Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0718

    Cás T-718/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Wizz Air Hungary v an Coimisiún (TAROM; cúnamh tarrthála) (Státchabhair – Aeriompar – Beart tacaíochta arna ghlacadh ag an Rómáin – Cúnamh tarrthála TAROM – Cinneadh gan agóid a dhéanamh – Caingean le haghaidh neamhniú – Cáilíocht páirtí leasmhar – Cosaint na gceart nóis imeachta – Inghlacthacht – Treoirlínte maidir le cabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu – Beart atá dírithe ar dheacrachtaí sóisialta a sheachaint nó ar chliseadh an mhargaidh a leigheas – Prionsabal neamh-atarlaithe na cabhrach – Tionchar na cabhrach a deonaíodh roimhe seo roimh aontachas na Rómáine leis an Aontas – Mórdheacrachtaí – An oibleagáid cúiseanna a lua)

    IO C 266, 11.7.2022, p. 22–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    11.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 266/22


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Wizz Air Hungary v an Coimisiún (TAROM; cúnamh tarrthála)

    (Cás T-718/20) (1)

    (Státchabhair - Aeriompar - Beart tacaíochta arna ghlacadh ag an Rómáin - Cúnamh tarrthála TAROM - Cinneadh gan agóid a dhéanamh - Caingean le haghaidh neamhniú - Cáilíocht páirtí leasmhar - Cosaint na gceart nóis imeachta - Inghlacthacht - Treoirlínte maidir le cabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu - Beart atá dírithe ar dheacrachtaí sóisialta a sheachaint nó ar chliseadh an mhargaidh a leigheas - Prionsabal neamh-atarlaithe na cabhrach - Tionchar na cabhrach a deonaíodh roimhe seo roimh aontachas na Rómáine leis an Aontas - Mórdheacrachtaí - An oibleagáid cúiseanna a lua)

    (2022/C 266/24)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.) (Búdaipeist, an Ungáir) (ionadaithe: E. Vahida, S. Rating agus I. G. Metaxas Maranghidis, Dlíodóirí)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, V. Bottka agus I. Barcew, i gcáil Ghníomhairí)

    Maidir le:

    De réir a chaingean arna bunú ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Cinneadh C(2020) 1160 final an 24 Feabhra 2020 maidir le Státchabhair SA.56244 (2020/N) – an Rómáin – Cúnamh tarrthála TAROM (IO 2020, C 310, lch. 3) a chur ar neamhní, mar nach ndearna an Coimisiún, ar thaobh amháin, aon agóid i gcoinne beart cabhrach arna dheonú ag an Rómáin do Compania Nationala de Transporturi Aeriene Romane “TAROM SA” agus arb é suim na hiasachta sin 175 952 000 Lei Rómánach (RON) (thart ar EUR 36 660 000), a bhí in-aisíoctha ag deireadh thréimhse sé mhí, agus, ar thaobh eile, dearbhaíodh go bhfuil an chabhair sin i gcomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean.

    2.

    Ordaítear do Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.) a chuid costais féin agus iad sin arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.


    (1)  IO C 53 an 15.2.2021.


    Top