Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0221(02)

Cinneadh ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2022 maidir le treoir a thabhairt do Riarthóir Lárnach Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh ceartúcháin ar tháblaí náisiúnta leithdháilte na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hÉireann, na Spáinne, na Fraince, na hIodáile, na Laitvia, na hUngáire, na hÍsiltíre, na Rómáine agus na Sualainne a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh 2023/C 64/12

C/2022/9768

IO C 64, 21.2.2023, p. 30–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

21.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 64/30


CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Nollaig 2022

maidir le treoir a thabhairt do Riarthóir Lárnach Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh ceartúcháin ar tháblaí náisiúnta leithdháilte na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hÉireann, na Spáinne, na Fraince, na hIodáile, na Laitvia, na hUngáire, na hÍsiltíre, na Rómáine agus na Sualainne a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh

(2023/C 64/12)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 46(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chuir na Ballstáit liosta na suiteálacha laistigh dá gcríoch faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 11(1) de Threoir 2003/87/CE (2).

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 2 de Chinneadh (AE) 2021/355 ón gCoimisiún (3), ní dhearna an Coimisiún aon agóid i gcoinne liostaí na suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE faoi mar a thíolaic an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn agus an tSualainn, seachas mar a leagtar amach in Airteagal 1 den Chinneadh sin agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis.

(3)

Maidir le réamh-mhéideanna bliantúla na lamháltas saor in aisce in aghaidh na suiteála, rinne na Ballstáit iad a chinneadh agus thug siad fógra ina leith trí úsáid a bhaint as na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe arna gcinneadh i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún (4), de bhun Airteagal 14(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (5).

(4)

In Airteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/927 ón gCoimisiún (6), ba é an cinneadh ann nár ghá aon choigeartú a chur i bhfeidhm ar réamh-mhéideanna bliantúla na lamháltas saor in aisce de bhun Airteagal 10a(5) de Threoir 2003/87/CE, toisc nár mhó an t-éileamh ná an t-uasmhéid.

(5)

Thug an tSeicia fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 6 Iúil 2022. Rinneadh suiteáil CZ-127 a thuairisciú sa tábla náisiúnta leithdháilte tosaigh leis an uimhir aitheantais mhícheart le haghaidh chuntas na clárlainne. Cuirtear an uimhir cheart bhuan in ionad uimhir aitheantais CZ-126.

(6)

Thug an Danmhairg fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 2 Nollaig 2022. Ceartaíodh leibhéil ghníomhaíochta stairiúla na bhfoshuiteálacha teasa a bhaineann le suiteálacha DK-265, DK-305 agus DK-375.

(7)

Thug an Ghearmáin fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 29 Samhain 2022. Tuairiscíodh coigeartuithe ar na sreafaí teasa a mhalartaítear le líonra teasa maidir le suiteálacha DE-43 agus DE-2495, rud a fhágann go bhfuil fachtóirí ceartaithe ann le haghaidh teas neamh-CTA agus go n-aistrítear leithdháileadh saor in aisce idir foshuiteálacha teasa a bhaineann le suiteáil DE-43. Mar thoradh ar cheartúchán maidir le haicéitiléin, ceartaíodh leibhéil ghníomhaíochta stairiúla na foshuiteála breosla agus na foshuiteála astaíochtaí próisis a bhaineann le suiteáil DE-235. Maidir le hearráidí i ríomh an leibhéil gníomhaíochta stairiúil le haghaidh foshuiteálacha teasa i suiteálacha DE-892, DE-941, DE-203778, DE-203812 agus DE-206021, rinneadh iad a shainaithint agus a cheartú. Ceartaíodh na leibhéil ghníomhaíochta stairiúla le haghaidh na foshuiteála teasa agus na foshuiteála breosla a bhaineann le suiteáil DE-205609, tar éis botúin a bhrath i dtomhas an gháis nádúrtha. Rinneadh stádas gineadóra leictreachais shuiteáil DE-4111 a cheartú go gineadóir leictreachais. Tá onnmhaireoir teasa amháin nach cuid é de CTA AE a thuilleadh, rud a rinne laghdú ar an leithdháileadh ar shuiteáil DE-4170. Ceartaíodh earráidí in ídiú leictreachais agus san fhachtóir malartaithe leictreachais maidir le foshuiteáil na hocsaíde eitiléine/na ngliocól eitiléine a bhaineann le suiteáil DE-202606. Ceartaíodh bunús an allmhaire teasa intomhaiste a bhaineann le suiteáil DE-1439 ó shuiteáil CTA AE a bhaineann le suiteáil neamh-CTA. Rinneadh cuid den teas onnmhairithe ó shuiteáil DE-1439 a shainaithint agus a cheartú go stádas sceite carbóin, rud a d’fhág gur cruthaíodh foshuiteáil teasa sceite carbóin. Toisc gur cuireadh dramhtheas neamhthuairiscithe san áireamh, tháinig méadú ar leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála teasa agus tháinig laghdú ar leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála breosla a bhaineann le DE-205540. Tar éis imeacht cúirte, tá suiteáil DE-204581 roinnte ina suiteáil DE-204581 agus ina suiteáil DE-493. Tá suiteáil DE-204581 lasmuigh de CTA AE ós rud é nach ndéanann sí aon ghníomhaíocht lena gcruthaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa. Cumhdaítear suiteáil DE-493 faoi CTA AE chun teas intomhaiste a tháirgeadh agus a onnmhairiú chuig úsáideoirí éagsúla lena n-áirítear suiteáil DE-204581.

(8)

Thug Éire fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 24 Bealtaine 2022. Ceartaíodh stádas gineadóra leictreachais shuiteáil IE-130 go neamhghineadóir leictreachais.

(9)

Thug an Spáinn fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 2 Nollaig 2022. Ceartaíodh dáta tosaigh oibriú na foshuiteála dolaimíte sintéaraithe a bhaineann le suiteáil ES-158. Mar thoradh ar thomhais mhíchearta ar shreafaí teasa intomhaiste, rinneadh rómheastachán ar leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála teasa a bhaineann le suiteáil ES-890. Le tomhais cheartaithe, leagtar amach leibhéal gníomhaíochta stairiúil nua. Earráidí i ríomh na leibhéal gníomhaíochta stairiúil le haghaidh na bhfoshuiteálacha teasa a bhaineann le suiteálacha ES-932 agus ES-201855, rinneadh iad a shainaithint agus a cheartú. Rinneadh teas a onnmhairíodh chuig suiteáil neamh-ETS a shannadh go mícheart don fhoshuiteáil amóinia, teas ar cheart é a shannadh don fhoshuiteáil teasa laistigh de shuiteáil ES-201855. Is éard atá i gceist le ceartúchán maidir leis an teas onnmhairithe freisin coigeartuithe ar astaíochtaí na foshuiteála sin agus ar inmhalartacht an fhachtóra breosla agus leictreachais a bhaineann leis an bhfoshuiteáil amóinia. Le ceartúchán ar chód PRODCOM, athraíodh an stádas sceite carbóin go stádas sceite neamh-charbóin maidir le suiteáil ES-202877.

(10)

Thug an Fhrainc fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 1 Nollaig 2022. Ceartaíodh leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála le tagarmharc teochta a bhaineann le suiteáil FR-1020. Mar thoradh ar cheartúcháin ar an gcothromú teasa agus ar an stádas sceite carbóin a bhí ag cuid den táirgeadh, tháinig méadú ar leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála le tagarmharc teochta sceite carbóin agus tháinig laghdú ar leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála le tagarmharc teochta sceite neamh-charbóin a bhaineann le FR-182. Mar thoradh ar cheartúcháin, tháinig laghdú ar leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála olla carraige agus cuireadh foshuiteáil le tagarmharc breosla sceite carbóin i suiteáil FR-1163.

(11)

Thug an Iodáil fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litreacha dar dáta an 11 Iúil 2022, an 22 Samhain 2022 agus an 2 Nollaig 2022. Ceartaíodh leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála gloine ar snámh i suiteáil IT-493. Ceartaíodh an nasc teicniúil le suiteáil IT-654, rud a d’fhág go n-athrófaí an fhoshuiteáil teasa ina foshuiteáil téimh ceantair. Déantar IT-217620 a thabhairt isteach arís sa leithdháileadh saor in aisce faoin gCóras Trádála Astaíochtaí le huimhir aitheantais clárlainne cheartaithe. Mar thoradh ar cheartúcháin ar shonraí an teasa intomhaiste, tháinig laghdú ar leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála le tagarmharc teochta agus tháinig méadú ar leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála le tagarmharc breosla a bhaineann le suiteáil IT-457.

(12)

Thug an Ungáir fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 1 Nollaig 2022. Áiríodh an teas eisiteirmeach ón bpróiseas neodraithe i leibhéal gníomhaíochta na foshuiteála teasa i suiteáil HU-153.

(13)

Thug an Laitvia fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 1 Nollaig 2022. Tháinig méadú ar leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála téimh ceantair a bhaineann le suiteáil LV-206234 mar thoradh ar cheartúcháin ar an gcothromú teasa.

(14)

Thug an Ísiltír fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litreacha dar dáta an 8 Márta 2022, an 23 Márta 2022, an 16 Meitheamh 2022, an 14 Deireadh Fómhair 2022 agus an 24 Deireadh Fómhair 2022. Caitheadh le foinse teasa trí bhotún mar theas incháilithe faoin bhfoshuiteáil teasa a bhaineann le suiteáil NL-366. Ina theannta sin, níor cuireadh aon teas tuairiscithe isteach san fhoshuiteáil hidrigine a bhaineann le suiteáil NL-366. Ceartaíodh an dá shaincheist. Ceartaíodh leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála teasa sceite carbóin a bhaineann le suiteáil NL-54. Ceartaíodh leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála astaíochtaí próisis a bhaineann le suiteáil NL-110. Ceartaíodh earráidí in ídiú leictreachais agus san fhachtóir malartaithe leictreachais maidir le foshuiteáil na stiréine a bhaineann le suiteáil NL-205924. Ceartaíodh an cothromú dramhgháis agus an cothromú teasa a bhaineann le NL-205924 freisin. Ceartaíodh neamhréireachtaí i dtaca leis na teorainneacha agus na ríomhanna maidir leis an bhfoshuiteáil astaíochtaí próisis a bhaineann le suiteáil NL-205926.

(15)

Thug an Rómáin fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 14 Samhain 2022. Tháinig laghdú ar leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála téimh ceantair a bhaineann le suiteáil RO-207234 mar thoradh ar cheartúcháin ar an gcothromú teasa.

(16)

Thug an tSualainn fógra maidir le ceartúcháin ar a tábla náisiúnta leithdháilte le litir dar dáta an 1 Nollaig 2022. Laghdaíodh leibhéal gníomhaíochta stairiúil fhoshuiteáil an mhínpháipéir neamhbhrataithe go dtí suiteáil SE-471. Áiríodh sna sonraí níos luaithe táirgí gan díol a chuaigh ar ais go dtí an próiseas. Rinneadh an chuid sin a asbhaint ón leibhéal gníomhaíochta stairiúil. Laghdaíodh leibhéal gníomhaíochta stairiúil fhoshuiteálacha na gclár cartáin brataithe agus neamhbhrataithe a bhaineann le suiteáil SE-475. Áiríodh sna sonraí níos luaithe táirgí gan díol a chuaigh ar ais go dtí an próiseas. Rinneadh an chuid sin a asbhaint ón leibhéal gníomhaíochta stairiúil.

(17)

Tá na táblaí náisiúnta leithdháilte faoina dtugtar fógra i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE agus i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún agus i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2021/355 ón gCoimisiún,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

Tugtar treoir do riarthóir lárnach Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh ceartúcháin ar tháblaí náisiúnta leithdháilte na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hÉireann, na Spáinne, na Fraince, na hIodáile, na Laitvia, na hUngáire, na hÍsiltíre, na Rómáine, agus na Sualainne, in éineacht leis na méideanna deiridh bliantúla den leithdháileadh lamháltas saor in aisce idirthréimhseach lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa, le haghaidh na tréimhse idir 2021 go 2025, a leagtar amach san Iarscríbhinn, a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Frans TIMMERMANS

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)  IO L 177, 2.7.2019, lch. 3.

(2)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(3)  Cinneadh (AE) 2021/355 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2021 maidir le bearta náisiúnta trasuite le haghaidh leithdháileadh idirthréimhseach saor in aisce na lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 68, 26.2.2021, lch. 221).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún an 12 Márta 2021 lena gcinntear luachanna tagarmhairc athbhreithnithe maidir le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 87, 15.3.2021, lch. 29).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha le haghaidh lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce ar bhealach comhchuibhithe de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/927 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2021 lena gcinntear an fachtóir ceartúcháin trasearnála aonfhoirmeach chun leithdháiltí lamháltas astaíochtaí saor in aisce a choigeartú le haghaidh na tréimhse 2021 go 2025.


IARSCRÍBHINN I

An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE

Ballstát: An tSeicia

Uimhir aitheantais na suiteála

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm na suiteála

Ainm an oibreora

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála

2021

2022

2023

2024

2025

CZ000000000000127

127

Elektrárny Prunéřov

ČEZ, a.s.

13 089

12 753

12 416

12 080

11 744

62 082

CZ000000000000126

126

Elektrárny Prunéřov

ČEZ, a.s.

 

 

 

 

 

0


IOMLÁN

13 089

12 753

12 416

12 080

11 744

62 082


IARSCRÍBHINN II

An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE

Ballstát: An Danmhairg

Uimhir aitheantais na suiteála

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm na suiteála

Ainm an oibreora

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála

2021

2022

2023

2024

2025

DK000000000000375

375

Siri feltet omfattende anlæg på Siri platformen

INEOS E&P A/S

21 515

21 515

21 515

21 515

21 515

107 575

DK000000000000305

305

Brødrene Hartmann A/S

Brødrene Hartmann A/S

6 659

6 659

6 659

6 659

6 659

33 295

DK000000000000265

265

Dansk Salt A/S

Dansk Salt A/S

51 258

51 258

51 258

51 258

51 258

256 290


IOMLÁN

79 432

79 432

79 432

79 432

79 432

397 160


IARSCRÍBHINN III

An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE

Ballstát: An Ghearmáin

Uimhir aitheantais na suiteála

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm na suiteála

Ainm an oibreora

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála

2021

2022

2023

2024

2025

DE000000000000043

43

Glocke

Salzgitter Flachstahl GmbH

6 044 087

6 044 087

6 044 087

6 044 087

6 044 087

30 220 435

DE000000000000235

235

Wanne7 mit Feedern und Kühlbahnen

SP Spezialglas Piesau GmbH

16 265

16 265

16 265

16 265

16 265

81 325

DE000000000000493

493

Essity Mannheim, HKW

Essity Operations Mannheim GmbH

124 800

121 593

118 386

115 180

111 973

591 932

DE000000000000892

892

Kesselhaus (K2 + K5)

MVV Industriepark Gersthofen GmbH

1 902

1 902

1 902

1 902

1 902

9 510

DE000000000000941

941

Kraftwerk Grenzach-Wyhlen

DSM Nutritional Products GmbH

35 837

34 917

33 995

33 075

32 154

169 978

DE000000000001439

1439

Heiz- und Wärmezentrale

Speira GmbH - Werk Grevenbroich

10 591

10 591

10 591

10 591

10 591

52 955

DE000000000002495

2495

Warmbreitbandwalzwerk

Salzgitter Flachstahl GmbH

260 105

260 105

260 105

260 105

260 105

1 300 525

DE000000000004111

4111

DMK Deutsches Milchkontor GmbH Werk Edewecht

DMK Deutsches Milchkontor GmbH

15 467

15 070

14 672

14 275

13 878

73 362

DE000000000004170

4170

Papierfabrik Papiermaschine 1, Strichaufträge mit Luft- und IR-Trockner

Hamburger Rieger GmbH Papierfabrik Spremberg

28 389

28 389

28 389

28 389

28 389

141 945

DE000000000202606

202606

Ethylenoxid-Anlage

Sasol Germany GmbH

58 759

58 759

58 759

58 759

58 759

293 795

DE000000000203778

203778

AEG

Inovyn Deutschland GmbH

47 021

47 021

47 021

47 021

47 021

235 105

DE000000000203812

203812

VC

INOVYN Deutschland GmbH

40 880

40 880

40 880

40 880

40 880

204 400

DE000000000204581

204581

Essity Mannheim, Zellstofffabrik

Essity Operations Mannheim GmbH

 

 

 

 

 

0

DE000000000205540

205540

Kaltwalzwerk Dillenburg

Outokumpu Nirosta GmbH

21 338

21 338

21 338

21 338

21 338

106 690

DE000000000205609

205609

Anlage zur Herstellung von Stärkeprodukten

Ingredion Germany GmbH

15 015

15 015

15 015

15 015

15 015

75 075

DE000000000206021

206021

Produktionskomplex (Ziegler, TAM, NFA)

Sasol Germany GmbH

147 106

147 106

147 106

147 106

147 106

735 530


IOMLÁN

6 867 562

6 863 038

6 858 511

6 853 988

6 849 463

34 292 562


IARSCRÍBHINN IV

An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE

Ballstát: Éire

Uimhir aitheantais na suiteála

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm na suiteála

Ainm an oibreora

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála

2021

2022

2023

2024

2025

IE000000000000130

130

DuPont Nutrition Ireland

Dupont Nutrition Manufacturing Ireland Limited

20 976

20 976

20 976

20 976

20 976

104 880


IOMLÁN

20 976

20 976

20 976

20 976

20 976

104 880


IARSCRÍBHINN V

An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE

Ballstát: An Spáinn

Uimhir aitheantais na suiteála

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm na suiteála

Ainm an oibreora

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála

2021

2022

2023

2024

2025

ES000000000000158

158

DOLOMIAS DE ARAGON S.L.

DOLOMIAS DE ARAGÓN S.L.

20 285

20 285

20 285

20 285

20 285

101 425

ES000000000000890

890

TEXTIL SANTANDERINA, S.A.

TEXTIL SANTANDERINA, S.A.

9 572

9 326

9 080

8 834

8 588

45 400

ES000000000000932

932

CARGILL S.L.U. MARTORELL FABRICA

CARGILL S.L.U.

47 674

47 674

47 674

47 674

47 674

238 370

ES000000000202877

202877

PEPSICO MANUFACTURING, A.I.E.

PEPSICO MANUFACTURING, A.I.E.

4 265

4 265

4 265

4 265

4 265

21 325

ES000000000201855

201855

Fertiberia - Fábrica de Palos

FERTIBERIA,S.A.

557 921

557 921

557 921

557 921

557 921

2 789 605


IOMLÁN

639 717

639 471

639 225

638 979

638 733

3 196 125


IARSCRÍBHINN I

An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE

Ballstát: An Fhrainc

Uimhir aitheantais na suiteála

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm na suiteála

Ainm an oibreora

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála

2021

2022

2023

2024

2025

FR000000000000182

182

ENTREMONT ALLIANCE MONTAUBAN DE BRETAGNE

ENTREMONT ALLIANCE S.A.S.

4 278

4 278

4 278

4 278

4 278

21 390

FR000000000001020

1020

BONILAIT PROTEINES

BONILAIT PROTEINES

7 592

7 592

7 592

7 592

7 592

37 960

FR000000000001163

1163

KNAUF INSULATION LANNEMEZAN

KNAUF INSULATION LANNEMEZAN

22 405

22 405

22 405

22 405

22 405

112 025


IOMLÁN

34 275

34 275

34 275

34 275

34 275

171 375


IARSCRÍBHINN VII

An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE

Ballstát: An Iodáil

Uimhir aitheantais na suiteála

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm na suiteála

Ainm an oibreora

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála

2021

2022

2023

2024

2025

IT000000000000457

457

Burgo Group S.p.A. Stabilimento di Sora

Burgo Group S.p.A.

87 679

87 679

87 679

87 679

87 679

438 395

IT000000000000493

493

Pilkington Italia S.p.A.

Pilkington Italia S.p.A.

91 275

91 275

91 275

91 275

91 275

456 375

IT000000000000654

654

CENTRALE TERMOELETTRICA DI CASSANO D’ADDA

A2A gencogas Spa

877

854

832

809

787

4 159

IT000000000217620

217620

Sterilgarda Alimenti SpA

Sterilgarda Alimenti SpA

0

3 316

3 316

3 316

3 316

13 264


IOMLÁN

179 831

183 124

183 102

183 079

183 057

912 193


IARSCRÍBHINN VIII

An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE

Ballstát: An Ungáir

Uimhir aitheantais na suiteála

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm na suiteála

Ainm an oibreora

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála

2021

2022

2023

2024

2025

HU000000000000153

153

Nitrogénművek Zrt.

Nitrogénművek Zrt.

825 352

825 352

825 352

825 352

825 352

4 126 760


IOMLÁN

825 352

825 352

825 352

825 352

825 352

4 126 760


IARSCRÍBHINN IX

An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE

Ballstát: An Laitvia

Uimhir aitheantais na suiteála

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm na suiteála

Ainm an oibreora

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála

2021

2022

2023

2024

2025

LV000000000206234

206234

Biokoģenerācijas stacija

SIA “SIA Gren Latvija”

6 856

6 679

6 503

6 327

6 151

32 516


IOMLÁN

6 856

6 679

6 503

6 327

6 151

32 516


IARSCRÍBHINN X

An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE

Ballstát: An Ísiltír

Uimhir aitheantais na suiteála

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm na suiteála

Ainm an oibreora

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála

2021

2022

2023

2024

2025

NL000000000000366

366

Nyrstar Budel B.V.

Nyrstar Budel B.V.

99 012

99 012

99 012

99 012

99 012

495 060

NL000000000000054

54

FarmFrites B.V. Oudenhoorn

FarmFrites B.V. Oudenhoorn

22 374

22 374

22 374

22 374

22 374

111 870

NL000000000000110

110

Emerald Kalama Chemical B.V.

Emerald Kalama Chemical B.V.

50 641

50 641

50 641

50 641

50 641

253 205

NL000000000205926

205926

Lyondell Chemie Nederland b.v. - Botlek locatie

Lyondell Chemie Nederland b.v.

408 210

408 210

408 210

408 210

408 210

2 041 050

NL000000000205924

205924

Lyondell Chemie Nederland B.V. - Maasvlakte locatie

LyondellBasell Covestro Manufacturing Maasvlakte V.O.F.

394 094

394 094

394 094

394 094

394 094

1 970 470


IOMLÁN

974 331

974 331

974 331

974 331

974 331

4 871 655


IARSCRÍBHINN XI

An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE

Ballstát: An Rómáin

Uimhir aitheantais na suiteála

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm na suiteála

Ainm an oibreora

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála

2021

2022

2023

2024

2025

RO000000000207234

207234

SC BIOENERGY SUCEAVA SA

SC BIOENERGY SUCEAVA SA

8 981

8 750

8 519

8 288

8 058

42 596


IOMLÁN

8 981

8 750

8 519

8 288

8 058

42 596


IARSCRÍBHINN XII

An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE

Ballstát: An tSualainn

Uimhir aitheantais na suiteála

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm na suiteála

Ainm an oibreora

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála

2021

2022

2023

2024

2025

SE000000000000471

471

Stora Enso Paper AB, Kvarnsveden Mill

Stora Enso Paper AB, Kvarnsveden Mill

136 831

136 831

136 831

136 831

136 831

684 155

SE000000000000475

475

Stora Enso Skoghalls bruk

Stora Enso AB

152 009

152 009

152 009

152 009

152 009

760 045


IOMLÁN

288 840

288 840

288 840

288 840

288 840

1 444 200


Top