EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0399

Cás T-399/22: Caingean arna tabhairt an 28 Meitheamh 2022 – Landesbank Hessen-Thüringen Girozentrale v BRA

IO C 380, 3.10.2022, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 380/11


Caingean arna tabhairt an 28 Meitheamh 2022 – Landesbank Hessen-Thüringen Girozentrale v BRA

(Cás T-399/22)

(2022/C 380/13)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Landesbank Hessen-Thüringen Girozentrale (ionadaithe: H. Berger agus M. Weber, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 11 Aibreán 2022 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2022 (SRB/ES/2022/18), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann an cinneadh atá faoi chonspóid, lena n-áirítear Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III leis an gcinneadh sin, le ranníocaíocht an iarratasóra;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Mar mhalairt air sin, sa chás ina measann an Chúirt nach ann don chinneadh ó thaobh dlí de, de bharr gur úsáid an cosantóir an teanga oifigiúil mhícheart, agus go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú do-ghlactha dá bhrí sin ar an bhforas go bhfuil an chaingean gan chuspóir, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú nach ann don chinneadh atá faoi chonspóid ó thaobh dlí de;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, ardaíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí:

1.

An chéad saincheist dlí: Sáraítear leis an gcinneadh Airteagal 81(1) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, (1) i gcomhar le hAirteagal 3 de Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958, (2) toisc nach bhfuil sé i nGearmáinis, arb í an teanga a roghnaigh an t-iarratasóir.

2.

An dara saincheist dlí: Sáraítear leis an gcinneadh an oibleagáid maidir le cúiseanna a lua faoin dara mír d’Airteagal 296 CFAE agus faoi Airteagal 41(1) agus (2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus an ceart bunúsach chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí faoin gcéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt, toisc go bhfuil roinnt bearnaí sa ráiteas ar na cúiseanna, go háirithe i dtaca leis an gcaoi a chuir an cosantóir i bhfeidhm roinnt cumhachtaí lánroghnacha arna leagan síos le dlí, toisc nach nochtar sonraí institiúidí eile agus toisc go bhfuil sé nach mór dodhéanta athbhreithniú breithiúnach a fháil ar an gcinneadh.

3.

An tríú saincheist dlí: Sáraítear leis an gcinneadh Airteagail 69 agus 70 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus Airteagail 16, 17, 41 agus 53 den Chairt, toisc nár shocraigh an cosantóir an spriocleibhéal bliantúil i gceart; mar mhalairt air sin, sáraítear le hAirteagail 69 agus 70 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 dlí ar chéim níos airde.

4.

An ceathrú saincheist dlí: Sáraítear leis an dara habairt d’Airteagal 7(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 (3) dlí ar chéim níos airde toisc go ndéantar idirdhealú, atá míchuí go hoibiachtúil agus neamh-chomhréireach, idir baill de scéim cosanta institiúideach (“SCI”) agus go gceadaítear táscaire SCI a ualú go coibhneasta.

5.

An cúigiú saincheist dlí: Sáraítear leis an gcinneadh, inter alia, Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (4) agus an prionsabal go ndéanfar ranníocaíochtaí a ríomh de réir an riosca toisc go gcuirtear i bhfeidhm i leith an iarratasóra fachtóir iolraithe coibhneasta do tháscaire SCI. Tá idirdhealú idir na hinstitiúidí ó thaobh tháscaire SCI de, i bhfianaise na cosanta iomláine de SCI, ar neamhréir leis an gcóras agus treallach.

6.

An séú saincheist dlí: Sáraítear dlí ar chéim níos airde le hAirteagail 6, 7 agus 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 agus le hIarscríbhinn I a ghabhann leis toisc, inter alia, go sáraítear leo an ceanglas chun ranníocaíochtaí a ríomh de réir an riosca, prionsabal na comhréireachta agus an prionsabal go gcuirfear san áireamh na fíorais go léir.

7.

An seachtú saincheist dlí: Sáraítear leis an gcinneadh saoirse an iarratasóra chun gnó a sheoladh faoi Airteagal 16 den Chairt agus prionsabal na comhréireachta toisc nach bhfuil na hiolraitheoirí coigeartaithe riosca ag teacht leis an bpróifíl riosca cuí don iarratasóir, atá cáilithe leis an gcóras cosanta dúbailte arna sholáthar ag SCI de chuid Sparkassen-Finanzgruppe agus Chúlchiste Hessen-Thüringen.

8.

An ochtú saincheist dlí: Sáraítear leis an gCinneadh Airteagail 16 agus 20 den Chairt agus prionsabal na comhréireachta agus an ceart chun dea-riaracháin de bharr na n-earráidí follasacha a rinne an cosantóir i bhfeidhmiú na gcumhachtaí lánroghnacha éagsúla.

9.

An naoú saincheist dlí: Sáraítear leis an gcéad abairt agus leis an dara habairt d’Airteagal 20(1) den Rialachán Tarmligthe Airteagal 103(7) de Threoir 2014/59/AE (5) agus an ceanglas go ndéanfar ranníocaíochtaí a ríomh de réir an riosca.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 255, lch. 1).

(2)  Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 1958 17, lch. 385).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ranníocaíochtaí ex ante le socruithe um maoiniú réitigh (IO 2015 L 11, lch. 44).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO 2013 L 176, lch. 1).

(5)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2014 L 173, lch. 190).


Top