Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE1215

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 [COM(2022) 57 final – 2022/0039 (COD)] agus Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Cur Chuige AE i leith Bainistiú Spástráchta – Rannchuidiú de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán domhanda [JOIN(2022) 4 final]

    EESC 2022/01215

    IO C 486, 21.12.2022, p. 172–184 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    21.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 486/172


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027

    [COM(2022) 57 final – 2022/0039 (COD)]

    agus

    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Cur Chuige AE i leith Bainistiú Spástráchta – Rannchuidiú de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán domhanda

    [JOIN(2022) 4 final]

    (2022/C 486/24)

    Rapóirtéir:

    Pierre Jean COULON

    Comhairliúchán

    An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022

    Bunús dlí

    Airteagal 189(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

    Dáta a glactha sa rannóg

    7.9.2022

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    21.9.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    572

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    222/0/1

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Measann CESE go bhfuil an Teachtaireacht agus an togra atá faoi chaibidil, lena gcuirtear tús le dréachtú an phacáiste spáis Eorpaigh, fíor-riachtanach agus barrthábhachtach ar an aimsir seo. Tá sé á mholadh go gcuirfí chun cinn go mór sa Teachtaireacht Chomhpháirteach, trí bhíthin taidhleoireacht ghníomhach, bainistiú iltaobhach spástráchta laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe, go háirithe laistigh de Choiste na Náisiún Aontaithe um Úsáid Shíochánta an Chianspáis (UNCOPUOS) agus den Chomhdháil maidir le dí-armáil, ós rud é nach bhfuil dóthain rialacha sa réimse sin.

    1.2.

    Ós príomhthosaíocht é an bainistiú spástráchta, lena n-áirítear bainistiú an smionagair spáis, ní mór na gníomhaithe stáit uile a chur san áireamh ar an leibhéal Eorpach. Dé réir mar a luaitear sa Teachtaireacht Chomhpháirteach agus mar a léirítear sa tuairim seo, is é an phríomhfhadhb a bhaineann leis an meascán de chláir um bainistiú spástráchta (STM) atá ann an easpa caighdeánaithe idirnáisiúnta. Is léir, dá bhrí sin, gur gá caighdeáin, treoirlínte agus dea-chleachtais idirnáisiúnta a fhorbairt.

    1.3.

    Tá CESE á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go praiticiúil córas faireacháin spáis lena ráthófar inbhuanaitheacht fhadtéarmach an spáis do na Ballstáit go léir.

    Go deimhin, is é an dara príomhphrionsabal den dlí spáis an fhreagracht ar ghníomhaithe éagsúla as a gcuid gníomhaíochtaí spáis. Is éard atá i gceist leis sin freagracht idirnáisiúnta maidir le rialú gníomhaíochtaí agus dliteanas i leith damáiste a eascraíonn as gníomhaíochtaí den sórt sin sa chianspás. Mar sin, tugtar aghaidh sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ar chúrsaí a bhaineann le freagracht idirnáisiúnta as gníomhaíochtaí faireacháin.

    1.4.

    Is cás le CESE an easpa caighdeánaithe idirnáisiúnta. Tá sé á mholadh go mór aige go nglacfaí caighdeáin, lena n-áirítear maidir le bainistiú smionagair satailíte, agus treoirlínte ar an leibhéal Eorpach agus go mbeadh baint ag an tsochaí shibhialta eagraithe leis sin.

    Fágann an streachailt idir gníomhaithe i dtionscal an spáis, ar gníomhaithe stáit iad den chuid is mó go dtí seo, agus iad siúd ar mian leo a bheith ina bpríomhghníomhaithe (idir ghníomhaithe príobháideacha agus ghníomhaithe poiblí), go bhfuil gá le hathchóiriú críochnúil ar na caighdeáin idirnáisiúnta a glacadh nuair nach raibh ach grúpa beag de chumhachtaí teicneolaíocha agus tionsclaíocha ag plé le cúrsaí spáis.

    1.5.

    Leagadh béim i dtuairim chomhlántach CCMI/196 Spás Nua ar an méid seo a leanas:

    gur cheart sineirgí a fhorbairt leis an gCiste Eorpach Cosanta, lena bhfeabhsófaí idirghníomhaíochtaí idir an tionscal sibhialta, tionscal an spáis agus tionscal na cosanta;

    nach mór leas a bhaint as an gClár Réime Fís Eorpach chun an margadh spáis a spreagadh, chun tacú le réitigh tráchtála nuálacha a chruthú le haghaidh na n-earnálacha réamhtheachtacha agus iartheachtacha in earnáil spáis an Aontais agus chun dlús a chur le hinfhaighteacht na bpríomhtheicneolaíochtaí is gá;

    go bhfuil ríthábhacht le gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna i bhforbairt ardscileanna i réimsí a bhaineann leis an spás agus d’fhéadfaí an taithí a fuarthas ó thionscadail maidir le buíonta a bhí ann roimhe seo, amhail Galileo agus Copernicus, a úsáid chun feabhas a chur ar an gcóras nascachta spáis;

    ó thaobh an rialachais de, ach freagrachtaí a shannadh do na gníomhaithe is fearr ar bhonn a n-inniúlachtaí cruthaithe i gcomhréir leis na rialacha um sholáthar poiblí, go ráthófaí cur chun feidhme éifeachtach an chláir agus teacht chun cinn an spáis nua á chur chun cinn san am céanna;

    ina cheann sin, go bhfuil cur chun cinn an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil mar bhonn taca faoin iomaíochas agus faoin acmhainneacht nuálaíochta ar mhaithe le FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí nuálacha.

    2.   Cúlra

    2.1.

    Is críoch eacnamaíoch bhreise anois é an spás ar a lán slite. I ngeall ar an dlús atá á chur le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach, tá borradh mór faoi ghníomhaíochtaí spáis agus is mórdhúshlán geostraitéiseach anois é an spás dá bharr. Tá níos mó agus níos mó úsáide á baint as an spás i ngeall ar an iomaíochas teicneolaíoch agus an líon gnólachtaí nuathionscanta atá á mbunú in earnáil an spáis, ar na margaí agus seirbhísí nua atá á n-oscailt agus ar thoilteanas na dtíortha agus na n-oibreoirí príobháideacha cur le gníomhaíochtaí i bhfithis.

    2.2.

    D’ainneoin thábhacht straitéiseach an spáis, ní ann d’aon údarás cuimsitheach, d’aon dlí ceangailteach maidir le fithisí ísle agus fithisí geochobhsaí, d’aon rialachán ná d’aon chóras bainistithe spástráchta, agus is amhlaidh go bhfuil líon na satailítí ar fithis ag dul i méid.

    2.3.

    Go nuige seo, is ar dhea-chleachtais dheonacha neamhcheangailteacha nach bhfuil á mbainistiú ná á gcur i bhfeidhm go maith i gcónaí agus arb é is aidhm dóibh teorainn a chur leis na rioscaí staidrimh maidir le himbhuailtí idir satailítí agus smionagar, agus ar na nithe sin amháin, atá an bainistiú spáis bunaithe. De réir na gcleachtas sin, níor cheart smionagar a tháirgeadh d’aon ghnó i bhfithis. Ba cheart satailítí a éighníomhú ag deireadh a saolré trí bhreosla iarmharach a úsáid, cloí leis an riail “25 bliana” maidir le satailítí in ísealfhithis (ní mór satailítí atá ag deireadh a saolré oibríochtúil a thabhairt ar ais isteach san atmaisféar laistigh de 25 bliana) agus satailítí geochobhsaí nár úsáideadh a chur i “reilig infhithise”. Ní leor na rialacha sin a thuilleadh, áfach, chun teorainn a chur le rioscaí imbhuailte.

    2.4.

    Ar a mhuin sin, tá coincheapa oibríochtúla nua ag teacht chun cinn, ina measc, faireachas agus rianú spáis (Space Surveillance and Tracking nó SST), comhordú spástráchta (Space Traffic Coordination nó STC), comhordú agus bainistiú spástráchta (Space Traffic Coordination and Management nó STCM) (1).

    2.5.

    Dá bhrí sin, tá reachtaíocht éifeachtach maidir le gníomhaíochtaí spáis agus trácht satailíte chomh práinneach is atá sé straitéiseach má táthar chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach an spáis a áirithiú. Is amhlaidh atá maidir le húsáid na hintleachta saorga chun rioscaí imbhuailte a sheachaint.

    2.6.

    Ag tús na bliana, sheol an Coimisiún Eorpach an tionscadal SPACEWAYS a bhfuil sé d’aidhm aige córas bainistithe spástráchta a leagan amach d’fhonn “rialacha an bhóthair” a shainiú agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh na gcoinníollacha faoina bhféadfaí ceadúnais agus ceadanna eitilte a eisiúint.

    2.7.

    Is é is aidhm do na tionscadail SPACEWAYS agus EUSTM a seoladh i mí Eanáir 2021 moltaí agus treoirlínte a chur ar fáil faoi mhí an Mheithimh agus mí Lúnasa 2022 faoi seach don Choimisiún Eorpach maidir le bainistiú spástráchta, maille le measúnú dlíthiúil, polaitiúil agus eacnamaíoch as a dtiocfaidh moltaí deiridh agus treoirlínte cur chun feidhme (2).

    2.8.

    Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí, aithnítear an gá le cur chuige ar leibhéal an Aontais agus foráiltear do chomhairliúchán, plé agus idirphlé rialta leis na geallsealbhóirí AE ábhartha uile, idir shibhialta agus mhíleata, a bhfuil baint acu leis an iompar, go háirithe an tionscal eitlíochta, agus tionscal spáis na hEorpa. Cuirtear san áireamh san am céanna riachtanais chosanta agus slándála, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint. Is é mian CESE go mbeadh baint ag an bpobal sóisialta ar fad, ní hamháin ag earnáil na tionsclaíochta, leis an bpróiseas sin.

    2.9.

    Beartaítear leis an Teachtaireacht cuibhreannas SST AE (3) a úsáid chun an acmhainneacht oibríochtúil is gá a fhorbairt do bhainistiú spástráchta AE amach anseo. Is é a bheadh i gceist leis sin feabhas a chur ar a fheidhmíocht, cur le seirbhísí faireachais agus rianaithe spáis, mar aon le teicneolaíochtaí nua trí intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí candamacha, tacú le laghdú smionagair agus le hoibríochtaí um chothabháil i bhfithis agus sineirgí a bhunú idir cistí an Aontais, cistí náisiúnta, cistí na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis (GES), cistí an chláir Fís Eorpach agus cistí an Chláir Eorpaigh Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (EDIDP).

    2.10.

    Is gné lárnach de Chlár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 é úsáid níos mó a bhaint as an spás lasmuigh d’ilchríoch na hEorpa. Beidh ar an Aontas brath go háirithe ar Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí sa Chianspás (UNOOSA), agus ar chomhlachtaí náisiúnta chun caighdeáin a cheapadh a mbeidh feidhm acu maidir le bainistiú na críche spáis, agus forbairt comhchaighdeán i bhfóram ar leith á spreagadh san am céanna, agus cur chuige comhtháite a chur chun cinn in eagraíochtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú.

    2.11.

    Leis na huaillmhianta a leagtar amach, tugtar le tuiscint go mbeidh ar an lucht tionscail oibleagáidí áirithe a ghlacadh sa ghearrthéarma agus togra reachtach a cheapadh idir na Ballstáit sa mheántéarma chun aghaidh a thabhairt ar ilroinnt na gcineálacha cur chuige náisiúnta agus chun saobhadh iomaíochta i measc oibreoirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas a sheachaint trí phrionsabal na córa comhionainne oibreoirí a fhorchur. Tá bearta neamhcheangailteacha, amhail treoirlínte, beartaithe freisin.

    Is éard atá sa togra reachtach ná an chéad chéim. Ina dhiaidh sin, beidh ar eagraíochtaí Eorpacha ceanglais theicniúla a ghlacadh, bíodh siad ina gcaighdeáin nó ina dtreoirlínte a mbeidh feidhm acu maidir le gach duine.

    2.12.

    Luaitear sa Teachtaireacht go bhfuil an tAontas i bhfabhar cur chuige iltaobhach laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe lena gcuirfear chun cinn an t-idirphlé le Coiste na Náisiún Aontaithe um Úsáid Shíochánta an Chianspáis (UNCOPUOS) agus leis an gComhdháil maidir le Dí-armáil. Beidh air, dá bhrí sin, na comhlachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe a bheidh in ann tabhairt faoi na gníomhaíochtaí sin a shainaithint, an Eagraíocht Eitlíochta Shibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) san áireamh, óir tá todhchaí an chine dhaonna i mbaol.

    Cur chuige ón mbun aníos atá beartaithe sa Teachtaireacht. Ciallaíonn sé sin go dtosófar le rannchuidithe náisiúnta agus réigiúnacha d’fhonn teacht ar chomhthoil maidir leis na rialacha agus na caighdeáin atá beartaithe. Ina dhiaidh sin, féachfar leis na gnéithe réigiúnacha a ionchorprú sa bhainistiú domhanda, ar gá fós cinneadh a dhéanamh i dtaobh a rialachais.

    3.   Barúlacha ginearálta

    3.1.

    Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún déantar measúnú ar na riachtanais maidir le bainistiú spástráchta agus moltar cur chuige Eorpach maidir le húsáid dhomhanda spáis, lena n-áirítear úsáid shibhialta. Mar thoradh ar fhorbairt gníomhaíochtaí spáis, ar iolrú agus éagsúlú na ngníomhaithe a bhfuil baint acu le saothrú an chianspáis agus ar spleáchas na n-earnálacha gníomhaíochta go léir ar theicneolaíochtaí agus seirbhísí satailíte, tá róshaothrú forchéimnitheach á dhéanamh ar fhithisí agus tá speictream na minicíochtaí plúchta, rud a fhágann gur gá na minicíochtaí sin a chuíchóiriú.

    3.2.

    Meastar faoin dlí idirnáisiúnta (an tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide nó ITU) gur acmhainní nádúrtha teoranta iad domhanfhithisí. Tugann iarrataí ar leithdháileadh mínicíochtaí agus iomadú córas satailíte tíortha agus cuideachtaí a sháraíonn rialacha ITU ó am go chéile dúshlán do na prionsabail maidir le saoirse agus neamhleithreasú lena rialaítear úsáid domhanfhithisí.

    3.3.

    Leis an streachailt idir gníomhaithe i dtionscal an spáis, ar gníomhaithe stáit iad den chuid is mó go dtí seo, agus iad siúd a bhfuil an stádas sin uathu, lena n-áirítear gníomhaithe príobháideacha, tá gá le hathchóiriú críochnúil ar na caighdeáin idirnáisiúnta a glacadh nuair nach raibh ach grúpa beag de chumhachtaí teicneolaíocha agus tionsclaíocha ag plé le cúrsaí spáis.

    3.4.

    De bhreis ar shaincheisteanna dlí, i gcomhthéacs úsáid na críche spáis, ní mór aird a thabhairt freisin ar theannais pholaitiúla atá ag teacht chun cinn athuair, mar is léir ó imeachtaí reatha. Is amhlaidh an cás go háirithe maidir le hoibríochtaí chomhfhithiseacha imeaglaithe, léirithe cleasaíochta teicneolaíochta nó tástálacha arm frith-shatailíte agus fágann an méid sin nach bhfuil muinín ag tíortha as a chéile.

    3.5.

    De thoradh na ndúshlán a bhaineann le fithisí agus speictream na minicíochtaí a bheith á bplúchadh, mar aon leis an mbagairt ón méadú ar smionagar spáis, tá breithniú á dhéanamh ag na Ballstáit, GES agus cuibhreannas SST AE (4) ar uirlisí agus teicneolaíochtaí faireachais a chomhordú ar dhóigh níos fearr. Tá dianrialacháin á n-iarraidh ag CESE i bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar bhuíonta satailítí príobháideacha agus ar cheantair le seachaint.

    3.6.

    Leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach, feictear go bhfuil tús bog á chur athuair le hidirphlé idirnáisiúnta i bhfabhar cód iompair agus beart, lena n-áirítear bearta reachtacha, d’fhonn inbhuanaitheacht úsáid an chianspáis a áirithiú.

    Breithnithe dlíthiúla agus polaitiúla

    3.7.

    Tacaíonn CESE leis na cuspóirí oibríochtúla a leagtar amach sa Teachtaireacht agus sa togra le haghaidh rialacháin agus ba mhian leis aird a tharraingt ar bhreithnithe dlíthiúla agus polaitiúla nach féidir neamhaird a dhéanamh díobh i bhfianaise na saincheisteanna atá idir chamáin.

    3.8.

    Is deacair sainmhíniú a thabhairt ar choincheap an dlí spáis. Níl aon chomhthoil ann maidir le teorannú an spáis. Aithnítear, áfach, go múnlaítear an dlí spáis de réir na bprionsabal treorach lena ngabhann.

    3.9.

    Siúd is gur glacadh príomhphrionsabail trí chúig chonradh idirnáisiúnta agus ocht rún idirnáisiúnta (5), tá an cheist maidir le sainmhíniú an dlí spáis fós gan réiteach, ós rud é gurbh é an tosaíocht ba mhó a bhí ann nuair a cuireadh tús leis an spástaiscéalaíocht cosc a chur ar na chéad chumhachtaí spáis úinéireacht a ghlacadh ar reanna neimhe seachas ábhar an dlí sin a shainiú go sainráite.

    3.10.

    Leagtar amach prionsabail an dlí spáis i Rún 1962 ó na Náisiúin Aontaithe (XVIII) an 13 Nollaig 1963 agus athdhearbhaítear iad sa chéad Chonradh Cianspáis ó 1967.

    Déantar foráil leo maidir leis na nithe seo a leanas:

    taiscéalaíocht agus úsáid an chianspáis ar mhaithe leis an chine daonna;

    saoirse úsáide agus taiscéalaíochta;

    neamhleithreasú;

    úsáid shíochánta;

    freagracht na dtíortha as a ngníomhaíochtaí spáis;

    comhar agus cúnamh frithpháirteach;

    dlínse agus rialú náisiúnta ar spásréada;

    freagracht na dtíortha i leith damáiste;

    an stádas “toscaire an cine daonna” a thabhairt do spásairí.

    3.11.

    Léiríonn dhá phrionsabal eile den dlí spáis an sprioc shíochánta atá aige.

    Is é an chéad phrionsabal an oibleagáid maidir le comhar agus cúnamh frithpháirteach a fhorchuirtear ar na tíortha uile a bhfuil baint acu le taiscéalaíocht agus úsáid an chianspáis. Is éard atá i gceist leis sin idirphlé éifeachtach trédhearcach idir cumhachtaí spáis d’fhonn inbhuanaitheacht agus slándáil na ngníomhaíochtaí a dhéantar a áirithiú. Sa lá atá inniu ann, tá an t-idirphlé sin dírithe go príomha ar shaincheist an smionagair spáis, mar atá léirithe sa Teachtaireacht.

    3.12.

    Is í an dara prionsabal den dlí spáis an fhreagracht ar na tíortha agus ar ghníomhaithe nua as a gcuid gníomhaíochtaí spáis. Is éard atá i gceist leis sin freagracht idirnáisiúnta maidir le rialú gníomhaíochtaí agus dliteanas i leith damáiste a eascraíonn as gníomhaíochtaí den sórt sin sa chianspás. Mar sin, tugtar aghaidh sa Teachtaireacht ar chúrsaí a bhaineann le freagracht idirnáisiúnta as gníomhaíochtaí faireacháin.

    3.13.

    Tráth a bhí na chéad chonarthaí spáis á gcur le chéile, ní raibh an-aird ar smionagar spáis ná ar phlúchadh fithisí agus minicíochtaí. Ar an aimsir seo, áfach, tá méadú chomh mór sin tagtha ar lainseáil réad sa spás de bharr spleáchas sochaithe ar acmhainní satailíte gur ceist straitéiseach anois í ceist na bhfithisí agus na leithdháiltí speictrim.

    3.14.

    Dá bhrí sin, tar éis seasca bliain de shaothrú spáis, tá méadú as cuimse tagtha ar dhúshláin slándála a bhaineann le fithisí. Ó bhí thástáil ASAT na Síne ann i mí Eanáir 2007, tá méadú tagtha ar na dóigheanna éagsúla a léirítear fórsa sa spás. Baineann fadhbanna freisin le míleatú an spáis.

    Tá éiginnteacht ag baint leis an bhfadhb sin sa dlí idirnáisiúnta ós rud é nach ann fós do shainmhíniú ar céard is modh ionsaithe sa spás ann ná ar céard is ionsaí ann agus tá na modhanna ionsaithe an-éagsúil ó chéile. Áirítear orthu sin ionsaithe diúracán, ionsaithe léasair, cibirionsaithe ar athsheachadáin chumarsáide, cleasanna comhfhithiseacha, etc.

    3.15.

    Tá deacracht dhifriúil le sárú ag fithisí geosheasmhacha, is é sin brú minicíochtaí agus an baol go gcuirfí isteach orthu. Is réimse ríthábhachtach í fithis geochobhsaí le haghaidh leanúnachas seirbhísí teileachumarsáide i ngach tír ar domhan. Is iomaí dúshlán dlithiúil atá ag baint leis sin toisc gur cruthaíodh margadh eacnamaíoch agus amhantraíocht, fiú, mar thoradh ar fhorbairt fithise geochobhsaí.

    3.16.

    Agus an méid sin á chur san áireamh, tá CESE den tuairim nach mór a chur chun cinn go mór sa Teachtaireacht Chomhpháirteach, trí bhíthin taidhleoireacht ghníomhach, bainistiú iltaobhach spástráchta laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe, go háirithe laistigh de Choiste na Náisiún Aontaithe um Úsáid Shíochánta an Chianspáis (UNCOPUOS) agus den Chomhdháil maidir le dí-armáil, ós rud é nach bhfuil dóthain rialacha sa réimse sin.

    Bainistiú spástráchta – dúshlán don rialachas Eorpach

    3.17.

    Ní coincheap nua é bainistiú spástráchta. Bíodh sin mar atá, i ngeall ar chineál agus suntasacht na ndúshlán roimh shlándáil, sábháilteacht agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí spáis, tá bainistiú spástráchta (STM) ina thosaíocht, murab ionann is riamh, i measc gníomhaithe spáis agus na dtíortha atá feasach ar a spleáiche atá siad ar shócmhainní spáis. Fós féin, níl cláir faireachais agus rianaithe spáis (SST) agus clár um fheasacht staide an spáis (SSA) ach ag na tíortha a bhfuil an cumas teicneolaíoch is gá acu.

    3.18.

    San am i láthair is í Roinn Cosanta na Stát Aontaithe an córas is mó forbairt dá bhfuil ann. Soláthraíonn Líonra Faireachais Spáis (SSN) dá cuid, a bhfuil radair talún agus spásbhunaithe aige, acmhainn uathúil bhraite agus aitheantais do na Stáit Aontaithe agus úsáideann siad an méid sin chun tionchar a imirt ar a gcomhghuaillithe agus a gcomhpháirtithe.

    Tá cláir faireachais spáis forbartha ag tíortha eile amhail an Rúis, an tSín, an tSeapáin, an India agus roinnt tíortha Eorpacha (an Fhrainc, an Ghearmáin) chomh maith. I bhfianaise na feidhme straitéisí atá acu, tá formhór mór na gclár sin faoi rialú míleata agus faigheann siad tacaíocht ó ghníomhaireachtaí spáis.

    San Aontas Eorpach, bhunaigh an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin agus an Spáinn cuibhreannas SST AE d’fhonn measúnú a dhéanamh saor in aisce ar an riosca go dtarlódh imbhuailtí i bhfithis agus go rachadh smionagar spáis ar ais in atmaisféar an domhain ar bhealach neamhrialaithe, agus d’fhonn ilroinnt i bhfithis a bhrath. Faoi 2023, beidh SST AE ina chomhpháirtíocht a mbeidh níos mó Ballstát rannpháirteach inti chun seirbhís um measúnú riosca ar imbhuailtí a chur ar fáil d’oibreoirí satailíte Eorpacha agus domhanda.

    Tá a gcóras SST/SSA féin curtha ar bun ag roinnt cuideachtaí príobháideacha freisin chun sonraí agus seirbhísí tráchtála a sholáthar.

    3.19.

    Dé réir mar a luaitear sa Teachtaireacht Chomhpháirteach agus mar a léirítear sa tuairim seo, is é an phríomhfhadhb a bhaineann leis an meascán de chláir STM an easpa caighdeánaithe idirnáisiúnta. Mar sin féin, is léir gur gá caighdeáin, treoirlínte agus dea-chleachtais idirnáisiúnta a fhorbairt freisin.

    3.20.

    D’fhéadfadh tionscnaimh agus cinntí domhanda maidir le STM timpeallacht dhúshlánach a chruthú don Eoraip agus dá gníomhaithe spáis. Tá na Stáit Aontaithe chun tosaigh ó thaobh a mbeartais de. D’fhógair siad gur cheart dóibh dul ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain trí chaighdeáin níos fearr maidir le sonraí spáis agus feasacht staide a cheapadh, sraith de theicnící caighdeánaithe a fhorbairt chun rioscaí imbhuailte a mhaolú agus raon caighdeán, cleachtas agus caighdeán teicniúil idirnáisiúnta a chur chun cinn maidir le slándáil oibríochtaí spáis.

    3.21.

    Tá aird tugtha ag an Aontas ar na gnéithe straitéiseacha, tráchtála agus geopholaitiúla a bhaineann le bainistiú spástráchta, gnéithe nach bhfuil teoranta d’inbhuanaitheacht an chianspáis agus a bhfuil baint acu freisin le neamhspleáchas na hEorpa amach anseo maidir leis an rochtain atá aici ar an spás agus an úsáid a bhaineann sí as.

    Tá beartais agus tionscnaimh áirithe forbartha cheana féin ag gníomhaithe spáis na hEorpa arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt go díreach nó go hindíreach ar ábhair imní maidir le bainistiú spástráchta. Bíodh sin mar atá, tá an Eoraip ag titim chun deiridh ó thaobh aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist trí thionscadail chomhpháirteacha agus tá iarmhairtí ag baint leis sin.

    3.22.

    Go deimhin, d’fhéadfaí iomaíochas mhonarú satailíte na hEorpa amach anseo a bheith i mbaol dá gcuirfí iallach ar chuideachtaí sonraí STM Stáit Aontaithe Mheiriceá a úsáid nó ceadúnas a bheith acu arna eisiúint ag STM na Stát Aontaithe, agus d’fhéadfaí go ndiúltófaí dó sin. Tá rioscaí móra ann freisin do sholáthraithe seirbhísí lainseála Eorpacha.

    Tá go leor gníomhaithe Eorpacha ag brath go mór ar na comhaontuithe comhroinnte sonraí a síníodh leis na Stáit Aontaithe maidir le córas nua Eorpach um fheasacht staide an spáis (SSA) 2021. Áirítear orthu sin aireachtaí agus airm (6), eagraíochtaí idir-rialtasacha Eorpacha (GES, EUMETSAT), oibreoirí satailíte tráchtála agus soláthraithe seirbhísí lainseála.

    3.23.

    De réir CESE, ní mór don Aontas forálacha a ghlacadh a fhéachann ní hamháin lena áirithiú go mbeidh leibhéal deimhnithe feidhmíochta ann, ach lena áirithiú freisin go mbeidh seirbhísí spásbhunaithe ar fáil go ceann i bhfad. Ar a mhuin sin, tráth a bhfuil sí ag iarraidh comhbheartas iontaofa slándála agus cosanta a chur chun feidhme, beartas a ndéanann sócmhainní spáis rannchuidiú riachtanach, fiú ríthábhachtach, leis, ní mór don Eoraip na ceanglais slándála agus sábháilteachta is airde d’úsáideoirí rialtais agus cosanta a chomhlíonadh.

    3.24.

    Tá CESE á thabhairt dá aire go raibh cur chuige an Aontais dírithe go príomha, tráth dá raibh, ar chosaint fhisiciúil sócmhainní spáis, rud atá bunaithe ar straitéis dhocht agus chostasach. Leis na tionscnaimh AE a glacadh le déanaí, áfach, táthar ag díriú ar chur chuige atá níos dírithe ar an athléimneacht. Tá tAontas á iarraidh anois go mbeadh straitéis réamh-mheastach ann maidir le slándáil an bhonneagair spáis. Chuige sin, tá dhá thionscnamh thábhachtacha seolta aige: an togra maidir le cód iompair idirnáisiúnta a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí spáis agus an Clár Eorpach maidir le feasacht staide an spáis.

    3.25.

    Fós féin, is cás le CESE a dheacra atá sé acmhainneachtaí Ballstát áirithe a chomhordú lena gcumas maoirseachta agus rialaithe féin. Ar an aimsir seo, is deacair teacht ar chomhaontú maidir leis na cuspóirí atá le baint amach trí chlár Eorpach STM. Is léiriú foirfe í an tsaincheist maidir le bainistiú spástráchta, den chuid is mó, ar an deacracht a bhaineann le fíor-rialachas Eorpach a chruthú in earnáil an spáis, bíodh is go bhfuil na saincheisteanna céanna le sárú ag na Ballstáit uile ó thaobh na hinbhuanaitheachta spáis agus shlándáil an chianspáis toisc go gcuireann siad cumais spáis in úsáid nó toisc go n-úsáideann siad acmhainní spáis.

    3.26.

    Is bacainní iad na dúshláin sin go léir ar iomaíochas thionscal spáis na hEorpa ar an leibhéal idirnáisiúnta. San fhadtéarma, d’fhéadfadh an easpa caighdeán Eorpach agus an easpa comhoiriúnachta le caighdeáin eile saoirse rochtana ar an spás a chur i mbaol. Ní leor a acmhainn lainseála féin a bheith ag gach aon Bhallstát. Is gá freisin a bheith in ann satailítí a imscaradh go neamhspleách ar na caighdeáin a shainítear lasmuigh den Eoraip chun iomaíochas spáis na hEorpa a chothabháil, mar a léiríodh le rath an chéad mhisean Ariane 5 an 22 Meitheamh 2022, arbh é ab aidhm dó dhá shatailít, ceann amháin ón Malaeisia agus ceann eile ón India, a chur ar fithis. Sa bhreis air sin, lainseálfar an chéad chéim eile, Ariane 6, gan mhoill. Córas níos solúbtha agus níos saoire atá ann i gcomparáid le Ariane 5 agus, dá bhrí sin, is fearr is féidir leis dul san iomaíocht le SpaceX de chuid SAM. Tá a chéad eitilt beartaithe do 2023.

    3.27.

    I gcomhthéacs na Teachtaireachta seo, tá an méid seo a leanas á mheabhrú ag CESE:

    a thiomantas d’fheidhmeanna sibhialta Galileo ó thaobh an iompair d’iarnród, an iompair ar muir agus an iompair de bhóthar;

    gur mian leis go gcuirfí an bonneagar criticiúil atá molta ag an gCoimisinéir Thierry Breton chun feidhme go pras.

    3.28.

    Ainneoin go bhféadfadh rialacha agus caighdeáin arna bhforbairt ar an leibhéal náisiúnta ag roinnt Ballstát a bheith úsáideach chun forálacha coiteanna a fhorbairt, beidh sé den ríthábhacht, mar sin féin, go mbeidh an focal deireidh ag an Aontas i ndáil le bearta um chaighdeánú. Chun na críche sin, ní mór do na Ballstáit agus GES teacht ar chomhaontú maidir le cuspóirí agus prionsabail na n-iarrachtaí Eorpacha i réimse STM, sásraí comhairliúcháin agus comhordaithe a chur ar bun agus róil, roinnt aonchiallach freagrachtaí agus leithdháileadh trédhearcach gníomhaíochtaí idir na Ballstáit agus geallsealbhóirí Eorpacha a shainiú go soiléir, agus gan teacht salach ar na córais atá ann cheana i dtíortha eile.

    3.29.

    Dar le CESE, tá an Teachtaireacht Chomhpháirteach go mall ag teacht ar an bhfód. Is díol sásaimh dó, áfach, go n-aithnítear léi an tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin il-leibhéil a eascróidh as an méadú ar ghníomhaíochtaí spáis, rud a d’fhéadfadh an chothromaíocht dhomhanda a chur i mbaol toisc nach ann do chreat ceangailteach ina leith.

    An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  JOIN(2022) 4 final.

    (2)  Tá an tionscadal SPACEWAYS, a mhaoinítear le creatchlár an Aontais Eorpaigh um thaighde agus um nuálaíocht “Fís 2020”, comhdhéanta de 13 phríomhghníomhaí Eorpacha: monaróirí agus lainseálaithe satailíte, oibreoirí agus soláthraithe seirbhísí, mar aon le hionaid agus institiúidí taighde dlí agus beartais.

    Tá EUSTM comhdhéanta de 20 príomhghníomhaí Eorpacha.

    (3)  An Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin agus an Spáinn.

    (4)  https://www.eusst.eu

    (5)  I. Chalaye, Le statut des orbites terrestres et leur utilisation à la lumière des principes du droit spatial, Institut d’études de géopolitique appliquée (IEGA), Páras, Deireadh Fómhair 2021.

    (6)  https://www.esa.int/Safety_Security/SSA_Programme_overview


    IARSCRÍBHINN

    Is féidir an Tuairim Fhorlíontach ón gCoimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha – CCMI/ 196 – Spás nua – a léamh ar na leathanaigh seo a leanas.

    “Tuairim ón gCoimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha maidir le Nascacht shlán spásbhunaithe agus spás nua: Bealach tionsclaíoch Eorpach i dtreo na ceannasachta agus na nuálaíochta

    (tuairim fhorlíontach a ghabhann le TEN/775)

    Rapóirtéir:

    Maurizio MENSI

    Comhrapóirtéir:

    Franck UHLIG

    Cinneadh ón Tionól Iomlánach

    22.2.2022

    Bunús dlí

    Riail 56(1) de na Rialacha Nós Imeachta

     

    Tuairim fhorlíontach

    Rannóg atá freagrach

    An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

    Dáta a glactha sa rannóg

    24.6.2022

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    21/0/1

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Tacaíonn CESE le tionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh maidir le nascacht shlán spásbhunaithe agus ‘spás nua’ chun cur le ceannasacht thionsclaíoch agus oibríochtúil na mBallstát. Is den ríthábhacht neamhspleáchas a áirithiú, ní hamháin ar mhaithe leis an iomaíochas tionsclaíoch a bheidh ann amach anseo, ach freisin chun neamhspleáchas straitéiseach agus athléimneacht straitéiseach a áirithiú (1), rud a léiríodh le déanaí leis an nganntanas comhpháirteanna leictreonacha, go háirithe tar éis ghéarchéim COVID-19 agus an chogaidh san Úcráin, nithe a chuir isteach go mór ar thionscal spáis na hEorpa.

    1.2.

    Creideann CESE, ní hamháin gur uirlis bhunriachtanach d’fheidhmiú an daonlathais rannpháirtíochta í nascacht atá slán, inrochtana agus inacmhainne, ach gur réamhriachtanas í freisin chun cearta bunúsacha a chur chun feidhme mar is cuí agus gur deis atá ann tuilleadh cumhachta a thabhairt do na saoránaigh agus don tsochaí shibhialta.

    1.3.

    Aithníonn CESE a thábhachtaí atá an spás dár ngeilleagar agus dár sochaí, maille lena ábharthacht straitéiseach ó thaobh na slándála agus na cosanta de, mar atá léirithe le cogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Ar a bharr sin, tá slándáil fhisiciúil agus cibearshlándáil an bhonneagair talún agus an bhonneagair spáis, mar aon leis na sonraí gaolmhara, ríthábhachtach chun leanúnachas seirbhíse agus feidhmiú cuí na gcóras a áirithiú.

    1.4.

    Creideann CESE gur den ríthábhacht borradh a chur faoin éiceachóras Eorpach spáis chun an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a chur chun cinn agus chun dul i ngleic le mórdhúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide. Aithníonn sé freisin na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cuideachtaí spáis nuathionscanta agus FBManna a bheith rannpháirteach i gcláir spáis an Aontais, lena n-áirítear an méid a chuireann siad le hathléimneacht agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais.

    1.5.

    Creideann CESE go diongbháilte nach mór leibhéal comhordaithe éifeachtúil iomchuí a ráthú ó tharla go gceanglaítear ar chomhlachtaí éagsúla oibriú le chéile chun córas nascachta atá slán uathrialach agus atá bunaithe ar an spás (dá ngairtear ‘an Clár’ anseo feasta) a rialú.

    1.6.

    Measann CESE gur cheart leas a bhaint as an gclár réime Fís Eorpach, atá i bhfeidhm cheana féin, chun borradh a chur faoin margadh spáis, chun tacú le réitigh thráchtála nuálacha a chruthú d’earnálacha spáis iartheachtacha agus réamhtheachtacha an Aontais agus chun dlús a chur le hinfhaighteacht na bpríomhtheicneolaíochtaí atá ag teastáil don Chlár i gcomhar leis an tionscnamh EuroQCI (2) agus an tionscadal ENTRUSTED (3). Go háirithe, d’éileofaí le córas Eorpach de chomhpháirteanna, córais agus fochórais iarrachtaí ollmhóra, fadtéarmacha chun tionscal láidir Eorpach a athbhunú.

    1.7.

    Tá CESE á mholadh go bhforbrófaí sineirgí leis an gCiste Eorpach Cosanta agus trí phlean gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le hidirghníomhaíochtaí idir an tionscal sibhialta, tionscal an spáis agus an tionscal cosanta.

    1.8.

    D’fhonn iomaíochas thionscal spáis na hEorpa a áirithiú, creideann CESE gur cheart, le tionscnaimh an Choimisiúin, cur le forbairt ardscileanna i réimsí a bhaineann leis an spás agus tacú le gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna d’fhonn is gur féidir le saoránaigh an Aontais barr a gcumais a bhaint amach sa réimse seo. Ar an gcaoi sin, chuirfí feabhas ar ghné shóisialta thábhachtach an Chláir.

    1.9.

    Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá ann an acmhainneacht spáis uile a chur san áireamh chun na sócmhainní spáis atá ann cheana (Galileo (4), Copernicus (5)) a nuachóiriú agus chun buíonta agus seirbhísí a bheidh ann amach anseo a fhorbairt. Cuirfidh sé sin le hathléimneacht shócmhainní spáis an Aontais agus cothófar iomaíochas an tionscail. Ach freagrachtaí a shannadh ar bhonn na hinniúlachta léirithe, ba cheart go n-áiritheofaí cur chun feidhme éifeachtach na gclár .

    1.10.

    Measann CESE nach mór don Aontas dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a spreagadh agus tacú le hiomaíochas agus acmhainneacht nuálaíochta na hearnála spáis, go háirithe i ndáil le FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí nuálacha. Ar an tslí sin, spreagfaí gníomhaíochtaí eacnamaíocha réamhtheachtacha agus iartheachtacha. Go deimhin, tá ról riachtanach ag cláir thaighde agus nuálaíochta maidir le cumas teicneolaíoch an Aontais agus a chuid Ballstát a mhéadú.

    2.   Cúlra na tuairime, lena n-áirítear an togra reachtach lena mbaineann

    2.1.

    Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún Eorpach clár a cheapadh chun cumarsáid satailíte ráthaithe agus athléimneach a chur ar fáil. Tá an Coimisiún tiomanta do nuálaíocht a chothú in earnáil an spáis agus do rannchuidiú tuilleadh le héiceachóras ‘spás nua’ AE a fhorbairt, rud atá ar cheann de na príomhthosaíochtaí a leagtar amach ina Chláir Spáis cheana. Chuige sin, tá an Coimisiún tar éis an tionscnamh CASSINI a sheoladh (6). Go háirithe, d’áiritheofaí leis sin go mbeadh seirbhísí cumarsáide satailíte atá iontaofa, slán agus costéifeachtach ar fáil go fadtéarmach ar fud an domhain d’úsáideoirí rialtais a thacaíonn le bonneagar criticiúil, faireachas, gníomhaíochtaí seachtracha agus bainistiú géarchéime a chosaint, rud a mhéadódh teacht aniar na mBallstát.

    2.2.

    Tá an tionscnamh ceaptha tairbhe a bhaint as saineolas thionscal spáis na hEorpa, lena n-áirítear as gníomhaithe seanbhunaithe tionsclaíocha agus as éiceachóras an spáis nua. Dá bhrí sin, is sócmhainn straitéiseach anois í an nascacht dhomhanda satailíte ó thaobh shlándáil, sábháilteacht agus athléimneacht an Aontais agus a Bhallstát. Tá sé d’aidhm ag an togra freisin infhaighteacht leathanbhanda tráchtála ardluais a éascú ar fud na hEorpa, deireadh a chur le bandaí marbha, comhtháthú a áirithiú ar fud chríocha na mBallstát agus nascacht a sholáthar thar limistéir gheografacha leasa straitéisigh, amhail an Afraic agus réigiún an Artaigh. De bhreis ar Galileo agus Copernicus, braithfidh an tríú buíon atá beartaithe ar thrí dhifreálaí nua: slándáil trí dhearadh (trí úsáid a bhaint as teicneolaíoctaí nua, amhail teicneolaíocht chandamach) le haghaidh cumarsáid íogair (maidir le cosaint, mar shampla), buíon il-fhithiseach agus ollstruchtúr atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí (chun borradh breise a chur faoin ngné thráchtála).

    2.3.

    Tá an togra i gcomhréir le roinnt beartais eile de chuid an Aontais agus le tionscnaimh reachtacha atá ar siúl cheana a bhaineann le sonraí (amhail Treoir INSPIRE (7) agus an Treoir maidir le Sonraí Oscailte (8)), an néalríomhaireacht agus an chibearshlándáil. Go háirithe, ach seirbhísí rialtais a sholáthar, d’áiritheofaí tuilleadh comhtháthaithe i gcomhréir le straitéisí digiteacha agus cibearshlándála an Aontais trí shláine agus athléimneacht an bhonneagair, na líonraí, na cumarsáide agus sonraí Eorpacha a áirithiú. Beidh an togra ina bhonn taca freisin faoi acmhainneacht iomaíochais agus nuálaíochta thionscail na hearnála spáis laistigh den Aontas agus cuideoidh sé go mór lena áirithiú go mbeidh rochtain neamhspleách inacmhainne ag an Eoraip ar an spás sna blianta amach romhainn. Beidh mórthionchar dearfach aige freisin ar iomaíochas shamhlacha saothraithe na lainseálaithe Eorpacha (9).

    2.4.

    Leagadh béim sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 21-22 Márta 2019 gur gá don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun geilleagar digiteach atá iomaíoch, slán, cuimsitheach agus eiticiúil a fhorbairt ina mbeidh nascacht den chéad scoth (10). Go háirithe, luaitear i bplean gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le sineirgí idir an tionscal sibhialta, an tionscal cosanta agus tionscal an spáis ón 22 Feabhra 2021 gurb é is aidhm dó rochtain ar nascacht ardluais a chur ar fáil do chách san Eoraip agus córas nascachta athléimneach a sholáthar a chuirfidh ar chumas mhuintir na hEorpa a bheith nasctha i gcónaí, is cuma céard a tharlóidh (11).

    2.5.

    Bheadh an Clár ina chomhlánú ar na socruithe GOVSATCOM AE (12) atá ann cheana maidir leis an acmhainneacht cumarsáide satailíte rialtais atá ann cheana a chur i dtoll a chéile agus a chomhroinnt. Mar gheall ar shaolré theoranta satailítí, beidh gá roinnt den bhonneagar atá faoi úinéireacht rialtais agus a bheidh mar chuid de chomhthiomsú agus comhroinnt GOVSATCOM a athsholáthar sna deich bliana atá le teacht (13).

    2.6.

    Leis na leibhéil mhéadaitheacha hibrideacha bhagartha agus an seans níos mó go dtarlóidh tubaistí nádúrtha, tá réitigh cumarsáide satailíte níos slándála, níos iontaofa agus níos oiriúnaí a bhfuil fáil níos éasca orthu de dhíth ar ghníomhaithe rialtais. Ina theannta sin, is bagairt bhreise é an t-ardú atá tagtha ar ríomhairí candamacha, ós rud é go mbeidh na ríomhairí sin in ann ábhar atá criptithe faoi láthair a dhíchriptiú.

    2.7.

    Tá meigeabhuíonta éagsúla neamh-AE, a fhaigheann tacaíocht phoiblí nó atá fóirdheonaithe, tagtha chun cinn sna Stáit Aontaithe, sa tSín agus sa Rúis. Fágann an méid sin, mar aon leis an nganntanas comhdúcháin minicíochta agus sliotán fithiseach atá ar fáil agus saolré theoranta acmhainneacht GOVSATCOM gur den phráinn córas nascachta slán spásbhunaithe de chuid an Aontais a thabhairt isteach. Chumhdófaí leis an gClár na bearnaí acmhainneachta agus cumais i seirbhísí cumarsáide satailíte rialtais.

    2.8.

    Ba cheart a cheadú leis an gClár freisin soláthar seirbhísí tráchtála cumarsáide satailíte ag an earnáil phríobháideach. Sa mheasúnú tionchair, cinneadh go bhfuil comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí ar an tsamhail cur chun feidhme is oiriúnaí lena áirithiú go bhféadfaí cuspóirí an Chláir a shaothrú. Leis na comhpháirtíochtaí sin, spreagfaí go háirithe nuálaíocht i ngach cuid de thionscal spáis na hEorpa (oll-chomhtháthairí córas, cuideachtaí meánchaipitlithe neamhspleácha, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta).

    2.9.

    Ós rud é go bhfuil na rialtais, na saoránaigh agus institiúidí an Aontais ag brath ar an nascacht, murab ionann is riamh, is éard atá ag teastáil uathu réitigh shlándála níos airde, aga folaigh íseal (14) agus bandaleithead níos airde. Dá bhrí sin, is gá a ráthú go mbeidh réitigh bhuanseasmhacha ar fáil trí theicneolaíocht nuálach, treochtaí agus cineálacha cur chuige tionsclaíocha nua. Dá thairbhe sin, is sraith teicneolaíochta a bheidh sa chóras atá beartaithe, faoi mar a léirítear sa togra.

    2.10.

    Chun bheith costéifeachtach agus chun leas a bhaint as barainneachtaí scála, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, barrfheabhas a chur ar an gcothromaíocht idir soláthar agus éileamh seirbhísí rialtais.

    2.11.

    Go deimhin, a bhuí le cumarsáid satailíte, cuirtear cumhdach uileláithreach ar fáil, rud atá ina chomhlánú ar líonraí trastíre. Níos mó ná riamh láimhseáiltear í mar shócmhainn straitéiseach, rud a leagann béim ar an ngá méadaitheach domhanda atá le seirbhísí rialtais lena n-áirithítear nascacht láidir, ní hamháin chun tacú lena n-oibríochtaí slándála, ach freisin chun bonneagar criticiúil a nascadh, idirghníomhú leictreonach éifeachtúil éifeachtach trasteorann a éascú idir riaracháin phoiblí na hEorpa, gnólachtaí agus saoránaigh, rannchuidiú le forbairt ríomh-riaracháin atá níos éifeachtaí, níos simplithe agus níos soláimhsithe ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil (15), agus géarchéimeanna a bhainistiú, mar aon le tacú le faireachas teorann agus muirí.

    2.12.

    Le bunú an Chláir, leanfar cur chuige céim ar chéim trína ndéanfar iarracht cáilíocht a áirithiú. D’fhéadfaí tús a chur leis an bhforbairt tosaigh agus an cur chun feidhme ó 2023 ar aghaidh agus seirbhísí tosaigh agus tástáil ar fithis ar chripteagrafaíocht chandamach a sholáthar faoi 2025. Ach an córas le cripteagrafaíocht iar-chandamach a chur chun feidhme ina iomláine, beidh seirbhísí iomlána á gcur ar fáil faoi 2028. Meastar gurb é EUR 6 billiún an costas iomlán lena mbaineann agus is ó fhoinsí éagsúla na hearnála poiblí (buiséad an Aontais, Ballstáit agus ranníocaíochtaí GES) agus ó infheistíochtaí earnála príobháidí a thiocfaidh an cistiú dó. Maidir le cistiú ón Aontas, ní bhaineann sé an bonn de chur chun feidhme na ngnéithe spáis atá i Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir leis an spás, go háirithe Galileo agus Copernicus.

    3.   Barúlacha ginearálta

    3.1.

    I saol digiteach an lae inniu, creideann CESE go bhfuil an nascacht spásbhunaithe ina sócmhainn chriticiúil straitéiseach do shochaithe nua-aimseartha. A bhuí léi, éascaítear cumhacht eacnamaíoch, ceannaireacht dhigiteach, ceannasacht theicneolaíoch, iomaíochas eacnamaíoch agus dul chun cinn sochaíoch. Trí ról níos lárnaí a thabhairt do ghníomhaithe spáis, is é is aidhm don Chlár sonraí agus seirbhísí ardcháilíochta slána a bhaineann leis an spás a áirithiú, ar féidir leo sochair shocheacnamaíocha a thabhairt do na saoránaigh agus do ghnólachtaí na hEorpa, slándáil agus neamhspleáchas an Aontais a fheabhsú, agus ról an Aontais mar cheannaire in earnáil an spáis a neartú, rud a chuirfidh ar a chumas dul in iomaíocht le príomhgheilleagair spáis eile agus le tíortha atá ag teacht chun cinn i réimse an spáis. Thairis sin, is uirlis theicniúil thábhachtach é freisin lena gceadaítear saoirse cainte agus saorchúrsaíocht smaointe.

    3.2.

    Measann CESE ní hamháin gur uirlis bhunriachtanach d’fheidhmiú an daonlathais rannpháirtíochta í nascacht atá slán, inrochtana agus inacmhainne ach gur réamhchoinníoll í freisin chun cearta bunúsacha a chur chun feidhme mar is cuí agus gur deis atá ann chun tuilleadh cumhachta a thabhairt do na saoránaigh agus don tsochaí shibhialta. Tá saoránaigh na hEorpa ag brath ar an teicneolaíocht spáis, ar shonraí spáis agus ar sheirbhísí spáis níos mó ná riamh. Is é atá i gceist leis sin, go háirithe, comhlíonadh na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. De bhreis air sin, tá ról níos mó ag an spás i bhfás eacnamaíoch, slándáil agus meáchan geopholaitiúil an Aontais. Ar an gcaoi sin, is féidir a mheas gur chun leas na rialtas agus na saoránach í nascacht iontaofa shlán.

    3.3.

    Tá CESE á mholadh go mbeadh sé oiriúnach comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a úsáid mar shamhail cur chun feidhme lena áirithiú go bhféadfaí cuspóirí an Chláir a shaothrú. Le rannpháirtíocht dhíreach na hearnála príobháidí cruthaítear timpeallacht atá fabhrach d’fhorbairt bhreise leathanbhanda ardluais agus do nascacht rianúil ar fud na hEorpa. Déantar amhlaidh trí dheireadh a chur le bandaí marbha cumarsáide agus trí chomhtháthú a áirithiú ar fud chríocha na mBallstát, maille le nascacht a sholáthar thar limistéir gheografacha leasa straitéisigh.

    3.4.

    Trí bhíthin próiseas iomaíoch soláthair, féadfaidh an Coimisiún conradh lamháltais a thabhairt i gcrích chun teacht ar an réiteach is gá agus chun leasanna an Aontais agus na mBallstát a chosaint. Ach páirt a thabhairt don tionscal trí lamháltas den chineál sin, ba cheart go bhféadfadh comhpháirtithe príobháideacha bonneagar an Chláir a chomhlánú le hacmhainneachtaí breise trí infheistíochtaí breise dá gcuid féin.

    3.5.

    I ndáil leis an méid sin, tá CESE á chur i bhfios gur cheart ról na hearnála poiblí a léiriú go leordhóthanach i rialachas an Chláir amach anseo agus aird ar leith a thabhairt ar shlándáil an bhonneagair agus ar rialú cúramach ar chostais, ar sceideal agus ar fheidhmíocht. Is é an Coimisiún a bheidh ina bhainisteoir cláir maidir leis an lamháltas a bhunú agus maoirseacht a dhéanamh air. Cuirfear de chúram ar ghníomhaireacht an Aontais don Chlár Spáis seirbhísí rialtais a sholáthar, agus cuirfear de chúram ar an nGníomhaireacht Eorpach Spáis maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí forbartha agus bailíochtaithe. Creideann CESE go bhfuil FBManna ríthábhachtach don nuálaíocht agus don éiceachóras sa gheilleagar nua spáis atá ag teacht chun cinn. Dá réir sin, ba cheart forbairt seirbhísí spáis FBManna a spreagadh go gníomhach, mar aon le soláthar na seirbhísí sin ag údaráis phoiblí agus ag an earnáil phríobháideach araon. Ar an dóigh sin, chruthófaí poist, d’fheabhsófaí scileanna teicneolaíochta agus chuirfí borradh faoi iomaíochas na hEorpa, ar nithe iad sin atá níos tábhachtaí ná riamh ó thaobh aistriú an Aontais chuig geilleagar inbhuanaithe digiteach. D’áiritheofaí leis sin iomaíocht éifeachtach thrédhearcach agus neartófaí neamhspleáchas teicneolaíoch an Aontais trí cheanglais shonracha a bhaineann le slándáil, leanúnachas seirbhísí agus iontaofacht.

    3.6.

    Creideann CESE gur cheart critéir shonracha maidir le dámhachtain lamháltais a leagan síos sa nós imeachta soláthair, lena n-áirithítear rannpháirtíocht gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna feadh shlabhra luacha iomlán an lamháltais. Ar an gcaoi sin, dhreasófaí forbairt teicneolaíochtaí nuálacha suaiteacha. I gcás ina bhféadfadh saincheisteanna a bheith ag baint le fostaíocht soláthraithe ó thríú tíortha ó thaobh slándála agus straitéise de, ba cheart rialacha rannpháirtíochta oiriúnacha a chur i bhfeidhm.

    3.7.

    Creideann CESE gur cheart FBManna a spreagadh chun leas a bhaint as na huirlisí iomadúla maoinithe atá ar fáil don Aontas chun cur le héiceachóras an spáis toisc go gcabhródh sé sin le poist a chruthú, scileanna teicneolaíochta a fheabhsú agus iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa a threisiú.

    4.   Barúlacha sonracha

    4.1.

    Creideann CESE go bhfuil ceannasacht straitéiseach an Aontais agus na mBallstát bunaithe den chuid is mó ar neamhspleáchas teicneolaíochta agus cumas thionscal na hEorpa agus ar shlándáil na cumarsáide satailíte, go háirithe agus teannas geopholaitiúil ag dul i méid. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE go láidir le tionscnaimh chun ceannasacht thionsclaíoch agus theicneolaíoch na mBallstát a neartú.

    4.2.

    Tá CESE i bhfabhar an togra agus measann sé gur deis thábhachtach ó thaobh na heacnamaíochta de iad na sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir gníomhaíochtaí rialtais agus gníomhaíochtaí tráchtála, lena n-áirítear le haghaidh na seirbhísí breise a thairgtear do shaoránaigh na hEorpa, agus méadú ag teacht ar bhonn domhanda ar infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i ngníomhaíochtaí spáis.

    4.3.

    Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé tacú le hiomaíochas agus acmhainneacht nuálaíochta thionscail na hearnála spáis laistigh den Aontas. Cuideoidh sé sin go mór lena áirithiú go mbeidh rochtain neamhspleách inacmhainne ag an Eoraip ar an spás sna blianta amach romhainn agus beidh mórthionchar dearfach aige freisin ar iomaíochas shamhlacha saothraithe na lainseálaithe Eorpacha.

    4.4.

    Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur cheart, trí bhíthin an Chláir, féachaint chuige gur féidir le hoibreoirí teileachumarsáide tairbhe a bhaint as an acmhainneacht bhreise agus as seirbhísí iontaofa agus slána. Ina theannta sin, a bhuí leis an ngné thráchtála, bheadh seirbhísí miondíola in ann teagmháil a dhéanamh le líon níos mó úsáideoirí príobháideacha fud fad an Aontais.

    4.5.

    Maidir le rialachas an Chláir (Caibidil V den rialachán atá beartaithe), is follas go mbeidh príomhról ag ceithre phríomhghníomhaí sa Chlár, eadhon an Coimisiún, Gníomhaireacht an Aontais don Chlár Spáis, na Ballstáit, agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis.

    4.6.

    I dtaca leis sin de, creideann CESE go diongbháilte go bhfuil sé ríthábhachtach cúraimí, róil agus freagrachtaí a roinnt go soiléir agus na gníomhaithe éagsúla a chomhordú mar is ceart ar mhaithe le feidhmiú cuí an Chláir. Dá bharr sin, trí fhreagrachtaí a leithdháileadh go beacht ar bhonn inniúlachtaí léirithe na ngníomhaithe sin, ba cheart a áirithiú freisin go gcuirfear an Clár i gcrích ar dhóigh atá éifeachtúil ó thaobh costas agus spriocdhátaí de. Tá ríthábhacht ag baint freisin le bainistiú éifeachtúil spástráchta chun sábháilteacht a fheabhsú i bhfianaise an mhéadaithe ar smionagar spáis.

    4.7.

    Tá CESE á chur i bhfios go láidir go bhfuil cibearshlándáil an bhonneagair talún agus an bhonneagair spáis araon bunriachtanach chun oibriú agus athléimneacht na gcóras a áirithiú.

    4.8.

    D’fhonn iomaíochas thionscal spáis na hEorpa a áirithiú agus barr cumais shaoránaigh an Aontais sa réimse sin a bhaint amach, tá CESE ag leagan béim air gur cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú le forbairt ardscileanna i réimsí a bhaineann leis an spás agus tacú le gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna, comhdheiseanna, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn.

    4.9.

    Tá CESE á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh baint a bheith ag líon mór gníomhaithe tionsclaíocha i roinnt tíortha le bunú agus uasghrádú an bhonneagair agus nach mór a gcuid oibre a chomhordú go héifeachtach chun córais atá iontaofa agus comhtháite go hiomlán a cheapadh, go háirithe ó thaobh na slándála agus na cibearshlándála de.

    An Bhruiséil, an 24 Meitheamh 2022.

    Cathaoirleach an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha

    Pietro Francesco DE LOTTO”


    (1)  Tá an dara tionscal spáis is mó ar domhan ag an Eoraip, tionscal ina bhfuil os cionn 231 000 gairmí fostaithe agus meastar gur fiú EUR 5362 billiún é, Study on the ‘Space Market’ (Staidéir ar an ‘Margadh Spáis’), Parlaimint na hEorpa, Samhain 2021.

    (2)  Bonneagar cumarsáide candamaí na hEorpa (EuroQCI).

    (3)  Tionscadal taighde i réimse na cumarsáide satailíte sláine (SATCOM) do ghníomhaithe rialtais AE. ENTRUSTED: European Networking for satellite Telecommunication Roadmap for the governmental Users requiring Secure, inTeroperable, innovativE and standardiseD services (Líonrú Eorpach maidir le Treochlár um theileachumarsáid satailíte le haghaidh úsáideoirí rialtais óna dteastaíonn seirbhísí slána, idir-inoibritheacha, nuálacha agus caighdeánaithe]).

    (4)  Is éard is Galileo ann córas domhanda na hEorpa um loingseoireacht satailíte a tháinig i bhfeidhm i mí na Nollag 2016 agus a bhfuil seirbhísí á gcur ar fáil aige d’údaráis phoiblí, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh ó shin i leith.

    (5)  Is éard is Copernicus ann clár an Aontais um fhaire agus um fhaireachán na Cruinne a sholáthraíonn sonraí fhaire na cruinne a úsáidtear ag soláthraithe seirbhíse, údaráis phoiblí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

    (6)  Is éard is Gnólachtaí Nuathionscanta Iomaíocha Spáis don Nuálaíocht (CASSINI) ann tionscnamh fiontraíochta spáis de chuid an Choimisiúin Eorpaigh arb é is príomhchuspóir dó tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus le FBManna ag céimeanna éagsúla dá bhfás trí shraith uirlisí agus cistiú a chur ar fáil dóibh.

    (7)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

    (8)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid, (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

    (9)  Agus 18 satailít ar fithis faoi láthair agus os cionn 30 satailít eile beartaithe sna 10-15 bliana amach romhainn, is é an tAontas an custaiméir institiúideach is mó i seirbhísí lainseála san Eoraip. Is iad lainseálaithe an dara réimse is mó de ghníomhaíocht déantúsaíochta spáis san Eoraip i ndiaidh satailítí tráchtála, rud a chuireann borradh faoi thionscal na hEorpa. Cuirfidh an Coimisiún riachtanais seirbhíse lainseála chláir an Aontais le chéile agus feidhmeoidh sé mar chustaiméir cliste réiteach lainseála iontaofa agus costéifeachtach. Tá sé ríthábhachtach freisin go mbeidh saoráidí bonneagair lainseála nua-aimseartha éifeachtúla solúbtha ag an Eoraip i gcónaí.

    (10)  Shínigh na Ballstáit i mí an Mheithimh 2019 an Dearbhú maidir le Bonneagar cumarsáide candamaí na hEorpa (EuroQCI) inar chomhaontaigh siad go n-oibreodh siad i gcomhar leis an gCoimisiún agus le tacaíocht ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE) d’fhonn bonneagar cumarsáide candamaí a fhorbairt a chumhdódh an Aontais ina iomláine.

    (11)  COM(2021) 70 final.

    (12)  Ghlac an tAontas an tionscnamh GOVSATCOM ó Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí cumarsáide satailíte atá iontaofa, slán agus costéifeachtach ar fáil go fadtéarmach d’úsáideoirí GOVSATCOM. Beartaítear i Rialachán (AE) 2021/696 go n-úsáidfí an acmhainneacht atá ann cheana le linn na chéad chéime den tionscnamh GOVSATCOM go dtí 2025, nó mar sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún acmhainneachtaí GOVSATCOM a fháil ó Bhallstáit a bhfuil córais agus acmhainneachtaí spáis náisiúnta acu agus ó sholáthraithe cumarsáide nó seirbhísí satailíte tráchtála, agus leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais á gcur san áireamh.

    (13)  Go deimhin, is sócmhainn straitéiseach é GOVSATCOM a bhfuil dlúthbhaint aige leis an tslándáil náisiúnta agus atá in úsáid ag formhór na mBallstát. De ghnáth, bíonn úsáideoirí poiblí i bhfabhar réiteach atá faoi úinéireacht rialtais (i measc úinéirí SATCOM tá an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, Lucsamburg, an Spáinn) nó réitigh phríobháideacha phoiblí (amhail Satcom BW na Gearmáine nó GovSat Lucsamburg) nó úsáideann siad réitigh ó sholáthraithe príobháideacha creidiúnaithe sonracha. Chomh fada siar le 2013 (Conclúidí ón gComhairle Eorpach 19-20 Nollaig 2013) aithníodh GOVSATCOM mar réimse a bhfuil gealladh faoi ina bhféadfaí rannchuidiú go soiléir leis na cuspóirí maidir le hAontas Eorpach láidir, slán agus athléimneach a chothú. Sa lá atá inniu ann tá sé ina dhlúthchuid den Straitéis Spáis don Eoraip (COM(2016) 705 final), den Phlean Gníomhaíochta um Chosaint Eorpach (COM(2016) 950 final) agus de Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh.

    (14)  Tagraíonn aga folaigh íseal do mhoill íosta i bpróiseáil sonraí ríomhaireachta thar nasc líonra. Dá ísle atá an t-aga folaigh próiseála, is ea is gaire atá sé do rochtain fíor-ama. Is éard is nasc líonra aga folaigh ann nasc líonra a bhfuil moilleanna an-ghearr ag baint leis.

    (15)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Torthaí na meastóireachta eatramhaí ar an gclár ISA (réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha), 23 Meán Fómhair 2019, COM(2019) 615 final.


    Top