite sa chóras airgeadais. Dá bhrí sin, de thoradh ar an idirghabháil shubstaintiúil rialtais sa chóras airgeadais, cuirtear isteach go mór ar dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal.

3.2.1.9.   Cineál sistéamach an tsaofa a bhfuil tuairisc tugtha air

(119)

Thug an Coimisiún dá aire gur saintréith de gheilleagar na Síne é an saobhadh a bhfuil tuairisc tugtha air sa Tuarascáil. Léiríonn an fhianaise atá ar fáil maidir le fíricí agus gnéithe an chórais Shínigh mar a dtugtar tuairisc orthu thuas i ranna 3.2.1.1 go 3.2.1.5 agus freisin i gCuid A den Tuarascáil, go bhfuil feidhm acu ar fud na tíre agus ar fud earnálacha an gheilleagair. Is amhlaidh atá maidir le tuairisc ar thosca táirgeachta mar a leagtar amach i ranna 3.2.1.6 go 3.2.1.8 thuas agus i gCuid B den Tuarascáil.

(120)

Mheabhraigh an Coimisiún go bhfuil gá le raon leathan ionchuir chun aigéad citreach a tháirgeadh, lena n-áirítear arbhar, prátaí milse triomaithe, aigéad sulfarach, aigéad hidreaclórach, gual etc. De réir fianaise ar an gcomhad, an chuid is mó de na táirgeoirí onnmhairithe samplála, faigheann siad a n-ionchuir go léir sa tSín, agus is cuid diomaibhseach de na hamhábhair iad ionchuir na dtairgeoirí onnmhairithe sin a fhaigheann cuid dá n-ionchuir thar lear. Nuair a dhéanann táirgeoirí aigéid chitrigh na hionchuir sin a cheannach nó conradh a dhéanamh maidir leo, is léir go bhfuil na praghsanna a íocann siad (agus a thaifeadtar mar chostais) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luaitear roimhe seo. Mar shampla, fostaíonn soláthraithe ionchuir oibrithe atá faoi réir saofa. Tá seans ann go bhfuair siad cistí ar iasacht atá faoi réir saofa san earnáil airgeadais. Ina theannta sin, tá siad faoi réir an chórais phleanála atá i bhfeidhm ar gach leibhéal rialtais agus earnála.

(121)

Dá thoradh sin, ní hamháin nach bhfuil praghsanna díolacháin intíre aigéid chitrigh iomchuí lena n-úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach bíonn tionchar freisin ar na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, saothar, etc.) toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstaintiúil rialtais ar a bpraghasmhúnlú, mar a dtugtar tuairisc orthu i gCodanna A agus B den Tuarascáil. Go deimhin, tá na hidirghabhálacha rialtais a dtugtar tuairisc orthu i ndáil le leithdháileadh caipitil, talún, saothair, fuinnimh agus amhábhar, tá siad ann ar fud na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go bhfuil aon ionchur a tháirgtear sa tSín, fiú má chomhcheanglaíonn sé roinnt tosca táirgeachta, tá sé neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh atá d’ionchur an ionchuir, agus mar sin de. Níl aon fhianaise ná argóint dá mhalairt á cur ar aird ag an GOC ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú reatha.

3.2.1.10.   Conclúid

(122)

Leis an anailís a leagtar amach i ranna 3.2.1.2 go 3.2.1.9, lena n-áirítear scrúdú ar an bhfianaise ar fad atá ar fáil a bhaineann le hidirghabháil Síneach ina gheilleagar i gcoitinne agus in earnáil an aigéid chitrigh freisin (lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú) léiríodh nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna nó costais an táirge atá faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais amhábhar, fuinneamh agus saothar, toisc go bhfuil tionchar suntasach ag idirghabháil rialtais orthu de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha a liostáitear ann. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhair ón GOC, chinn an Coimisiún nach bhfuil sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a bhunú sa chás seo.

(123)

Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a pléadh sa roinn a leanas.

3.3.   Tír ionadaíoch

(124)

I gcomhréir le hAirteagal 2(6ú)(a) den bhun-Rialachán roghnaigh an Coimisiún tír ionadaíoch iomchuí chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a chinneadh maidir leis na costais a bhaineann leis an táirge atá faoi athbhreithniú ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín. Chun na críche sin, bhreithnigh an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta acu atá cosúil leis an tSín ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda;

Táirgeadh an táirge atá faoi athbhreithniú sa tír sin;

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír sin; agus,

I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha féideartha amháin i ndáil le tír ionadaíoch, thabharfaí tús áite, i gcás inarb iomchuí, do thír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(125)

D’fhoilsigh an Coimisiún dhá nóta a ghabhann leis an gcomhad maidir leis na foinsí a úsáidfear chun an gnáthluach a cinneadh agus maidir leis an tír ionadaíoch ar an mbonn sin.

(126)

I Nóta an 5 Márta 2020, chuir an Coimisiún faisnéis mhionsonraithe ar fáil i ndáil leis na critéir thuas agus shainaithin sé an Bhrasaíl, an Cholóim agus an Téalainn mar thíortha ionadaíocha iomchuí a d’fhéadfadh a bheith ann. Ina theannta sin, shainaithin an Coimisiún táirgeoirí an táirge atá faoi athbhreithniú sna tíortha ionadaíocha iomchuí a d’fhéadfadh a bheith ann ar tairgeoirí iad a bhfuair sé sonraí airgeadais a bhí ar fáil go poiblí ina leith.

(127)

D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara barúlacha a thíolacadh ina leith sin. Fuair an Coimisiún barúlacha maidir le gnéithe éagsúla de roghnú na tíre ionadaíche ó CCCMC, na ceithre tháirgeoir onnmhairithe comhoibríocha agus ó thionscal an Aontais.

(128)

Ina n-aighneachtaí an 23 Márta 2020, thug CCCMC agus na ceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin Síneacha le fios gurb í an Bhrasaíl an tír ionadaíoch ab fhearr. Ar an gcéad dul síos, bunaithe ar bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda, is é ollioncam náisiúnta na Brasaíle (“OIN”) is gaire do cheann na Síne, agus tá OIN na Colóime agus na Téalainne i bhfad níos ísle. Chomh maith leis sin, bhí an dá chuideachta sa Bhrasaíl a sainaithiníodh mar tháirgeoirí aigéid chitrigh brabúsach le blianta beaga anuas. Ina theannta sin, tá leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil ag an mBrasaíl. Ag an am céanna, chuir CCCMC agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha in iúl go raibh siad i gcoinne rogha na Colóime mar an tír ionadaíoch iomchuí. D’éiligh siad nach raibh cuid de shonraí allmhairiúcháin na Colóime maidir le tosca áirithe táirgeachta ar fáil nó nach raibh siad ionadaíoch. D’áitigh siad freisin go raibh praghsanna allmhairiúcháin na Colóime de chuid de na príomh-amhábhair (i.e. aigéad sulfarach, aigéad hidreaclórach agus gual amh) i bhfad níos airde agus go míréasúnach níos airde ná praghsanna na dtíortha ionadaíocha eile a d“fhéadfadh a bheith ann agus mar sin, nár cheart iad a mheas mar phraghsanna neamhshaofa a d’fhéadfaí a úsáid chun gnáthluach aigéid chitrigh a bhunú.

(129)

Luaigh CCCMC agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha freisin nach tír ionadaíoch iomchuí a bhí sa Téalainn toisc nach raibh dhá cheann de na trí tháirgeoir aigéid chitrigh a sainaithníodh brabúsach in 2018 agus bhí an tríú ceann dírithe den chuid is mó ar mhargaí onnmhairiúcháin.

(130)

Ina n-aighneacht, mheas tionscal an Aontais gurbh í an Cholóim an rogha ab oiriúnaí chun costais neamhshaofa a chinneadh. Chuir siad i bhfios go láidir nár iniúchadh sonraí airgeadais na gcuideachtaí sa Téalainn, rud a laghdaigh a luach ó thaobh iontaofachta de. Ina theannta sin, mhaígh siad maidir le dhá cheann de na trí tháirgeoir a sainaithníodh sa Téalainn go raibh siad faoi thromlach na húinéireachta ag cuideachtaí Síneacha nó ag an Stát Síneach agus go raibh siad dírithe ar onnmhairí. Maidir leis an mBrasaíl, d’áitigh tionscal an Aontais gur bhain an dá chuideachta Bhrasaíleacha le grúpaí agus ba chosúil go raibh sé deacair measúnú a dhéanamh ar thionchar an ghrúpa ar na sonraí airgeadais, agus dhíol na cuideachtaí sin réimse éagsúil táirgí freisin.

(131)

Tar éis don Choimisiún mionanailís a dhéanamh ar na hargóintí thuas, d’fhoilsigh sé an dara nóta ar an 30 Samhain 2020 inar tugadh aghaidh ar na barúlacha sin go léir ar bhonn na gcritéar atá liostaithe thuas agus chuir sé a réamhchonclúidí in iúl do pháirtithe leasmhara. Dúirt an Coimisiún sa Nóta sin go raibh sé beartaithe aige an Cholóim a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí dá ndearbhófaí saobhadh suntasach a bheith ann. Chuir an Coimisiún in iúl freisin go bhféadfadh sé, chun gnáthluach a ríomh, praghsanna, costais nó tagarmharcanna idirnáisiúnta neamhshaofa iomchuí a úsáid, agus le haghaidh díolachán neamhshaofa, costais ghinearálta agus riaracháin (“SG&A”) agus brabús go bhféadfaidh sé breithniú a dhéanamh ar na roghanna oiriúnacha go léir atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Go háirithe, bhí brabúsacht íseal in 2018 ag an aon chuideachta amháin ón gColóim a bhí ag táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú agus go raibh caillteanas á dhéanamh aige in 2017 – cosúil leis an gcás le haghaidh tháirgeoirí na Téalainne agus na Brasaíle, agus dá thoradh sin bhreithneodh an Coimisiún sonraí níos déanaí dá mbeadh fáil orthu agus dá léireofaí leibhéal réasúnta SG&A agus brabúsacht. D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt ina leith sin.

(132)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó CCCMC agus ó tháirgeoirí an Aontais i ndáil le Nóta an 30 Samhain 2020.

(133)

D’áitigh CCCMC ina aighneacht an 9 Nollaig 2020 nach tír ionadaíoch iomchuí a bhí sa Cholóim, agus gur cheart an Bhrasaíl a roghnú mar thír iomchuí ina ionad. D’áitigh sé go raibh praghsanna allmhairiúcháin arbhair níos ísle sa Bhrasaíl mar gheall ar na buntáistí a bhaineann le faid iompair agus cainníocht seachas aon saobhadh. D’áitigh siad freisin, mura bhféadfaí praghsanna allmhairiúcháin na Brasaíle a úsáid, gur cheart praghsanna idirnáisiúnta a úsáid in ionad an Bhrasaíl a eisiamh ar fad ón rogha tíre ionadaíche. D’áitigh CCCMC freisin nár thír ionadaíoch iomchuí í an Cholóim toisc go raibh costais oibriúcháin mhíréasúnta ag an táirgeoir sainaitheanta.

(134)

D’áitigh tionscal an Aontais gurbh í an Cholóim an tír ionadaíoch ab iomchuí. I bhfianaise go raibh caillteanas á dhéanamh ag cuideachta na Colóime a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú nó go raibh brabúsacht íseal aige in 2018 agus freisin in 2019, a raibh sonraí ar fáil ina leith idir an dá linn, shainaithin táirgeoir amháin an Aontais roinnt cuideachtaí a tháirgeann táirge atá cosúil leis an táirge atá faoi athbhreithniú. Go háirithe, dhírigh táirgeoir an Aontais ar chuideachtaí a mhonaraíonn comhábhair do thionscal na dí, an ghlanta, an bhia, na sláinte agus na cógaisíochta sa Cholóim, ar léirigh a sonraí airgeadais leibhéal réasúnta de SG &A agus brabús i gcomhréir le forálacha an Bhunrialacháin.

(135)

Rinne an Coimisiún na hargóintí uile a tharraing na páirtithe go léir anuas a bhreithniú go cúramach. Maidir leis an Téalainn, d’aontaigh an Coimisiún le CCCMC agus le táirgeoir an Aontais nach tír ionadaíoch iomchuí í toisc go ndéanann na táirgeoirí an táirge atá faoi athbhreithniú caillteanas, agus/nó gur fochuideachtaí iad de chuideachtaí Síneacha, agus toisc go bhfuil srianta ar onnmhairiú ann le haghaidh tosca áirithe táirgeachta. Ina theannta sin, níor léirigh na cuideachtaí a mhonaraíonn an táirge faoi athbhreithniú leibhéal réasúnta SG&A agus brabúis. Dá bhrí sin, cuireadh an Téalainn as an áireamh.

(136)

Dá bhrí sin, dhírigh an Coimisiún a anailís ar an mBrasaíl agus ar an gColóim. Ar dtús rinne an Coimisiún anailís ar cé acu an raibh nó nach raibh srianta onnmhairiúcháin nó saobhadh eile ann maidir le príomhthosca táirgeachta. Is é arbhar príomhthosca táirgeachta an táirge atá faoi athbhreithniú, agus is ionann é agus breis agus 70 % de chostas iomlán na n-ábhar ionchuir do na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Thug an Coimisiún dá aire nach raibh i gcainníocht na n-allmhairí arbhar isteach sa Bhrasaíl ach 1,5 milliún tonna, i gcomparáid le táirgeadh intíre arbhair na Brasaíle a bhí os cionn 100 milliún tonna (56). Chuir CCCMC i gcoinne an fhíorais gur íseal iad na cainníochtaí sin d’allmhairithe arbhair isteach sa Bhrasaíl. Mar sin féin, nuair a chuirtear i gcomparáid le méid tháirgeadh na Brasaíle iad, níl sna cainníochtaí allmhairiúcháin sin ach 1,5 % den táirgeadh. I bhfianaise an mhéid an-teoranta allmhairí sin i gcomparáid leis an mórtháirgeadh intíre, scrúdaigh an Coimisiún freisin na praghsanna allmhairiúcháin isteach sa Bhrasaíl agus thug sé dá aire go raibh siad an-éagsúil leis na praghsanna idirnáisiúnta arbhair. Sna barúlacha a thug sé i leith Nóta an 30 Samhain, chuir CCCMC i gcoinne go raibh difríocht shuntasach idir praghsanna agus d’iarr sé faisnéis bhreise maidir leis an gcomparáid idir na praghsanna. Ba é an meánphraghas idirnáisiúnta arbhair in 2019 a ndearna an Coimisiún tagairt dó i Nóta an 30 Samhain EUR 151 in aghaidh an tona ar bhonn SAB de réir InnéacsMundi (57), agus níorbh ionann ach EUR 116 in aghaidh an tona ar bhonn SAB ar mheánphraghas allmhairiúcháin GTA arbhar isteach sa Bhrasaíl. Léirítear go soiléir leis an bhfigiúr sin go raibh na praghsanna allmhairiúcháin isteach sa Bhrasaíl i bhfad níos ísle ná an t-innéacs praghsanna idirnáisiúnta.

(137)

Ina theannta sin, d’áitigh CCCMC go raibh praghsanna allmhairiúcháin arbhair níos ísle sa Bhrasaíl ná mar a bhí sa Cholóim mar gheall ar chostais iompair níos ísle a bheith ann mar gur as tíortha comharsanachta, amhail an Airgintín agus Paragua, den chuid is mó, a rinneadh an t-allmhairiú isteach sa Bhrasaíl, cé go n-allmhairíonn an Cholóim arbhar ó SAM agus ón Airgintín den chuid is mó. Ní raibh bunús leis an líomhaint sin, toisc nár léirigh CCCMC tír thionscnaimh ná an calafort iarbhír an teacht isteach sna tíortha faoi seach, ná níor léirigh sé ráta na gcostais iompair arbhair isteach sna tíortha faoi seach. Dá bhrí sin, diúltaíodh an argóint sin.

(138)

Dúirt CCCMC freisin go gceannaíonn táirgeoirí Síneacha cainníocht mhór dá n-arbhar sa bhaile. Dá bhrí sin, d’áitigh sé gur fearr a bheadh praghas allmhairiúcháin na Brasaíle mar léiriú staid cheannacháin arbhair na dtáirgeoirí Síneacha. Thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil aon tionchar ag an argóint sin ar an bhfíric go bhfuil na cainníochtaí a allmhairítear isteach sa Bhrasaíl íseal go hoibiachtúil i gcomparáid le méid an táirgthe intíre, rud a bhaineann an bonn ó ionadaíocht an phraghais allmhairiúcháin arbhair isteach sa Bhrasaíl. Ní bhaineann an argóint seo ach oiread ón gconclúid go bhfuil difríocht shuntasach idir praghsanna allmhairiúcháin isteach sa Bhrasaíl agus praghsanna idirnáisiúnta arbhair, rud is dócha de bharr leibhéal íseal na n-allmhairí agus méid suntasach an táirgthe intíre. Dá bhrí sin, diúltaíodh an argóint sin.

(139)

D’áitigh CCCMC freisin gur cheart an Bhrasaíl a roghnú mar thír ionadaíoch fiú mura bhféadfaí praghsanna allmhairiúcháin arbhair isteach sa Bhrasaíl a úsáid mar go raibh siad neamh-ionadaíoch, quod non, agus gur cheart praghas idirnáisiúnta neamhshaofa iomchuí a chur i bhfeidhm in ionad na bpraghsanna allmhairiúcháin isteach sa Bhrasaíl.

(140)

Mar fhreagairt, thug an Coimisiún dá aire, mar a mhínítear a thuilleadh sa roinn seo, gur mheas sé gur tír ionadaíoch iomchuí í an Cholóim san imscrúdú seo ar bhonn na n-eilimintí ábhartha atá liostaithe sa bhun-Rialachán, lena n-áirítear sonraí airgeadais níos iomchuí a bheith ar fáil do tháirgeoirí táirgí atá cosúil le haigéad citreach i gcomparáid leis an mBrasaíl. A mhéid a bhaineann le cainníochtaí allmhairiúcháin arbhair agus praghsanna arbhair na Colóime, de réir IndexMundi is ionann iomlán an táirgthe arbhair intíre sa Cholóim agus 1,5 milliún tona agus, de réir sonraí GTA, tá allmhairí arbhair thart ar 5,5 milliún tona, is ionann sin agus 365 % den táirgeadh. Léiríonn an chomparáid seo gur cosúil go bhfuil na cainníochtaí allmhairiúcháin isteach sa Cholóim ionadaíoch agus méid an táirgthe intíre á chur san áireamh, murab ionann agus an Bhrasaíl. Maidir le praghsanna arbhair, ba é an meánphraghas allmhairiúcháin arbhair GTA isteach sa Cholóim le haghaidh 2019 EUR 174 in aghaidh an tona ar bhonn CAL, i bhfad níos gaire agus i gcomhréir leis an meánphraghas idirnáisiúnta ar arbhar EUR 151 in aghaidh an tona ar bhonn SAB, ag cur san áireamh go mbeadh an praghas allmhairiúcháin idirnáisiúnta níos airde ar bhonn CAL. Ós rud é go meastar gur tír ionadaíoch iomchuí í an Cholóim ar bhealaí eile, mar atá mionsonraithe a thuilleadh thíos; tá na praghsanna allmhairiúcháin arbhair isteach sa Cholóim i gcomhréir, den chuid is mó, leis na praghsanna idirnáisiúnta arbhair; agus níl aon fhianaise ann go bhfuil aon saobhadh ann a dhéanann difear do phraghsanna arbhair sa Cholóim; níl aon chúis leis an mBrasaíl a roghnú mar thír ionadaíoch iomchuí agus tagarmharc idirnáisiúnta a úsáid in ionad na bpraghsanna allmhairiúcháin isteach sa chontae ionadaíoch iomchuí mar a fhorordaítear leis an dara fomhír d’Airteagal 2(6a)(a), 2ú, an chéad dais.

(141)

Maidir leis na tosca táirgeachta atá fágtha, tá srianta ar onnmhairiú le haghaidh tosca áirithe táirgeachta sa Bhrasaíl (ceanglas um cheadúnú onnmhairiúcháin i gcás aoil) agus sa Téalainn (ceanglas um cheadúnú onnmhairiúcháin don ghiopsam), cé nach ann d’aon cheann sa Cholóim, mar a dhearbhaigh an Liosta ECFE ábhartha (58). Cé go bhfuil meáchan i bhfad níos teoranta ag na fachtóirí sin maidir le costas táirgthe de tháirgeoirí onnmhairiúcháin áirithe agus nach raibh feidhm acu maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin, ba ghné ábhartha eile é seo agus tír ionadaíoch iomchuí á roghnú.

(142)

Chun an tír ionadaíoch iomchuí a roghnú, bhreathnaigh an Coimisiún ar infhaighteacht shonraí airgeadais poiblí maidir le táirgeoirí an táirge atá faoi athbhreithniú sa Téalainn, sa Bhrasaíl agus sa Cholóim i gcomhréir leis an mBunrialachán.

(143)

Toisc nár measadh gur tír ionadaíoch oiriúnach í an Téalainn, mar a míníodh in aithris (117), dhírigh an Coimisiún a anailís chomparáideach ar an mBrasaíl agus ar an gColóim.

(144)

Maidir leis an mBrasaíl agus leis an gColóim, d’fhógair an Coimisiún i Nóta an 5 Márta na cuideachtaí a tháirgeann aigéad citreach sna tíortha sin. Ag an am sin, ní raibh aon táirgeoir a raibh brabús réasúnta acu sa Bhrasaíl ná sa Cholóim don bhliain 2018.

(145)

I Nóta an 30 Samhain 2020, dúirt an Coimisiún go raibh an chuideachta Colóime Sucroal SA, a raibh SG&A agus sonraí brabúis ar fáil dó go poiblí, ina chomhlacht ionadaíoch cuí toisc go dtáirgeann sé an táirge atá faoi athbhreithniú agus raon táirgí níos gaire d’aigéad citreach. Ag an am céanna, léirigh Sucroal SA leibhéal íseal brabúsachta in 2018 agus rinne sé caillteanas in 2017.

(146)

B’ionann an cás sa Bhrasaíl, áit a raibh an chuideachta Brasaíle a raibh sonraí airgeadais ar fáil di go poiblí ann, ar ilchuideachta mhór í a tháirgeann réimse níos leithne táirgí lena n-áirítear aigéad citreach, a léirigh brabúsacht íseal don bhliain 2018. Thug an Coimisiún le fios i Nóta an 30 Samhain 2020 dá mbeadh na sonraí is déanaí don bhliain 2019 ar fáil, go bhféadfadh an Coimisiún sonraí sin a úsáid dá léireodh siad leibhéal réasúnta SG&A agus brabúsacht, nó murab amhlaidh a bhí, go mbreithneodh an Coimisiún na roghanna oiriúnacha go léir a bhí ar fáil.

(147)

Tar éis fhoilsiú an Nóta seo an 30 Samhain 2020, bhí sonraí 2019 le haghaidh Sucroal SA ar fáil in Orbis. Ós rud é gur thabhaigh Sucroal SA caillteanas in 2019, ní fhéadfaí a mheas go raibh na sonraí airgeadais don chuideachta sin oiriúnach chun leibhéal neamhshaofa SG&A agus brabús a bhunú.

(148)

Dá bhrí sin, bhreithnigh an Coimisiún roghanna malartacha oiriúnacha. Go háirithe, i gcásanna nach léiríonn aon táirgeoir an táirge atá faoi athbhreithniú i dtír ionadaíoch ionchasach leibhéal réasúnta SG&A agus bhrabús, féadfaidh an Coimisiún táirgeoirí táirge sa chatagóir ghinearálta chéanna agus/nó san earnáil chéanna den táirge atá faoi athbhreithniú a bhreithniú le sonraí airgeadais atá ar fáil go poiblí a léiríonn leibhéal réasúnta SG&A agus brabús.

(149)

Thíolaic CCCMC, ós rud é gur léirigh Sucroal SA caillteanais don bhliain 2019, nár cheart a mheas gur tír ionadaíoch iomchuí í an Cholóim agus gur cheart an Bhrasaíl a úsáid ina ionad. Thug CCCMC faoi deara go ndearna an táirgeoir sainaitheanta Cargill Agricola brabús arís in 2019 agus dá bhrí sin go raibh a SG&A agus an brabús a bhain sé oiriúnach do riachtanais an imscrúdaithe. Mar sin féin, thug an Coimisiún dá aire gur lú brabús Cargill Agricola ná aon faoin gcéad dá láimhdeachas in 2019 agus, dá bhrí sin, go raibh sé níos ísle fiú ná an brabús a rinne sé in 2018. Bhí an leibhéal íseal brabúis sin ag leibhéal a bhí cosúil leis an leibhéal do Sucroal SA sa bhliain chéanna agus níor measadh é a bheith réasúnta. Dá bhrí sin, diúltaíodh an argóint sin.

(150)

Ina dhá shraith barúlacha, mhol tionscal an Aontais úsáid a bhaint as na sonraí ó chuideachtaí sa tír chéanna, agus an chatagóir chéanna earraí a mhonarú aici nó í a bheith san earnáil mhonaraíochta chéanna leis an táirge atá faoi athbhreithniú. Moladh catagóir na monaróirí comhábhar don tionscal dí, glantacháin, bia, sláinte agus cógaisíochta sa Cholóim in éineacht le liosta d’aon cheann déag de chuideachtaí san earnáil chéanna.

(151)

I bhfianaise fhíricí uile an imscrúdaithe agus na mbarúlacha a fuarthas, chuardaigh an Coimisiún cód NAICS 3259 98 (Gach Monarú Ceimiceach agus Ullmhúcháin Ilghnéitheacha Eile) i mbunachar sonraí Orbis. Is é seo an cód céanna atá in úsáid ag Cargill Agricola SA agus ag Sucroal SA. De thoradh an cuardaigh sin, bhí líon i bhfad níos airde cuideachtaí a léirigh leibhéal réasúnta brabúis sa Cholóim i gcomparáid leis an mBrasaíl, a léirigh go raibh infhaighteacht sonraí airgeadais poiblí ionadaíoch agus iontaofa sa Cholóim freisin. Ina theannta sin, d’fhonn toradh an chuardaigh sin a chúngú go dtí na cuideachtaí sin a tháirgeann táirge atá cosúil le haigéad citreach, rinne an Coimisiún anailís mhionsonraithe ar ghníomhaíocht agus ar tháirgeadh cuideachtaí brabúsacha na Colóime go léir. Ag baint úsáid as an tuairisc ar a ngníomhaíocht ghnó atá ar fáil in Orbis, shainaithin an Coimisiún ar deireadh seacht gcuideachta sa Cholóim a tháirgeann táirgí i gcatagóir táirgí atá an-chosúil le haigéad citreach. Measadh go raibh SG&A agus brabús na gcuideachtaí sin iontaofa. I gcomparáid leis sin, thug an Coimisiún dá aire nach raibh aon chuideachta sa Bhrasaíl a bhí sa réimse céanna gníomhaíochta agus sonraí airgeadais 2019 ar fáil go poiblí in Orbis.

(152)

Na cuideachtaí Colóime a shainaithin an Coimisiún ar an mbealach sin, mheaitseáil siad na cuideachtaí a sainaithin tionscal an Aontais le bheith ina gcuideachtaí oiriúnacha sa chatagóir ghinearálta chéanna agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna den táirge atá faoi athbhreithniú. Mhol tionscal an Aontais, de bhreis ar na 7 gcuideachta sin, ceithre chuideachta eile sa Cholóim, nach raibh na sonraí airgeadais nó an tuairisc ar ghníomhaíocht ina leith ar fáil go héasca in Orbis, áfach. Dá bhrí sin, níor cuireadh na cuideachtaí sin san áireamh chun an SG&A agus brabús a bhunú.

(153)

Bunaithe ar na heilimintí ar fad luaite roimhe seo, agus go háirithe na sonraí airgeadais atá ar fáil agus ionadaíochas an phraghais allmhairiúcháin le haghaidh arbhair a léiríonn príomhthosca na táirgeachta, chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, gur thír ionadaíoch iomchuí í an Cholóim chun an gnáthluach a ríomh san imscrúdú seo.

(154)

Tar éis an nochta, cheistigh CCCMC agus trí tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha maidir leis an gColóim a bheith roghnaithe ag an gCoimisiún mar thír ionadaíoch iomchuí. D’athdhearbhaigh siad an t-éileamh réamhluaite nach raibh rogha na Colóime réasúnta ós rud é nach raibh brabús ann do tháirgeoir aigéad citreach na Colóime amháin le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe ach go raibh táirgeoir Brasaíleach. D’athdhearbhaigh siad an t-éileamh réamhluaite nach raibh praghsanna arbhair sa Bhrasaíl saofa. Ós rud é gur tugadh aghaidh ar na héilimh sin cheana in aithrisí (136) agus (149) an Rialacháin seo agus nár cuireadh aon fhianaise nua ar fáil ina leith sin, diúltaíodh do na héilimh.

(155)

D’éiligh na páirtithe thuasluaite freisin gur bhain an Coimisiún úsáid as sonraí SG&A agus as sonraí brabúsachta ó chuideachtaí na Colóime in earnálacha táirgí eile gan a chruthú go bhfuil an leibhéal céanna de SG&A agus de bhrabús ag na cuideachtaí sin agus atá ag táirgeoirí aigéid chitrigh.

(156)

I gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, déanfar an gnáthluach a chruthú ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa nuair a dheimhneofar go bhfuil saobhadh suntasach ann. Áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh SG&A agus le haghaidh na mbrabús. Ós rud é nárbh fhéidir an SG&A agus brabús na cuideachta de chuid na Colóime Sucroal SA a úsáid ar na cúiseanna a míníodh in aithrisí (145) agus, (147), d’úsáid an Coimisiún sonraí le haghaidh na hearnála ba dhlúithe lena n-áirítear an táirge atá faoi imscrúdú, i gcás inar measadh go raibh na heilimintí costais réamhluaite neamhshaofa agus réasúnta. Níor cuireadh aon fhianaise ar fáil chun an chonclúid sin a dhíospóid, agus go háirithe nach raibh leibhéal SG&A agus brabús na gcuideachtaí Colómacha san earnáil ba ghaire d’aigéad citreach réasúnach de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(157)

Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire, murab ionann agus Tionscal an Aontais, CCCMC agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nach ndearna liosta monaróirí a sholáthar ná a mholadh sa tír ionadaíoch fhéideartha chéanna, ina monaraítear an chatagóir chéanna earraí nó catagóir comhchosúil earraí, nó atá san earnáil déantúsaíochta chéanna nó in earnáil chomhchosúil leis an táirge faoi athbhreithniú, a bhféadfadh an Coimisiún a shonraí airgeadais a úsáid.

(158)

Dá bhrí sin, agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithris (151), mheas an Coimisiún go raibh na sonraí airgeadais ó na seacht gcuideachta a d’aithin sé sa Cholóim agus a tháirgeann táirgí i gcatagóir atá comhchosúil le catagóir táirgí aigéid chitrigh ina n-ionadach iontaofa le haghaidh SG &A neamhshaofa agus brabús le húsáid chun an gnáthluach san imscrúdú a thógáil. Dá bhrí sin, diúltaíodh don éileamh ó CCCMC agus ó thrí tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha.

3.4.   Foinsí a úsáideadh chun costais neamhshaofa a bhunú

(159)

Ar bhonn na faisnéise a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus ar bhonn aon fhaisnéise ábhartha eile ar fáil sa chomhad, bhunaigh an Coimisiún liosta de thosca táirgeachta agus de fhoinsí amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a d’úsáid na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge atá faoi athbhreithniú.

(160)

Shainaithin an Coimisiún freisin na foinsí a úsáidfear chun an gnáthluach a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán (GTA, staidreamh náisiúnta, etc.). Sa nóta céanna, shainaithin an Coimisiún cóid an Chórais Chomhchuibhithe (HS) le haghaidh tosca táirgeachta ar measadh i dtús báire, ar bhonn faisnéise a chuir na páirtithe leasmhara ar fáil, go n-úsáidfí iad le haghaidh anailís GTA.

(161)

I Nóta an 30 Samhain 2020, dheimhnigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé sonraí GTA chun costas neamhshaofa na dtosca táirgeachta a bhunú, lena n-áireofar amhábhair.

3.5.   Foinsí a úsáidtear le haghaidh costais leictreachais, uisce agus saothair

3.5.1.   Leictreachas

(162)

I ndáil leis an leictreachas, d’úsáid an Coimisiún an praghas a bhfuil teacht go héasca air ó Enel, an príomhsholáthróir leictreachais sa Cholóim. Soláthraíonn an fhoinse seo aon mheánphraghas amháin leictreachais in aghaidh na míosa.

3.5.2.   Uisce

(163)

Bhí teacht go héasca ar an taraif uisce ón gcuideachta Acueducto, cuideacht atá freagrach as an soláthar uisce, as bailiú agus cóireáil camrais in Bogota. Leis an bhfaisnéis, bhíothas in ann na taraifí is infheidhme maidir le húsáideoirí tionsclaíocha a shainaithint sa tréimhse athbhreithnithe imscrúdaithe.

3.5.3.   Saothar

(164)

D’úsáid an Coimisiún staitisticí EIS chun pá na Colóime a chinneadh (59). Tugann siad seo eolas ar phá míosúil fostaithe san earnáil déantúsaíochta agus ar mheánuaireanta oibre sa Cholóim in 2019.

(165)

Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil ar na foinsí a úsáideadh chun costas neamhshaofa an leictreachais, an uisce agus an tsaothair a bhunú agus dá bhrí sin d’úsáid sé na foinsí sin chun an gnáthluach a bhunú.

3.6.   Foinsí a úsáideadh le haghaidh SG&A agus brabúis

(166)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ba chóir go n-áireofaí sa ghnáthluach bunaithe méid réasúnta neamhshaofa le haghaidh SG&A agus le haghaidh brabúis. Ina theannta sin, bhí gá le luach le haghaidh forchostais mhonaraíochta a bhunú chun costais nach n-áirítear sna tosca táirgeachta a chumhdach.

(167)

D’fhonn luach neamhshaofa SG&A agus bhrabúis a bhunú, d’úsáid an Coimisiún an cion den chostas déantúsaíochta atá in SG&A agus sna brabúis sna cuideachtaí ionadaíocha sa Cholóim mar a mhínítear i Roinn 3.3.

(168)

B’ionann na luachanna a bhí ina dtoradh air sin agus 14,2 % le haghaidh brabúis agus 17 % le haghaidh SG&A.

3.7.   Amhábhair

(169)

I gcás na n-amhábhar agus na n-ábhar choimhdeacha uile, bhraith an Coimisiún ar phraghsanna allmhairiúcháin isteach sa tír ionadaíoch. Rinneadh an praghas allmhairiúcháin isteach sa tír ionadaíoch a chinneadh mar mheán ualaithe de phraghsanna aonaid allmhairiúcháin ó na tríú tíortha ar fad seachas an tSín. Chinn an Coimisiún allmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a eisiamh de bharr saobhadh suntasach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ós rud é nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach ndéanann an saobhadh céanna an difear céanna do tháirgí atá le honnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndearna an saobhadh céanna difear do na praghsanna sin. Ar an gcaoi chéanna, cuireadh as an áireamh freisin allmhairí isteach sa tír ionadaíoch ó chomhaltaí nach baill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad agus atá liostaithe in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (60).

(170)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar dá bhforáiltear sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán a bhunú, chuir an Coimisiún dleachtanna allmhairiúcháin ábhartha na tíre ionadaíche i bhfeidhm. Níos déanaí, le linn ríomhanna le haghaidh an chorrlaigh dhumpála aonair, chuir an Coimisiún costais iompair intíre cuideachta-shonrach leis an bpraghas allmhairiúcháin. Bhí na costais iompair intíre do gach amhábhar bunaithe ar na sonraí fíoraithe a chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin chomhoibríocha ar fáil.

(171)

I gcás amhábhair nach bhfuil ach tionchar diomaibhseach acu ó thaobh costas de, nár thuairiscigh na cuideachtaí in Iarscríbhinn III den Fógra Tionscnaimh, áiríodh na costais sin sna forchostais mhonaraíochta mar a mhínítear i roinn 3.8. Liostaítear na tosca táirgeachta arna shloinneadh mar fhorchostais sna nochtaí cuideachta-shonracha.

(172)

Shonraigh tionscal an Aontais ina bharúlacha an 16 Márta 2020 nárbh ann d’aon mheánluach allmhairiúcháin i gcás amhábhar áirithe, é sin nó gur bhain na meánluachanna le cainníochtaí beaga agus dá bhrí sin ní raibh siad iontaofa nó bhí cúiseanna eile ann a d’fhág go raibh amhras ann faoina n-iontaofacht. Mhol siad gur cheart na luachanna ó staidreamh le haghaidh an réigiúin nó luachanna arna bhfoilsiú ag suirbhéanna margaidh ó sholáthraithe amhail ArgusMedia, AgroChart nó IntraTec a úsáid sna cásanna sin.

(173)

D’athdhearbhaigh tionscal an Aontais ina chuid barúlacha an 11 Nollaig 2020 go bhféadfaí, i gcás na Colóime, na costais a bhaineann leis na figiúirí táirgeachta a chinneadh leis na sonraí maidir le hallmhairí agus na sonraí poiblí atá ar fáil i dtaca le praghsanna an leictreachais agus an uisce agus na sonraí poiblí maidir le costais saothair. Maidir le roinnt de na meánluachanna allmhairiúcháin le haghaidh fachtóirí costais gur lú an tábhacht a bhaineann leo, chuir siad i bhfios go láidir gur chosúil go raibh siad ard agus mhol siad go gcuirfí sonraí ó sholáthraithe seirbhísí sonraí speisialaithe ina n-ionad.

(174)

Dúirt CCCMC ina aighneacht an 23 Márta 2020 go raibh cuid de na praghsanna allmhairiúcháin ar phríomhábhair áirithe amhail gual, aigéad sulfarach agus aigéad hidreaclórach sa Cholóim as cuimse ard agus dá bhrí sin nach raibh siad ionadaíoch. D’éiligh siad freisin go raibh difríochtaí móra idir praghsanna allmhairiúcháin nochta na Colóime, na Téalainne agus na Brasaíle agus go raibh éagsúlacht shuntasach sna praghsanna allmhairiúcháin fiú i gcás an ábhair chéanna a d’allmhairigh an tír chéanna, a d’fhéadfadh a bheith de thoradh difríochtaí cáilíochta laistigh den chód HS céanna. D’iarr CCCMC ar an gCoimisiún cúis na ndifríochtaí sin a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Bhreithnigh an Coimisiún an argóint sin agus, nuair a bhí údar leis, chuir sé foinsí iontaofa in ionad praghsanna allmhairiúcháin neamhionadaithe mar a shonraítear i dTábla A thíos.

(175)

D’áitigh CCCMC freisin, ós rud é go gceannaítear roinnt de na hamhábhair sa tSín ar bhonn intíre, amhábhair a úsáidtear chun an táirge atá faoi imscrúdú a tháirgeadh, go bhfuil sé míréasúnta praghsanna allmhairiúcháin tríú tír ar leith a úsáid, toisc gur dócha go n-áireofar leis na praghsanna sin costais loingseoireachta/seachadta níos airde ná costais na n-amhábhar a ceannaítear sa bhaile. Tá sé seo fíor go háirithe i gcás ceimiceán contúirteach amhail aigéad sulfarach agus aigéad hidreaclórach a n-úsáidtear feithiclí speisialta lena seachadadh. Dá bhrí sin, mheas CCCMC nárbh mhór coigeartuithe cuí a dhéanamh chun comparáid chothrom a áirithiú.

(176)

A mhéid a bhaineann leis an argóint sin, thug an Coimisiún dá aire, ar na cúiseanna a leagtar amach i roinn 3.2.1 thuas, go gcuireann sé i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán san athbhreithniú reatha maidir le dul in éag. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag lorg costais neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí chun a áirithiú nach ndéanfar aon saobhadh ar an gcostas a chuirfear i bhfeidhm agus go mbeidh sé bunaithe ar shonraí a bheidh ar fáil go héasca. In éagmais aon fhaisnéise faoi aon saobhadh a d’fhéadfadh a bheith ar mhargadh na tíre ionadaíche i ndáil leis na ceimiceáin chontúirteacha sin agus in éagmais aon sonraí a chuir CCCMC ar fáil mar bhunús lena éileamh maidir le costais arda iompair, meastar go gcomhlíonann luachanna allmhairiúcháin na tíre ionadaíche critéir Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus meastar go soláthróidh siad meastachán réasúnta ar an bpraghas sa tír ionadaíoch, lena n-áirítear na costais iompair. Ina theannta sin, toisc go mbíonn na hionchuir allmhairiúcháin san iomaíocht i margadh intíre na tíre ionadaíche ó thaobh praghsanna de, mheas an Coimisiún gur ionadach iontaofa iad.

(177)

Dá thoradh sin, bhain an Coimisiún úsáid as praghsanna allmhairiúcháin GTA isteach sa Cholóim. I gcás nach raibh na praghsanna sin ionadaíoch nó go raibh siad neamhiontaofa ar shlí éigin, lorgaíodh tagarmharcanna idirnáisiúnta. I gcás nach raibh siad sin ar fáil, úsáideadh praghsanna iontaofa ó fhoinsí eile, mar atá sonraithe i dtábla A thíos.

(178)

I bhfianaise na faisnéise go léir a thíolaic páirtithe leasmhara agus a bhailíodh le linn na cros-seiceála cianda, sainaithníodh na tosca táirgeachta agus na cóid taraife seo a leanas a úsáidtear sa Bhrasaíl, sa Cholóim nó sa Téalainn, i gcás inarb infheidhm:

Tábla A

Fachtóir táirgeachta

Cód Taraife

Foinse sonraí allmhairiúcháin a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún a úsáid

Aonad tomhais

Amhábhair/tomhaltáin

 

 

 

Arbhar

1005901100

GTA - an Cholóim (61)

KG

Prátaí milse triomaithe

0714209000

GTA an Cholóim

KG

Clóiríd sóidiam/salann inite

2501009100 /2501001000 , 2501002000 , 2501009200 , 2501009900

GTA an Cholóim

KG

Aigéad sulfarach

2807 00 10

GTA an Bhrasaíl

KG

Sulfar/sulfar leachtach

2503000000

GTA an Cholóim

KG

Aigéad hidreaclórach

2806 10 20

GTA an Bhrasaíl

KG

Carbón gníomhachtaithe

3802100000

GTA An Cholóim

KG

Púdar/plúr aolchloiche

2521 00 00

GTA an Bhrasaíl

KG

Frithchúrthóir

3402200000 /3402909000

GTA an Cholóim

KG

Déatóimít

2512000000 /3802901000

GTA an Cholóim

KG

Péirlít

2530100000

GTA An Cholóim

KG

Aimíolase

(Glúcómalase)/Einsím shúcairithe

3507909000

GTA an Cholóim

KG

Cailciam

2805 12 00

GTA an Bhrasaíl

KG

Sóid loiscneach (Hiodrocsaíd sóidiam)

2815110000 /2815120000

GTA - an Cholóim

KG

Alcailí leachtacha

2815120000

GTA an Cholóim

KG

Sárocsaíd hidrigine

2847000000

GTA an Cholóim

KG

Plúr (cruithneacht nó maislín)

1101000000

GTA an Cholóim

KG

Plúr adhmaid

4405000000

GTA an Cholóim

M3

Ocsaíd chailciam

2825904000

GTA an Cholóim

KG

Aol beo

2522100000

GTA an Cholóim

KG

Bran ó arbhar

2302100000

GTA an Cholóim

KG

Licéar arbhair Indiaigh mhaosta

1901901000

GTA - an Cholóim

KG

Carbónáit chailciam/Cailcít

2836500000

GTA an Cholóim

KG

Cré gníomhachtaithe

3802901000

GTA - an Cholóim

KG

Scagchabhair (perlite)

2530100000

GTA an Cholóim

KG

Dé-aicéatáit sóidiam

2915292000

GTA an Cholóim

KG

Aigéad citreach

2918140000

GTA an Cholóim

KG

Ciotráit sóidiam

2918153000

GTA an Cholóim

KG

Coscaire creimthe agus scála

2921 59

GTA an Bhrasaíl

KG

Gual amh/Láib

2701 19 00

GTA an Bhrasaíl

KG

Díosal

2710192100

GTA an Cholóim

M3

Pacáil – Mála sceo

3923299000

GTA an Cholóim

Píosa

Pacáil – Tráidire bog

3923900000

GTA an Cholóim

Píosa

Pacáil – Pailléad

4421999000

GTA an Cholóim

Píosa

Pacáil – Bosca páipéir

4819200000

GTA an Cholóim

Píosa

Pacáil – Mála páipéir

4819301000

GTA an Cholóim

Píosa

Pacáil – Mála páipéir

4819400000

GTA an Cholóim

Píosa

Pacáil – Mála fite

6305331000

GTA an Cholóim

Píosa

Pacáil – Mála sceo trom

3920100000

GTA an Cholóim

Píosa

Seachtháirge/dramhaíl

 

 

 

Gás

2705000000

GTA an Cholóim

KG

Fuíoll ardphróitéine/Iarmhar stáirse arbhair

2303100000

GTA an Cholóim

KG

Beathú arbhair Indiaigh

2303300000

GTA an Cholóim

KG

Sulfáit chailciam

2833299000

GTA an Cholóim

KG

Táirgí iarmharacha eile ó na tionscail cheimiceacha (Láib ghráinneach)

3825 90 00

GTA an Bhrasaíl

KG

Ola ginidín arbhair/Ola arbhair

1518009000 /1515290000

GTA an Cholóim

KG

Greana arbhair Indiaigh/Iarmhar stáirse arbhair Indiaigh

2303100000

GTA an Cholóim

KG

Plúr glútain

1109000000

GTA an Cholóim

KG

Mícéiliam (ullmhú beatha ainmhithe)

2309909000

GTA an Cholóim

KG

Ginidín gránach

1104300000

GTA - an Cholóim

KG

Púdar cloiche cailcíte

2836500000

GTA an Cholóim

KG

Gipseam

2520100000

GTA an Cholóim

KG

Luaith, slaig

2621900000

GTA an Cholóim

KG

Iarmhar eastóctha d’ola ginidín arbhair

23069010 90

GTA an Téalainn

KG

Min/púdar glútain arbhair

2302100000

GTA an Bhrasaíl

KG

Gráinníní púdair próitéine (iarmhar arbhair)

2302100000

GTA an Bhrasaíl

KG

Dríodar scagacháin próitéine (iarmhar arbhair)

2302100000

GTA an Bhrasaíl

KG

Crotal arbhair spraeáilte

2302100000

GTA an Bhrasaíl

KG

3.8.   An gnáthluach a ríomh

(179)

Chun an gnáthluach a bhunú, rinne an Coimisiún na bearta seo a leanas.

(180)

Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún costais neamhshaofa na monaraíochta (lena gcumhdaítear tomhaltas amhábhar, saothair agus fuinnimh). Ar bhonn na bhfoinsí a liostaítear thuas chuir sé na costais aonaid neamhshaofa i bhfeidhm maidir le tomhaltas iarbhír tosca táirgeachta aonaracha na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh.

(181)

Ar an dara dul síos, chun teacht ar na costais táirgeachta neamhshaofa, chuir an Coimisiún forchostais mhonaraíochta leis an méid sin. Na forchostais mhonaraíochta a thabhaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, tháinig méadú orthu de bharr chostais na n-amhábhar agus na n-ábhar cúnta dá dtagraítear in aithris (171) agus dá éis sin a shloinntear mar sciar de na costais mhonaraíochta a thabhaigh gach aon táirgeoir onnmhairiúcháin. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ar na costais mhonaraíochta neamhshaofa.

(182)

Ar deireadh, maidir le CDGRanna agus meánbhrabús ualaithe sheacht dtáirgeoir comhábhar ionadaíocha de chuid na Colóime, ar táirgeoirí iad sna tionscail a leanas: deochanna, glantachán, bia, sláinte agus cógaisíocht, chuir an Coimisiún na costais agus an meánbhrabús sin i bhfeidhm ar an ríomh thuas.

(183)

Nuair a shloinntear sin ina chéatadán de na costais mhonaraíochta, is é 24,82 % na CDGRanna agus 20,72 % an brabús. Nuair a shloinntear sin ina chéatadán den ioncam, costais díola, ghinearálta agus riaracháin, is é 17 % CDGRanna agus is é 14,2 % an brabús.

(184)

Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún an gnáthluach in aghaidh an chineáil táirge ar bhonn díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Ríomh an Coimisiún an gnáthluach in aghaidh an chineáil táirge le haghaidh gach aon cheann de na ceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha.

3.9.   Praghas onnmhairiúcháin

(185)

D’onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha isteach san Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha. Dá bhrí sin, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas iarbhír a íocadh nó a bhí iníoctha iarbhír le haghaidh an táirge faoi athbhreithniú nuair a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán.

3.10.   Comparáid

(186)

Rinne an Coimisiún comparáid idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha a sampláladh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha.

(187)

I gcás ina raibh údar maith leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, rinne an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú le haghaidh difríochtaí lenar ndearnadh difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Ar an mbonn sin, i gcás inarb infheidhme agus ina bhfuil údar maith leo, cuireadh san áireamh costais iompair, árachais, láimhseála, lódála agus choimhdeacha, phacáistíochta, costais chreidmheasa, muirir bainc agus coimisiúin.

3.11.   Corrlaigh dhumpála le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha

(188)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh, rinne an Coimisiún comparáid idir gnáth-mheánluach ualaithe gach cineáil de chuid an táirge chomhchosúil agus meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe chineál chomhfhreagrach an táirge faoi athbhreithniú, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán.

(189)

Ar an mbonn sin, is é atá sna meánchorrlaigh dhumpála ualaithe arna sloinneadh ina gcéatadán den phraghas CAL ag teorann an Aontais, agus an dleacht neamhíoctha 42 % le haghaidh Weifang Ensign Industry Co., Ltd agus 144 % le haghaidh COFCO Bio-Chemical Energy (Yushu) Co. Ltd. Níor ríomhadh aon dumpláil le haghaidh RZBC Group (RZBC (Juxian) Co., Ltd. agus an trádálaí gaolmhar RZBC Imp. & Exp. Co., Ltd.), ná le haghaidh Jiangsu Guoxin Union Energy Co. Ltd, atá faoi réir ag gealltanais i dtaca le praghsanna faoi mar a mhínítear in aithris (191).

3.12.   Corrlaigh dhumpála le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha

(190)

Shuigh an Coimisiún meánchorrlach ualaithe dumpála na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha. Ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, baineadh úsáid as corrlach dumpála ab airde na dtáirgeoirí comhoibríocha, seachas an corrlach dumpála ab ísle go háirithe mar gurb ísle go mór leibhéal na bpraghsanna onnmhairiúcháin ag cuideachtaí neamh-chomhoibríocha.

3.13.   Conclúid maidir le leanúint den dumpáil

(191)

Ar an iomlán, rinneadh formhór onnmhairí na Síne chuig an Aontas (idir 70 % agus 90 %) ag praghsanna ar leibhéal suntasach dumpála le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe. Rinne dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha an chuid eile d’onnmhairí na Síne nach ndearnadh aon dumpáil a shuí ina leith. Tá an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sin faoi réir gealltanas i dtaca le praghsanna agus rinneadh a n-onnmhairí chuig an Aontas ar an íosphraghas allmhairiúcháin. Measadh a gcuid praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas a bheith faoi thionchar na ngealltanas agus dá bhrí sin níor iontaofa go leor iad chun a chinneadh an leanfar den dumpáil i gcomhthéacs an athbhreithnithe éaga seo.

(192)

Mar achoimre, tá an dumpáil ann i gcónaí i gcás formhór mór onnmhairí na Síne chuig an Aontas. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurb ann don dumpáil i gcónaí le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

4.   DÓCHÚLACHT GO RABHAS AG LEANÚINT DEN DUMPÁIL

(193)

Maidir leis an toradh gurbh ann do dhumpáil le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil dá n-aisghairfí na bearta i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán. Rinneadh anailís ar na heilimintí seo a leanas: acmhainneacht an táirgthe agus an acmhainneacht spártha sa tír lena mbaineann, tarraingteacht mhargadh an Aontais; an gaol idir na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus an leibhéal praghsanna san Aontas; agus cleachtais imchéimnithe.

(194)

Mar a luaitear thuas, níor tháinig ach ceithre tháirgeoir ón tSín chun cinn. Dá bhrí sin, ba theoranta an fhaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún maidir le hacmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht spártha tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne.

(195)

Ar an gcúis sin, b’éigean formhór na dtorthaí a leagtar amach thíos maidir le leanúint de dhumpáil nó atarlú dumpála a bhunú ar fhoinsí eile, is iad sin Eurostat agus bunachair sonraí GTA agus an fhaisnéis a chuir tionscal an Aontais isteach san iarraidh ar athbhreithniú. Léiríodh an méid seo a leanas san anailís ar an bhfaisnéis sin.

4.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht spártha sa tír lena mbaineann

(196)

Bunaithe ar fhreagraí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha ar an gceistneoir, léiríodh san imscrúdú go raibh acmhainneacht táirgeachta spártha 129 000 tona, is é sin idir 20 agus 40 % d’éileamh an Aontais. Le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe, meastar go raibh acmhainneacht táirgeachta iomlán na Síne trí nó ceithre huaire níos mó ná tomhaltas iomlán an Aontais.

(197)

Measadh gur timpeall 465 000 tona éileamh na Síne—níos lú ná 24 % d’acmhainneacht táirgeachta tíre. Ina theannta sin, de réir méaduithe breise acmhainneachta atá beartaithe, tugtar le fios go mbeidh leibhéal acmhainneachta na tíre ag leibhéal tomhaltais iomlán an domhain faoi 2021 (62)—rud a chuirfidh go mór le ró-acmhainneacht na Síne. Is dócha go mbeidh tuilleadh brú fós ann chun táirgí a onnmhairiú mar thoradh ar an acmhainneacht bhreise sin, go háirithe i bhfianaise na bearna idir an acmhainneacht agus na leibhéil éilimh intíre thuasluaite. Is beag seans go dtiocfadh méadú chomh mór sin ar thomhaltas intíre na Síne agus go mbeadh sé in ann an acmhainneacht atá ann faoi láthair a thomhailt, gan trácht ar an acmhainneacht mhéadaithe. Thairis sin, de bharr bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i roinnt margaí eile, is rídhócha go mbeidh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte má aisghairtear na bearta san Aontas.

4.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(198)

Ba léir a tharraingtí atá margadh an Aontais d’onnmhairí na Síne mar gheall ar a ollmhéid agus gurbh ann dó i gcónaí, fiú agus bearta ann—bíonn sciar suas le 30 % go 50 % de mhargadh an Aontais acu.

(199)

Cuireadh tarraingteacht mhargadh an Aontais i dtábhacht de thairbhe go bhfuil infheisteoir de chuid na Síne ag tógáil monarchan nua san Aontas ina mbeidh acmhainneacht suas le 60 000 tona aici (63).

(200)

Ina theannta sin, bhí srian ar onnmhairithe na Síne chuig margaí tábhachtacha eile amhail na Stáit Aontaithe, an Bhrasaíl, an Cholóim, an India nó an Téalainn mar gheall go bhfuil bearta cosanta trádála ann.

(201)

Deimhníodh a thuilleadh a tharraingtí atá margadh an Aontais de bharr na n-eilimintí praghais seo a leanas.

4.3.   An gaol idir na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus an leibhéal praghsanna san Aontas

(202)

Tá praghsanna onnmhairiúcháin na gceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha idir 20 % agus 40 % níos ísle ná na praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas, rud a léiríonn arís a tharraingtí atá sé.

4.4.   Cleachtais imchéimnithe

(203)

Le cleachtais imchéimnithe tríd an Malaeisia, ar forchuireadh dleachtanna frith-dhul timpeall dá thoradh i mí Eanáir 2016 agus dá dtagraítear in aithris (5), cuireadh i dtábhacht a thuilleadh a tharraingtí atá margadh an Aontais d’allmhairí na Síne.

4.5.   Ba cheart praghsanna dóchúla agus corrlaigh dhumpála a aisghairm

(204)

Faoi mar a mínítear thuas, táthar ag leanúint den dumpáil le haghaidh formhór mór onnmhairí na Síne.

(205)

Ina theannta sin, bhí gach cosúlacht air go mbeadh díolacháin ar siúl ar leibhéil dhumpála i gcás ina rachadh bearta in éag.

(206)

Ar an gcéad dul síos, ós rud é gur díoladh gach cuideachta ag a bhfuil gealltanais go beacht ar íosphraghas allmhairiúcháin an ghealltanais, tugadh le fios go raibh an gealltanas ag feidhmiú mar íosráta. In éagmais íosráta den sórt sin, agus i gcás ina raibh gnólacht in iomaíocht le hallmhairí eile den tSín ar phraghas idir 30 % agus 40 % níos ísle ná a bhfuil ann faoin ngealltanas, bheadh ar ghnólachtaí díol ar an raon praghsanna níos ísle chun fanacht ar an margadh. Is dócha go bhfágfadh sin corrlaigh dhumpála níos airde maidir le gach cuideachta faoi réir an ghealltanais.

(207)

Ar an dara dul síos, d’fhéadfaí imchéimniú a mheas a bheith ina fhachtóir breise a léiríonn spéis an onnmhaireora dul isteach i margadh an Aontais agus a neamhábaltacht a bheith san iomaíocht i margadh an Aontais ar leibhéil neamhdhumpáilte. B’ann freisin do phatrún iompair éagóraigh praghsála ag gnólachtaí Síneacha nuair a onnmhairíonn siad chuig margaí eile, faoi mar a léirítear le líon ard beart cosanta trádála in aghaidh aigéad citreach i dtríú tíortha a luaitear san aithris (200).

(208)

Ar an tríú dul síos, bhí praghsanna onnmhairiúcháin na gceithre chuideachta chomhoibríocha chuig tríú tíortha i bhfad níos ísle ná na praghsanna a ghearrtar ar onnmhairiúcháin chuig an Aontas, lena léiríonn an dóchúlacht go dtiocfadh laghdú breise ar phraghsanna onnmhairiúcháin, agus méadú breise ar chorrlaigh dhumpála dá bharr, dá ligfí do bhearta dul in éag.

4.6.   Conclúid

(209)

Dá ligfí do bhearta dul in éag, léiríodh san anailís thuas go mbeifí ag leanúint den dumpáil agus gur rídhócha go dtiocfadh méadú ar na corrlaigh dhumpála agus go mbeadh níos mó allmhairí fós ag teacht isteach i margadh tarraingteach an Aontais.

(210)

Tar éis nochta, cheistigh CCCMC agus trí tháirgeoir chomhoibríocha na torthaí maidir le cumas spártha. D’áitigh siad, bunaithe ar ríomhanna an Choimisiúin féin, gur tháinig laghdú ar acmhainní breise ó 192 000 tona in 2015 (an t-athbhreithniú roimhe seo) go 129 000 tona in RIP, rud a tháinig salach ar an gcinneadh go dtiocfadh méadú de réir a chéile ar chumas táirgthe spártha agus go mbeadh brú níos airde ann onnmhairiú a dhéanamh dá bharr sin. Thug an Coimisiún dá aire go ndearna sé measúnú ar na hacmhainneachtaí spártha bunaithe ar shonraí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Ní hionann na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sin agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin chomhoibríocha san athbhreithniú roimhe seo. Ar an gcúis sin, tá locht ar an gcomparáid a rinne CCCMC agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha. Ar aon chuma, tá 129 000 tona fós ina ró-acmhainn. Diúltaíodh don éileamh, dá bhrí sin.

(211)

Tar éis an nochta, d’áitigh CCCMC agus trí tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha nach ndearna an Coimisiún fíorú ar iontaofacht ná ar chruinneas na fianaise a mhaítear maidir le méaduithe ar an acmhainn bheartaithe arna gcur isteach ag tionscal an Aontais. Thug an Coimisiún dá aire go bhfuil athbhreithniú cúramach déanta aige ar aighneachtaí thionscal an Aontais agus ar aighneachtaí CCCMC araon ina leith sin agus níor thug a athbhreithniú aon ghnéithe chun solais a d’fhéadfadh athrú a dhéanamh ar a thorthaí mar a leagtar síos in aithris (197).

(212)

Tar éis an nochta, mhaígh CCCMC agus trí tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha gur amhantraíocht iomlán í conclúid an Choimisiúin go dtitfeadh praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas go dtí leibhéil tríú tíortha in éagmais bearta nua, Mhaígh siad freisin nár sholáthair an Coimisiún aon chainníocht nó anailís maidir lena chonclúid gur dhócha go dtiocfadh méadú ar onnmhairí ó PRC agus go ndéanfaí iad ag corrlaigh dumpála níos airde in éagmais beart. Ar deireadh, mhaígh siad nach raibh réasúnú fónta eacnamaíoch ag an gCoimisiún maidir le cén bhfáth a laghdódh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a bpraghsanna chuig an Aontas go mór in éagmais bearta athnuaite.

(213)

Mar fhreagairt air sin, thug an Coimisiún dá aire gur léiríodh go soiléir san imscrúdú go leantar den dumpáil, fiú amháin bunaithe ar phraghsanna onnmhairiúcháin a dtacaíonn MIP na ngnóthas leo. Bhí praghsanna na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin nach bhfuil faoi réir gnóthas i bhfad níos ísle, rud a léiríonn go soiléir gur dócha go dtitfeadh praghsanna in éagmais gnóthas. Ina theannta sin, chonacthas don Choimisiún go raibh na praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas i bhfad níos airde ná praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí eile i gcás gach táirgeora is onnmhaireoir faoi réir gnóthas, rud a thug le fios go dtiocfadh méadú ar allmhairí a bhuí le margadh an Aontais. Thacaigh na heilimintí sin, mar aon leis an acmhainn shuntasach spártha sa PRC, go soiléir leis an gcinneadh gur dhócha go leanfadh onnmhairí chuig an Aontas de bheith ann ag praghsanna dumpáilte agus ag méideanna méadaithe dá n-aisghairfí na bearta.

5.   DÍOBHÁIL

5.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeadh an Aontais

(214)

Rinne dhá tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe. Is iad na táirgeoirí sin “tionscal an Aontais” de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(215)

Ós rud é nach bhfuil ach dhá tháirgeoir i gceist le tionscal an Aontais, chuir an Coimisiún cuid de na figiúirí sa Rialachán i láthair, d’úsáid sé raonta agus/nó innéacsanna i gcomhréir le hAirteagal 19 den bhun-Rialachán chun faisnéis rúnda a chosaint.

(216)

Maidir le táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe, suíodh é a bheith laistigh den raon idir 300 000 agus 350 000 tona. Shuigh an Coimisiún an uimhir ar bhonn na bhfreagraí ar an gceistneoir ón dá tháirgeoir de chuid an Aontais.

5.2.   Tomhaltas an Aontais

(217)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar an saormhargadh ar bhonn dhíolacháin saormhargaidh thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais agus allmhairí ó DPS agus ó thríú tíortha eile, faoi mar a léirítear sna freagraí ar an gceistneoir agus staidreamh onnmhairiúcháin bunaithe ar bhunachar sonraí 14(6).

(218)

Tháinig forbairt ar thomhaltas saormhargaidh an Aontais mar a leanas:

Tábla 1

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

500 000 - 550 000

535 000 – 585 000

535 000 – 585 000

515 000 - 565 000

Innéacs

100

107

107

103

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir agus bunachar sonraí 14(6)

(219)

Tháinig méadú 7 % ar thomhaltas an Aontais ar dtús agus baineadh a bhuaic amach in 2017 agus 2018. Idir 2018 agus tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe, tháinig laghdú beag ar an tomhaltas agus lean sé de bheith sé 3 % níos airde ná mar a bhí ag tús na tréimhse a breithníodh.

(220)

Is é ba chúis leis an méadú ar thomhaltas aigéid chitrigh an méadú ar thomhaltas táirgí lena n-úsáidtear an táirge faoi athbhreithniú i dtionscail éagsúla amhail bia, glantaigh tí, cógais leighis agus táirgí cosmaideacha. Thairis sin, an reachtaíocht lena gceanglaítear fosfáití a ionadú i nglantaigh glantacháin tí, sin ba chúis leis an méadú a tháinig ar thomhaltas an táirge atá faoi athbhreithniú, ós rud é go bhfuil aigéad citreach ar cheann de na roghanna ionadacha is oiriúnaí d’fhosfáití sna táirgí sin.

5.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

5.3.1.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(221)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn bhunachar sonraí 14(6). Suíodh sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn bhunachar sonraí 14(6) agus fhreagraí thionscal an Aontais ar an gceistneoir a úsáideadh.

(222)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar allmhairí ón tír lena mbaineann:

Tábla 2

Méid na n-allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ón tSín

207 295

190 750

223 185

205 595

Innéacs

100

92

108

99

Sciar den mhargadh %

40 - 45

34 - 39

40 - 45

38 - 43

Innéacs

100

86

100

96

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir agus bunachar sonraí 14(6)

(223)

Bhí méid na n-allmhairí ón tSín suntasach i rith na tréimhse a breithníodh, d’fhán siad beagnach ar an leibhéal céanna le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe i gcomparáid le 2016. Déantar aigéad citreach a iompar i gcainníochtaí móra, fíoras atá nasctha leis an líon allmhairí níos lú in 2017 agus an líon allmhairí níos airde in 2018, agus tháinig méid aigéid chitrigh chomh mór sin isteach i margadh an Aontais i mí Eanáir 2018 gur cuireadh an líon allmhairí i leith 2018 (bhí allmhairí mhí Eanáir 2018 beagnach 50 % níos mó ná allmhairí mhí na Nollag 2017). Ar an iomlán, bhí méid na n-allmhairí ón tSín cobhsaí.

(224)

Bhí sciar mór den mhargadh ag allmhairí aigéid chitrigh ón tSín agus d’fhan an sciar sin timpeall 40 % agus tháinig laghdú beag 1.4 pointe céatadáin air le linn na tréimhse a breithníodh. Ós rud é gur tháinig laghdú ar mhéid na n-allmhairí ó thíortha eile freisin, faoi mar a thuairiscítear in aithrisí (234) go (235), thug an Coimisiún ar aird gur sásaíodh an t-éileamh méadaithe le linn na tréimhse a breithníodh leis an méadú a tháinig ar tháirgeacht thionscal an Aontais.

5.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(225)

Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn bhunachar sonraí 14(6). Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mheánphraghas allmhairí ón tír lena mbaineann:

Tábla 3

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona)

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe

an tSín

736,7

773,8

738,2

701,9

Innéacs

100

105

100

95

Foinse: Bunachar sonraí 14(6)

(226)

Le linn na tréimhse a breithníodh bhí praghas an aigéid chitrigh a allmhairíodh cobhsaí. Ar an iomlán, tháinig laghdú 5 % ar phraghas aigéid chitrigh na Síne i gcomparáid le 2016. D’fhan praghsanna allmhairiúcháin na Síne i bhfad níos ísle i gcomparáid le praghsanna an Aontais, mar a léirítear i dTábla 8.

(227)

Tá nasc idir méadú ar praghsanna allmhairiúcháin in 2017 agus an méadú ar thomhaltas, a bhí an-ard in 2017, faoi mar a míníodh in aithris (219), de bharr an athraithe reachtaíochta maidir le fosfáití a bhfuil tuairisc air in aithris (220). An méadú ar an éileamh ba chúis leis an méadú a tháinig ar phraghsanna onnmhairiúcháin. Tháinig laghdú ar phraghsanna ansin in 2018 agus in 2019 de réir mar a tháinig athrú ar an éileamh.

(228)

Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid:

(a)

na meánphraghsanna díola ualaithe in aghaidh chineál táirge na dtáirgeoirí de chuid an Aontais, rud a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú de réir leibhéal díreach ón monarcha; agus

(b)

meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha in aghaidh an chineáil táirge a allmhairíonn táirgeoirí comhoibríocha na Síne chuig an gcéad chustaiméir ar mhargadh an Aontais, arna mbunú ar bhonn costais, árachais agus last-táille (CAL), lena n-áirítear an dleacht frithdhumpála, mar aon le coigeartuithe iomchuí ar dhleachtanna custaim agus ar chostais iar-allmhairiúcháin.

(229)

Léirítear dhá leibhéal corrlach sladghearrtha thíos agus is é a chumhdaítear sa chéad cheann na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nach bhfuil faoi réir an ghealltanais a luaitear in aithris (189). Áirítear sa dara leibhéal na trí chomhoibreoir a bhí faoi réir an ghealltanais. Déantar idirdhealú toisc go raibh tionchar ag téarmaí an ghealltanais ar phraghsanna na gcuideachtaí faoi réir an ghealltanais.

(230)

Maidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha, níorbh féidir sladghearradh praghais a shuí trí úsáid a bhaint as praghsanna in aghaidh an chineáil táirge, toisc nach raibh an fhaisnéis sin ar fáil. Dá bhrí sin, suíodh an sladghearradh praghais trí chomparáid a dhéanamh idir meánphraghsanna ualaithe foriomlána díolacháin ag táirgeoirí an Aontais mar aon le táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha na Síne.

(231)

Rinneadh an chomparáid praghsanna ar bhonn cineál ar chineál idirbhearta ar an leibhéal trádála céanna, arna gcoigeartú go cuí i gcás inar gá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Sloinneadh torthaí na comparáide ina chéatadán de láimhdeachas na dtáirgeoirí de chuid an Aontais le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe. Léiríodh leis sin meánchorrlach sladghearrtha ualaithe maidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin nach bhfuil faoi réir gealltanas níos mó ná 19 % agus maidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin faoi réir gealltanais is mó ná 10 %.

5.4.   Allmhairí ó thríú tíortha nach an tSín iad

(232)

Na hallmhairí aigéid chitrigh a tháinig ó thríú tíortha nach an tSín iad, tháinig siad ón gCambóid, an Cholóim agus an Téalainn go príomha.

(233)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid (comhiomlánaithe) na n-allmhairí chomh maith leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna maidir le hallmhairí aigéid chitrigh ó thríú tíortha eile:

Tábla 4

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe

an Téalainn

Méid (tonaí)

19 410

20 163

13 203

13 305

Innéacs

100

104

68

69

Sciar den mhargadh (%)

< 5

< 5

< 5

< 5

Meánphraghas (EUR)

817

887

847

784

Innéacs

100

109

104

96

Tríú tíortha eile

Méid (tonaí)

10 331

18 612

7 909

7 194

Innéacs

100

180

77

70

Sciar den mhargadh (%)

< 5

< 5

< 5

< 5

Meánphraghas (EUR)

1 094

1 001

1 251

1 265

Innéacs

100

92

114

116

Iomlán na dtríú tíortha uile

Méid (tonaí)

29 741

38 775

21 112

20 500

Innéacs

100

130

71

69

Sciar den mhargadh (%)

5-10

5-10

< 5

< 5

Meánphraghas (EUR)

913

942

998

952

Innéacs

100

103

109

104

Foinse: Bunachar sonraí 14(6)

(234)

Is ón Téalainn a tháinig na méideanna is mó allmhairí aigéid chitrigh ó thríú tír nach í an tSín í i rith na tréimhse a breithníodh. Tháinig laghdú 31 % ar allmhairí ón Téalainn le linn na tréimhse a breithníodh. Le linn gach bliain den tréimhse a breithníodh, lean na praghsanna sin an treocht maidir le héabhlóid praghsanna allmhairí na Síne ach bhí siad 11 % go 15 % níos airde.

(235)

Tháinig laghdú 30 % ar allmhairí aigéid chitrigh ó na tríú tíortha ar fad le linn na tréimhse a breithníodh. Bhí a gcuid praghsanna níos airde freisin i gcomparáid le praghsanna allmhairiúcháin ón tSín.

5.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

5.5.1.   Barúlacha ginearálta

(236)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh.

5.5.2.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(237)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 5

Méid táirgeachta, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta an Aontais

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe

An méid táirgeachta (tonaí)

300 000 – 350 000

342 000 – 392 000

339 000 – 389 000

327 000 – 377 000

Innéacs

100

114

113

109

An acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

350 000 – 400 000

381 000 – 431 000

395 000 – 445 000

395 000 – 445 000

Innéacs

100

109

113

113

Úsáid acmhainne (%)

90 - 100

90 - 100

90 - 100

87 - 97

Innéacs

100

105

100

97

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir

(238)

Tháinig méadú 9 % ar mhéid na táirgeachta le linn na tréimhse a breithníodh agus bhí buaic na táirgeachta ann in 2017 (nuair a bhí sé 14 % níos airde ná mar a bhí in 2016). Tá an treocht maidir le méid táirgeachta thionscal an Aontais ag teacht den chuid is mó leis an treocht maidir tomhaltas iomlán an Aontais.

(239)

Tháinig méadú seasta ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse a breithníodh agus i gcomparáid le 2016 bhí sé 13 % níos airde le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

(240)

Maidir le húsáid acmhainneachta, luainigh sé le linn na tréimhse a breithníodh agus bhí sé ar an leibhéal ab ísle le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe nuair a bhí sé 3 % faoin leibhéal a bhí ann in 2016.

5.5.3.   Méid díolachán agus sciar den mhargadh

(241)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mhéid díolacháin agus sciar margaidh thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh:

Tábla 6

Méid allmhairí agus sciar den mhargadh an Aontais

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe

Méid iomlán na ndíolachán ar mhargadh an Aontais (tonaí)

250 000 – 300 000

292 000 – 342 000

280 000 – 330 000

275 000 – 325 000

Innéacs

100

117

112

110

Díolacháin an mhargaidh faoi chuing

0 – 5 000

0 – 5 000

0 – 5 000

0 – 5 000

Díolacháin an mhargaidh shaoir

245 000 – 300 000

287 000 – 342 000

275 000 – 330 000

270 000 – 325 000

Innéacs

100

116

112

110

Sciar den mhargadh ag díolacháin an mhargaidh shaoir (%)

50 - 60

54 - 64

52 - 62

54 - 64

Innéacs

100

109

104

107

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir

(242)

Bhí díolacháin an mhargaidh faoi chuing, atá nasctha go príomha le sainearraí agus salainn speisialta a n-úsáidtear aigéad citreach mar ábhar ionchuir iontu, ar leibhéal beag faoi bhun 5 000 tona i ngach bliain den tréimhse a breithníodh agus, dá bhrí sin, ní raibh tionchar suntasach acu ar staid thionscal an Aontais, lena n-áirítear sciartha den mhargadh.

(243)

An fhorbairt a tháinig ar na díolacháin, bhí sé ar an gcuma chéanna leis an treocht maidir le táirgeacht agus tháinig méadú 10 % ar an díolacháin le linn na tréimhse a breithníodh, arbh in 2017 a bhí siad ar an leibhéal ab airde.

(244)

Bhí sciar thionscal an Aontais den mhargadh idir 50 % agus 64 % i ngach bliain den tréimhse a breithníodh. Tháinig méadú timpeall 4 phointe céatadáin ar an sciar sin le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

5.5.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(245)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht san Aontas le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 7

Fostaíocht agus táirgiúlacht san Aontas

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe

Líon na bhfostaithe

600 - 650

624 – 674

642 - 692

642 - 792

Innéacs

100

104

107

107

Táirgiúlacht (aonad/fostaí)

500 - 550

550 – 600

530 - 580

510 - 560

Innéacs

100

110

106

102

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir

(246)

Maidir le líon na bhfostaithe a shloinntear mar coibhéiseach lánaimseartha, tháinig méadú thart ar 7 % air le na tréimhse a breithníodh agus bhí breis agus 640 fostaí ann le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

(247)

Tháinig méadú beag ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse a breithníodh, méadú timpeall 2 %. I ndáil leis sin, sloinntear an táirgiúlacht mar líon tonaí in aghaidh an líon fostaithe (coibhéisí lánaimseartha) le linn na bliana.

5.5.5.   Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin

(248)

Maolaíodh tionchar na gcorrlach dumpála iarbhír ar thionscal an Aontais de bharr an ghealltanais is infheidhme maidir le leibhéal praghsanna tháirgeoirí móra onnmhairiúcháin de chuid na Síne, a bhí ag feidhmiú mar íosráta le haghaidh praghsanna onnmhairiúcháin ábhartha na Síne.

(249)

Is féidir a bhaint de thátal as gur tháinig tionscal an Aontais chuige féin ón díobháil a rinneadh le dumpáil tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne san am atá thart. Le linn na tréimhse a breithníodh, leanadh de phróiseas téarnaimh thionscal an Aontais faoi mar a léiríodh le treocht fhabhrach na bpríomhtháscairí díobhála.

5.5.6.   Praghsanna agus fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

(250)

Tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe tháirgeoirí an Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 8

Praghsanna díolacháin san Aontas

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe

An meánphraghas díola aonaid ar an saormhargadh (EUR/tona)

1 000 – 1 100

980 – 1 080

1 010 – 1 110

1 010 – 1 110

Innéacs

100

98

101

101

Costas aonaid an táirgthe (EUR/tona)

800 - 900

760 – 860

824 - 924

840 - 940

Innéacs

100

95

103

105

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir

(251)

Maidir le meánphraghsanna ualaithe díola aonaid tháirgeoirí an Aontais chuig custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas, bhí siad cobhsaí agus níor tháinig ach méadú 1 % orthu le linn na tréimhse a breithníodh.

(252)

Luainigh costas aonaid an táirgthe le linn na tréimhse a breithníodh agus bhí sé ar leibhéal 5 % níos airde le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe i gcomparáid le 2016. De bharr mhéadú na gcostas mar aon le méadú beag amháin ar phraghsanna díolacháin tháinig laghdú ar bhrabúsacht, a bhfuil tuairisc air in aithris (257).

5.5.7.   Costais saothair

(253)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mheánchostais saothair tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh:

Tábla 9

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

70 000 – 80 000

70 000 – 80 000

71 400 – 81 400

72 800 – 82 800

Innéacs

100

100

102

104

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir

(254)

Tháinig méadú 4 % ar mheánchostais saothair tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh, méadú a bhí níos ísle ná an boilsciú san Aontas le linn na tréimhse sin.

5.5.8.   Fardail

(255)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic tháirgeoirí an Aontais a sampláladh le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 10

Fardail

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonaí)

20 000 – 25 000

16 200 – 21 200

24 400 – 39 400

24 000 – 28 000

Innéacs

100

81

122

120

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht (%)

5 - 10

3 – 8

5 - 10

5 - 11

Innéacs

100

71

107

110

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir

(256)

Tháinig méadú ar stoic dheiridh Tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. Tá leibhéal na bfardal cobhsaí tar éis méadú a theacht ar dhíolacháin agus ar tháirgeacht. Ba é eisceacht dheireadh na bliana in 2017 an leibhéal stoic i bhfad níos ísle. Tá nasc idir an eisceacht agus an t-éileamh méadaithe ar aigéad citreach de bharr ionadú fosfáití i gcomhdhéanamh ceimiceáin táirgí áirithe, faoi mar a mhínítear in aithris (220).

5.5.9.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a ardú

(257)

An fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 11

An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

15 – 20

18 – 23

14 – 19

11 – 16

Innéacs

100

120

94

79

Innéacs an tsreafa airgid

100

140

100

102

Infheistíochtaí (EUR)

40 000 000 – 50 000 000

35 600 000 – 45 600 000

31 200 000 – 41 200 000

39 600 000 – 49 600 000

Innéacs

100

89

78

99

Toradh ar infheistíochtaí (%)

30 - 40

37 - 48

27 - 38

26 - 36

Innéacs

100

125

92

86

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir

(258)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht tháirgeoirí an Aontais a sampláladh trí ghlanbhrabús réamhchánach dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(259)

Le linn na tréimhse a breithníodh, is in 2017 a bhí an bhrabúsacht ar an leibhéal is airde. Bhí nasc idir na himthosca eisceachtúla agus ionadú fosfáití, mar a bhfuil tuairisc air in aithris (220) agus ba cheart nasc a dhéanamh idir brabúsacht mhéadaithe na mbliana sin agus an t-éileamh méadaithe sa bhliain shonrach sin. Bhí brabúsacht fhoriomlán an tionscail os cionn 10 % le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

(260)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas na dtáirgeoirí ón Aontas a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. An fhorbairt a tháinig air sin, d’fhan sé ar leibhéil comhchosúla i rith na tréimhse a breithníodh, ach amháin sa bhliain 2017.

(261)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús ina chéatadán de ghlanluach infheistíochtaí de réir na leabhar. An fhorbairt a tháinig air, bhí sé comhchosúil leis an bhforbairt a tháinig ar an mbrabúsacht agus d’fhan sé ar leibhéil shásúla i rith na tréimhse a breithníodh.

(262)

Níor luaigh aon cheann de tháirgeoirí an Aontais go raibh deacrachtaí acu caipiteal a chruinniú le linn na tréimhse a breithníodh.

5.6.   Conclúid faoi dhíobháil

(263)

Tháinig forbairt dhearfach ar fhormhór na dtáscairí díobhála amhail táirgeacht, méid díolachán, fostaíocht, acmhainneacht, táirgiúlacht agus sreabhadh airgid. Cé gur diúltach atá an treocht maidir le táscairí airgeadais amhail brabúsacht agus toradh infheistíochtaí, tá a ndearbhleibhéil sásúil agus ní comhartha díobhála ábhartha iad.

(264)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár fhulaing tionscal an Aontais díobháil ábhartha de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

6.   DÓCHÚLACHT ATARLAITHE NA DÍOBHÁLA

6.1.   Barúlacha ginearálta

(265)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (262) nár fhulaing tionscal an Aontais díobháil ábhartha le na tréimhse a breithníodh, agus i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán rinne sé measúnú ar an dóchúlacht go dtarlódh díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín ba chúis léi dá ligfí do na bearta i gcoinne allmhairí na Síne dul in éag (64).

(266)

Léirítear leis na treochtaí thuas maidir le praghsanna agus méideanna allmhairí an táirge ón tSín atá faoi athbhreithniú, cé go raibh láithreacht shuntasach ag onnmhaireoirí na Síne ar mhargadh an Aontais, gur tháinig feabhas ar dhálaí an mhargaidh de bharr na mbeart atá i bhfeidhm (dleacht agus gealltanais). Ba é tionscal an Aontais príomhthairbhí na forbartha sin ós rud é gur theoranta i gcónaí a bhí láithreacht mhargaidh tríú tíortha eile. Tugtar le fios leis sin nach ann don díobháil de bharr, den chuid is mó, gurb ann don na bearta atá i bhfeidhm.

(267)

Faoi mar a luaitear in aithrisí (196) go (197) tá acmhainneacht spártha ollmhór mhéadaitheach ag táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne lenar féidir leo a gcuid onnmhairí a mhéadú go an-tapa. Thairis sin, ós rud é go bhfuil praghsanna ar mhargadh an Aontais níos brabúsaí i gcomparáid leis an gcuid is mó de mhargaí tríú tíortha, is dócha go bhféadfaí cainníochtaí móra a onnmhairítear faoi láthair chuig na tíortha sin a atreorú chuig margadh an Aontais dá ligfí do na bearta frithdhumpála dul i éag.

(268)

Ina theannta sin, tá bearta cosanta trádála ag mórmhargaí idirnáisiúnta i gcoinne aigéad citreach na Síne. Dá bhrí sin beidh sé níos deacra do tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne díol sna margaí sin ná mar a bheidh acu díol isteach i margadh neamhchosanta de chuid an Aontais i gcás ina ligfí do na bearta frithdhumpála dul in éag.

(269)

Ina theannta sin, le praghsanna onnmhairiúcháin de chuid na Síne sladghearrtar praghsanna thionscal an Aontais fiú agus bearta i bhfeidhm. Gan dleachtanna a bheith ann, bheadh sladghearradh praghsanna ag táirgeoirí onnmhairiúcháin gan gealltanais os cionn 29 %. Léirítear leis an méid thuas na leibhéil praghsanna ag ar dócha go dtiocfadh táirgeoirí onnmhairiúcháin isteach i margadh an Aontais in éagmais beart. Gan na bearta atá i bhfeidhm, ní bheadh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna a choimeád mar atá, rud is dócha a thabhódh caillteanais mar a bhí sa chéad imscrúdú.

(270)

Deimhnítear a dhóchúla atá onnmhairí na Síne ar phraghas íseal in éagmais beart leis iliomad imscrúduithe frithdhumpála ar aigéad citreach na Síne i dtíortha eile a luaitear in aithris (200).

(271)

I ngeall ar an acmhainneacht ard onnmhairiúcháin atá ag táirgeoirí na Síne agus praghsanna díobhálacha le chéile, bheadh caillteanas tapa ar díolacháin thionscal an Aontais agus/nó titim ar a phraghsanna mar thoradh díreach ar an acmhainneacht sin, agus bheadh meathlú mór airgeadais ann, rud a chuirfeadh marthanas thionscal an Aontais i mbaol – mar a léirítear le dúnadh tháirgeoirí eile de chuid an Aontais, a luaitear in aithris (276).

(272)

I ndiaidh an nochta, chuir CCCMC agus trí tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha lena chéile in iúl, maidir lena dhóchúla atá sé go ndéanfaí díobháil arís, nach mbeadh ciall le méadú ar allmhairí ag praghsanna níos ísle ó thaobh na tráchtála nó an mhargaidh de, i gcás ina rachadh na bearta in éag. Ina theannta sin, mhaígh CCCMC freisin nach mbeadh tionchar suntasach ag bearta cosanta trádála i dtíortha eile ar chinnteoireacht na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín. Ní raibh bunús leis na héilimh sin agus níor léirigh siad ar aon bhealach go raibh an réimse leathan d’eilimintí substainteacha agus den réasúnaíocht thuasluaite mícheart. Ina theannta sin, thug an Coimisiún faoi deara go bhfuil praghsanna allmhairiúcháin gan dleachtanna, mar a léirítear i dTábla 3, go mór faoi bhun chostais táirgthe thionscal an Aontais (mar a léirítear i dTábla 11). Dá bhrí sin, dá gcoinneofaí praghsanna ísle allmhairiúcháin den sórt sin, chuirfeadh sé brú ar thionscal an Aontais, rud a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh arís. Dá bhrí sin, ní féidir glacadh leis na héilimh sin.

(273)

Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí dumpáilte ón tSín ar phraghsanna díobhálacha mar thoradh ar easpa beart agus gur dócha go dtarlódh díobháil ábhartha arís.

7.   LEAS AN AONTAIS

(274)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún imscrúdú an mbeadh sé i gcoinne leas an Aontais ina iomláine na bearta frithdhumpála atá ann cheana a choimeád ar bun. Rinneadh cinneadh maidir le leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus úsáideoirí.

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(275)

An dá tháirgeoir de chuid an Aontais, arb iad in éindí atá freagrach as 100 % de tháirgeadh an Aontais, chomhoibrigh siad leis an imscrúdú seo. Faoi mar a luaitear in aithris (263), tá tionscal an Aontais tagtha chuige féin ón díobháil a rinneadh de bharr dumpála roimhe seo agus tá a gcuid oibríochtaí inmharthana i gcás nach bhfuil siad faoi réir iomaíocht éagóraí ag allmhairí dumpáilte.

(276)

Lean tionscal an Aontais an t-éileamh méadaithe ar aigéad citreach, lena n-áirítear infheistíochtaí is gá chun a n-acmhainneacht táirgeachta a mhéadú agus tá sé beartaithe aige é a mhéadú tuilleadh.

(277)

An tráth céanna, is rídhócha go dtiocfadh méadú ar iomaíocht éagórach allmhairí dumpáilte na Síne dá gcuirfí deireadh leis na bearta, rud a chuirfeadh feidhmiú leanúnach na dtáirgeoirí eile i mbaol i dtionscal a bheadh inmharthana seachas sin. Meabhraítear gur dhún trí tháirgeoir san Aontas sular forchuireadh bearta i gcoinne allmhairí na Síne.

(278)

Dá bhrí sin tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chun leas thionscal an Aontais atá sé na bearta a choimeád i bhfeidhm.

7.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara

(279)

Faoi mar a luaitear in aithris (18), chuir aon allmhaireoir neamhghaolmhar amháin isteach freagra ar an gceistneoir. Dá bhrí sin ba bheag an tsuim a bhí ag allmhaireoirí san imscrúdú atá ann faoi láthair.

(280)

Is minic allmhaireoirí aigéid chitrigh a bheith ina dtrádálaithe réimse níos leithne de tháirgí ceimiceáin agus dá bhrí sin níl siad teoranta d’aigéad citreach amháin. Thairis sin, allmhairíonn na trádálaithe táirgí ceimiceáin ó thríú tíortha eile nach an tSín iad agus déanann siad trádáil freisin i dtáirgí a tháirgeann tionscal an Aontais. Dá bhrí sin, maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil leis na dleachtanna ar allmhaireoirí a choimeád ar bun, meastar go mbeidh sé teoranta.

7.3.   Leas úsáideoirí

(281)

Mar a leagtar amach in aithris (23), fuair an Coimisiún freagraí ar an gceistneoir ó cheithre úsáideoir de chuid thionscal na sláinte, na scéimhe agus an tsláinteachais baile. In ainneoin thionscal an bhia agus na dí a bheith ar an úsáideoir is mó aigéid chitrigh, níor chomhoibrigh aon úsáideoir ón tionscal sin leis an imscrúdú.

(282)

I gcás fhormhór na n-úsáideoirí, is cuid bheag, nó chuid dhiomaibhseach fiú, dá struchtúr costas an aigéid chitrigh. I gcás cineálacha áirithe táirgí, go háirithe i réimse na dtáirgí sláinteachais baile amhail táibléid miasniteora, tá an cion aigéid chitrigh i bhfad níos mó.

(283)

Sna barúlacha a thug na úsáideoirí comhoibreacha, mhaígh na húsáideoirí go bhfuil tionscal an Aontais i ndiaidh teacht ar ais chuige féin agus chuir siad in iúl nach bhfuil sé in ann freastal go hiomlán ar éileamh an Aontais. Luadh sna barúlacha freisin nach bhfuil táirgeadh na dtáirgí sin san Aontas chomh hiomaíoch céanna i gcomparáid le tíortha nach bhfuil aigéad citreach faoi réir dleachtanna iontu, go háirithe i gcás táirgí a bhfuil cion mór urghnách d’aigéad citreach iontu. Tharraing úsáideoirí aird freisin ar an staid mhaith airgeadais ina bhfuil táirgeoirí an Aontais.

(284)

Níl aon tionchar ag na bearta atá ann faoi láthair ar infhaighteacht aigéid chitrigh ó fhoinsí nach foinsí de chuid an Aontais iad, rud a dhearbhaítear le láithreacht shuntasach onnmhairí na Síne i gcónaí. Tá méaduithe ar acmhainneacht táirgeachta beartaithe san Aontas ag táirgeoirí an Aontais mar aon le hinfheisteoirí na Síne dá dtagraítear in aithris (199).

(285)

Bhí brabúsacht ard ag úsáideoirí comhoibríocha, agus i gcás fhormhór mór na n-úsáideoirí, is beag an tionchar airgeadais a bhí ag costas aigéid chitrigh mar gur amhábhar diomaibhseach é. I gcás na n-úsáideoirí atá rannpháirteach i dtáirgeadh an chineáil táirgí a bhfuil cion aigéid chitrigh níos airde iontu, ní raibh sna táirgí sin ach cuid de phunann i bhfad níos leithne. Le linn an athbhreithnithe éaga a bhí ann roimhe, nuair a chomhoibrigh níos mó úsáideoirí leis an imscrúdú, shuigh an Coimisiún nach mó ná 5 % é aigéad citreach de chostais amhábhar úsáideoirí a dhéanann táirgí ceimiceáin a tháirgeadh. Dá bhrí sin, measadh go bhfuil éifeacht theoranta ag na bearta sin ar na húsáideoirí sin.

(286)

Tríd is tríd, ba mhó i bhfad tionchar dearfach na mbeart ar thionscal an Aontais ná tionchar diúltach teoranta na mbeart atá i bhfeidhm ar na húsáideoirí.

7.4.   Fachtóirí eile – slándáil na bhfoinsí soláthair

(287)

Is gné thábhachtach de mhargadh an aigéid chitrigh í cinnteacht an tsoláthair. I gcás fhormhór feidhmeanna an aigéid chitrigh, ba dhiomaibhseach an éifeacht atá ag an bpraghas, ach bhí sé ríthábhachtach go mbeadh an táirge atá faoi athbhreithniú ar fáil mar amhábhar. In éagmais beart, bheadh marthanas thionscal an Aontais i mbaol, agus rachadh na éifeachtaí aige níos faide ná an tionscal féin, e.g. laghdú ar na foinsí soláthair atá ar fáil nó laghdú ar iomaitheoirí sa mhargadh.

7.5.   Conclúid maidir le leas an Aontais

(288)

Tháinig an Coimisiún an gconclúid ar bhonn a luaitear thuas nárbh ann d’aon chúis láidir maidir le leas an Aontais gan na bearta atá ann faoi láthair maidir le hallmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh na Síne a choimeád ar bun.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(289)

Ar bhonn na gconclúidí ón gCoimisiún maidir le hatarlú dumpála, díobhála agus leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála maidir le haigéad citreach ón tSín a choimeád ar bun.

(290)

I bhfianaise tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) as an Aontas Eorpach, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021, rinne an Coimisiún anailís freisin ar an tionchar a bheadh ag an tarraingt siar sin ar chonclúidí an athbhreithnithe éaga sin.

(291)

I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire go raibh an sciar d’allmhairí aigéid chitrigh ar fad isteach sa Ríocht Aontaithe as iomlán na n-allmhairí ar bhonn AE-28 níos lú ná 10 % i rith na tréimhse a breithníodh (foinse: 14.6 Bunachar sonraí). Le laghdú an mhargaidh inmheánaigh go dtí AE27, ní dhéanfaí difear do tharraingteacht mhargadh an Aontais ná do leibhéal praghsanna allmhairí an táirge lena mbaineann san Aontas.

(292)

Bhí díolachán an dá tháirgeora de chuid an Aontais leis an Ríocht Aontaithe ar aon mhéid.

(293)

I gcás an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne ar ríomhadh an corrlach dumpála ina leith faoi mar a mhínítear in aithris (189), dá mbainfí na díolacháin onnmhairiúcháin leis an Ríocht Aontaithe de ríomh an chorrlaigh dumpála, ní bheadh tionchar níos mó ná 1 faoin gcéad aige sin ar an ríomh. Mar atoradh ní thiocfadh athrú ach oiread ar chorrlaigh dumpála maidir le táirgeoirí neamh-chomhoibríocha.

(294)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeadh torthaí éagsúla ar an imscrúdú sin a raibh coimeád na mbeart frithdhumpála mar thoradh air, is cuma cé acu an ndéantar an Ríocht Aontaithe a mheas le haghaidh na hanailíse nó nach ndéantar. Níor thug aon pháirtí leasmhar aon bharúil faoin bpointe seo.

(295)

Cuireadh gach páirtí leasmhar ar an eolas maidir leis na fíorais agus na breithnithe riachtanacha, a raibh sé beartaithe ar a mbonn a mholadh go gcoimeádfaí ar bun na bearta. Tugadh tréimhse dóibh freisin lena bhféadfaidís uiríll a dhéanamh tar éis an nochta sin.

(296)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (65), nuair atá méid le haisíoc i ndiaidh breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart gurb é an t-ús atá le híoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(297)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid chitrigh agus déhiodráite ciotráite trisóidiam, allmhairí a thagann faoi chóid AC 2918 14 00 agus ex 2918 15 00 (cód TARIC 2918150011 agus 2918150019) faoi láthair agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

2.   Seo mar a leanas a bheidh rátaí na dleachta frithchúitimh cinntithí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, don táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1, táirge a dhéanann na cuideachtaí a liostaítear thíos a tháirgeadh:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

Cód breise TARIC

COFCO Bio-Chemical Energy (Yushu) Co. Ltd — Uimh. 1 Ascaill Dongfeng, Crios Forbartha Eacnamaíche Wukeshu, Cathair Changchun 130401, DPS

35,7

A874

Laiwu Taihe Biochemistry Co., Ltd. — Uimh. 89, Sráid Changjiang, Cathair Laiwu, Cúige Shandong, DPS

15,3

A880

RZBC Co., Ltd. – Uimh. 9 Bóthar Xinghai Thiar, Cathair Rizhao, Cúige Shandong, DPS

36,8

A876

RZBC (Juxian) Co., Ltd. – Uimh. 209 Bóthar Laiyang, Crios Forbartha Eacnamaíche Juxian, Cathair Rizhao, Cúige Shandong, DPS

36,8

A877

TTCA Co., Ltd. – Iarthar, Droichead Wenhe Thuaidh, Cathair Anqiu, Cúige Shandong, DPS

42,7

A878

Weifang Ensign Industry Co., Ltd. – Uimh. 1567 Sráid Changsheng, Changle, Weifang, Cúige Shandong, DPS

33,8

A882

Jiangsu Guoxin Union Energy Co., Ltd. – Uimh. 1 Bóthar Redian, Crios Forbartha Eacnamaíche Yixing, Cúige Jiangsu, DPS

32,6

A879

Gach cuideachta eile

42,7

A999

3.   An dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir le hallmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, mar leagtar amach í i mír 2, i ndáil le hallmhairí an aigéid chitrigh agus na déhiodráite ciotráite trisóidiam chéanna a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia, tugtar iad faoi scáth na dleachta frithdhumpála, bíodh siad dearbhaithe gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó nach ndearbhaítear (cóid TARIC 2918 14 00 (cód TARIC 2918140010) agus ex 2918 15 00 (cód TARIC 2918150011).

4.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm/hainm agus lena fheidhm/feidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, maidir le (méid) (an táirge atá faoi athbhreithniú) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) an táirge sin a mhonarú sa tír seo: (an tír lena mbaineann). Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.” Mura gcuirtear an sonraisc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

1.   Maidir le hallmhairí a dhearbhaítear lena scaoileadh i saorchúrsaíocht agus na cuideachtaí a sheol sonrasc ina leith, ar cuideachtaí iad a nglacann an Coimisiún gealltanais uathu agus a liostaítear a n-ainmneacha i gCinneadh 2008/899/CE, arna leasú tuilleadh le Cinneadh 2012/501/AE agus Rialachán (AE) 2016/704, díolmhaítear na hallmhairí sin ón dleacht frithdhumpála arna forchur le hAirteagal 1, ar choinníoll an mhéid a leanas:

(a)

go ndéanann na cuideachtaí sin iad a mhonarú agus a loingsiú, agus sonrasc a chur ina leith, go díreach chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách san Aontas; agus

(b)

go bhfuil sonrasc gealltanais ag gabháil leis na hallmhairí sin, ar sonrasc tráchtála é ina bhfuil ar a laghad na heilimintí agus an dearbhú a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; agus

(c)

go bhfreagraíonn na hearraí a dearbhaíodh agus a tíolacadh do lucht custaim go cruinn leis an tuairisc ar an sonrasc gealltanais.

2.   Tabhófar fiach custaim tráth a nglacfar leis an dearbhú maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht:

(a)

aon uair a shuífear é, maidir le hallmhairí a thuairiscítear i mír 1, nach bhfuil ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a liostaítear sa mhír sin á chomhlíonadh; nó

(b)

nuair a tharraingíonn an Coimisiún siar an glacadh atá aige leis an ngealltanas de bhun Airteagal 8(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (66) ón gComhairle i Rialachán nó i gCinneadh ina dtagraítear d’idirbhearta áirithe agus ina ndearbhaíonn sé go bhfuil sonraisc an ghealltanais ábhartha neamhbhailí.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  IO L 323, 3.12.2008, lch. 1.

(3)  IO L 323, 3.12.2008, lch. 62.

(4)  IO L 244, 8.9.2012, lch. 27.

(5)  IO L 15, 22.1.2015, lch. 8.

(6)  IO L 10, 15.1.2016, lch. 3.

(7)  IO L 122, 12.5.2016, lch. 19.

(8)  IO L 231, 14.9.2018, lch. 20.

(9)  IO C 165, 14.5.2019, lch. 3.

(10)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne IO C 18, 20.1.2020, lch. 3.

(11)  Nasc chuig suíomh gréasáin an cháis shonraigh: https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2432

(12)  Fógra i ndáil leis an gcáschomhad ar fáil faoin uimhir t20.002450.

(13)  Fógra i ndáil leis an gcáschomhad ar fáil faoin uimhir t20.002149.

(14)  Bunachar sonraí na faisnéise trádála arna sholáthar ag IHS Markit, https://ihsmarkit.com/products.html.

(15)  Fógra i ndáil leis an gcáschomhad ar fáil faoin uimhir t20.007937.

(16)  Bunachar sonraí airgeadais cuideachta arna sholáthar ag Bureau van Dijk, www.bvdinfo.com

(17)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críoch Imscrúduithe maidir le Cosaint Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2 (“Tuarascáil” anseo feasta).

(18)  EDT DS 494, EU – Cost Adjustment Methodologies, míreanna 7.76, 7.80 agus 7.81.

(19)  IO L 338, 19.12.2017, lch. 1.

(20)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 6-7.

(21)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 10.

(22)  Ar fáil ag http://www.fdi.gov.cn/1800000121_39_4866_0_7.html (an dáta deireanach a breathnaíodh air 15 Iúil 2019).

(23)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 20-21.

(24)  Tuarascáil – Caibidil 3, lgh. 41, 73-74.

(25)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 120-121.

(26)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 122-135.

(27)  Tuarascáil – Caibidil 7, lgh. 167-168.

(28)  Tuarascáil – Caibidil 8, lgh. 169-170, 200-201.

(29)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 15-16, Tuarascáil – Caibidil 4, lch. 50, lch. 84, Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 108-9.

(30)  Tuarascáil – Caibidil 3, lgh. 22-24, agus Caibidil 5 lgh. 97-108.

(31)  Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 104-9.

(32)  Féach an 13ú Plean Cúig Bliana maidir le Próiseáil Gráin agus Ola, Roinn IV.2.1, ar fáil ar líne ag http://www.gov.cn/xinwen/2017-01/03/content_5155835.htm (an 21 Nollaig 2020 an uair dheireanach a breathnaíodh air).

(33)  Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 100-1.

(34)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 26.

(35)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 31-2.

(36)  Ar fáil ag https://www.reuters.com/article/us-china-congress-companies-idUSKCN1B40JU (an dáta deireanach ar breathnaíodh air 15 Iúil 2019).

(37)  Tuarascáil – Caibidlí 14.1 go 14.3.

(38)  Tuarascáil – Caibidil 4, lgh. 41-42, 83.

(39)  Tuarascáil – Caibidil 12, lch. 319.

(40)  Tá teacht ar fhaisnéis maidir le fóirdheontais atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Aireacht na Talmhaíochta: http://www.moa.gov.cn/gk/zcfg/qnhnzc/201904/t20190416_6179338.htm.

(41)  Féach Fógra 2017/627 NDRC lena n-aisghairtear “Fógra NDRC maidir le Cúrsaí a Bhaineann le Bainistiú Tionscadal Próiseála Domhain arbhair”, atá ar fáil ag: https://www.ndrc.gov.cn/fggz/cyfz/zcyfz/201704/t20170417_1149901.html.

(42)  Ibid.

(43)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 138-149.

(44)  Tuarascáil – Caibidil 9, lch. 216.

(45)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 213-215.

(46)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 209-211.

(47)  Tuarascáil – Caibidil 13, lgh. 332-337.

(48)  Tuarascáil – Caibidil 13, lch. 336.

(49)  Tuarascáil – Caibidil 13, lgh. 337-341.

(50)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 114-117.

(51)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 119.

(52)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 120.

(53)  Tuarascáil – Caibidlí 6, lch. 121-122, 126-128, 133-135.

(54)  Féach Páipéar Oibre CAI “Athréiteach Fadhb Fiachais Chorparáidigh na Síne”, le Wojciech Maliszewski, Serkan Arslanalp, John Caparusso, José Garrido, Si Guo, Joong Shik Kang, W. Raphael Lam, T. Daniel Law, Wei Liao, Nadia Rendak, Philippe Wingender, Jiangyan, Deireadh Fómhair 2016, WP/16/203.

(55)  Tuarascáil – Caibidlí 6, lch. 121-122, 126-128, 133-135.

(56)  https://www.indexmundi.com/agriculture/?commodity=corn

(57)  https://www.indexmundi.com/commodities/?commodity=corn&months=60&currency=eur

(58)  https://qdd.oecd.org/subject.aspx?Subject=ExportRestrictions_IndustrialRawMaterials

(59)  https://www.ilo.org/ilostat/faces/oracle/webcenter/portalapp/pagehierarchy/Page21.jspx?_afrLoop=2007202804813928&_afrWindowMode=0&_afrWindowId=ejmgka3iz_63#!%40%40%3F_afrWindowId%3Dejmgka3iz_63%26_afrLoop%3D2007202804813928%26_afrWindowMode%3D0%26_adf.ctrl-state%3Dejmgka3iz_119

(60)  IO L 123, 19.5.2015, lch. 33. Meastar in Airteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh agus, ar aon chuma, gur sonraí diomaibhseacha a bhí sna sonraí allmhairiúcháin sin.

(61)  Ar fáil ag: http://www.gtis.com/gta/

(62)  An fhaisnéis maidir le leibhéal na n-acmhainneachtaí sa tSín, i gcomhar le ábhair na bhfoinsí, chur an Coimisiún sin ar fáil lena n-imscrúdú ag páirtithe leasmhara an 7 Meitheamh 2020, seachas uimh. t20.004035.

(63)  An tSín -Institiúid CEE: “an tSín agus an Ungáir: Caidreamh déthaobhach 70 bliain i saol athraitheac h”, Nollaig 2019, lch. 75.

(64)  Féach Tuarascáil an Chomhlachta Achomhairc, na Stáit Aontaithe – Bearta Frithdhumpála ar Earraí Feadánacha Tíre Ola (OCTG) ó Mheicsiceo (WT/DS282/AB/R), míreanna. 108 122 - 123.

(65)  (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(66)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 51.


IARSCRÍBHINN

Sa sonrasc tráchtála a ghabhann le díolacháin cuideachtaí earraí leis an Aontas Eorpach, earraí atá faoi réir an ghealltanais, tabharfar na heilimintí seo a leanas le fios:

1.

An ceannteideal “SONRASC TRÁCHTÁLA A GHABHANN LE hEARRAÍ FAOI RÉIR GEALLTANAIS”.

2.

Ainm na cuideachta atá ag eisiúint an tsonraisc tráchtála.

3.

An uimhir sonraisc tráchtála.

4.

Dáta eisiúna an tsonraisc tráchtála.

5.

Cód breise TARIC faoina bhfuil imréiteach custaim le fáil i leith na n-earraí sa sonrasc ag teorainn an Aontais Eorpaigh.

6.

Tuairisc bheacht ar na hearraí, lena n-áirítear:

códuimhir tháirge (PCN) a úsáidtear chun críoch an ghealltanais,

tuairisc shoiléir shimplí ar na hearraí a chomhfhreagraíonn don PCN lena mbaineann,

códuimhir tháirge chuideachta (CPC),

Cód TARIC,

cainníocht (le sloinneadh i dtonaí).

7.

Tuairisc ar théarmaí an díolacháin, lena n-áirítear:

Praghas in aghaidh an tona,

na téarmaí íocaíochta is infheidhme,

na téarmaí seachadta is infheidhme,

lascainí iomlána agus lacáistí iomlána.

8.

Ainm na cuideachta a ghníomhaíonn mar allmhaireoir san Aontas Eorpach dá n-eisítear go díreach an sonrasc tráchtála a ghabhann leis na hearraí atá faoi réir gealltanais.

9.

Ainm an oifigigh de chuid na cuideachta a d’eisigh an sonrasc tráchtála agus an dearbhú sínithe seo a leanas:

“Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go bhfuil na hearraí a chumhdaítear leis an sonrasc seo á ndíol le haghaidh onnmhairiú díreach chuig an Aontas Eorpach laistigh de raon feidhme agus faoi théarmaí an Ghealltanais arna dhéanamh ag (CUIDEACHTA), agus ar glacadh leis ag an gCoimisiún Eorpachtrí Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/87. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.”


Top