EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cearta bunúsacha

Úsáidtear an téarma “cearta bunúsacha” chun an coincheap “chearta an duine” a chur in iúl laistigh den Aontas Eorpach (AE). Tá na cearta sin, atá bunriachtanach do dhaoine aonair a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach, leagtha síos sa Chairt um Chearta Bunúsacha. Rinneadh an chairt ceangailteach ó thaobh dlí de ar fud an Aontais Eorpaigh nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm i mí na Nollag 2009.

Úsáidtear an téarma “chearta an duine” go ginearálta sa dlí idirnáisiúnta agus tagraíonn sé do chearta a bhaineann le gach uile dhuine beag beann ar a náisiúntacht, ar a gcine, ar a sainaicme, ar a gcreideamh, ar a n–inscne etc. Is gnách go n–úsáideann an tAontas Eorpach an téarma “chearta an duine” i gcomhthéacs a chaidrimh sheachtraigh agus beartas maidir le comhar um fhorbairt.

Tá feidhm ag an gcairt maidir le hinstitiúidí AE, faoi réir phrionsabal na coimhdeachta, agus ní ceadmhach dóibh na cumhachtaí agus na sainchúraimí arna dtabhairt dóibh faoi na conarthaí a leathnú. Tá feidhm ag an gcairt maidir le Ballstáit AE chomh maith nuair a chuireann siad dlí AE chun feidhme.

Tagann a lán de na cearta agus na saoirsí atá i gcairt an Aontais Eorpaigh leis na cinn atá cuimsithe cheana sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (1950) agus sa Chairt Shóisialta (1965, agus leasaithe in 1996) de chuid na Comhairle Eorpaí.

Bunaíodh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, atá bunaithe i Vín, an Ostair, agus a tháinig in ionad an Lárionaid Eorpaigh um Fhaireachán ar an gCiníochas agus ar an tSeineafóibe, in 2007 chun na cearta, na luachanna agus na saoirsí atá cuimsithe i gCairt AE a chosaint.

Faoi Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is féidir cearta ballraíochta an Aontais Eorpaigh a chur ar fionraí (amhail cearta vótála sa Chomhairle) má sháraíonn tír go tromchúiseach seasmhach na prionsabail ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe (saoirse, daonlathas, meas ar chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus an smacht reachta).

FÉACH FREISIN

Top