Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE3971

    Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an Ghnímh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch [COM(2022) 349 final]

    EESC 2022/03971

    IO C 486, 21.12.2022, p. 168–171 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    21.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 486/168


    Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an Ghnímh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch

    [COM(2022) 349 final]

    (2022/C 486/23)

    Rapóirtéir ginearálta:

    Maurizio MENSI

    Comhrapóirtéir ginearálta:

    : Jan PIE

    Comhairliúchán

    An Chomhairle, 22.7.2022

    Parlaimint na hEorpa, 12.9.2022

    Bunús dlí

    Airteagal 173(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    21.9.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    572

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    155/1/13

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Is díol sásaimh do CESE an togra le haghaidh rialachán maidir le bunú an Ghnímh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch (dá ngairtear “an Gníomh” anseo feasta) d’fhonn tionscail chosanta agus cumais chosanta na hEorpa a neartú go tapa agus tagairt á déanamh do na dúshláin atá ag eascairt i láthair na huaire as ionradh na Rúise ar an Úcráin.

    1.2.

    Tacaíonn CESE le cuspóirí an Ghnímh bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí (EDTIB) a fheabhsú ó thaobh na héifeachtúlachta agus mearfhreagairt ar éigeandálaí de, d’fhonn Aontas níos athléimní a bhaint amach agus comhar agus idirghníomhaíocht idir na Ballstáit a chothú i dtaca le soláthar trealaimh cosanta. Is tábhachtaí ná riamh an dá chuspóir sin anois agus cogadh ar bun arís san Eoraip agus cosaint leordhóthanach ag teastáil ón tsochaí i gcoitinne i bhfianaise an teannais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar an leibhéal straitéiseach.

    1.3.

    Measann CESE go mbeidh an Gníomh úsáideach i dtaca leis an éileamh ard atá ann faoi láthair ar threalamh den tseilf ar bhonn práinne a struchtúrú agus a eagrú ar bhealach níos fearr. Mar sin féin, ní féidir cuimhneamh air mar réamhtheachtaí Cláir Eorpaigh Infheistíochta um Chosaint a bheidh ann amach anseo, ós rud é gur ionstraim sách lag é ó thaobh an bheartais thionsclaíoch de.

    1.4.

    Aontaíonn CESE gur gá beart a dhéanamh chun dlús a chur, ar bhonn comhoibríoch, le teacht isteach an tionscail ar athruithe struchtúracha, lena n-áirítear borradh a chur faoina chumas monaraíochta, chun cabhrú le tionscal na hEorpa éileamh méadaithe na mBallstát a shásamh go tráthúil.

    1.5.

    Creideann CESE freisin go bhfuil gá le soláthar comhpháirteach ionas nach bhfágfaidh na hinfheistíochtaí náisiúnta méadaithe sa chosaint go gcuirfear le hilroinnt earnáil cosanta na hEorpa, go gcuirfear teorainn leis an gcomhobair a d’fhéadfaí a dhéanamh, go gcuirfear leis na spleáchais sheachtracha ná go gcuirfear bac ar an idir-inoibritheacht agus, dá bhrí sin, go n-áiritheofar gur féidir leis na Ballstáit uile a riachtanais chumais is práinní a shásamh go pras, ar riachtanais iad a léiríodh nó a géaraíodh mar gheall ar an bhfreagairt ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin.

    1.6.

    Ag an am céanna, creideann CESE gur minic gurb é atá i gceist le stoic a athshlánú ná stór a athsholáthar leis na táirgí ceannanna céanna a cuireadh chun na hÚcráine. D’fhéadfadh sé nach mbeadh tionchar struchtúraithe tábhachtach ag ceannacháin dá leithéid ar an tionscal, agus ní spreagtar nuálaíocht teicneolaíochta leo ach oiread. Dá bhrí sin, ní mór do CESE an cheist a chur ar cheart leanúint de loighic an Ghníomh ach i bhfoirm Cláir Eorpaigh Infheistíochta um Chosaint a bheidh ann amach anseo.

    1.7.

    Is díol sásaimh do CESE an cur chuige soláthar comhpháirteach a dhreasú le tacaíocht dhíreach airgeadais ó bhuiséad an Aontais, ach tá amhras air an leordhóthanach an t-imchlúdach airgeadais EUR 500 milliún chun tionchar a imirt ar chinntí soláthair na mBallstát.

    1.8.

    Tá amhras ar CESE faoina éifeachtaí a bheadh sé an tacaíocht airgeadais le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin a úsáid i gcomhair chur chun feidhme na hionstraime, agus freisin fóirdheontais a dheonú ar mhaoiniú gan nasc leis an gcostas iad. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar na comhreachtóirí soiléiriú a thabhairt ar an modh sin d’fhonn éifeachtúlacht chaiteachas an Aontais a áirithiú.

    1.9.

    Is díol sásaimh do CESE nach mbeadh tacaíocht airgeadais an Aontais ar fáil d’fhonn táirgí cosanta a sholáthar ach amháin i gcás táirgí arna ndéanamh san Aontas nó i dtíortha comhlachaithe, agus go mbeadh coinníollacha sonracha i bhfeidhm i gcás cuideachtaí de chuid an Aontais atá faoi rialú tríú tíortha. Is chun leasa cháiníocóirí na hEorpa agus i gcomhréir le cuspóir na huathrialach straitéisí atá teorainn dá leithéid sin agus tá sí riachtanach má táthar chun an cuspóir a bhaint amach maidir le cumais tionsclaíochta earnáil chosanta na hEorpa a neartú.

    1.10.

    Ag an am céanna, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí léamh solúbtha ar an gceanglas nach mbeadh an táirge cosanta faoi réir srian ó thríú tír neamhchomhlachaithe (nó ó eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe). Ós rud é gur soláthar den tseilf a chumhdaítear leis an nGníomh agus gurb é is aidhm leis aghaidh a thabhairt ar na riachtanais is práinní táirgí, creideann CESE nach bhfuil an ceanglas sin chomh hábhartha céanna i gcás an Ghnímh ná mar atá sé i gcás an Chiste Eorpaigh Cosanta (CEC), arb é is aidhm leis cumais chosanta nua a fhorbairt amach anseo. Ba cheart, dá bhrí sin, an Gníomh a chur chun feidhme go cúramach, agus cothromaíocht a bhaint amach idir an uathriail bhreise, práinn an tsoláthair, agus an gá le hidir-inoibritheacht leis an trealamh atá ann cheana.

    1.11

    Tá CESE i bhfách leis an gcur chun feidhme atá beartaithe maidir le bainistiú díreach, ach tá sé á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go bhfaigheadh seirbhísí inniúla an Choimisiúin in am na hacmhainní daonna is gá chun déileáil leis an ualach oibre a bheadh i gceist leis sin.

    1.12.

    Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit dlúthchomhar a dhéanamh leis an Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta ar bhunaigh an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí/Ceann na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint é chun cur chun feidhme rathúil an Ghnímh a chinntiú.

    2.   Cúlra

    2.1.

    Ag an gcruinniú a bhí acu in Versailles an 11 Márta 2022, gheall ceannairí stáit nó rialtais an Aontais go neartófaí cumais chosanta na hEorpa i bhfianaise ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin. Luaitear i ndearbhú Versailles gur cheart do na Ballstáit an caiteachas cosanta a mhéadú, dlús a chur leis an gcomhar trí thionscadail chomhpháirteacha, bearnaí a dhúnadh agus cuspóirí cumais a chomhlíonadh, borradh a chur faoin nuálaíocht (cuir i gcás, trí shineirgí sibhialta míleata), agus tionscal cosanta an Aontais a neartú. De bhreis air sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, “anailís ar na bearnaí infheistíochta i réimse na cosanta a chur ar aghaidh faoi lár mhí na Bealtaine agus aon tionscnamh eile is gá a mholadh chun bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí a neartú.”

    2.2.

    I bhfianaise an iarrata sin, thíolaic an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí Teachtaireacht Chomhpháirteach an 18 Bealtaine 2022 maidir leis an Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh. Tugtar faoi deara sa Teachtaireacht Chomhpháirteach gur ann do bhearnaí tionsclaíochta agus cumais san Aontas agus stoc íseal trealaimh cosanta i láthair na huaire de dheasca tearcinfheistíocht thromchúiseach na mblianta. Mar thoradh ar threalamh cosanta a chur chun na hÚcráine, agus stoc trealaimh a oireann d’aimsir na síochána, tá bearnaí práinneacha criticiúla tagtha chun cinn ó thaobh trealamh míleata de.

    2.3.

    Meabhraítear sa Teachtaireacht Chomhpháirteach gur gá do na Ballstáit ullmhacht chun comhraic cosanta a athbhunú ar bhonn práinne i bhfianaise an chomhthéacs slándála agus gach ar cuireadh chun na hÚcráine cheana féin. Dá ndéanfaí na stoic trealaimh a athshlánú, bheifí in ann a thuilleadh cúnaimh a chur ar fáil don Úcráin freisin. Ag an am céanna, iarrtar sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ar na Ballstáit an trealamh agus an t-ábhar cosanta is gá a cheannach ar bhealach comhoibríoch. Dá soláthrófaí ar bhonn comhpháirteach táirgí a bhfuil géarghá leo, gheofaí luach níos fearr ar airgead, chuirfí leis an idir-inoibritheacht agus sheachnófá an cás nach mbeadh na Ballstáit is mó a dteastaíonn cosaint uathu in ann teacht ar a bhfuil uathu de dheasca éilimh chontrártha a bheith ar an tionscal cosanta nach mbeadh in ann freastal ar bhorradh dá leithéid faoin éileamh sa ghearrthéarma.

    2.4.

    Sa chomhthéacs sin, moltar sa Teachtaireacht Chomhpháirteach soláthar comhoibríoch a dhreasú le buiséad an Aontais trí bhíthin ionstraim ghearrthéarmach thiomnaithe. Leis an tacaíocht airgeadais ón Aontas a chuirfí ar fáil tríd an ionstraim sin, ba cheart go spreagfaí soláthar comhoibríoch cosanta i measc na mBallstát agus go ndéanfaí leas do EDTIB agus, ag an am céanna, cumas fhórsaí armtha Bhallstáit an Aontais gníomhú, slándáil an tsoláthair agus idir-inoibritheacht mhéadaithe a áirithiú.

    2.5.

    I bhfianaise phráinn an scéil, thíolaic an Coimisiún, an 19 Iúil 2022, togra le haghaidh ionstraim dá leithéid sin i bhfoirm rialachán maidir le bunú an Ghnímh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch (“an Gníomh”). Tá an Coimisiún ag brath air go nglacfar an rialachán gan mhoill agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm faoi dheireadh 2022.

    2.6.

    A luaithe a chruthófar an ionstraim, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún rialachán a mholadh le haghaidh Clár Eorpach Infheistíochta um Chosaint (EDIP). De réir an Choimisiúin, d’fhéadfadh Rialachán EDIP a bheith ina bhunchloch le haghaidh tionscadail chomhpháirteacha forbartha agus soláthair a bheidh ann amach anseo a mbeadh leas coiteann ag baint leo ó thaobh shlándáil na mBallstát agus an Aontais de agus, trí loighic na hionstraime gearrthéarmaí a leanúint, le haghaidh idirghabháil airgeadais ghaolmhar de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann chun bonn tionsclaíochta earnáil chosanta na hEorpa a atreisiú, go háirithe i gcás tionscadail nach mbeadh aon Bhallstát aonair in ann a fhorbairt ná a sholáthar ina aonar.

    3.   Barúlacha ginearálta

    3.1.

    Tá athrú as cuimse tagtha ar chomhthéacs geopholaitiúil an Aontais i bhfianaise ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin. Anois, agus coinbhleacht chríochach agus dianchogadh ar bun arís ar chríoch na hEorpa, ní mór do na Ballstáit athmhachnamh a dhéanamh ar a gcuid pleananna agus cumas cosanta. Leis sin, ní mór coigeartú a dhéanamh ar an mbonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch arb é an bonn taca é, ar cheart a chur ar a chumas tacú le fórsaí armtha na mBallstát agus iad a neartú, rudaí arb iad uirlisí bunúsacha an daonlathais aibí iad, lena gcosnaítear saoirse shaoránaigh na hEorpa.

    3.2.

    Is díol sásaimh do CESE na méaduithe a fógraíodh ar chaiteachas cosanta na mBallstát chun bearnaí práinneacha míleata a dhúnadh go pras. Mar sin féin, gan chomhordú agus chomhar, tá baol ann go bhfágfadh na méaduithe siúd go gcuirfí le hilroinnt earnáil cosanta na hEorpa, go gcuirfí teorainn leis an gcomhobair a d’fhéadfaí a dhéanamh ar feadh shaolré an trealaimh arna cheannach agus go gcuirfí bac ar an idir-inoibritheacht. De bhreis air sin, is minic a bhíonn tionchar níos fadtéarmaí ag roghanna a dhéantar i gcás ceannacháin ghearrthéarmacha ar neart margaidh EDTIB agus ar na deiseanna a bheidh ann sna blianta fada ina ndiaidh.

    3.3.

    Dá bhrí sin, tacaíonn CESE leis an tionscnamh soláthar comhpháirteach a dhreasú i gcás na dtáirgí cosanta is mó a bhfuil géarghá leo. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an soláthar comhpháirteach i bhfianaise cúrsaí mar atá faoi láthair, mar ar tháinig méadú tobann ar an éileamh ar tháirgí comhchosúla agus mar a bhfuil soláthar tionsclaíoch a oireann do ré na síochána agus atá, dá bharr sin, ag streachailt chun freastal a dhéanamh ar an éileamh sin. Dá bhrí sin, tá gá le comhar i gcás sholáthar na cosanta chun dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a áirithiú, chun idir-inoibritheacht a fheabhsú, chun nach bhfágfar aon dream ar lár agus chun éifeachtacht an chaiteachais phoiblí a fheabhsú.

    3.4.

    Tá sé chomh tábhachtach céanna cabhrú leis an tionscal dul in oiriúint d’athruithe struchtúracha na timpeallachta slándála nua. Ós rud é gur iarracht fhadtéarmach é cumais mhíleata na hEorpa a neartú, agus go bhféadfadh sé go mbeadh gá le tacaíocht leanúnach don Úcráin ar feadh tréimhse níos faide fós, beidh ar EDTIB borradh a chur faoina chumais mhonaraíochta. Tá sé sin riachtanach má táthar chun dul i ngleic leis an ardleibhéal éilimh atá ann faoi láthair, agus ar chúiseanna eile de bhreis air sin.

    3.5.

    I ndáil leis sin, creideann CESE go bhfuil an Gníomh atá beartaithe rótheoranta ó thaobh cur chuige, raon feidhme agus imchlúdach airgeadais de, má tá dea-thionchar le himirt aige ar chumais tionsclaíochta na hEorpa. Mar chuid d’athshlánú stoc, cuirtear teorainn leis an rogha táirgí agus soláthróirí agus is infheistíocht measartha beag é EUR 500 milliún idir 27 mBallstát thar thréimhse dhá bhliain.

    3.6.

    I mbeagán focal, creideann CESE gur féidir an rialachán atá beartaithe a bheith ina chuidiú le struchtúr agus eagar níos fearr a chur ar an ardleibhéal éilimh atá ann faoi láthair ar threalamh den tseilf gan mhoill, ach gur ionstraim sách lag atá ann ó thaobh beartas tionsclaíoch de. Dá bhrí sin, tá CESE den bharúil nár cheart cuimhneamh ar an nGníomh mar réamhtheachtaí Cláir Eorpaigh Infheistíochta um Chosaint a bheidh ann amach anseo, arb ionstraim thacaíochta é chun córais arna bhforbairt go comhpháirteach a sholáthar go comhpháirteach agus le haghaidh sholáthar comhpháirteach na gcóras féin le linn a saolré ina hiomláine.

    4.   Barúlacha sonracha

    4.1.

    De réir an togra, chuirfí san áireamh sa Ghníomh obair an Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta ar bhunaigh an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí/Ceann na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint é. Tá an Tascfhórsa ceaptha comhordú a éascú i dtaca le riachtanais soláthair fhíor-ghearrthéarmacha na mBallstát agus plé a dhéanamh leis na Ballstáit agus le monaróirí cosanta an Aontais chun tacú leis an soláthar comhpháirteach d’fhonn na stoic a athshlánú. Dá bhrí sin, tá obair an Tascfhórsa sin ríthábhachtach má tá rath le bheith ar an nGníomh, agus tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit lántairbhe a bhaint as.

    4.2.

    Tá amhras ar CESE nach bhfuil an t-imchlúdach buiséid atá beartaithe mór go leor chun tionchar suntasach a imirt ar chinntí soláthair na mBallstát. Ag an am céanna, tuigeann CESE go maith an brú airgeadais atá ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair, agus an gá atá le cistiúchán breise le haghaidh EDIP amach anseo. Sa chomhthéacs sin, tá sé thar a bheith tábhachtach cistiúchán teoranta an Ghnímh a dhíriú ar na soláthair chomhpháirteacha is ábhartha.

    4.3.

    I dtaca le srianta buiséid agus roghnú tionscadal, tá amhras ar CESE an féidir coincheap an mhaoinithe gan nasc leis an gcostas a chur i bhfeidhm go praiticiúil maidir leis na ceannacháin a ndírítear orthu leis an nGníomh. Tá amhras ar CESE freisin faoina éifeachtaí atá sé an buiséad a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin i gcomhair chur chun feidhme na hionstraime.

    4.4.

    Tá CESE i bhfách leis an gcur chun feidhme atá beartaithe maidir le bainistiú díreach, ach tá sé á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go bhfaigheadh seirbhísí inniúla an Choimisiúin in am na hacmhainní daonna is gá chun déileáil leis an ualach oibre a bheadh i gceist leis sin.

    4.5.

    Aontaíonn CESE le critéir incháilitheachta an rialacháin atá beartaithe, go háirithe go bhféadfaí síneadh a chur le conarthaí soláthair atá ann cheana.

    4.6.

    Tá CESE i bhfách freisin leis an gcoinníoll breise nach mbeadh cistiú ón Aontas ar fáil d’fhonn táirgí cosanta a sholáthar ach amháin i gcás táirgí arna ndéanamh san Aontas nó i dtíortha comhlachaithe, lena n-áirítear táirgí arna ndéanamh ag cuideachtaí atá faoi rialú tríú tír (nó faoi rialú eintitis de chuid tríú tír) ar féidir leo ráthaíochtaí slándála a sholáthar ón mBallstát ina bhfuil siad lonnaithe. Leis an gcoinníoll sin, cruthaítear macasamhla fhorálacha ábhartha CEC agus áirithítear go gcomhlíonfaí an cuspóir EDTIB a neartú.

    4.7.

    Ag an am céanna, tá amhras ar CESE faoin tábhacht a bhaineann leis an gceanglas nach mbeadh an táirge cosanta faoi réir srian ó thríú tír neamhchomhlachaithe (nó ó eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe). Ós rud é go gcumhdaítear soláthar den tseilf leis an ionstraim atá beartaithe agus gurb é is aidhm léi aghaidh a thabhairt ar na riachtanais táirgí is práinní, shamhlófaí gur lú a bhaineann an ceanglas sin le hábhar an Ghnímh ná ábhar CEC, arb é is aidhm leis cumais chosanta nua a fhorbairt amach anseo agus ar cuspóir dearbhaithe ina leith an cheannasacht theicneolaíoch. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí léamh solúbtha ar an bhforáil sin, agus é a fhágáil faoi na Ballstáit cothromaíocht a bhaint amach idir an tsaoirse oibríochtúil, a phráinní atá sé na táirgí a cheannach, agus an idir-inoibritheacht leis an trealamh atá ann cheana.

    4.8.

    Ar deireadh, tá amhras ar CESE faoina oiriúnaí atá critéir dhámhachtana áirithe atá beartaithe, mar atá na critéir sin a bhaineann le tionchar dearfach an tsoláthair ar EDTIB. I bhfianaise na béime ar na riachtanais is práinní agus ar threalamh den tseilf a sholáthar gan mhoill, is dócha nach ceann de na critéir mhóra an méid sin ó thaobh na mBallstát de, ach amháin más ar a gcríoch féin atá an conraitheoir lonnaithe. De bhreis air sin, is dócha go mbeadh sé deacair do na Ballstáit a cheannódh na táirgí an tionchar dearfach ar EDTIB a léiriú, go háirithe i gcás gurb í an phráinn an chloch is mó ar a bpaidrín.

    An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    Top