This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023XC0925(01)
Publication of a communication of approval of a standard amendment to a product specification for a name in the wine sector referred to in Article 17(2) and (3) of Commission Delegated Regulation (EU) 2019/33 2023/C 337/06
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2023/C 337/06
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2023/C 337/06
PUB/2023/921
IO C 337, 25.9.2023, pp. 8–16
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
25.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 337/8 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2023/C 337/06)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH
‘Muscadet Sèvre et Maine’
PDO-FR-A0494-AM02
Dáta teachtaireachta: 27.6.2023
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Cód Geografach Oifigiúil
Tugadh an liosta de bhardais a áirítear sa limistéar geografach agus an limistéar atá díreach in aice láimhe cothrom le dáta chun Cód Geografach Oifigiúil 2022 a chur san áireamh.
Is leasú eagarthóireachta amháin é sin agus ní athraíonn sé an limistéar geografach.
Leasaíodh pointe 6 agus pointe 9 den doiciméad aonair i gcomhréir leis an athrú seo.
2. Limistéar geografach
Cuireadh leis an leasú seo na dátaí ar a d’fhormheas an t-údarás náisiúnta inniúil leasú ar limistéar geografach táirgthe na n-ainmneacha geografacha forlíontacha ‘Clisson’, ‘Gorges’ agus ‘Le Pallet’.
Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.
3. Limistéar dáileachta críochaithe
Cuireadh leis an leasú seo na dátaí ar ar fhormheas an t-údarás náisiúnta ábhartha leasú ar an limistéar dáileachta críochaithe laistigh den limistéar geografach táirgthe. Tá an limistéar dáileachta críochaithe comhdhéanta de na dáileachtaí laistigh den limistéar geografach táirgthe a sainaithníodh a bheith oiriúnach don ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint a tháirgeadh.
Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.
4. Bearta idirthréimhseacha
Scriosadh na bearta idirthréimhseacha nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh.
Ní cheanglaítear leis na scriostaí sin aon athrú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
5. Tagairt don chomhlacht cigireachta
Cuireadh foclaíocht úr ar an tagairt don chomhlacht cigireachta lena ailíniú leis an bhfoclaíocht a úsáidtear i sonraíochtaí táirge eile. Níl ann ach leasú eagarthóireachta.
Ní cheanglaítear leis an leasú seo aon athrú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(Neacha)
Muscadet Sèvre et Maine
2. Cineál táisc gheografaigh
ATFC – Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí táirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Tá na fíonta geal, tirim agus socair. Tá iontu: neart alcóil nádúrtha íosta de 10 % de réir toirte; uasmhéid siúcra inchoipthe (glúcós agus fruchtós) de 3 ghram in aghaidh an lítir; uasmhéid aigéid sho-ghalaithe de 10 milleachoibhéis in aghaidh an lítir; uasmhéid nirt alcóil iomláin de réir toirte tar éis saibhrithe de 12 %. Comhlíonann an cion aigéid iomlán, an méid dé-ocsaíde sulfair iomlán agus an neart alcóil iarbhír na tairseacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Tá na fíonta geal, tirim agus socair. Tá cothromaíocht éadrom blasanna orthu idir maothlachas agus úire agus forbraíonn siad cumhracht chasta dea-bholaithe ag a bhfuil blasanna láidre torthaíocha nó bláthacha. I gcásanna áirithe, fágann aibiú fada go bhfuil siad oiriúnach don aosú. Pacáiltear iad go cúramach i mbuidéil chun a saibhreas aramatach a chaomhnú agus a neartú.
Tá na critéir anailíseacha i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
|
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
An modh saothraithe
Is é dlús plandála íosta na bhfíniúnacha 6 500 planda in aghaidh an heicteáir.
Is é 1.50 méadar nó níos lú an fad idir na sraitheanna, agus is é idir 0.90 agus 1.10 méadar an spásáil idir phlandaí sa tsraith chéanna.
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil agus 12 bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda i gceist:
nó trí phrúnáil spoir agus 5 spor ar a mhéad in aghaidh an phlanda,
nó trí bhíthin Guyot aonair nó dúbailte.
Déantar prúnáil roimh an gcéim bhachlaithe nó céim 5 ar an scála Eichhorn agus Lorenz.
Gan beann ar an modh prúnála, féadtar na fíniúnacha a phrúnáil le 4 bhachlóg sa bhreis in aghaidh an phlanda, ar choinníoll nach bhfuil líon na gcraobh ar a bhfuil torthaí in aghaidh an phlanda don bhliain níos mó ná 12, ag an gcéim fheineolaíochta a chomhfhreagraíonn do 11 nó 12 dhuilleog.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Toirmisctear aon chóireáil teasa ar an mbuain fíona ag teocht faoi bhun - 5 °C.
Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán na bhfíonta de réir toirte a bheith níos mó ná 12 %.
Aosaítear na fíonta ar a moirt fhíonóireachta fhíneálta ag críoch an choipthe alcólaigh agus go dtí an 1 Márta ar a laghad an bhliain tar éis bhliain na buainte. Fanann siad ar a moirt fhíonóireachta fhíneálta ag tráth na pacála nó nuair a seoladh ón bhfíonlann ar dtús iad.
Anuas ar an méid thuasluaite, is gá go gcomhlíonann na cleachtais fhíoneolaíochta a bhaineann leis na fíonta sin na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód Tuaithe agus Iascaireachta Muirí.
5.2. Uastáirgeacht
66 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Ní mór go dtarlódh gach céim den táirgeadh laistigh den limistéar geografach a d’fhaomh an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta ag cruinniú den choiste náisiúnta reatha ar an 15 Meitheamh 2017. Maidir le teorainn an limistéir sin, ar an dáta ar a mbeidh an tsonraíocht seo formheasta ag an gcoiste náisiúnta ábhartha, beidh críoch na mbardas a leanas nó codanna díobh cuimsithe ann, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2022:
|
— |
Roinn Loire-Atlantique: Aigrefeuille-sur-Maine, Basse-Goulaine, Le Bignon (i bpáirt), La Chapelle-Heulin, Château-Thébaud, Clisson, Divatte-sur-Loire (do chríoch an bhardais tharmligthe de La Chapelle-Basse-Mer amháin), Gétigné (i bpáirt), Gorges, La Haie-Fouassière, Haute-Goulaine, Le Landreau, Le Loroux-Bottereau (i bpáirt), Maisdon-sur-Sèvre, Monnières, Montbert (i bpáirt), Mouzillon, Le Pallet, La Regrippière, Remouillé, Saint-Fiacre-sur-Maine, Saint-Hilaire-de-Clisson, Saint-Julien-de-Concelles, Saint-Lumine-de-Clisson, Les Sorinières (i bpáirt), Vallet, Vertou; |
|
— |
Roinn Maine-et-Loire: Sèvremoine (do chríoch na mbardas tarmligthe de Saint Crespin-sur-Moine agus Tillières amháin); |
|
— |
Roinn Vendée: Cugand (i bpáirt), Montaigu-Vendée le haghaidh chríoch an bhardais tarmligthe mar atá Saint-Hilaire-de-Loulay, agus le haghaidh na críche sin amháin (i bpáirt). |
7. Cineál/cineálacha fíniúna
Melon B
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
8.1. Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc
Tírdhreach cnocach ag a bhfuil líonra hidreagrafach an-dlúth is saintréith do limistéar fíonsaothrúcháin an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe ‘Muscadet Sèvre et Maine’. Taobh thoir de chathair Nantes, ar na fánaí os cionn na Loire agus riasc Goulaine nó níos faide ó dheas ar fhánaí Sèvre, Maine agus a gcraobh-aibhneacha, tá na dáileachtaí fíonghoirt ar thaobhanna na gcnoc agus múnlaíonn siad an dúiche. Tá an limistéar seo ina chuid lárnach den limistéar geografach le haghaidh AOC ‘Muscadet’ agus cumhdaítear leis cuid de ranna Loire-Atlantique, Maine-et-Loire agus Vendée.
Agus é faoi thionchar mór ag a ghaireacht don Aigéan Atlantach, tá miondifríochtaí ann áfach in aeráid an limistéir. An geimhreadh a bhíonn an-séimh de ghnáth, bíonn sé an-mheasartha ó thuaidh in aice leis an Loire agus na riasca Goulaine, ina bhfuil an t-ainm geografach breise ‘Goulaine’ lonnaithe, agus ó thiar, suíomh an ainm gheografaigh bhreise ‘Château-Thébaud’, atá faoi thionchair níos mó aigéanacha. Bíonn an geimhreadh i bhfad níos fuaire i dtreo an oirdheiscirt, ina bhfuil na hainmneacha geografacha breise ‘Mouzillon - Tillières’, ‘Gorges’ agus ‘Clisson’ lonnaithe, mar tá na limistéir sin níos faide ón Loire agus ó na riasca. Fanann an samhradh fionnuar de ghnáth mar gheall ar na leoithní aigéin, an bháisteach faoi bhun mheánráta agus uaireanta fada gréine.
Nochtann struchtúr an limistéir gheografaigh éagsúlacht mhór carraigeacha ón Ré Phailéasóch:
|
— |
Is é an cineál micaschits is mó atá sa tuaisceart agus san oirthuaisceart, ar imeall riasc Goulaine, le naghas fite fuaite le bandaí glaschloiche, carraigeacha meiteamorfacha iad an dá cheann acu atá mar bhonn an ainm gheografaigh bhreise ‘Goulaine’; |
|
— |
ó thoir, tá masaíf gabró mór a chruthaíonn cnámh droma geolaíoch an ainm gheografaigh bhreise ‘Gorges’ agus síneann sé feadh Abhainn Sanguèze, ina dtugtar tús áite don ainm geografach breise ‘Mouzillon - Tillières’; |
|
— |
luíonn cuid oirthear an limistéir gheografaigh ar fhostratam atá comhdhéanta go príomha d’ortanaghas, naghas íseal-aigéid agus eibheardhióirít atá mar bhonn an ainm gheografaigh bhreise ‘Château-Thébaud’; |
|
— |
ag lár an limistéir gheografaigh, tá an t-ainm geografach breise ‘Le Pallet’ lonnaithe i limistéar nach bhfuil na carraigeacha athraithe go maith agus atá scoilte go mór, agus is minic a bhíonn fáiséis níos athraithe ar na carraigeacha naghais ar a bhfuil fíonghoirt an ainm gheografaigh chomhlántaigh ‘Monnières — Saint-Fiacre’; |
|
— |
sa deisceart, scoitheann éasc masaíf eibhir mhórghráinneach, rud is saintréithe don ainm gheografaigh bhreise ‘Clisson’. |
In áiteanna clúdaítear an príomhbhonn le dríodar gaineamhach-créúil atá lán a bheag nó a mhór le púróga.
In ainneoin a n-éagsúlachta, is minic a bhíonn na foirmíochtaí sin ina mbonn d’ithreacha donna, dea-dhraenáilte gaineamhacha agus ithreacha donna carraigeacha, saibhrithe uaireanta i gcréanna ar na bunshraitheanna atá comhdhéanta de ghabróanna. Tá an limistéar dáileachta ina mbuantar na fíonchaora comhdhéanta de dháileachtaí dea-shainithe a bhfuil ithreacha dea-scagtha iontu ag a bhfuil inniúlacht coinneála teas, inniúlacht coinneála teoranta agus torthúlacht cheimiceach measartha.
Ba é Naomh Mháirtín, manach agus bunaitheoir mhainistir Vertou sa séú céad, an chéad duine a d’eagraigh fíonsaothrú ar thaobhanna chnoc Sèvre agus Maine. Leanadh le forbairt na bhfíonghort i rith na Meánaoiseanna feadh stráicí inseolta an dá abhainn sin, rud a lig go mór d’fhás luath na bhfíonghort go háirithe lena gcuimsítear na hainmneacha geografacha breise Château-Thébaud’, ‘Monnières - Saint-Fiacre’ agus ‘Le Pallet’. Ón 16ú céad ar aghaidh, faoi ghríosú na dtrádálaithe idirnáisiúnta in Nantes, ba é an cineál Melon B an fhíniúin ba mhó a cuireadh sa réigiún. Feictear an t-ainm ‘Muscadet’ den chéad uair in 1635, ar chonradh léasa a leasaíodh in Gorges. Ag deireadh an 18ú céad bhí beagnach dhá thrian dá chuid talún faoi fhíniúnacha ag paróiste Monnières cheana féin, cruthúnas de speisialtóireacht fíona an réigiúin.
I ndiaidh scrios na bhfíonghort ar imill chogaí Vendée in 1793-1794, agus ansin an damáiste a rinneadh de bharr phylloxera, ghlac saothraithe fíniúna le teicnící nua amhail plandú i rónna agus modh prúnála Guyot. Dá bhrí sin, comhdhlúthaítear saineolas táirgthe: an cineál Melon B a úsáid, dlús plandála ard a choinneáil ar bun, fás na bhfíniúnacha a sheiceáil agus a dtáirgeacht a theorannú, agus na fíonchaora a bhaint nuair atá siad aibithe go hiomlán.
8.2. Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc 2
Chun fíonta níos saibhre agus níos casta a tháirgeadh, ghlac na hoibreoirí nós imeachta teicniúil ar leith ar a dtugtar Modh Nantes, ina gcoinnítear na fíonta ar mhoirt fíonóireachta fhíneálta ar feadh geimhreadh amháin ar a laghad gan aon trasdoirteadh. Tagann an saineolas seo as nós na saothróirí fíona lenar coinníodh bairille dá bhfíon is fearr ar na moirt chun ócáidí teaghlaigh a cheiliúradh an t-earrach ina dhiaidh sin. Déantar leis an modh aosaithe sonrach seo fíonta atá maothlach agus olartha, mar saibhrítear iad, go háirithe, le mannapróitéiní agus comhdhúile eile mar thoradh ar uathalú na gcillbhallaí giosta. Thairis sin, leis an modh seo, a bunaíodh ar ligean do na fíonta suí agus iad a choimeád in atmaisféar lán le dé-ocsaíd charbóin, rud a theorannaíonn go mór ocsaídiú agus scaoileadh na gcomhdhúile so-ghalaithe, is féidir leis na fíonta na dea-bholaithe a chruthaítear le linn an choipthe alcólaigh a chaomhnú go dtí an t-earrach agus ina dhiaidh. Le linn aosaithe, saibhrítear na fíonta le dea-bholaithe treasacha. Tá tiúchan nach beag de réamhtheachtaithe na ndea-bholaithe gliocóisídeacha sna fíonchaora, úrfhíonta agus fíonta a tháirgtear leis an gcineál Melon B. Na móilíní seo, a chruthaítear as aglycones a bhaineann le siúcraí, bíonn siad gan bholadh de ghnáth, ach briseann próisis éagsúla ceimiceacha agus einsímeacha na nascanna β-glúcóisídeacha, rud a ghineann comhdhúile a bhfuil boladh láidir uatha, monateirpéiní agus C13-norisoprenoids go príomha, agus bíonn foirmíocht β-damascone mar thoradh air sin go háirithe, substaint a bhfuil cáil uirthi mar gheall ar a ról chun dea-bholaithe torthaíocha a thabhairt do na fíonta. Fuair oibreoirí saineolas speisialta chun na fíonta a chosaint ó ocsaídiú san umar agus chun iad a bhuidéalú go cúramach, ionas gur féidir lena gcumhráin scaoileadh fós chomh fada agus is féidir, lena ndéantar fíonta níos casta. Oiriúnaítear na nósanna sin uaireanta do na hathruithe sa chomhshaol, amhail buaint an-déanach na bhfíonchaor a bhfuil na hainmneacha geografacha breise ‘Clisson’, ‘Monnières - Saint-Fiacre’ agus ‘Mouzillon - Tillières’ orthu, caomhnú ráta ard na n-aigéid orgánach sna húrfhíonta le haghaidh ainmneacha geografacha breise ‘Gorges’ agus ‘Château-Thébaud’, buaint luath ainm gheografaigh chomhlántaigh ‘Goulaine’ nó cleachtas na bhfíonta a choinneáil ar feadh tréimhsí fada ar a moirt fíonóireachta fhíneálta ar mhaithe leis na bhfíonta cuvée is fearr. Aosaítear na fíonta a bhfuil ainm geografach breise orthu ar a moirt go dtí go bpacáistítear iad. Buidéalaítear iad go díreach ag an bhfíonlann chun baol an ocsaídithe a theorannú agus caillteanas na ndea-bholaithe a laghdú.
Ó 1925, agus na táirgeoirí i mbardas La Haie-Fouassière agus sa limistéar mórthimpeall air ag iarraidh cáilíocht agus cáil a bhfíonta a chaomhnú, fuair siad, tríd na cúirteanna, cead chun a bhfíonta a dhearbhú faoin ainm ‘Muscadet Grands Crus de Sèvre et Maine’. Tugadh aitheantas do AOC ‘Muscadet Sèvre et Maine’ in 1936. Tugadh rialacha sonracha don téarma traidisiúnta ‘sur lie’ in 1977, agus ó 1994 ba é an toradh a bhí air sin ná na fíonta a bhuidéalú le linn na bliana tar éis bhliain na buainte, sna fíonlanna inar tharla an fhíonóireacht, chun trasdoirteadh agus scinceála na bhfíonta a choinneáil chomh teoranta agus is féidir.
Tá speisialtóireacht fhíonsaothrúcháin an-suntasach ag an limistéar geografach anois agus cuireann roinnt bardas cuid an-mhór dá dtalamh i leataobh i gcomhair fhás fíniúnacha Melon B amháin. Agus thart ar 8 000 heicteár á oibriú ag 600 táirgeoir in 2016, is ionann fíonta AOC ‘Muscadet Sèvre et Maine’ agus 70 % den mhéid a mhargaítear i gach ceann d’fhíonta AOC cheantar fíonsaothrúcháin Nantes. Marcáiltear ‘sur lie’ ar níos mó ná leath de na fíonta sin.
8.3. Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc 3
Na fíonta a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘Muscadet Sèvre et Maine’ orthu, is fíonta socra, tirime, geala iad. Tá cothromaíocht éadrom blasanna orthu idir maothlachas agus úire agus forbraíonn siad cumhracht chasta dea-bholaithe ag a bhfuil blasanna láidre torthaíocha nó bláthacha. Pacáistítear iad go cúramach i mbuidéil chun a saibhreas aramatach a chaomhnú agus a neartú.
Go ginearálta, bíonn na fíonta a bhfuil an formhuiniú ‘sur lie’ orthu cothrom sa bhéal, an maothlachas ag teacht chun cinn; bíonn cumhracht níos casta acu agus d’fhéadfadh sé go mbeidís ábhairín súilíneach mar gheall ar an dé-ocsaíd charbóin iarmharach a chruthaítear le linn an choipthe alcólaigh. Chun úire, saibhreas aramatach agus dé-ocsaíd charbóin inghiniúla na bhfíonta a chaomhnú, cosnaítear iad ó ocsaídiú le linn aosaithe. Buidéalaítear na fíonta, an méid dé-ocsaíd charbóin atá iontu ró-ard chun iad a phacáil i gcoimeádáin sholúbtha, agus tá gá le cúram ar leith le linn an bhuidéalaithe.
Féadfaidh na fíonta a bheith oiriúnach don aosú mar gheall ar an aibiú fada, mar shampla iad siúd a bhfuil ainm geografach breise orthu:
|
— |
‘Château-Thébaud’, na fíonta a aithnítear de ghnáth mar gheall ar ghalántacht agus fíneáltacht a gcumhrachta, ag athrú ó phlandaí torthaíocha, bláthacha agus aramatacha, saintréithe a thagann le chéile sa bhéal le blasanna salanda úra agus teanna; |
|
— |
‘Clisson’, fíonta a aithnítear de ghnáth mar gheall ar bhlas an-tiubhaithe agus dea-bholaithe déine, de thorthaí (aibí agus triomaithe) go príomha; |
|
— |
‘Gorges’, is fíonta iad atá an-chumhachtach sa bhéal, aigéadacht agus searbhas agus dea-bholaithe mianra agus meantóil ag tacú leo; |
|
— |
‘Goulaine’, bíonn dianchumhracht ó na fíonta de ghnáth agus blasanna de thorthaí úra agus triomaithe agus miondifríochtaí bláthacha go láidir iontu, agus aithnítear iad mar gheall ar a gcothromaíocht, maothlachas, searbhas an-éadrom agus blas mín marthanach sa bhéal; |
|
— |
‘Mouzillon - Tillières’, na fíonta, atá dúnta agus iad óg, is minic a bhíonn dea-bholaithe déine uatha ina dhiaidh sin de bhláthanna, citreas, luibhe aramatacha, le blasanna brioche agus mianra agus blas a bhfuil searbhas éadrom agus géire air mar thaca lena struchtúr tiubhaithe; |
|
— |
‘Monnières - Saint-Fiacre’, is fíonta iad a aithnítear mar gheall ar a ndea-bholaithe láidre de thorthaí triomaithe nó criostalaithe agus blasanna balsamacha, agus iad sa bhéal nochtann siad próifíl leathan agus flaithiúil ag a bhfuil cineál uachtarúil a chothromaítear le searbhas an-éadrom; |
|
— |
‘Le Pallet’, na fíonta a aithnítear go minic mar gheall ar a gcothromaíocht mhín sa bhéal agus a gcumhracht aramatach an-éadrom a bhfuil gné bhláthach an-láidir uaithi. |
Chun na cáilíochtaí a fhaightear ón aosú a fháil agus chun aon ocsaídiú a sheachaint, buidéalaítear na fíonta a bhfuil ainmneacha geografacha breise orthu go díreach ag an bhfíonlann.
Mar gheall ar a n-uigeacht gharbh a fhágtar le seancharraigeacha, tugann ithreacha an limistéir gheografaigh tús luath do na fíniúnacha ina dtimthriall fáis agus cuireann siad teorainn lena spreacadh. Cuireann an geimhreadh séimh leis an aibiú luath chomh maith, agus grian an tsamhraidh agus na gaoithe farraige ag cur le sláinte na bplandaí. Soláthraíonn na hithreacha seo soláthar measartha agus leanúnach uisce don fhíniúin, rud a chinntíonn aibiú maith, mar gheall ar a gcúltaisce laghdaithe uisce agus a scaoileadh, a ligeann don fhréamhú domhain. I gcaitheamh na gcéadta, bhí na fachtóirí seo fabhrach do roghnú an chineál luath fíonchaoire Melon B, go háirithe mar tá na teochtaí measartha samhraidh sa limistéar geografach go hiontach chun úire agus dea-bholaithe na bhfíonta ón gcineál geal éadrom seo a chaomhnú.
Tá stair fhada fhíonsaothrúcháin an limistéir gheografaigh, a speisialtóireacht luath agus dlús na bhfíniúnacha atá mar shaintréithe dó an-fabhrach le fada do chomhthiomsú na gcleachtas. Agus na táirgeoirí ag iarraidh barántúlacht a dtáirgí a chosaint, bhain na táirgeoirí aitheantas amach mar AOC ó 1936, ceann de na chéad limistéar a bhain sé seo amach sa Fhrainc, ag deireadh próisis a tionscnaíodh sna 1920idí.
8.4. Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc 4
De bharr a saineolais, cuirtear ar chumas na n-oibreoirí conas táirgeadh a rialú agus conas fíonchaora sláinte a bhaint ag lánaibíocht. I gcomhréir le nósanna áitiúla, aosaítear na fíonta ar a moirt fhíonóireachta fhíneálta go dtí go bpacáistítear iad, gan aon trasdoirteadh. Teochtaí séimhe gheimhridh an limistéir gheografaigh, a bhíonn fabhrach don idirghníomhú leis na moirt, ligeann siad do na fíonta feabhsú le linn an aosaithe, iad ag éirí níos saibhre ón gcéad earrach ina dhiaidh sin. Trí bhuidéalú cúramach a dhéanamh, is féidir saintréithe riachtanacha an fhíona a chaomhnú, mar leantar le cuid de na dea-bholaithe a fhorbairt tar éis an phacáistithe. An saineolas seo, atá oiriúnach go foirfe d’ionchasach an chomhshaoil nádúrtha agus don chineál Melon B, ligeann sé seo do na móilíní a bhfuil boladh láidir uatha a chruthaítear sa choipeadh agus do réamhtheachtaithe na ndea-bholaithe gliocóisídeacha teacht chun cinn go hiomlán sna fíonta.
Iad buidéalaithe an bhliain i ndiaidh na buainte, coinníonn fíonta ‘Muscadet Côtes de Grandlieu’, a mharcáiltear le ‘sur lie’ a n-úire sainiúil, a fheabhsaítear ag broidearnach éadrom mar gheall ar an dé-ocsaíd charbóin iarmharach a chruthaítear le linn an phróisis fíonóireachta. Chun aon ocsaídiú a sheachaint, buidéalaítear na fíonta go díreach ag an bhfíonlann. Oireann an cleachtas traidisiúnta sin, a íoslaghdaíonn láimhseáil, go foirfe do chomhdhúile dea-bholaidh éadroma na bhfíonta a chaomhnú. Is de bharr, i bpáirt, éagsúlacht na gcloch agus na hithreacha a thagann astu, na cineálacha topagrafacha agus miondifríochtaí aeráide mar gheall ar achar na n-oileán faoi fhíniúnacha maidir leis na dobharlaigh, atá an chastacht aramatach sna fíonta. Is mar gheall ar leas a bhaint as éagsúlacht an chomhshaoil nádúrtha, mar aon le cleachtais fhíoneolaíocha dhiana, a cuireadh ar chumas na dtáirgeoirí gnéithe sonracha a aithint agus na hainmneacha geografacha breise a chur chun cinn arb ionann iad agus ‘ainmneacha suaitheanta’ an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint:
|
— |
‘Château-Thébaud’ mar gheall ar a shuíomh thiar ar na cinn tíre ar imeall abhainn Maine, tá aeráid aige atá fabhrach don fhás luath. A n-ithreacha, leagáid carraigeacha naghais agus eibheardhióiríte, ligeann siad do na fíniúnacha fréamhú go domhain, agus úrfhíonta a sholáthar in aigéid orgánacha a chuireann, tar éis tréimhse fhada aosaithe, le fíonta fíneálta agus teanna a bhfuil úire agus mianracht iontach acu; |
|
— |
‘Clisson’, a bhfuil an t-idirghníomhú idir aeráid measartha déanach, na hithreacha éadoimhne gainmheacha a thagann as eibhear, fánaí géara ar Sèvre nó ar Maine agus na cleachtais a dhírítear i dtreo aibiú déanach na bhfíonchaora agus aosú na bhfíonta ar a moirt fhíonóireachta a lorg, tugann sé seo saibhreas sa bhéal agus dea-bholaithe torthaíocha sainiúla do na fíonta; |
|
— |
‘Gorges’, ina gcruthaítear na hithreacha trí shíonchaitheamh na ngabrónna agus an aeráid measartha déanach áitiúil, mar aon le cleachtais arb aidhm dóibh na fíonchaora a bhaint roimh an aibíocht iomlán, agus ansin chun fíonta a aosú ar feadh tréimhse fada i gcomhshaol anaeróbach ar a moirt fhíneálta, as a dtagann fíonta atá beoga sa bhéal agus a bhfuil dea-bholaithe an-úr agus mianra acu; |
|
— |
‘Goulaine’, an talamh, a forbraíodh ar charraigeacha meiteamorfach atá neamh-athraithe den chuid is mó, ina bhfuil aeráid aige a mhaolaítear go láidir mar gheall ar a ghaireacht atá an Loire agus na riasc. Cuireann sé sin le haibiú tapa na bhfíonchaor, a bhuí le baint a dhéanamh ag lánaibíocht, a tháirgeann fíonta ag a bhfuil raon dea-bholaithe, ata cothrom agus bog le dea-bholaithe de thorthaí úra agus triomaithe; |
|
— |
‘Monnières - Saint-Fiacre’, lonnaithe ar imill agus taobhanna cnoic ar theorainn Sèvre, ina mbíonn aibiú mall mar thoradh ar na hithreacha a d’fhorbair ar naghas íseal-aigéid, scoilte nó athraithe, rud a ligeann do na fíonchaora a bheith an-aibí, bonn na bhfíonta atá lán agus cumhachtach le blasanna de thorthaí aibí, torthaí criostalaithe ag teacht chun cinn; |
|
— |
‘Mouzillon - Tillières’, in oirthear an limistéir fíonsaothrúcháin, ina bhfabhraíonn an t-idirghníomhú idir aeráid ilchríochach agus ithreacha a cruthaíodh ar charraigeacha gabró ar bheagán athrú, d’aibiú brostaithe, as a dtagann fíonta a bhfuil dea-bholaithe déine acu cosúil le brioche, spíce, torthaí agus bláthanna tar éis aosaithe chúramaigh. |
|
— |
‘Le Pallet’, inar chabhraigh traidisiún fada an fhíonsaothrúcháin agus comhtháthú na dtáirgeoirí cur leis an saineolas chun an úsáid is fearr a bhaint as fíonchaora a bhaintear ag an lánaibíocht ar ithreacha carraigeacha agus scoilte, rud a chuireann le comhchuibheacht bhlas na bhfíonta agus míne a ndea-bholaithe bláthach. |
D’fhoghlaim na hoibritheoirí conas saintréithe aramatacha na bhfíonta seo a chaomhnú trí aon teagmháil le hocsaigin san aer a íoslaghdú le linn an phacáistithe. Agus é sin á chur san áireamh agus i gcomhréir le nósanna áitiúla, pacáiltear na fíonta sin i mbuidéil san fhíonlann chéanna ina dtáirgtear iad.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Fíonta ina bhféadfar an lipéad ‘sur lie’ a chur orthu [aosaithe ar na moirt], ní mór iad a bhuidéalú laistigh den limistéar críochaithe.
Buidéalaítear iad ag an bhfíonlann, chun scinceála a choimeád chomh teoranta agus is féidir, idir an 1 Márta agus 31 Nollaig an bhliain i ndiaidh na buainte chun na cáilíochtaí a fuarthas trí úsáid mhodhanna fíonóireachta agus aosaithe a úsáid, go háirithe a n-úire agus a ndea-bholaithe casta, cuid acu a fhorbraíonn tar éis an bhuidéalaithe, agus broidearnach éadrom mar gheall ar an méid dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go nádúrtha.
Déantar leis an modh aosaithe sonrach seo fíonta atá maothlach agus olartha, mar saibhrítear iad, go háirithe, le mannapróitéiní agus comhdhúile eile mar thoradh ar uathalú na gcillbhallaí giosta. Bunaítear an modh sin ar ligean do na fíonta suí agus iad a choimeád in atmaisféar lán le dé-ocsaíd charbóin, rud a theorannaíonn go mór ocsaídiú agus scaoileadh na gcomhdhúile so-ghalaithe.
Buidéalaítear na fíonta, an méid dé-ocsaíd charbóin atá iontu ró-ard chun iad a phacáil i gcoimeádáin sholúbtha, agus tá gá le cúram ar leith le linn an bhuidéalaithe.
Fanann siad ar a moirt fhíonóireachta fhíneálta ag tráth na pacála nó nuair a seoladh ón bhfíonlann ar dtús iad.
Limistéar díreach in aice láimhe (1)
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
An limistéar díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag an maolú maidir leis na fíonta a dhéanamh, a phróiseáil agus a aosú, agus maidir leis na fíonta atá incháilithe don fhormhuiniú ‘sur lie’ [aosaithe ar na moirt] a dhéanamh, a phróiseáil agus a aosú, comhdhéantar é de na bardais nó cuid de na bardais seo a leanas, bunaithe ar an gCód Geografach Oifigiúil 2022:
|
— |
Roinn Loire-Atlantique: Ancenis, La Bernerie-en-Retz, Le Bignon (i bpáirt), La Boissière-du-Doré, Bouaye, Bouguenais, Boussay, Brains, Carquefou, Le Cellier, Chaumes-en-Retz, Chauvé, Cheix-en-Retz, La Chevrolière, Corcoué-sur-Logne, Couffé, Divatte-sur-Loire (do chríoch an bhardais tharmligthe de Barbechat amháin), Frossay, Geneston, Gétigné (i bpáirt), Legé, Ligné, La Limouzinière, Loireauxence (do chríoch na mbardas tarmligthe de La Chapelle-Saint-Sauveur agus Varades amháin), Le Loroux-Bottereau (i bpáirt), Machecoul-Saint-Même, La Marne, Mauves-sur-Loire, Mésanger, Montbert (i bpáirt), Montrelais, Les Moutiers-en-Retz, Oudon, Paulx, Le Pellerin, La Planche, Pont-Saint-Martin, Pornic, Port-Saint-Père, La Remaudière, Rezé, Rouans, Saint-Aignan-Grandlieu, Saint-Colomban, Sainte-Pazanne, Saint-Étienne-de-Mer-Morte, Saint-Géréon, Saint-Hilaire-de-Chaléons, Saint-Léger-les-Vignes, Saint-Lumine-de-Coutais, Saint-Mars-de-Coutais, Saint-Père-en-Retz, Saint-Philbert-de-Grand-Lieu, Saint-Viaud, Les Sorinières (i bpáirt), Thouaré-sur-Loire, Touvois, Vair-sur-Loire, Vieillevigne, Villeneuve-en-Retz, Vue. |
Limistéar díreach in aice láimhe (2)
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Vair-sur-Loire, Vieillevigne, Villeneuve-en-Retz, Vue.
|
— |
Roinn Maine-et-Loire: Beaupréau-en-Mauges (do chríoch na mbardas tarmligthe de Beaupréau agus Gesté amháin), Ingrandes-Le Fresne sur Loire (do chríoch an bhardais tharmligthe de Fresne-sur-Loire amháin), Mauges-sur-Loire (do chríoch na mbardas tarmligthe de La Chapelle-Saint-Florent, Le Marillais agus Saint-Florent-le-Vieil amháin), Montrevault-sur-Èvre (do chríoch na mbardas tarmligthe de La Boissière-sur-Evre, La Chaussaire, Le Fief-Sauvin, Le Fuilet, Montrevault, Le Puiset-Doré, Saint-Pierre-Montlimart agus Saint-Rémy-en-Mauges amháin), Orée d’Anjou, Sèvremoine (do chríoch na mbardais tarmligthe de Montfaucon-Montigné agus Saint-Germain-sur-Moine amháin). |
|
— |
Roinn Vendée: Cugand, Montaigu-Vendée (bardais tharmligthe de Montaigu agus Saint-Hilaire-de-Loulay amháin), Saint-Étienne-du-Bois, Saint-Philbert-de-Bouaine. |
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Féadfaidh an tagairt ‘sur lie’ teacht i ndiaidh ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe maidir le fíonta a chomhlíonann na forálacha táirgthe a leagtar síos sa tsonraíocht.
Is féidir an t-ainmniúchán geografach ‘Val de Loire’ a chur i ndiaidh ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa tsonraíocht.
Is féidir na hainmneacha geografacha breise ‘Clisson’, ‘Gorges’, ‘Le Pallet’, ‘Château-Thébaud’, ‘Goulaine’, ‘Monnières - Saint-Fiacre’ agus ‘Mouzillon - Tillières’ teacht i ndiaidh ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe maidir le fíonta a chomhlíonann na forálacha táirgthe a leagtar síos sa tsonraíocht táirge.
Méid litreacha na tagartha ‘sur lie’ agus an t-ainm geografach ‘Val de Loire’, ní fhéadfaidh siad a bheith níos mó, ar airde, ar leithead, ná ar tiús, ná méid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.
Maidir le fíonta a bhfuil an lipéad ‘sur lie’ orthu nó ar a bhfuil na hainmneach geografacha breise Clisson’, ‘Gorges’ nó ‘Le Pallet’, ní mór bliain na fíona a bheith ar an lipéad.
Cuirfear na hainmneacha geografacha breise sa réimse amhairc céanna le hainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe. Tá toisí na gcarachtar lena ndéantar iad comhionann, ar airde nó ar leithead, nó ar tiús, leis na carachtair sin lena ndéantar ainm an tsonrúchán tionscnaimh chláraithe. »
Fíonta nach bhfuil incháilithe d’ainm geografach breise, féadfaidh siad aonad geografach níos lú a shonrú ar lipéid na bhfíonta, ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas:
is logainm cláraithe é;
bíonn sé le feiceáil ar an dearbhú buainte.
Ní mór ainm na háite a phriontáil i litreacha nach mó, ar airde, ar leithead nó ar tiús, ná leath de mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe. Ní mór dó a bheith sa réimse amhairc céanna le hainm an tsonrúcháin tionscnaimh.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-27ebf794-be90-4cf6-8774-84534674caec