An straitéis Eorpach um oiliúint bhreithiúnach (2021–2024)
ACHOIMRE AR:
Teachtaireacht ón gCoimisiún – Ceartas a áirithiú san Aontas Eorpach – Straitéis Eorpach um oiliúint bhreithiúnach do 2021–2024
CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?
- Tá sé mar aidhm léi cultúr breithiúnach coiteann Eorpach a chomhdhlúthú bunaithe ar an smacht reachta, ar chearta bunúsacha agus ar iontaoibh fhrithpháirteach.
- Chun é sin a bhaint amach, leagtar amach inti straitéis um oiliúint bhreithiúnach Eorpach ina bhfuil bearta chun cur i bhfeidhm ceart agus éifeachtach dhlí AE a threisiú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Sainaithnítear sa straitéis na réimsí seo a leanas agus tá moltaí inti do gach duine atá páirteach ann (soláthraithe oiliúna, an Coimisiún Eorpach, páirtithe leasmhara agus gréasáin bhreithiúnacha).
Riachtanais maidir le hoiliúint ar dhlí AE
- Cultúr coiteann um smacht reachta a chur chun cinn. Tá ról tábhachtach ag cleachtóirí dea–oilte maidir leis an gcultúr a neartú agus an smacht reachta a chur i bhfeidhm.
- Seasamh le cearta bunúsacha. Ba cheart go mbeadh Cairt AE um Chearta Bunúsacha i bhfeidhm i saol daoine, agus ba cheart go mbeadh tuiscint ag daoine ar a gaol leis an dlí náisiúnta agus leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
- Digitiú an cheartais a mhéadú. Ní mór don ghairm uirlisí digiteacha agus an intleacht shaorga a thuiscint agus a úsáid ar bhealach níos fearr.
- Coinneáil suas le forbairt dhlí an Aontais Eorpaigh. Ní mór do chleachtóirí coinneáil cothrom le dáta maidir le forbairtí ar dhlí AE, go háirithe i réimsí amhail comhar breithiúnach trasteorann, slándáil, an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe, cearta nós imeachta daoine aonair agus cearta íospartach agus cur chun feidhme reachtaíocht an mhargaidh aonair agus an chomhshaoil.
- Cleachtóirí a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua. Bíonn an sceimhlitheoireacht agus an chibearchoireacht ag forbairt de shíor, agus bíonn tionchar ag patrúin oibre a athraíonn ar an dlí fostaíochta agus sóisialta.
Comhpháirteanna riachtanacha lasmuigh de dhlí AE
- Cumais ildisciplíneacha a sholáthar do chleachtóirí breithiúnacha. Cuimsítear iontu sin idir “ceird na breithe”* agus eolas neamhdhlíthiúil agus scileanna teanga dlíthiúla.
Oiliúint níos leithne agus níos spriocdhírithe do gach gairmí a chuireann dlí AE i bhfeidhm
- Cuspóirí a shaincheapadh. Is iad breithiúna agus ionchúisitheoirí na príomh–spriocghrúpaí, mar aon le foireann cúirte agus ionchúisimh, dlíodóirí, nótairí agus báillí.
- Oiliúint um dhlí AE gairmithe eile a fheabhsú. Teastaíonn eolas ar dhlí ábhartha AE ó fhoireann príosún, oifigigh phromhaidh, idirghabhálaithe, saineolaithe cúirte, cleachtóirí dócmhainneachta agus ateangairí/aistritheoirí dlí.
Oiliúint éifeachtach ardchaighdeáin
- Modheolaíocht láidir, solúbthacht freagairtí ar dhúshláin éagsúla, faireachán leanúnach, nochtadh cleachtóirí do chineálacha éagsúla foghlama agus meastóireacht ar thorthaí a chur chun cinn.
Oiliúint do chleachtóirí óga
- Bunús i gcóras agus i gcultúr dlí AE a sholáthar do ghairmithe ceartais nua. Ba cheart go n-áireofaí leis sin gnéithe sistéamacha maidir le dlí AE, cearta bunúsacha, an smacht reachta, “ceird na breithe” agus scileanna teanga.
Freagracht chomhroinnte
- Tacú le páirtithe leasmhara náisiúnta a bhfuil an phríomhfhreagracht orthu. Teastaíonn na hacmhainní cuí ó oiliúnóirí, ó airí ceartais agus ó na gairmeacha rialáilte chun fíorchultúr a bhaint amach ina bhféachtar ar an oiliúint mar infheistíocht.
- Líonraí de shaineolaithe um dhlí AE a spreagadh. Ba cheart go mbeadh cleachtóirí ábalta a iarraidh ar chomhghleacaithe i líonraí náisiúnta saineolas dlí a sholáthar ar shaincheisteanna maidir leis an Aontas Eorpach.
- Úsáid a bhaint as ról uathúil an Ghréasán Eorpaigh um Oiliúint Bhreithiúnach. Leis an maoiniú riachtanach, is é an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach atá san áit is fearr chun gníomhaíochtaí oiliúna náisiúnta agus trasteorann a chomhordú.
- Breathnú ar ghníomhaithe AE mar iolraitheoirí. Ba cheart d’Acadamh an Dlí Eorpaigh, don Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí agus do ghréasáin éagsúla ghairmithe dlí agus ceartais AE gníomhaíochtaí oiliúna a threisiú agus ábhar agus taithí a roinnt.
- Tacaíocht ón gCoimisiún a sholáthar. Tá maoiniú AE ar fáil do thionscadail lena mbaineann gné Eorpach, idir oiliúint a chur ar oiliúnóirí agus chuibhreannais trasteorann a chothú agus aghaidh a thabhairt ar réimsí tosaíochta AE, smaointe nua a thástáil agus fhreagairt do riachtanais shonracha.
- Díriú ar ghairmithe ceartais neamh–AE. Síneann oiliúint bhreithiúnach Eorpach chuig tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, go háirithe sna Balcáin Thiar, agus d’fhéadfaí í a leathnú chuig tíortha eile nach tíortha den Aontas Eorpach iad, go háirithe san Afraic agus i Meiriceá Laidineach.
- Faireachán. Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar dhul chun cinn na straitéise agus oibreoidh sé le páirtithe leasmhara chun bailiú agus anailísiú sonraí a fheabhsú.
CÚLRA
Le Conradh Liospóin, tugadh ról don Aontas Eorpach maidir le hoiliúint a chur ar na breithiúna agus ar an bhfoireann bhreithiúnach i gcúrsaí sibhialta agus coiriúla. In 2011, chuir an Coimisiún teachtaireacht i láthair dar teideal “Muinín a chothú sa cheartas ar fud AE – Gné nua don oiliúint bhreithiúnach”.
Déantar forbairt sa teachtaireacht is déanaí ar an dul chun cinn atá déanta. Leagtar béim inti ar an ngá atá le hoiliúint bhreithiúnach, go háirithe mar gheall ar an meath ar an smacht reachta, na hionsaithe ar chearta bunúsacha i roinnt Bhallstáit AE, an digitiú méadaithe agus an fhéidearthacht go nglacfaidh na Balcáin Thiar ballraíocht san Aontas Eorpach.
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Ceird na breithe. An dóigh a ndéanann breithiúna a gcuid oibre, lena n–áirítear gach rud nach féidir a fháil i leabhar dlí, fianaise nó nós imeachta.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Ceartas a áirithiú san Aontas Eorpach – Straitéis Eorpach um oiliúint bhreithiúnach do 2021-2024 (COM(2020)713 final, 2.12.2020).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún — Tuarascáil ar an smacht reachta 2020 — Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach (COM(2020)580 final, 30.9.2020).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An smacht reachta a neartú laistigh den Aontas – treoirphlean gníomhaíochta (COM(2019) 343 final, 17.7.2019).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Muinín a chothú sa cheartas ar fud an Aontais Eorpaigh – Gné nua don oiliúint bhreithiúnach Eorpach (COM(2011) 551 final, 13.9.2011).
Nuashonraithe 02.05.2022