Choisissez les fonctionnalités expérimentales que vous souhaitez essayer

Ce document est extrait du site web EUR-Lex

Document 52022IE1524

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de (tuairim féintionscnaimh)

    EESC 2022/01524

    IO C 486, 21.12.2022, p. 46–52 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    21.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 486/46


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de

    (tuairim féintionscnaimh)

    (2022/C 486/07)

    Rapóirtéir:

    Katrīna LEITĀNE

    Cinneadh ón Tionól Iomlánach

    24.2.2022

    Bunús dlí

    Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta

     

    Tuairim féintionscnaimh

    Rannóg atá freagrach

    Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

    Dáta a glactha sa rannóg

    6.9.2022

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    21.9.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    572

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    158/0/5

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Is í an rannpháirtíocht pholaitiúil is bonn le gach daonlathas feidhmiúil. An buntáiste is mó a bhaineann leis an Aontas Eorpach d’aos óg na hEorpa is ea go n-urramaítear an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta ann (1). Is den ríthábhacht a áirithiú go gcuirfear tuairimí daoine óga san áireamh i gcinntí a bhaineann lena dtodhchaí ós rud é go bhféadfadh tionchar mór a bheith ag éifeacht indíreach, fiú, ar dhaoine óga agus ar na glúnta atá le teacht. Maidir le beartais nach bhfuil dírithe go díreach ar dhaoine óga nó nach meastar a bheith mar chuid den réimse traidisiúnta beartais a bhaineann leis an óige, d’fhéadfadh tionchar mór a bheith acu sin ar shaol daoine óga mar sin féin. Tá sé tábhachtach sásraí éifeachtúla a chur ar fáil a chomhlánódh na sásraí rannpháirtíochta atá ann faoi láthair, cinn a bheadh ag teacht le prionsabail an daonlathais agus a bheadh curtha in oiriúint do riachtanais an aosa óig. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh ceapadh beartas níos fearr agus níos éifeachtaí a bheith ann.

    1.2.

    Creideann CESE go bhfuil an t-oideachas ar cheann de na bealaí is éifeachtaí chun teagmháil a dhéanamh le daoine óga agus le hiad a chur ar an eolas faoi na modhanna éagsúla rannpháirtíochta ar fad atá ann agus faoi na luachanna dá seasann an tionscadal Eorpach. A bhuí leis na cláir atá ann faoi láthair chun tacú leis an oideachas foirmiúil agus leis an oideachas neamhfhoirmiúil, eadhon Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, tá tuairim níos dearfaí anois ag daoine óga ar an rannpháirtíocht daonlathach agus ar luachanna agus prionsabail an Aontais Eorpaigh.

    1.3.

    Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil géarghá leis go mbeadh daoine óga rannpháirteach i gceapadh beartas trí ról fóinteach a thabhairt dóibh, an ceann a bheadh ab oiriúnaí do dhaoine óga, agus trí fhaireachán, meastóireacht agus measúnú tionchair a dhéanamh chomh maith chun a áirithiú go gcuirfí tuairimí daoine óga san áireamh agus cinntí beartais á ndéanamh. A bhuí lena rannpháirtíocht feadh an phróisis ceaptha beartas, cothaítear muinín i measc glúnta óga agus i measc grúpaí eile nach iad, rud a fhágann go meastar iad a bheith ábhartha agus tábhachtach sa phróiseas sin. Ba cheart torthaí a rannpháirtíochta a chur in iúl go sofheicthe agus go trédhearcach sna próisis sin. Tá an ghné sin ríthábhachtach d’fhonn muinín a chothú i measc daoine óga as an bpróiseas ceaptha beartas (2). Ina theannta sin, baineann an-tábhacht leis an gcuimsiú sóisialta agus le teagmháil a dhéanamh le grúpaí a bhfuil riachtanais éagsúla acu.

    1.4.

    Aontaíonn CESE leis gur féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ról ríthábhachtach a bheith acu maidir le spéis daoine óga a mhúscailt i ndúshláin shochaíocha agus, ar an gcaoi sin, rannpháirtíocht daoine óga a spreagadh sa phróiseas ceaptha beartas agus sa phróiseas daonlathach. Féadfaidh eagraíochtaí den sórt sin a bheith mar naisc agus mar líonraí tacaíochta chun cabhrú le daoine óga dul i dteagmháil le comhlachtaí poiblí foirmiúla agus chun cabhrú leo a bheith ina saoránaigh ghníomhacha. Tacaíonn CESE leis na heagraíochtaí sin agus leis na saoránaigh óga a bhfuil beart á dhéanamh acu agus tá sé ag iarraidh go mbeadh bearta ann le hé a chur ar a gcumas é sin a dhéanamh.

    1.5.

    Tá CESE ag moladh d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit bearta agus sásraí a chur chun feidhme a d’áiritheodh go gcuirfí dearcadh an aosa óig san áireamh i ngach réimse beartais agus, spás á chruthú do dhaoine óga san am céanna le go bhféadfaidís ionchur comhsheasmhach agus saineolach a chur ar fáil maidir leis na dúshláin atá rompu. Ba cheart sásraí leantacha agus sásraí faireacháin atá trédhearcach agus sofheicthe a chur san áireamh, freisin, agus ba cheart na hionstraimí atá ann cheana le haghaidh rannpháirtíocht na hóige a chomhlánú leis na struchtúir sin, gan cistiú a laghdú. Ba cheart acmhainní oiriúnacha a chur ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht fhóinteach na n-óg sa phróiseas ceaptha beartas.

    1.6.

    D’fhéadfaí tacú le rialáil agus le beartais níos fearr ach daoine óga a bheith rannpháirteach sa phróiseas ceaptha beartas agus sa phróiseas cinnteoireachta, trí mhapáil a dhéanamh ar na treochtaí reatha agus na treochtaí atá ag teacht chun cinn a bhfuil tionchar acu ar shaol daoine óga agus ar shaol na nglúnta atá le teacht agus trí thuiscint a fháil ar na treochtaí sin a thuiscint. D’fhéadfadh sin cúram údar an togra a éascú, freisin, óir is féidir leis an údar ionchur cáilíochtúil a fháil chun na sonraí tánaisteacha a chomhlánú.

    1.7.

    Is mian le CESE a chur i bhfáth cé go bhfuil Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de bunaithe ar phríomhchuspóirí Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh (3) agus príomhchuspóirí Bhliain Eorpach na hÓige, go gcuirtear béim sa dá thionscadal sin ar a thábhachtaí atá sé daoine óga a phríomhshruthú i gceapadh beartas, rud a bhfuil cur chuige trasearnála ag teastáil ina leith. Tá sin ar cheann de na bearta arna leagan amach sa Tuarascáil ar Thoradh Deiridh (4) na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa chomh maith, ar léirigh gach duine a chaith vóta i seisiún iomlánach na Comhdhála agus na saoránaigh a dtacaíocht di. D’fhonn tionchar fadtéarmach agus oidhreacht a mhairfeadh tar éis Bhliain Eorpach na hÓige a bhaint amach, ní mór na daoine óga a chumhachtú le hathrú a tharraingt agus todhchaí níos fearr a thógáil.

    1.8.

    Aithníonn CESE an tagairt do Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le torthaí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (5). Mar sin féin, tá sé á chur i bhfáth aige nach bhfuil an togra ón gCoimisiún i gcomhréir le spriocanna agus modhanna an togra bunaidh, nach n-áirítear rannpháirtíocht fhóinteach eagraíochtaí óige ná saineolaithe i réimse na hóige ann, nach ndéantar daoine óga a phríomhshruthú i ngach beartas, agus nach gcuirtear tionchar fadtéarmach na mbeartas ar na glúnta atá le teacht san áireamh ann. Creideann CESE gur cheart Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a bheith mar chuid den Bhosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr mar uirlis ar leith, ós rud é gur cheart agus gur chóir aird ar leith a thabhairt ar na glúnta atá le teacht agus ar dhaoine óga.

    1.9.

    Tá CESE ag iarraidh go mbeadh tuilleadh comhair idir na hinstitiúidí chun na tionscnaimh rathúla atá ann faoi láthair, amhail Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, “Leatsa an Eoraip, Abair leat!”, agus Cruinniú Eorpach um an Óige, a thabhairt i gcomhréir le chéile agus tá sé ag iarraidh go mbeidh siad bainteach leis na tionscnaimh a bheidh ann amach anseo, eadhon Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de, i gcomhréir le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, tá liosta tograí maidir le rannpháirtíocht na n-óg in CESE á leagan síos ag CESE agus súil aige coincheap Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a thabhairt isteach ina chuid oibre.

    2.   Barúlacha ginearálta

    2.1.    Ról an aosa óig maidir leis an tionscadal Eorpach a thógáil

    2.1.1.

    Stiúrthóirí an tionscadail Eorpaigh is ea na daoine óga agus brúitear inbhuanaitheacht an tionscadail chun tosaigh a bhuí lena gcruthaitheacht, a bhfuinneamh agus a ndíograis. Ainmníodh an bhliain seo, 2022, mar Bhliain Eorpach na hÓige agus dúirt Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, “tá na daoine óga sin ar fad ag teastáil uainn san Eoraip” agus maidir leis an Aontas seo atá againn, “ba cheart anam agus fís a bheith ag gabháil leis, anam agus fís a mbeidh mealladh na hóige iontu” (6).

    2.1.2.

    Ní fhéadfaí tionscadal an Aontais a bhaint amach go cuí agus go héifeachtach sa timpeallacht dhaonlathach reatha dá ndéanfaí neamhshuim den dioscúrsa maidir le rannpháirtíocht pholaitiúil na n-óg (7) sna traidisiúin dhaonlathacha agus sna comhthéacsanna geopholaitiúla. Seo mar a labhair Margaritis Schinas, an Leas-Uachtarán um Ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn: “Le Bliain Eorpach na hÓige ba cheart athrú ó bhonn a bheith ann ar conas a chuirimid daoine óga san áireamh sa phróiseas ceaptha beartas agus cinnteoireachta”. Is ar mhaithe lena chur ar chumas (8) daoine óga a bheith rannpháirteach ar bhonn fóinteach a dhéanfar an méid sin, go príomha.

    2.1.3.

    De réir phobalbhreitheanna Eorabharaiméadair (9), ní chuireann leath de mhuintir na hEorpa fiú (47 %) muinín san Aontas agus níl dearcadh maith ina leith ach ag 44 % de na hEorpaigh. Tá todhchaí an tionscadail Eorpaigh ag brath go mór ar a mhéid a thagann daoine óga le luachanna na hEorpa agus ar a thoilteanaí atá siad a bhféiniúlacht Eorpach a aithint. Tá rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga sna próisis pholaitiúla agus chinnteoireachta ríthábhachtach óir braitheann a saol amach anseo ar na cinntí a dhéanfar ar na saolta seo. Ar an gcúis sin, ba cheart ionstraimí rannpháirtíochta a thabhairt isteach ar mhaithe lena áirithiú go gcuirfear tuairimí daoine óga san áireamh. Caithfear rannpháirtíocht sa saol sibhialta agus sa saol daonlathach a neartú ar gach leibhéal d’fhonn rathúnas na hEorpa amach anseo a áirithiú, agus é á chur san áireamh go bhfuil tionchar ag an aibíocht dhaonlathach (10) ar phatrúin na rannpháirtíochta polaitiúla i measc daoine óga san Aontas.

    2.1.4.

    Dreasacht chun an t-idirphlé rannpháirteach a chur chun cinn i measc saoránaigh ar fud an Aontais a bhí i dtionscnamh an Aontais Eorpaigh chun Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a thionól. Meastar gurb é an bealach chun tosaigh éifeachtacht na sásraí atá ann cheana i dtaobh rannpháirtíocht na n-óg a fheabhsú agus sásraí nua a bhunú. Mar a moladh sna torthaí deiridh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, d’fhéadfaí “Measúnú tionchair ó thaobh na hóige de” (11) ar an reachtaíocht a bheith i gceist leis sin, le measúnú tionchair agus sásra comhairliúcháin a mbeidh ionadaithe ón aos óg rannpháirteach ann (12).

    2.1.5.

    Modh fadbhreathnaitheachta straitéisí i dtaobh an phróisis ceaptha beartas é an Measúnú tionchair ó thaobh na hóige de. Is coincheap luachmhar í an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach agus tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún Eorpach í a úsáid sa phróiseas ceaptha beartas. Agus é bunaithe ar phrionsabail amhail scanadh ionchais, anailís meigithreochtaí, pleanáil agus samhlú cásanna, níl dabht ar bith ann ach gur cuireadh dearcadh an aosa óig agus dearcadh na nglúnta atá le teacht san áireamh sa chreat sin. Cé go nglactar leis sa phróiseas fadbhreathnaitheachta nach bhfuil an todhchaí réamhshocraithe, bailítear eolas lena linn maidir leis na cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann agus é d’aidhm aige sin déanamh réidh do dhúshláin atá ag teacht chun cinn. D’fhéadfaí teacht ar uirlisí luachmhara tríd an idirphlé idirghlúine a d’áiritheodh go gcuirfí na treochtaí agus na cásanna a bheadh ann amach anseo san áireamh sna beartais. Dá ndéanfaí anailís ina gcuirfí dearcadh an aosa óig agus dearcadh na nglúnta amach anseo san áireamh, d’fhéadfaí rannchuidiú le beartais níos fearr agus níos saincheaptha a chur ar fáil, cinn lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na nglúnta amach anseo, agus ba cheart sin a dhéanamh.

    2.1.6.

    D’fhonn beartais níos fearr a chruthú a bheidh oiriúnach do dhúshláin na todhchaí, ní mór cearta daoine óga agus cearta na nglúnta atá le teacht a aithint agus a choimirciú iontu, agus a áirithiú nach mbeidh aon tionchar diúltach acu ar aon aoisghrúpa ná ar aon ghrúpa sóisialta ar leith. Faoi láthair, is minic neamhaird a dhéanamh de na grúpaí sin nó is minic iad a mheas mar chuid de ghrúpaí eile nach mbaineann leo i ndáiríre. Mar thoradh air sin, ní thugtar aghaidh sna beartais i gceart ar dhúsláin agus fágtar go dtagann tuilleadh meatha ar an muinín as institiúidí foirmiúla agus go mbíonn rannpháirtíocht níos lú iontu.

    2.2.    An gá le rannpháirtíocht fhóinteach na n-óg

    2.2.1.

    Is éard is “rannpháirtíocht fhóinteach” ann comhroinnt na cumhachta agus an cumas cinnteoireachta, le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí eile, faoi choinníollacha trédhearcacha a bhfuil gach gníomhaí lena mbaineann ar an eolas fúthu. Le próisis chuntasachta dea-dheartha, cothaítear muinín gach geallsealbhóra i bpróisis rannpháirtíochta polaitiúla. Chomh maith leis sin, ba cheart freagrachtaí follasacha na ngníomhaithe éagsúla a chur in iúl do na geallsealbhóirí uile.

    2.2.2.

    Tá muinín daoine óga as institiúidí poiblí i sáinn ó bhí an ghéarchéim dhomhanda airgeadais ann amach in 2008 (13) agus níl athrú tagtha ar an dearcadh atá acu maidir lena dtionchar polaitiúil ná maidir leis an ionadaíocht a dhéantar orthu sna próisis chinnteoireachta. Bíonn daoine óga rannpháirteach sa saol daonlathach ar an iomaí bealach éagsúil. Meastar, mar sin féin, gurb é an bealach is éifeachtaí lena chinntiú go dtabharfaidh cinnteoirí cluas dá gcuid tuairimí ná vóta a chaitheamh i dtoghcháin áitiúla, náisiúnta nó Eorpacha (39 %) (14), ach tá sciar na ndaoine óga a bhfuil muinín acu as an gcineál sin rannpháirtíochta daonlathaí fós an-íseal. Ag an am céanna, maidir leo siúd ar dócha go bhfanfaidís glan amach ó chúrsaí polaitíochta, bíonn an scéal amhlaidh dóibhsean mar gheall ar an easpa rannpháirtíocht fhóinteach agus muiníne agus toisc go mothaíonn siad fiú a bheith rannpháirteach óir nach gcuirtear a rannchuidiú san áireamh. Ceann de na bacainní is mó atá ar dhaoine óga ná an tuairim láidir nach n-éisteann na cinnteoirí le daoine dá leithéidsean (15). Dá bhrí sin, is den ríthábhacht muinín a chur chun cinn agus an t-idirphlé idir daoine óga agus institiúidí poiblí a neartú d’fhonn ullmhacht agus athléimneacht na sochaithe chun déileáil le suaití amach anseo a áirithiú (16).

    2.2.3.

    Mothaíonn tromlach na ndaoine óga (70 %) (17) nach mbíonn mórán tionchair acu, sin nó nach mbíonn tionchar ar bith acu, ar chinntí, dlíthe agus beartais thábhachtacha a dhéanann difear don Aontas ina iomláine. Mothaíonn 24,8 % (18) de dhaoine óga nach mbíonn tionchar ar bith acu ar na hábhair a phléitear i ndíospóireachtaí poiblí nó polaitiúla agus deir 40,8 % eile gur beag tionchar a bhíonn acu orthu. Anuas air sin, measann dhá thrian de na freagróirí go gcabhrófaí le daoine óga tionchar níos mó a bheith acu ar an mbeartas poiblí dá mbeadh cur amach níos mó ag na polaiteoirí ar na hábhair atá ag déanamh buartha dóibh, agus measann níos mó na 50 % díobh go gcabhrófaí leis an gcúis sin, freisin, ach ról níos láidre a bheith ag eagraíochtaí óige i gcúrsaí polaitíochta.

    2.2.4.

    D’athraigh daoine óga a modhanna rannpháirtíochta. Ar na saolta seo, is fearr leo cineálacha rannpháirtíochta polaitiúla nach mbaineann le hinstitiúidí ná, go háirithe, le toghcháin (19). Tá sé ag teacht chun léire níos minice sa taighde gurb amhlaidh an cás sin de dheasca an laghdaithe atá ag teacht ar na leibhéil muiníne as comhlachtaí poiblí, agus mar gheall ar an míshástacht a bhaineann leis an gcaoi a n-oibríonn an daonlathas ionadaíoch. Ar na saolta seo, tá rannpháirtíocht pholaitiúil neamhghnách daoine óga níos luainí, níos indibhidiúla agus níos pearsantaithe agus bíonn claonadh ann a bheith rannpháirteach i gcás saincheisteanna agus ábhair aonair, chomh maith le claonadh i dtreo gníomhaíochas agus agóid dhíreach i gcás ábhair a bhaineann le roghanna saoil an duine aonair (20). Ar an iomlán, cuireann daoine óga an-suim ar fad i gcúrsaí polaitíochta. Agus an cheist maidir le rannpháirtíocht na n-óg á meas acu, díríonn na saineolaithe ar an rannpháirtíocht pholaitiúil ar na réimsí agus na bealaí arna roghnú ag daoine óga lena gcuid tuairimí polaitiúla a chur in iúl agus ní ar an dúil atá acu a bheith rannpháirteach (21). Is iomaí bealach éagsúil atá ag daoine óga anois le tionchar a bheith acu ar chúrsaí beartais agus polaitíochta, agus ina fhianaise sin, is léir gur gá a chur san áireamh cineál neamhghnách na rannpháirtíochta polaitiúla, na cinnteoireachta rannpháirtí, agus na sásraí feabhsaithe cumarsáide agus trédhearcachta faoi chreat institiúideach daonlathach. Ba cheart ceapadh beartas i gcomhlachtaí poiblí a athrú agus a dhearadh dá réir d’fhonn a áirithiú go ndéanfar obair for-rochtana le gach grúpa daoine óga agus go mbeidh siad go léir rannpháirteach agus cinntí beartais á ndéanamh. Go deimhin, ba cheart sásraí rannpháirtíochta a bheith cuimsitheach agus ba cheart iad a chur in iúl ar bhealach a d’fheicfeadh pobal ilghnéitheach iad, agus ar bhealach a d’fheicfeadh iad siúd ar deacair teagmháil a dhéanamh leo iad.

    2.2.5.

    Tá saineolas agus cur amach gnóthaithe ag eagraíochtaí atá faoi stiúir na hóige ar réimse leathan ábhar a bhaineann leis na saincheisteanna a mbíonn daoine óga thíos leo. Is éard a bheidh de thoradh ar pháirt a thabhairt dóibh sa phróiseas ceaptha beartas rialacha agus rialacháin níos comhleanúnaí agus níos oiriúnaithe. Cabhraítear leis an méid sin, freisin, le líon na ndaoine óga atá ag dul isteach sna heagraíochtaí sin, líon atá de shíor ag dul i méid (22).

    2.2.6.

    Tá sé ríthábhachtach go mbeadh daoine óga rannpháirteach ar bhonn fóinteach. Is gá rannpháirtíocht na n-óg a fheabhsú agus dul i ngleic, go háirithe, leis an easpa ionadaíocht dhaonlathach a dhéantar thar ceann na n-óg agus leis an easpa ionchuir ón aos óg i réimsí taobh amuigh den réimse traidisiúnta beartais a bhaineann leis an óige. Ba mhian le daoine óga páirt a bheith acu i múnlú beartas a bhfuil tionchar acu ar a saol. Is tríd an gceartas idirghlúine (23) a leigheasfar an neamhionannas a bhíonn idir na glúnta i sochaithe atá ag dul in aois.

    2.2.7.

    Sna huirlisí atá ann cheana chun anailís a dhéanamh ar an tionchar ar dhaoine óga, amhail Uirlis #31 sa Bhosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr, ní fhoráiltear do phríomhshruthú daoine óga, do chuimsiú eagraíochtaí óige ná do chuimsiú daoine óga a bhfuil saineolas ábhartha acu agus atá in ann athbhreithniú córasach a dhéanamh ar na saincheisteanna ó thaobh na hóige de. Anuas ar an méid sin uile, bunaithe ar na foilseacháin atá ar fáil, cuirtear uirlisí den sórt sin chun feidhme ar bhonn níos annaimhe ná mar a bheadh ag teastáil i bhfianaise ábharthacht agus shuntasacht na dtograí.

    3.   Barúlacha sonracha

    3.1.    Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de

    3.1.1.

    Tá an togra bunaithe ar thrí cholún: comhairliúchán, measúnú tionchair agus bearta maolaithe (24). Tugtar creat ann chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht cúrsaí beartais a fheabhsú, bunaithe ar rannpháirtíocht neartaithe na n-óg agus ar phríomhshruthú daoine óga i gceapadh beartas agus, san am céanna, cuirtear grúpaí leochaileacha ón aos óg san áireamh, eadhon daoine óga faoi mhíchumas, NEETanna (daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna) (25), daoine óga a bhfuil cónaí orthu i gceantair iargúlta, etc. Leis na codanna éagsúla de Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de, cuirtear struchtúr comhleanúnach ar fáil chun beartais ardcháilíochta atá níos fearr a chruthú lena dtabharfaí aghaidh ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith le sárú ag na glúnta atá le teacht.

    3.1.2.

    Is é céad chéim Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a dhéanamh amach a ábhartha atá aon dréacht-tograí beartais atá ar na bacáin do dhaoine óga agus do na glúnta atá le teacht agus an tionchar a bheidh acu sin orthu. Cabhróidh sin lena chinneadh cibé ar cheart nó nár cheart Measúnú tionchair iomlán ó thaobh na hóige de a dhéanamh ar an mbeartas sin. Trí bhíthin uirlis seicliosta, déanann na measúnóirí cinneadh maidir le hábharthacht an dréacht-togra, i ndáiríre, do dhaoine óga agus maidir leis an tionchar, díreach agus indíreach, a bheidh aige ar dhaoine óga agus ar na glúnta atá le teacht.. Sa chás ina gcinnfear go bhfuil sé ábhartha dóibh, leanfar ar aghaidh leis an Measúnú tionchar ó thaobh na hóige de agus rachfar i mbun chéimeanna an chomhairliúcháin iomláin, an mheasúnaithe tionchair agus na mbeart maolaithe. Bhunófaí táscairí an tseicliosta ar riachtanais agus smaointe daoine óga chun a áirithiú go ndéanfar na tograí ábhartha a mheas ón dearcadh sin.

    3.1.3.

    Ag an gcéad chéim eile, breathnaítear ar na measúnóirí faoi seach le comhairliúchán fóinteach a dhéanamh le geallsealbhóirí a bhaineann leis an óige d’fhonn a áirithiú go gcuirfear saineolas córasach ar fáil i dtaobh anailís chríochnúil. Bunaithe ar an méid sin, féachfaidh na measúnóirí lena shainaithint cé na hábhair imní atá ag daoine óga maidir leis na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an dréachtbheartas atá á thástáil. Ní mór an chuid rannpháirtíochta sin a bheith trédhearcach agus ní mór an tsolúbthacht a bheith inti do réimse leathan ionadaithe óige, d’eagraíochtaí faoi stiúir na hóige agus do dhaoine óga a bhfuil saineolas ábhartha acu ionchur a thabhairt. Ar an gcaoi sin, féadfar cur chuige córasach a áirithiú i dtaobh na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu sna dréacht-tograí beartais. Trí eagraíochtaí óige, ionadaithe óige agus daoine óga a bhfuil saineolas ábhartha acu a chur san áireamh, féadfar cúlra atá thar a bheith éagsúil agus uathúil a chruthú don mheasúnú tionchair. Trí rannpháirtíocht fhóinteach, féadfaidh na measúnóirí forléargas cuimsitheach a fháil bunaithe ar an eolas agus an saineolas uileghabhálach atá gnóthaithe ag na daoine óga sin. Tríd an ionchur sin á úsáid, féadfaidh an measúnú tionchair a bheith mionsonraithe a dhóthain leis na dúshláin a shainaithint agus leis na gnéithe a bhféadfadh beartais cur isteach orthu a shainaithint.

    3.1.4.

    Bunaithe ar na sonraí infhaighte atá le bailiú i rith an phróisis agus bunaithe ar thorthaí na gcomhairliúchán, beidh na measúnóirí in ann an measúnú tionchair a dhréachtú de réir na n-ábhar arna lua sa seicliosta agus anailís fhadbhreathnaitheach a chur ar fáil do na glúnta a bheidh ann amach anseo.

    3.1.5.

    Sa chás ina dtabharfar tionchar diúltach faoi deara, ba cheart don mheasúnóir bearta maolaithe a mholadh ar cheart iad a bheith dírithe, go príomha, ar ghrúpaí leochaileacha e agus ar dhaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste. Ba smaoineamh maith do na measúnóirí ceisteanna a chur le linn an chomhairliúcháin maidir leis na bearta maolaithe a d’fhéadfaí a ghlacadh agus a d’fhéadfaí a chur san áireamh san anailís. Sna blianta amach romhainn, is inmholta meastóireacht a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar thionchar na mbeartas agus ar conas a tugadh aghaidh ar na tionchair dhiúltacha trí na bearta maolaithe.

    3.1.6.

    Níor cheart Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de teacht in áit daoine óga a bheith rannpháirteach ar bhonn fóinteach i gcoitinne, ach ba cheart úsáid a bhaint as chun na sásraí rannpháirtíochta atá ann cheana a chomhlánú.

    3.1.7.

    Toradh sraith seisiún plé leis na líonraí óige is mó san Eoraip atá sa togra agus rinneadh tagairt shonrach dó freisin i roinnt moltaí ó Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh ó cuireadh ar bun é (agus an tIdirphlé Struchtúrtha a bhí ann roimhe). Chuir daoine óga in iúl gur mhian leo go mór nós imeachta trédhearcach ceaptha beartas a bheith ann faoina mbeadh daoine óga in ann rannchuidiú le dréachtú na dtorthaí agus le faireachán a dhéanamh orthu.

    3.1.8.

    Bhí tástáil FBManna ina spreagadh don togra chomh maith. Sampla d’uirlis oiriúnach measúnaithe tionchair ar leibhéal an Aontais í an tástáil FBManna atá bunaithe ar thrí cholún: comhairliúchán, measúnú tionchair agus bearta maolaithe (26). Anuas air sin, ach oiread le tástáil FBManna, tá sé beartaithe go mbeadh Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de mar chuid den Bhosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr mar uirlis ar leith chun béim a chur ar ról daoine óga i dtodhchaí na hEorpa, i gcomhréir leis an teachtaireacht ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

    3.1.9.

    Tá an togra bunaithe ar shamplaí d’uirlisí measúnaithe tionchair ó thaobh na hóige de atá i roinnt Ballstát cheana féin, amhail san Ostair, sa Ghearmáin, sa Fhrainc, i bhFlóndras na Beilge agus lasmuigh den Aontas chomh maith, mar shampla sa Nua-Shéalainn agus i gCeanada.

    3.1.10.

    Réiteach is ea an measúnú tionchair atá beartaithe chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh riachtanais agus ionchais daoine óga i dtionchar na mbeartas agus tugtar scóip leis a théann níos faide ná an réimse traidisiúnta beartais a bhaineann leis an óige. Ní dhéantar anailís ó thaobh na hóige de ach ar chuid bheag de na tograí ón gCoimisiún Eorpach. Bíonn tionchar, díreach agus indíreach, ag cuid shuntasach de na tograí sin, áfach, ar cháilíocht saoil daoine óga.

    3.1.11.

    Moltar Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a chur san áireamh sna measúnuithe tionchair a dhéantar ar “Rialáil Níos Fearr” atá ar fáil go poiblí agus é a fhoilsiú ar Thairseach Eorpach na hÓige. Mar sin féin, ba cheart an bealach lena mbaineann an tionchar is mó a fhiosrú tuilleadh. San am céanna, moltar d’Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide é a chur chun cinn go gníomhach ar mhaithe lena infheictheacht a áirithiú agus ba cheart don Ardrúnaíocht tacú lena ghlacadh in Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla. Chomh maith leis sin, maidir leis na hinstitiúidí sin a chinnfidh Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a chur chun feidhme, d’fhéadfaidís é a fhoilsiú. D’fhéadfadh CESE déanamh amhlaidh agus é a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin. Tríd an measúnú agus an leagan deiridh den togra a fhoilsiú, beidh na geallsealbhóirí óige a bhí rannpháirteach sa chomhairliúchán in ann a fheiceáil conas mar a cuireadh an rannchuidiú uathu san áireamh.

    3.1.12.

    Tá Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de beartaithe a bheith ina struchtúr is féidir a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh.

    3.1.13.

    Is féidir go bhfeabhsófar beartais a bhuí sin le Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de. Mar sin féin, ba cheart é a bhunú, freisin, ar shásraí rannpháirtíochta fóintí ós rud é go bhféadfaí éifeachtúlacht a áirithiú agus feabhsuithe a spreagadh trí leas a bhaint as eolas an phobail.

    3.2.    Rannpháirtíocht na n-óg laistigh de CESE

    3.2.1.

    Aithníonn CESE a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na n-óg maidir le todhchaí na hEorpa a mhúnlú (27). Dá bhrí sin, tá roinnt tionscnaimh rathúla ar bun aige, amhail “Leatsa an Eoraip, Abair Leat!”, Cruinnithe Comhchéime leis an Óige maidir leis an Aeráid agus an Inbhuanaitheacht, agus Cruinniú Mullaigh AE an Aosa Óig faoin Aeráid arna eagrú go comhpháirteach ag CESE agus ag Parlaimint na hEorpa. Mar obair leantach ar Thuairim NAT/788 (28) ó CESE, bhí toscaire de chuid an aosa óig ag CESE den chéad uair riamh in 2021 mar chuid dá thoscaireacht oifigiúil chuig cruinniú COP 26 UNFCCC (Comhdháil na bPáirtithe 26 ag Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide). Ina theannta sin, i gcomhthéacs Bhliain Eorpach na hÓige, bronnfar Duais na Sochaí Sibhialta CESE ar thionscnaimh éifeachtacha, nuálacha agus chruthaitheacha arb é is aidhm dóibh go dtógfaidh na hEorpaigh óga todhchaí níos fearr dóibh féin.

    3.2.2.

    Déanfaidh CESE a dhícheall tuairimí daoine óga agus eagraíochtaí óige a dhéanamh níos feiceálaí trí bhíthin sásraí um rannpháirtíocht daoine óga a dhéanamh níos struchtúrtha, níos fóintí agus níos dírithe d’fhonn feabhas a chur ar rannpháirtíocht inmheánach daoine óga agus eagraíochtaí óige in obair CESE. Dá réir sin, ba cheart do CESE na bearta seo a leanas a dhéanamh:

    sásraí comhordúcháin trédhearcacha agus trasghearrthacha a thabhairt isteach d’fhonn tuairimí daoine óga a phríomhshruthú in obair agus i reachtaíocht CESE,

    saineolaithe óga a bhfuil saineolas ábhartha acu ar phríomhthuairimí a thabhairt isteach, b’fhéidir,

    i gcomhthéacs Bhliain Eorpach na hÓige, an óige a tharraingt isteach mar ábhar coitianta sna tuairimí féintionscnaimh a bheidh ann san fhómhar,

    díospóireachtaí téamacha a reáchtáil le heagraíochtaí Eorpacha óige agus le heagraíochtaí an phobail d’fhonn dearcthaí náisiúnta agus dearcthaí Eorpacha a nascadh le chéile ar bhonn níos éifeachtaí,

    ábhair a bhaineann leis an aos óg a roghnú le haghaidh staidéir CESE (29) gach bliain,

    an dearcadh idirghlúine a chur san áireamh i ngach tuairim arna dréachtadh aige (mar a dhéantar i gcás ghné na hinscne),

    caidreamh bríomhar a chothú le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais d’fhonn mapáil a dhéanamh ar shásraí um rannpháirtíocht daoine óga agus gníomhaíochtaí for-rochtana a neartú le daoine óga agus le heagraíochtaí óige ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil,

    an rún a ghlacadh maidir le rannpháirtíocht na n-óg in CESE arna dhréachtú ag an nGrúpa Comhordaithe do Bhliain Eorpach na hÓige,

    cluaisín “rannpháirtíocht na n-óg” a chruthú ar shuíomh gréasáin CESE chun solas a scaipeadh ar ghníomhaíochtaí a rinneadh roimhe seo maidir leis an aos óg, gníomhaíochtaí atá ar bun faoi láthair, agus gníomhaíochtaí a dhéanfar amach anseo, lena n-áirítear tuairimí, éisteachtaí poiblí, imeachtaí etc.,

    struchtúr buan a bhunú laistigh de CESE d’fhonn a áirithiú go leanfar den obair maidir le rannpháirtíocht na n-óg laistigh de CESE agus le hinstitiúidí eile tar éis 2022.

    3.2.3.

    Fiosróidh CESE tuilleadh na bealaí trínarbh fhéidir coincheap Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a chur i bhfeidhm ina chuid oibre agus déanfaidh sé iad sin a mheas tuilleadh d’fhonn cur chuige comhsheasmhach maidir le rannpháirtíocht na n-óg in CESE a fhorbairt.

    3.2.4.

    Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach an tuairim féintionscnaimh seo agus Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a fhreagairt agus babhta tobsmaointe a dhéanamh le chéile maidir lena chur chun feidhme.

    An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  Taighde deisce European Youth in 2021.

    (2)  Influencing and understanding political participation patterns of young people, Parlaimint na hEorpa, 2021.

    (3)  Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh The European Youth Strategy 2019-2027 (Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027.

    (4)  Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, Tuarascáil ar an toradh deiridh, (níl an leagan Gaeilge foilsithe go fóill), Bealtaine 2022.

    (5)  COM(2022) 404 final.

    (6)  Aitheasc an Uachtaráin von der Leyen ar Staid an Aontais 2021.

    (7)  Deželan, T., Moxon, D., Influencing and understanding political participation patterns of young people: The European Perspective, staidéar, 2021.

    (8)  Barta, O., Boldt, G., Lavizzari, A., Meaningful youth political participation in Europe: concepts, patterns and policy implications, staidéar taighde, 2021.

    (9)  Eurobarometer 96 – Winter 2021-2022.

    (10)  Kitanova, M., “Youth political participation in the EU: evidence from a cross-national analysis ”, Journal of Youth Studies, Iml. 23, Uimh. 7, 2020 (fuarthas an páipéar in 2018).

    (11)  EU Youth Test.

    (12)  Tuarascáil ar Thoradh Deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (níl an leagan Gaeilge foilsithe go fóill).

    (13)  Governance for Youth, Trust and Intergenerational Justice: Fit for all generations? Highlights.

    (14)  Flais-Eorabharaiméadar maidir leis an Aos Óg agus leis an Daonlathas, a rinneadh idir an 22 Feabhra agus an 4 Márta 2022.

    (15)  European Parliament youth survey – Report (Parlaimint na hEorpa, Meán Fómhair 2021).

    (16)  Governance for Youth, Trust and Intergenerational Justice: Fit for all generations? Highlights.

    (17)  European Parliament youth survey – Report (Parlaimint na hEorpa, Meán Fómhair 2021).

    (18)  Youth Survey Report (faoin bhfoireann trí Uachtaránacht idir an Ghearmáin, an Phortaingéil, agus an tSlóivéin, Eanáir 2022).

    (19)  Youth Survey Report (faoin bhfoireann trí Uachtaránacht idir an Ghearmáin, an Phortaingéil, agus an tSlóivéin, Eanáir 2022).

    (20)  Youth Survey Report (faoin bhfoireann trí Uachtaránacht idir an Ghearmáin, an Phortaingéil, agus an tSlóivéin, Eanáir 2022).

    (21)  Deželan, T., Moxon, D., Influencing and understanding political participation patterns of young people: The European perspective, staidéar, 2021.

    (22)  An tEorabharaiméadar maidir le Bliain Eorpach na hÓige: Tá rannpháirtíocht aos óg na hEorpa ag dul i méid, an Coimisiún Eorpach, 2022.

    (23)  Governance for Youth, Trust and Intergenerational Justice: Fit for all generations? Highlights.

    (24)  The EU Youth Test: Investing Now in the Union’s Future agus EU Youth Test.

    (25)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 27.

    (26)  Better Regulation Toolbox – SME Test (Bosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr – tástáil FBManna).

    (27)  SOC/706 Bliain Eorpach na hÓige 2022, IO C 152, 6.4.2022, lch. 122, agus SOC/589 Straitéis Óige nua an Aontais Eorpaigh (níl leagan Gaeilge ann), IO C 62, 15.2.2019, lch. 142.

    (28)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 44 (níl leagan Gaeilge ann).

    (29)  Tá staidéar leanúnach ar bun in CESE maidir le rannpháirtíocht struchtúrtha na n-óg. Sa staidéar, tá mapáil á déanamh ar dhea-chleachtais áitiúla, náisiúnta, idirnáisiúnta agus ar dhea-chleachtais ar leibhéal an Aontais chun go bhforbrófar sásraí riachtanacha iomchuí lena áirithiú go dtabharfar cluas do thuairimí daoine óga.


    Haut